AMHRÁN FIR CHÚIGIDH MUMHAN.
Risteárd Ó Breithne cct.
I.
"Mora na maidne duit ar maidin, a spéir-
bhean chiúin.
Ní socair a chodluighim 's mé i gCúigeadh
Mumhan;
Má's de'n chineadh nó de'n fhortún gheall an
Rí damh thú,
Deasuigh go deas ort nó go dtéidhmid 'un
siubhail."
II.
"Sol a ndeasuighe mé go deas is sol a
dtéidhmid 'un siubhail,
Tabhair d'ainm agus do shloinneadh damh síos ar
tús."
"Is mise Rostart Ó Breithne as Cúigeadh
Mumhan
A bhfuil na caisleáin fhada gheala agam 's an
eiligheacht fúm."
III.
"A spéirbhean, ná bíodh cás ort, nó gheobha
tú athrughadh 'san fhaisiún go fóil;
Beidh síoda go hárd ort agus muislín go leór,
Cráraí árda faoi do shála 's iad snuidhte le
hór,
'S ar sráidbhaile ná bíodh cás ort; nach mise
do stór?"
IV.
"Sin rud nár chleacht mise ariamh go fóil,
Gúnaí geala, giobail bhreaca ná síoda seóil,
Acht gúna ins an fhaisiún is búcla ins an
bhróig,
An dubh 's an dearg, sin an onóir a bhí mór
go leór."
V.
"Tá céad bean i n-Éirinn níos fearr 'ná thú,
Tógadh go haereach ar chlár na Mumhan;
Is beag an spéis a chuir mé riamh in do
cháilidheacht chumhang,
'S gur as meadhg bainne caorach fáisgeadh
thú!"
TAGRA.
Ó bhéal-aithris Eóin Phádraic Mhic a' Luain chomhnuigh-
eas i gCró-Mhín-na-neanntán faoi neasacht do Ghlaisigh
Daibhéid i dTír Chónaill do fríoth an t-amhrán so thuas.
Ní'l focal Béarla aige, agus ní misde é sin. Dubhairt sé,
fear éigin ó Chúigeadh Mumhan thigeadh go dtí na
Gleannta le caoirigh do cheannach, gurab é chum an
t-amhrán uile go léir. I Mín-na-máthrach ag bun
Achla a tógadh an cailín.
I. Mora na maidne duit ar maidin, cmh. "Mór
dhuit ar maidin" adeirthear 'sa' Mhumhain. II. Rostart
= Risteárd. Ó Breithne = ó Breitheamhnaigh? Fear a
bhfuil an eiligheacht faoi, .i. "Fear an-deas a bheadh
ábalta ar a chois," Eoin Phádraic. III. Cráraí árda?
V. Is beag, & c., nó mar so : Níor chuir mé spéis ar
bith ariamh, &c. Fáisfeadh : is dócha go ndéarfaidhe
"fasgadh" 'sa' Mhumhain ins an chás so.