Cuairt Mhíosa i gConnamara
(Tomás Ua Coinceannainn do sgríobh)
(ar leanamhaint)
Nuair fuair mé gach uile ní réidhtighthe socruighthe,
bhuail mé liom go Mágh Cuilinn. B'fhéidir go madh
chóir dhom a rádh annso, nuair bhí mé ag dul go dtí
teach na dtraen, cé casadh dom acht an boicín mór,
adubhairt ag an margadh, "Tis bargains we want, not
Irish."
Adeir sé, "Nuair bhí tú ag toghadh foirne gnótha
chuaidh tú thar mo thighse."
"Dar ndóigh," adeirimse, "b'fhearr leatsa aon sé
pingne amháin do ghnóthughadh ar chaoirigh ná rud ar bith
do dhéanamh ar son na Gaedhilge dá dtiocfadh sí go dtí
an diabhal."
B'fhéidir go dtug mé dhó ró-chruaidh é, acht má thugas
féin rinne sé leas dhó. Nach dtaisbeánann sé seo
dhúinn gur féidir cuid de na daoinibh do bhrostughadh le
náire do chur ortha?
Mar dubhairt mé chuaidh mé go Mágh Cuilinn. B'fhu-
rusta craobh do chur ar bun annso. Tá an t-Athair Ua
Comhraidhe na charaid mhaith do'n Ghaedhilg. Tá sí dhá
múineadh ins an sgoil, agus ní tháinig aon Domhnach riamh
ó rinneadh sagart de nach dtug sé seanmóir i nGaedhilg
uaidh is ríogh-mhaith uaidh sin do dhéanamh. 'Sí mo
bharamhail nach bhfuil triúir i nÉirinn i n-ann é do
dhéanamh níos fearr. D'áirdeóchadh sé an croidhe ionnat
bheith ag éisteacht leis.
Ní raibh an parráiste seo riamh gan sgoláiribh do bheith
ann, agus indiu féin níl. Tá leith-chéad duine idir bheag
agus mhór, atá i n-ann í do léigheadh. Fuair mé páistí dhá
bhliadhain déag d'aois ábalta ar an Teagaisg gCríostaighe
do léigheadh. Sílimse gur sin cosamhaileacht mhaith agus
cosamhaileacht freisin gur gearr go bhfuighmid sgolairí
maithe 'san mbaile beag so. Gaedhilgeoirí breagha
cliste gach uile dhuine aca. Tá an Ghaedhilg dhá mhúineadh
do dá fhichid páiste 'san sgoil, agus tá cúig dhuine déag
is trí fichid - fir agus mná, óg agus meadhón-aosta - 'gá
foghlaim 'san gCraobh fá dhó 'san tseachtmhain.
Ó Mhágh Cuilinn chuaidh mé go Choill Mhéidhleacháin.
Níl aon duine i nÉirinn ná go deimhin i Sasana, i
nAlbain ná i nAimeriocá nach gcuala trácht ar Dhuthaigh
Sheoigheach, ar mhuintir Mháille, ar na Seóigheachaibh agus ar
na Breathnachaibh Mhóra. Ní hé amháin go bhfuil muintir
na háite seo 'na ndaoinibh móra, bríoghmhara láidre
dathmhala sláchtmhara, mar bhí do cháil ortha riamh, acht
tá croidhe fial fairsing aca mar an gcéadna. Is
daoine iad so nár chlaoidh riamh do'n namhaid. Bhí grádh
d'Éirinn agus do gach uile shórt bhaineas le náisiúntacht
ionnta agus an iongantas ar bith é mar sin go bhfuair mé
níos mó grádha agus measa ar an teangaidh 'san áit seo
ná i n-aon áit ar bith eile i gConnamara. Ins gach
aon áit eile dá dtug mé cuairt uirthi, tá na fir,
faraoir dona go leor, acht tá na mná seacht n-uaire
déag is fiche níos measa. Níl cuid aca sásta le
Béarla do labhairt mar is nádúrthach dhóibh, acht déanann
siad aithris ar na Sasanachaibh! Ceapann siad nach
mbeadh siad ceart ná galánta go leor muna laibheoradh
siad mar mhuintir Londain!
Acht níl mná Coille Méidhleacháin mar sin. Tá
cailíní óga san áit seo chuirfeadh spórt ort agus misneach
in do chroidhe. Tá grádh aca ar Éirinn agus ar a teangaidh,
tá cion aca ar gach uile chloich agus carraig 'san tír, agus
caidé an t-iongantas é mar sin go mbéarfaidís
Éireannaigh ar an saoghal a mbeadh cnámh droma agus
smior ionnta, ní spriosáin bheaga shalacha, Seoiníní
an Bhéarla, mar mhnáibh eile, ghrádhuigheas na Sasanaigh
agus gach uile ní Gallda - mná thugas níos mó aimsire
do'n rud atá taobh amuigh d'á gceann ná do'n rud atá
taobh istigh.
Bhíomar ag ceapadh ar chruinniughadh do bheith againn
i dtigh na sgoile, acht ní raibh sé mór go leor. Go
deimhin ní choingbheochadh cúig theach mar é an méid
daoine bhí ann. Mar dubhairt má cheana is fíor-
Ghaedhil atá ionnta so agus b'fhurusta iad do thabhairt i
dteannta a chéile. Cainteoirí móra iad freisin agus is
beag leo seasamh suas agus labhairt ar feadh uaire an
chloig. Teagann sé dhoibh chomh mín nádurtha is ritheas
uisge Locha Choirib le fánadh. Bhí na cailíní óga féin
toilteanach ar éirghe 'na seasamh agus labhairt amach go
blasta bríoghmhar i n-aghaidh an spioraid Ghallda atá
ag teacht orainn - nó bhí ag teacht orainn go gcuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun. Tá céad ball 'san
gCraoibh seo agus cailíní óga timcheall leath an mhéid sin.
Tá beirt aca so 'na n-oifeachaibh, an Rúnaire agus an
Cisdeoir Caitilín agus Máire Ní Mhaille - beirt bhan
n-óg bhéarfas aire d'á ngnó agus spreagfas agus chuirfeas
misneach agus tír-ghrádh ins gach uile mhac 'san bparraiste.
Tá mé cinnte go mbainfidh siad creatal as gach uile
chraoibh eile i gConnachtaibh - 'seadh agus i nEirinn ar
fad.
Sin é anois agaibh mo chuid oibrese le ceithre seacht-
mhainibh. Aon fhocailín beag amháin sul má sgarfas
mé libh. Fuair mé in mo chuid siubhalóide, ní hé amháin
i gCuige Connacht agus ins gach áit eile ar fuaid na
hÉireann dá dtug mé cuairt uirthi, ó'n samhradh so
chuaidh tharainn, fuair mé na daoine faraoir! gan an
oiread measa aca ar a dteangaidh agus ba mhaith liom -
cuid aca go deimhin shéanas í. Acht má fuair féin, istigh
'na gcroidhe, taobh istigh do'n sgamall truaillighthe sglá-
bhuighthe sin. TÁ AN CROIDHE FOLLÁIN, tá sé Gaedhea-
lach gach uile ordlach dhe ó'n gcnáimh go dtí an smior agus
ó'n smior go dtí an smuasach. Ní theastuigheann uatha
acht iad do chorrughadh - prioca beag do thabhairt fá na
hasnachaibh dhóibh anois agus arís, agus má dhéantar sin creid
mise go dtiocfaidh an Ghaedhilg thar n-ais chomh cinnte
is tá crois ar dhruim an asail.
Críoch