Séadhna
(Ar leanamhain)
Peg. Dé bheatha-sa, a Cháit!
Cáit. Go mairir-se, a Pheg! Ní deirim
ná go bhfuil tosach agam anocht.
Peg. Ambasa, tá, tosach agat ortha go
léir acht ar Shíle bhig.
Cáit. Cionnus d'fhéadfainn tosach a bheith
agam ar Shíle agus í annso i gcomhnuidhe agat?
Síle. Beidh tosach ar gach aon'ne anois
aici ó tá ma óg agá deirbhshiúr.
Peg. Éist, a thoice. Cionnus tá Nell, a
Cháit?
Cáit. Tá sí go hana-mhaith, a Pheg, agus tá
an leanbh go maith leis, agus ó go deimhin agus go
dearbhtha, a Pheg, isé an leanbh is deise agus is
gleoidhte agus is gile a chonnaircidhis riamh ad'
shúilibh cinn é, agus is mise a mháthair.
Peg. Tusa! Cheapas gur bh' í Nell a
mháthair.
Cáit. Airiú cnoc air mar sgeul! Dár
ndóich isí leis. Acht is mise a bhaist é.
Peg. Aililliú! A Cháit an chroidhe istigh,
cad badh gádh sain agus gan é ag dul chum báis?
Nach raibh an sagart ann?
Cáit. Acht, go bhfeuchaidh Dia orainn! Cad
é sin agam dá rádh? Dar ndóich, nídh nach
iongnadh, isé an sagart a bhaist é, agus mise a
sheasaimh chum baistidh leis, mé féin agus Séa-
mus. Acht cad a chuir ad'cheann é bheith ag
dul chum báis, a Pheg. Ní'l aon chomhar-
thaidhe báis air. Dia dhá bheannachadh! Ná
bíodh a eagla ort.
Peg. 'Sdó'. Dubhraidhis ar dtúis gur
thu a mháthair, agus annsain gur thu a bhaist é,
agus deir an Teagasg Críosdaidhe ná féadfadh
aon-ne' acht an sagart é bhaisteadh, muna
mbeidheadh sé ag dul chum bais agus gan
sagart ann.
Síle. Ní deirim ná gurab amhlaidh mar
tá an sgeul ag Cáit an aimsir seo, ná
feadair cos léi cad dhéanfaidh lámh léi.
Cáit. Fágaim le hudhacht, a Shíle, go bhfuil
an ceart agat. Ní fheadair cos liom cad
do dheanfaidh lámh liom, agus ní fheadar féin
cad do dheanfaidh cos ná lámh liom. Dá
bhfeicfeá é, a Shíle, bheidheadh árd-chion agat
air. Tá oiread-sain ceana agamsa air
gur dóigh liom go n-íosfadh é!
Gob. Aililliú, a Cáit! Cad é sin agat dá
rádh? Níor mhaith liom go mbeidheadh puinn
ceana agat orm-sa, má's mar sin dhéanfá
liom é.
Peg. Dé bheatha-sa, a Ghobnuit! An
bhfeacaidhis Nóra ag teacht?
Gob. Tá sí chughat an dorus isteach. Bhí
sí ag bagairt orm-sa fanmhuint léi, acht bhí
eagla orm go gcaillfinn aon chuid de'n
sgeul san Sheadhna.
Nóra. Feuch anois, a Ghobnuit! Níor
bh'fhiú dhuit gan fanmhuint liom.
Peg. Dé bheatha, a Nóra! Ní gearánta
dhuit. Ní rabhais i bhfad 'n-a diaidh. 'Seadh
anois, a chailínidhe, druidídh aníos annso i
gcomhghar na teineadh. Tá an tráthnóna
buille beag glas ann féin. Sin é! B'
fhéidir anois go bhfuilimíd go seasgair.
Gob. Feuch gur maith a shocruigheann Síle
í féin i n-aice Cháit, agus gan eagla uirthi go
bpriocfaidhe í!
Síle. Cogar, a Cháit! Cad í an ainm atá
air?
Cáit. Tá Eumonn.
Peg. Agus Eumonn, a athair. sid é
Eumonn Óg. Eumonn Óg Ua Flainn — is
breagh an ainm í, a Cháit. Molaim thu!
Nóra. Agus Molaim-se Séadhna, a Pheg,
mar fuair sé an sparán agus cead tarang as.
Acht cionnus do sgar sé leis an réice? Nó
ar sgar sé i n-aon chor leis?
Síle. Is baoghalach nár sgar sé ar fhogh-
namh leis.
Peg. Níor sgar sé leis go dtángadar
araon go tigh Seadhna. Is ar éigin do bhí
aghaidh tabhartha aco ar an mbaile, 'nuair
chonnairc Seadhna arís an leanbh agus an bhríc
aráin fé n'osguil aige, agus bhí sé sa' driuch
i n-a bhfeacaidh sé ar dtúis é. D'fhéach sé
ar Sheadhna go buidheach, agus annsain do sgeinn
sé as a radhairc.
Ba ghairid dhóibh i n-a dhiaidh sin go bhfea-
caidh Seadhna an bhean chosnochtuighthe, agus
d'fhéach sise leis air go buidheach, agus d'osguil
a lámh dheas i gcaoi go bhfeacaidh sé an
sgilling annsúd ar chroidhe a deárnann, agus
annsain do sgeinn sí as a radhairc, feibh
mar dhein an leanbh.
Fé cheann tamaill eile, do chonnairc
Seadhna ag siubhal ar an mbóthar, roimis
amach, an duine bocht gur thug sé an chéad
sgilling do. Bhí drom an duine bhoicht leis,
acht mar sin féin, d'aithin sé go maith é.
“Ní fheadar,” arsa Deadhna i n-a aigneadh
féin, “ar choimeád sé an sgilling a thugas
do, feibh mar choimeád an leanbh an bhríc.”
Ní túisge bhí an méid sin machtnaimh
déanta aige, 'ná d'iompuigh an duine bocht
ar a sháil, agus thugh a aghaidh ortha. Do bhí dhá
dheoir mhóra ag teacht anuas ó n-a dhá shúil.
Do shín sé amach a dhá láímh agus iad ar leathadh,
i dtreo go bhfuair Seadhna radarc ar a dhá
dheánainn agus bhíodar araon folamh. 'Nuair
chonnairc Seadhna sain, thug sé strac-
fheuchaint ar an bhfear ndubh, acht má thug,
níor chuir-san aon tsuim ann. Níor leig
sé air go bhfeacaidh sé an duine bocht.
'Nuair d'fheuch Seadhna thar n-ais, bhí an
duine bocht imthighthe.
Thiomáineadar leo. Níor labhair aon-ne
aco focal. Fé dheireadh bhíodar ag deunamh
ar an dtigh. Bhuail duine de na comhar-
sanaibh úmpa agus bheannuigh do Sheadhna.
“Dia 's Muire duit, a Sheadhna,” ar sei-
sean. “Nach luath sa' lá atáir tagaighthe a
bhail ó'n sráid, agus tu ad aonar leis!”
“Ní raibh puinn le deunamh agam,” ar
seisean, agus thug sé strac-fheuchaint eile ar
an bhfear ndubh. Níor chuir an fear dubh aon
tsuim ann, agus annsain do thuig Seadhna ná
feacaidh an chomharsa é.
Chuadar isteach. Bhí an chathaoir annsúd
i n-aice an tínteáin agus gan cor curtha dhi
ó fhág Seadhna í ar maidin. Bhí an mheal-
bhóg annsúd ar crochadh, ar an ndul gcéadna
ar a bhfeacaidh sé ar maidin í, 'nuair bhain
sé an dorm déidheanach mine aisti. D'fheuch
an fear dubh ortha, ar an gcathaoir agus ar an
mealbhóig. Annsain d'fheuch sé ar Sheadhna.
“Aistirigh í sin,” ar seisean.
Chuaidh Seadhna anonn agus chuir sé a lámh ar
dhrom na cathaoireach.
“Ó!” ar seisean. “Tá sí ceangailte!”
“Chuir sé an dá láimh uirthi. Theip air
filleadh ná feacadh a bhaint aisti.
“Aililliú!” ar seisean. “Tá sí chomh
daingean agus tá an chos insa' tuairgín!”
“Aistirigh an mhealbhóg,! ars' an fear
dubh.
Chuaidh sé suas agus bhuail sé lámh ar an
mealbhóig. Bhí sí chomh ceangailte de thaobh
an falla agus eidheadh an chloch ar an lic oidhir.
Do stad Seadhna agus chrom sé a cheann.
“'Seadh,” ar seisean. “Táim réidh anois
munab ionann a's riamh. Ní fheadar an
tsaoghal ná an domhan le chéile cad tá le
deunamh agam. Ní fheadar ó Chúig Árdaibh
na Naoi bhFionn cad do dheanfad. Dá
fheabhas aireachas a dheunfad uirthi, tiucfaidh
duine éigin dem' lom deirig aimhdheona, agus
suidhfidh sé innti, agus beidh an dútháigh 'n-a
cogadh dhearg im'thímcheall! Mairbheochar
ar lic mo thinteáin féin mé gan truagh gan
taise! — B'fhéidir, a dhuine uasail, go
bhféadfá-sa an easgaine bhaint díobh?”
(leanfar de seo.)
NOTES.
1 Dé bheatha-sa, also Dé do bheatha, Dé ad' bheatha,
"you are welcome;" Dé 'n-a bheatha, "he is welcome;"
De 'n-a beatha, "she is welcome;" nára' Dé do bheatha,
"never welcome you;" nára Dé 'n-a beatha, "never wel-
come her;" Dé 'n-a mbeatha, "they are welcome;" De
bheatha grásda Dé. The full meaning is, "may all the
good results of this kind visit of yours go into your life."
Literally, "may there be in your life off it!" Dé, off it,
ad bheatha, in your life. [This may be a correct interpre-
tation of this formula, so grammatically obscure. What
goes to strengthen it is, that the usual way of expressing
"result, consequence," in older Irish is by means of de
with the verb bheith.
Is truagh a ní nartá de
'N-ar ndaltánaibh Sgáthaighe.
Comhrac Fir Dhiadh.
Fil ar an nemdénam de
Maíle méithe mochléithe.
Modern, "tá ar a neimh-dhéanamh de maoile, méithe
moch-léithe," the punishment threatened for the Leinster
kings, who neglected to hold the great triennial games at
Wexford. Atá de, fil de, occur in hundreds of passages
in Mid. Irish, expressing consequence. Hence, nára
dé ad bheatha might mean ná raibh ad' bheatha de, "may
your fife have no (good) result from it!" agus c.
On the other hand, the salutation, Dia do bheatha! a
Mhuire, is used to translate "Ave Maria," not only in
recent publications, but in the words of such masters of
Irish as Gernon (author of Parrthas an Anma), Aodh
Buidhe Mac Cuirtin and Donlevy. In Connaught, the
salutation, both in the prayer and in ordinary speech is
'Sé do bheatha, 'sé bhur mbeatha, agus c., showing that
whether the word Dia, Dé, is corrupted into sé or is
avoided through reverence, at all events the popular in-
stinct of the meaning is clearly different from what Father
O'Leary understands by it. Morevoer, in Connaught
Irish and in older written Irish, so far as I have observed,
the vowel in de, "off it," is short. In Connaught, de,
de, are short, and dó, "to him," is long. In Munster
generally dé, dí, long, do, short.]
2 Ní deirim ná go bhfuil, I don't say but there is, I
think there is.
3 Note the article instead of the pronoun mo.
4 Nouns can be used adverbially to express direction,
distance, time, agus c. Car ghabhais chugainn? An bóthar
anoir. "In what direction have you come to us? The
road from the east." No preposition is understood in the
Irish. [Tá sé míle uainn, he is a mile form us; bhí sé i
gCorcaigh lá, he was in Cork one day; tháining sé Dia
Luain, he came on Monday.]
5 Ní gearánta dhuit, "it is not to be complained of for
you," "you have not done badly." [This form, the par-
ticiple of necessity, survives to some extent in Munster:
ní tógtha orm, "it is not to be raised on me," "I am not
to blame." See beithte, vocab., Three Shafts.]
6 Ar foghnamh, "well," "doing well," differs slightly
from go maith, and implies progress towards good.
7 Driuch "shape, aspect" [evidently a form of dreach].
8 Feibh, "just as" [a very ancient word in this sense].
9 Strac-fheuchaint, "a drag-look," in which the eyes
are strained sideways.
10 Tuairgín, a kind of mallet made of a round block of
wood, one end being thinned off to form the handle (cos),
which accordingly cannot be pulled out or loosened.
11 Táim réidh, "it is all over with me." Munab
ionann a's riamh, "if not the same as ever before." "I
may have escaped before, but now there is no escape."
Munab ionann a's, a common locution. Eiteochar
mise, munab ionann a's fear na caoradh beirbhthe,
"I shall be refused, - a thing that will not happen to
the man with the boiled mutton."
12 Perhaps the heights of Heaven and the nine choirs of
angels are meant.
Peadar Ua Laoghaire.