Im. II. Uimh. I7. FEABHRA, 1924. 3p. SA MHÍ
RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath.
NÍ MHEILEANN LEATH-BHRÓ 83
BRIGHID … CLOCH LABHRAIS 85
GABHLÁIN CÚIGE ULADH … TOMÁS MAC NEACAIL 86
AN LONDUBH … TADHG Ó CEALLAIGH 89
TOMHAISEANNA 91
RINNCÍ GAEDHEALACHA A'S RINNCÍ GALLDA … LEÓN Ó BROIN 91
MÁIRE NÍ BHRIAIN ÓS COMHAIR NA CÚIRTE … M. NIC GHIOLLA PHÁDRAIG 93
MO MHADRA … “AN PÍOBAIRE FÁNACH” 95
AN STÁT GAEDHEALACH … TADHG GAEDHEALACH 96
LEITREACHA EILE 98
LÉIRMHEAS 99
COMÓRTAS 99
DEUNANN
SCOTT & A CHOMH., TEÓ.
Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.
I MÓIN-ÁRD I GCO. CHORCAIGHE.
Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.
R. SCOTT & CO. LTD. MacCurtain St.
CORK.
Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr
AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.
I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
COITCHINNE.
Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.
na polasaithe is iomláine le
fagháil.
MUINTIR MHIC EUMOINN
Síolta le h-aghaidh an gháirdín
(Bláthanna is uile)
Síolta le h-aghaidh na feirme
EDMUNDSON BROS., 10 DAME ST.
Baile Átha Cliath.
BEIDH ÁTHAS AR LUCHT
LÉIGHTE AN
“FHIR STÁIT”
(THE IRISH STATESMAN)
Cuirtear cló air anois lá níos túisge
ná mar a chuirtí, agus is féidir é
dh'fhághailt sna siopaithe i mBaile
Átha Cliath ar an Aoine a's fén dtuaith
ar an Sathairn.
Cuirtear Síntiúsai amháin chun
Sr. Frederic, Theas, a 16
(P. S. Mac Giolla Easpuig,
Bainisteoir).
Bliadhan 15s.; Leath-bhliadhan, 7s. 6d.;
Saor tríd an bpost.
DIXON & HEMPENSTALL
Fir Deunta Speuclairi
SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA
Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl
Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.
SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.
LEABHRA MAITHE GAEDHILGE
AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.
Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.
ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.
Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.
Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.
BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.
Agus na leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó
CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 SRÁID AN TALBÓIDIGH I MBAILE ÁTHA CLIATH.
TAE.
Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.
Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.
Tae ón t-Sín — 2/8, 3/— agus 3/4 an púnt.
BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.
WEST & SON
SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.
Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath
Tá suas le ceud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna &rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.
Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.
ÚSÁID
GRANIA
TOOTH
PASTE
AR SON t'FHIACLA
ÚSÁID
GIBSOL
OINTMENT
AR SON DO
CHROICINN
Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., Lána an
Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.
NÍ MHEILEANN LEATH-BHRÓ.
Tá daoine ann agus sgríobhaid chughainn á
rádh go dtaithnigheann na nótaí seo an fhir
Eagair go maith leo agus ar an taobh eile
den sgeul fuaireamar leitir an lá fé dheire
ó dhuine muinteardha dúinn agus é ag
athnuadhchaint a shintiúis agus 'sé an rud
adubhairt sé ná gur mhaith leis an “Sguab”
ach amháin na nótaí a sgríobhann an Fear
Eagair. Sé a thuairm nach chun leasa an
pháipéir na nótaí seo in ao' chor. Is deacair
gach aoinne do shásamh.
Mar adubhramar níos mó ná aon uair
amháin ní páipeur poilitidheachta an “Sguab”
ach caithfimíd glachadh le rudaí mar atáid
agus ba leamh an sgeul uainne é dá
seachanóimíst na ceisteanna is tabhachtaighe
toisg saghas baint a bheith acu le poilitidheacht.
Níor mhór d'Éireannaigh feuchaint isteach idir
an dá shúil ar an saoghal go dána neamh-
spleádhach. Do dheineamar ár ndícheall i
gcomhnuidhe chun ceisteanna poilitidheachta do
sheachaint nuair ná raibh aon dluth-bhaint aca
le náisiúntacht na hÉireann. Gan amhras
gheobhaimís gach aon rud do sgaoileadh tharainn
ach amháin ceist na Gaedhilge, nó neachtar
aca gan aon nótaí do sgríobh in ao'chor. Ba
mhór an fhuascailt é sin don Fhear Eagair,
dar ndóigh. Ach ba dhóigh linn go gcuirfidhe
níos mó suime sa “Sguab” dá mbeadh
trácht ann ar cheisteanna a mbíonn gach
aoinne ag cur síos ortha, agus is mó duine
adubhairt linn gur fearrde an Ghaedhealg
gan a bheith ag síor chur síos uirthe féin ach a
bheith ag plé ceisteanna tabhachtacha eile tríd
an Ghaedhilg. Aontighmíd-ne leis sin agus
tá saghas amhras againn gur dheineamar an
iomarca tagairt do cheist na teangan ó
mí go mí, ach maidir leis sin de ní bhíonn
aon dul as do dhuine a chuireann suim sa
nGaedhilg agus í i gcontabhairt a báis os
comhair ár súile.
Béidir nach misde dhúinn feuchaint siar
ar cad atá ráidhte againn sna nótaí seo ó
chuireadh an “Sguab” ar bun. Ní indiu
ná indé a chuireadh an “Sguab” ar bun,
agus cad é brígh an tidil sin “Sguab”
tréis an tsaoghail ach úirlis a shádhfaidhe isteach
i ngach cúinne den Náisiúin agus a sguabfadh
amach aon salachar a rangochadh sí leis.
Cuirtear 'nár leith, béidir, go n-admhuigh-
muíd go bhfuil riaghaltas an tSaorstáit ann
in ao' chor. Ach 'dé'n tairbhe é do dhuine
an dubh do chur na gheal air féin. Caithfear
géilleadh don fhírinne agus gach aon rud do
ghlacadh mar atá sé. Tá an Riaghaltas ann.
Ní dubhramar riamh gur cheart go mbeadh sé
ann nó nach cheart. Tá ár dtuairm féin
againn ar an gceist sin ach níor nochtamar
riamh sa “Sguab” é. Ach 'sé an rud
adeirimíd anois ná go mbéimís ag tagairt
do ghníomhartha Riaghaltais gallda Shasana dá
mbeadh sé orrainn fós agus ní bhfuighfeadh
aoinne a rádh gur admhuig aoinne a bhaineann
leis an “Sguab” go raibh aon cheart ag
an Sasanach a bheith annso in Éirinn riamh.
Déinimís súilfheuchaint a thabhairt ar a
ndubhramar ó am go ham sna nótaí seo.
Is beag an mhaith a dheineamar, is dócha, as
ucht a bheith á bplé agus tá's againn gur
dheineamar namhaid dúinn féin annso as
annsúd dá mbárr. Ní féidir le duine a
bheith neamhspleádhach, go deimhin, gan an
saoghal do chur ar a thóir. Tá daoine a bhfuil
sé ar a gcumas rudaí atá bun os cionn in
Éirinn do leigheas, ach ní dóigh linn go
bhfuighmís mórán acu do chomhaireamh ar
lucht léighte an “Sguab.” Cuid acu agus
ní fheudfaidís é léigheamh, agus an chuid eile
ná fuil am acu ná fonn ortha é léigheamh.
Ach mar sin féin do dheineadh rud orainn
anois as arís gan aon buidheachas dúinn,
dar ndóigh.
Tréis dúinn feuchaint siar arís tríd nótaí
an Fhir Eagair ó Fhoghmhair 1922 go dtí seo
deirimíd gurb amhlaidh a bhíomar ag deunamh
dearmhad i dtaobh tuairm an duine úd. Do
chuireamar síos ar gach aon saghas adhbhair:
feirmeoireacht, stailceanna, na Bóithre
iarrainn, páipéirí nuaidheachta an lae indiu,
an t-anthem náisiúnta, an t-opera &rl. sa
Gaiety, laetheanta saoire, sweeps, Baile
Átha Cliath agus príomhcathracha nach í, Amhlaoimh
ó Súilleabháin, ní airighmíd leabhra agus
foclóra agus ceisteanna a bhaineann leis
an teangan, agus a lán rudaí eile leis.
Níl aon rian poilitidheachta ar aon cheann
acu san. 'Na heughmais sin chuireamar
díospóireacht thabhachtach ar siubhal i dtaobh
“Post Sheanchas” agus do mholamar rudaí
áirighthe d'Aire an Phuist i dtaobh na Geadhilge
agus comhartaí Náisiúntachta; Dubhraighmear
go raibh áthas orainn i dtaobh a rabhthas ag
deunamh ar son na Gaedhilge san Gárda
Siothchána (an amhlaidh gur cheart dúinn
leigint orainn ná fuil a leithéid de fhórsa
ann?) Do thugamar fén riaghaltas toisg a
righneacht as a bhíodar ag feuchaint chun rudaí
áirighthe: Brat na hÉireann, Passports,
crónaidheacht film &rl., agus bhí an-chuid
cainnte againn i dtaobh airgid an náisiún:
na cána, na custuim, an t-iasacht &rl.
Briseann an dúthchas tríd ár súilibh annsan,
adeir an duine úd is dócha. Ní dheirfimíd
a thuille ar an gceist sin. Do chuireamar
i n-iúil do lucht léighte an “Sguab” an
mí seo caithte 'dé'n slighe a fheuchaimíd ar
an sgeul agus ní thuigimíd gur cúis náire
dhúinn é.
Is maith an t-iomáinidhe an fear a bhíonn ar
an gclaidhe agus is fuirist locht d'fhághailt
ar an té a bhíonn i mbun na h-oibre. Bímíd-
ne ag tabhairt fén Riaghaltas toisg ná fuil
aigne níos Gaedhealaighe acu. Is dóigh linn,
agus is dóigh lena lán Gaedhil ar fúd na
tíre, ná fuilid ag deunamh mar is ceart
chun na tíre d'ath-Ghaedhealú. Sin é an rud a
dheirimíd, pé sgeul é. Ach ní fheadar an
mbéimís chomh cruaidh san orra dá bhfeuchfaimís
isteach sa sgeul níos géire. Conus a bheadh
an sgeul — a bhfad uainn an t-olc — dá mbeadh
na feirmeóirí ag riarú, cuir i gcás. Bímídne
agus Gaedhil na hÉireann go léir ag síor
cuimhneamh ar aon taobh amháin den sgeul,
níl an cúram orrainn agus dá bhrígh sin ní
chuimhnuighmíd ar na ceudta dualgasaí agus
trioblóidí a bhíonn anuas ar na daoine atá
i mbun Riaghaltais na tíre. Bíonn dhá thaobh
ar gach aon sgeul, dar ndóigh. Ní hí ceist
an chogaidh atá i nár n-aigne anois in ao' chor
— maidir leis sin 'sé ár dtuairm go bhfuil
deire leis agus gur mór an náire é gan gach
aon phríosúnach ná fuaireadh cionntach i
gcúirt dlighe a bheith sgaoilte roimhe seo.
An deacracht a bhíonn ag baint le stiúrú
náisiúin — is cuma dén tír a bheadh i gceist —
sé an rud atá nár gcur ag sgríobh mar seo
anois. 'Sé gnó Riaghaltais ach an náisiún
do stiúrú sa tslighe ná beadh an saoghal ag
dul i gcoinne aon dream mhacánta sa tír.
Bíonn sé ar lucht an Riaghaltais i gcomhnuidhe
comhthrom na féinne do thabhairt dosna
saoranaigh go léir (sin é an focal, dhála an
sgéil, a thugadh ar tíoramhlách nó citoyen
i mbunreacht an tSaorStáit). Bíonn sé ar
an Riaghaltas comhthrom na féinne do thabhairt
dosna saoránaigh go léir agus an sgeul do
réidhteach eatorra. Ní fios go dtugtar
fén rud. Bíonn a leigheas féin ag gach
aoinne ar rud bun os cionn nuair nách gádh
do é chur i bhfeidhm. Tá rudaí chomh tabhachtach
san le socrú ag an Riaghaltas go bhfuil saghas
leath-sgéil acu fós gan tabhairt fé cheist
na Gaedhilge do shábháilt níos imnidheaighe
agus níos dubhrachtaighe. Caithfear obair
d'fhághailt dosna fearaibh atá gan obair,
caithfear gnó na gComhairlí Conntae do chur
ar siubhal arís tréis do gach aon rud a
bhaineann le “Rialtas áitiúil” a bheith trí
na chéile le ceithre bliadhna anuas. Tá
gach aon dream sa tír ad' iarraidh iachall
do chur ar an Riaghaltas a dtrioblóidí féin
do leigheas — lucht na mbóithre iarrainn, lucht
an dlighe, feirmeoirí, iasgairí, lucht tionns-
gail agus mar sin de. Ní haon iongnadh,
dá bhrígh sin, go mbéifidhe ag deunamh faillighe
sa nGaedhilg, nó, dá ndearfaimís é, ná fuiltear
ag deunamh an méid ba mhaith linn ar son
na Gaedhilge. Tá's ag lucht léighte an
“Sguab” gur mholamar rudaí áirighthe atá
deunta ag an Riaghaltas cheana chuige sin,
in Aireacht an Oidheachais agus in Aireacht
an Phuist go mór mhór, agus ag lucht an
chustuim leis.
Tá sprid mhaith Ghaedhealach ag cuid maith
desna daoine atá i mbun an Riaghaltais. Tá
an Ghaedhealg ag á leath, buidheachas le
Dia, agus cá bfuil an dream eile leath is
muigh de Chonnradh na Gaedhilge a bhfuil an rud
ceudna le rádh mar gheall orra; ach dá
aimhdheoin san baineann sé le deallramh ná
fuil an fuinneamh ionnta go léir chun a bheith
ag obair as lámh a chéile chun na tíre do
Ghaedhealú. Ba cheart go mbeadh gach saghas
imnidhe ortha. Dá mbeadh do bheadh plean mór
leathan ceaptha acu chuige sin. Bíonn na
Gaedhilgeóirí ag sior-imtheacht as Éirinn anois
chomh maith le riamh. Ba cheart moladh do
thabhairt do lucht Ceannais an Ghárda Síochthána
mar gheall ar áiteanna sa Ghárda do choimeád
le haghaidh Gaedhilgeoirí agus deirtear go
bhfuil buidhean beag san airm atá ag deunamh
a ndícheall chun troid i gcoinne an galldachais
atá ag brughadh isteach ar gach taobh (is
cumhachtach an mac é “yes, we have no
bananas!”) Tá go maith agus níl go holc.
Ach cad atá an t-Árd-Chomhairle ag deunamh.
Cuimhnigh nach aon tinncéireacht a leigheasfadh
an galair seo. Rud calma, neamh-choitchianta
atá ag teastáil. Dá thabhachtaidhe an cheist
í an Ghaedhealg do mhúineadh do bheurlóirí is
amhlaidh is seacht tabhachtaighe an beagán
Gaedhilgeóirí atá fágtha againn in Éirinn do
choimeád innti. Níor mhór slighe maireachtana
do soláthar dosna Gaedhilgeoirí bochta, Ná
fuighfidhe obair do chur an siubhal sa
Gaedhealtacht. Sa Rinn, cuir i gcás, do
choiméad Riaghaltas Shasana na Gaedhilgeóirí
sa mbaile (gan aon amhras acu, dar ndóigh
go raibh an deugh-obair á dheunamh acu) an
fhaid as a bhíodhadh ag tógaint an phíora nuadh
ag Ceann hEilbheic. Nílimíd á rádh gur
cheart oibreacha do chur ar siubhal ná beadh
aon tairbhe asta fé mar a righneadh aimsir
an Ghorta sa mbliadhan 1847, ach tá rudaí
a bhaineann le hiasgaracht, cuir i gcás, agus
do bfhiú feuchaint chucha. Aon scéim a
cheaptar bíonn an freagra ceudna le
fághailt mar gheall air — uireasbhaidh airgid.
Ach sí an Ghaedhealtacht an chuid den tír is
tabhachtaighe i mbeatha an náisiúin fé láthair
agus ba cheart gan faillighe do dheunamh
uirri. Má leantar den bhfaillighe ní bheidh
ann ach dúnadh an doruis tréis na foghladh.
Fuaireamar leitir ó Liam Ó Lughaing tamall
maith o shoin ag moladh plean leathan-aigeantaigh
do lucht stiúrtha an náisiúin. Níor
fhoillsighmear í toisg go raibh an rud ceudna
fé chló sa “Leader” cheana. Ach do bfhiú
cuimhneamh ar an rud a bhí 'na aigne. 'Sé
an rud é ach cóilíneacht Gaedhilgeóirí do
phlanndáil ar estát éigint gairid do Bhaile
Átha Cliath, nó níos mó ná aon cheann amháin
dá mba fhéidir, i gceart-lár na galldachta
agus gairid do bhailtí móra. Na daoine bochta
a bhfuil an Ghaedhealg acu d'aistriú ón áit
ná fuil aon slighe maireachtana le baint amach
acu agus talamh do thabhairt dóibh sa tslighe
go mbeadh Gaedhealtacht nuadh ann. Is dócha
narbh mhór falla mór do chur timpeall ortha!
Do bheadh sé an-dheacair a leithéid de rud do
chur chun críce, ach tá adhbhar machtnaimh ann,
pé sgeul é, agus mar atá ráidhte againn
romhainn annso, muran ndeunfar rud éigint
(Ba cheart dhúinn a rádh go bhfuaireamar altanna ó
Leon ó Broin a's Seán ó Ruadhain ag cur síos ar an
gceist ceudna ná fuil slighe againn dóibh fós.)
láidir-aigeantach misneamhail dá shaghas go
luath beidh sé ró dhéidheanach. Má thá lucht
stiúrtha an Riaghaltais go léir i bhfíor-
dáríribh timpeall ar an nGaedhilg cuirfidh
siad i dtuisgint dúinn gan a thuille moille
cad atá ar aigne acu maidir le aithbheochaint
na teangan. Tá lucht na Gaedhilge ag coinne
le rud éigint eile uatha agus go mór mhór
go dteasbáinfidh siad dúinn go bhfuil ceangal
ceart idir na haireachtaí maidir le ceist
na Gaedhilge. Deunfamúid iarracht ar
sgéim éigint do cheapadh go gcoimeádfuidhe
ceist sábháltha na teangain os comhair an
Riaghaltais go dian a's go daingean, agus
beidh sé againn (maille le Dia agus sinn
slán) sa “Sguab” go luath.
Gabhamuíd ár leath-sgeul le lucht léighte
an “Sguab” toisg ná fuil an triomhadh cuid
de sgeul Phádraig Uí Chadhla (.i. “Ar Mo
Thimthireacht Dom”) i gcló againn an mí
seo. Beidh sé ann an mí seo chughainn gan
teip.
BRIGHID.
A mhuire na nGaedheal,
Ár muime dhil féin,
I gcuibhreann Naomh,
Fé ómós;
Guidh orrainn, Gaedhil,
'N ár ndílleachtaibh faona,
I bhfiadhnaise Dé,
Is fóir orrainn.
Fáda fé réim,
Fé bheannacht is réir,
Aspal is Naomh
Thar chómhaireamh;
Danaoid ár scéal,
Is scannal le léigheamh
An t-eanach do thréigint;
Fóir orrainn.
Calaois an tsaoghail,
Gangaid Shíl Ébha,
Cam-dhlighthe claona,
Anfhórlann;
D'fhág sinn ar strae,
Ó Aitheanntaibh Dé,
Adhmhuighmíd é;
Fóir orrainn.
Teasbach is éad,
Macnas baoth,
Cealg-ghoin clé
Thar teórainn;
Fé ndeara gur léim
Chum treallmha is faobhair
Ár bhfearachoin Féinne;
Fóir orrainn.
Do bhrat, a Bhrighid, caomhnadh,
Clanna ndil nGaedheal,
Ar mhailis an tsaoghail,
I gcómhnuidhe;
D'fhearanntas Gaedheal
Tearmonn déin
Ar Eachtrannaigh chlaona,
Fóir orrainn.
A bhanaltra shéimh,
Ár Máthair, ár Naomh,
Sna bhFlaitheas fé réim
Go glórmhar;
Eadarghuidhe déin;
Fearg Mhic Dé
Cas uainn, éighmíd;
Fóir orrainn.
“CLOCH LABHRAIS.”
GABHLÁIN CÚIGE ULADH.
Is iomdha sin constaic agus deacracht
i n-aghaidh ath-Ghaedhealuighthe na h-Éireann
uilig, ach ní'l constaic nó deacracht acú
chomh doiligh do-réidhtighthe leis seo, go bhfuil
gabhláin Chúige Uladh go fíochmhar foirniata
agus go doicheallach duibheacánta i g-coinnibh
Gaedheal agus gach a mbaineann leó. Cionnas
is féidir an tír uilig a Ghaedhealughadh agus
dream mar sin neaduighthe i n-oirthear thuaidh
na tíre agus bodaigh airgeadamhla Sasana
ag séideadh fútha i n-aghaidh Gaedheal i
g-comhnuidhe?
A dheacracht agus tá an cheist seo fá
ndear, is dócha, gur annamh do Ghaedhealaibh
tabhairt faoi n-a réidhteach gidh gur léir
go g-caithfear a réidhteach ar dhóigh nó ar
dhóigh eile, luath nó mall, sul a bhféadfar
buan-síothcháin agus aondact a bhunughadh i
n-Innis Fáil. Dá mhéid machtnaimh dá
ndéantar ar an g-ceist seo, is amhlaidh
is deacra a samhluightear dhúinn í bheith,
agus ní léir dhúinn ach aon rud amháin, is
é sin nach inréidhtighthe í ach le h-aimsir agus
le foighid. Gidh gur fíor an méid sin,
ní h-ionnain sin is a rádh nach féidir rud
ar bith a dhéanamh le réidhteach na ceiste
a luathughadh, agus ní cheart leigint dí mar
gheall ar a deacracht. Tá dhá nídh ró-riachtanach
'un a réidhtigh, eólas agus tuiscint, eólas
faoi stair agus sinnsearacht na ngabhlán,
agus tuiscint 'un na feidhme cirte a bhaint
as an eólas sin. Is mór í an fhírinne
agus buadhfaidh sí, adeir an sean-fhocal.
Má dhéanfar an fhírinne a chur ar fághail
imeasg Gall is Gaedheal, ní féidir le
h-aineólas agus le claon-bhreith duibheacánta,
dá láidreacht iad, seasamh i bhfad in a coinnibh
I dtosach báire, cé ra díobh na gabhláin-seo?
Adeireadh cara liom a rugadh agus a tógadh
in a measg gur dóigh leó féin gur de shliocht
na Sasanach iad. Adeireadh daoine eile
liom go bhfuil spioraid Uolfe Tone agus
Sheáin Mhistéil ar lasadh 'n a g-croidhthibh
is gur fuath leó an Sasanach.
Chonnaic sinn, le linn an chogaidh ar son
saoirse i n-Éirinn gur chruthuigh na gabhláin
i g-Cúige Uladh go raibh fuath nimhneach acú
do na Gaedhealaibh a bhí mar chomharsain
acu, chreachadar agus mharbhuigheadar iad,
agus ní raibh na Sasanaigh féin chomh díoghrasach
i ngéarleanamhaint Gaedheal agus bhíodarsan.
Do sgríobh Liam Ó Briain aiste ar an
m-‘Branar’ i mbliadhain 1919 ag cur síos
orrú féibh mar a chonnaic agus a fuair sé
féin iad le linn an toghtha a bhí ann i mbliadhain
1918. Ins an aiste aige deir sé gurab
ionnain iad agus eachtrannaigh, 'n a náimhdibh
d' Éirinn agus do gach rud Ghaedhealach. Is
é an réidhteach a thug duine díobh féin ar an
g-ceist, fear mór i m-Béilfeirrsde, nárb
Eireannaigh iad agus nárb í Éire a dtír.
Dubhairt sé,
“Ní Éireannach mise. Is Ultach mé.
Tá tusa is do chine leis na míltibh bliadhain
i n-Éirinn. Ní cuimhneach libh aon tír eile.
Tá mo mhuinntir-se annseo le idir dhá chéad
agus trí chéad bliadhain. Tá fhios agam
an áit i ndeisceirt Alban ar tháinig siad
as. Annseo i g-Cúige Uladh atámuid. Ní
heól dom an chuid eile d'Éirinn. Ní h-í
mo thír í. Gaedhil no Ceiltigh is eadh sibh-se.
Cuid de'n ‘British Race’ sinne.”
D'aontuigh an Brianach leis an dtuairim
sin, agus budh é a réidhteach ar an g-ceist,
cogadh fhuagairt in a g-coinnibh agus iad
ionnarba as Éirinn iathghlais na Naomh
“abhaile go Sasana.” Ach ní h-ionnain
rádh agus déanamh, agus ní furusda daoine
ionnarba atá neaduighthe sa tír le breis
is trí chéad bliadhain. Dá mbéadh eólas
faoi stair an chine Ghaedhealaigh ag an
m-Brianach, d'fhéadfadh sé chruthughadh do'n
bhodaire Ultach go raibh breall air nuair
adubhairt sé nach de'n chine Ghaedhealach a
mhuinntir féin. Bhí fhios ag an n-gabhlán
seo gur as deisceart Alban dá shinnsearaibh,
agus mar gheall air sin shaoil sé gur de
shliocht an ‘Chine Breatnaigh,’ is é sin, an
Chine Shasanaigh, é, agus dá bhrígh sin gur
dual agus ceart dó claoidh leis na Sasanaigh
i n-aghaidh na n-Gaedheal. “Is Gaedhil nó
Ceiltigh sibh,” adubhairt sé, agus b'iontuigthe
as sin nach Gaedhil nó Ceiltigh iad a mhuintir
féin.
Anois, gidh gurab in é an tuairim coit-
cheannta araon ag Gallaibh agus ag Gaedhealaibh,
ní'l tuairim ar bith is faide ó'n bhfírinne
ná an tuairim céadna. Bréag de bhréagaibh
lucht seanchus Shasana é sin, adeireas agus
a chuirfeadh in a luighe ar chách dá mb'fhéidir
é, gur Sasanaigh iad na h-Albanaigh taobh
amhuigh de'n Ghaedhealtacht. Go dtí ar na
mallaibh b'annamh a chuirthí i g-coinnibh na
tuairime seo, ach le goirid chuir na h-Albannaigh
spéis sa cheist, agus fuaireadh amach gur
Ceiltigh gach dream sa tír, i g-cúrsaíbh fola
dhe ach go h-áirighthe. Mar sin, má's as
Albain a tháinic sinnsir gabhlán Cúige Uladh,
budh d'fhuil na g-Ceilteach iad. Tháinic
Sasanaigh chomh maith le h-Albannaigh go Cúige
Uladh i n-aimsir an phlantála mhóir faoi
Shéamas Stiubhárd, Rí na Breataine Móire,
sa mbliadhain 1610, ach is beag dá sliocht
atá le fághail i n-Éirinn anois. De réir
na n-ughdar nGallda féin, ní tháinic thar
20,000 Sasanach go h-Éirinn le linn na
h-aimsire úd. Tháinic san am céadna suas
le 100,000 Albannach. A thuilleadh air sin,
níor fhead na Sasanaigh maireachtáil i n-Éirinn.
Fuair na mílte acú bás de ghalar cosamhail
leis an bh-‘Flú,’ agus an chuid eile acú,
d'imthigheadar abhaile go Sasana.`
Seo mar a chuir sean-ughdar Sasanach síos
ar an scéal ag an am. “The marshiness
and fogginess of this island proved un-
wholesome to English bodies, more tenderly
bred and raised in a better air; so that
we have seen multitudes of them die of a
flux called ‘the Country desease’.” Dhíol
ceannuighthe Londan a g-córacha ar Dhoire
Choluim Chille leis na h-Albannaigh, agus
fágadh an tír fútha-san agus faoi na
h-Éireannaigh a chuaidh ar aimsir acú.
Anois cé an áit i n-Albain ar tháinic na
daoine seo as a chuir fútha i g-Cúige Uladh?
De réir an ughdair Ghallda Woodburn, sa
leabhar a sgríobh sé ‘The Ulster Scot,’ b'as
na sirriamachtaí Raon-Friú, Inbhir Áir, Baile
Uig agus Cille Chuithbeirt, is é sin sean
Mhór-roinn Gallabhaidh, a tháinic siad, agus
sin tuairim atá glactha ag gach stairidhe a
thráchtas ar an g-ceist seo.
Agus cé ra dhíobh muinntir Ghallabhaidh?
Ní ró-dhoiligh an cheist sin a fhreagairt, agus
nuair atá freagairt na ceiste sin againn,
tá freagairt na ceiste úd eile againn .i.
cé ra dhíobh gabhláin Cúige Uladh? De réir
an Ollaimh Rhys, Breatnach foghlumtha a
sgríobh a lán faoi na Ceiltigh sa m-Breatain,
do bhí treibh 'na g-comhnuidhe sa chrích sin
Gallabhaidh le linn na Romhánach a rabh Selgovae
mar ainm orrú, agus is é deir an Breatnach
foghlumtha gurab é an focal ‘sealg’ is
fréamh do'n ainm sin agus go g-cialluigheann
sé ‘Sealgairí,’ agus go mbudh Gaedhil iad
muinntir na treibhe céadna. Ach cheana
deir ollamhna eile go mbudh Cruithne iad,
agus is ádhbhar conspóide nach beag imeasg
ollamh na h-Alban cé acú Gaedhil nó Breatnaigh
a bhí ins na Cruithne céadna. Is cuma dhúinn
amh cé acú taobh atá ceart, mar badh Cheiltigh
iad na Cruithne, cé acú Gaedhil nó Breathnaigh
a bhí anntú, agus theip glan ar na Romhánaigh
iad a thabhairt faoi n-a smacht ach oiread
le h-aon treibh eile taobh thuaidh de'n Bhalla
Romhánach a thógadar idir An Mhuir Thuaidh
agus Bágh Sollabhaidh le n-a g-cosaint féin
ar lucht comhnuidhthe Alban.
Nuair a bhí Gaedhil Dalriada ag baint
fubhtha i n-Earra Ghaedheal agus ag cur
ríoghachta ar bun dóibh féin, bhí a g-comh-chine,
.i. Gaedhil Dalfiata i n-oirthear Uladh, ag
teacht thar Sruth na Maoile agus ag cur
fubhtha i n-Gallabhaidh, ag baint ceannais na
tíre sin amach dóibh féin agus ag cur ríoghachta
Gaedhealaighe eile ar bun. Ach cheana atáid
ann adeir nach díreach ó Éirinn a tháinic
Gaedhil na críche sin, ach adtuaidh as Earra-
Ghaedheal. Bíodh an ceart ag ceachtar acú,
óir is cuma dhúinn indiú cé an taobh as a
dtáinic siad. Is leór dhúinn go dtáinic
na Gaedhil, gur chuireadar fúbhtha ann agus
gur leathnaigh an teanga acú ar fud na tíre
sin mar gnáth-chaint na ndaoine, cuma cé
acú Breathnaís nó Gaedhilg a bhí dá h-úsáid
roimhe sin, mar is léir ó ainmeachaibh áiteann
ar fud Gallabhaidh.
Budh iad na Gaedhil seo an dream deire-
annach a tháinic ag cur fúbhtha san réigiún seo.
Na daoine atá in a g-comhnuidhe ann indiú,
is de shliocht na nGaedheal iad. Gan aimhreas
comhmeasgadh iad leis na cinidheacha a bhí
ann rómpa, rogha acú Cruithne nó Breatnaigh
iad, ach ní lughaide Ceiltigh iad an méid sin
mar budh chinidheacha Ceilteacha iad sin chomh
maith, agus ní rabh treibh ar bith i n-Albain
ba fíochmhaire in aghaidh na Sasanach ná Gaedhil
Gallabhaidh. Is iomdha uair a sgrios siad
Sasana, ag creachadh na tíre agus ag breith
leó abhaile go h-Albain gach ar fhéad siad
fhághail i bhfuirm iarainn, mar ba ghann é
acú féin an miotail céadna. Théidís chomh
fada le Lancashire ar na h-ócáidíbh sin.
Bhídís i dtosach gach airm Albannaigh a ghabh
thar teórainn isteach go Sasana ag cur
cogaidh ar na Gallaphuic, nó a throid i n-aghaidh
na Sasanach a tháinic isteach 'un tráilleacha
dhéanamh de mhuinntir na h-Alban. Bhí a
shliocht orrú. Ba ghráin le Sasanaigh iad, agus
bhaisteadar gach droch-ainm níos measa ná a
chéile ar an dtreibh calma seo, nár fhéadadar
chlaoidh i g-cath sa mbaile nó i g-céin.
‘Picts,’ ‘Cannibals,’ ‘Wild Scots,’
‘Galloway Irish,’ sin agaibh cuid de na
leasainmeachaibh tárcuisneacha a baisteadh
orrú, ach ní dhearnaidh siad de dhochar ach
uamhan a chur ar lucht a g-cumtha. Ní leigfeadh
an t-uamhan seo do Huaslaigh, an seana-
móinidhe Sasanach, dul thar teórainn na
Gallabhaidh, comhartha maith ar cháil muinntire
na críche sin imeasg a chomh-Shasanach.
Agus choinnigh na Gaedhil seo sa taobh thiar
theas d'Albain greim ar a dteangaidh dhúthchais
i bhfad tar éis dí bás d'fhághail sa chuid eile
de dheisceart na tíre. Nuair a d'éirigh
Gaedhil an tuaiscirt amach faoi Iarla Máirr
sa mbliadhain 1715, budh iongantas leó an
Ghaedhilg bheith ag muinntir Sirriamachta
Inbhir Áir, agus sa mbliadhain 1745,
nuair a rinne Gaedhil an Tuaiscirt árd-
iarracht eile chun na Stiubhardach a chur ar
rí-chathaoir na Breataine Móire agus an
‘Aonadh’ idir Albain agus Sasana a bhriseadh,
fuaireadar an Ghaedhilg ag muinntir Ghallabhaidh
mar fuair a n-aithre tríocha bliadhain roimhe
sin. Sa mbliadhain 1762 chuir lucht stiúrtha
parróiste Barra, i Sirriamacht Inbhir Áir
chuireadar fógra ar na páipéaraibh nuadhachta
ghá rádh go rabh teagasgthóir Gaedhilge a dhíth
orrú, rud nach mbéadh féidhm air mura mbíodh
Gaedhilg ag muinntir na h-áite an t-am sin.
Roint bliadhain ó shoin sgríobh Aindreas
Mac Dhomhnuill aiste do'n ‘Scottish Review,’
‘The Gael in Galloway,’ agus san aiste
sin dubhairt sé gur labhair sé féin le
sean-daoinibh i nGallabhaidh a chualaidh
tráth bhíodar óg, seandaoine ghá rádh go
g-cualaidh siadsan, le linn a n-óige, daoine
a rugad is a tógadh i nGallabhaidh agus nár
fhág riamh a mbaile dúthchais, ag labhairt
Gaedhilge. Fágann sin go rabh an teanga
ag fághail báis timchioll sí céad bliadhain ó
shoin, agus bheadh is beó beathaidheach sa
mbliadhain 1610, nuair d'fhág sinnsir gabhlán
Cúige Uladh Alba chun cur fúbhtha i n-Éirinn,
agus bhéadh sí acú mar theangaidh dúthchais
nuair bhaineadar cóstaí na hÉireann amach.
Is léir ó'n méid sin thuas gur de'n chine
Ghaedhealach iad na Gabhláin agus nach de'n
chine Shasanach iad ach oiread le h-aon treibh
eile i n-Éirinn. Dá mb' fhéidir an méid sin
a chur i dtuiscint dóibh, rachadh sé i bhfad ar
an g-ceist achrannaigh seo Cúige Uladh a
réidhteach. Dá dtuigfidís nach ag cur druim
láimhe dá ndúthchas a bhéidís dá nglacfadaois
le Gaedhealtacht, ní bhéadh an oiread sin
faobhair orrú i naghaidh Gaedheal. Dá mb'
fhéidir a chur in a luighe orrú nach ndearnaidh
a sinnsir ach filleadh do chéad-bhaile a g-cine
tráth tháinic siad go h-Éirinn, go mbudh í
an Ghaedhilg ba theanga dhúthchais dhóibh nuair
a d'fhágadar Alba, agus in aon-fhocal amháin,
dá mb' fhéidir a chruthughadh dhóibh gur lucht
comhdhúthchais iad féin agus muinntir eile
na h-Éireann, rud is fíor, ní fhéadfaidís
maoidheamh, mar a bhíd, nach bhfuil baint nó
páirt acú leis na ‘Ceiltigh’ dúthchasacha, nach
í Éire a dtír, agus gur de'n chine Shasanach iad.
Seo obair do Ghaedhealaibh Éireann, agus
do Ghaedhealaibh Cúige Uladh go h-áirid.
Cruinnighdis gach eolas dob' fhéidir faoi
sinnsearacht na ngabhlán. Sgaoilidís an
t-eolas seo in a measg, agus cruthuighdís
gach poinnte le dearbhughadh nach féidir chur
in a choinnibh. Gach uair a chluinntear gabhlán
ag maoidheamh nach de'n chine Ghaedhealach é,
cruthuighdís go mbudh Ghaedhil iad a sheacht-
shinnsir, agus i ndeireadh thiar thall éistfear
leó agus creidfear iad, óir is mór í an
fhírinne.
Caithfear aontacht imeasg Gaedheal a
bhunughadh. Ní féidir sin a dhéanamh le fuath,
aimhreas agus claon-bhreith, ach is féidir é
dhéanamh le foighid, carthannacht agus eólas.
TOMÁS MAC NEACAIL.
AG LONDUBH.
Lá i ndeire Samhna bhí duilleoga na gcrann
agus iad críon caithte ina mbrat ar an
bhféar taobh amuich de'n fhuinneoig. Tháinig
an londubh go dtí tor beag le hais na
fuinneoige agus d'ísligh go tapa ar an
bhféar imeasg na nduilleog. Níor phreabh
sé chun siubhail mar is gnáthach leis ach chuir
leath-cheann air agus bhreathnuigh go géar
duilleog dhearg a bhí dhá corrú aníos beagán.
Níor leig gíog as, ach gheiteadh an t-iorball
agus an dá sgiathán gach ré meandar amhail
is dá mbeadh sgannradh ar an éan, nó droch-
aimhreas air i dtaoibh na duilleoige. Bhí
iongnadh mór air, agus é ag féachaint go
cíocrach ar an duilleoig. Bhíos ghá fhaire
agus gan fhios agam céard a bhain dó mar
nár facthas tada as bealach dom ach an
duilleog a raibh corrú beag faoi. Níor
cuireadh moill orm, mar ba ghearr gur aimsigh
an gob géar buidhe rud a bhí faoi'n duilleoig
agus nár facthas dom ar dtús. Péist
dhearg chréafóige a bhí ann. Tharraing an lon
aníos as a poll í go dtí go raibh sí ar thalamh
slán aige, agus bhí ghá piocadh go fíochmhar go
dtí nach raibh cor as an bpéist bhoicht. Annsin
shlug an lon an phéist dearg ghránna a bhí
chó fada lei s féin nach mór, agus bhí go
sásta. Níor dhein ceol, ámh, mar dhéanfadh
spideog tar éis bídh dhí.
(Tugaim faoi deara go bhfuil an gob
buidhe fairsing timcheall an tighe na
laetheannta so roimh an Nodlaig agus nach
mbíonn an chearc loin le feiceál ach go
hannamh. Tá na coiligh chó fairsing ar an
mbán againn go mbíd ag troid le chéile, agus
ní fhacas thar péire cearc loin le mí. Cá
bhfuil na cearca loin ar fad? An amhlaidh
a fhanans siad i ndlúthas coille, nó an amhlaidh
is loin anoir ó Shasana na guib bhuidhe seo
atá chó fairsing againn roimh Nodlaig?)
Craosaire éin 'seadh an londubh. Is
slugaire críochnuighthe é, agus tá blas aige
ar gach sórt, arbhar, síolanna, seilíní,
spíonáin, cuiríní agus ubhla, chó maith le
ciaróga, péisteacha agus daola na talmhan.
Tá an-dhúil aige ins na seilíníbh agus pollann
sé na hubhla go náireach. Slugann sé na
cuiríní ina gcraiceann, agus piocann sé an
croidhe as na spíonáin.
An geimhreadh agus an t-earrach an t-am
is gainne ag éanachaibh. Le linn donainne
agus cruatain aimsire is minice a chítear
an londubh in aice le háitreabh daonna.
Díbhrigheann sioc agus cruatan isteach é ar
lorg bídh agus chó luath is thagans leaghadh agus
boige aimsire tréigeann sé sinn agus
imthigheann sé faoi na páirceannaibh arís.
Is minic a thagans sé in aice linn ná an
smól. Níl sé chó glic leis an smól agus is
fusa do ghasúraibh a mhealladh isteach i gcliabhán
ná an smól.
Éan breagh ar sgiathán atá san londubh
nuair is cruadh leis. Lá le goirid chaitheas
giotaí beaga aráin taobh amuich de'n
fhuinneoig. Tháinig cathóg ar chraoibh agus
d'fhan ag faire na ngiotaí aráin ach bhí
faitchíos uirthi teacht san áit a rabhadar.
Tháinig londubh agus sgiob giota de'n arán
leis. Is ar éigin a bhí sé ar sgiathán nuair
bhí an chathóg san tóir air. D'imthigh an londubh
go híseal le talamh go dtáinig an chathóg
ró-ghar dhó. Annsin d'árduigh caol díreach
suas. Lean an chathóg é agus bháin casadh
as os cionn na gcrann. Anuas leis an dá
éan dubha arís agus d'imthigheadar as m'amharc.
Dubhras ar ball nach bhfuil an londubh chó
glic leis an smól agus gur fusa é a cheapadh.
Is fusa go mór. Bhí sgrios dhá dhéanamh ar
gharrdha ag éanachaibh agus leag an garradóir
inneall iarainn san ngarrdha agus chuir
baoite cuiríní agus seilíní ar theanga an
innill. Rug sé ar dhá fhichid lon leis an
inneall, ach níor eirigh leis thar trí smól a
mharbhú.
Is maith leis an londubh feoil-phéisteacha
agus a leithéid, ach ní fhacas ariamh é ag
imirt cleas an smóil ar an seilmeide.
Má thagann smól ar phlaosg seilmeide
aithnigheann go maith má's folamh nó lán dí.
Má gheibh sé plaosg throm tógann leis ina
ghob go dtí cloch í agus buaileann in aghaidh
na cloiche go mbriseann ina smidiríníbh í,
agus go bhfágtar an seilmeide lom gan
cumhdach, ina bhéile ag an smól. Is iongnadh
liom nach bhfoghluimigheann an lon an cleas
so ó'n smól.
Éaluigheann smól ó chontabhairt gan gíog
as. Má sgannruighthear londubh cuireann
sé a chor i gcéill do'n domhan mór. An cat
is mó a chuireans faitchíos ar an lon. In
aimsir guir tagann misneach dó agus malar-
tann sé an faitchíos uaidh féin do'n chat.
Bhí fál sgeach gheal in aice an tighe againn
fadó. Fál dlú deilgneach a bhí ann. Bhí
nead ag péire lon i lár sgeiche san bhfál
agus, dá gcuimhnighidís air, níor bhaoghal dóibh
an cat, mar nach dtiocfadh leis dul tríd
an dlúthas dealg. An fhaid is bhí an chearc
loin ar gor bhíodh an londubh timcheall ar an
nead agus thug an cat faoi deara é. Cat
dubh bradach a bhí ann nach gcodluigheadh istigh
ó lá Bealtaine go lá Samhna. Thagadh sé
go dtí sgeach an nid agus bhíodh sé ag faire
an choiligh, féachaint an bhfuigheadh sé deis
air le n-a cheapadh. Ní raibh baoghal air dul
i dteannta ins na dealgaibh ach níor tuigeadh
soin do'n éan. Bhíod droch-aimhreas ar fad
aige ar an mbeithidheach agus chuirfadh sé
fógra mór contabhairte as:
Cinc cinc, cinc cinc,
Cinc cinc, cinc cinc,
Cinc cinc!
Leanadh sé do'n gleo soin agus d'eitealladh
timcheall ar an gcat, ghá ionnsú, mar dheadh,
ach gan a theacht ró-ghar dhó, nó go síleadh an
cat gur éan fíochmhar an londubh agus go
n-imthigheadh-sé. Is iomdha maidin shamhraidh
a dhúisigh an “cinc cinc” mé roimh éirghe
gréine.
Ba dheacair dom cur síos i bhfoclaibh ar
cheol an loin. Thug mórán faoi sin a dhéanamh
romham-sa agus chlis sé ortha a dhéanamh go
beacht. Na ceoltóirí féin is deacair dóibh
aithris chruinn a dhéanamh ar cheol na n-éan.
Níl riachtanas leis sin, ámh, mar go bhfuil
na héanacha ceoil chó fairsing agus chó
coitchianta ar fud Éireann gur féidir iad
uile a aithneachtáil thar a chéile. Tugtar ceol
nó ceileabhar ar gach sórt gleo a ghníons
éanacha a bhfuil ceol ar bith aca. Taobh amuich
de phort cheart an londuibh tá trí saghas
ceileabhair ar a laghad aige. Tá an “cinc
cinc,” nó an fógra contabhairte aige; tá
an fógra oidhche aige a cheileabhrans sé roimh
dul a chodladh dó san trathnóna, agus is
binne an fógra so ná an “cinc cinc”;
agus tá aige nótaí boga sgórnaigh a ghníons
sé ar sgiathán dó díreach nuair bhíons sé ag
teacht thar claidhe nó fál isteach ins an
ngarrdha a thaithigheann sé. Nótaí sástachta
iad agus bíd go binn. Ach port ceart an
loin, is breagh an port é agus ní hiongnadh
na filí ó Oisín anuas ghá mholadh. Guth
árd binn 'seadh an guth a sgaoileans an gob
buidhe thar coilltibh is bántaibh ó bhreacadh lae
go mbíonn an ghrian ag teacht chun láidreachta.
Ní ceol casta é mar cheol na fuiseoige. Is
casta ceol an smóil ná é ach tá sé có
fuaimeach ceolmhar go líonann sé coill is
spéar, agus cloistear é míle i gcéin. Má
tá rud ar bith saoghaltach a mbaineann
draoidheacht leis, 'sé an ceol an rud soin.
Má éistighis le ceol an loin an t-am a mbíonn
an domhan ina gcodladh, ach eisean is tú
féin, mothóchaidh tú an draoidheacht.
Bhí sé socruighthe ag Naomh Proinnsias tráth
seanmóir a thabhairt uaidh faoi sgáth crainnte
coille. Nuair tháinig sé isteach san gcoill
bhí an oiread soin ceoil dhá dhéanamh ag éanlaith
nárbh fhéidir leis an Naoimh a ghlór a chur i
gcéill. D'éist sé leo ar feadh sgathaimh
agus annsin dubhairt sé leo stad de'n
cheol, gur theastuigh uaidh féin labhairt.
Stadadar. Is dóigh liom go raibh an londubh
ar cheann de na héanachaibh a choinnigh an
Naoimh ina thost, mar gur beag éan ceoil
atá chó binn ná chó hárdghlórach leis.
Taithigheann an londubh fálta, agus cladhacha
má bhíonn tomanna nó corr sgeach ortha.
Cois chlaidhe nó fáil nó faoi sgeachaibh ins an
ngarrdha is fearr leis le bheith ag tóiridheacht
bídh. Ní fheicfidhe go deo é i lár páirce,
agus ag eiteall dó ní théidheann sé go hárd
ná abhfad ó'n bhfasgadh.
Ní bhíonn nead an loin ró-árd ó'n talamh.
Mura mbíonn sgeach nó tor feileamhnach dó
toghann sé áit chluthmhar faoi sgáth an eidhin
ar thaoibh an bhalla, nó b'éidir cuasán faoi
bhruach. Cleachtann sé de réir mar gheibheans
sé caoi. Bíonn an nead go breagh fairsing
ag an lon agus é an-chosúil le neadh an smóil.
Bíonn difridheacht ann, ámh. Cuireann an
lon líneáil de'n fhéar mhín ar an taoibh istigh
dá nead féin. Ní bhíonn a leithéid sin i
nead an smóil. Ceithre nó cúig ubh, agus
iad gorm agus ballach, a bheireans cearc
loin go ndéantar gor ortha, ach is minic a
ghorans cearc loin trí uaire san mbliain.
Is cosúla an chearc loin le smól a mbeadh
clúmh agus cleiteacha dorchadha air ná leis
an gcoileach loin, a bhfuil clúmh agus
cleiteacha chó dubh le daol air, agus gob
buidhe. Go deimhin, tá spotaí dubha ar
bhrollach na circe loin mar atá ar an smól,
ach nach bhfuilid chó crinn. Tugtar “céir-
seach” ar an gcearc loin i gCiarraidhe agus
i dTír Chonaill, ach 'sé an chéirseach an smól
mór, smól na sugh darach, éan a bhfuil
ceileabhar breagh aige, agus níl aon cheol
fiú tracht air ag an gcearc loin. Tá líne
i sean-amhrán adeir:
“Chuala mé an londubh is an chéirseach a
rádh” — Níorbh fhiú le file ariamh trácht thar
ceol na circe loin.
TADHG Ó CEALLAIGH.
TOMHAISEANNA.
1.
Ceist. Moll iarrainn agus earball olna
aisti?
Freagra. Snáthad reamhar go mbeadh taoinnte
olna aisti.
2.
C. Chuireas slat aréir agus is aoirde í ná
'n t-aer indiu?
F. Deatach.
3.
C. Bean fhada ghléigeal agus í a' leaghadh
'na braonacha.
F. Coinneall.
4.
C. Chím chugam aniar trí capaill, trí sriain,
trí puillíni óir agus trí feochadáin
fiadhaigh?
F. Gaoth agus báisteach, tóirnigh agus
splanncacha.
5.
C. Chím é agus ní feiceann tusa é agus is
giorra dhuit-se é ná dhómh-sa?
F. Cúl do chinn.
6.
C. Chím é agus ní fheicim é; chím i dtor
cuilinn é; siubhluigheann sé an bán
agus an drúcht ní bhriseann sé?
F. Sgáth an duine.
7.
C. Lán páirce de ghamhna bána agus gamhain
dearg eatorra istigh?
F. A bhfuil d'fhiacla id 'bhéal agus do theanga
eatorra.
8.
C. Dhá fhear dhéag ar aon leabaidh agus gan
aon aca ar leath-imeall?
F. Spócaí rotha.
9.
C. Bó mhór bhuile, bó thrí shine, bó ná
h-iarrann pota ná buarach, an mhaighdean
bhuaile agus arm an cheóil?
F. Píopaí an phíobaire.
10.
C. Is aoirde é ná an caisleán agus gheobhadh
sé slí fé bhéal cupáin.
F. Ceirthlín shnáth'.
(S. Ó D. do chuir isteach chughainn.
Fuair sé ó Shean Ó Conaill, Bólus, Uíbh Ráthach,
iad.)
(a thuille fós.)
RINNCÍ GAEDHEALACHA AGUS
RINNCÍ GALLDA.
Le goirid, airighim gur cuireadh rún i
bhfeidm d'aon-ghuth ag cruinniú d' Árd-
Chomhairle an Fháinne dhá chosg ar ghasraí,
inter alia, rinncí gallda do bheith aca agus
dhá chosg ar Fháinnigh aon bhaint a bheith aca
le rinncí gallda. Cúis gáiridhe chugam!
Ar chuala aon duine ariamh oiread sin
drabhuídhla? Níl de shaoirse feasta ag
lucht caithte an Fháinne ach an méid is toil
leis an Árd-Chomhairle a thabhairt dóibh. Ba
chuma leat teórainn do bheith dhá chur le
saoirse nó le sgóp tola an duine, dhá
bhféadtaí a thasbáint go soiléir gléineach
gur ar mhaithe leis an náisiún nó leis an
gcuid is mó de mhuinntir an náisiúin an
teórainn sin. Ach deirim-se gur mór an
sgannall dream daoine do theacht ós ár
gcomhair agus a rádh linn gur aca siúd agus
ní ag aon duine eile atá a fhios ci'aca ceart
nó mí-cheart rinncí gallda do chleachtadh.
Tuige nach bhfuil de chead ag duine pé
brí rinnce is maith leis do dhéanamh agus
pé brí uair is maith leis? Déarfaidh
lucht na h-Árd-Chomhairle — an chuid is mó
aca daoine atá thar aois rinnce — go mbeadh
sé i n-aghaidh spioraid na náisiúntachta rinncí
nach Gaedhealach do dhéanamh. Ní luigheann
na rinncí sin le nósa agus le béasa na
sean-Ghaedheal. Tá a thuille ann a déarfadh
go bhfuilid mí-mhórálta agus i n-aghaidh an
chreidimh Chataoilicigh nach bhfuil i gceart
ag aon chinidh ach ag an gCinidh Gaedheal.
Ráiméis a thugainn-se air sin agus an cineál
ráiméise a thug anuas ar Éirinn cuid mhór
de na lochtaí atá anois uirrí.
Spiorad na naísiúntachta! Is iongantach
an focal agus is éachtach an bhrígh is an cumas
a chuir an focal sin i gcaint le fada an lá.
Spiorad na náisiúntachta! An mó agus
an fearr de náisiún an t-Sín ná Sasana?
An láidre an spiorad náisiúnta sa t-Sín ná
i Sasana? Srgúdaighimís béasa, teanga
agus na rudaí eile atá ag an dá thir sin.
(1) Béasa. Tá béasa agus nósa ag an
t-Sín nach bhfuil a mhacsamhail le fáil ach
b'fhéidir i dtiórtha eile a bhfuil comhnaí
ag na gcinidh buidhe ionnta. Tá a slighe
féin chun gach aon rud do dhéanamh agus
thairis sin, tá a gcleasa lútha agus a rinncí
féin aca.
I Sasana, is beag béas aca nach bhfaighfí
i n-aon tír san Euróip. Is féidir gur
fíor go raibh nósa aca fad ó nach raibh samhail
ar bith orra in-aon áit ach táid imthighthe
anois suas síos. Na rinncí atá aca, i
n-Aimeiriocá a ceapadh an chuid is mó aca.
Gan aon amhras tá rinncí ‘Sasanacha’
ann: sé sin le rádh go bhfuil cuimhneamh
fós ag muinntir Shasana ar phuirt agus
ríl do dhéanamh — rinncí a bhain leó féin amháin.
An bhfuil an spiorad náisiúnta níos laige
i Sasana ná sa t-Sín? Tá nósa agus
béasa bunaidh na Sasanach caillte agus aithris
dhá dhéanamh aca ar mhuinntir tiórtha eile.
Tá na Sínigh go fóillín ag leanúint do lorg
a sinnsear i ngach slighe. An amhlaidh is
fearr de an náisiún sin? Ní deirim
gurb eadh.
(2) Teanga. Tá a theanga féin ag an
Síneach agus ag an Sasanach, agus tá an dá
theangaidh sin an-láidir. Nuair a dh'imthigh
sean-nósa na Sasanach ar imthigh an Béarla
leo? Níor imthigh ná ní imtheóchadh an
t-Sínís ó na Sínigh dá n-eirighdís as ‘pig-tails’
do chaitheamh.
Mar a chéile d'Éirinn! Ní imtheóchadh
an teanga choidhche uainn mura mbéadh an
tslighe a thug na h-allmhuraigh fúithe. D'fhan-
fadh an Ghaedhilg againn an fhaid is bhéadh
muinntir na tíre sáthach gustalach chun brígh
do bhaint aiste mar mheadhon litridheachta
&rl. Níl aon bhaint ag nósa le náisiúntacht
agus pé baint atá ag teangaidh le náisiúntacht,
is fíor-bheag é. Dhá leigtí do Ghaedhil
baint amach dóibh féin gan cur isteach ó
na Gall an chéad uair, creidim nach mbéadh
d'atharrú orainn indiú ach an Ghaedhilg do
bheith againn i n-ionad an Bhéarla. Bhéad
an sean-nós amhránuidheachta imthighthe, ní
bhéadh tásg ná tuairisg ar rinncí ‘Gaedhealacha’
agus ní bhéadh aon bhladar dhá dhéanamh ag
Árd-Chomhairli de 'n Fháinne.
Maidir leis na rinncí Gallda féin,
táid simplidhe, táid go deas agus de
ghnáth déantar go slachtmhar iad. Ceol ar
leith sheinnt le n-a linn agus gan an ceol
céanna i gcomhnuí ann. B'fhéidir go mb'
fhearr dom a rádh annseo gurab é ciall
atá agam le “rinncí Gallda” ná an dhá
shaghas is mó a damhsuightear fá láthair .i.
‘an t-aon choiscéim’ agus ‘sodar an
t-sionnaigh,’ Ní fiú trácht ar bhálsanna
agus a leithéid. Táid marbh. Ach má tá
féin níl aon chainnt dhá dhéanamh ag aoinne
mar gheall orra.
Sé an donas atá ar mhuinntir na h-Éireann
go mba mhaith leó greim do choineál ar an
aimsir atá caithte agus ar na rudaí a
bhaineas léi. Go fiú ceiste an réidhtigh
idir Shasana agus Éirinn níltear sásta
glacadh le h-aon rud nua. Faitcéas atá
orra sgaramhaint leis an seandacht agus
aghaidh do thabhairt rompa amach. Ní h-é
gur maith liom go mbeadh siad dearmadtach
agus ró-ollamh chun glacadh leis an tuairim
nua. Ní bhéadh aon chiall annsin. Ach bíodh
sé ós comhair ár a n-aigneadh gur chun dul
ar aghaidh a rugadh sinn agus gur chuige sin
freisin a bronnadh ciall agus stuaim orainn.
Tá an bás mar chríoch orainn uilig agus ná
beirimís an bás orainn níos túisge ná
mar is ceart. Déanfaimíd sin má thagann
iomarca buidheartha orainn mar gheall ar
na na ‘seóda’ atá imthighthe.
Mar sin, cé an moladh a dtiubhrad do
Ghaedhealaibh? Seo é é! Rud amháin de
dhá rud do dhéanamh.
(1) (a) An rinnce Gaedhealach dáth-nuadh-
chaint agus do thabhairt suas chun dáta
(b) ceól ceart do chumadh agus daoine do
sholáthairt a bhéadh de shíor ag cumadh ceóil
nuadh. (c) Gan an prionsapal atá imbun
na rinncí Gallda do leigint i ndearmad —
sé sin a rádh, sleamhnú i n-ionad léimrighe.
(2) Leigint dóibh bás nádúrtha d'fhághail.
Gan a bheith ag iarraidh iad a choinneál beó
agus gan a bheith ag caitheamh aimsire agus
acmhuinne orra. Tá sé deacair go leór
é bheith de chrann orainn teanga na nGaedheal
do leathnú gan rudaí eile nach fiú smaoineamh
do thabhairt dóibh do bheith ag teacht sa t-slighe
eadrainn:
Ar eagla go mbeadh breall ar dhuine
ar bith déanfad rinncí Gaedhealacha do
ghearradh. (1) Rinncí le h-aghaidh an t-sluaigh.
(2) Rinncí singil nó beirte. Do chuid a
h-aon a thagraim ins an aiste seo. D'fhág-
fainn an tarna chuid faoi lucht na gCleas lúth.
Ball de 'n Árd-Chomhairle mé. Ní raibh
a fhios agam go raibh a leithéid sin de rún
is a luadhas le theacht ós comhair na Comhairle
nó bheadh rud éigin le rádh agam i dtaoibh an
sgéil.
I n-ainm Dé! Bíodh ciall againn.
LEÓN Ó BROIN.
MÁIRE NÍ BHRÍAIN ÓS
CHÓMHAIR NA CHÚIRTE.
Láana-bhrothallach do bhí ann. Bhí an chúirt
ar siubhal ar feadh an lae. Bhí mórán
cúiseanna d'á réidhtiughadh — cuid acu, cros-
tála a ndóithin; agus an chuid eile gan
chiall, agus chómh áiféiseach san, ná raibh aon
ghádh iad a thabhairt os chómhair na cúirte
in-aon-chor. Acht bíonn an-dhúil ag daoine
san dlíghe: dá siubhlócadh cat a gcomharsan
treasna a bpáirce, bheadh fáth dlíghe acu,
i gcoinne an duine bhoicht sin! Agus dá
dtabharfaidhe fíar-shúil cam ar a bpáisdíbh
mo léan géar! Is annsin, a bheadh an rí-rá!
B'fhada an oidhche leó, go mbeadh an duine
dhéin an gníomh uathbhásach san, san chúirt acu!
Bean dá leithéid-seo do b'eadh Máire
ní Bhríain a bhí in a cómhnuidhe in-aice Chill
Áirne, tímpal le fiche bliadhain ó shoin anois.
Mar a dhubhras cheana, bhí an lá ana-thé,
agus ba mhian leis an mbreitheamh, agus
leis na gúistístí go léir, deireadh a bheith
le h-obair na cúirte, mar bhíodar tuirseach,
tnaithte, ó bheith ag ceistiúghadh, agus ag
síor-cheistiughadh, agus ag iarraidh na fírinne
a tharraingt as dhaoine, ná raibh aon fhonn
orra í d'innsint, acht í do cheilt, dá n-éireochadh
leo.
Tigeann gach uile rud chun críche, agus
cuireadh an chúis dheireanach ós chómhair an
bhreithimh. Dar leis, bheadh sí réidhtigthe i
gceann cúpla nóimead. Acht, “Ní mar
a shíltear a bhítear,” i gcomhnuidhe; agus
ní raibh eolas ag an mbreitheamh ar aigne
mná! Acht, cé h-é, go bhfuil an t-eolas
san aige?
“Cúis fogha,” i gcoinne dearbhráthar a
céile do b'eadh an chúis seo, agus do b'í
Máire an príomh-fhíné, ag a raibh teanga
fada, agus anál go leór; agus d'réir
deallraimh, ba mhian léi úsáid mhaith a dhéanamh
dhíobh araon. Agus nuair a bhíonn an inntinn
seo ag mnáibh, b'fhuiriste cúrsa na h-abhann
d'áthrughadh, ná h-íad a chasadh ón-a dtoil
féin. Acht, pé i nÉirinn é, tháinigh Máire
isteach chum an fhíneidheacht a thabhairt, agus
thosaigh sí ar a sgéal do chur ós chómhair na
cúirte, mar leanas:—
Máire:— “A dhuine uasail, ní raibh aon
chúis dlíghe agam anois le mí. Tá fhios
agatsa go maith, go rabhas pósta le fear
maith, agus gur chailleadh é, tá deich mbliadhna
ó shoin anois — beannacht dé le n-a anam. —
Táim im' bhaintreach anois, agus tá seisear
mac agus inghean ag brath orm chun iad a
chothughadh. Táim ag obair go dian ó mhaidin
go h-oidhche, ag iarraidh oideachais maith a
thabhairt dhóibh; agus cheana féin, tá an
buachaill is sine acu —”
An Breitheamh “— Gabhaim párdún agat,
a bhean uasail, an innseóchair dom, cad é
an chúis fé leith atá agat i gcoinne dear-
bhráthar do chéile, má's é do thoil é?”
Máire:— Bhíos ar tí é sin d'innsint
duit, nuair do chuiris isteach orm. — Mar
a bhíos á' rádh leat, tá Seáinín — sin é
an buachaill is sine acu, — sé bliadhna deug
agus measaim gur mithid dó bheith ag tuilleamh
ar son an choda eile de'n chlainn, agus —”
An breitheamh:— “Réidhtighim leat; acht,
maidir leis an chúis seo i gcoinne dearbhrathair
do chéile?”
Máire:— “Ó! Seadh. Uime sin, iseadh
a thangas annso. Tráthnóna Diardaoin a
bhí ann — bhíos 'sa mbaile an lá san agus
chuadhas isteach i siopa Mhurchadha, féachaint
an mbeadh aon phost acu, a oirfeadh do
Sheáinín. Chonnach an máighistir agus dubhairt
sé liom, nár bh'fhéidir leis aon gheallamhaint
a tabhairt in a thaoibh, acht go gcoimeád-
feadh sé in a chuimhne é, agus nuair a bheadh
buachaill ag teastáil uaidh, go —”
An Breitheamh:— “Tuigim, tuigim; acht
cad mar gheall ar an gcúis seo?”
Máire:— “Bhuel, a dhuine uasail, nuair
a thangas abhaile, bhíos tuirseach agus díom-
bádhach, agus do shuidheas sa chathaoir in aice
na teine in mo thig féin, ag fanamhaint go
bhfillfeadh mo chailín beag ar ais ó'n tobar,
leis an uisge i gcóir an tae, — is í —”
An Breitheamh:— “Seadh, seadh. Acht
connus a bhaineann sé seo go léir, leis an
gcúis seo?”
Máire:— “A dhuine uasail, teastuigheann
uaim-se cúrsaí mo sgéil do chur i dtuisgint
duit, — gur baintreach bhocht, uaigneach mé,
agus go bhfuil seachtar bpáisdí ag brath orm,
ó chailleadh mo chéile, an fear do b'fhearr —”
An Breitheamh:— “Tuigim go soiléir é
sin, go léir; acht anois an innseochair
do'n chúirt rud éigin mar gheall ar dear-
bhráthair do chéile?”
Máire:— Dearbhráthair mo chéile!
Mhaise, crádh mo shaoghail is eadh an fear
san! Nuair ná raibh Seáinín acht in a
photolóigín, thagadh sé-siúd isteach, agus
chasadh sé tímpal 's tímpal é, i dtreo go
samhluighinn go mbeadh a raibh d'intinn in a
cheann síos, suas aige. Agus annsan,
dheireadh sé liom, go raibh cion mór aige
ar an leanbhín bhoct, & ná raibh ann acht sult.
(‘is ait an sult é sin’ arsa mise) —”
An Breitheamh:— “Ní bhaineann an gchúis
seo le d'chlainn in-aon-chor. Ná labhair mar
gheall ar aon rud eile arís, acht ar an cúis
seo, má's é do thoil é.”
Máire:— “Connus is féidir liom mo
chúis do dheimhniúghadh, muna n-innseóchad duit
cad é an saghas fir é siúd? Mar a bhíos
ag rádh ó chíanaibh tháinigh sé isteach sa chistin,
tá seachtmhain ó shoin, agus do bhagair sé
orm, agus mé ag ól cupáinín tae, agus
dubhairt sé, gur b'olc an oileamhaint, a
bhíos ag tabhairt do m'chlainn; go rabhas
ag tabhairt an iomarca ‘cead a gcos’
dóibh, agus go raibh Seáinín agus a ghadhar,
anois beag, tar éis bheith thall in a pháir-
ceannaibh ag crádh a chaorach; agus dubhairt
sé dá ndéanfadh Seáinín a leithéid-se arís,
go mbeadh tinneas agus cathughadh air in a
thaoibh. Bhuel! a dhuine uasail, chuireas
an cupán tae síos ar an mbórd, agus dubhart
leis — dá mbainfeadh sé fiú amháin le ribe
gruaige atá ar cheann Sheáinín, go leanfainn
ar fuaid an bhaile é, agus go ndéanfainn
dréoilín spóirt de, ós chómhair na gcómharsan;
agus d'órdhuigheas dó gan teacht isteach mo
dhorus arís, nó má dheinfeadh, ná béinn
freagarthach in aon rud a dhéanfainn leis.
Ó, A dhuine uasail, nuair a chuimhnigheas ar an
rud adubhairt sé — go gcuirfeadh sé tinneas
agus cathughadh ar mo Sheáinín bhocht — Acht,
dá labharfadh a leithéid-se arís.”
An Breitheamh:— “Go socair, a bhean
uasail, glac réidh an sgéal agus innis dom,
ar thug dearbhráthair d'fhir fogha fút sar
ar dh'fhág sé?”
Máire:— “Ar thug sé fogha fúm, an
eadh? Munar chuaidh sé go ciúin socair
amach an doras, nuair adubhart leis dul,
is air-sean a bheadh an tinneas agus an
cathughadh, mar a bhíos ar tí, ar a raibh dh'uisge
beirbhthe san chiotal, do chaitheam leis. ‘Ar
thug sé fogha fum-sa?’ A leithéid sin
de bhitheamhnac!”
An Breitheamh:— “Ní féidir liom aon
cómhartha fogha d'fheichsint san chúis fós.”
Máire:— “Cad tá agat d'á rádh, le
toil t'onóra? — Ná fuil aon cómhartha fogha
san chúis seo, — an eadh? Ná fuilim thar
éis a rádh leat, anois beag, gur fhágadh in
mo bhaintreach bhocht uaigneach le muirear
mór cloinne, agus —.”
An Breitheamh:— “Seadh! bhíos ag éisteacht
go h-aireach le d'chuid cainte, agus níor
thugas fé ndeara oiread agus pioc deimhne
i gcoinne dearbhráthair do chéile.”
Máire:— “Ach, 'Gcloistí! Nár innseas
duit, connus a tháinig sé isteach, agus a
bhagair sé ar Sheáinín bhocht — bitheamhnach na
croiche duibhe! — agus muna ndeagaidh sé
amach go mear, dhéanfainn —.”
An Breitheamh:— “Seadh, go díreach; acht
caithfidh mé déanamh d'réir an dhlíghe, agus
mar sin — tá deire leis an gcúis seo.”
Máire:— “Deire leis an gcúis seo!
an eadh? Cad tá agat d'á rádh? Ní
thuigeann tú mo sgéal in-aon-chor. Éist
liom-sa arís —.”
An Breitheamh:— “Sgéal thairis, anois!
deirim go bhfuil deire leis an gcúis, agus
sin a bhfuil agam le rádh mar gheall uirti.”
Máire (le fuinneamh agus fearg ag teacht
in a caint) “Deire leis an gcúis! Connus
is féidir deire bheith léi? Ní leogfá-sa
dhom mo sgeal d'innsint duit ar mo chuma
féin, ach bheith ag cur isteach orm, gach re
dtamall; agus anois, deirir go dtuigeann
tú mo chúis, agus go bhfuil deire léi, —
agus gan mo sgéal leath-innste agam fós.
Is deas an slíghe é seo, ceart do chur i
bhfeidhm is ag stealladh mhagadh fé'n gceart
atáir —.”
An Breitheamh:— “Déanfaidh sé an gnó
anois” (leis an dóirseóir — “Tóg an bhean
so amach as áit na bhfíné”).
Máire:— “Mise a thógaint amach as an
áit seo! an eadh? — Ní corróchaidh cos liom
as so, nó go mbeidh mo sgéal-sa innste
agam tríd síos. Ní fhágfad an áit seo,
d'aon bhreitheamh. Caithfidh mé mo cheart
d'fhagháil. B'fhéidir dá n-innsinn —.”
An Breitheamh:— “(le dóirseóir, agus a
fhoidhne ag briseadh air) cuir an bhean so
i bpriosún, mar gheall ar an masla a thug
sí do'n chuirt; agus cuirfead gach aon
ghnó eile ar ath-lá.”
Do bhain an breitheamh searradh as féin
annsan, agus d'éirigh sé chun dul abhaile. —
(do thuig sé annsan fírinne an tsean-fhocail
“Níl ag mnaoi ach a teanga.”)
M. NIC GHIOLLA PHÁDRAIG.
MO MHADRA.
Molann gach aoinne go hárd an madra
so agam-sa. Agus leis an bhfírinne a
rádh níl a fhios agam cé'n fáth mar ní h-í
mo thuairim í go bhfuil barr ar bith dá luighead
é aige ar aon mhadra dá bhfacas ariamh.
Ach an bhean seo a chomhnuigheas 'sa tigh is
giorra dhom ní shásóch aon nidh í ach go scríobh-
fainn beagán 'na thaoibh agus ó tá sé orm
é sin a dhéanamh ceapaim go bhfuil sé chomh
maith agam a dhéanamh tré 'n teangain a
labhras an bhean sin agus mé fhéin de ghnáth
agus tré'n teangain a thuigeas an madra
atá i gceist agam.
Bhuel an Bran seo agam-sa céard abróchas
mé faoi? Gan amhras mar a deireann
na comharsain tá sé cliste go maith agus
usáideach mar an gceudna. Ní cuimhin liom
go ro-mhaith anois cé mas a d'fhoghluim sé
é seo ach má théighim isteach i siopa nó áit
ar bith mar sin ní baoghal dom rothar lasmuigh
agus Bran gairid dó. Cleas foghanta
tairbheach é sin a bheith ar thuigsint madra
agus má dheineann mo Bhran-sa a leithéid
nach aontóchtar liom go mba cheart go
bhféadfadh madraí eile an rud céadna a
dhéanamh.
Is eol do'n t-saoghal an seanrádh sin a
deireas gur críona é an t-é a bheireas leis
scath-fhearthainne gach lá. Ós rud é nach
bhfuil aon iontaoibh ar bith as an aimsir
na laethe seo ba cheart do chách a chóta a bhreith
aige i gcomhnuidhe. Ach 'na dhiaidh sin is
uile ní maith le duine ualach mar chóta a
bheith ar a ghualainn de shíor. A's ní théighim-se
féin ar aon áit gan chóta ach ní dhéinim a
iomchur. Agus tuige? Cuirim ar dhruim
mo mhadra é agus fágaim an chuid eile
faoi. Nuair cheangalainn, le crios, dá
dhruim ar dtúis é ní chreidim go mbraithfeadh
sé é féin ar a shuaimhneas ach níor bhacas
leis sin agus niorbh fhada go dtuigfeá uaidh
go mbéadh sé lán-tsásta agus an cealán
féin a iomchur dá bhféadad sé é. Agus
nach dtig le madra ar bith eile, taobh amuigh
de cineál nó dhó acu, an rud ceudna a
dhéanamh! Ach sílim go gcluinim á rádh
ag sean-mhaighdin éicint cheana “Cruadhalachas,
cruadhalachas ar ainmhidhthibh.” Go réidh a
dhuine, níl a leithéid ann. Ní bhfuair mo
mhaidrín buille riamh uaim dá luighead. Ní
dhearna mé riámh ach labhairt leis. Agus
annsin cuimhnigh ar an bhfeidhm is an tairbhe
a bhaintear as madraí thar lear.
Agus an madra seo tá sé go rí-mhaith
mar theachtaire. Tá siopa ag ceann na
sráide agus feichtear go minic é a dul
go dtí an siopa sin a siopadóireacht. Tamall
maith ó choin nuair a bhí sé óg leanadh sé
go dtí an áit sin mé is ní mheasaim gur
bhuail sé an siopa isteach riamh gan briosca
nó beagán cáise d'fhághail agus anois níl
le déanamh agam ach mo theachtaireacht a
scríobhadh ar ghiota pháipéir, is an páipéar
a chur tré'n gcrios-bhóna tá thart fá'n a
mhuinéal, an doras a fhosgladh agus
“brioscai” a rádh agus siúd chun an t-siopa
ar chos-in-áirde mo mhadra, áit a bhfuigheann
sé an teachtaireacht. Annsin cibé ar bith
rud a bhíos uaim cuirtear ar ais chugam é
leis an madra agus muna dtig leis a iomchur
le na bhéul ceangailtear de'n bhóna é.
Sílim-se go mba cheart go múinfidhe a
leithéid de chleasannaibh do gach madra.
Níl annsin ach beagán de na rudaíbh gur
féidir leis an madra seo agam-sa a dhéanamh
ach ní theastuigheann uaim ar ndó ach a thais-
beáint chomh cruinn agus dh'féadfaidhe madraí
a mhúineadh agus chomh tairbheach agus dh'fhéad-
faidís a bheith. Níl aon ghábhadh a bheith
cruaidh nó gárbh leo, go deimhin. Is maith a
thuigim-se sin de'n eolus atá agam orrtha.
Níl aon caoi le madraíbh ach a bheith ceanamhail
cneasta leo. A léightheoirí déinidh iarracht
ar bhur madraí a mhúineadh freisin.
“AN PÍOBAIRE FÁNACH.”
GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.
Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.
TYPEWRITERS
(Coracha Cló-Sgríobhadh).
“Hammond” (Gaedhealg agus Beurla ar an
maisín ceudna).
“Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air).
Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
choimeád in eagar agus in órdú.
Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/-
(iomlán).
CONAN, MAULE & CO., & Crow St., Ath Cliath.
Guthán: 3319
ÉARNA
CEANNUIG “ÉARNA.”
Nó beir gan aonrud.
Uimhir na Nodlag. Le fagháil insna
siopaí.
AN STÁT GAEDHEALACH
Nídh an-thráthamhail, an-éifeachtamhail ar fad
is eadh an nídh seo atá Leon Ó Broin tar éis
a tharraing chuige 'sa “Scuab” an mí seo
caithte a dtaobh “an Stát Gaedhealach.”
Anois an t-am díreach chum an rud so a
nochtadh agus a thabhairt os cionn talmhan
agus a dheunamh soiléir don dream atá ag
saothrughadh agus ag riaghalughadh Náisiúin
dúinn cad é an chloch-bhuinn ar a dtógfar
an náisiún so arís agus ar a curfar ar a
bunadh í.
Im' thuairm-se gur mór an contabhairt
agus an cur amudha atá ag baint leis an
dteagasc so atá dá craobhscaoileadh ag
Leon Ó Broin. Tá a fhios againn go léir,
dar ndóigh, nach aon tairbhe a bheith ag trácht
ar na Féinn, ná ar Mhuintir na Craoibhe
Ruadh linn; ná ar Chú Chulainn, ná ar Fhionn
Mhac Cumhail, ná ar Chormac Mhac Airt, ná
ar Bhrian Bhóirimhe, ná ar aon saoghal a bhain
le n-a g-comh-aimsire sin. Acht tá tréithe
agus beusa agus iomchur agus aigne fé leith
a chuir a gcuid fola ag rioth tré n-a
bhféitheacha agus a gcuislinn siúd agus a
tháinig anuas chugainn-ne ar chuma nó ar
chleas agus atá fós go maith agus go fíor
agus go nádúrtha ag mór-chuid dár ndaoine
'sa nGaedhealtacht agus 'sa mbreac-Ghaedheal-
tacht. Sin caint a bhaineann preab as mór-
chuid des na daoine mar Leon Ó Broin atá
d'iarraidh a bheith i n-a dtreoruidhthe againn-
ne ar ath-thógaint an náisiúin seo. Ní fhuil
aca acht d'iarraidh oireamhaint a dheunamh dá
mbacaighe féin. Teastuigheann uatha a chuir
in-a luidhe orainn ná fuil an aigne Gaedhealach
ann; ná fuil tréithe agus iomchur agus
beusa fé leith ag baint leis an mianach aigne
a bhronn Dia ar an seacht gcead sinnsir a
ghaibh romhainn; ná fuil a leithéid sin fós
ag baint leis an Ghaedhealtacht agus leis an
Ghaedhilg. Tá siad sásta le saoghal nach
Gaedhealach agus nach Gallda acht gur giorra
don nGalldacht ná don nGaedhealtacht a bheith
aca acht clúdach na Gaedhilge a chaitheamh
anuas ar gach aon rud. 'Seadh, agus ní
fhuil siad sásta ar fhíor-thréithe na teangan
a shaothrughadh acht an oiread. Chuaidh gach
aon rud in aimh-réidh orainn 'sa tír seo ón
uair a thoiltuigh an Sasanach an t-oideachas a
sholáthramh dúinn. Nuair a ghlacadh leis an
léigheann agus leis an teagosc a fhritheáladh
dúinn ó láimh Shasanaigh d'fhásc sé sin in áit
a chéile an aigne Gaedhealach amach as ár
ndaoine agus in áit Gaill a dheunamh dhínn
amach agus amach d'fhag sé in ár mbastartaighe
sinn 'sa tslighe nach fuil ná feoil ná iasc
anois sinn.
Le dá fhichead bliadhain anuas 'seadh thuit
an mallacht mór so ar fad orainn. Bhí
fear siopa annso abraim agus palacán maith
airgid cnuasta, bailighthe aige as a ghnó mar
go raibh an fear macánta (?) agus a bhean
cruinn, baileach, léir. Bhí an chlann ag
éirighe suas chuige agus iad ag dul go dtí
scoil na mbráthar nó na mban riaghalta.
Nuair a bhí an méid léighinn a bhí ar eolas
aca sin bailighthe aca chomhairligh an mháthair
riaghalda dhó mháthair na leanbhaí nó an
bráthair dá n-athair iad a sheoladh, go dtí
an Ursuline nó go dtí an Loretto nó go
Clongowes. Bhí na hUrsulines agus na
Lorettos agus na Clongowes so ag cur ar a
chéile d'iarradh a chéile a bhárradh le neart
Galldachais. Cuid den eolas is mó bhíodh
ar iomchur ag na cailíní acht conus a shuidh
Lady Beatrice Pauline Smart i gcuideachtain
Árd Iarla Hollowsound — conus a fháiltigh
sí roimhe, 'dé méid coiscéim a chuaidh sí i
ndiaidh a cúil siar nuair d'oscail sí an
dorus roimhe, 'dén sórt lúbán a dhein sí
dhí féin, d'iad na focail fáilte a thomhas
sí amach chuige, agus dé mhéid casadh a chuir
'sí n-a gob; agus mar sin, agus mar sin.
Gheibheadh an chlann mhac na málaí léighinn
den saghas ceudna i gClongowes agus
Castleknock. Bhíodh Ping-pong agus Hockey
agus Lawn Tennis agus Soccer agus Rugby
aca acht an ghráin mharbh aca ar an iománuidheacht
agus ar na gníomhthara gaile agus gaiscidh
ba thaitheach dá sean agus dá sinsir. An
Waltz agus an Foxtrot agus an Padre
Cathre agus an Versevienna a bhíodh uatha
in áit an ríl, nó an port, nó an cornphíb.
'Sé brígh mo scéil díbh go dtagaidís abhaile
chum a n-athar agus chum a máthar bhocht lán
de ladmhas agus do leamhasaireacht; an
croidhe bog, nádúrtha, craptha calcatha istig
i n-a gcorp; gob orra chum gobaireachta,
agus soc orra chum socaireachta; náire
orra roimh n-a n-athair agus roimh n-a máthair
féin nuair ná bíodh an chanamhain agus an
blas cainte agus na gothaí agus na riaghlacha
chum iad féin a iomchur ag bórd agus ag
cuideachtain ag an sean-dhream a bhí
foghlumtha aca san agus ag a gcomh-chuid-
eachtain. Is minic a chuirtí an t-athair
agus an mháthair bhocht i leath-taoibh; bhris
ar an nádúr aca agus níor fhág sé lá dhen
rath ar an tír seo; agus is oth liom a rádh
go bhfuil sagairt agus bráithre agus mná
riaghalda ró-fhreágarthach, ró-chionntach 'sa
rud so.
Thosnuig na feirmeoirí ag deunamh aithris
ar lucht-siopatha agus is mar sin a leathnuigh
an aigne gallda so 'sa tír. Is cuimhin
liomsa go suidheadh an feirmeoir agus a
bhean agus an chlann i gcuideachtain na
bhfear oibre agus na seirbhísigh ag bórd na
cistin ag gach aon bhéile agus an ghreim agus
an bolgam céadna aca go léir. Acht nuair
a fuair an chlann mhac agus an chlann inghean
an léigheann nua so chaitheadh dul 'sa phárlús
chum an bhiadh a chaitheamh agus d'fhágadh an
fear oibre agus na buachaillí aimsire agus
na cailíní aimsire 'sa chistin i gcuideachtain
an chait agus an mhadra agus muca an mhacha
b'fhéidir. Bhíodh sásta gur leor an chuid-
eachta dá chéile iad siúd. Atá a rian air
anois is beag an tsuim ná an cúram atá
ag an bhfear oibre i ngnó ná i strus a
mhaighistir acht a lá a chur síos agus na
huaireannta an chluig a chomhaireamh agus a
phádh d'fhagháil.
Níorbh' mhar sin don bhfear oibre bhí ag
an tsean-dhream bhíodh an oiread cúraim
aige i gcuid a mhaighistir agus a bhíodh ag
ag maighistir féin, agus aon lá a bheadh fear
an tighe as baile ní baoghal ná go mbíodh a
chuid beathadhach agus gach aon rud eile go
socair, sámh roimhe agus a ghnó deunta dhó
go críochnamhail, maith. Ní hiongnadh liom
go bhfuil stailc agus briseadh idir an
fheirmeoir agus an fear oibre, idir an
maighistir agus a chuid seirbhíseach anois.
Sin a bhfuil againn de bharr an aigne
Gaedhealach a thréigint agus glacadh leis an
aigne gallda.
An aigne breágh, oscailte a bhfuil an
croidhe bog, nádúrtha, taobh thiar de, gan
cam-beul gan gothaí gan geáitsí cainte, sin
é an aigne Gaedhealach. An croidhe agus an
aigne tá taobh thiar den ngáire bhréagha
oscailte, nó den screuch agus den líugh
maoidhte gaile agus gaiscidh agus ná fuil
a leithéid eile le haireachtaint ar dhruim an
domhain; an croidhe agus an aigne agus
an meudughadh meanmann a thagann don
seanduine lán de phianta agus de dhathacha
nuair a airigheann sé port nó ríl dá imirt
ar an bheidlín agus a bhrostuigheann é chum
éirighe in a sheasamh agus bréith ar dhrom na
cathaoireach ar a mbíonn sé in a shuidhe, a
chosa agus a lámha agus a cheann ag imtheacht
uaidh le neart faobhar croidhe agus misnigh
— sin cuid den aigne Gaedhealach agat.
Cuid eile dhen aigne Gaedhealach is eadh
an ceol a chuireann an seanduine in Árann
nó i gCuan-na-Mara nó 'sa Sean-Phobal nó
i gCill na bhFraochán san abhrán caoin cathach
nó san olagón caointe a tharrangóchadh na
srutha deor ó d'shúile. Ní bhíonn an aigne
Gaedhealach scoite chum an tsaoghail mar a
bhíonn an aigne Gallda; ní bhíonn an dúil
mallaighthe aige in airgead ná in saidhbhreas.
Casadh fear orm lá fiadhain earraigh 'sa
nGaedhealtacht; chonnacamar traen ag cur
dathaigh aiste ag imtheacht de dhruim an chnuic
soir uainn agus ceathanna chloich-shneachta ag
imtheacht i mbeul na gaoithe. “Bhál! a
Thaidhg, a dhearbhráthair,” ar sé sin, “is
iongantach an saoghal é, traeneacha ag imtheacht,
fiadhantas agus fearthainn ag imtheacht, agus
na daoine ag baint na sála dá chéile fé
dhéin trí ghreim bídh. Sin mar d'fheuch an
fear bocht san amach ar an saoghal.
Tá an aigne Gaedhealach i mbugieacht agus
i nádúracht foghar na cainte Gaedhilge.
Tagann na foghair ón chroidhe amach go bog
nádúrta gan gobaireacht gan gothaí — caol
agus leathan ar a nglan-chirteacht.
Is mó san slighe a theasbáineann an aigne
Gaedhealach é féin. Ní fhuil ag an aigne
galldha acht an “Good mo'ning,” agus an
“How d' do?” agus “Tol-ol” don,
“bail ó Dhia ort” agus “go mbeire Dia
slán tú,” agus mar sin a thagann ón aigne
Gaedhealach. Ní airigheann an aigne Gallda
acht “Cock-a-doodle-doo-doo!” i nglaodh
an choilig nuair is é a thuigeann an aigne
Gaedhealach uaidh acht, “Mac-na-hÓigh-Slán!”
Má éirigheann linn-ne an Ghaedhealg bhreágh
nádúrtha a thabhairt linn i bhfochair an chroidhe
agus an aigne bhog, lághach, a ghabhann leí
(mar adeir P. Ó Cadhla go meoin minic)
cá bhfios nach sinn a bheadh ag deunamh ath-
shéimhialtacht ar an domhan go léir arís.
B'fearrde an Chríostuidheacht, b'fearrde gach
aon rud má éirigheann linn é sin a thabhairt
linn. Má 'seadh ní le ping-pong agus Lawn
Tennis agus le waltzanna a thabharfaimíd
linn é. TADHG GAEDHEALACH.
LEITREACHA.
AN STÁT GAEDHEALACH AGUS RUDAÍ EILE.
18 Sraid Howard,
Rinn Mhuirbhthean,
Baile Átha Cliath.
A dhuine chóir, tá súil agam na déarfair gur dána
an t-éadan atá orm, comhairle bheag a thabhairt duit.
Tá dhá shlighe le rudaí a dheanamh, an tslighe chóir agus
an tslighe éagchórtha. Is deachair — dar liom — comhairle
do thabhairt, agus ní mór do dhuine a bheith ana aireach
nó is amhlaidh a thabharfaidh sé tarcuisne in ionad comhairle.
Is baoghalach ná fuil sé d'uain agam aireachas mo dhothain
do thabhairt, agus má dheinim an botún, bfhéidir go
ndéanfaidh tú mo choir do mhaitheamh. Le h-imeacht
na h-aimsire tá gach aon rud ag dul in achrann sa
t-saol so, agus ní foláir do gach éinne a bheith ag brostú.
Ní bhíonn sé d'uain ag éinne am a chur amú ag deanamh
gnótha, mara bhfuil gádh mór éigin fé leith leis mar
ghnó. Sa t-sean-aunsir, fiú leath-chéad blian ó shoin
scríobhtí finnsgélata fada — breis is chúig chéad
leathnach ar a laghad — agus léightí iad. Anois bíonn
na sgéalta ana-ghairid. Ní bhíonn faill ag an gcoit-
chiantacht tabhairt fé léabhar mór fada anois. (Les
Misérables cuirim i gcás.) Agus caithid a bheith
sásta le sgéalta gairide in Iris-leabhair, nó le finn-
sgéalta gairide. An nuadhacht atá ó fhear gnótha,
bíonn sé le fáil i bpáipéar nuadhachta — agus féadfaidh
sé é léigheamh ar an trama ag dul ag obair dhó ar maidin.
Taithneann na nótaí a bhíonn agat ar an “Sguab”
go mór liom, — ní ag cuimilt baise atá mé. Táid
siad gairid so léighte. Na h-aistí a bhíonn ar an
“Sguab” is maith liom na cínn gairide, ach
ní bhíd siad go léir gairid agus bfhearrde an “Sguab”
é, dá mbeidís. In uimhir Éanair de'n “Sguab,”
bhí gach aiste ró fhada ach cúpla ceann acu: Bhí na
h-aistí eile maith go leór, dá mbeadh sé dh'uan ag duine
suidhe sios agus iad do léigheamh.
Traosluighim do León ó Broin trath's go raibh sé
de mhisneach ann tuairim a tá bun os cionn le tuairim
furmhor lucht na Gaedhilge do nochtadh. Bhí cuid mhaith
de'n cheart aige i dtaobh an stáit Gaedhealaigh. Ní
féidir dúinn dul siar. Tá an saoghal ag cur dhe ró-mhear,
agus feasta — dála na n-aistí — caithfimidh glacadh,
le nuadhacht, agus le tapúlacht fiú féin le rudaí narbh'
eól do Bhrian Boirmhe iad a bheith ann nó as.
An fhaid a bhí an Ghaedhilg á labhairt in Éirinn bhí a
tioraíochas féinig in Éirinn, agus an túisge a bheadh
an Ghaedhilg á labhairt in Éirinn airís, tabhair-se an
leabhar go gcuirfear crot Gaedhealach ar bhéasa gallda.
Má tá rothar ag duine ní foláir dó, tar éis tamall
de bhlianta, roth nuadha a chuir isteach ann, nó rud éigin
nuadh. Is ionnan sgéal don tíoraíochas. Má tá
béasa Gaedhealacha ann, ní foláir iad d'athrú, nó éireo-
caidh col ages na daonaibh dóibh: Cuirim i gchas rinncí
Gaedhealacha; táid na rinnci san á ndeanamh ag muintear
Connradh na Gaedhilge le breis is fiche blian. Ní
h-ionghnadh go bhfuilid bréan díobh mar rinncí. Rud
eile dhe caithfidh duine breis is blian ag gabhail dos
na rinncí Gaedhealacha sara a mbeidís ar foghnamh aige.
Tar éis cúpla seachtaine, beadh na rinncí gallda aige,
agus toisg an gannchúis aimsire cerbh' ionghnadh go
gclaoidhfeadh sé leis na rinnci idirnáisiúnta. An
fíor gurbh é Cromwell do thug na “rinnci Gaedhealacha”
isteach go h-Éirinn? Más fíor, tá moladh mór ag
dul des na Gaedhil i dtaobh iad do ghaedhliú; seadh
leis, agus teaspáinfidh sé sin gur féidir aon nós nó
aon bhéas gallda eile do Ghaedhliú. Sguirmís de'n
bhladmainn agus féachamís leis an Gaedhilge do chuir
chun cinn, agus ní baoghal ná go bhfásfaidh stát Gaedhealac
go nádúrtha uaidh féin.
Mara mhiste dhom é do rádh, ní dóigh liom gur fiu
leathnach do chuir i leath taoibh gach mí, le h-aghaidh cúrsaí
aistriúcháin. Páipéar nuadhachta iseadh an “Sguab.”
agus ní múinteóir Gaedhilge é. Pé sgeal é, ní léir
domhsa go raghadh an t-aistriúchán i dtairbhe d'éinne.
Ní h-é sa téarma atá an tabhacht ach san tslighe a cuirtear
an téarma i bhfeidhm. Tá sé ráite gur ionnan “An
chéad Fhóirthín” agus “First Aid.” Tá go maith:
An té nar cuimhnig ar an dtéarma, ní bheidh a fhíos aige
pé 'ca “tugtar” nó “déintear,” nó a “soláthruigh-
tear” an chéad fhóirthín. Má tá téarma o dhuine,
faghadh sé ó Gheadhilgeóir eile é agus a lán samplaí
leis — más áil an chainnt do thabhairt leis sa cheart.
Seadh, cad é an Ghaedhilg a chuirfí ar “Industrial
efficiency,” “resiliency,” “objective,” “investiga-
tion,” quality and quantity,” tenacity of purpose”?
Má léigheann duine an t-aiste ar “Éifeachtúlacht
Tiúscalach” a bhí ag Mícheál de Paor i “Sguab” Eanair
gheobhaidh sé amach gur “éifeactulacht tiúscalach,”
“teacht aniar” “ceannsgribe,” “fiosrúcán,”
“saghas agus suim,” “leanúnachas,” an Gaedhilg
atá ortha, agus gheobhaidh se amach chomh maith, cionnus
iad do chuir i bfeidhm.
SEAMUS Ó MACHÁIN,
A Fhir Eagair,
Ní fheadar an bhfaghfá aon bhlas ar na h-iarrachtaí
seo. Tagraid don reim-focal úd bhí i Scuaib Eanair
agat.
1. ‘Talmhóg’ thug Liam Gógan air: thug sé
‘tochaltán,’ agus ‘poll (teach, cró) talmhan’ air
fós. Ní gnáth gan údarás é. Bhíos-sa ag cuimhneamh
ar ‘fairthis’ do chur i leath-taoibh feasta i gcóir
‘Dug-out,’ nó ‘tóch-fhairthis,’ b'fhéidir. (Coimeas
Trí B--gh an Bháis).
3. Loyal = tairis, dílis: Loyalist tairiseach,
dílseóir: Loyalty tairiseacht (Céitinn, me Guidhir,
Gadaidhe Géar), dílse(acht): “Loyalist” Sacs-
tairiseach, bras-tairiseach (coimeas bras-fholt), béal-
tairiseach (coimeas béalghrádh), mío-thairiseach (coimeas
mí-scéal).
6. Sé rud atá i Snob codarmánach ghnidheas soidrín
an bhacaig i ndiaidh na h-uaisleachta; sé sin, bras-
uasal nó bréag-uasal; snobbery bras-uaisle (acht)
(coimeas bras chomhrac a joust, tournament, Sham-
fight).
12. Ní i gcomhnaidhe gheobhfaoi ‘cuimhneamh’ do chur
ar ‘idea’ dar ndó. Dá mba fealsa (fealsamhnacht)
bheadh ar siubhal agat téarma tacair is eadh theastochadh
uait, .i. oidheam, sé sin an dealbh spioradálta bhíos
na aigne ag duine.
13. In a leithéid sin de chás nárbh an-mhinic ‘comh-’
sa litríocht? ‘comh-urchar’ volley. Ní ag lochtú
‘maidhin-urcar’ atáim.
15. Ní mór dúinn feasta idir-dhealú thabhairt isteach
annso. Tugaim fé ndeara ‘gunán’ ag an Ath. Mac
Clúin ar ‘revolver.’ Ón nGearmáinis do rifle
‘riefeln’ clais nó eitreach (eitrighe) do chur i rud,
toisc eitreach ar sceamh do bheith ar an taobh istig de'n
bhairle. Ná faghfaoi ‘eitreán’ nó ‘eitreachán’ do
thabhairt ar a leithéid seo de ghuna? Tá fhios agam,
ar ndó, na dubhradh riamh fós an focal, acht más maith
nach mithid? “eitreachaidhe” rifleman agus mar sin de.
17. Ní dóigh liom go n-oireann umhlughadh mar Ghaedhilg
ar (military) Salute, arae ná bíonn umhlughadh ann!
Cé go bhfuil droch-chas curtha ar “lútháil” ó shoin,
military (salute do bhí ann ar dtús. Tá “salúta”
Ó Bruadain (11. leath. 66) mholfainn féin “lúta” ar
Cad is dóigh leat féin?
18. Nár mhór an áise an sean-fhocal ‘neacht’
d'aithbheochaint ar niece, ós ag aithbheochaint na Gaedhilge
go coitcheanta atáimíd? — agus ‘nia’ ar ‘nephew’
is ‘ua’ ar ‘grandson.’ chomh maith! d'ár gcuid dílis
féin do b'eadh iad, lá dá raibh.
19. Ní maith liom uaisleacht. Marab é an code of
honour so bhíodh in sna geasa ar a léighimíd an oiread
san, cad a bhí ionta? Tá dlúth-bhaint aca le chéile
ar aon tslighe. Cuir i gcás ‘bhí sé de gheasa air gan a
leithéid so nó a leithéid siúd do dhéanamh.’ Uime sin
‘Geasa onóra’ ‘geasa uaisleachta’ nó rud éigin dá
shamhail.
“FEAR DEIRCE.”
1adh. Mi Eanair, 1924.
Fear Eagair,
An Sguab,
Cearnóg Montseoighe a 24,
Ath Cliath.
A Chara,
Seo chugat íarracht ar aístriú na bhfocal seo leanas:—
1. Dugout — Tochaltán.
5. Bullybeef — Feólmhach fiuchtha.
15. Rifle — Gunna gualann ( i gcompráid le gunna
glaice — revolver).
16. Adjutant — Congantoir (an fochal atá i ngnáth-
úsáid' san arm).
Beir Beannacht,
TOMÁS MAC CIONASTA,
Ceann Catha,
Seirbhís Dochtuireachta an Airm.
Do'n bfhear Eagair,
Ní fheadar an orm bhí an locht acht tá dearmhad i m'
chuid-se cainte i leathnach 65 de “Sguab” Eanair,
insan dara líne deug ón mbun “mBeula,” ba cheart
a bheith ann in áit “mBeurla.”
TADHG GAEDHEALACH.
SCEULTA MHICIL
(An Fear Mór do scríobh iad)
Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta.
Tá Caint Chanta Cheolmhar ionnta.
'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an
margadh é do scoláirí ná fuil an
Ghaedhealg ró-láidir aca.
Le Faghbháil ó
Rúnaidhe, Coláiste na Rinne, Dún-
garbhán, nó ó Chomhlucht Oideachais i
mBaile Átha Chliath.
LÉIRMHEAS.
“SLIGHE AN EOLUIS.”
Cormac Ó Cadhlaigh, M.A., do scríobh Brún agus
Nóláin d'fhoillsigh. 2s. 6d. a Luach.
Leabhar an-thairbheach, an-luachmhar iseadh an leabhar
so, “Slighe an Eolais.” Atá greas cainte ann ar
gach aon sórt nídh geall leis ag baint le saoghal daoine
maille le sean-fhocail ag tagairt dos na cúrsaí ceudna
agus ceisteanna chum congnamh a thabhairt don bhfear
teagosca. Is mór san ar fad an méid atá bailighthe
i dteannta a chéile in aon leabhairín beag ar aon leath-
choróinn amháin de chaint shaidhbhir, thairbhtheach, úsáideach
do'n té atá ag saothrughadh na teangan. Is fuiris
d'aithint ar an leabhar gur ghaibh an té a scríobh tré
gach aon chumhang agus caol atá ag baint le foghluim
agus múineadh na teangan mar tugann sé iarracht
ar an ród a réidhchant roimh gach dream díobh. Is mór
ar fad an méid soluídí cainte atá cruinnighthe
cnuasta aige 'sa leabhar agus is mór dá dhuadh a fuair
sé. Ní dheurfainn go bhfuil comhartha agus seuladh na
fíor Gaedhilge ag gabhailt le gach aon abairt atá 'sa
leabhar acht ní h-ibhfad uaidh é. Ar na cúrsaí is mó
a bhaineann le saoghal na ndaoine Gaedhealach iseadh
atá an chaint agus mar sin is fuiris ceart, agus
comhthrom na cainte a bhreithniughadh agus a fhromhadh.
Is mór an congnamh chum caint a dheunamh fuinneamhail
agus láidir agus Gaedhealach feidhm cheart a bhaint
as na sean-fhocail agus mar sin is fearrde an
leabhar go mór an méid atá ann díobh. Atá congnamh
mór 'sa méid atá 'sa leabhar so chum an chaint a
dheunamh láidir agus saidhbhir don té atá a saothrughadh
na teangan do féin.
FEAR FEASA.
COMÓRTAS DON AOS ÓG.
Níl cead ag aoinne iarracht do chur isteach ar an
gcomórtas so ach daoine óga fé bhun sé bliadna deug
d'aois.
An cheud duais 10s.; an dara duais 5s.
Sgríobh aiste beag (gan níos mó ná 200 focal ann)
ar an adhbhar so — cérbh é, dréir do thuairm féin, an
duine ba mhó le rádh in Éirinn riamh (leath-is-muigh de
Naomh Pádraig).
Gearr amach an fuirm seo agus líon é. Níorbh aon
tairbhe duit d'iarracht do chur isteach gan é sin do chur
'na theannta. Níor mhór duit é bheith istig roimh an
3adh lá de Mhí na Márta.
Com Feabhra, 1924.
Mise
m'áit chomhnuighthe.
Táim … d'aois.
Seo ainm m'athar (nó ainm duine muinighnighe), ag
deimhniú na fírinne seo agus é féin a chuir leis an
bpáipeur so.
D'Fhear Eagair “An Sguab”
Cearnóg Montseóighe, a 24.
Baile Átha Cliath.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.
ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.
DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.
Bun-airgead Geallta, £406,000.
Bun-airgead Díolta, £203,000.
Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.
BUNUIGHTHE 1920.
BRAINNSÍ:—
68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.
THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.
Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.