Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sifín Siubhail.

Title
An Sifín Siubhail.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Contributor
Mag Eantaigh, Conall
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 8


An Sifín Siubhail.



Sifín siubhail do chuaidh thré
Éirinn: Geall do bhí idir
Domhnall Ó Conaill agus fear
os cionn Oifige an Phosta i
mBaile Átha Cliath gogcuir-
feadh sé sgéala fa chionn ceithre n-uair
bhfichead thríd Éirinn ó chionn go cionn,
ó Bhaile Átha Cliath go dtí an fhairrge
thiar go raibh pláigh ag teacht go hÉirinn
agus gurab é an dóigh le n-a chongbháil
ar gcúl, sifín do tharraing as ceithre coir-
néalaibh an tighe agus gan a fhágbháil i dtigh ar
bith acht aon tsifín amháin, agus ag tigh sglát-
aidhe ar bith clocha do thógbháil ag ceithre
cóirnéalaibh an tighe agus gan a fhágbháil ag
tigh sglátaidhe eile acht cloch amháin. Chuadh-
thas annsin ins an chruth 'sa' deireadh 's nach
raibh teach ar bith gan sifín ná cloch ann, agus
bhí cárnán de na sifínidhibh d'fhuigheall aca,
agus de chlochaibh. Chaith siad amach 'san fhairrge
iad. Chuaidh siad as an tír so againne go
Gleann Fhinne leis na sifínidhibh acht bhí an
sifín siubhail rompa.



Chuadhthas, lit., it was gone, the business proceeded
past passive.



Gleann Fhinne, Glenfinn, in Donegal county. Conall
Mac Eantaigh darab áit chomhnuidhthe Tamhnach Mhullaigh
i dTír Chonaill d'innis an sgéal.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services