TIONNTODH PHÁDHRAIC.
Bhíodh Pádraig ag taithighe go tigh Phádhraic
('un Críosthaidhe a dheanamh de). Chuaidh bean
Phaidí 'un doruis lá amháin.
"A Phaidí," ars' í, "tá Pádraig ag teacht
arís."
"Má tá," adeir Pádhraic, "racha mé dho
luighe, agus abair leis go deacha me 'mo chodladh."
Thainic Pádraic isteach.
"Ga bhfuil Paidí?" adeir se.
"Tá se 'na chodladh," adeir an bhean.
"Má tá se 'na chodladh," arsa Pádraig,
"go n-éirghidh se slán;
'S mur bhfuil se 'ná chodladh, go gcodlaidh
se a sháith!"
D'imthigh Pádraig leis is cha dtainic ar
ais go bliadhain ó'n lá sin. Thainic Pádraig
isteach aríst.
"Ga bhfuil Paidí?" adeir se.
"Char chóruigh siad an liobaidh ó bhí tú
innseo roimhe," ars' an bhean.
"Gabh síos," adeir se, "is abair leis
éirghe."
Chuaidh an bhean síos is d'iarr sí air éirghe.
D'éirigh Pádhraic suas gomh maith is bhí se
riamh (agus ghlac se an baisteadh annsin).