Seadhna.
(Ar leanamhaint.)
Síle. Agus cogar, a Pheg — ní fheadar cad
do chuir an droich-fheuchaint sin i súilibh
Sheadhna. Dar ndóich, ní raibh sé mar sin i
gcomhnuidhe.
Peg. Sin é díreach a bhí azg cur iongnaidh
ar na comharsanaibh go léir, a Shíle. Mho-
thuigheadar Seadhna ag athrughadh go mór 'na
mheon agus 'na aigneadh. Is annamh do labhradh
sé acht 'nuair labharthaoi leis, agus ní gháireadh
sé choidhche nach mór. Do chuir sé uaidh ar
fad an crónán. Níor chuimhin le daoinibh ca
shoin d'airigheadar an “chailleach ruainneach“
dá cáineadh. 'Nuair bhíodh sé ag obair i
dteannta' na bhfear, ní raibh le clos uaidh
ó mhaidin go hoidhche acht an anál fhada throm
agus mion-bhuillidhe an chasúir bhig agus tarrang agus
fásgadh an tsnátha chéaraigh. Cheapaidís na
fir gur saint chum an airgid do bhí air, d'
rádh a's go mbíodh sé ag obair chomh dian.
Agus annsain do bhíodh iongnach ortha
a rádh go sgaradh sé chomh bog leis,
dá thabhairt ar iasacht do dhaoinibh nach
raibh breith aco ar é aisioc go bráth, agus dá
thabhairt dóibh gan uarradh gan banna. 'Nuair
nach labhradh seisean, ní labhraidís féin, agus ní
bhíodh le clos uatha acht an anál fhada throm
agus mion-bhuillidhe na gcasúr mbeag agus tar-
rang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Badh
dhóil leat, dá bhfeictheá iad, gur ag obair
ar fheall do bhídís. 'Nuair bhíodh daoine ag
gabháil thar an dtigh, do stadaidís ag éis-
teacht leis an saothar. Agus annsain
'nuair ghluaisidís ortha, deiridís le n-a
chéile, “Is beag an iongnadh airgead ag
Seadhna! Ní fheacamar riamh cearduidhthe
ag obair chomh dian. Cothuigheann sé go
maith iad agus díolann sé go maith iad, acht
má 'seadh, baineann sé an obair asta, má
baineadh asta riamh í.”
Idir chearduidhthibh agus comharsanaibh, do theip
sé orra glan dá thaobh an sgeul do thabhairt
dá chéile, nó an cheisd sin do réidhteach .i.
“Cad fa ndeár do Sheadhna bheith ag obair
chomh dian chum airgid do dhéanamh, agus annsain
ag sgarmhaint leis chomh bog?”
Do lean an sgéal ar an gcuma sain ar
faedh trí mbliadhan. Annsain 'pé slighe i
n-ar chuaidh an ráfla amach, do bhí sé leathta
ar faid na dúithche go raibh Seadhna réidh
chum a phósta. Bhí sé socair go raibh an
cleamhnas déanta, agus go raibh an lá ceaptha.
Bhíodar bacaigh agus lucht siubhail na dúithche dá
n-ullmhughadh féin 'na chomhair. Bhí aon nídh
amháin sa' sgéal a bhí ait go leor. Ní raibh
aon bheirt socair air cia 'rbh í an bhean. Bhí
sé socair ag muintir na sráide gur bh'í
inghean Dhiarmuda Léith í. D'airigh Diar-
muid féin an socarughadh chom minic ar
siubhal gur chreid sé an uile fhocal de, agus
geallaim dhuit gurab é bhí go sásta 'na
aigneadh. Bhí a fhios aige Seadhna bheith saidh-
bhir, agus gan beann ar bith a bheith aige ar
airgead, agus mar sin do cheap sé, nídh nár bh'
iongnadh, ná beidheadh aon trácht ar spré.
Bhí aon nídh amháin ag déanamh buadhartha
dhó. Bhí lá ceaptha ag an bpoiblidheacht
seachtmhaine dho, agus níor tháinig Seadhna fós
chum aon chainte leis.
“Is dócha,” arsa Diarmuid i n-a aigneadh
féin, “go dtiocfadh sé, acht gan é bheith ar a
aigneadh aon spré do lorg le Saidhbh. Tá
go maith. Bean bhreagh dhathamhail is eadh í,
cailín ciuin ciallmhar — acht ná curfaidhe
fearg uirthi. 'Is fearr bean 'ná spré.'
Nach mór an chiall a bhí ag an té adubhairt
é sin ar dtúis! Ní sháróchadh an saoghal an
sean-fhocal.”
D'imthigh dhá lá eile agus níraibh sgeul ná duain
ó Sheadhna. Bhí iongnadh mór ar Dhiarmuid.
Bhí iongnadh ba dhá mhó 'ná sain ar Shaidhbh.
“Imthigh suas,” ar sisi le n-a hathair, “agus
labhair leis an bhfear sin, ó tá se de
neamh-thuigsint air ná tiocfadh se féin chum
labhartha leat-sa — nó liom-sa.”
Do bhuail Diarmuid suas. 'Nuair bhí sé
ag teacht i ngar do thigh Sheadhna, d'airigh sé
an obair ar siubhal chomh dian agus dá mbíodh
an saoghal i n-easbuidh bhróg, agus gan aon-ne'
chum iad do dhéanamh acht Seadhna agus a lucht
oibre.
Bhuail sé chúcha isteach.
“Bail ó Dhia oraibh anso!” ar seisean.
“Dia a's Muire dhuit!” arsa Seadhna.
“Mhaiseadh go deimin féin, a Dhiarmuid,”
arsa duine de na fearaibh, “is mithid duit
é. Tá teinneas im'shúilibh ó bheith ag strac-
fheuchaint síos an casán sain le seachtmhain,
dá cuimhneamh ó am go ham go bhfeicfinn
ag teacht thu.”
“Is greannmhar sain se,” arsa Diarmuid,
“agus teinneas im'shúilibh-se agus im'ghualainn ó
bheith im'sheasamh sa' dorus agus mo dhuala leis
an ursain, agus ná féadfadh príachán teacht
árd an bhóthair anuas gan a fhios dom, agus
gach aon fhear a thagadh im' radhairc go
mbínn lán-deimhnightheach gur bh' é Seadhna
bhíodh ann, go dtí go dtagadh sé i ngar
dom.”
“Mise!” arsa Seadhna.
“Thusa gan amhras!” arsa Diarmuid.
“Nach sin é i mbeulaibh na dtrí bpobal é,
go bhfuilir féin agus Sadhbh seo agam-sa le
pósadh Dé Máirt seo chughainn? Agus an
dóil leat ná gur ceart dom bheith ag brath
air go mbeidheadh rainnt éigin cainte ead-
rainn sul a dtiocfadh an Mháirt?”
“Tá dearmhad ort, a Dhiarmuid,” arsa
duine de na fearaibh. “Ní le Saidhbh seo
agat-sa atá sé le pósadh, acht le Máire
Ghearra, inghean Sheagháin Cheataigh thiar, agus
dá chomhartha sain féin, tá Seaghán imthighthe
go Corcaigh ag iarraidh lóin bhídh agus dighe chum
na cóisreach, agus ní deirim ná go bhfuil cuireadh
faghalta ag á ghaolthaibh i gcomhar na
Máirte.”
“Tá dearmhad ort-sa, a Mhicheil,” arsa
fear eile. “Ní le Máire Ghearra atá sé
le pósadh, acht le Báib an Leasa annso
thíos. Táid táilliuiridhe agus mná fuaghála ag
obair ann le trí lá; agus ag gabháil aníos dom
ar maidin indiu, do chonnach bacaigh ag
bailiughadh ann cheana féin.”
“An bhfeacaidh aon-ne' riamh bhur leithéi-
didhe?” arsa 'n ceathramhadh fear. “An
rabhais ag an Aifreann Dé Domhnaigh, a
Mhicheil? Dá mbeidhfeá, badh dheacair duit
gan an sgeul do chloisdin a bhí i mbeul an
uile dhuine. 'Sé sin go mbeidh Seadhna dá
phósadh Dé Máirt seo chughainn le Nóra an
Tóchair. Agus is ann a bhíodar na bacaigh
ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead
geall go ndéarfadh Seadhna féin go bhfuil
an ceart agam-sa.”
D'fheuch Seadhna ó dhuine go duine aco.
Bhí an droich-fheuchaint agus and droich-seasamh
'na shúilibh. Bhi fearg air, acht do bhrúigh sé
fé í.
“Imthigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar
seisean, “agus bíodh ciall agat! Ní'l aon
fhonn pósta orm-sa, agus ní deirim go mbeidh
go fóill.”
Chrom sé a cheann, agus dhírigh sé ar obair.
Níor labhair aon fhocal eile. Do shleamh-
nuigh Diarmuid amach, agus is é bhí go leamh
dhe féin.
Tháinig sé a-bhaile.
“Seadh!” ar Sadhbh.
“Seadh go díreach!” arsa Diarmuid.
“Cad é an sgeul é?” arsa Sadhbh.
“Tá sgeul ait,” arsa Diarmuid. “Beidh
an dúthaigh, go ceann seacht mbliadhan ó
indiu, ag stealla-mhagadh fé bheirt againn,
fút-sa agus fúm-sa.”
“C'onnus é sin airiú?” arsa Sadhbh.
“É bheith tuillthe againn,” arsa Diarmuid.
Agus do theip uirthi a thuilleadh cainte do
bhaint as.
(leanfar seo seo).