SEAGHÁN AGUS MÍCHEÁL.
I.
TÁIM críonna caithte anois;
táim maol; tá mo chuid
féasóige liath, agus atá
dronn orm. Ní rabhas
riamh i gcoláisde, ná ar
árd-sgoil, acht an méid léighinn atá agam,
agus is beag é, fuaras é, beag nach, ó
shean-mháighistir sgoile go nglaodhmaois
Mícheál na Méire air.
Tá an duine bocht 'san úir le fad do
bhliadhantaibh, beannacht na ngrás len'
anam.
Do b'í siúd an aimsir do cuireadh ar
bun na sgoileanna sain atá ró-fhlúirseach
ar fud na tíre anois. Glaodhtar “sgola
náisiúnta” mar leas-ainm ortha.
Is maith is cuimhin liom an chéad lá do
thóg mo mháthair — sólás na bhflaitheas dá
hanam — isteach i láthair Mhichíl mé, agus
an sgannradh tháinig im' chroidhe roimis.
Fear beag do b'eadh Micheál; acht shaoil-
eas an uair úd go raibh áirde “ghalláin na
beárnan” ann. Is dócha gur éirigh an
tsamhluigheacht sin do thoisg m'athar do bheith
gairid — rud do fuaras amach i bhfad 'na
dhiaidh súd. Chongbhuigheas greim dlúith ar
bheinn mo mháthar. Bhí fhios aici, mo ghreann
í, go raibh faitchíos orm agus thug sí
miotóg dom anois is arís, chum meisnigh,
dar léi, do chur orm. Bhí fir 'dtaobh amuigh
de'n sgoil ag cur dín, fear acu ag déanamh
sgolb, agus fear eile ag casadh méaróg,
mar ní raibh slinn ar an sgoil úd acht
díon fraoigh. Mheasas féin seal do
thabhairt i dteannta na bhfear, acht bhí
deabhadh ar mo mháthair bhoicht chum léighinn
do chur im' leith. Bhí dorus na sgoile
iadhta.
“Tá dorus maith ar an sgoil seo,” ar sí,
“agus bí-se béasach creideamhnach annso,
a Sheáinín, mar is fearr an sgoil í seo
'ná sgoil Bhaile-an-Bhogaigh, nach bhfuil
uirthi sin mar dhorus acht sgulpán. Féach
tá bocáin is tuislidhe ar an ndorus so,”
agus rug sí ar an laiste agus dhruid sí
isteach an dorus gan chead gan chabhair.
Do chrith mo chosa fúm, do luaisg mo
dhranndal, do leath mo shúile orm, agus do
bhodhar mo chluasa le méid geóine na
ngarsún is na gcailín mbeag.
Bhí Mícheál na Méire 'na sheasamh ar
lár an urláir agus ranng gharsún is ghearr-
chaile 'na thimcheall. Do b'fheárr liomsa
go sluigfeadh an talamh mé. Do thuig sé
an Ghaedhilg go dian-mhaith acht níor leig se
air go raibh focal 'na phluic di.
“Seadh mo bhean mhaith,” ar sé i mBéarla,
“cia thusa?” Níor thuig sise gíog de'n
Bhéarla. “Is breágh, go deimhin, an lá é,
a dhuine uasail,” ar sí mar fhreagra air.
Bhí na sgoláiridhe ag cur na súl thrínn, acht
níor chuir sise suim ionnta, rud nár
bh'iongnadh. Ní mar sin domhsa; bhíos ar
baill-chrith, agus cnap éigin im' sgórnach
do choisg mo chuid anáile. Gidh go rabhas
óg bhí mo dhóthain céille agam chum a thuigsin
nach raibh mo mháthair bhocht innmheamhail ar
an bhfear bhfoghlumtha so d'fhreagradh, agus
bhíos ar dearg-lasadh le náire.
“Cad is ainm do'n spriosán so agat?”
ar an máighistir i mBeurla. “Teach deas
cluthmhar is eadh é!” ar sí.
Do ghigilt garsún eile, bhuail cailín
beag a sál coslomnochta ar chois chailín bhig
eile; “ná satail orm,” ar an dara cailín
beag i nGaedhilg. Chuir garsún cnead as,
is d'fhéach sé ar gharsún eile, agus chuir
seisean casacht as. Do bhris gáirídhe ar
an gcailín mbeag, do bhuail garsún a dhorn
'na bhéal.
“Bíodh béasa agaibh,” ar an máighistir
go bagarthach, acht níor bh'aon mhaitheas dó
é; do rith an gáire úd ameasg na sgoláirí
ar nós teine thré bharrach go ndearnadar
sgearta i bhfus is sgearta thall. Bhí an
sgoil go méidhreach fúmsa agus fam'
mháthair láithreach. Thuig sí anois go
ndearna amadán di féin, dar léi, agus
mo chaithis í, chrom sí ar ghol.
“Ní fhuil foghlaim agam, a dhuine uasail,
agus is dócha nach tuigim thú, acht teasduigh-
eann léigheann ó Sheáinín, agus fuilngeo-
chad aon tsaghas easonóra ar a shon.”
Cheapas féin gur fúinne do bhíodar ag
gáiridhe, agus bheirim-se luighe, dá óige bhíos,
gur imthigh an bhaill-chrith dhíom go grod nuair
do chonnarcas na deóra ar mo mháthair. Bhí
boiteallach breac-luirgneach an ghréasuidhe
dhuibh im' aice i dtríthíbh — is beag é an Béarla
bhí aige féin, ní bhfaghaim locht air mar gheall
air sin, acht níor chóir dó bheith ag magadh
fúinn — agus bhuaileas pléasg do dhorn idir
an dá shúil air do leag ar phleasg a dhroma é.
Chuir na garsúin liúgh asta is gáir; phreab
mac an ghréasuidhe á shuidhe agus do dhein
(rinne) sé orm, acht thugas falltóg fá bhun
cluaise dhó, do chuir ar a thárr i n-áirde
arís é.
Léim Domhnall óg O Cróinín amach ar an
urlár, rug sé barróg orm is do phóg sé mé;
“mo chéad greann thú” ar sé, “tá braon
fíochmhar ins na cuisleannaibh sin agat, ba
dhual athar duit gan masla do thógaint.”
“Nár mheathaidh do chuisle go deó,” ar
ceann eile acu i nGaedhilg bhlasda, mar
is acu súd do bhí an chaint nuair do sguireadh
ó smacht an mháighistir iad.
Phreab dáréag acu amach ar an urlár,
rug beirt ar bhrághaid orm, beirt ar thárr
orm, beirt ar iosgadaibh orm, is beirt ar
throighthibh. Bhíos ag únfairt ar eagla go
múchfaidís me mar do bhí cuid acu am'
tharrang mar so, agus a thuilleadh mar súd;
acht fuaras anál fá dheireadh ar a nguailnibh,
agus dhamhsadar nós daimh óig amach an
dorus liom.
Níor fhan aithid ins an sgoil úd 'n-ár
ndiaidh acht amháin an máighistir. Bhí mo
mháthair chomh mórdhálach liom féin, gidh go
raibh marcuigheacht agamsa i n-aisge. Rug
Domhnall Ó Cróinín ar cheirtlín téadán do
bhí ullamh ag fearaibh an dín, agus do steall
sé thre fhuinneoig na sgoile í. Bhuail sí go
díreach ins an bhfiar-shúil an máigistir do
bhí ar buile ag féachaint amach. Chuir an
máighistir béic as; chuir na sgoláiridhe liúgh
shultmhar sháiseamhail asta, mar ba bheag é
a ngrádh do'n mháighistir. Níor choisgeadar
d'á liúghraigh go ndeachadar trí huaire ar
cuairt timcheall na sgoile.
“Leigidh ar mo bhonnaibh mé,” arsa mise
agus do thugas truslóg amach ar an machaire.
Rugas ar spalla cloiche, agus do steallas
le fuinneamh thríd an bhfuinneoig í. Chuir
an máighistir béic eile as, mar ba thubais-
teach an t-urchur é — d'aimsigh sí an máighistir
'sa mhéir mhóir. “Leag famna fraghacha ar
an spadalach,” ar mise ag déanamh ar
chloich eile. “Ná basg an fear bocht,” ar
cailín beag ag déanamh fám' dhéin agus ag
cur a láimhe go mánla ar mo ghualainn.
Bhí an mhórdháil agus an bhuile orm, agus
measaim ná stadfainn dom' mháthair — go
maithidh Dia dhom é — acht do choisgeas láith-
reach do'n chailín bheag deórata úd — Nóra
Ní Fháilbhe do b'ainm di. Bhí gruaig bhuidhe
fhada uirthi, agus súile glasa aici, agus
luisneacht is leiceacht 'na gruaidh do chuir
truaighmhéile ar mo mháthair, agus orm féin
leis, is dóigh liom.
“Tá sochraid ag gabháil mar so, an
gcloistí an gol?” ar an cailín beag.
“Fillimís ar n-ais,” ar sí, “chum an
mháighistir. Is mór an náire dhúinn bheith
chomh easumhal.” “Fillidh, a dhaltaidhe, is
breágh an rud an léigheann,” ar mo mháthair.
Leis sin do dhruid sí leis an ndorus chum
é fhosgailt, acht bhí sé iadhta go dlúith ag an
máighistir.
“Imthighidh as mo radharc, a dhream Shátain,
táthaoi ar tí mo mharbhtha,” ar sé thré shúil an
ghlais. Thug mo mháthair geit. “Cia
labhair?” ar sí. “Cia laibheóradh, acht an
máighistir,” ar ceann de na díontóiríbh. “A
thighearna, ní fhuil focal Gaedhilge aige!”
ar sí. “Ar m'fhalluingse gur thug na
garsúin deagh-chaint do,” ar an díontóir.
Chas an eochair ins an nglas, leath an
dorus, agus chuir an máighistir a cheann
amach. “Buailidh isteach annso,” ar sé,
“beidh ár dtuairisg ar fud an dúithche, agus
tabharfar náire dhom; acht ní leigfead
isteach an díolamhnach óg sin leat. Tóg
a bhaile é, mar is olc an siut é.”
“Ní chorrócham cos, mar a leigfir isteach
é seo,” ar Dómhnall O Cróinín. Chuir an
máighistir cnead as, is do chas sé ar a shálaibh.
Dubhairt an cailín beag go raibh an tsoch-
raid i ngar dúinn agus sagart na paróisde
ar a gceann, agus bhíomar ag baint na
sála dhá chéile ag brostughadh chum na
suidheachán.
“A mháighistir, a laoigh,” ar mo mháthair,
“bíodh foighid agat le Seáinín; tá sé óg
neimhchiallmhar, acht tá sé macánta gibé nídh
do chuir 'na cheann an garsún eile sin do
bhualadh.” D'iompuigh sé an fhiar-shúil uirthi.
“Déanfaidh sé sin an gnó anois,” ar sé,
agus bhuail sí an dorus amach uainn. Do
thabharfainn a dtáinig riamh is a dtiocfaidh
choidhche ar í leanamhaint; acht bhí an fuadar
imthighe dhíom fá'n am so, agus ní raibh cor
i gcois 'ná i láimh liom le faitchíos.
“Tar i leith chugam,” ar an máighistir.
Dhruideas leis go mall mío-thapaidh agus
mo chroidhe im' bhéal agam. “Nach deas an
siadhán is an réabhrádh do rinnis dom'
sgoil!” ar seisean. Ní raibh gíog as na
sgoláiríbh, ní mó 'ná chuireadar cor díobh.
Chloisfeá a n-anál ag teacht is ag imtheacht,
agus chuala féin is mhothuigheas mo chroidhe
ag bualadh. “Sín amach do bhas.” D'fhéachas
ar mo dheárna, agus shíneas amach í mar
adubhradh liom. Shaoileas gur cuid de'n
mhúineadh é. Tháinig sé anuas de'n bhínse
agus bonnsach rileóige 'na láimh aige. Thóg
sé suas an tslat. D'fhéach sé orm.
D'fhéachas air. D'fhéach sé ar mo bhais;
d'fhéachas féin uirthi. Bhí sí ag crothadh agus
ní le heagla é, mar ní raibh fhios agam
cad do bhí chugam, acht le meatacht ins an
áit dheórata 'na rabhas. Rith pian éigin
suas mo righthe, suas m' uille, agus síos
caol mo dhroma. Baineadh preab asam.
D'fhéachas ar mo chrobh. Bhí rian geal
tarsna mo mhéaranna; dheargadar láith-
reach, agus bhí mar do bhiadh bioráin dá
bpriocadh. Arís agus arís do bhuail sé an
bhas so, agus fá dheireadh do thuit sí lem'
thaobh gan luadháil. “A dtaithnigheann an
méid sin leat?” ar sé. “Is cruaidh an
rud an léigheann, agus is deacair é
fhulang,” ar mise.
Ghlaodhadh ar Dhomhnall Ó Cróinín, rugadh
ar bhonn a chasóige air, cuireadh stiallatha
ar a thárr mar ní shínfeadh seisean a bhas
amach. Glaodhadh ar Nóra Ní Fháilbhe; ghoil
sí go bog; chrith sí le heagla, chuir sí
láimhín mhín chaol amach. Chuaidh an buille
thrím' chliabh do bualadh uirthi, acht do choisg
an máighistir é féin ar an dara buille;
“taoi leice,” ar sé, “agus bíodh leat an cor
so gidh gur chuala tú ag gríosadh Sheáinín
chum spalla eile do chaitheamh thríd an bhfuin-
neóig.” Mhionnuigheas im' chroidhe gur
bhréag é, acht ní raibh de mheisneach agam an
t-éitheach do thabhairt dó. Do lighfinn a
láimhín dá mbadh dhóigh liom go dtabharfadh
sé sin sos di; acht ar mhaoin an tsaoghail
ní inneosainn di gur ghoill a smachtughadh
orm.
Fuaras mo chéad léigheann an lá úd,
agus ní ó leabhar, acht ó'n tslait, mar
fágadh go haonaránach ar an suidheachán
cruaidh mé ag imirt lem' mhéaraibh, agus ag
faire ar an gcuid eile 'gá smachtughadh,
agus 'gá gcur go mall thríd an leabhar
deacair úd go nglaodhmaois “rídi-mid-
éasaí” (“reading made easy”) air.
“Imthighid a bhaile anois agus bídhidh
annso go moch ar maidin,” ar an máighistir.
Bhailigheas ar mo shlíghe a bhaile lán
duirn de bhainne-bó-bleacht, i gcómhair
Nóra Ní Fháilbhe; acht ar a rugadh is a
ceapadh, ní thairgeochainn di an bláth so
lár n-a bhárach.
II.
“Cionnus d'éirigh libh indiu?” ar mo
mháthair. “Bhítheas go maith linn,” ar mise,
gidh go rabhas leisgeamhail ar fhilleadh arís
chum na sgoile, acht níor mhaith liom a
leigean orm.
Bhíos im' shuidhe le h-éirghe gréine agus
bhuaileas dá chaorán móna fám' asgaill,
agus ghluaiseas orm go mall chum na
sgoile. D'fhéachas uaim ar Chnoc an Mheann-
áin. Bhí uain ag damhsadh ann, agus bhí
éad orm leó. Do b'fheárr liom go mbeinn
im' uan ag méidhligh i measg na mbeann
gan beann ar Mhicheál na Méire.
Deirthear gur breágh í beatha an gharsúin,
gan cúram aige cá bhfaghfar an biadh bhíonn
ullamh dó le haghaidh teacht a bhaile dhó;
gan suim aige cia acu bheidh an t-earrach
fliuch no tirim, no gaoth mhór nó taitneamh
gréine ins an bhfóghmhar, acht measaim nach
bhfuil cuimhne ar a n-óige ag na feallsamh-
naibh do chuireas a leithéid seo do ráiméis
síos. Tá intinn an gharsúin neimhriarach,
agus gach cosg agus smachtughadh do chuir-
fear air, goillid air go géar. Sin é
mar do chím-se beatha an gharsúin. Is
furus an rud do rádh nuair fhéachamaoid
siar ar an óige: “Ba bhreágh an uain í
siúd!” B'fhéidir go raibh sí breágh compór-
dach ag duine annso is annsúd, acht gidh go
bhfuilim aosda anois, ní thabharfainn mí
de'n bheathaidh láithrigh ar mhí de'n aimsir do
chaitheas ar sgoil.
D'fhoghluimeas mo litreacha i gcruadh-
chás. D'fhoghluimeas sgríbhneoireacht le
peann slinn ar lic, agus i gcionn tamaill
cuireadh cleite im' láimh idir mo mhéaraibh,
agus rinneas iarracht ar sgríobhadh ar
pháipéar.
Bhíos ar sgoil lá áirithe. Bhí an lá úd
fuar fliuch, agus mise chómh fuar is chómh
fliuch leis. Bhí radharc ar an dteinidh agam,
acht sin a raibh gidh gur thugas dá chaorán
tirme móna liom mar ba ghnáthach.
Rinneas an lá úd iarracht ar an litir
“d” do dhéanamh; rinneas “o” ar dtús;
bhí fhios agam go raib cleith ag fás as taobh
dheas de'n “o” chum “d” do dhéanamh dhi.
Bhí mearbhall orm; bhí mo phluc leis an
bpáipéar is mo theanga amach agam. Rin-
neas an “d” mar so — 9. Gháir Nóra Ní
Fháilbhe bhí 'dtaobh thiar díom ar shuidheachán
eile. Chualaidh an máighistir í. Dhein sé
orm. “Dhubhart leat “d” do dhéanamh,” ar
sé, “acht rinnis an uimhir — “9”; agus leis
sin do bhuail sé lán-bhuille tarsna na
ruitíní orm. Ropas m'órdóg im' béal,
agus phreabas im' shuidhe le teinneas. Bhí
an órdóg leónta, acht níor chuir an méid
sin cosg le Mícheál. “Suidh mar a rabhais;
an measann tú troid liom?” ar sé, agus
bhuail sé stiall eile tarsna na slinneán
orm. Chrapas mé féin suas ó na buillíbh,
agus bhuail sé arís agus arís eile mé.
Fá dheireadh thiar thall, chuir Nóra Ní
Fháilbhe sgread aiste. “Dún do bhéal,” ar
sé, “nó ghéabhair féin an oiread céadna.”
Tháinig dorchadas im' radharc; b'féidir gur
thuit saghas laigeacht nó fanntaise orm,
mar ba gheárr 'na dhiaidh súd gur mhothuigheas
Dómhnall O Cróinín is Nóra Ní Fháilbhe ag
stealladh uisge orm as sruthán do bhí i
ngar do'n sgoil.
“An bhfuil feabhas ort anois?” ar an
cailín beag. Dubhairt sí é seo chómh mánla
macánta, gur tháinig brígh im' anam, agus
chromas ar gháiridhe.
“Tá an órdóg attha,” ar sí, agus rug
sí uirthi. Níor mhothuigheas an phian ar an
láthair sin, acht mhothuigheas mar do bhiadh mo
chuid fola ag snámh fám' ghruaigh, agus as
sin síos caol mo dhroma. Bhíos ar dearg-
lasadh le náire, acht shaoil sise gur le
pian é.
“An bhfuilim ad' ghortughadh?” ar sí.
“Ó, tarraing leat,” ar mise go súgach, agus
rug an liaigh beag álainn seo ar righthe orm
agus ar ionga m'órdóige. Thug an t-alt
cnag, agus bhí an mhéar slán ar an nóimit
sin. “Ná leig ar sileadh leat fós í,” ar
sí. Fuair sí biorán reamhar agus sháith sí
threm' mhuiniltre é, agus annsin cheangail
sí an mhuiniltre le brághaid mo chasóige
chómh gasda 's dá ndíolfainn dorn airgid
as an gcleas úd.
“Dá leath-mharbhadh Micheál na Méire
mé,” ar mise liom féin, “ní chuirfidh sé
garra-bhuaic orm feasda, acht go mbeidh
Nóra Ní Fháilbhe 'sa sgoil.”
Bhi áthas ar an máighistir nuair do chon-
nairc sé sinn ag filleadh ar n-ais, mar do
shaoil sé go ndeachaidh an slat-bhualadh ro-
dhian ormsa. Níor ghabh sé riamh ó shoin orm.
“Suidh annsin anois cois na teineadh, a
Sheáinín, agus bí id' bhuachaill mhaith feasda,”
ar seisean.
Bhí deilbh an h-Eórpa ar an bhfalla i
bhfogus dúinn. Thug an máighistir cuaille
do Nóra, agus dubhairt se léi na hiatha
do mhúineadh dhomhsa.
Bhí sí beagán níos sine 'ná mise, agus ní
bhfuaras riamh ó shoin ceacht do b'fhearr 'ná
fuaras uaithi.
Deirthí go raibh intinn neamh-ghnáthach
aici, agus is maith do chreidim é, mar níor
hinnseadh riamh aon nídh dhi ná cuimhneóchadh
sí air, bhí a meabhair chomh maith sin. Níor
labhair sí focal Béarla liom an lá úd.
Dubhradh gur bh'iongantach an bhean a
máthair le géar-inntleacht, agus gur mhúin
sí stair na hÉireann d'á clainn. Pé i
n-Éirinn é, bhí eólas ag Nóra tar gach
mnaoi óig nó críonna d'ar buaileadh riamh
liom i bhfus nó thall.
Do thaisbeán sí an Spáinn dom, an
Fhrainc, is an Eadáil; thug sí tuairisg ar rí
Philib dom, is ar bhainríoghain Eilís na
Saxan, ar “ár luingis na Spáinne,” ar bhás
thruaighmhéileach Aodha Ruaidh, agus ar a ghrádh
d'Éirinn. Ghoil sí féin go foluightheach, agus
shileas-sa féin na deóir 'na teannta. Thais-
beán sí an Róimh dom mhar a bhfuil O Néill
— sgiath na nGaedheal — curtha; agus na
machairidhe cosgartha as sin go Frainc, mar
ar throid na “géanna fiadhaine” go borb.
D'éisteochainn go bráth na beathadh leis
an gceacht úd, agus níor chailleas riamh ó
shoin a lán de, acht cuireadh deireadh leis go
hobann.
Stad gleó na sgoláiridhe. Bhí ciúineas
ins an sgoil. D'fhéachas thorm. Bhí fear
'na sheasamh ar mo chúl, agus an máighistir
ag féachaint air ar critheagla.
Do b'é an feadhmannach sgrúdtha an fear
úd. Bhí culaidh mhín-éadaigh air, agus bolatha
luibhneach meala aiste, mar do bhiadh as
blátha ag fás 'measg guirt aibidh fhéar-
uaine. Shaoileas an uair sin gur chómhartha
duine uasail na bolatha úd, acht fágaim le
hudhacht gur tháinig athrughadh méine orm 'na
dhiaidh súd. Acht aon nídh amháin, bhí gruaim
air siúd. Ní dócha gur chuir sé gáire riamh
as. Mar dubhart, bhí faitchíos mór ar an
máighistir roimhe.
“Cá bhfuil do leabhar fiadhnaise?” ar an
fear deórata i mBéarla. Ní fheadar an é
an sgannradh do chuir an mearbhall ar an
máighistir, acht d'fhreagair sé i nGaedhilg —
“Tá sé ullamh annso agam, a dhuine uasail.”
“Cad í an saghas úrlabhra í sin agat? ní
thuigim thú, a dhuine,” ar an feadhmannach
sgrúdtha.
“Ó, gabhaim pardún agat,” ar an máighis-
tir, go fann, “shaoileas go rabhas ag caint
le garsún aca so.”
“Do dhubh is do dhearg ag an bhfeadhman-
nach sgrúdtha. “A! is annamh do cuirthear
suas is anuas le páisde mé,” ar seisean,
go socair, acht go bagarthach, “agus geall-
aim duit go ndíolfair as an easonóir sin;
agus go mórmhór cuireadh ins an áit seo thú
chum Béarla do mhúineadh do na páisdíbh seo,
acht do réir d'admhála féin is gnáthach leat
teanga allta éigin eile do chleachtadh.”
Chonnarc glúine Mhichíl ar crith, a bhéal ag
corruighe, acht gan gíog as. “D'airigheas
go raibh beirt ag an dteinidh i ndío-
mhaoineas,” ar an feadhmannach. Chuir
Micheál bocht casacht as; tháinig an
t-úrlabhra chuige, acht gibé mí-ádh bhí air, ní
i mBéarla d'fhreagair se. “Ní fhuil an
garsún ar foghnamh agus atá an gheirrseach
leice,” ar sé.
D'fhéach an feadhmannach air go cruinn.
“Á! bhís ag ól indiu!” Rinne Micheál
iarracht ar fhásgadh thabhairt dá sgórnaigh,
acht i n-ionad an ubhaill do chumailt, cad do
dhéanfadh sé acht breith ar chluais air féin;
“Á! tuigim,” ar an feadhmannach, “ataoi
bodhar.”
D'áirimh sé na cinn, d'áirimh sé na
h-anmanna ins an leabhar fiadhnaise.
“Tá mar do shaoileas,” ar sé, “tá deich
gcinn is trí fichid láithreach, acht ceithre
fichid do réir an leabhair seo; an máighistir
bodhar ar meisge, gan smacht ar na
páisdíbh 'ná rian múinte!”
Dhruid Micheál leis, agus dath bán-ghorm
air. Rug sé ar earball casóige air. Chas
an feadhmannach air go tapaidh. “Ná cuir
aighneas orm; fág mo radharc,” ar sé go
feargach. Chas Micheál bocht ar a chois go
lúbtha briste, agus do shnáimh sé an dorus
amach.
Rug an feadhmannach ar bhlúire chailce.
Dhein sé ar an gclár dubh, agus do sgríobh
sé ceist air. “Féachaidh orm,” ar sé,
leis na sgoláiríbh. Níor ghábhadh dhó an
t-órdughadh sin, mar do bhíomar go léir
ag cur na súl thríd.
“Ar fhoghlamabhar an Roinnt, nó go
h-áirithe, an dream is sine agaibh?”
Níor chuir aithid acu a lámha i n-áirde
mar ba ghnáthach leo nuair d'fhiafruigheadh
Micheál ceist díobh.
“An bhfuil éinne' annso do réidhteochadh
an cheist sin dom!” Níor chuir éinne' acu
cor díobh. “Is dall-intinneach an dream
sibh, acht is dócha nach oraibh atá an locht,
acht ar bhar múinteóir.”
“Léighfead an cheist díbh” — Roinn céad
is cheithre leath-phinginnidhe go codromach
idir sé bacachaibh déag, is tabhair domhsa an
fuighleach.” “Tabhair leath-raol do gach
bacach is congaibh féin taisdiún,” ar guth
beag, go leath-eaglach. “Tigeadh an freag-
arthóir im' fhiadhnaise,” ar an feadhmannach,
agus bhuail Nóra Ní Fháilbhe go mánla,
go ciúin, fá n-a dhéin. Chuir sé ceist uirthi,
agus ceist eile, agus ceist eile fós, acht
d'fhreagair sí iad ar fad, go réidh, go mín.
D'imthigh an ghruaim dá cheannachaibh.
“Caidé an t-aos tu, a leinbh?” ar sé.
“Deich mbliadhna,” ar sí. “Is mór í a
cuid inntleachta,” ar sé go h-íseal.
“Mhúin an máighistir go maith mé, ní bhiadh
aon mhait ionnam mar a mbiadh é.”
“'Seadh, b'fhéidir é,” ar an feadhmannach,
“acht measaim go bhfuil níos nó id' cheann-
sa, 'ná 'na cheann féin.” Tháinig meisneach
ar an gcailín mbeag, agus ar tí leith-
sgéil an mháighistir do ghabháil, labhair sí
suas go meidhreach. “Do réidhteochainn
ceasta níos cruaidhe 'ná do chuiris orm.”
“Is maith do chreidim thu,” agus chuimil sé a
pluc le n-a bhais. “Tabhair maitheamhnas
do'n mháighistir bhocht! tá sé meata, acht ní
fhuil sé bodhar 'ná meisge. Tá sé foghlamtha
leis; do réidhtigh sé ceist domhsa do theip
ar mhórán eile.” D'fhéach an feadhmannach
go carthannach uirthi, is do gháir sé; b'fhéidir
go raibh cailín beag ins an mbaile aige
féin. “Cloisfead an cheist úd, is réidh-
teóchad í,” ar sé go módhmharach.
Rug sí ar cheirt, chuimil sí an clár dubh,
ghlan sí é, is sgríobh sí air mar leanas,
agus an feadhmannach 'gá faire: —
Cuirim ceist ort, a sgol-mháighistir:
Dá mbiadh agat cupa bhiadh déanta de
chárthann
That would contain five pints de ghéar-
mheidhg, nó bhláthach,
I demand how many solid inches do bhí
'san árthach?
D'fhéach an feadhmannach ar Nóra;
d'fhéach sé ar an gclár dubh; mhachtnuigh sé
ar feadh tamaill; ghlaodhuigh sé ar gharsún
i bhfus is thall; léigheadar os a chomhair.
“Good”, ar seisean, acht saoilim nár
chualaidh sé gíog uatha, mar do bhí a shúile
ceangailte do'n chlár dubh.
Fá dheireadh do chríochnuigh sé a chuid ghnótha.
“Sgaipidh anois,” ar sé, “agus imthighidh
a bhaile, is bíodh sult agaibh; agus má tá
naoidhean 'sa bhaile id' dhiaidh-se, a Nóra,
tabhair an leathchoróin seo dhó, agus abair
led' mháthair go gcuirim teachtaireacht chuici
aire mhaith do thabhairt duit.” Chuimil sé a
héadan is a leaca. Bhí éad orm leis.
D'fhéach sí idir an dá shúil air. Bhí deór ar
a gruaidh. “Cad tá uait?” ar sé. “An
máighistir,” ar sise; bhain sé beag nach greim
as a bhéal íochtair le n-a fhiaclaibh. “Bíodh
leis an cor-so,” ar seisean. D'umhluigh sí dhó.
III.
Bhíomar go moch lá'r na bhárach cruinnighthe
ag dorus na sgoile. Bhí Domhnall Ó Cróinín,
is a dhrom leis an ndorus ag canadh leath-
bheann do shaghas dáin — “sgoláirídhe na
sgoile, d'íosadh na clocha, dá bhféadfaidhe a
gcogaint.”
Sgiob duine éigin a bhairéad de Dhomhnall;
bhuail duine speach ar an mbairéad, is
rinneamar liathróid coise dhe go tapaidh.
Níor thaithnigh sé sin le Domhnall, agus rug
sé ar chúl cinn ormsa go feargach. “Bog
díom,” ar mise. “Ní bhogfad, go mbéarfair
sásamh dom,” ar sé. Bhí iongnadh orm, mar
do réidhtigheas-sa is Domhnall le chéile go
dian-mhaith i gcómhnuidhe, acht an cor so
bhíomar ag sanntughad a chéile go fíochmhar
mar do bhí na garsúin eile 'ár ngríosadh.
Comhnaos do b'eadh sinn. Fá dheireadh do
bhuaileamar a chéile go teann, acht i lár
an achrainn cia thiocfadh thar cúinne na
sgoile a ndeas orainn acht Micheál na
Méire, go súighte seirgthe.
Rug sé ar bhárr cluaise orm-sa is ar
Dhomhnall, is do sguir sé sinn go tiugh.
Do chogar garsún le garsún eile — “Tá
éad ar Dhomhnall le Seáinín.”
“An bhfuil Nora Ní Fháilbhe annso?” ar
an máighistir. “Ní fhuil is ní bheidh go fóil,”
ar sé go hatuirseach, 'gá fhreagradh féin,
“agus ní bhfuilim-se féin ar fóghnamh indiu
leis.”
“Téidhidh a bhaile anois,” ar sé, “is bíodh
seachtmhain saoire agaibh. Reidhtighidh le n-a
chéile; ná cloisim go mbeidh aon troid
eadraibh, nó bainfead an croiceann d'fhear
na bruighne ins an tseachtmhain seo
chugainn.”
D'fhéach Domhnall go h-easumhal easaon-
ta orm-sa, is d'fhéachas air ins an riocht
chéadna; acht aon nídh amháin, do chuir an
máighistir sguab im' láimh, is dubhairt sé
liom an luaithreadh is an deannach do sguab-
adh amach, gidh gur dóigh liom anois go
ndéanfadh sé é so i gcás nach mbiadh aith-
ghreas agam féin agus ag Domhnall.
Shuidh sé féin ar a chathaoir; chuir sé a dhá
dheárna fá na smeigín agus thosnuigh sé ar
chaint leis féin. Níor chuir sé suim ionn-
am-sa. Shuidheas ar mo chora-ghiub is
d'fhaireas é.
“Fuair an cailín beag a guidhe ó'n
mbodach úd,” ar sé, “agus tá sí féin 'na
luighe, cloisim. Is beag an léigheann atá
'na phlaosg súd. Ní fhuil ann acht gaigín
glugarach. Tuigeann sé an Ghaedhilg go
dian-mhaith, acht tá breis mhórdhála air a
leigean air. Deirtheas liom gur peata
tabhartha é, acht buidheachas le Dia, ní gein
drúise mise;” bhain sé glór as an suidh-
eachán le n-a dhorn.
D'éirigh sé 'n-a shuidhe annsin; dhruid sé
leis an ndorus; chualas glór na h-eochrach;
ghlaodhas go h-uamhnach — “ná cuir an glas
orm.” Chas an eochair ins an dorus, agus
chuir seisean a cheann isteach, “Á! a Sheáinín,
níor chuimhnigheas ort, sceinn a bhaile
anois, mo bhuachaill maith,” agus geallaim
duit gur dheineas deabhadh.
IV.
“Tá Nóra Ní Fháilbhe breoite,” ar mo
mhathair. “Fuacht is dócha?” ar mise go
neamhshuimeamhail, gidh go raibh mearán im'
cheann agus crith im' bhallaibh.
Chuir mo mháthair mias prátaidhe ar
m'aghaidh amach agus greim éisg, acht níor
bh'fhéidir liomsa a mblaiseadh. “Mhaise cad
tá ort, nó cár ghaibh do ghoile?” ar sí.
Chromas ar ghol. “Mo ghrádh thú, ataoi
breóite, is baoghalach; tá t'éadan ar dearg-
lasadh.”
Bhuail sí crocán uisge ar lúib ós cionn
na teineadh. “Caithfead do chosa d'fhoth-
rughadh agus tú chur a chodladh.” “Ní
chaithfir,” ar mise go dána droch-labharthach,
“acht caithfead Nóra Ní Fháilbhe d'fheicsin;
Bhí sí go maith liom ar sgoil, agus ní fhuil
pioc orm acht sgeón, mar dubhairt an
máighistir ná biadh sí i bhfad ar an saoghal
so.”
Ní dubhairt an máighistir a leithéid seo,
acht is dócha gur mheallas mé féin go ndubh-
airt.
“Mhaise ciorrbhadh air, nár leig duit,” ar
sí.
Le n-a linn sin tháinig m'athair isteach.
“Atá an cailín beag úd ag dul ar
gcúl,” ar seisean, “ní chuirfidh sí an tseacht-
mhain di. Ba dheas an leanbh í; chonnarc
go minic ag an bpobal í le cois a máthar,
agus muna mbiadh radharc id' chúl do chífeá
go raibh galar a hathar ag gabháil di. Thug
sí an Snaoi uaidh, beannacht na ngrás le
n'anam.
“Shaoileas nach raibh sí droch-shláinteach ar
aon chor, agus go raibh snódh breágh folláin
uirthi i gcómhnuidhe,” ar mo mháthair. “Meal-
lann an dath daoine,” ar seisean.
Thuit mo chroidhe im' chliabh. Do thabhar-
fainn mé féin ar a son. Bhí liúgh im' chluais,
is rinnce im' inchinn. Chuireas cnead asam.
D'fhéach m'athair orm go géar. “Tar i
leith chugam,” ar sé. Bhuail sé lámh ar mo
mhalainn; rug sé ar chuislinn orm. “Cuir
a chodladh an leanbh so, tá mar a bhiadh
fiabhras air,” ar sé. Ní leigfeadh eagla
dhom a rádh leis nach raibh éinnídh orm, agus
do b'éigean dom géilleadh dhó go lom
láithreach.
“Fán fada ar an máighistir. Chuir sé
sgannradh ar an leanbh bocht,” ar mo
mháthair. Cuireadh a chodladh mé.
“Ní thuitfidh néal orm,” ar mise liom
féin, acht mar sin féin ní rabhas i bhfad im'
luighe go rabhas im' chnap codlata.
Taidhbhreadh dom an oidhche úd go raibh
Nóra ag múineadh abhráin dom ar inse
cois abhann; go raibh blátha ag fás ann;
gur bhailigheas lán duirn díobh, agus gur
dheineas fleasg do Nóra dhíobh; go raibh
baitín agam, agus gur thochas síos fá
fhréamhaibh an chluthairicín; go bhfuaras an
t-ubhaillín milis ann, agus gur sguibheas
di-se é. Sul do bhí an t-ubhaillín, dar
liom, sguibhthe agam, do tháinig Micheál na
Méire le slaitín draoidheachta, is do bhuail
sé ise léi ins an mbathas — “Amach go
flaitheamhnas leat, a Nór' Ní Fháilbhe,” ar
sé.
Do rinneadh, dar liom, colúr geal di, is
do leath sí a sgiatháin, agus d'eiteall sí go
néalaibh neimhe.
Do mhúsglas as mo chodladh le geit.
Chualas anál codlata mo mháthar go réidh
socair, agus bhí m'athair ag sranntarnaigh
go sámh mar ba ghnáthach.
D'éaluigheas as an leabaidh; tharraingeas
an maide builg as an ndorus; d'árduigheas
an laiste go bog breágh, is do sgeinneas
amach fá dhrúct na hoidhche. D'fhágas ar
dearg-leathadh an chómhla im' dhiaidh.
Bhí áit chómhnuidhe Nóra timcheall dá mhíle
uaim ar an dtaobh theas de'n Abhainn
Riabhach. Chonnarc i bhfad uaim léas soluis
agus dheineas (rinneas) air.
Ní raibh néamhaireacht, ná eagla púcaidhe
orm an cor so, gidh go rabhas meata go
leór ar uairibh eile.
Leanas ar m'aghaidh síos an currach ag
preabadh ó thúrtóig go túrtóig, agus má
éirigh cearc fraoigh le gáir, nó naosgach le
sgread, níor chuireas suim ionnta.
Do shroiseas fá dheireadh an fhuinneóg
mar a bhfaca an solus. Bhí corrán
gealaighe ins an domhan thiar, agus gaoth
ionnfhuar ag séideadh a ndeas. Ní raibh
puínn éadaigh orm. Do shnámhas suas ar
chró bó 'dtaobh thiar de'n tigh, agus d'fhéachas
go cruinn isteach thríd an fhuinneóig.
Sin í annsain í gan amhras agus a gruaig
bhreágh bhuidhe ag sileadh léi, a máthair ag
tabhairt dighe dhi anois is arís, agus ag gabháil
paidrín go dúthrachtach, agus Nóra ag caint
is ag baoth-chaint léi féin. Dá óigeacht do
bhíos bhí fhios agam go raibh an rámhaill uirthe,
mar ar uairibh do chuir sí a láimhínidhe míne
geala amach thar an gcuilt, agus do thos-
nuigh sí ar chómhaireamh ar na frathacha.
D'fhéachadh an mháthair uirthe go brónach, agus
chídhinn go gcuireadh sí cros an phaidrín le
n-a béilín tanaidhe.
D'fhéachas suas ar an spéir agus shaoileas
go bhfacas Nóra ann, mar a taidhbhreadh
dom.
Bí an traighdín go lonnrach 'sa domhan
theas — d'aithnigheas go dian-mhaith na réalta
sin mar is gnáthach le daoinibh nach bhfuil
clog ná uaireadóir acu, féachaint i ndeireadh
na hoidhche ar an dtraighdín nuair do
theastuigheas uatha breith go moch ar aonach
nó aifreann.
Thuit réiltín agus earball teineadh leis
thríd an spéir 'sa domhan thoir; leig sgata
géanna ar mhachaire i ngar dom glaodh
asta, is chuir ganndal 'na measg há-dá-dá
géar árd as mar rabhadh go raibh rud éigin
ag teacht.
D'fhéachas fá dhéin na ngéanna. Chonnarc
fear ag cur de chugam go tiugh tréan.
D'fhaireas é go géar-radharcach ag déanamh
orm. D'fhéach sé i bhfus is tall. Dhruid
banaltra Nóra an choinneal chum na fuin-
neóige, thuit an solus ar m'aghaidh, agus
chonnairc m'athair mé. Rith sé chugham -
“A chaithis, cad tá agat 'gá dhéanamh
annso?” agus do sciob sé ar a bhacalainn
mé.
Bhíos im' luighe ar feadh dhá mhí. Dubhradar
go raibh an rámhaill orm féin, agus go
rabhas ag glaodh ar Nóra. Tháinig a máthair
go minic am' fheicsint.
Fuaras sos fá dheireadh, acht bhí Nóra 'sa
chill agus bhí an saoghal dubh dorcha. Tá sí
ós cionn caogad bliadhan 'san úir.
Is ait an saoghal é. Tá dlaoi dá gruaig
bhuidhe fós agam, agus níor chailleas riamh
an ceacht úd do mhúin sí dhom ar dheilbh na
hEórpa an lá earraigh úd fad ó i sgoil an
Doirín.
Pádraig Ua Séaghdha.