PROVERBS-(CONTINUED).
From D.J. Galvin, Glashkinleen,
Newmarket.
27. Ní bhíonn ag an leanbh acht mar airi-
gheann sé.
The child has but as he hears.
28. Do bheidheadh mórán ar meisge acht le
leisge bheith ag díol as.
Many would be drunk, but for loth-
ness to pay for it.
29. Is minic do bhris teanga dhuine a shrón.
One's tongue has often broken his nose.
30. Arís chughat, a shean-bhríste, 'nuair do
shaoileas bheith sgartha leat.
Again to you, old breeches, when I
thought to have parted with you.
31. Teine bhreágh, a athair, d'fhág mise gan
móin.
A fine fire, father, that left me without
turf.
32. Seachain an gleacaidhe milis sleamhain
'S an teanga liom leat;
Feallfaid ort, má fhaghaid an chaoi
Mar is dual gur claon a mbeart.
Beware of the sweet, slippery actor
And the double-voiced tongue;
They will betray you if they get the
chance,
For their action is naturally corrupt.
33. Teannam ort, ars' an bás le Síle.
Come along, said Death to Sheila.
34. Deireadh sean-loinge bheidheadh dá
báthadh, deireadh sean-táilliúra
d'éireóchadh as a cheird, deireadh sean-
chapaill bháin, deireadh sean-mhaighis-
tir sgoile, is olc na críocha iad-san.
The end of an old ship that would be
drowning, the end of an old tailor
who would quit his trade, the end of
an old white horse, the end of an old
schoolmaster, — bad are these ends.
35. Ní fhuil ann acht an dá mar a chéile.
Six of one and half-a-dozen of the other.
36. Duine gan dinnéir, beirt chum suipéir.
One man without dinner, two for
supper.
37. Tá tabhairt suas mór air.
He is highly educated.
Tá tabhairt suas maith air.
He is well educated.
38. Is aoibhinn daoibh, a lucht an eolais!
(Rádh tnúthach ag fear bocht gan léi-
gheann.)
39. Beidhir buadhartha go bpósfair, agus an
uair sin ní bheidh suaimhneas go deo'
agat.
You will be uneasy till you are married,
and then you will never have peace.
40. Do imtheochadh sé ar dhuine nár phós riamh.
'Twould happen to a man who never
married.
41. Go dtigir slán beo!
That you may return safe!
42. Lá sa' tábhairne agus lá sa' tsúsa,
Agus an chuid eile de'n tseachtmhuin ag
soláthar chúcha.
A day in the tavern and a day in the
blanket,
And the rst of the week providing for
them.
43. Cia aca is measa, teasbach dearg nó
fír-riachtanas?
Which is the worse, unlimited indul-
gence or utter want?
44. Go dtigir faoi mhaise!
That you may return in good trim!
45. Is ceart do dhuine bheith 'na thigh féin
oidhche chinn bhliadhna.
A man should be in his own house on
the chief night of the year (Christ-
mas).
46. Cionnus tá tú? Dia go deo' linn, ní
'lim ar foghnamh na ar feidhm
fhoghanta.
How are you? God help us, I am not
well nor improving.