The following is the opening stanza of “Squire geal
Freeman.”
Fáilte! a phreumh
De bhláth na gcraobh
i dtráth go hEirinn
Aoibhinn;
Fáilte! a sgéimh
Atá gan bhéim,
Mar ghnáth-ghnaoi déithe
Chítear;
Fáilte! a chléirigh
Dháimhe is éigse,
Fuair ó bhéithibh
Fíor-ghean,
Fáilte is ceud,
Le páirt uaim fein
Do'n tsár-fhear, Squire geal
Freeman!
Flaith gan gruaim dob' fhearra cáil,
Fuair barra is buaidh i measg gach dáil,
Dathta uasal sona suabh,
Is fás do chruadhuigh mo laoch mear.