Inghean an Fhileadh.
Bhí beirt fhileadh i gContae an
Chláir fad ó. Ní raibh aithne
aco ar a chéile, acht clos
tráchta thar a chéile. Chomh-
nuigh duine aco i mbaile — Crom is ainm
do'n mbaile. Chomhnuigh an duine eile i
nInis.
Chuaidh an fear ó Inis ag feiscint an
fhileadh bhí i gCrom. Níor mhaith leis a fhios
a bheith aige é bheith ag dul dá fheicsint.
Ní fheadair sé caidé an áit i gCrom ar
chomhnuigh sé. Nuair a chuaidh sé go dtí an
baile, “Ní féidir liom crom a thabhairt
liom” (sin é go raibh sé cromtha, agus Crom is
ainm do'n bhaile). Nuair a chuaidh sé go
dtí dorus an fhileadh, bhí cailín 'na seasamh
ins an dorus. Dubhairt sé, “Ní fheadair
mé crom a thabhairt liom.” Dubhairt an
cailín, “Budh mhaith duit dá mb'fhéidir leat
a leath a thabhairt leat.” Dubhairt sé leis
féin, “Comhnuigheann sé annso.”
Do chuaidh sé isteach. Bhí an file as
baile. Dubhairt sé go raibh ocras air.
Bheirbh sí potátaidhe agus uibhe. Nuair a bhí
dá n-ithe, chonnaic sé madra sínte cois na
teineadh. Thug sé na huibhe do'n mhadra.
D'éirigh an madra 'na shuidhe, nuair a bhí sé
[sé] ag ithe na n-ubh. Dubhairt an file, “a
chailín, féach mar itheann an madra na
huibhe ('na shuidhe).” Dubhairt sí, “Do
íosadh nó 'na sheasamh.”
Nuair a bhí a sháith-sean ithte aige, chuaidh
sé amach 'sa' dorus. Bhí sé ag fearthainn.
Dubhairt sé, “Tá sé ag fearthainn go dain-
gean.” Dubhairt an cailín, “Tá, agus seacht
míle i dtaobh thiar do'n Daingean.” “Tá
go maith,” ars' an file leis féin; “nuair
tá an inghean comh maith, ní fhanfa mé leis
an athair.” Tháinig sé thar n-ais gan an
t-athair 'fheiscint, mar do shaoil sé go raibh
an t-athair ró-mhaith dho.
Ní'l 'fhios agam ciar bh'é an file. Is
dócha gur bh'é Eoghan Ruadh.
NOTES.
Clos tráchta thar; a mixture of two idioms, trácht ar
and teacht thar.
Séamas Ua Súilliobháin ó'n Neidín i gCiarráidhe
d'innis. Mac Tíre do chuir síos.