Séadhna.
(ar leanamhaint)
'Nuair chuadar na fir a-bhaile, gach fear
díobh go dtí a lóisdín féin, geallaim-se
dhuit go raibh eachtra ins gach tigh. Tán'adar
na comharsain isteach ag sguruidheacht. Thug
gach gréasuidhe a thuairisg féin ar thurus
Dhiarmuda agus ar fhreagra Shéadhna. Rug gach
comharsa a-bhaile leis a innsint féin ar an
sgeul. Ní raibh a leithéid de shult riamh
roimhe sin ná riamh ó shoin ar fuaid na háite.
Um an dtaca go dtáinig an Domhnach, ní
raibh duine óg ná aosda 'sna trí pobalaibh
ná raibh an sgeul go léir aige agus a thrí oiread
curtha leis. Chífeá na daoine ar na bóithribh,
'na dtriúr, 'na gceathrar, 'na ndeichneabhar,
agus iad ag innsint ag sgéil, nó ag cur a
thuairisge, agus iad ag tuitim ar a gcosaibh le
sult agus le gáiridhibh.
B'fhíor do Dhiarmuid é. Bhí an dúthaigh
ag steallamhagadh fé'n mbeirt. Máire
Ghearra agus Nóra an Tóchair agus Báb an Leasa
bhí go buidheach agus go sásda 'na n-aigneadh tré
a fheabhas mar chuadar as. Ní raghaidís, acht
turus Dhiarmuda bheith chomh háibhéiseach agus bhí
sé, agus ainm na géarchúise go léir ar Dhiar-
muid féin.
'Nuair bhíodh a sáith magaidh déanta ag
daoinibh sé Dhiarmuid agus fé Shaidhbh, do bhíodh
nídh eile ar siubhal aco. Do chloiseadar na
fir go léir Séadna dá rádh ná raibh aon
fhonn pósta air, agus ná beidheadh go fóill.
Níor chuir aon fhear aco athrughadh focail sa'
méid sin de'n sgeul. D'airigh Máire
Ghearra é. D'airigh Nóra an Tóchair é.
D'airigh Báb an Leasa é. D'airigh gach aon-
ne' é, agus ní raibh duine dár airigh é nár
choimeád go cruinn é. B'shin í an cheisd
aco — b'shin í an fhadhb — cad fa ndeara do
Sheádna a rádh ná raibh aon fhonn pósta air,
agus ná beidheadh go fóill?
Ní bheídheadh meithiol ag obair i bpáirc, ná
gasradh ag gabháil an bóthar, na sguainne
ag dul ag sguruidheacht, na cuideachta ag
dul ag ól, na gur bh'í an cheud cheisd do
phreabfadh suas eatorra, “Ar airighis, airiú,
chad do dhein Diarmuid Liath? Ó! am
briathar 's am basa, go ndeachaidh sé suas,
de shiubhal a cos, go tigh Séádna, agus gur cheap
sé, cóir cam díreach, Sheádna do thabhairt
leis anuas ar chúl cinn, agus é phósadh, láithreach
bonn baill, le Saidhbh, d'aindeoin a chúil-
fhiacal! An bhfeacaidh aon-ne' riamh a leithéid
d'obair?” Annsain ar ball, déarfadh duine
éigin, “Agus cad dubhairt Séadna?”
Gheobhadh sé mar fhreagra, “Dubhairt Séadna
leis imtheacht a-bhaile agus ciall do bheith aige,
ná raibh aon fhonn pósta air féin agus ná
beidheadh go fóill.” Annsain d'éireóchadh an
cheisd. “Cad fá ndeár do Shéadna a leithéid
sin do rádh, agus cleamhnaisidhe dá ndéanamh ar
fuaid na dúithche dhó chomh tiugh le grean?”
'Nuair dubhairt Séadna féin an focal, do
leig sé amach níos mó d'á aigneadh ná cheap
sé do leigint amach; acht bhí an-fhearg air, agus
do bhí an gnó deanta ag Diarmuid chomh
botúnach, níor fheud sé foighdeamh leis.
Nuair bhíodar uile imthighthe a-bhaile i
gcomhair na hoidhche, agus bhí se 'na aonar 'na
shuidhe sa' chathaoir shúgáin, bhí an sguel ag
ruith tré na aigneadh ar an gcuma so:
“I mbeulaibh na dtrí bpobal — ní mise
chuir i mbeulaibh na dtrí bpobal é. An
breallán! Beidh sé i mbeulaibh na dtrí
bpobal anois! É féin agus Sadhbh! Humhth! -
is oth liom aon trácht do bheith ar ainm
Mháire Gearra. Acht cad é mo leigheas
air? ?
“Dála an sgéil, ní fheadar cad uime
gur tugadh Máire Ghearra uirthi, agus í chomh
hárd le haon mhnaoi ag teacht chum an
phobuil. Ní hiongnadh go mbeidheadh. Is fear
groidhe cumasach Seaghán Ceatach féin. Tá
sé amuich air gurab é fear is treise ar a
chineadh é, agus is fir láidire na Cárthaigh ?
“Is maiseamhail an bhean í! Ní misde
cailín ciuin ciallmhar do thabhairt uirthi.
Trí bliadhna ó shoin, ní baoghal go
dtráchtfaidhe ar a hainm i n-aonfheacht lem'
ainm-se ?
“Is greannmhar an rud sain do dhéanfainn,
pósadh, agus gan agam anois acht deich mbliadhna.
Is gearr a bhíodar ag imtheacht mar thrí
bliadhnaibh. Is gearr an mhaill ar thrí
bliadhnaibh eile iad do leanmhaint. Sin é
leath na haimsire imthighthe annsain. Cá
beag dhuit an cheisd sin do chur, ar
seisean, 'nuair bheidhmíd ag gluaiseacht.'
Cad é an mhaith dhom bheith dá cur an uair
sin? Chuir sé brígh na mionn orm. Is dócha
ná fuil dul as anois agam ?
“Is ait atá an sgeul agam. Mé ag
obair agus ag déanamh airgid chomh tiugh le
grean, agus cad atá dhá bharr agam? Is iomdha
duine bocht gur thugas congnamh dho. Is
mór é a mbuidheachas — ar a mbeul. Ní
fheadar an bhfuil puinn de 'na gcroidhe. Ní
fheadar an fearr-de iad ar thugas dóibh. Tá
cuid aco, agus is é mo thuairim gur bh'fhearra
dhóibh ná feicidís aon leath-phinginn riamh dhe.
Tá cuid aco agus dá mbeidheadh mo chiach
i bhfad ortha. Bheidheadh sé i n-a áirithe ann-
sain aco, dar leó féin, nár ghádh dhóibh díol
choidhche. Sin é a mbuidheacas-san.?
“Pé duine gheabhaidh í, beidh bean mhaith
aige. Is minic d'airigheas gur fearr
bean 'ná spré. Tá bean agus spré annsúd.
?
“Is greannmhar an rud sain do dheunfainn,
pósadh, agus gan agam anois acht deich mbliadhna.
Is deas an cor a bheidheadh annsain uirthi! —
agus ar a clainn, dá mbeidis aici. Greadadh
chuige mar airgead agus mar sparán agus mar
mhargadh! Bhí aigneadh suaimhneasach agam
sul ar casadh im'threo iad.”
Sin mar chaith sé an oidhche. Do bhuail sé
amach ar éirghe lae agus suas an cnoc. Do
shuidh sé ar feadh tamaill ar bharr carraige
móire bhí ann, gur bh'ainm di Carraig na
gCearrbhach. 'Nuair gheal an lá agus d'éirigh
an ghrian, agus d'fheuch sé 'na timcheall ar an
radhairc áluinn a bhí ó'n gcarraig, d'éirigh
an ceo d'á chroidhe agus tháinig suaimhneas mór
ar a aigneadh.
Gob. Maise go deimhin, a Pheg, is beag
na go ndéarfainn leis an rud úd adubhairt
Cáit an Cheoil le n-a fear, 'nuair bhain sí an
luch as an mbáisín bainne dho.
Nóra. Cad dubhairt sí leis, a Ghobnuit?
Gob. Is amhlaidh do bhí meithiol aige, agus
bhíodar ag suidhe chum bídh, agus do bhí bord
mór prátaidhe ós a gcomhair, agus do bhí báisín
bainne raimhir ar aghaidh gach fir amach. Do
thóg fear an tighe a bháisín féin, agus an chéad
bholmoc a bhain sé as, do nocht sé luch ann.
Do bhagair sé ar Cháit, agus thaisbeán sé an
luch di. Níor chuir sin corghuais ar bith
uirthi. Do rug sí ar an mbáisín i n-a láimh
chléi. Chuaidh sí ann go dorus. Chuir sí
a lámh dheas sa'bháisín. D'árduigh sí an luch
as, agus chaith sí an dorus amach í, agus annsain
do bhuail sí an báisín ceudna, agus an bainne
ceudna ann, os comhair a fir. 'Nuair
connaic sé cad a bhí déanta aici, d'éirigh sé
ó'n mbord i bhfeirg agus d'imthigh sé amach.
'Nuair bhí sé ag gabháil amach, dubhairt sisi,
“Go deimhin, is deacair daoine shásamh. Ní
dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná
bainne agus luch as!
Cáit. Mhaise deárna leat, a Cháit an
Cheoil! Níor theip an tuathal riamh ort!
Cad dubhairt a fear, a Ghobnuit?
Gob. 'Dhe, cad do bhí le rádh ag an nduine?
B'shin é, nó a dhála, agh Séadhna. 'Nuair
bhí sé gan airgead, ní raibh sé sásta, agus
annsain 'nuair bhí an sparán aige agus cead
tarraing as, ní raibh se sásta. Bhí sé chomh
deacair so shásamh le fear Cháit' an Cheoil.
Cáit. 'Sdó', feuch anois, a Ghobnuit, ní
thuigeann tusa an sgeul i gceart. 'Nuair
bhí an sparán ag Séadhna d'á fhagháil, níor
thug sé uain do féin ar an gcoinghioll do
bhreithniughadh. Annsain, 'nuair bhí an margadh
déanta, agus é daingean fé bhrígh na mionn, do
bhí uain a dhaoithin aige chum machtnaimh. Bhí
an aimsir ag imtheacht air cos i n-áirde, agus
ní raibh aon fhreagra faghálta aige ar an
gceisd úd, “Cá raghmaoid an uair sin?”
Nach gunta adubhairt an Fear Dubh leis é,
“Cá beag duit an cheisd sin do chur, 'nuair
bheidhiom ag gluaiseacht?" Nach maith do thuig
Séadhna féin an sgeul, 'na dhiaidh sin, 'nuair
dubhairt se leis féin, “Cad é an tairbhe
dhom bheith ag cur na ceisde 'nuair bheidhiom
ag gluaiseacht?” Níor thuig sé i n-am é.
Gob. Am briathar 's am basa, a Cháit, go
bhfuil eagla orm gur thuig sé gho dian-mhaith
ó thosach é, acht a oiread sain dúil' a bheith
sa' sparán aige gur chuma leis. Agus is
dóigh liom go raibh a fhios ag an bhFear nDubh
gur thuig sé é, 'nuair dubhairt sé leis, “Táir
géar-chúiseach.” Is é mo thuairim gur
thuigeadar an bheirt a chéile go dian-mhaith.
Cáit. “Tar a éis tuigtear gach beart,” a
Ghobnuit. Ní sháróchadh an saoghal an sean-
fhocal.
Nóra. Pé cuma 'nar thuig sé an sgeul
'nuair bhí an sparán aige d'á fagháil, is
dócha gur thuig sé níos fearr é 'nuair bhí an
dúthaigh d'á phósadh, gan fhios do, le ceathrar
ban, agus a fhios aige féin ná raibh aige acht
deich mbliadhna idir é agus coimhlíonadh an
mhargaidh do rinn' sé leis an bhFear nDubh.
Dá mbadh áil leis feuchaint roimis 'nuair
thug an t-aingeal an foláramh dho! Dá
mbeinn-se 'na chás, is iad na trí ghuidhe
d'iarrfainn, airgead mo dhaoithin ar an
saoghal so, saoghal fada fé shéan, agus an bheatha
shíorruidhe 'na dhiaidh. Annsain do bheidheadh
neart do, Máire Ghearra, nó Báb an leasa,
nó Sadhbh féin, do phósadh, dá mbadh mhaith leis
é, gan spleadhachas do'n Fhear Dhubh, á d'á
chuid cleas.
Síle. Cá bhfios duit, a Nóra, ná gur bh'í
Nóra an Tóchair ba rogha leis?
Nóra. Is dóigh liom gur “Síle” b'ainm
do Bháib an Leasa, agus gur bh'í ba rogha leis.
(Leanfar seo seo).