Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Micheál Ó Ceallaigh agus an Corp.

Title
Sgéalaidheacht. Micheál Ó Ceallaigh agus an Corp.
Author(s)
Féach bailitheoir / aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ó Briain, Micheál
Contributor
Ó Deasmhumhna, Conchubhar
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 169


MÍCHEÁL Ó CEALLAIGH AGUS AN CORP.



Bhí Mícheál Ó Ceallaigh agus mo
ghaididh 'g dul go Baile Átha
Cliath le dhá lóda bra-
dán maidin shamh-
raidh sul mar
éirigh an ghrian.
Bhí siad fá leith-mhíle
do Bhaile Átha Cliath,
'teanamh ar a' mhargadh.
Arsa Mícheál le mo ghaididh -



"Tá codladh iongantach trom orm agus cha
dtige liom a dhul níos fuide."



"Goidé bhearadh ag codladh anois thú,"
arsa mo ghaididh, "agus tú chomh fogus do'n
bhaile? Béidh muinn mall go leor ag an
mhargadh."


L. 169


"Ní'l gar a bheith 'caint. Cha dtig liom-
sa dhul níos fuide," arsa Micheál Ó Ceallaigh.



Bheir se greim ar adhastar a' chapaill agus
chaith se thart ar a láimh e. Leag se a chionn
anuas ar a' bhancán is thuit se 'na chodladh agus
choinic se comhra le n-a thaobh agus triúr fear.



"Ó," arsa fear acú, "a Mhicheáil Uí
Cheallaigh, is maith liom gur thuit muinn
isteach leat. Caithfidh an corp seo dhul go
Fachairt."



Chuir siad an chomhra ar a dhruim agus thug
siad eisean agus an corp leobhtha, ag dul go
Fachairt. Nuair a chuaidh siad go Fachairt,
cha leigtí isteach go reilic Fhachairt iad. Cha
rabh duine muinteardha dó annsin.



"Caithfidh sibh a thabhairt go hÁrd-Mhacha,"
arsa muintir Fhachairt.



Thóg siad an corp leobhtha, ag dul go
hÁrd-Mhacha.



"Ó," arsa muintir Árda-Macha, "chan
fhuil duine muinteardha dó annso. Caithfidh
se dhul go Baile Úr."



Thóg siad an corp leobhtha ag dul go
Baile Úr. Cha leigfidhe isteach e go reilic
Bhaile Uir; cha rabh duine muinteardha dó
annsin. Arsa muintir Bhaile Úir -



"Caithfidh sibh a thabhairt go Cuailnge."



Thug siad annsin leobhtha e go Cuailnge.
Cha leigtí isteach e go reilic Chuailnge; cha
rabh duine muinteardha dó annsin.



"Bhearamuinn go Cáirlinn e," ars'an
triúr fear.



Thug siad leobhta e go Cáirlinn. Cha
leigfidhe isteach go reilic Cháirlinn iad.



"Chan fhuil aon dhuine muinteardha dó
annso," arsa muintir Cháirlinn. "Caithfidh
sé dhul go Cill Bhrónaighe."



Thóg siad an corp leobhtha aríst, ag dul
go Cill Bhrónaighe. Cha leigfidhe isteach e
go reilic Chille Brónaighel. Cha rabh duine
muinteardha dó annsin.



"Ó," arsa muintir Chill' Brónaighe leis,
"chan fhuil aon dhuine d'á chuid daoine
muinteardha snnso. Caithfidh se dhul go
reilic Ó Méith."



"Fuigfeamuinn i n-Ó Méith é," arsa na
fir.



Thug siad Micheál Ó Ceallaigh leobhtha thart
chuige dorus a athara is a' chomhra leobhtha, agus
síos leobhtha go reilic Ó Méith.



"'Nois, a Mhicheáil Uí Cheallaigh," ar siad-
san, "féadann tú dhul ar ais chuige do
chapall, agus tá muinne ró-bhuidheach dhuid."



Leag Micheál Ó Ceallaigh an chomhra ar
bhalla na reilice agus chuaidh se ar ais chuig a
chapall agus bhí an capall ins an áit a d'fhág se
í, 's i ndéidh a dhul thart Éirinne uile-go-léir,
bhí se chomh gasta i mBaile Átha Cliath le mo
ghaididh. Cha rabh an dadamh réidh aige acht
an chairt a bhaint de'n ghearrán nuair a chuaidh
Micheál Ó Ceallaigh isteach 'un a' bhaile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services