MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH AGUS AN CORP.
Bhí Mícheál Ó Ceallaigh agus mo 
ghaididh 'g dul go Baile Átha 
Cliath le dhá lóda bra-
dán maidin shamh-
raidh sul mar 
éirigh an ghrian.
Bhí siad fá leith-mhíle
do Bhaile Átha Cliath,
'teanamh ar a' mhargadh.
Arsa Mícheál le mo ghaididh - 
"Tá codladh iongantach trom orm agus cha 
dtige liom a dhul níos fuide."
"Goidé bhearadh ag codladh anois thú,"
arsa mo ghaididh, "agus tú chomh fogus do'n
bhaile?  Béidh muinn mall go leor ag an 
mhargadh."
 
"Ní'l gar a bheith 'caint.  Cha dtig liom-
sa dhul níos fuide," arsa Micheál Ó Ceallaigh.
Bheir se greim ar adhastar a' chapaill agus 
chaith se thart ar a láimh e.  Leag se a chionn
anuas ar a' bhancán is thuit se 'na chodladh agus 
choinic se comhra le n-a thaobh agus triúr fear.
"Ó," arsa fear acú, "a Mhicheáil Uí
Cheallaigh, is maith liom gur thuit muinn
isteach leat.  Caithfidh an corp seo dhul go 
Fachairt."
Chuir siad an chomhra ar a dhruim agus thug 
siad eisean agus an corp leobhtha, ag dul go 
Fachairt.  Nuair a chuaidh siad go Fachairt, 
cha leigtí isteach go reilic Fhachairt iad.  Cha 
rabh duine muinteardha dó annsin.
"Caithfidh sibh a thabhairt go hÁrd-Mhacha,"
arsa muintir Fhachairt.
Thóg siad an corp leobhtha, ag dul go 
hÁrd-Mhacha.
"Ó," arsa muintir Árda-Macha, "chan
fhuil duine muinteardha dó annso.  Caithfidh 
se dhul go Baile Úr."
Thóg siad an corp leobhtha ag dul go 
Baile Úr.  Cha leigfidhe isteach e go reilic
Bhaile Uir; cha rabh duine muinteardha dó 
annsin.  Arsa muintir Bhaile Úir - 
"Caithfidh sibh a thabhairt go Cuailnge."
Thug siad annsin leobhtha e go Cuailnge.
Cha leigtí isteach e go reilic Chuailnge; cha
rabh duine muinteardha dó annsin.
"Bhearamuinn go Cáirlinn e," ars'an 
triúr fear.
Thug siad leobhta e go Cáirlinn.  Cha 
leigfidhe isteach go reilic Cháirlinn iad.
"Chan fhuil aon dhuine muinteardha dó 
annso," arsa muintir Cháirlinn.  "Caithfidh 
sé dhul go Cill Bhrónaighe."
Thóg siad an corp leobhtha aríst, ag dul 
go Cill Bhrónaighe.  Cha leigfidhe isteach e 
go reilic Chille Brónaighel.  Cha rabh duine 
muinteardha dó annsin.
"Ó," arsa muintir Chill' Brónaighe leis,
"chan fhuil aon dhuine d'á chuid daoine 
muinteardha snnso.  Caithfidh se dhul go 
reilic Ó Méith."
"Fuigfeamuinn i n-Ó Méith é," arsa na 
fir.
Thug siad Micheál Ó Ceallaigh leobhtha thart 
chuige dorus a athara is a' chomhra leobhtha, agus 
síos leobhtha go reilic Ó Méith.
"'Nois, a Mhicheáil Uí Cheallaigh," ar siad-
san, "féadann tú dhul ar ais chuige do 
chapall, agus tá muinne ró-bhuidheach dhuid."
Leag Micheál Ó Ceallaigh an chomhra ar 
bhalla na reilice agus chuaidh se ar ais chuig a
chapall agus bhí an capall ins an áit a d'fhág se 
í, 's i ndéidh a dhul thart Éirinne uile-go-léir,
bhí se chomh gasta i mBaile Átha Cliath le mo 
ghaididh.  Cha rabh an dadamh réidh aige acht 
an chairt a bhaint de'n ghearrán nuair a chuaidh 
Micheál Ó Ceallaigh isteach 'un a' bhaile.