A BITTER ELEGY
FEART-LAIODH SHEÁGHAIN CIOMHSÓG.
I.
Faoi chliabh na lice so curtha, tá 'n oll-
phiast ramhar
Do chiap lé dlighthibh an fhuirionn budh meidh-
reach, teann;
Do b' fhearrde mise, 's gach nduine dár
fhuiling dlighe Gall,
An Diabhal d'a sgiobadh, tá tuilleamh a's
seacht mbliadhna ann.
II.
An marbh so féin, mo leun, níor smachtuigh
a thoil,
Is mairg do thréig Mac Dé, 's mar Pheadar
nár ghoil;
Do mhairbh gach aon dár fheud — fá mharbhadh
níor bhocht -
Acht do mhairbh é féin maraon, idir anam a's
corp.
III.
Mallacht na bhfann, gach am, do thuill sé
gan truaigh,
A's easgainidhe cheall 'na cheann, do cuireadh
gach uair,
Ag seasamh go teann i gcoinne Cille agus
Tuaith,
Thug leabaidh 'measg amhus dó thall, in
Ifrionn dubh.
IV.
Congbhuigh fad' bhonn go lom, a ghairbh-lic
mhór!
An mústaire fallsa do mheabhruigh gangaid
a's gó;
Le dlighthibh na nGall thug sgannradh air
Bhanba a's tóir,
A's go bhfeicead-sa in am, faoi d' shamhailt,
a maireann dá phór.