Mo Mhacaomh.
Piaras Mac Gearuilt ro chán.
Cómhracann mo Macaomh, a's cánann chomh binn
Le h-éanlaighthibh an earraigh, chomh treun leis an ngaoith;
Ní féidir d'á éadan gan é bheith 'na righ,
Atá an oiread sin sgéimh air mo Mhacaomh.
Cóireócham a leabaidh le fóthanán mín,
Le líl a's le rósaibh, a's mór-chuid de'n tím;
Seinfead go seólta air cheól-chruit go binn,
Chum suain chur go suairc air mo Mhacaomh.
Air shléibhtibh an t-sneachta bíodh tóirneach go síor,
A's dubhartán air fhuar-chnoc Caucasus gan sgith,
Gach nidh mar is deas air an saoghal so shíos,
Nuair a gheabham-ne a bhaile ár Macaomh.
Leigeadh Phoebus d'á rás, 's leis an lá cuireadh suim,
Chum nach g-cosgfaidh sé spóirt ná síoról air gach saoi,
Gibé fad do bhídhim sugach biodh lonnrach gach nidh —
Cómhainm lae beartha ár Macaoimh.
Seólfam-ne an "Bula" le buile as an g-coill,
A's adharca na mallachta strácfam d'a mhaol,
'Sé leónfadh 's do strócfadh, da bh-fhághaidh toil a chroidhe,
Sinne le chéile a's ár Macaomh.
Fosglochad mo sheómra 'gus leigfead-sa an fíon,
Amach, a's cead óil air aig gach oigfhear de'n bhuidhin;
A's leun air an g-cóbhach du thóghfadh bheith claon,
Nach n-ólfadh deagh-shláinte mo Mhacaoimh!