GREANN NA GAEDHILGE.
Sgeilín ó Dhún na nGall.
Bhí fear ann a bhí caoch no ar
leath-shúil, agus i n-ionad na
súile eile bhí súil ghloine
aige. Aon lá amháin bhuail
se isteach i dtigh leanna. Ba chailín a bhí
ag freastal ins an tigh leanna, agus ba dheas
an cailín í. Thosuigh an fear ag caint
agus ag rugaireacht léithi, acht ní raibh spéis
ag an gcailín ann féin ná i n-a chuid
cainte. Ar chuma ar bith, nuair a bhí se ag
imtheacht, dubhairt sé leis an gcailín,
“Slán leat, agus tá súil agam go bhfeicidh
mé aríst thú.”
D'fhreagair an chailín, “Och tá, agus tá súil
eile agat nach bhfeiceann mé choidhche.”
Fear na mbróg nua.
[Do chualas an sgeul so i n-ár ndiaidh i
gConndae Dhúin na nGall, i gCondae Mhuin-
eacháin agus ó Chonnachtach chomh maith.]
Chuaidh fear isteach i mbaile mhór tráth
amháin agus cheannuigh sé péire bhróga. I n-éis
na mbróg nua do chur air, thionntuigh sé
arís a bhaile, acht nuair bhí sé tuaraim
ceathramha mhíle ó'n mbaile mhór shuidh sé
síos ar chlaidhe ar thaobh an bhóthair agus bhuain
sé na bróga de agus chuaidh se ar aghaidh cos-
nochtuighthe, óir ba mhór leis a bheith ag
caitheamh na mbróg gan ádhbhar. Ba h-é
sin ba ghnáthach leis na daoinibh bochta ar
fud na tíre an t-am úd, agus tá an cleachtadh
ceudna ag furmhór na mban agus ag beagán
fear i nDún na nGall go fóil.
Is gnáthach leobhtha a gcuid bróga
d'iomchar faoi n-a n-asgaill go raibh siad i
n-aice do'n bhaile mhór, annsin cuireann
siad orra iad, agus ar bpilleadh dóbhtha do'n
áit sin arís baineann siad na bróga
díobhtha agus téid siad abhaile go h-eudtrom
agus go h-aereach.
Acht an fear so a bhfuilim ag trácht air, cha
deachaidh sé i bhfad gur bhuail sé ordóg a
choise i n-aghaidh cloiche 'san ród agus bhris sé é
agus bhuain sé an ionga de.
Sgread sé amach leis an bpéin ar tús
acht i gcionn tamaill nuair bhí an phian d'a
thrághadh dubhairt sé leis fhéin “Nach raibh
beannacht Dé orm gan mo bhróga a bheith
orm an t-am úd. Dá mbéidheadh, is cinnte
go mbeidheadh bárr na bróige nua millte
go léir.” Agus leis an sólas sin chuaidh
an fear bocht a bhaile go buidheadh beannach-
tach sona sásta.
An gobha a léigheasadh an déideadh.
[Do chualas an sgeul so i Muineachán agus
ó fhear as Chondae Phortláirge mar an
gceudna.]
Bhí fear aon uair amháin agus bhí sé ag dul
ar mire leis an déideadh. Cha raibh fhios
aige caidé do b' fhéarr dó a dheunamh, acht
shaoil sé nár bh'fhéidir leis an phian d'fhulang
níos faide. Bhí na comhursana go cinéalta agus
iad ag teacht chuige go brónamhail agus is iomdha
leigheas thug siad dó, acht gan aon dadamh
'mhaitheas a fhágháil as. Fá dheireadh thug
bean éigin cómhairle dó fá dhul chum an
ghobhann, óir bhí órtha ar an déideadh ag gach
aon ghobhainn. Ghlac sé an chómhairle agus
chuaidh se chum na ceardchan ar an bponc.
D'innis se a sgeul do'n ghobhainn. Cha raibh
neart ar bith ag an ngobhainn ar an
déideadh, acht ba chleasach glic an fear é, agus
chuir se aghaidh fhada bhrónach air féin, agus chuir
sé móran ceist ar an bhfear bocht a bhí
tinn. Dubhairt an fear tinn leis gur
bh'fhearr leis fhéin rud ar bith a fhulang a
chuirfeadh deireadh leis an déideadh. “Fág-
faidh mé slán thú,” ars' an gobha, “agus
m'fhocal duit nach ngortuighim thú ar chor
ar bith.”
“Och, beannacht Dé ort go buan,” ars' an
fear tinn. Leis sin chuaidh an gobha agus
fuair sé dlaoidheóg mhín lín agus chas sé go
daingean í cúpla uaire thríd an bhfiacail
fhrithir, agus rinne sé sreang bheag de'n chuid
eile de agus cheangail sé ceann na sringe
do adhairc na hinneóine. Anois bhí an fear
tinn ar leath-chromadh agus a shrón i bhfoisgeacht
sé no seacht n-orlaigh do'n inneóin. “Bíodh
foighid agat anois ar feadh tamaill bhig, agus
tairneóngaidh an inneoin an doigh is an phian
as an bhfiacail úd,” ars' an gobha.
Shocruigh an fear bocht é féin, a lámha ar
a ghlúnaibh, a bheul fosgailte, agus sruthán mhín
pisleóige ag rith as. Chuaidh an gobha fa
n-a ghnóthaidhe féin, shéid sé suas na teine,
chruinnigh sé na sméaróidí ar a chéile agus
anois is arís thairngeadh amach iarann fada
a bhí ins an teine, d'amharcadh air, agus sháitheadh
é isteach arís, agus é ag innsint sgeul iongan-
tach ar feadh an ama uile, agus an fear eile
ag amharc ar an dtalamh agus ag leigean
corr-chneide as mar fhreagra air. Acht i
lár an sgéil tharraing an gobha an t-iarann
dearg amach go fíor-thapaidh agus bhuail sé é
ar an inneoin go mear is go láidir.
D'imthigh cith mór dileóg as agus sgeinn an
fear bocht ar gcúl agus thuit sé ar an urlár.
Phléasg gáiridhe ar an ngobhainn. Nuair
d'éirigh an fear tinn bhí móran fola 'na
bheul acht bhí an fhiacail imthighthe. Bhí sí ar
cheann na sringe.
“Mo chorp ó'n diabhal,” ar sé, “char
mhothuigh mé í ag teacht amach ar chor ar bith.”
“Nár innseas sin duit,” ars' an gobha,
“téidh abhaile anois agus nuair bheas sé do dhíth
ort-sa arís fiacail a tharraing béidh fhios
agat cá dtiocfaidh tú.”
Énri Ua Muirgheasa.
TAGRA
ag freastal = attending, serving.
ag rugaireacht = talking soft blarney or blámás.
ordóg a choise = his great toe.
déideadh = tinneas fiacal, dóigh fhiacal.
órtha = charm.
ar an bponc = ar an mball, on the moment.
dlaoidheóg = small tress; a small tuft of hair, straw,
flax, &c.
frithir = sore.
sreang = a fine string or twine.
pisleóg(no pislinn) = a fine stream of spittle such as
runs from the mouth of a child, or of some old men
when smoking.
gnóthaidhe = business.
cnead = a grunt.
dileóg = a spark.
sceinn = bounced, leaped in terror or fright.
do dhíth ort = uait, want from thee.
E. O M.