II.
Tig ríogan lem thaoibh-se budh bhreághtha
sgéimh,
D'ar shíolruigh ar phrímh-shleachtaibh Ádhaimh is
Éabh,
A dlaoigh-fholt ar mín-chrith go bárr an fhéir,
'S í 'g caoi frasa caointeacha cráidhte déar.
III.
Sílim gur sídh-bhean í thárla i gcéin,
Ar íntinn mo mhíllte tar cách go léir;
Bíodhgaim le línnrith noch d'fhág mé faon,
Gan bhrígh ar bith im' bhaíll-se go támhach lag
tréith.
IV.
Smaoinim le n' ínnsint gur nár an sgéal,
Mé chlaoidheachan le mnaoi ar bith gan fáth
'ná baoghal;
Líonaim de chroidhe-mheisneach árd is éighim
Ar bhríghdeach an aoil-chnis budh cráibhtheach
méinn.
V.
A ínnsint lé díogras gan phlás 'ná bréag,
Ar bh'í dalta Chlíodhna í nó Áine shéimh,
Nó Aoibheall bain-ríogan ó'n árd-Chraig
Léith
Nó'n raoib chailce i gcoimheasgar tug ár na
Trae.
VI.
Nó Aoife i ndraoidheacht chuir i mbán-chruth
éin
Ar taoide na líon-mhara a cáirde gaoil,
Nó'n íol-chrothach mhíonla tré tháir, mo léan,
D'fhúig ísbeartha prímh-shleachta Tháil is Céin.
VII.
Nó'n mhín-mhaiseach mhíonla tug ár na laoch
I rígh-bhruig na Craoibhe tré'r fágbhadh faon
Gach fíor-churadh is míleadh dob' fheárrdha
béim
Le fíor-lannaibh Naoise 's a bhráithre cléibh.
VIII.
Is bínn d'fhreagair sí liom, d'á rádh, “Ní haon
De'n bhuidhin sin do rímhis acht fánach strae
Atá im dhíbearthach choimhightheach le spás gan
réim,
Is gur'b í m'ainm díleas duit Gráinne Mhaol.
IX.
Do bhíosa fá fhíor-chion lá dhom shaoghal
I bhfíor-ghradam Ríóghradh 's i bhfábhar Réx,
Go bhfíllfidh ár Stíobhart tar sáil faoi réim
D'fhíor-sgaipeadh a ndaoirse do rás na
nGaedheal.
X.
D'á ríomh díbh le fírinne ráidhim is léighim
Gur dísgeadh a mín-chatha i gcáil 's i gcéim;
Lucht míllte na hAoine noch d'fhág mé faon,
Is docht d'íocfaid an gníomh sin fé Lá na
Naomh.
XI.
Ní'l taoide dá líontacht nach trághann gan
braon,
'S gach fíor-stuirm choimhightheach, bíonn tráth
gan gaoth,
D'á ínnsint le díogras dón tár-spruit
chlaon,
Dá aoirde a ngeal-phuímp go mbiaidh tláith
'na dhéidh.
XII.
Atá Laoiseach ar tuínn-mhuir 's is dána a
bhéim,
'S an t-ímpre d'á choímhdeacht 's a' Spáinn-
each tréan;
Ní stríocfaid do'n sgríb sin go bhfágfaid
saor
Maoirseacht Trí ríoghachta ag grádh mo
chléibh.”
Tagra.
Fonn, in the title, may bear two senses: desire, in-
clination, or tune.
II. Ríogan = ríoghan, queen. Frasa, showers.
III. Línnrith, excessive terror; often spelt líonruith.
IV. Claoidheachan = claoi, claoidh, to subdue; the
sense here is passive. Bríghdeach, maiden.
V. Plás, cajolery, plásaidhe, one who cajoles, a
“plossy,” as used in English even in the city of
Dublin. Plámás (blámás) and plámásaidhe are also
found in this usage. Raoib, syren? cf. rib, a syren,
O'R., but Sc. Gael. has ríbhinn, a beautiful damsel,
which, however, may represent ríoghan.
VI. Iol-chrothach, well-favoured or comely one.
Míonla = mionnla, gentle, mild. Ísbeartha, ill-used,
abused, from ísbirt or íosbairt (both forms are heard
in dialect), ill-usage.
VII. Rígh-bhruig = rígh-bhrugh, royal palace. Dob'
fheárrdha for dob' fheárr? Otherwise it maybe dob'
fheardha.
VIII. do rímhis, (that) you have enumerated.
IX. Do bhíosa = do bhíos-sa.
X. Ríomh, number, enumeration. Gur dísgeadh a
mín-chatha, that their gentle battalions were drained or
exhausted, cf. chuaidh an tobar i ndísg, the well ran
dry or became exhausted; ní'lmíd dísgthe d'fhilidhibh
fós, our supply of poets has not run out yet.
XI. Dá líontacht, no matter how full. Tár-spruit,
ignoble progeny or race (?), -spruit, no doubt, being
dat. of -sprot. A ngeal-phuimp, their bright pomp.
XII. Ímpre for impire, emperor. Ní stríocfaid,
they will not yield. Maoirseacht, stewardship, no
doubt a play upon the surname, as Séarlas Maor =
Charles Stuart (maor, steward).