tear Risteárd Rábach Mac Gearailt, ag fogh-
luim cleas, ealadhan, agus il-cheárd na sgol,
agus aig sír shuirighe le searc-bhéithibh sléibhe
Parnassus, eadhon, na naoi sigh binne shuigeas
i m-bruach sroth Helicon, aig síor-ionnladh
i d-tobar na m-bárd eigse Eireannacha:
Ar na h-ádhbharaibh sin, órduighim agus
fógraim do gach cailligh chrúbaigh, chiar-
sánaigh, do gach caile chrosda, chasaoidigh;
do gach sgolóig sgaithfigh, sgoith bhéalaigh;
agus do gach bodadh bhrocach, bhundúnach, ó
Cheann Chriadáin go faithche Chaisil,
agus ó Lios Mór go h-Oileán ui Bhric,
agus as sin i leith chois fairge, nó
chois Máigh, gan doithcheoll, gan diúltadh,
gan tagairt, do thabhairt don rábaire
rémhfáidhte Risteárd Rábach Mac Gea-
railt.
(2.) Maiseadh, maiseadh, mar sin. Ór-
duighim fós agus fógraim, gan é d'fhágbháil
cois coca na stáca, soip ná lára, i d-tairi-
sin ná i g-cúinne, i b-poll ná i b-póirse;
achd fíorchaoin fáilte, fleaghach a's aoibhnis,
a rogha rúma agus a thogha clúdaigh chum
codalta, tosach suighte agus deireadh eirighthe,
do thabhairt donh rabaire réimhráidhte Ris-
teárd Rabach Mac Gearailt.
(3.) Maiseadh, maiseadh, mar sin. Ór-
duighim fós agus fógraimm, gan gort ná
garraidhe, feabh ná fearann, sliabh ná mín-
leach, móin ná machaire, shoir, shiar, theas, ná
thuaidh; nách bh'fhuighidh sé ceád a rith, a léim,
's a thurslóg do thabhairt tríd.
(4.) Maiseadh, maiseadh, mar sin. Ór-
duighim fós agus fógraim, gan brat ná
braitlín, bainne ná bláthach, corn ná cain-
nín, deasga ná dríodar, fleadh ná féasda,
greim ná císde, mug ná pigín, meascan ná
práta, gruth ná meadhg, leite ná lóta, lionn
ná léith-uisge, mórnán práipín, súbha ná
silín, bhéith aca, má's saor daor e, nach bh-
fuighidh sé cead a lighe, a theanga agus a
mhaide do mheasgadh tríd; ní h-é a bhlas achd
a thástáil, an oiread re duine nó fós re
beirt do thabhairt don rábaire réamhráidhte
Risteárd Rábach Mac Gearailt.
(5.) Maiseadh, maiseadh, agus mar sin. Or-
duighim fós agus fógraim, agus braith ná
bairín, cis ná cófra, cúil ná cathaoir, leaba
ná lóísdín, nead ná neanntóg, poll ná
prachan, sop na suidhiste, anglais na
leamhnacht, pis ná pónaire, ná iarbhais ar bith
eile do bheith a stigh ná a muigh, i n-árd ná
i bh-fánadh, shíos na shuas, shoir ná shiar, theas
ná thuaidh, ann so, nó ann súd, gan a thabhairt
don rábaire réamhráidhte Risteárd Rábach
Mac Gearailt.
(6.) Maiseadh, maiseadh, agus mar sin. Ór-
duighim fós agus fógraim, gan a chur a
g-cuideachta, a g-cómhluadar, ná a g-cuimh-
reann, re daoinib neamh-eólgacha, ná re
h-aodhairidhibh bó, ná re buachaillidhibh con,
ná re lucht gadhar, ná re luch feadghaile
fuaire, ná re lucht éirighthe a náirde a
m-barradhaibh craobh, ná re sgol-mhaighistir-
idhibh fada, fuara, faillightheacha, sgoithbhéa-
lacha, gan bhlas, gan bhéasa, gan mhúnadh;
mar atá ainmhnighthe agamsa ann so .i.
Crostóir Mac Trom-thóin, Guagán O'Cao-
ghaid, Breillín O'Beoláin, Faicín O'Flan-
nagáin, Seághain salach séideánach O'Maol-
ruanadh, Spraimín O'Cuilleanáin, nó Sgigín
O'Maolchatha, mar nár tumadh agus nar
fromhadh i d-tsosach na i n-earchaoin leighinn
ná fír-eolais iad, acht aig siórmhilleadh
agus aig síor-mhuchadh na n-aos-og neamh-
laidionach, neamh-bheusach.
(7.) Faoim' láimh agus faoim' shéala, an
dara lá fithchiod de mhí Márta, an bhliadhain
d'aois Chríosd, míle, seacht g-céad, agus
naoi m-bliadhanna déig ar dóchad.
Do R.R. M'G. re D. Mac Conmara.