Mo Cháilín Donn.
(Séamus O'Seaghdha, ro chan).
Imeasg na gcnoc mór mbreagh mar bh-fasann blath go luath
'Gus seinneann fuiseog aluinn go h-ard ós cionn an cheo,
Annsoinn mar bh-fuilid na coillte móir d timcheall ar an ghleann
Seadh chomhnuigheas mo Nóinín-se mo chroidhe, mo Cháilín Donn
Tá a leacha ar dhath an tsneachda 's a suil ar dhath na spéir,
'S da bhreaghtha reilt na h-oidhche, is breághdha í go léir,
Tá a gruaig ar sileadh síos lei go fight fada sleamhain
O do cheangail sí mo chroidhe ann, go síor, mo Cháilín Donn.
Bhí an saoghal ag féachaint fíochmhar, gan aoibhneas ann ná sogh
Bhí an lá ar ghul na h-oidhche ag mo chroidhe faoi síor an-ró,
Gur thug mo imtinn grinn dhuit, mo righ-bhean álainn óg,
A's tháinig solus soillseach, a's glinn na gréine am' chomhair
O! táim anois am' dhíb'r'each om' cháilin dileas fial
Acht uirrthe, choidhche 'seadh bhionn mo chroidhe ag triall
Uirrthe mo thaidhbreadh oidhche, mo smuainte 'gus mo rann,
'S mo ghradh go daingion dílis, mo chroide, mo Cháilín Donn.