Irish Proverbs, &c.
From Camp, Tralee: — Imthigheann gach
maith lé mion-chaitheamh. Bailigheann brob
beart. An té bhidheann amuigh, fuarann a
chuid. Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb.
An té nach dtabharfaidh aire do'n sgillinge,
ní bheidh an sgillinge aige. Is raimhre fuil
ioná uisge. Innis domhsa, innis do'n chloich
é; innis d'aonneach eile, innis do'n bhóthar é.
Ins an tseanaimsir do dheuntaoi pósadh
bréige ioir pháisdibh mar so; do chuireadh
duine a lámh ar cheann an gharsúin bhig agus
annsin ar cheann an ghearrchaile, ag rádh:—
“Píosa, pósadh; práitín rósta, Sgilléidín
uisge, tá sibh pósta.”
From Skibbereen: — Is fearr leis troigh
ar a thoil ioná bann-láimhe ar a leas.
Banl = measure of two feet. Bainne na
bó sopaighthe, sopaigh = to coax with a wisp
of hay. Sé bainne na bó sopaighthe a ghnó
- said of a child coaxed to work. An
náire is mó rug riamh Fionn, rud in a bheul
a's gan aon nidh in a láimh. Drannadh mad-
raidh nó gáire Sagsannaigh. Is mairg a
báidhtear lé linn an anatha ( = anfa), mar
tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.
Ní tháinig (= tháinic, so chunna mí in Scotch
Gaelic = chonnaic) an tráigh 's an timcheall
lé h-aenneach riamh. No one could ever do
(= attend to) the strand ( = work on the
strand, cladóireacht in Connacht) and the
round (visit at a holy well, etc.,) at the
same time. Is eusguidhe neoin ioná maidin.
Ní fuacht go h-earrach. Galar gan náire
grádh nó tart. Ní thagann eug gan adhbhar.
Súil lé cúiteach lomas an cearrbhach. 'Tis
the hope of satisfaction that ruins the gam-
bler. Is fusaide an donus orm féin é bheith
ar mo chomhursain. Is fadshaoghalach iad lucht
múchta (múchadh = asthma). Seal gearr
súgach. Ní tháinic gorta lé tirmeas ariamh.