Sgeula na Gaedhilge.
Atá an Dochtúir Pedersen thar éis ceithre míos agus 
breis do chaitheamh i nArainn ag foghluim Gaedhilge.  
Do bhailigh sé tuilleadh gus trí mhíle focal ann gan teacht 
i n-aon ghaor do'n chanamhint do dhísgeadh.  Nach nár 
d'ár sgoláiríbh-ne ollamh mar é seo do theacht ó Chopen-
hagen fá chostas agus fá thrioblóid mhóir ag cur suime 
san ní atá ag an dorus againne, mar sheód i láthair 
muc!
Ní tháinig aon sgeula le sár-fhada siar níor táith-
neamhaighe le lucht labhartha agus léighte na Gaedhilge ná 
gur fhág Pádruig O Maoláin le hudhacht suas le ceithre 
fichid míle doiléar do mhúnadh agus do choimeád ar dtean-
gadh san tír seo.  Atá gaol leis, ámh, ag feuchaint le 
n-a bhaint amach do féin, acht bíodh súil againn ná 
héireóchaidh leis cosg do chur ar an tairbhe do leanfadh 
as an oiread sain airgid do sgaipeadh 'nar measg-ne 
do chúis comh naomhtha agus ar dteanga dhúthchais do chong-
bháil beó.
Ní tearc iad na milliúin agus na leath-mhilliúin dár 
ngaol i nAmerica agus i nAstráile, agus níor bh'iongnadh dá 
gcabhróchaidís agus beagán dá maoin do bhronnadh ar an 
nGaedhilg, chor go mbeadh neart airgid aca so atá ag 
feuchaint i ndiaidh a stáide agus go bhfásfadh mór-thoradh 
as a saothar.  Is ro-dheacair puinn do dheunamh san 
tsaoghal so gan airgead.  Thríd agus thríd ní 'lid na 
Gaedhil díomhaoin ná dearmadach ar an mór-ghnó so: 
feuch mar cnuasadh deich míle punt bliadhain ó shin i 
nAmerica chum ollamhan Gaedhilge do bheith i bPríomh-
sgoil Chatoilicidhe Washington.
Is gearr go mbeidh an treas chuid de “Simple 
Lessons in Irish” i gcló.  Chum an leabhráin do bheith 
chomh saor agus is féidir, do chabhruigh Gaedhealacht America 
arís, mar is beus aca, le n-a fhaisnéis.  Cuireadh thar 
dosaon punt ar fad.  Cad atá againne i nEirinn dá 
dheunamh?  Ar bhfurmhór ag brath ar Fheis na Sacsan 
chum na Gaedhilge do shaoradh!  Mo bhrón! an mbeidh 
aon spreuch ná spionnadh ionainn féin choidhche?  Is 
feasach do'n tsaoghal gur dúinn féin is ceart an obair 
thíoramhail seo do ghabháil do láimh, agus gan bheith ag 
fuireach ar an té seo ná ar an té úd.  Ní bheidh aon 
mhaith, aon bhail orainn go bráth go mbeuramh iontaoibh 
asainn féin.
Go dtí seo agus go fóill eile freisin táid na hAlba-
naigh i bhfad i dtosach dhínn.  I nInbhearnois atá 
tabhartha amach foclóir — luach seacht agus sé pingne — i n-a 
bhfuil gach uile fhocal Albanach taobh le n-a chomhfhocal i 
nGaedhilg na hEireann, san mBreathnais, san gCornais 
agus i mBreathnais na Fraingce.  Ca-huin bheidheas a 
shamhail sin de leabhar againne?  Do gealladh rud 
éigin dá shaghas, atá seal agus leath-dosaon samhradh ann 
ó shoin; ní chuala aon-neach gíog air go dtí timcheall 
dá bhliadhain ó shin do cuireadh forfhógra ar bheirt 
chabharthóir do bhí ag teastbháil, acht ní heolach dúinn 
gur hairigheadh aon-ní ó'n am sain anall 'na dtaobh.  
Atá Daibhidh Nutt i Londain chomh maith ceudna ag cur 
gráiméir bhaineas le Gaedhilge na hAlban i gcló.  
Caidé seo ag moilliughadh gráiméir Uí Dhonnabháin do 
gealladh bliadhain an taca so do bheith foillsighthe go 
hathchomhair?  Thoir thiar thíos thuas, do mheasfá go 
bhfuil righneas éigin go smior orainne.
Thug litridhe darab ainm T.W. Rolleston leictiús 
uaidh fá dhéidheanaighe, i n-ar labhair sé ar an nGaedhilg 
mar theanga shimplidhe go mór as alt le teangthaibh na 
hEorpa agus a gcuid clisteachta.  Go haithghearr sgríobhadh
isna páipeuraibh ag tabhairt a shláin faoi a ndubhairt 
sé i leith na Gaedhilge do shuidhiughadh.  Do tharraing 
litir litir eile, ar chuma gur gearr go raibh aon ríorádh 
amháin mar gheall ar an rud do bhi i gceist eatorra.  
Do chuir an ráfal so an Ghaedhilg ós comhair na 
gceudta nár chuala focal roimhe sin uirri féin ná ar 
a litridheacht.  I ndeireadh thiar thall do sheol sé litir 
ag triall ar Chonnradh na Gaedhilge ag léir-chur ceart 
orra agus chum a fheasa do bheith aige cad ba mheón agus cad 
nár mheón leis an gCumann sain; ámh fuair sé a 
dhóthain de fhreagra ar dtús ó'n gCraoibhín Aoibhinn agus 
arís ó'n Niallach.  O shin anuas níor clos focal dob' 
fhiú aireachtain uaidh.  Acht gan aon aimhreas, rinne sé 
an-mhaitheas do'n Ghluaiseacht, gan coinne leis gan 
agamh — acht is maitheas é i gcomhnuidhe.
 
Atá an Connradh i bhfad níos fearr anois ná bhí riamh 
roimhe seo.  I nAth Cliath féin tá na “muirighne 
léighinn” níos iomadamhla agus níos deagh-orduighthe ná 
mar ba ghnáth aca.  I mBeul Feirsde atá craobh láidir 
de'n Chonnradh — ós cionn céid, ar a bhfuil gach crei-
deamh agus dream.  Atáid le tionól do thiomsughadh le 
haghaidh na n-oideadh ag a mbeidh cruinniughadh ann san 
Cháisg, agus beidh cuirm cheoil aca um an am ceudna.
O támaoid ag teacht thar na hoidíbh, nó thar na 
maighistríbh sgoile, is ceart a rádh go bhfuil dóchas go 
bhfuilid dá mbrostughadh féin i leith na Gaedhilge le 
déidheanaighe, agus ba mhór-mhithid dóibh sin.  I Sráidbhaile
(Dundalk) d'iarr maighistirí na háite sin na riaghalta, 
cheanglas orra féin agus ar lucht a gceirde i dtaobh a 
múinte, do cheartughadh agus d'aithdheunamh i dtreó go 
bhfeudfaidís barántas d'fhagháil agus na haosánaigh do 
theagasg innti le níos lugha duaidh ná mar atá anois.
Ag an gcomhdháil do bhí i nDroichead na Banda ag na 
maighistiríbh tamall ó shin, d'athchuingeadar ar lucht a 
ngarma a ndícheall cabhra do thabhairt do'n Ghaedhilg agus 
do dhruing a cosanta.  Do labhair an Canónach Sincuin 
le cumann na nOigfhear san áit cheudna agus thug 
d'fhógairt orra na muirighne léighinn do bhí aca d'aith-
bheóchain, agus do chuir i n-iúl dóibh cionnus do thairbheóchadh 
sain dóibh.
O America tagann sgeula gur cuireadh nua-chraobh 
de'n Chonnradh ar bun i Newhabhen, Connecticut.   I 
bProbhidence i nOileán Róid atá cúig muirighne
léighinn nó timceall trí cheud ball ag teacht i gceann 
a chéile dhá uair san tseachtmhuin.  Atáthar le n-a 
bhfuil de chraobhaibh san Oileán Ur do choimhcheanagal 
leis an bpríomh-chraoibh i mBaile Átha Cliath.
Tá suas le deich bpuint agus trí fichid anois le n-a 
roinnt ar na sgolaibh i n-a múintear an teanga 
mháthardha.  Do cnuasadh trí fichid punt de seo nach 
mór i measg ár ngaolta trasna an tsáile.  Iarrthar 
ar na maighistríbh theagasgas an Ghaedhilg an lán-
nuimhir do bhí ar sgoil, a nuimhir do ceisnigheadh, agus an
nuimhir do cheart-fhreagair de rith na bliadhna 1895 do 
chur go dtí lucht riartha an airgid i gConnradh na 
Gaedhilge, Ath Cliath.
Tá an Connradh le tionóltaibh puiblidhe do chomóradh 
annso agus annsúd san tuaith.  Comóradh aon aca cheana 
féin i bPortláirge, 11 Feabhra.  Do bhí an-oireachtas 
mór i láthair agus do gheall cách go ndeunfaidís a ndícheall 
fá chongnamh agus fá chabhair do thabhairt leis an nGaedhilg 
do leathadh agus do leathnughadh isna háitibh i n-a bhfuil sí 
dísgthe nó básuighthe, agus a congbháil agus a cothughadh in gach 
ball i n-ar lán láidir di fós.  Do bhí méire na cathrach 
san gcathaoir.  Thar neithibh eile adubhairt sé gur nár 
agus gur aithris an chuma ar a bhfuilid Eireannaigh ag dear-
mad teangadh a dtíre.  O'n gConnradh do bhí Eoin 
Mac Néill, eagarthóir Irisleabhair na Gaedhilge, agus 
Micheál Cíosóg.
Ní fada go mbeidh tionól eile i n-áit éigin i 
gCiarraighe.
Is fada ó bhaile New Zealand.  Feuch fós go bhfuil 
cumann ann chum na Gaedhilge do chosaint agus do choimeád 
san áit.  Fá dhéidheanaighe, b'éigean do'n leas-uachdarán, 
an saoi Seán Perrin, imtheacht as Dún-Eadain, áit i 
bhfuil an cumann, agus dul go hAstráile.  Sul ar sgar 
sé le n-a cháirdibh, do bhí feis ceoil acu uile, agus tugadh 
bronntanas do'n té bhí ar tí imtheachta.  Do labhair 
leó go léir as Gaedhilg, agus d'iarr orra deigh-iarracht do 
thabhairt anois uatha fá theangaidh ar sean agus ar sinsear 
do thártháil.  Ag so beagán dá chomhrádh:  “Is iomdha 
fáth fá'r cóir dúinn an Ghaedhealg do chongbháil beó.  
Is í teanga ársa ar sinsear agus ar dtíre.  Is í an 
teanga chualamar nuair bhí sinn 'nar bpáisdíbh.  Ní 
raibh teanga acht í amháin ag na míltibh de mhuinntir na 
hEireann, agus nuair chuimhnighmid ar an am do chuaidh 
thorainn, bímid ag cuimhne san am ceudna ar na 
cáirdibh ler labhradh í.  Mo bhrón! is fada ó shin go 
bhfuil siad 'na luighe fá na fódaibh glasa, acht badh 
mhór an náire dhúinn dearmad do dheunamh orra, comh-
fhad agus bheas uisge ag rith nó féar ag fás.  Is innti 
mar theangaidh do theagaisg na fealsamhna do chuir clú 
ar Éirinn.  Téighid na mic léighinn as gach uile thuaith 
na hEórpa go hEirinn chum na Gaedhilge d'fhoghluim.  
Is teanga í le litridheacht mhíle bliadhan ar a cúl — 
litridheacht iomadamhail i bprós agus i ndán.  Deunaidh 
bhur ndícheall gan a leigean di bás d'fhagháil.”