SGÉILÍN FÁ PHÁDRAIG NA BHFEART.
Pádraig na bhfeart, nuair a bhí se thall i
n-Albain imeasg na bpágánach, bhí se ag
iarraidh creideadh a chur ionnta agus Críos-
taidhthe dheanamh dóbhtha, agus cha chreidfeadh
siad ins an bhaisteadh, foire cha rabh creideadh
acú. Thais'eanadh se an chros dóbhtha agus cha
chreidfeadh siad ins an chrois. Bheir siad
greim air 'un a chuirthe 'un báis agus cheang-
ail siad a dhá láimh agus a dhá chois le slabhradh
iarainn agus chaith siad síos ionn i bpríosun e
chun a chuirthe 'un báis ar maidin. Rith na
hoidhche bhí se ag guidhe ar Bhrónaigh i mBaile
na Cille agus ar Bhlinne ionn gCillshléibhe agus ar
Bhrighid bheannuighthe a bhí i bhFachairt guidhe
ar Dhia a fhágáilt sgaoilte i n-Éirinn. Thuit
se 'na chodladh, 'gus nuair a mhusgail se,
fuair se e fhéin i gCaisléan Fhachairt aige
Brighid bheannuighthe. Seo mar bhí se ag
guidhe: -
A Bhrighid atá i bhFachairt,
A Bhlinne atá i gCillshléibhe,
'S a Bhrónaigh atá i mBaile na Cille,
Go dtuga tú mise go hÉirinn!
Tagra.
The above anecdote was narrated by Nelly O'Hanlon,
Drummullagh, Omeath, with the exception of the
quatrain, which, on account of its being truer to the
original metre, is given from another source in very
nearly the same district. Nelly O'Hanlon's version
was: -
A Bhrónaigh i mBaile na Cille,
Agus a Bhlinne i gCillshléibhe
Agus a Bhrighid bheannuigh'e atá i bhFachairt,
Guidh ar Dhia mo fhágáilt sgaoilte i n-Éirinn.