LAOIDH DO RINNEADH LEIS AN
SGRÍOBHAIRE I N-AM MULAID:
(.i. Donnchadh MacRaith cct.)
A shaoghail, is díombuan do mhuirn;
Mairg na tuirn nach fíoch;
Gé do bhíomair indiu re ceól,
Gearr bhíodh brón dá chur síos.
Chonncas, chan fhad' ó'n uair,
Cuirm is ceól is suairceas glan;
Taobh istigh d'fheasgar i gcuairt
Chonncas sin sluagh re gail.
Mairg do-ghní bun 'sa' tsaoghal,
Ó's baoghlach é gach n-uair;
An tí ba mhian linn indiu againn
Siúd 'sa' mhaidin ar bhreith uainn.
Acht ionnad-sa, a Mhic mo Dhé,
Mo mhuinighin go léir 'gá cur;
Da gach anam gur tú is liaigh
Chreideas ionnad féin is t'fhuil.
Fóir orm-sa, a Mhic mo Dhé,
Ná cuirthear leat mé ar dháil;
Ó tá an saoghal-sa 'na léim,
Teasairg mise, a Dhé, ó'n chás.
Teasairg-se mise ó chás
An tsaoghail-se tá lán do choir,
Mar theasairg tú Clann Israel
Ó Fháró do bháidheadh 'sa' mhuir.
An gcuala sibh a rug ar Dháithi,
Nuair thuit sé i ngábhadh peacaidh,
Absolom a mhac dob' áille
Ag breith a áite uaidh go beachtamhail.
Acht amhairc an chúis fá dheireadh,
[Ar] n-éirghe dhó so bhí i bhfeill,
Gér mhór leis áille a ghruaige,
Chroch sí é re huair 'sa' choill.
Nach faic sibh, seo cor an tsaoghail,
An mac ag gabháil baoghail ar a athair;
Gé do dheuntaoi an chúis le saobhadh,
Tuig nach saoiride é lá bhreatha.
Dhúinn bidheadh nódh ar n-athar,
Fear ar fear ag iarraidh bhaoghail,
Acht mairg neach do-ghní a aithris,
Ó's mór an caraidhe an saoghal.
A shaoghail, is díombuan,
Mac Léighinn.