AN CAILÍN DONN.
Tráth go faon dom ar shleasaibh maol-chnuic,
Cois leasa im' aonar i gcéin cois abhann,
Mar a raibh fuaim ag Tétis cois cuais go héigneach
Go tuarmhail léanmhar faoi chaise tonn,
Do bhí ealtain traona 'n ghleanna ag pléireacht,
Gáir ag éanlaith i mbarraíbh crann,
Gur dhearcas taobh liom gan mhoill geal-réilthionn
Bhog mhín tais mhaordha chiuin mhiochair mhodhamhail.
Ba frainseach ómrach péarlach
Módhmhair niamhrach a dlaoi-fholt donn,
Fonnsach fáinneach táclach téadach
Go sáil a craobh-fholt ag teacht go trom;
Ba chaol a braoithe 's budh chaomh a caoin-ruisg
'Sa héadan aolbhuig gan snas ar domhan,
Acht caor is lítis gan suim ag pléireacht
'Na leacain aolbhuig gach seal lé greann.
Mar eala ar linn a píp gan chlaochladh
'S a dá chích ghléigil mar shneachta i ngleann;
'Sí an phéarla chlúmhail do phlúr stoc Éireann
'S prionnsaidhe dá héiliomh tar muir tig ann
'Sí an carbúncal go flúirseach saoghalta
Thig 'congcas laochra lé creachadh fann
'S lé smúit ar phoébus gur dhuibh lé éclips
Lé lonnradh sgéimhe mo chailín donn.
Lé bárr a mínchroibh do sgríobhadh go néata
Laoithe i n-éifeacht ag tarraing rann
Ar bhás mhic Phriam nó ar dhíth na nGréagach
Nó 'ngníomh na Séasars i gcathaibh lann;
Gach déithe 's draoithe do fríth fá'n ngréin ghil,
Síege na Trae nó cath ar domhan,
Nó ar theacht Ghaoidhil Ghlais thar tuinn go hÉirinn,
Thíos lé chéile ag an gcailín donn.
Dá ndearcadh Paris gnúis na béithe
Ní bhéarfadh Hélen thar sruth na dtonn
Nó ar shliabh Ida, 's fíor gan aon chor,
An t-ubhall do Bhénus ní mholfadh ann;
Is tláith bheidh Iúnó gan tiuin, gan déithe,
as árd ag féachain do mhaoilinn rann
Do mhol Olimpus Ióbh go bhféachadh
Ar áilneacht sgéimhe mo chailín donn.
An tuile seódmhar trím' chroidhe le saor-ghean
Gan mhoill do'n réilthionn do ghaibh le fonn
Mo hata síos gan mhoill do léigios
Is d'fiosruigh mé di go miochair modhamhail,
As ucht an trír ins an diadhacht is tréine,
Tabhair sgéal dam créad as ar ghabhais?
Cá pálás ríoghdha nó caomh-bhrog aolda
Nó tír 'nar ghléasais do thriucha an domhain?
An do'n tréad aordha, an do'n spéir déithe,
Nó an do'n drong daonda thu, aitchim fáth,
Nó an do'n tríur úd an t-ubhall do phléidh tu,
No 'n tu Géarghoin an curadh tláith
Lé saigheadaibh nimhe agus teine tréine
I measg na réilte do phreab go hárd,
Nó 'n tu Diana do chuir Actéon
Idir chonaibh traochta cois coille ar lár?
An tu an bhean 'nar leagadh leat Aicil éachtach
Na mór-mbéimionn ar mhacha an áir,
Nó 'n lomra óir ar bórd go héasgaidh
Tháinig go gléasta ó Cholchis tráth
Nó 'n bhean do rug mac Phriam 'na luing ó'n nGréig
leis
Fá lannaibh géara mar fuaireadh trácht,
An Traoi 's a fuireann chuir tré theine i n-éinfheacht
D'fúig iomad laochradh gan tapadh ar lár?
An tusa 'n bhean do phreab ó thréan-Tailc
Fá bhrat na Féinne thar sruth anall,
Nó 'n Áilbhe gheal-shnuadh budh chaomh-chéile
Do Mheargach tréan-fhear na nglas-lann,
Nó 'n tu an rígh-bhean ó Bhinn ghlais Éadair
Do rug i gcéin leis 'na bharc lé fonn,
Do chuir Conall Gulban i dturusaibh aonair
Fá thuirse sgéanmhair ar feadh an domhain?
An tusa Déirdre thar tuinn go héasgaidh
Lé Naois i gcéin seal do phreabh fá'n gcoill,
Tráighte traochta d'fág mílte faonlag
Lé fáth 'n éirligh i gcath na gCraoibh
No Éithne, Bláthnait, Céarnait mhaordha,
Nó 'n spéirbhean mhiochair ó'n Spáinn do phríomh
Nó 'n gheithlionn grinn do chuir Banba fá dhaingean
ghéibheann
D'fhúig clár Éimhir fá ghéarsmacht namhaid.
A shéimh-fhir shoilbhir na socair-mbréithre,
Do bhéarfad sgéal duit anois lé fonn,
Cé méadughad dochair é 'gus dealughadh daor-ghoin
Agus nochtadh ar chréachta le hiomad adhbhar,
I gcéin na srothaibh liom tré dhealbh néalta
Beir m'ainm saor leat tré thuigsin rann
Gur bean fá dhraoidheacht me gan coimhdeacht éinfhir
Is glaodhann lucht léighinn orm an Cailín Donn
Ó chríoch na Persia 'san Iodáil éachtaigh
Go ceap na Trae thoir cé gur bh' fhada 'n chuaird,
Do ghaibh ceannas Scótia 's a ríoghacht le chéile
Is machaire Shénair do 'na chantain duain;
Dís is fiche chuir mar thuile 's chaogad
Ag foghlaim bréithre an Tuir Neamhruadh
'S go ndeachaidh flaith na fuirne as sain do'n Égipt
Lé Scótia déidgheal dá snuidheamh gan gruaim.
Ba dhalta brollaigh dam Eochaidh 's Aonghus,
Oilioll Óluim, Lúgaidh 's Duach,
Tuathal Teachtmhar, Art is Féidhlim,
Conn na gcéad-chath 's Cathaoir Mór,
Rughraidhe, Cairbre, Fachtna 's Éanda,
Niall is Laoghaire na n-arm gcruadh,
Brian thug treasgartha na Danair faonlag
Is tuile Laochradh 'nois ná luadhaim.
Budh sgiath cúmhail dom Cúmhall mac Treanmhóir,
Is Fionn nár thréig riamh gach cath ba chruaidh,
Cúraoi Mac Dáire 's Clann Deaghdha lé chéile
'San easgar éilge do ghabhaidís buadh;
Goll Mac Móirne na dtreón do thraochadh
Do bhí i gConnacht' tréimse fá cheannas mhór
Do bhí Cúchulainn i gCúig' Uladh gléasta
Agus curaidhe tréana na Craoibhe ruadh'.
Dob' árd mo bhratach an tan lasadh spéirling
Na ngarbh-laochradh nár thréig aon uair,
'S dá thréine namhaid ar fhaithche an éirligh
Do chlaoidheadh na trénfhir ann gach áit 'nar ghluais;
I mbántaibh aitis do bhíodh gaisge 's féile,
Freagairt faolchon is garm sluagh,
Fir na cruinne 's a gcur lé chéile
Ar chúl a sgéithe do raghadaois uaidh.
Ba riaghalta rabairneach rathmhar réimmhear
Flaitheamhail féastach mo thriath gach uair,
Ag cliar ag cantain na salm naomhtha
'S fáige léigheanta 'gabháil dánta 's duain,
Mac Liag ar fhaithche 's ar thalamh aolda,
Is staruidheacht béithe tráth gan ghruaim
Gur bheartuigh dailtín do bheathuigheas féin é,
Mé 's mo thréadhta do chur ar buaidhirt.
Atáim ó shoin ag ruith im' éifid,
Gan chiall, gan éifeacht, gan trácht, gan sgóp,
Gan aon dom charaid 'na seasamh taobh liom
Ar binnse pléidhe dom ná ar fhaithche i ngleó;
Ní'l fir mo pháirte lé gabháil i n-aon bhall
Is tláith 'na ndéidh me fá cheasnaighe bróin,
Mo sgeól do sguaird go dubhach na déithe
Is do ghlac Ióbh fraoch nimhe is fearg mhór.
Anois 'tá Mars ag dul i ngléas le Tétis
Déanfar éirleach is cluinfear fuaim;
Beidh tonna glasa na mara ag raobadh,
Puirt dá raobadh is bailte cuain,
Dúnta 's cathracha geal' dá léirsgrios,
Páláis aolda dá stracadh anuas,
Fuil 'na srothaibh dá dhortadh as ghéagaibh
Dá sgothadh i n-éinfheacht le tuitim sluagh.
Beidh caora goineadach' ag ruith tré spéartaibh
Losgadh, léirsgrios, tréan-gháir is uaill,
Faobhar is teine ar buile i n-éinfheacht,
'S ní díon dóibh sléibhte, cnuic ná cuais;
Briseadh gan filleadh ar an mbuidhin do chéas me,
'S a rúin mo chléibh, beir leat brígh mo dhuain,
'S do ghaibh sí a cead liom go ceart le béasaibh,
'S mar gHeal-ghath gréine gur imthigh uaim.
DAINGEAN UÍ CHÚIS.