Cuairt Mhíosa i gConnamara
Tomás Ua* Coinceannainn do sgríobh
(ar leanamhaint)
D'fhuagair an t-Athair Pádraig ó'n altóir go
mbeadh cruinniughadh againn go dlúth thar éis an aifrinn
le craoibh do Chonnradh na Gaedhilge do chur ar bun.
Bhí 'fhios ag gach uile dhuine 'san bparráiste é le
laetheanntaibh roimhe sin agus siúd is go madh é an lá
b'fhliche ba stoirmnighe tháinig le bliadhantaibh, níor
chongbhaigh sin 'sa mbaile iad, bhí an oiread sain do
phráidhinn aca 'san nGaedhilg. Ní fácathas an oiread
daoine bailighthe i dteannta a chéile riamh i gCloich na
Rón agus bhí ann an lá sain. Cuireadh craobh bhreagh ar
bun ann, agus tá súil agam go dtiubhraidh sí toradh maith
líonmhar agus nuair thiocfas mé thar n-ais arís go bhfeicfidh
mé atharrughadh mór ar an mbaile ó'n gcéad lá tháinig
mé ann.
*Caithfimid ar leithsgéal do ghabháil le n-ár gcaraid Tomás Ua
Coinceannainn fá "Mhac Coinceannainn" do thabhairt mar shloin-
neadh air. "Ua Coinceannainn" ba chuirte síos dhúinn - F. an Ch.
D'fhan mé beagán do laetheanntaibh 'na dhiaidh seo i
gCloich na Rón, gur cheap mé go raibh gach shórt d'ár
fhéad mé a chuideóchadh leis an gCraobh déanta, is
annsain chuaidh mé go dtí an Clochán.
'Sé an Clochán an baile is mó agus is éifeachtaighe 'san
gContae ó Ghaillimh siar, acht má's é is mó, 'sé an baile
is Gallda agus is Sasanaighe freisin ní hé amháin 'san
gContae acht i gCúige Connacht ar fad. Shiubhal mé
síos agus aníos, anonn agus anall an dá shráid atá ann agus
cumha an domhain orm. Cheap mé gur bh'istigh i lár
Londain Shasana do bhíos! "Ní féidir," adeirim liom
féin, "go bhfuil mé i mbaile an Chlochán i gceart-lár
Connamara agus gan focal do theangaidh Phádraig Naomhtha
Brighde agus Cuilm-chille dhá labhairt ann!"
Seo í an fhírinne anois. Ní measaim go gcuala an
oiread is aon fhocal amháin féin acht Béarla. Is doiligh
á admháil acht caithfear an fhírinne innsint cé gur
minic bhíonn sí searbh.
Chuaidh mé go dtí teacht an tsagairt an Canóin
MacAilpín. Leig mé aige m'anam agus an gnó thug do'n
Chlochán mé. Fuair mé é féin agus an sagart óg - an
tAthair Bhairdín - lán-sásta ar a ndícheall do dhéanamh,
agus dubhradar go gcuideóchaidís liom ins gach uile
bhealach dá bhféadfaidís.
Shiubhal mé ó shiopa go siopa, labhair mé le beag agus
mór, óg agus sean. Mhínigh mé dhóibh an fáth ar a dtáinig
mé 'na measg, agus an náire ba chóir bheith oraibh mar
Éireannachaibh fá n-a dteangaidh do leigean ar lár.
"Ní hionann sibhse," arsa mise, "agus daoine i mbailtibh
eile i n-Éirinn, nach bhfuil aon eolas aca ar a dteangaidh.
Acht sibhse a rugadh agus a tógadh annso i gConnamara ba
chóir dhíbh-se go háirighthe í do labhairt i dtosach ar
theangaidh na Sasanach."
Níl duine 'sa mbaile nach dtáinig liom 'san méid sin.
Bhí náire ortha roimhe seo fá n-a labhairt, agus cuid mhór
aca nach leigfeadh ortha féin go raibh eolas ar bith aca
uirthi, seo iad ag labhairt Gaedhilge arís chomh blasta
le muintir Árainn féin!
Chaith mé trí lá mar so ag dul i measg na ndaoine
'gá spreagadh agus caithfidh mé a rádh go raibh iongantas
mór orm fá'n atharrughadh tháinig ar na daoinibh.
Shiubhail mé tríd an margadh Dia Sathairn. Casadh fear
dhom darbh ainm Pádraig Garbh as Cloch na Rón - ball
de'n ghéag chuir mé ar bun an Domhnach roimhe sin. Ar
an nóiméid is chonnaic sé mé tháinig sé anall agus thug sé
creath láimhe dhom. Bhíomar ag caint agus ag cur-síos ar
an obair rinneadh 'na bhaile féin an tseachtmhain roimhe
sin agus ag géarán ar laighead an mheasa bhí ag muintir an
Chlocháin ar an teangaidh agus an grádh mór bhí aca ar an
mBéárla, nuair tháinig ceannuighe mór anall agus d'fhiaf-
ruigh de'n fhear so: "How much would ye ba wantin'
for the sheep?" D'fhreagair Pádraig dó i nGaedhilg,
is ní túisge bhís in déanta nuair labhair an boicín seo:
"Tis bargains we want, not Irish!"
An bitheamhnach so agus a leithéidí dhéanas an mí-ádh mór
do'n Ghaedhilg. Seoiníní an Bhéarla fhásas suas ó'n
salchar agus ó'n mbréantas - sin iad agus a leithéidí bhreath-
nuigheas anuas ar ár dteangaidh tíoramhail le tarcuisne
agus mí-mheas agus thosnuigheas ag magadh fá mhuintir na tuaithe
nuair thigeas siad chuig a gcuid siopaoi agus nuair labhras
siad i nGaedhilg. Bhí an teanga sáthach maith ag Naomh
Pádraig agus Naomh Colm-cille agus Aodh Ruadh agus Eoghan
Ruadh agus gach uile fhear maith agus ceannsach d'á raibh i
n-Éirinn riamh anuas go dtí an t-Aird-Easbog Seaghán
Mac hÉil, acht níl sí galánta go leor ag spriosánaibh
na haimsire seo! A Dhia, nach náireach an sgéal é! agus
nach símeamhail an mhaise do chuid againn Éireannaigh
do thabhairt orainn féin agus gan focal do theangaidh na
hÉireann 'nár bpluic!
Ní túisge bhí na focla so amach as béal an fhir seo
nuair bhí beirt nó triúr réidh le breith i ngreim sgórnaigh
air agus tachtadh do tabhairt dó, muna mbeadh go rugas
ortha agus adubhart leo foighead do bheith aca - nár bh'fiú é
do thachtadh.
Anois, a léightheoirí, is beag an sgéilín é seo, agus
b'fhéidir go ndéarfaidh cuid agaibh nach fiú é d'aithris,
acht sílimse gur fiú. Nach gcruthuigheann sé dhúinn
chomh follasach is tá srón ar an éadan go bhfuil croidhe
follain ag muintir na tíre 'na dhiaidh sin? Taisbeánann
sé dhúinn nuair mhasluighthear teanga na hÉireann go
mbíonn fear a cosanta le fagháil fear sheasfas suas
agus throidfeas ar a son.
Tháinig an Domhnach. Thar éis an Aifrinn chruinnuigh
na daoine i dteannta a chéile i dtigh na cúirte, agus siúd
is 'gur mór an teach é, ní raibh sé leath sáthach mór le
n-a gcongbháil ar fad. Bhí an Canóin MacAilpín 'sa'
gcathaoir, agus is ríoghmhaith an cathaoirleach rinne sé.
Labhair sé ar feadh leath-uaire ag míniughadh dóibh an
obair mhór atá Connradh na Gaedhilge do dhéanamh ar
fuaid na hÉireann agus an náire ba chóir dhúinn bheith orainn
ina leigfimid ár dteanga uainn agus an Bhéarla do thógáil
suas 'na háit. "Tá súil agam," ars' eisean, "gur
Gaedhilg bhreagh mhilis bhlasta laibheoras sibh le n-a chéile
as so amach. Tá aon cheann amháin de na rúnaibh atá
le cur os bhar gcomhair indiu níos foilleamhnaighe liom
ná aon cheann eile," ars' eisean, "sé sin an rún ag
iarraidh ar cheannphortaibh sgoile nuair atá maighistirí
ag teastáil uatha uaidh seo amach roghain do thabhairt
dóibh seo labhras teanga na hÉireann. Chomh fada is
bheas mise 'mo cheannphort ar aon sgoil, shiubhalfaidh mé
Éire go léir sul má gheobhaidh mé aon mháighistir acht an
té 'bhfuil teanga na hÉireann aige."
Shuidh an Canóin síos, agus ní bhréag a rádh go raibh an
cruinniughadh ag greadadh bos go ceann cúig nóimíd.
Faraoir gan céad againn mar an gCanóin ar fuaid
Cúíge Connacht! Dá mbeadh, b'fhurasta an chúis do
chur ar a haghaidh. Thug na daoine ba cheannsaighe 'san
mbaile oráideacha breagha uatha freisin agus cuireadh
Craobh de Chonnradh na Gaedhilge ar bun 'sa' gClochán.
Dubhairt gach uile dhuine nach bhfacadar tionól chomh mór
chomh croidheamhail i dteannta a chéile roimhe fós riamh,
agus dubhradh liom mar an gcéadna go gcualathas an
oiread Gaedhilge tráthnóna an lae sain, thar éis an
chruinniughthe, is cualathas san mbaile le leith-bhliadhain
roimhe sin.
Tá triúr 'san gClochán chaithfeas mé a n-anmanna
deo thabhairt, 'siad sain Pádraig Mac Amhlaibh, Pádraig
Ua Conruaidh agus Seaghán Cnáifreach. Thugadar congnamh
agus cabhair mhór dhom, agus is ar a nguailnibh atá an obair
ag tuitim anois.
(Tuilleadh)