CUAIRT AIR GHLEANN-DÁ-LOCH.
Maidin domhnaigh ans an bhfoghmhar so
d'imthigh tharuinn — tar éis dom dualgas na
maidhne do chóimhlíonadh — thríallas go port
bhóthair íarainn sráide Harcourt Bhaile-ath-
clíath, chum breith air charáiste na deich ag
dul go Bréa. Do thógas mo chloichead gan
mhoill, agus ní rabhas acht am' shuidhe i g-
carbad 'nuair a ghlúais an caráiste. Do
bhí an mhaidin go breádh aoibhinn, “Grían an
t-Samhradh ag taithneamh,” agus uime sin bhí
a lán daoineadh ag tríall air Bhréa, chum
an lá do chaitheamh cois na fairge, nó chum
aghaidh a thabhairt mar me féin air shléibhtibh
chontae Chille-Mhantáin.
Ní rabhas ríamh roimhe sin air an m-bóthar
so; mar sin de bhí me go h-aireach, fiosrach,
mar is dual a bheith, ag fíafruighe i d-taobh
na n-áiteadh trí a rabhamar 'nár* seóladh,
agas i d-taobh na neitheadh do bhain leó, agas
i g-comhluadar oireamhnach an t-samhuilt so,
níor thaibhreadh me an t-slighe* gur stad an
caráiste ag Bréa.
Bhí daoine muinteardha dham an so am'
choinne reir roimh-shocrughadh, agas láir
thréun bhrioghmhar fé chathaoir seólta aca
chum sinn do fhuadach air ár n-aisdear go
Gleann-dá-Loch, áit air a raibh sé mar mhían
againn tríall an lá sin. Ní righneamar
aon mhoill ann so acht sinn féin do chórughadh
air ár g-cóir mharcuigheachda, beirt air gach
taobh, agas an cóisdeóir air a shuidheachán
tiománta. Budh gheárr go rabhamar as
radharc an bhaile bhig, agas ag tabhairt
aghaidh soir ó dheas air Shlíabh-Cualann, an
sliabh is mó gairm de sléibhtibh Chille
Mhantáin air an d-taobh sin. Chuireamar ár
slighe dhinn go tapaidh, agas fé bheagán
aimsire bhidheamar taobh le taobh leis an g-
cnoc. Eirgheann an slíabh so chum aoirde mhaith
i g-cosamhlacht corcóige; ta sé lom air gach
aon taobh, gan crann ag fás air ná mórán
féir, agas ó thimchioll meadhon an chnoic go
bárr nach beag, tá sé an-chlochach, garbh le
clochaibh fúaradh, singile, agas uime sin ní
maith d' fheuchann sé gar do, acht atá sé
slachtmar go leor dá fheichsin i bhfad úaidh.
Chuireamar aisdear orrainn féin i n-grádh
dul trí Gleann-na-n-Dún, agas go deimhin
is fiú aon aisdear an gleann áluinn so
d' fheicsin. Sul teacht duit i radharc an
ghleanna eirgheann an tír ós do chomhair 'na
árdánaibh, ag dúnadh suas fairsingeachta d'
amhairc, agas ní fheicir air d-túis acht fíor-
thosach na coille, agas é sin air do theacth
comhgarach di. Ritheann an bóthar trés an
gleann ag á fhíor-íochtar, agas atá an dá
aill ag eirghe súas air gach taobh gan
eatorra ag bun ann áitibh acht leathad an
bhóthair. Ní'l aon srothán ann so mar is
gnáthach i n-gleanntaibh, acht is ann atá an
tobar fíor-uisge is breádhtha, agas is fion-
fhuaire d' ólas ríamh. Tá 'n gleann lem'
thuairim tímchioll míle slighe nó níos feárr,
agas tá na cnoic air gach taobh clúdaighthe
go tiugh le crannaibh ó bhun go bathas. I
n-aghaidh a dheire tá an dá chnoc ag fair-
singiughadh ó'n a chéile, an ceann air do lámh
chlí ag tabhairt cor soir ó dheas cum tathughadh
le gleann eile i bhfogas do Dhergne.
Tar éis cúl do thabhairt air Gleann-na-n-
dún ghluaiseamar linn go socair go ránga-
mar Baile-nuadh-chnoic-ui-Chinnéide, mar bhí
an lá an-bhrothalach, agas an bóthar gan a
bheith ró réigh. As so amach tá an tír go
léir neamh-chothrom le cnocaibh agas le
gleanntaibh air gach taobh díot; thall 's
abhus tá sléibhte de gach dealbh agas clódh
ag éirghe ó thalam go spéir. Ní dóigh nach
bhfuil deamhra fiadhain go leór orra air
uairibh, acht andiu tá síad báidhte le solus
geal na gréine, agas atá cruadhas a g-
cumadh ag leaghadh fé chumas an t-soluis
sin. Atá ár m-bóthar feasta fé sgáil na
g-cnoc so. Air feadh tamaill d'ár slighe ta
'n tír garbh agas fiadhain, tamall eile agas
támaoid ag gluaiseachd cho s abhan nó trí
lag mhín, chluthmhar, chraobhach; ann so ní'l le
feicsin air aon taobh acht móntain loma
gan rud marthannach air bith orra acht gearr-
fhiadhtha agas éanlaithe fiadhaine: agas ann
súd chidhtear áitreamh duine uasail a tá
cúramach chumh saothar do dheunamh, agas dá
bhrigh sin tá cluain agas bánta míne
deunta le h-ollmhughadh agas le h-obair
de thaobh chnoic do bhí roimhe sin 'na fhásach
fhíadhain charraigeach. So samhuilt na tíre
ruith na slighe go léir.
Ní'l aon uireasbadh uisge ans an duithche
so. Tá srothánna agas abhaineacha go fair-
sing. I bhfogas do baile bhig na coille
thimchiollaigh teagmhaighmíd air abhainn an
Fhir-tíre, agas air an loch bhreádh ealadhantach
de'n ainim chéadna as a d-tugtar uisge
asteach go Baile-ath'-Clíath le h-aghaidh usáide
coitchionnta na catharach. Ag Ath-na-m-bó
teagmhaighmíd air phroímh-shroth Abh-mhóire
Laighnaigh. Eirgheann sé i Lugalágh, agus
sul a sgarann sé leis na sléibhtibh tugann
sé uisge do dhá loch, .i. Loch Tae agas Loch
Dan. Gabhann sé thar an bhaile bheag so a
thógann a ainim uaidh, agas níos sía ó dheas
i n-aice bhaile bhig Lárach, táthuigheann sé
leis na h-uisgidhibh a ruith ann as na trí
ghleanntaibh atá ann so i d-teóra a chéile .i.
Gleann-mhic-an-easa, Gleann-dá-easan, agas
Gleann-dá-loch. As so amach iseadh ghlaodhtar
Abh-mhór air, agas is ag á táthughadh so le h-
Abh-bheag atá lag na h-Abhóca air a bhfuil
gairm an domhain, agas air ar chán an
Mórdhach chomh bínn sin. Eirgheann an Abh-
bheag i g-cnoc atá i bhfogas Lug-na-g-
Coilleach; buitheann sí trí Ghleann Maoil-
ughra air feadh deich mhileadh slighe, agas ní
fada ó bheul an ghleanna so atá táthughadh
na n-Abhannach, nó mar a ghairmthear “Comh-
theagmháil na n-Uisgidheadh.”
Ó Lárach tá radharc aguinn air ghleann
Cláraigh air a bhfuil ard-thúairisg le
breádhachd, acht ní'l uain aguinn cuairt do
thabhairth air andiu. Uime sin leanamaoid
ár m-bóthar síar ó thuaigh, agas fe bheagán
aimsire chídhmíd uainn mullach an Lug-duibh.
Sé so an cnoc a bhfuil an loch uachtarach fé
na bhun ag crioch an ghleanna, agas a bhfuil
leaba Naoimh Caoimhighin 'na thaobh ós ceann-
na locha.
Támaoid anois ag gluaiseachd d'ionnsaige
ceatramha na d-teampoll! Feuchann an áit
go h-áluinn fé shoillseachd na gréine: tá'n
gleann go ciúin, suaimhneach, neamhdha, agas
amhluigheann se dhuinn go bhfuil bean-
naightheachd san aer féin. Támaoid a
bhfiadhnaise an chéad teampoill Rígh-fheart!
Tuirlingímíd, agas líonamaoid súas le h-
áthas a bheith i n-aice an árais dhiadha; brath-
amaoid go bhfuilmíd ann ionad bheannaighthe,
agas an áit ann a bhfuilmíd 'nár seasamh
gur talamh naomhtha é. O! go d' íad na
smuainte a líonann ár n-inntinn 'nuair a
theidhmíd asteach 'san g-cíllín agas thuga-
maoid chum ár g-cuimhne gur ghuidheadar,
agas gur fhaireadar naoimh na sean-aimsire
ans an ionad so, gur shéinneadar moladh do
Dhia go h-árd de Ló a's d'oidhche, agas gur
thriall orra righthe agas prionnsaidhe chum
íad d'sheicsin, agas an eagna do chraobh-
sgaoil síad do chlos ó'n a m-beulaibh féin.
Righneamar beagán moille ag Righ-fheart,
agas ó sin chuadhmar gan stad go d-tí an
loch, le mían cuairt do thabhairt air na
ceallaibh eile air ár g-casadh dhúinn. Ag
beárna na locha iompoighthear asteach ó'n m-
bóthar mhór air bheallacha ruitheann treasna'n
ghleanna go bun an lug-duibh. Ann so bhí
mór-chuid caráistidheadh agas capall agas
daoineadh cruinnighthe, cuid aca so ag tríall
air leaba Naoimh Caoimhighin, agas cuid aca
tar éis teachd uaithe. Bhí a lán daoineadh
ann an lá úd mar budh é an domhnach tar éis.
lae Fhéile Muire Móir' é. Ans an t-Sean-
aimsir bhídheadh Patrún i n-Gleann-dá-loch lá
Fhéile Muire, acht chuireadh fé chois é mar
gheall air dhroch-chleachdadhaibh do bhidheadh 'na
chóir. Is chum an sean-nós do chonghbháil
suas do chomh-chruinnigheann na daoine ann
an domhnach so, acht ní bhídheann aon Phátrún
aca.
Is féidir dul go d-tí 'n leaba ó thaobh na
locha nó ó thaobh na h-aille. Tá báid air
an loch chum na turasaighe do bhreith amach
chum ionaid fé bhun na leapan, agas ó so
tá casan ag ionnsuighe na h-uaimhe. Thoga-
mairne casán na h-aille. Ruitheann se ó
chiosa na locha suas leath-taob an chnoic,
agas leanann se air, chois bhruaich na h-
aille, go d-tigir ós ceann na leapan an
áirde. Tá sé carrach go leór, mar, air
shon go bhfuil urmhór an chnoic fé chrannaibh,
tá ionad an chasáin so lom, garbh, go mór-
mhór i g-comhgar na h-uaimhe ann nach bhfuil
acht carraigeacha fuara. Dar n-doigh chuir-
eamar romhainn dul síos chum ionad chod-
lata Naoimh Caoimhighin do fheicsin, agas leis
sin leigeamar sinn féin do shleamhnughadh
síos aghaidh na carraige, agas thuirlingheamar
slán air leac ag á beul mar thuirlingeóchthá
air leac fuinneóige ó'n g-cleitín. Is dóigh
liom go n-deuntar iomarca de dhochamhlacht
an ghniomha so. Le beagán meisnigh agas le
aireachas ní'l aon chontabhairt ann. Air a
shon sín badh bhaoth-bheart do dhuine a chur
roimhe gan cungnamh do fhaghail ós na
fearaibh furtachda a tá i g-comhnuidhe air a
láthair, agas a bhfuil eólas na h-áite go
beachd aca. Gheobhadh beirt nó triúr slighe
ans an uaimh, mar tá sí seacht d-troighthe air
fhaid ó bhéul go bun, cheithre troighthe air
aoirde, agas an oiread chéadna air leithead.
Tar éis dúinn snaghadh suas aghaidh na carr-
aige arís as an uaimh, chaitheamar beagán
aimsire air thaobh an chnoic, mar bhí an áit
fionn-fhuar breádh, agas an rádharc 'nár d-
thimchioll go h-áluinn. Ann sin shiubhalamar
tar ais trís an ngleann go suaimhneasach,
agas thugamar cuairt air na ceallaibh eile.
Ní thigeann liom anois cúntas do thabhairt
air gach cíll aca so fá leith, ná air an g-
cuilceach bhreádh, mhaiseach atá 'na g-comhar-
sanachd, acht ní féidir liom gan a rádh gur
chuir rádharc agas eólas na h-áite suairceas
orm nach imtheóchaidh go luath as mo chroidhe
ná as mo chuimhne. Go deimhin chuir sí
iongantas orm, mar do chualas 'riamh a's
do léigheas gurab áit fiadhain, dorcha, gan
mhaise í. Agas anois a léightheóir ionmhuin,
chum críoch do chur air mo thuarasgbháil,
deunfad aithris ann so air na smuaintibh do
líon m'inntinn an lá úd ag Gleann-dá-loch.