ÉNRÍ BRADACH MagFHINN.
Robaire a bhí ionn (.i. gadaidhe capall).
Fuair se lóisdin ins a' tigh - (bhí se ar a 
ruaig).  Fuair se an lóisdin is bhí siad ag 
bualadh maistire.  Thoisigh Énrí ag gabháil
dranndáin cheóil.
"Tá an t-arán leis an teinidh," adeir se,
's a' maistreadh d'á bhualadh,
'S is truagh nach fhuil ceapaire 'muigh ag mo 
bhuachaill.
Tá capall an bhodaigh 's í ceangailte ar an 
urlár,
'S tá an riabhach bheag eile 's í ceangailte 
do'n ghabhlóig;
Ní'l acú fiú an mhadaidh ghéanas dóbhtha an 
dramhdán,
'S a ghiolla tá ins a' dorus, a' dtuigeann
tú m' amhrán?
An tsean-bhean, 's an tsean-bhean d'á bhogadh
'sa' chliabhán;
Mur mbogfaidh sibh an tsean-bhean, cha
chodlann sí i mbliadhna;
Bhí mo ghaididh 's mo mhamaidh ar buileadh
dom' iarraidh,
Is bhí mise 'g feadalaigh 'stigh i mbolg na
Riadhaighe.
(Sin a' mart a rabh an Riabhach uirthí).
Nuair a chuaidh na daoine a chodladh,
d'fhosgail Énrí an dorus is thug siad an 
capall leobhtha 's an searrach.