CNUAS.
Clos dúinn go dtoghfar Dubhghlas de hÍde 'na
sgrúdóir Ghaedhilge do'n Phríomh-sgoil Ríoghdha.
Tá iarracht dá tabhairt ar sheanmóir Ghaedhilge do
chur dhá deunamh anois agus arís i mBaile Átha Cliath.
Má's fíor é, is fáth iongnaidh é, go bhfuil cumann
Gaedhilge le cur ar bun ag dream de mhacaibh leighinn i
gColáisde na Tríonóide.
O d'eug an canónach Goodman seal ó shoin, níor
cinneadh aon oide Gaedhilge i n-a ionad i gColáisde na
Tríonóide. Dá dtoghthaoi fear éigin do bheuradh spéis
agus grádh do'n teangaidh!
Iarramaoid ar gach aon duine cheannuigheas rud ar
bith atá ar fógradh 'san Irisleabhar, a chur i dtuigsint
do'n lucht díolta gur trés an irisleabhar fuair sé fios
air.
Tá súil againn go mbeidh “Sgeulaidheacht na
Mumhan,” leabhar Phádruig Uí Laoghaire, ar fagháil
le linn na bhfocal so do léigheadh do'n phuiblidheacht.
Leath-chroin atá air.
Fuair ar mbuan-chara díleas Tomás de Norra i
Nua-Eabhrach trom-bhuille breoiteachta, atá seal ó
shoin, acht buidheachas le Dia, atá a shláinte anois ag
dul i bhfeabhas arís.
Tá cárta nó mapa dhá chur i gcóir ag Connradh na
Gaedhilge thaisbeanfas le dathannaibh eugsamhla gach
ceanntar i nEirinn i n-a bhfuil an Ghaedhilg ar
labhairt, agus a mheud daoine labhras í.
Ní fada go mbeidh “Laoidh Oisín i dTír na nOg“ ar
eagar ag ar reic ag Tomás O Flannghaile i Londain.
Dá luaithe, dá fheabhas. Dhá sgilling bheidheas ar an
leabhar.
Tá leabhar Beurla, freisin, ar tí teacht ó láimh an
ughdair fhoghlamtha cheudna. “For the Tongue of the
Gael” is ainm dó, Is bheag dáil dá mbaineann do'n
Ghaedhilg nach mbeidh tuaraisg air san leabhar so.
Leath-chróin a luach.
Leabhar is mó le rádh 'ná ceachtar díobh sain, agus é dhá
sgríobhadh ag an saoi gceuna, Tomás O Flannghaile,
foclóir Gaedheal-Shasanach ag baitn leis an Nua-
Ghaedhilg mar atá sí ar gnáith-sgríobhadh agus ar gnáth-
labhairt láithreach. Beidh an foclóir dhá dhíol ar chróin.
I n-ionad tuaraisge ar obair na bliadhna, is é rud
bheidheas dá chur i n-eagar ag Connradh na Gaedhilge
imbliadhna, leabhrán i n-a mbeidh cur síos ar stáid na
Gaedhilge, ar a maitheas agus ar a tairbhe, ar an leathtrom
fá 'bhfuil sí, ar an nós i n-ar féidir a saoradh, ar an
obair atá dá deunamh ar a son, agus ar gach nídh eile
bhaineas le n-a leas.
Beidh an leabhrán so 'na leabhar eoluis agus treoire ag
muintir chosanta na Gaedhilge, agus 'na leabhar theagaisg
ag na daoinibh go coitcheannta. Beidh an cárta
adubhramar fá chló ann, agus a lán de neithibh eile nach
feasach acht do bheagán daoine i dtaobh na Gaedhilge.
Feis cheoil agus oirfididh dá raibh i nGlaschu i nAlbain,
ní'l i bhfad ó shoin ann, is é an chuid de'n chuirm is mó
do thaithin leis an oireachtas, agallamh Ghaedilge do
bhí idir an athair Ambrós agus buachaill óg de mhuintir
Ghilleasbuig. Dá éis sin, thug an deaghshagart
comhairle dá raibh i láthair, fá Ghaedhilg d'fhoghluim, agus
do ghealladar go léir a chomhairle do dheunamh.
Is beag a raibh le maoidheamh de bharr bliadhna ag an
Acadaimh Ríoghdha i dtaobh na Gaedhilg, an lá fá
dheireadh. Tá obair na hAcadaimhe roinnte 'na dá
leith, obair choitcheann ag baint le heolas coitcheann, agus
obair náisiúnta ag baint leis an teangaidh náisiúnta.
Is amhlaidh atá an obair coitcheann, atá ar chumas cáich,
dá saothrughadh aca, agus an obair náisiúnta, atá gan
cabhair gan cothughadh eile, dá leigean ar gcúl.