Seanchus ar Shean-Léigheann na
Gaedhilge.
Ní beag de bharánta do'n leabhar so ainm
a úghdair. Beidh súil ag a lucht léighte le
heolus cruinn ar léigheanntacht na Gaedhilge
d'fhagháil ann, agus ní gan fáth. Beidh súil aca
le hughdarthás, le greanntacht, le fírinne agus
le fíor-fhoghluim d'fhagháil ann, agus ní
meallfar a ndóchus as.
D'fhoillsigh Eoghan Ó Comhraidhe cheana an
uaisleacht agus an t-oirdhearcus atá i sean-
leabhraibh staraidheachta na hÉireann. Tá
an Frangcach foghlumtha, H. D'Arbois de
Jubainville, dhá fhoillsiughadh ó am go
ham creud is brígh agus creud is ciall d'ar
sean-sgeulaidheacht. Acht is do luchd an
áird-léighinn tugadh an fhoghluim sin. Gheabhaidh
an sluagh foghluim ó 'n gCraoibhín Aoibhinn,
agus ní ar staraidheacht ná ar sgeulaidheacht ná
ar fhilidheacht amháin, acht ar iomlán na sean-
litridheachta Gaedhealaighe.
Beidh meas ag an Sagsanach feasda ar
léigheann na Gaedhilge, agus má bheidh, b'fhéidir
le Dia go mbeidh de mheisneach ag muinntir
na hÉireann a rádh nach bhfuil náire orra i
dtaobh na teangadh féin. Fairíor, tá mór-
chuid acu, a n-urmhór, b'fhéidir, nach léigeann
a meisneach dóibh gíog do labhairt, nó go
mbeidh a fhios aca ar dtús cad é meas an
tSagsanaigh. Seo mar bhítear aca:
An Sagsanach. “Is aisteach liom an
teanga úd agaibhse.”
An tÉireannach. “Is fuath liom féin í.”!
S. “Measann tú, an fiú dhaoibh bheith
ag feuchain le n-a coimeád beo?”
E. “B'fhearr liom-sa sgriosta as an
saoghal feasda í.”
S. “Ní héidir go bhfuil mórán leabhar nó
a leigthéid sin sgríobhtha i nGaedhilge?”
E. “Ní raibh leabhar ná léigheann riamh
innti.”
Ní'l aon leithsgheul ag na daoinibh bochta
so ó so amach acht a mí-mheisneach agus a
meatacht féin.
Tá focal nó dhó 'san leabhar so nach maith
linn, go mór-mhór má léightear ar leith leo
féin iad, agus ní thiocfamaois tharsta, muna
mbeidheadh gur clódhbhuaileadh ar leith iad i
bpáipeuraibh éigin i n-Áth Cliath, agus ní
fuláir gur mealladh daoine ag á léigheadh.
Má deir an t-ughdar go bhfuil an Ghaedhilg
marbh agus a shamhail sin, ní'l ann acht nós
labhartha. Má deir sé nach teanga
náisiúnta í an Ghaedhilg, cialluigheann sin
gur thréig urmhór na hÉireann í. Acht tá
dream ann chuirfeas fáilte roimh na foclaibh
sin, ag deunamh leithsgéil díobh dóibh féin.
I n-a dhiaidh sin, ní dóigh linn gur
clodhbhuaileadh riamh leabhar ba mhó tairbhe
do chúis na Gaedhilge ná fós leabhar is mó
mheuduigh clú agus ainm Gaoidhal le Gallaibh
nó le lucht an tSacs-bheurla idir Gaodhlaibh
agus Gallaibh ioná an leabhrán fír-ghreannta
so. Ní theasduigheann ó chúis na Gaedhilge agus
na nGaodhal acht an fhírinne iomlán d'fhoill-
siughadh do'n domhan, mar tá cuid di
foillsighthe go dian-mhaith 'san leabhar so
ag an gCraoibhín Aoibhinn.