Fórnocht.
Donnchadh Ó Ceallacháin ro-chan.
[Táilliúir b'eadh é. Do ruaigeadh a
mhuinntir as a bhfeilm timchioll dá fhichid
bliadhan ó shoin. Do chomhnuigheadar i n-áit
ar a dtugtar Fórnocht, baile puirt i bhfogus
do Dhomhnach Mhór agus timchioll deich
míle ó Chathraigh Chorcaighe. — Donnchadh
Pléimionn.]
Mo shlán-sa cuirim chum Fórnocht, 'sé baile
beag an tséin,
Mar is ann do tógadh go hóg mé gan
uireasba puinn sa' tsaoghal,
Go dtáinig chughainn le fórsa, 'sé Seoirse
Braediur Cré,
A's do ruagair sé na comharsain dob'
fhearr do shiubhluigh féar.
Dá maireadh mo dhearbhráthair Domhnall,
bheidheadh acu malairt sgéil,
Mar dá mbeidheadh a sheilbh tógtha, do
gheobhaidís grán a's p'léir;
Tá a thigh anois go huaigneach 's é féin ag
tabhairt an fhéir,
A cháirde gaoil dá ruagairt a's iad i bhfad
i gcéin.
Agus báthadh agus basgadh 's múchadh ar lucht
stiúrtha Braediur Cré,
A chlann go n-imthighid 'sna cúigidhibh le cros
a's le mí-ágh an tsaoghail;
Gach milleadh dá ngabhaidh chúcha go n-iúcaidh
iad go tréith,
'S nár cuirtear choidhche i n-úir iad acht a
leigheadh mar dhrúcht le gréin.
Is deas an baile Fórnocht, is breagh é a
aer 's a sgéimh;
Bíonn Aifreann lá Ríogh an Domhnaigh ann,
's an sagart go humhal dá léigheadh;
Bíonn an siúinéir a's an gabha ann, an
gréasuidhe 'gus an saor,
An smólach binn 'san ngleann ann a's
inseacha chum féir.
Dá siubhlóchainn-se go hEochaill, as sain go
ciumhais Loch' Léin,
As sain go dtí Tigh Mhóiridhe, 's as sain go
talamh an Éisg,
Go Mainistir na nOrdadh, 's as sain go
dúithch' Uí Néill,
Aon bhaile beag mar Fórnocht ní bhfuighinn
im' shiubhal go léir.