Sgoraidheacht an Leasa.
Oidhche Shamhna do b'eadh í. Bhí
gasradh bailighthe ag an Lios.
Bhí Seaghán an Leasa féin sa'
chúinne i n-aice na teine agus a
chaipín breac air, agus a bhríste gearra air, agus
sgéal fiannaidheachta aige dá innsint. Ní
raibh an sgéal críochnuighthe go dtí go raibh
uair an mheadhóin oidhche go maith ann.
Dubhairt cuid aca go raibh sé ag déanamh
ar buille a chlog.
Sgéal aedhearach do b'eadh an sgéal.
Ní raibh sprid ná púca ná samhail i roilig
ná i n-uaigneas, nach raibh tabhartha isteach
sa' sgéal ag Seaghán, i dtreó, féach, nuair
bhí an sgéal críochnuighthe aige, gur dhóigh
leat go raibh siabhraidhe agus daoine maithe na
hÉireann bailighthe amuigh sa' Lios, agus ag
gluaiseacht mór-thimcheall an tighe agus thíos
insan tseomra, agus thall 's i bhfus ins na
cúinníbh dorcha.
“B'fhearr liom go mbeinn sa' bhaile,”
arsa Domhnall Mór, agus badh dhóigh leat go
raibh creathán 'n-a ghlór.
“Tá an bóthar céadna agat a-bhaile a
bhí agat ag teacht. Is dócha go bhfuil sé
ann fós,” ars' an táilliúir.
Fear do b'eadh é an táilliúir nach raibh
aon phioc de na cosaibh air, acht dhá staimpín
beaga — slán mo chomhartha! Acht ceardaidhe
maith go bh'eadh é, agus bhí tuilleamh mór aige.
Bhí na lámha go maith aige agus bhí an béal go
maith aige. Dá n-aireóchthá ag caint é, agus
gan radharc do bheith agat air, badh dhóigh
leat gur ghaisgidheach é, agus gur bheag aige
aghaidh do thabhairt ar aonach.
Bhíodh sé i gcomhnuidhe dhá mhaoidheamh ná
cuirfeadh sprid ná púca aon eagla air
féin, agus ná géillfeadh sé a leitheidí bheith i
n-aon-chor ann.
“Is dócha,” arsa Domhnall Mór, “go
bhfuil, nídh nach iongnadh. Acht ní hé an
t-am a bhí an uair sin agam atá anois
agam. Dá mbeinn thar an roilig, badh
chuma liom.”
“Tá cúram éigin eile ar mhuintir na
roilge, d'éagmais bheith ag féachaint ad'
dhiaidh — beannacht Dé le n-a n-anam!” arsa
'n táilliúir.
“Mar 'dh eadh,” arsa Domhnall Mór,
“ná beadh eagla ort-sa gabháil thar an
roilig anois.”
“Am briathar ná beadh,” ars' an táilliúir.
“Am briathar ná creidfinn é,” arsa
Domhnall.
“Ní fhágann sain ná gur fíor é,” arsa
an táilliúir.
“Caidé an tairbhe dhuit bheith ag caint
mar sin?” arsa Domhnall. “Cá 'bhfios
d'aon'ne cia 'ca is fíor é nó nach fíor?”
“Dá mbíodh na cosa agam-sa chomh maith
agus atáid agat-sa, badh gheárr a mhoill orm
a thaisbeaint gur fíor é,” ars' an táilliúir.
“Bíodh geall” arsa Domhnall, “dá
mbíodh na cosa agat, ná biadh an chaint
chomh dána agat.”
“Caidé an eagla bheadh orm?” ars' an
táilliúir. “Nach í an roilig chéadna í san
oidhche nó sa' lá?”
“'Neosad-sa daoibh cad dheanfaidh sibh,”
arsa fear an chaipín bhric. “Beir-se leat
an táilliúir, a Dhomhnaill, agus fág i gcúinne
na roilge 'n-a aonar é, agus fanadh sé ann
ar feadh uaire an chluig. Annsain féad-
fair dul agus é thabhairt leat a-bhaile, agus
taisbeanfaidh sain gur fíor ná fuil aon
eagla aige roimh sprid ná roimh phúca.”
“Dar fiadh”! déanfad,” arsa Domhnall.
Do thuit an log ar an lag ag an táil-
liúir, acht ní fhéadfadh tarrang siar, agus a
raibh de chaint déanta aige.
“Táim sásda,” ar seisean.
Bhí súil aige, ámh, go mb' fhéidir nach
leigfeadh eagla do Dhomhnall an bheart do
dhéanamh. Agus ní leigfeadh, acht go
ndubhairt sé leis féin go mbiadh an
chuideachta aige, an fhaid bhiadh an táilliúir
ar a mhuin aige, agus annsain go bhféadfadh sé
rith thar n-ais. Ba mhór an sásamh leis,
dá éagmais sin, an t-anfadh thabhairt do'n
táilliúir de bhar a cod' cainte.
“Seo!” arsa Domhnall Mór. “Bhuailidh
chugam annso ar mo mhuin an fear bocht.”
Agus chuireadar.
An fhaid a bhí an sgoraidheacht agus an sgéal
fiannaidheachta agus gnó an táilliúra ar
siubhal ag an Lios, bhí gnó eile ar siubhal
sa roilig.
Bhí beirt bhitheamhnach, athair agus a mhac, 'n-a
gcomhnuidhe sa' chomhursanacht. Shocruigh-
eadar, an oidhche sin, go dtiucfaidís agus go
ngoidfidís caora ó Sheaghán an Leasa féin.
Nuair bhí am mairbh na hoidhche aca, do
ghluaiseadar. Ní raibh, dar leó, áit badh
lugha baoghal dóibh, chum an chroicinn do
bhaint de'n chaoirigh, ná an cúinne céadna
úd sa' roilig, toisg an droch-ainm do bheith
ar an áit.
“Imthigh-se,” ars' an seanduine, “ó 's
agat atá an óige, agus tabhair leat an chaora,
agus raghad-sa go cúinne na roilge, agus bead
ann reómhat.”
D'imthigh an fear óg fá dhéin na caorach,
agus d'imthigh an seanduine, agus do luigh sé sa'
bhfoithin i gcúinne na roilge, agus ba ghearr
gur thuit míogarnach codlata air.
Ba ghearr gur airigh sé rud éigin do
dhúisigh é. D'airigh sé an duine ag teacht
agus é ag séideadh, fá mar bhiadh ualach air.
Cheap sé, d'ar ndóigh, gur bh'é fear na
caorach a bhí ann. Ní hé fear na caorach
bhí ann, ámh, acht Domhnall Mór agus an
táilliúir ar a mhuin aige.
Tháinig Domhnall go falla na roilge
lasmuigh, agus chuir sé an táilliúir 'n-a shuidhe
ar an bhfalla. Annsain do rug sé fá 'n
dá osgaill air, agus bhí sé ghá leigint uaidh
síos de dhruim an fhalla isteach sa' chúinne.
Le n-a linn sin, do shín an fear thíos a dhá
láimh i n-áirde agus do rug sé 'n-a bhaclainn
ar an ualach.
“An bhfuil sé méath?” ar seisean.
Ní túisge d'airigh Domhnall an focal ná
do sgaoil sé uaidh an táilliúir, agus do rith sé
an fhaid bhí sé 'n-a choraibh. Ba ró-ghearr
gur sgiúrd sé an doras isteach chum muin-
tire an Leasa arís, agus ní túisge bhí sé la-
stigh de dhoras ná thuit sé i luige. Bhíodar
ag caitheamh uisge air agus glaodhach air, agus
fá dheireadh tháinig sé chuige féin, agus is é
céad fhocal a tháinig as, ná “Ó! an sprid!
Ó! an sprid!”
Geallaim duit go raibh sgeón ionnta.
“Cár fhágais an táilliúir?” arsa fear
an chaipín bhric.
“Ó! leig dom féin!” arsa Domhnall.
“Do sgiob sí léi as mo lámhaibh é.”
Nuair chonnaic an bitheamhnach a bhí i
gcúinne na roilge nach caora do leigeadh
anuas chuige acht duine, geallaim duit gur
baineadh geit as. Do chaith sé uaidh ar an
talamh an táilliúir, agus do rith sé leis féin
gan focal do labhairt.
Ba mhó an gheit do baineadh as an táil-
liúir ná as aon'ne aca, nuair bhí greim ag
an sprid thíos air, agus gur sgaoileadh síos é.
Acht nuair fágadh i n-a aonar é, níor ro-
fhada go dtáinig sé chuige féin.
Ar ball do bhí fear na caorach ag teacht.
D'airigh an tailliúir ag teacht é, acht ní
raibh blúire coinne aige ná gur bh' é
Domhnall Mór a bhí ag teacht d'á iarraidh,
fá mar do gealladh dó.
Bhí sé díreach ghá chuimhneamh i n-a aigneadh,
dá mhéid maoidheamh do rinne sé riamh as a
neamh-eagla roimh phúcaíbh, nár mhísde dhó
maoidheamh níos mó do dhéanamh feasda, agus
é tar éis cúpla uair an chluig do chaitheamh
annsúd, 'san áit aedhearach úd, — nuair do
labhair an duine thuas:
“An bhfuilir annsain?” ar seisean, i
gcogar.
“Táim,” arsa 'n táilliúir i gcogar eile,”
“Cad do choimeád thú?”
“Ní fhéadfainn breith air,” arsa'an fear
thuas.
“Ní fhéadfá breith air!” ars' an fear
thuas.
“Ní fhéadfá breith air!” ars'an táilliúir.
“Caidé an chaint sin ort mar sin? Caidé
mar ghnó thuit mé fhágáilt annso ar feadh
cheithre huair an chluig, 'om leathadh le fuacht
na hoidhche?”
“Ceithre huaire an chluig! Ní'l dá uair
an chluig ó 'fhágamair an baile. Seo —
beir air seo uaim agus leig dom féin.”
Le n-a linn sin, do sgaoil sé uaidh síos
an chaora mharbh. Thuit an chaora ar an
táilliúir. Do bhéic an táilliúir.
“Ó!” ar seisean, “caidé an rud é sin?”.
Nuair d'éirigh guth an táilliúra, d'aithin
an fear thuas é, agus má d'aithin, do chuir sé
an talamh de, agus d'fhág sé annsain iad idir
chaora agus táilliúir.
Nuair bhí Domhnall Mór tar éis an
sgannraidh mhóir do chur dhe, do bhailigh fear
an chaipín bhric uaidh cruinneas an sgéil i
ndiaidh a chéile. D'éirigh sé 'n-a shuidhe agus chuir
sé a chóta mór uime agus d'aimsigh sé a bhata.
“Cá raghair?” arsa Domhnall Mór.
Níor thug sé aon fhreagra air, acht bualadh
an doras amach.
Phreab Domhnall 'n-a shuidhe agus do lean sé
é. Do leanadar go léir é. Thug sé aghaidh
ar an roilig. Do leanadar é. Nuair
thángadar go dtí an cúinne, d'airigheadar
an duine thíos agus é ag cneadaigh. Do léim
Seaghán síos. An chaora mharbh an chéad nídh
gur chuir sé lámh air. Thóg sé an chaora.
“Cia hé seo annso agam?” ar seisean
leis an té d'airigh sé ag cneadaigh.
“Mise!” ars' an tailliúir.
“Cia hé thusa?” arsa Seaghán, ag breith
ar chloigeann air.
“Diarmaid Riabhach, is dó'! ó 'sé is
fearr a thuigfir.”
“Airiú, greadadh chughat, an tú an táil-
liúir?” arsa Seaghán.
“Ó, is me cheana, mhaise', agus is dócha go
bhfuil deireadh liom anois munab ionann
as riamh,” ar seisean.
“Agus cia leis an chaora mharbh so, nó
cad a thug annso í?” arsa Seaghán.
“Ní'l aon phioc dá thuairisg agam, acht
gur chaith duine éigin anuas orm í, agus go
bhfuilim basgaithe múchta aici,” ars' an
táilliúir.
Thóg Seaghán an táilliúir ar bhaclainn
leis. Thóg beirt eile aca an chaora
mharbh, agus ghluaiseadar chum tighe an Leasa.
Nuair thángadar isteach agus rinneadar solas,
do chonnaic Seaghán go mba leis féin an
chaora, agus is é adubhairt se:-
“Oidhche shúgach, maidean bhrónach -
“A ghearráin duinn, is olc do ghnó-sa.”