EACHTRA AIR AN SGOLÓIG AGUS AIR
AN NGRUAGACH RUADH.
(Air Leanmhuin.)
Do dhruid sé níos goire do'n chaisleán,
agus air fheicsin doruis fairsing deagh-
dhéunta air dian-leatha, cuaidh sé asteach
anns an alla. Shaoil sé nach raibh sé riamh
'n-a leithéid d'áit le áileachd agus deagh-
riarachd, acht ní fheachaidh sé aon duine ann.
Do mhachtnaigh sé leis féin air feadh tamuill
geárr cread do b'feárr dó a dheunamh. I
bhfeuchain dá'r thug sé thairis, chonnairc sé
sdaighreadha leathana 'naice leis agus do
ghluais sé roimhe suas. Air theacht dó do'n
chéad urlár, chualadh sé comhradh i g-ceann de
na seomraibh. Do bhuail sé ag an dorus,
agus d'iarr cead dul asteach. “Gheabhair
sin, agus fáilte,” ar fear d'fhosgail an
dorus, “ó bhí sé de chumas ionnat na
daingneacha dlúth bhí d'ár g-cosaint do
mhilleadh le dioghaltus, óir do mheasamar go
rabhadar buanseasmhach anaghaidh gach tóir
do thuicfeadh orrainn. Suidh síos agus innis
dam cia'r díobh thu, agus cread do chuir ad'
cheann sin-ne do ghéirleanmhuin?” “Is fad'
ó bhaile tháinic me chugaibh,” ar an Sgológ.
“Is mairg damhsa gur b'eadh,” ar an duine
uasal, “acht air son cródhachta dó ghníomhar-
thadh, ní chuirfeadh me aon achmhusán ad' leith. Is
iomdha laoch calma do claoidheadh ag iarradh
ár n-dun do díothláithriughadh.” Do shuidh an
Sgológ go cúthal, agus ní raibh casnadh dá'r
tharla dhó ná'r chraobh-sgaoil, do reir na fiaf-
ruightheadh do cuireadh air. “Agus anois,” ar
sé, “ní bh-fuil d'easbhuidh orm acht an clóidheamh
soluis, agus fios d'fhághail cia ghoid an long
óir, agus cia mhairbh an t-Athach O Dúda.”
“Measaim go bh-fuil fios agat cheana féin,”
ar an duine uasal, “gur mise an Gaisgidheach
Óg. Súd é thall an cloidheamh soluis ag
crochadh air an bhalla, agus bronnaim ort é.
Tugann sé solus comh lonnrach sin uaidh go
bh-feicfeá aon nidh timcheall air i n-dorchadas
na h-oidhche comh gléineach is d'fheudfá i lár
an lae. Caithfead innsin duit anois an
cuma air a bh-fuaras an long óir, agus 'nar
leagadh an t-Athach O Dúda le treiseachd mo
láimhe. Ní'l duine ag éisdeacht linn acht mo
bhean, noch do chídheann tu 'n-a suidh cois na
teine, agus breughnuigheadh sí me má's doigh
leithe nach bh-fuilim ag innsin na firinne
dhuit. An tráth bhidheasa am' shlataire de
bhuachail óg, do ghlacas dúil daoine agus
dúthaighe cóigcríocha d'fheicsin chum breis
eolais d'fhághail air na slighthe mhaireachdain
bhí aca. Air imtheacht dam cia sheolfaidh go
modhmharach me acht do'n nGréig, agus do
chuireas aithne air Righ na Gréige, noch ag a
raibh inghean ná'r bh'uras a cosamhlacht
d'fághail le deiseacht. Budh gheárr do
lonnaigheas ann no gur posadh sinn, le toil
a h-athar agua a máthar; acht ní bh-fúil áit fá
luidhe na neull dob' fheárr liomsa bheit am'
chomhnuighe 'na i n-Eirinn mo ionnad dúthchais,
agus do shireas uirre teacht liom ó'n Ghréig.
Do dhiultaidh sí dom' impidhe, ag radh nach
raibh aon beann aice orm, agus nach cuir-
feadh sí suim am' athchuinge go d-tiucfadh sé air
a mithidibh féin; óir bhí sí óg dithcéilleach,
agus níor thug toradh air mo chaint, mar nach
raibh an t-annsacht ceart in a croidhe aici
dham-sa. Chomhairligh a túismightheoiridhe í dul
liom, agus chum í do bhreugadh thug a h-athair
mar tabharthus di slaitín draoidheachda bhí
'n-a sheilbh ó aimsir i g-cian. Acht níor aontuigh
sí leis so do dheunamh no go bh-fuair sí cead
uaim me bhreith chum comhnuighthe do'n Domhan
t-soir air d-túis. Thar éis teacht annso
dhúinn, do chiap sí an croidhe agam le na
baosradh, agus mar gur eitigheas í aon lá
amhain a h-antoil féin do thabhairt di, do
bhuail sí me leis an t-slaitín draoidheachda,
agus d'atharruigh me go cruth capuill. Air
a shon sin níor chailleas mo chiall, óir d'fhan
mo mheamhair air mo chumas, agus d'fheudfainn
urchóid mhór do dheanadh di, acht do mhachtnai-
gheas go m-b'feárr dam staonadh ó'n olc,
air eagla go m-beidheadh aithreachus orm 'n-a
dhiaigh sin. Anois agus arís do bhuailfinn
speach air gach n-aon do rachfadh am' thiomáint,
agus do theilgfinn fám' chosaibh iad. Air
uairibh eile do stolfainn agus do reub-
fainn le m' fhiaclaibh cia b'é thiocfadh am'
ghoire. An tráth do chuaidh an sgeul so amach
orm bhí saoghal diomhaoin agam, acht ní mar
mhaithe liom é. Níor shásaigh so toil ainshrianta
mo mhna, agus do tháinic sí lá chugam mar a
bhidheas go sacránta am' ghrianaigh féin cois
crainn. “Ní raibh aon gnó agat thu féin do
shocrughadh annsin,” ar sí, agus do thug preab
anns an druim dam le bior. Níor bh'feidir
liom an tarcuisne so do ghabhail le n-ais
uaithe; agus le corp buille, mar gur chráidh
sí comh mór sin me, do bhuaileas liom chois
í i g-clár an eudain, agus do thuit sí air an
d-talamh gan mian innte. Fuair seirbhíseach
í agus gan urlabhradh aici. Tugadh abhaile
í, agus thar éis aire mhóire, chuaidh sí i bh-feabhus
agus i neart arís, acht níor bh'aon sgeul
áthais damh-sa é sin, óir is é mo thuairim
ná'r stad sí de ló ná d'oidhche acht ag
smuaineadh air an t-slighe is feárr d'fheudfadh
sí me bhasgadh. Lá breágh d'á rabhas am'
aonar, le h-olc orm, do bhuail sí me le na
slaitín draoidheachda, agus do righne mactire
dhíom, agus do sháruigh sí na madraidhe am'
dhiaigh. Thug luathas mo chos mise saor uatha
a bh-fad, acht fuaradar tosach orm, agus do
rugadh orm fá dheireadh. Bhidheadar air tí
me stracadh as a chéile gur thárla do Righ
na Gréige teacht suas linn. Níor aithnigh
sé ciar bh'é me, óir d'innis mo bhean-sa dho
a bh-fad roimhe sin gur imthigheas gan fios
mo thuairisg, agus nach feadar sí an rabhas
beo. D'umhaluigheas dó chomh maith is d'fheudas
é. Chonnairc sé samhlachuis deór air mo
ghruadh agus do ghlac sé truagh dham. Do
shaoil sé go raibh rud éigin greannmhar am'
ghluaiseachd. Do leanas é abhaile, agus
gach lá dá'r chuireamar dínn do mheuduigh ár
g-cionn air a chéile. Do chur so fearg air
mo mhnaoi; acht mar nach raibh sé in a
cumhacht me mharbhadh, do righne sí a dithchioll
le toil a h-athar d'faghail chum me do dhibirt
air fán. Budh bheag an tairbhe bhí ann sin dí
mar níor thug sé toradh air a glór. Bhidheadh-
sa i d-tathuighe bheith go minic anns an seomra
in ar ghnáthach le ár leanbh codladh i g-
clíabhán. Do shleamhnuigh sí asteach chugam
lá, agus do chroith fuil orm, agus do chuimil
tuilleadh dhi do'n leanbh, chum go d-tuigfidh as
so go raibh fonn orm-sa an leanbh do mharbhadh.
Thosuigh sí air lúirigh agus air sgreaduigh
gur chlos a h-athair agus gach uile dhuine do
bhí anns an tigh í. Do ritheadar go léir a
triall uirre chum fios d'fhághail air fáth a
buaidhreadh. Do ghearán sí go cruaidh me,
agus do thug masla mór dam, ag deimhniughadh
gur b'í féin do shaor an leanbh ó'n ghuasachd
in a raibh sé am' ghreamannaibh-se. D'iom-
puigheadar go léir orm, agus d'fhobar go
g-cuirfidh chum báis me; acht dubhairt athair
mo chéile, Righ na Gréige, go m-bféarr me
sgaoileadh air siúbhal uatha, agus go bh-
feudfainn imtheacht air m'ádhbhar dam féin.
Budh mhor an t-aimhleas agus anró do tharla
damhsa as so, óir do ruagadh chum siúbhail
me fá thart agus ocrus, gan áit go luidhfinn
agam; acht ní raibh aon dul amughadh orm
cread do bhí agam dhá dheunamh. Do chinntigheas
am' aigneadh féin go d-tabharfainn m'aghaidh
cois na trágha, feuchain a bh-fhaghainn iasg no
conablach caithte asteach leis an bh-fairge,
d'íosfainn go m-buainfeadh sé an t-ocrus
díom. Níor bh-fada dham ag gabhail le h-
ais na h-aillibh árda, agus na tonna bhí ag
bualadh go dian a g-coinne na carraigeacha
dá m-briseadh air gach taoibh díom, go bh-
feacadh an long budh bhreágha dá'r connairc
súil duine riamh, slighe geárr uaim, agus í
dá luasgadh air bhár an uisge. Do imthigheas
fá n-a déin ag súil le arán no feóil
d'fághail ag snamh timceall uirre. Air teacht
anaice leithe dham, budh léir dam slat
iasgaire ag duine éigin air bhord, agus é
go dithchiollach ag iasgaireachd. D'iompoigheas
go deire na luinge, mar a raibh an t-slat
acht ní luaithe bhidheas faoi 'ná tháinic mo
chruth agus mo dheilbh nádurtha féin orm arís.
Ní thiocfadh liom le brigh focal a chur i d-
tuigsin duit méid na luathghaire do líon mo
chroide, agus do sgreadas go h-árd me
tharraing as an uisge. Do síneadh téud
chugam; do ghreamuigheas é, agus do stracadh
asteach air bhórd na luinge mé. Ní raibh de
daoinibh ann acht beirt buachail óg agus a
n-athair; do b'iad so an t-Athach O Dúda
agus a chlann mhac, a bhí ag aidhéaruigheacht
dóibh féin. Do mheasadar gur bhitheamhnach
mise do thainic dá n-ionnsuigh, agus do
chuireadar troid orm. Do b'éigin damsa
comhraic do thabhairt doibh air mo shon féin,
acht do thuit an t-Athach O Dúda le buadh mo
neirt. Do cuireas a bheirt mhac abhaile d'á
n-dúthaigh féin, agus níor chualaidh me focal
mar gheall orra ó shoin. Air cuartughadh na
loinge dham, fuair me an cloidheamh soluis,
agus ní sgarfainn leis air ór ná air
airgead, gidh gur iomdha duine do chur nimh a
shúl ann agus do mheas é d'fhághail uaim;
acht ní raibh aon duine budh dhéine 'n-a dhiaigh
'ná mo dhearbhrathair, an Gruagach Ruadh,
agus ag súil le me féin do congbháil i
síothcháin, saor ó'n lúbaire, is annso do
tháinic me chum comhnuighthe. Acht caithfead
filleadh air mo sgeul.
“Bidheas lán d'áthas i d-taoib feabhas
d'eirigh an saoghal liom, agus chas
me thar n-ais chum tásg fírionach air
an éugcóir do righneadh orm d'aithris
d'athair mo chéile. Ní túisge tháinic me os
a chomhair 'ná d'aithnigh se me; agus do chaith
mo bhean í féin air a dá glúinibh, agus d'iarr,
mo mhaitheamhnus. Do ghlacas truagh di air
clos an aithreachus d'admhuigh sí, agus an
geallamhuin do thug sí nach deunfadh sí a
leithéid go deo arís; agus air eagla go bh-
faigheadh sí milleán, ná go d-tiucfaidh aon
mio-ádh uirre, dubhairt me go rabhas toil-
theanach le gabhail leithi arís, dá g-ceapfadh
sí a suaimhneas. Ó shoin a léith ní'l bean
anns an domhan is feárr 'ná í. Maithim
mar an g-ceudna do'n Ghruagach Ruadh b'é
dioghbháil do righne sé dhom. Ta fios agat
anois cia ghoid an long óir, agus cia mhairbh
an t-Athach O Dúda, agus bidheadh an cloidheamh
soluis agat; beir leat é agus mo bhean-
neacht-sa le n-a chois.”
D'fhág an Sgológ slán ag an nGaisgidheach
óg; agus thar éis sgathadh aimsire do
chaitheamh i bh-fochair athair agus máthair
a chéile, d'iompoigh sé a aghaidh air an
m-baile. Seachdmhuin roimhe sin do bhuail
aicíd an Gruagach Ruadh, agus fuair sé bás;
budh thaithneamhach an sgeul é so do'n Sgolóigh,
óir ní raibh duine beo chum seilbe an chloídhimh
soluis do bhaint de, na buaidhirt do chur air
go brath arís. Bhí a bhean ag súil leis a
n-aghaidh an lae, agus air radharc d'fhághail
air, do rith sí chuige. “Dia do bheatha,” ar sí,
agus le méid a gairdeachuis shaoil sé go
muchfadh sí le pogaibh é, go m-baithfeadh sí
le deoraibh é, agus go d-tíormochadh sí
é le brataibh glanna síoda agus sróil.
Do mhaireadar go séunmhar air feadh na
coda eile d'á saoghal, agus gur ab'é ár
n-dala go léir é.
Críoch.
PADRUIG O BRIAIN
Baile-ath-Cliath.
Beal teine, 1890.
VOCABULARY.
Gluais sé roimhe suas, he went on [before him] up.
Cia'r díobh tu, to what family do you belong?
Leith has a variety of idiomatic meanings' acmusán do
cur 'n-a leith, to impute a reproach to him; leith,
the dative case of Leath; air gach leith, on every side;
gabh a leith, draw near; o shoin a leith, from that
time to this.
Díothláithriughadh, to demolish.
Cúthal, bashful, modest; do suidh sé go cúthal anns an
chúinne, he sat bashfully in the corner: the word is
used among the people in parts of Munster and Con-
naught.
Casnadh (in West Munster), casnamh (in East Munster),
This word has the same meaning in Munster that
dadadh has in Connaught, viz. - a tittle, ought, any-
thing, a a whit, a trifle.
Súd é thall, there it is beyond.
Treise, gen. id., s.f., strength, force, power, vigour. When
used as a noun in the nominative case it is always
treiseact in West Munster.
Slataire (from slat a rod), applied to a grown-up boy,
or any young animal approaching maturity. Slataire
de bhuachail, deas, a handsome grown-up boy.
Fá luidhe na neull, under the [lying of the] clouds or
heavens; neullta dubha na h-oidhche, the dark
clouds of the night.
D'fhan mo mheamhair air mo chumas, my memory remained
unimpaired.
Socrughadh, to fix, to assuage; it is also used idiomatically,
as, bhidheamar ag deunamh socrughadh ort, we were
commenting or speaking concerning you.
Go d-tucfadh sé air a mithidibh, till she considered it fully
time.
Stol, this is the usual word used in West Munster for a rend
or tear; do stol sé mo chuid éudaigh, he tore my
clothes.
Gabháil le n-ais, to receive or accept something that had
previously been displeasing.
le corp buille, with the embodiment of madness.
Gan mian innte, without a breath or motion in her.
Sáruigh, press, transgress, surpass, oppress; do sharuigh sé
na madruidhe a n-diaigh na mbá, he set the dogs
after the cows. It is ordinarily used in that sense in
West Cork.
Fuaradar tosach orm, they got before me.
Rud éigin greannmhar am' gluaiseact, something queer
in my movements (pronounced greannamhar, in West
Munster, when applied to queer).
Níor thug sí toradh air a ghlór, she paid no attention to
his words (voice).
Liugh, to scream. In most parts of Munster it is pronounced
in this way, bhí sé ag liuruigh, he was screaming.
Sgaoil air siúbhal é, let him go.
Imtheacht air adhbhar do féin, go to seek his own fortune.
Ní ráibh aon dul amughadh orm, I made no mistake.
Ag gabháil le h-ais, travelling near.
Aidhéaruigheacht, s.f., airing, airiness, enjoyment.
Do chuireadas troid orm, they induced me to fight.
Mar gheall orra, on account of them.
Do chur sé nimh a shúl ann, he put the venom of his eyes
in it; he covered it.
Súil a n-aghaidh an lae leis, expecting him every day.
Dia do bheatha, you are welcome; Dia bhur m-beatha go
léir, you are all welcome. In most parts of Ireland
it is what is said now, Is é dó bheatha, is é bhur
m-beatha, agus c.
Go sacránta, leisurely. [Though not given in diction-
aries, is in common use through Munster.]