AN MAC RÍOGH NACH NDEUNFADH
COMHAIRLE.
(Donegal Folk-Tale — IV.)
Cha deachaidh an mac ríogh i bhfad gur
shuidh na madaidh ag cogarnaigh agus annsin
phill siad 'n a bhaile arís. Smuain an rí
óg, nuair do chonnaic sé na madaidh ag
pilleadh, go dtáinic an fathac mór amach as
an chisde, agus gur mharbh sé a dheirbhshiúr, agus
rith sé an meud do bhí i n-a chnámhaibh chum
an chaisleáin.
“Anois,” ar an fathach mór leis an óg-
bhean (-mhnaoi), “bí i gcomhnuidhe ag amharc
amach, ar eagla go bpillfeadh do dhearbh-
ráthair agus na madaidh; óir dá dtiucfadh na
madaidh orm-sa, strócfadh siad mé chum
báis.”
D'amharc an cailín amach agus chonnaic sí
an mac ríogh'na lán-rith, agus na trí madaidh
giobhta maith roimhe. Thug sí fuagra do'n
fhathach, agus thóg seisean clár a chisde agus léim
isteach. Dhruid an cailín síos an clár agus
chuir an glas air.
Anois an madadh lúthmhar so, Gasda,
nuair do bhí sé tuairim 's fiche péirse ó'n
chaisleán, thosuigh sé ag rathtáil agus tháinig
sé isteach ar an urlár le trí léim'. Thuit
cloidheamh an tsoluis, agus bhain sé barr a
iorball de. Thóg an cailín an cloidheamh
agus d'fholuigh sí é.
Nuair tháinic a dearbhráthair isteach,
d'fhiafruigh sé dhi an raibh a gach ar cearr.
Dubhairt sise nach raibh a gach amháin.
“Maiseadh,” ars' é, “nuair do chonnaic
mé na madaidh ag pilleadh, shaoil mé go
dtáinic an fathach mór amach agus gur mharbh
sé thú.” “Och!” ars' í, “ná bí ag smu-
aineadh a leithéid, óir char (níor)
chorruigh an beathach gránna ó d'imthigh tú.”
Ar maidin lá ar na bhárach, d'imthigh an
mac ríogh chum na coilleadh mar ba ghnáth
leis. Nuair fuair a dheirbhshiúr ar siubhal
é, thóg sí clár an chisde agus leig amach an
fathach mór.
“Anois,” ar an fathach, “ní'l dóigh ar
bith is fearr dhúinn 'ná a thabhairt ar do
dhearbhráthair na trí madaidh 'ghlasadh isteach
i seomra, agus tig linn ar raogha rud do
dhéanamh leis-sean annsin.”
Cha deachaidh an mac ríogh i bhfad gur
phill na madaidh arís, agus lean seisean iad,
mar shaoil sé go raibh rud ínteach ar cearr
sa' chaisleán. Bhí an óg-bhean ag coimhead
amach, agus nuair chonnaic sí na madaidh ag
teacht, thug sí fuagra dón fhathach mhór, agus
d'fholuigh sé é féin sa' chisde, agus chuir sise
an glas air sul má dtáinic na madaidh
isteach. D'fhiafruigh mac an ríogh dhi
an raibh a gach ar cearr, agus dubhairt sise
nach raibh, “acht,” ars' í, “sgannruigh na
madaidh mé ag teacht isteach chomh fiadhain
sin, agus má 'sé do thoil é, cuir isteach i
seomra iad anocht agus cuir an glas air, óir
ní thig liom-sa codladh má bhíonn siad thríd
an chaisleán mar so.” Budh mhaith leis
sásadh 'thabhairt di, acht níor mhaith leis na
madaidh ghlasadh isteach, agus chuir sé suas d'á
dheanamh; “óir,” ars' é, “tá siad 'na
gcaraid (gcáirdibh) fír-fhiala dhamh-sa,
agus níor mhaith liom iad do dhruidim isteach
mar sin, agus ní'l siad ag déanamh aon
dochair annso.”
D'éirigh an óg-bhean go lúbtha feargach
nuair nach dtiubhradh a bealach féin di, agus
thosuigh sí ag greadadh na madadh síos ó
chlár an chisde ar a raibh siad 'na luighe,
acht thionntuigh ceann de na madadhaibh agus
ghearr a meur. Thóg sí gleaghrach agus
clampar mór annsin ag á chur i gcéill go
raibh sí millte ag an mhadadh agus chuir sí
geasa ar a dhearbhráthair na madaidh do
mharbhadh. Acht ar ball nuair bhí faill aici
ar smuaineadh ar fhealltacht ní ba mheasa,
dubhairt sí nach gcuirfeadh aon rud sa'
domhan leigheas uirri acht a lámh a chuimilt
le teangaidh an tairbh bhí sa' Domhan Thoir,
agus go bhfuigheadh sí bás go cinnte mur
(muna) rachadh seisean chum an Domhain
Thoir agus an teanga sin 'fhagháil di. Bhí a
fhios aici nach dtáinic a'n-duine riamh ar
ais beó, a chuaidh i ndeas do'n tarbh sin.
B'fhíor é. Chóirigh an mac ríogh long an
fhathaigh mhóir, thug a thrí madaidh leis, sgaoil
na seolta leis an ghaoith, agus d'imthigh leis
chum an Domhain Thoir.
Anois bhí inghean ríogh an Domhain Thoir ag
spaisdireacht ar an tráigh, nuair chonnaic
sí an long bhreágh chuici, agus chuir sin iongan-
tas mór uirri, go mór-mhór nuair chonnaic
sí fear óg sgiamhach ar bórd na luinge agus
gan acht trí madaidh leis. Bheannuigh sé
dhi agus chuir sise fáilte roimhe agus ghabh léi é
'ionns' (d'ionnsuidhe) ar an rígh. D'innis
sé do'n rígh caidé bhí sé 'iarraidh.
“Is olc do chuairt,” ars' an rí, “óir cha
dtáinic a'n-duine riamh beó ó'n bheathach
sin, d'á ndeachaidh i ndeas dó. Comhnui-
gheann sé i dtuaisceart na tíre, agus tá an
tír 'na fásach ar feadh seacht míle thart
timcheall air, óir marbhann sé gach aon
duine agus gach aon chréatúir a chídh sé 'san áit
sin.”
Nuair chuala inghean an ríogh go raibh an
mac ríogh ag dul i gcomhair an tairbh,
thosuigh sí ag gol agus ag á iarraidh air gan
dul ann, óir thug sí grádh agus spéis dó ó'n
cheud amharc fuair sí air, mar gheall ar a
sgiamhacht agus ar a fhearamhlacht.
J. N. DEENY.
(Ní críoch)