ÁDHBHAR SAGAIRT.
FAD ó riamh ó shoin chuaidh duine
áirighthe go dtí an Fhrainnc chum
sagart do dhéanamh de féin.
Fear nach raibh eolas aige ar an
nGaedhilg b'eadh é, cia gur bh'
Éireannach é. [Mo léan, is iomdha Gaedheal
mar é tá ag fágaint na hÉireann gach Lá].
Dubhairt duine éigin leis:—
“A fhir thaisdealas an leathan-mhuir le
grádh chlú an léighinn,
Is tarcaisneach le casadh leat-sa lá is
tú i gcéin,
Tú i n-ainbhfios do phaidreach, 's is nár
súd, féach,
I dteangain mhilis bhlasta bhuig do náis-
iúin féin.
“Thar fairrge dá ndeachair-se is gurab é
an cúrsa é,
'S go gcasfar thú idir ghasraidh na lán-
phúnc léighinn,
Is tarcaisneach, is aithiseach 's is gráin-
eamhail baoth
Gan tú freagarthach i dteangain chirt do
náisiúin féin.”
Iar-Mhidhe.