Ser agus Estar.
I dteanga na Spáinneach(caith-
fimíd “An Spáinnis” do thabhairt
uirri, is dócha) tá dhá bhréithir go
bhfuil anchosmhaileas eatarra agus
an dá bhréithir sin Is agus Tá, san
nGaedhilg. Is iad na briathra d'á dtagra-
maoid anois Ser agus Estar. Leanann Ser
do ghnóthaibh Is, agus Estar do ghnóthaibh Tá.
Seo solaoidhí ortha, a chuirfidh i gcéill dúinn
a shaoire do'n Éireannach a theanga féin ag
cur aithne dho ar an dteangaidh iasachta so
'na an Béarla, ná fuil ann acht aon
bhriathar amháin “To be” do'n dá ghnó atá
déanta ag Ser agus Estar, agus ag Is agus Tá.
(N.B. Baineann Es le Ser agus Está le Estar).
Manuel es bueno. Fear maith is eadh
Manuel
Manuel está bucno. Tá Manuel go maith.
Pedro es malo. Droch-dhuine is eadh
Peadar.
Pedro está malo. Tá Peadar breoite.
Maria es viva. Cailín meidhreach is
eadh Máire.
Maria está viva. Tá Máire beo.
Como está Pedro? Cionnus tá Peadar?
Está bueno. Tá sé go maith.
Es Pedro buen
muchacha? An garsún maith Peadar?
Es bueno. Is maith.
Manuel es cansada. Is dóchamhlach an
duie é Manuel.
Manuel está cansada. Tá Manuel corrtha.
agus mar sin dóibh ag cur tré chéile go tiugh i
dtreo gur deacair do dhuine iasachta gan
Gaedhilg iad do thuigsint acht rithid siad le
cois na Gaedhilge go cruinn.
Donnchadh Pléimeann.
[Tá an focal “Spáinnis” nó “Spáinis”
ar fághail, go háirithe ins na foclóiríbh.
F.an I.]