CAOINEADH AN ATHAR ÉAMONN
MHAC MHATHGHAMHNA.
I.
A Athair Éamonn, 'sé mo dhíomdha do
chodladh a bheith trom;
Gur'b i n-Eanascaoin 'sé 'mhian leat do
phobal a bheith cruinn;
Ar altóir Chríosta 'sé mhíneochfá an tseis-
geál go binn;—
I n-Eanascaoin a bheadh aoibhneas agus aiteas
le do linn.
II.
Maidin éasgaidh 'sé d'éaloidh me go sráid
Eanascaoin;
Fuair me an sagart in-sa' tseipeál, chan
ag léigheadh faraor!
Bíodh na bosa míne greadthaí aige na mná'
'g 'ul i sgaoll
Fá n-ar seipeal bheith gan sagart ar shráid
Eanascaoin.
III.
Tá fir is mná ag greadadh lámh, is ag
éagcaoin go cruaidh;
Tá mná is páistí in-sna gártha' fá n'ar
sagart nár thuill gruaim.
Cúradh a chroidhe ar an mbás nár fhan amach
i bhfad uainn,
Gan Éamonn bán deas mac Árdghail Mhic
Gamhna tabhairt uainn!
TAGRA.
Do mhair an sagart so i dtús na haoise seo i
láthair. B'fhéidir go mbéidh tuilleadh tuarasgbhála
againn air. “Mac Mhathghamhna” an ceart is dócha,
acht “MhacGamhna” adeirthear. Éanascaoin = Inis
Caoin Deagha. Seisgéal = soisgéal. “Bheadh” i n-áit
”bhíodh.” I sgaoll .i. ar díth chéille.
Seaghán Ó hAnnabháin.