NACH FADA AN LÁ.
I.
Nach fada an lá ó mhaidin go dtí an oidhche,
Mé 'sníomh mo roithneáil aige dorus na
gaoithe,
'Féachaint a' bhfeicinn a' teacht thú, cúl trom
díleas,
A' gabhailt a' bhealaigh nó 'teanamh sgíste.
II.
A rúin 's a théagair, nach fada 'muigh thú!
Shaoil me fhéin gur'b í an fhairge shlug thú:
Óch! chan í, acht bean eile thiob mé;
Tá me claoidhte i ndéidh ar ghuil mé.
III.
Cúradh ar ghrádh! nach mairg a mbíonn sé
air!
Is geal ó thús é, agus is dubh aríst é:
Is íomdha cailín beag óg a chlaoidh sé,
A cionn ar a glúin, agus a súile 'síor-ghul.
IV.
Cúradh ar ghrádh! nach mhairg a thug é! —
Aen-fhear martha ariamh dh'ar oil é!
Croidhe mo láir a d'fhág sé dubh é;
Nuair nach bhfeicinn-sa ar a' tsráid é, nó
'n áit indiu é.
V.
Nár thruagh leat cailín beag ar mhalaidh
sléibhe?
Í 'cealgadh leinbh 's iad a' gul le chéile;
Ar bheagán bídh 'gus ar ghann-chuid éadaigh —
Nach truagh an chinneamhain a gheall Mac
Dé di?
VI.
A rúin 's a théagair, ná tréig do leanbh;
Ná pós bean ghránda mar gheall ar eallach;
Is beag an áit i mbáidhfidhe bearach:
Támuid óg agus 'gheanamuid soláthar.
TAGARTHA.
I. Roithneáil, gen. of roithneál = roithleán ( = tuirne):
this metathesis is heard in Omeath also, but not in Farney.
Aige = ag. Gabhailt = gabháil. Teanadh = déa-
namh. II. Thiob = theib, theip, stopped, baulked.
III. Cúradh, confusion (?), curse (?), cúradh do chroidhe
ort = bad cess to you. IV. Line 4 might be shortened
thus: 'S nach bhfeicinn 'sa tsráid nó 'n áit indiu e. V.
Gheall here = d'órduigh (?); the same usage exists in
Connacht. VI. In another fragment of the above the last
line is; Taem mo bhróga, is racha me ar soláthar, give
me my boots, and I will go searching. I also heard line 3
quoted locally as a proverb. Bearach = biorach, heifer.
Soláthar, pron. sal'-ar.
Seaghán Óg Ó hAnnáin,
Crois MhigFhloinn.
[The above is from a collection of songs belonging to
the Fews district, Co. Armagh, made by Mr. John
Hannon, jun., of Crossmaglen. Mr Hannon is very
painstaking. In order to habituate himself to, and also to
preserve the local dialectic pronunciation, he makes use of
Father Growney's Key system to supplement the ordin-
ary orthography. Two slight grammatical corrections,
which do not interfere with the wording, have been made
in this son. — ED.]
TUIREADH MHICHÍL UÍ LÓGÁIN
Tadhg O Donnchadha cct.
[Fuair Micheál O Lógáin bás i mBrook-
lyn ins na Státaibh, an deachmhadh lá
d'Eanáir, 1899. Ba sgoláire b'oide
Gaedhilge é. Ba chabharthuidhe tréan do
chúis na Gaedhilge é. B'é b'fhear déanta agus
b'fhear curtha an “Gaedhil” amach. Ba
dhuine de rúnaidhibh Connartha Gaedhilge na
Stát é. Agus fós ba dhuine fial galánta
grádhmhar Gaedhealach é. Mo chreach ghéar
fhada agus ní haon iongnadh sinne dobrónac
d'á éagmuis. Beannacht Dé le n' anam, agus
le hanmannaibh na marbh.]
Is atuirseach guirt i bhfearannaibh Luirc
An teasdas thar muir seo thárlaidh,
D'fhúig sgeimhle bhróin ar aosda 's óg
Is caoidh ar chóip na gcáidh-bhan;
An gliadhaire grádhmhar siansmhar sámh,
Nár fhiar fá ghnásaibh námhad,
An Lógánac fial, sólás na gcliar,
Fo chlár i gcriaidh go lán-lag.
Tá “Cathair na dTreabh” cois mara 'na
stad
Ag greadadh na mbas fá ghábhtar;
Is sgamaill 'san spéir ag bagairt go
tréan,
Gan taitneamh na gréine ar lá ann.
Tá mná agus fir go tráighte ruisg,
I gcás, i mbruid 's i mbeárna,
Ó cualas tásg an tsuairc-fhir bhreágh
'San uaigh bheith tláith thar sáile.
I mBaile Átha Cliath na mbuinneán bhfial
Ba cheannárd ciallmhar cáil-ghlan,
Tá fuireann gheal tséimh ag obair go géar
Ar fhriotal na nGaedheal do ghnás-chur;
'S is saighead tré chroidhe gach deigh-fhir díobh
An greidhneach groidhe glan grádhmhar
Bheith d'easbaidh mar tá, tachta ag an mbás
le'r leagadh ar lár sliocht Ádaim.
Ní'l fuireann go sóghach ó Chorcaigh na
leóghan
Go Doire na seól ngeal n-áluinn;
'S thar Tuaim Dhá Ghualann ghluais lán-uaill
Nuair chuaidh fá'n uaimh an sáir-fhear;
Ní'l cúil ná críoch ná cúinne 'n Ríoghacht
Nach dubhach do bhíd a ngártha,
'S fear eagair an “Ghaedhil” i dtalamh
gan réim
Gur theasduigh ó Ghaedhil a lámh ghlic.
Tá mná sidhe i bhfus fá lán-chaoi fhliuch
D'a shár-mhaoidheamh roimh gach táin fhear,
Aoibheal, Áine, Clíodna 's Gráinne,
Aoife 's Áilinn mhánla,
Sadhbh na scuab, an mhaighre bhuaidh
Ar ghadhraibh duairce dána,
Is Meadhbh na ruag le feidhm do ghluais
Thar oighreacht Chruachna ar báine.
Cá maitheas dam féin bheith ag labhairt 'na
thaobh
'S ná brathaim liom éinneach páirteach?
No an amhlaidh táid Éigse seannda fá néal
Gan leabhaire ná léim 'na lámhaibh sin?
Ba mhinic, uchón, me fuirsighthe 'g sgeol
No tuilthe de bhrón fá cháirdibh;
Acht áis na nGaedheal thar sáile i gcré
'S eadh d'fhág gan chéill go bráth me.
Grádh na suadh agus grádh na ndruadh,
Grádh na nUasal n-ársadh;
Gaol na gcliar nár staon i ngliaidh
Saor-chlann Iarthair Fháil ghlais;
Cuisle na leoghan, Ruire na dtreon
gcuradhta gcródha gcádhasach,
Mairg do chuaidh go tapaidh 'san uaigh,
A Athair na dtruagh 's é is cás linn.
Réidh-chorp roighin, caomh-chneas aoil,
Géig-gheal ghníomhach láidir,
Séimh-dhearc cruinn, is béal ba bhinn
Ar Ghaedhilg Chríche Fháilbhe,
Méar mhear mhín, caol-chrobh lighe,
Néamh mar Naois i mbreághthacht,
Méinn mhaith ghaoise féile 's ghrinn,
Mo léan 'na luighe fá láin-lic.
Ní dúinn is díth, gidh dubhach ár gcroidhe,
An t-úr-bhuinn' aoil gan fágháil air;
Acht do'n chéile chaoin d'aontuigh tidheacht
Fá réim mar mhnaoi go bráth dho:
D'á chloinn mhac ngroidhe, 's do'n dís inghean
Is caoidh-fhliuch gnaoi gach lá 'nois;'
Is dóibh is duairc an sgeól so luadhaim,
Go bhfóiridh Mór-Mhac Dháith' 'rra.
Beannacht an Té chum talamh is aer
Is Flaithis is naomhtha gárda
Le hanam ghil tséimh an sgathmhaire ghlé
Bheachtshnuighte bhéasaigh bhláthmhair.
A Aen-Mhic na ngrás, do céasadh sa' pháis
Do shaoradh chloinn' Adhaimh led' chneádh-
aibh-se,
Glac-sa led' thaobh anam an tréin seo,
'S canadh gach éinneach “Ámen.”
Ní sámh sonn crobhairí ógán ngroidhe;
Níd mná thall tonn-tuitim deorán linn;
Chím cách fann call-tsilthe ó d'fhág sinn
Micheál modh'ail leabhair-phinn O Lógáin
chroidhe.