An Sifín Siubhail.
Sifín siubhail do chuaidh thré 
Éirinn: Geall do bhí idir 
Domhnall Ó Conaill agus fear 
os cionn Oifige an Phosta i 
mBaile Átha Cliath gogcuir-
feadh sé sgéala fa chionn ceithre n-uair 
bhfichead thríd Éirinn ó chionn go cionn,
ó Bhaile Átha Cliath go dtí an fhairrge 
thiar go raibh pláigh ag teacht go hÉirinn 
agus gurab é an dóigh le n-a chongbháil 
ar gcúl, sifín do tharraing as ceithre coir-
néalaibh an tighe agus gan a fhágbháil i dtigh ar 
bith acht aon tsifín amháin, agus ag tigh sglát-
aidhe ar bith clocha do thógbháil ag ceithre 
cóirnéalaibh an tighe agus gan a fhágbháil ag
tigh sglátaidhe eile acht cloch amháin.  Chuadh-
thas annsin ins an chruth 'sa' deireadh 's nach
raibh teach ar bith gan sifín ná cloch ann, agus 
bhí cárnán de na sifínidhibh d'fhuigheall aca, 
agus de chlochaibh.  Chaith siad amach 'san fhairrge 
iad.  Chuaidh siad as an tír so againne go 
Gleann Fhinne leis na sifínidhibh acht bhí an 
sifín siubhail rompa.
Chuadhthas, lit., it was gone, the business proceeded
past passive.
Gleann Fhinne, Glenfinn, in Donegal county.  Conall
Mac Eantaigh darab áit chomhnuidhthe Tamhnach Mhullaigh
i dTír Chonaill d'innis an sgéal.