OIDHEADH CONBIGE.
Caoilte cct. ar bhás Conbige, cú ghrá-
dhach le Fionn Mac Cumhaill, noch do bháidh
Goll mac Móirne le holc ar Fhionn.
Truagh liom oidheadh Conbige
Cú beag — ba lór a glaine:
Ní fhaca ba croibhghlice
I ndiaidh muice ná aighe.
Saoth liom oidheadh Conbige,
Cú beag an ghotha ghairge:
Ní fhaca ba croibhghlice,
Ag comhmarbhadh daimh gan chairde.
Saoth liom oidheadh Conbige,
Ós tonnaibh árda uaine
A hoidheadh ba comhraimhe,
A bás fá lór do thruaighe.
Conbige: the MSS. has Conbice and Con bice.
Aighe .i. eilit, kind.
Saoth liom: so in MS., common in Munster where
saoth = soth.
Comhraimhe: cp. comhraite, O'Don. Supp. to O'R.?