REVIEW
Ceól Sídhe .i. cnuasach beag d'abhránaibh Gaedhilge do
chuir Nórma Bhórtuic i n-eagar do Chraoibh Connartha
na Gaedhilge i Ráth-ua-Máinigh.
Fághaltas beag is eadh an leabhrán so. Is mór iad
teist agus tréithe na mná uaisle do chuir le chéile é, agus is
é bhadh cheart do bheith iontuigthe againn as sin gan aon
bhaoghal ar fheabhas a cuid saothair. Tá naoi n-amhráin
déag ann (cad chuige gan fiche ceann ann?), agus ortha so
atá na hamhráin is mince cluintear i dtionólaibh an
Chonnartha. Tá cinn nua fós ann agus tráchtfamaoid
ortha so ar ball.
Siúd agus go bhfuil an chuid is mó de'n leabhar fá eagar
mhaith, ní fíor nach faighte locht air. Locht d'ár lochtaibh
air, corr-dhul thar teórainn an litrighthe gnáith. Ní
thuigeann an bain-eagarthóir, dar linn, nach ceaduighthe
dhi dul ina fhéagmhuis sin. Cad chuige “fuingimh” i
n-ionad fuinneamh, caorthain i n-ionad caorthainn,
broic i n-ionad bruic, gunaidhe i n-ionad gunnaidhe
(bíthear ag labhairt an “nn” go cinnte), liú i n-ionad
liúgh, deire i n-ionad deiridh, a's i n-ionad is, londu i
n-ionad londubh, a i n-ionad i, am i n-ionad im', Galla-
phoic i n-ionad Gall-phuic (nó Galla-phuic) samha i
n-ionad samhadh, déigheanach i n-ionad déidheanach, deal-
radh i n-ionad deallradh, ainnfhir (!) i n-ionad ainnir
nó aindir, mura i n-ionad muna, fille i n-ionad
filleadh, síoruidhe i n-ionad síorruidhe nó síorthuidhe,
shíleas i n-ionad shaoileas, leanán (!) i n-ionad lean-
nán, géimnidh i n-ionad géimnigh, sgrí (!) i n-ionad
sgríobhadh, &rl.?
Tuathail mhóra is eadh a'm i n-áit im', a'm i n-áit
dhom' (l. 7), ó'm i n-áit óm', amárach i n-áit i mbárach,
taraingt (!) i n-áit tarraing nó tarraint, bhíteá i
n-áit bhítheá, &rl.
Cad uime “Rachad chum coille” i n-áit an chirt
“Raghad i lúib na coille,” “Maidin go moch,” i
n-áit “Maidin mhoch,” “niamhdha” i n-áit “néata,”
“nár thig” i n-áit “nár thigidh”? Ní hé an Chraoibhín
Aoibhinn” do chum “Siubhail, a ghradh.” “Garrdhán
(nó Garrán) an bhile” an ceart; ní “Garrdha an
bhile” é. Ní ceart Philomeol; ba bheithte philomeol
ann, ó's ainm coitcheann é.
Táid na hamhráin nua úd “Siubhán Níg Uidhir” agus
“An Bunnán Buidhe” millte go mór. Faraor géar!
níor leigeadh do “damh” do bhí 'san Chlaidheamh Soluis
go ceart; níor bh'fhuláir leis an mbain-eagarthóir
“dam” (!) do chur ina ionad, siúd agus nach féidir aon
tsiolla amháin do dhéanamh de “dam ar,” amhail iarras
an ceól (damh 'r). Cuireadh “tháinig” i n-áit “thainic”
cé gur bh'éigean amus do bheith ag "ceannach" agus "thainic"
ar a chéile. Is mar sin do “d'éitigh” (!) agus amus
ag an bhfocal ar “leinbh”. Acht ní fheadarmar ó thalamh
an domhain cad chuige ar cuireadh “bunán” i n-ionad
“bunnán”. “Bunnán” a labhairthear. “Bunnán”
atá ins na foclóiríbh uile. “Bunnán” an ceart.
Caidé an donas ámh, do sheol “istigh” isteach 'san
amhrán i n-áit “istír”? Agus “feic',” cad chuige a
chur ann? Caidé siocair an chomhartha úd? Is é
“feic (faic)” an tsean-chuma bhítear do labhairt fós
i n-Ultaibh. Ní'l i “bh-feiceann” acht -eann do chur
leis an bhfocal go mícheart (féach “Trí Bior-ghaoithe
an Bháis, Appendix, Irregular Verbs, IV Root cî, p. xxix,
nóta). Ní maith linn eisiompláirí “ceartuighthe ar
an dtuathal” d'fhághail i leabhar.
I bhféagmhuis an mhéid seo romhainn is mór as ion-
mholta an leabhrán agus is deimhin linn go rachaidh sé
i sochar do'n Chonnradh. Maidir le “Ráth-ua-Máinigh,”
ní dóigh linn gurab amhlaid is cuirthe i nGaedhilg
Rathmines, acht ní fhéadamaíd é cheartughadh fá'n
taca so.