SEANCHAS ÓMÉITH MHARA.
AN GEARRÁN NEAMHSHAOGHALTA.
Bhí mo mháthair, Máire Luim-
neach, agus mo dheirbhshiúr, Anna
Ní Anluain, coinfheas-
gar shamhraidh 'g
'ul suas chuig an
pháirc sheimre bhí
aca thuas aige lios
Drom-mhullach, agus nuair
a fuaidh siad suas, chon-
naic siad gearrán bán, muighe bhán air agus iur-
ball fada síos leis go dtí an talamh. Arsa
mo máthair le mo dheirbhshiúr, “Seo gearrán
Dhomhnaill Uí Fhionnagáin agus tá muinn creachta
ag an ghearrán ins an tseamair gach aon
oidhche. Bearaidh muinn síos a bhaile linn é
agus ceanglochaidh muinn ins an chró e go
maidin. Fuaidh mo mháthair ar an taoibh
eile de agus shaoil siad an gearrán a thabhairt
a bhaile. Nuair a thiomáil siad an gearrán
anuas tamallt beag, shiubhail se roimhe
leobhtha agus shaoil siad go raibh se 'g 'ul a
bhaile. Lean mo mháthair agus mo dheirbshiur an
gearrán síos an cnoc agus fuaidh sé isteach i
dtigh Nannaigh Luimnigh agus bhí a fhios aige mo
mháthair nach raibh sé saoghalta. Fuaidh siad
isteach 'un a' tighe a deachaidh an gearrán
isteach ann roimhe leobhtha agus chan fhaca siad
níos mó é. Bhí inghean an tighe ag fágháil
bháis agus bhí an mháthair 'g 'ul as a céill le
buaidhreadh agus le brón agus chrom sí síos 'un
póg a thabhairt d'á hinghin agus bhuail a srón
i n-aghaidh an bhalla agus fuaidh sé ag cligint
fola. Thuit an fhuil anuas ar aghaidh an
chailín agus ag an bhimide sin go díreach
d'éag sí.
Bhí bean do na comharsanaibh, Nansaidh
Ní Dhomhnaill a h-ainm, ag teact trasna
abhann Chor-na-muclach ag amharc ar an
chailin an t-am ciadna a d'éag sí agus bhí a lán
rasáin ann, draoighneáin agus sgitheoga agus aitinn
agus chonnaic sí an cailín so ag marcaigheacht
ar an ghearrán bhán agus an sluagh sidhe, deich
míle aca agus níos mó, roimhe léithe agus 'na déidh
agus í i dtoiseach ar an sgaoith agus fuil ar a
héadan. Thainic sí isteach insan tigh 'raibh
an cailin seo marbh ann. D'aithnigh sí an
cailin agus an fhuil bhí ar a haghaidh agus bhí an fhuil
uirre nuair bhí sí ag siubhal leis an sluagh
sidhe thart gach dtaoibhe de. Sin an deireadh
anois agat.
Tagra.
This story procured from Nelly O'Hanlon, Drum-
mullagh, Omeath, and that following from her sister
Sarah.
Luimneach, a surname formerly common in Omeath.
Emigration and death have scattered its bearers, so
that there now remains not more than two families
of the Limnas, one in Cnoc-na-gcuarán and the other
cois trágha. Three brothers said to be of French
extraction, but bearing the Irish Christian names
Toirdhealbhac (pr. Táirleach), Feidhlimidh, and Padhra,
fled from Limerick after the treaty of 1691, and
settling in Drummullagh got the name Luimneach from
their neighbours. Its is never used with Mac or O.
The separate houses of the three brothers still exist
at the end of Drummullagh Wood. Nelly O'Hanlon
thus traces her ancestry down from the eldest of the
three brothers.
Toirdhealbhach an chéad duine, Toirdhealbhach an darna
duine, Paidí an tríomhadh duine, Feidhlimidh an ceath-
ramhadh duine, Toirdhealbhach an cúigeadh duine,
Feidhlimidh an seiseadh duine agus Aodh a dhearbhráthair agus
Máire inghean Aodha agus mise inghean Mháire.
Muighe, “mane” = muinge (gen. of mong) used as
nom.
Tá muinn: muinn a synthetic ending of 1st plural.
Tamallt beag, an answer to the accusation against
the Irish of Leath Chuinn that it always weakens ex-
isting forms, generally tamaillt, cf. timcheallta —
Shiubhail mise Éire timcheallta,
from an old Tyrone song. Also deán do dhícheallta =
do dhícheall, Co. Derry.
Roimhe leobhtha = rompa so; roimhe liom,
leat, &c.
Cf. Léim se(?) thaire leis an tsruthán
He leaped over the burn
heresh, tairis an sliabh, beyond the mountain (Co.
Derry).
Fuaidh = chuaidh from Inishowen to Cooley.
Aige, the simple form of the preposition in Omeath
district. So even “Gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaidhe
bána aige mo mhealladh le siamsa an cheoil” in “Úr-
chroidhe an Chreagain.”
Cligint, shedding blood. This is the word which i
wrote thlig in Iomáil Léanadha an Bhádhbhdhuin, and which
I glossed as = theilg. I think it must be a distinct
word. Clig díod e, throw it from you. So in an
Omeath song —
Thuit mo croidhe go brónach agus fuaidh mo shrón ag cligint
fola.
Cor-na-muclach (the adjacent townland).
Rasán, bushes, shrubbery.
Sgitheog = sgeachóg.
An fhuil, pr. an yel as if n were slender. This is
very often the case, cf. in Omeath, an fhaire =
the wake. For a similar thin sound of n before
a broad vowel cf. from S. Derry — Tá mé i n-obar,
tairrinn amach mé, I am in a bog, draw me out; i n-obar,
pr. in yubbar. Cf. also thin n in chan fhuil = ní bhfuil,
which sound can hardly be due to analogy of níl.
Thart gach dtaoibhe de =
Donegal thart fá dtaobh de