Filidheacht Nua-Dhéanta.
Ní maith le lucht an “Tamhluirg”
gan filidheacht do bheith níos
líonmhaire 'san Irisleabhar.
Tá dearmad mór ortha. Caint
sgurtha is eadh atá uainn. Dá
bhféadamaois dul siar céad
bliadhan, bheidheadh tairbhe i bhfilidheacht, agus
bheidheadh na filidh ann go líonmhar. Is
é buaidh filidheachta teanga mhaith láidir
dhúthchais do bheith las-tiar di. Nuair chítear
an chuma i n-a n-abarthar rud sa' teangaidh
choitchinn, agus annsain, nuair chítear an casadh
chuireas an file sa' smaoineamh agus sa' chaint,
agus an deise oirdheirc chuireas sé ortha, bíonn
iongnadh agus áthas ar na daoinibh chloiseas an
fhilidheacht. Acht muna mbídh eolas maith ag
na daoinibh sin ar an teangaidh choitchinn
atá las-tiar de'n fhilidheacht, ní féidir dóibh
buaidh ná deise ná clisteacht na filidheachta
do mhothughadh.
An bhfuil aon fhear beó anois d'fhéadfadh
filidheacht Laidne do dhéanamh? Gan amhras
táid daoine d'fheadfadh Hexameters do chur
le chéile, acht dá mbeidheadh Vergil ag éis-
teacht leó, caidé an meas do bheidheadh aige
ar a saothar? Chuirfeadh sé a mhéara 'n-a
chluasaibh!
Éirigh isteach i sgoil i bhfuil Frainncis
dá múineadh innti, agus éist le sgoláire ag
léigheadh filidheacht Frainncise. An bhféa-
dann sé aon bhlas filidheachta do chur duit
ar an rud atá ag teacht as a bhéal? Go
deimhin ní fhéadann. Ní'l deifiridheacht ar
bith dhó-san idir fhilidheacht agus caint sgurtha.
Chomh fada agus théid an léightheoir sin, ní'l
tuairisg ar shaothar an fhileadh, ná ar a chuid
ealadhan, ná ar a chlisteacht, ná ar an éirim
uasal do chuir a ainm in-áirde ó thaobh
'taobh de'n Fhrainnc. Cad fá-ndeár sain?
Gan eólas do bheith ag an léightheoir sin ar
Fhrainncis bheó choitchinn. Cuir an léigh-
theoir sin anonn sa' bhFrainnc go ceann
cúig mbliadhan, go mbeidh eólas nádúrdha
aige ar an bhFrainncis, agus annsain cuir an
leabhar céadna i n-a láimh, agus gabhaim-se
orm go gcoróchaidh a chuid fola! Nuair bhí
an Fhrainncis foghlamtha sa' bhaile, ar an
sgoil, aige, do dhéanfadh sé féin filidheacht
Fhrainncise chomh maith, ar chuma, agus dhéanfadh
Corneille, dar leis. Acht tar éis na gcúig
mbliadhan! Geallaim duit nach baoghal go
dtiubhradh sé faoi.
Tá eolas maith go leór ar Bhéarla ag
ar bhfileadhaibh. Caidé an chúis nach féidir
d'aon fhilidh aca filidhecht mhaith Bhéarla do
dhéanamh? Déanfaidh siad aisde bheidheas
maith go leór. Acht cad 'na thaobh nach
déanann aon-neach aca duan fhilidheachta do
ghluaiseóchadh tríd an domhan mar ghluais
filidheacht Bhyron?
Inneósad-sa dhuit é. Mar ní file beirthe
aon-neach aca, agus ní locht sain ortha.
Cad tá uainn? Tá go dtiubhramaois
caoi agus cothrom do chlannaibh Gaedheal anois
ar Ghaedhilg d'fhoghlaim i dtreó go mbeidh ar
a gcumas a gcomhrádh do dhéanamh aisti.
Níor fhoghlaim aon duine riamh fós teanga
chomhrádha a filidheacht. Ní filidheacht bhíos ar
siubhal ag daoinibh nuair bhíos a ngnó aca
dá dhéanamh ar an aonach nó ar an margadh.
Oireann dúinn ar nGaedhilg do choimeád
beó. Ní le filidheacht coimeádfar beó í.
Is é rud choimeádfas beó í, thaisbeánadh
do dhaoinibh cionnus labhairt le n-a chéile
sa' bhaile, nó san obair, nó ar an mbóthar.
Caidé an tairbhe bheith ag stealladh fili-
dheachta le daoinibh go dtí go mbeidh mion-
chaint de'n tsórd sain ar dtús aca?
Na daoine atá ag foghlaim na Gaedhilge
anois ar fud na hÉireann, agus 'ga bhfuil airc
agus buile ortha chuici, is í an mhion-chaint sin
atá uatha. Dá mbeidheadh an mhion-chaint
aca, bheidís sásta. Sin 'an chéad fhocal agus an
focal déidheanach aca liom: “How soon do
you think, sir, will I be able to converse in
it?” Ní filidheacht atá uatha acht comhrádh.
Sin é atá uainn go léir. Dá mbeidheadh sé
ar chumas ar ndaoine a sáith mion-chomhrádha
do dhéanamh as Gaedhilg, bhí an gnó déanta.
Is é rud atá uainn, é chur ar a gcumas.
Ní fairsinge focal ro-mhór tá riachtanach
chuige. Do dhéanfadh cúpla céad focal an
gnó ar dtús. Bheidheadh a fagháltas sain
ag méadughadh i n-aghaidh an lae. Badh
ghearr go mbeidheadh focail a ndóthain aca.
Le linn Ghearailt Uí Ghríobhtha agus Bhainim
etc., bhí Éire lán ó lár go fairrge de
Ghaedhilg áluinn uasail, agus níor sgríobhadh
aon fhocal di. Ní'l de thuairisg uirthi i
leabhraibh na haimsire úd acht chomh beag agus
dá mbadh nach beidheadh a leitheid i n-aon-chor
ann.
Timcheall bliadhna a Dá-Fhichid, do rinneadh
dearmad mór. Bhí trácht ar Ghaedhilg do
shaothrughadh, agus do cromadh ar í d'fhoglaim.
Maiseadh caidé an chaoi tugadh do dhaoinibh
ar í d'fhoghlaim? Do cuireadh roinnt abhrán
i bpáipéaraibh agus filidheacht Bhéarla ortha!
Ó thosach go deireadh, níor cuireadh os
comhair daoine oiread agus aon fhocal amháin
mion-chainte. Bhí a rian air, ní dearnadh an
fhoghlaim.
(Leanfar de seo)