ASAL TAIDHBHSE.
IS cuimhneach liom, nuair bhí mé 'mo
mhalrach timcheall naoi nó deich
mbliadhna d'aois, go rabhas, lá, le
mo mháthair ar cuairt i dteach
cómhursan. Sean-bhean a bhí innti,
agus í le n-a fear i mbothán bheag. Do bhí an
tsean-lánamhain seo leó féin agus gan duine
dá ngaol i bhfuisge (= foigse) mílte dhóibh,
agus a gcuid chloinne tar an bhfairrge mhóir.
Bhí an bheirt aca an-sean, agus bhí an bhean
seafóideach, nó leath as a meabhair. Bhíodh
sí i gcómhnuidhe ag caint léithi féin, agus ag
brionglóid i lár an lae faoi n-a cloinn,
a bhí imthighthe uaithe. Ní raibh siad acht
bliadhain nó dhó ar an mbaile againne,
Baile an Sgárdáin i gCo. Mhuigheo. Nuair
smuainimíd ar an gcás, caithfimid a rádh go
mba chruaidh, an-chruaidh an cás é — beirt
shean-daoine i ndeireadh a saoghail, gan
teach gan árus, gan ór gan airgead, gan
neart gan sláinte, gan bó gan caora, gan
mhac gan inghin ná sean-chomhursain, acht ag
faire ar an mbeagán do shaothróchadh Neddy
le n-a cheird!
Gabha a bhí ann — nó adhbhar gabhann (mar
síleann daoine nach raibh ann riamh acht an
t-aon ghabha amháin — an Gobán Saor, is
cosmhail — agus adhbhar gabhann 'ch uile dhuine
eile arís go deó). An lá so ar a bhfuilim
ag caint, thosuigh an triúr ban ag innseacht
sgéal — mo mháthair, sean-Nóra, bean an
tighe, agus comhursa, Maire Cháit (.i. Máire
ingean Cháit). Dar ndóigh, bhíodar ag
caint i nGaedhilg, agus ó sgéal go sgéal
thosuigheadar ag innseacht faoi na Sidheo-
gaibh do bhíodh ann fad ó.
“'An ndómhnach, ní'l sinn in ann (= innmhe)
é bhréagnughadh,” arsa Máire Cháit, “bhíodh
cóistí bodhara ann, agus cóistí gan cheann
thugadh siad ortha i gCúige Mumhan. Chon-
naic mo dhearbhráthair féin Tomás (go
dtugaidh Dia na flaithis dó) cóiste bodhar
ag imteacht ó na cros-bhóithribh annsin thiar
tar teach Cháitín, agus stad se go díreach ar
aghaidh tighe Shiubháin.” “Raibh Judy istigh
'san gcóiste bodhar?” arsa mise — Judy
thugadh na malraigh uirthi. Ní thug an
sgéaluidhe áird orm, acht choingigh (= chong-
bhuigh) sí léithi. “Bhí dhá chapall gan aon
cheann ortha faoin gcóiste,” ars' sise.
“Chualaidh mé a leitheid de sgéal riamh,”
arsa mo mháthair, “acht níor chreideas iad.
Bhíodh clóic éigin ar shúilib na gcapall, is
cosmhail … ” “Well, a Bhrígid, fan go
n-innsighead dhaoibh rud d'éirigh dom féin agus
do Neddy nuair bhíomar 'nár gcomhnuidhe
i n-aice leis na Gráinníbh (sin páirc na
rása dhá mhíle amach as Tuaim). Aon oidhche
amháin bhí mé féin agus Neddy 'nár gcodladh
ins an seomra taobh thiar de'n tsimiléir.
Bhí ar gclann ar fad imthighthe ag damhsa i
dteach ar an mbaile; agus fairíor anois tá
siad i bhfad uaim thall i n-Ameiriocá, agus mo
léan géar, cráidhte, ní fheicfidh mé iad arís
go deó.” Leis sin, thosuigh sí ag caoineadh
go bog, gur imthigh an chumhaidh dhíthi (= dhi)
comh sgiobhtha agus tháinic sí.
“Well, ní raibh aon duine ins an teach
act mé féin agus Neddy; chuir sinn an glas
ar an dorus thuas do bhí i n-aice leis an
mbóthar, agus níor chuir sinn an bolta ar
an dorus iadhta, acht é leagtha amach, mar
bhí an dream óg le teacht isteach an bealach
sin. Timcheall a dó dhéag, bhí sinn 'nár
gcodladh nó gur dhúisigh rud éigin sinn.
Shaoileas féin gur bh' iad na buachaillí
do bhí ann, ag teacht isteach ó'n damhsa,
agus ghlaodh mé amach ‘An tú Peadar?’
Ní bhfuair mé freagra ar bith. ‘Rachaidh
mé ins an gcisdeanach,’ arsa mise, ‘go
bhfeicidh mé céard tá ann.’ Chuir mé beagán
éadaigh orm féin, agus sean-chlóca mór ar mó
bhrághaid, mar bhí an oidhche fuar agus ag
cur seaca. Nuair thainiceas go dtí dorus
na cisdeanaighe, cé chonnaic mé ann acht
rud mór, bán, agus adharca móra air. ‘Ó
Neddy,’ arsa mise, ‘gabh ale, gabh ale, tá
an t-áidhbhirseoir annso! Cuirim ceist
ort, a spioraid, céard a thug annso thú?
Tabhair braon uisge choisrigthe leat, a
Neddy.’ ‘A bhean gan chéill, céard tá
ort?’ arsa Neddy, agus thainic sé ag rith agus
gan air acht a bhríste. ‘M'anam gur fíor
dhuit é,’ ars' seisean, ‘tá an t-áidhbhirseoir
ann.’ Ní mór nach raibh an bheirt againn i
lagar le faitchíos roimh an rud millteach
so, gur thosuigh sé ag ithe agus ag críos-
gairt fataí as sgítheoig do bhí leagtha ar
an urlár, agus ghreamuigh an rud bán a bhí air
de dhruim cathaoireach. Annsin chonnaic
sinn cia an t-áidhbhirseoir do bhí ann — an
sean-asal, a tháinic isteach nuair bhí an
dorus leat-fosgailte, bhí braithlín bán
crochta ar an dorus, agus nuair chuir sé a
cheann faoi, agus shiubhail sé isteach, thuit an
braithlín air, agus bhí an dá chluais mar
adharca ag gach aon choirnéal de. ‘Muise,
mo mhallacht ort, a shean-asail,’ arsa
Neddy, mara (= munab) tú a bhain an
geiteadh asainn. Imthigh amach, a bhiteamh-
naigh.’”
I ndiaidh an sgéil, agus go leór gáire faoi,
chuaidh mé féin agus mo mháthair a bhaile.
Tá sean-Nóra agus Máire Cháit (beannacht
Dé le n-a n-anmannaibhh) anois i dTír na
n-Óg, agus do réir a chosamhlachta, níl siad ag
teacht ar ais. Tá mé féin agus mo mháthair,
buidheachas le Dia, ar an taobh so de'n
abhainn duibh, acht is iomdha sin roinn mhór
de'n domhan atá eadrainn agus na fairrgí
móra na mílte míle ar leithead.
Bran.
Los Angelos,
California, 1898.