Tramanna i dTeheran? arsa mise. Ar chual-
aidh éinne riamh a leithéid?
Níl ionnam ach fear beag ciúin sochma, cléireach i
n-oifig lucht díolta guail, a chomhnuíonn i Ráth Ó Máine;
níl puinn tabhairt suas orm ach tá ana-dhúil i bhfilíocht
agam agus ní bhfaghainn ionnam féin foidhneamh le
héinní a bhí chó bunoscionn son le sprid na finnsgéal-
uíochta. Bhíos tar éis aistriú Beurla d'Omar Khayyam
do léigheamh agus bhí m'aigne lán de shamhluídíbh
taidhseacha, de pheictiúiríbh de shaol puimpeach an
Oirthir, agus do phrioc sé san mbeo me nuair do luaidh
Liam an focal comónta san "tramanna."
Do mhol Omar Khayyam dúinn leigint do chúrsaí
gnótha agus feallsamhnachta agus fíon d'ól. Ní cuid ba
lú ná a fhonn a bhí orm a chomhairle do chólíonadh,
ach toisc a dhaoire is a olcus is atá an fíon i mBaile
Atha Cliath, b'éigean dom bheith sásta le pórtar d'ól i
dtigh tábhairne - ní headh ach i gcaravanserai - Mhuintir
Mhaonaigh i Sráid na Mainistreach i bhfochair mo chara,
Liam Mac Coitir.
Nuair a bhí ceithre buidéil den lionn dubh ólta agam do
chuireas díom an sgáth is an chúlmhántacht ba dhual
dom. Chromas ar smaointe Omar Khayyam do mhíniú
do Liam; d'aithriseas línte dá chuid filíochta dhó;
chuireas síos ar na fearaibh dubh-fhéasógacha fé n-a
gcaftanaí daitte agus iad ag ól dearg-fhíona i ngáirdíníbh
grianmhara agus ógmhná peurlacha ag amhrántuíocht
taobh leó. Ní mór ná gur dhein fíon den lionn dubh
sa chaint dom.
- Nách é an feall é gan a leithéid sin de shaol againn i
mBaile Atha Cliath! arsa mise. Nárbh fhéarr go mór
bheith i dTeheran!
- Ní thaithneóch Teheran leat i n-éan chor dá mbeitheá
ann, arsa Liam. Bhíos ag caint le fear a bhí ann indé.
Chuireas cluas orm féin. Ní rabhas ró-dheimhnithe
nách ag innsint éithigh a bhí Liam - ní chuirfinn thairis é.
- Ar thaitn sé leis? arsa mise.
- Níor thaitn, ar seisean. Bhí na píopaí uisge go dona,
bhí na póilí gan mhaith agus ní raibh rí ná rath ar na
tramanna.
Ba dhóbair go dtachtfadh mo dheoch me. Píopaí
uisge! Póilí! Tramanna! A leithéidí i dTeheran -
i gCathair na nAislingí!
Do bhrughas chugam agus fuaireas dhá bhuidéal eile
don bheirt againn. Chromas annson ar áiteamh ar Liam
go raibh dearmhad air; gur chathair i bPéirse ab eadh
Teheran, agus daoine fé róbaí ioldathacha ann ná feaca
tram riamh ná aon rud dá shórt. Dubhairt sé go raibh
breall orm.
Ní raibh agam le deunamh ach buidéal eile d'ól.
Fén am go raibh sé sluigthe siar agam bhíos níos ciúine.
Chinneas ar chlaoi lem Teheran féin gan géilleadh do
bhaoth-chaint Liam.
Do leanas do chomhairle Omar Khayyam - gan bacaint
le hargóint ach bheith ag ól - agus bhí a rian air, ba
ghearr gur mhothuigheas mar a bheadh lasadh deigh-
mhéinne is geanamhlachta chun an chine dhaona dá
adhaint im chléibh. Bhí anál Omar Khayyam ag
séideadh fúm; bhí tigh Mhuintir Mhaonaigh n-a Ghúlis-
tán; bhí na giollaí freastail n-a ndaoraibh gorma;
agus bhí Liam i n-a fhile chó maith liom féin. Nách
aige a bhí an greann agus na briathra cliste! Nách
againn a bhí an cómhrá glic greannamhar gonta! Ach
bheinn níos sásta dá mb'áil leis leigint dom filíocht Omar
d'aithris do gan bheith ag cur isteach orm le sgeulta i
dtaobh a ghadhair ghuirm ó Chiarraighe.
11.
Do sgaras le Liam ag an bPiolóir agus chuas isteach i
dtram a bhí chun dul go Ráth Ó Máine, agus me lán de
lionn dubh agus de chion ar an gcine daona. Thugas fé
ndeara go buidheach lán-tsásta an deabha a bhí ar na
taistealaithe eile chun slí dheunamh dom. Chuireadar
a gcosa fútha, chrapadar iad féin chúcha féin agus mé
ag siúl tré lár an charáiste go guagach, nea-shocair, fé
dhéin mo shuidheacháin.
Nuair a bhí suidhte síos agam, d'fheuchas ar chách go
lághach geal-gháireach agus smige gáire ar mo bheul.
B'iongna liom an tsúilfheuchaint neamh-chúiseach, nó
an dúire is an ghruaim a chonnac ar ghnúis gach éinne.
Ach do chuimhnigheas annson go mbéidir ná raibh
filíocht Omar Kayyam léighte aca; níor thuigeadar a
chuid feallsamhnachta. Tháinig fonn do-smachtuithe
orm an ghruaim a bhaint díobh le racaireacht de
bheursaí Omar.
Tháinig giolla an tram fém dhéin chun costas an bhóth-
air a bhaint díom. Thugas leath-choróinn do agus do
gháireas air. D'fheuch sé orm go tur agus dubhairt:
"Ca bhfuil do thriall, a dhuine uasail?"
- Is dóich liom, arsa mise, gur mhaith liom triall ar
Teheran.
- Canad?
- Teheran, arsa mise.
B'áthas liom a thabhairt fé ndeara go raibh cuid dem
chó-thaistealaithe ag caitheamh na dúire dhíobh; is
amhlaidh a bhíodar ag gáirí. Níorbh iongna liom gur
sprioc draoidheacht an fhocail "Teheran" chun suilt
iad.
- Is eagal liom, a dhuine uasail, ar seisean, ná fuilir ar
an dtram ceart.
- Is baolach ná fuilim, arsa mise agus chuireas osna
asam. Níl leigheas air. Caithfad bheith sásta le Ráth
Ó Máine.
D'fheuchas ar mo chó-thaistealaithe, ach bhí an
ghruaim agus an dúire ortha arís. Chuir briathra an
ghiolla sadhas seirbhthin orm; chuir sé i gcuimhne dhom
nách ar Teheran na draoidheachta a bhí mo thriall ach
ar Ráth Ó Máine neamh-fhileata. Do mhothuigheas
gur mhór an eugcóir orm a rá ná beurfadh an tram go
Teheran me. Cad chuige go raghainn go Ráth Ó Máine
- bruach-bhaile spriúnlaithe na seóiníní agus na bhFilis-
tíneach leamh? Cad chuige go raghadh éinne go Ráth
Ó Máine dá lán-toil?
Annson iseadh thuigeas fios fáth na gruama a bhí ar
mo chó-thaistealaithe. Thuigeas cad a bhain a ngean
is a ngáire dhíobh. Bhí an ghruaim ortha toisc a
dtriall a bheith ar Ráth Ó Máine.
Tháinig ana-thruagh im chroidhe agam dóibh - na
créatúirí bochta teoranta go raibh sé d'áirithe aca triall
gach oíche ar Ráth Ó Máine agus claoi le cúpla slat
d'fhaithe féir os comhair a dtithe i n-ionad gáirdín
rósmhair Omar.
Do chromas ar mhachtnamh ar anró agus anacraí an
chine dhaona, agus sa mhachtnamh dom do thit neul
codlata orm.
111.
Nuair d'osgaluigheas mo shúile do bhraitheas go
rabhamair i Ráth Ó Máine mar bhí na taistealaithe eile
go léir imithe; ach bhí an tram ag síor-ghluaiseacht.
Súilfheuchaint dá dtugas fé dhéin doruis an tram,
chonnac an giolla chugam isteach agus atharú crota ar fad
air. Bhí turban taidhseach um a cheann, róba uaithne
uime, crios craorag fé n-a chom aige agus scimitar sáitte
n-a chrios. D'fheuch sé orm go rúndiamhrach agus
dubhairt de ghlór doimhin:-
- Táimíd ag dridim le Teheran.
Níor chuir an abairt sin an oiread iongna orm agus ba
cheart. Isé ba mhó a bhí orm ná fearg chuige i dtaobh
mé mhealladh.
- Feuch féin go rabhas ar an dtram ceart tar éis an tsaeil!
arsa mise go maoidhteach.
- Bhís, ar seisean, ach ní fheudfainn é sin a innsint duit
os comhair na ndaoine eile. Filistínigh ab eadh iad go
léir ná raghadh go deo go Teheran.
Le linn na cainnte sin do las an tram suas le neart
taitnimh gréine. Do chuaidh an giolla amach ar an
leibhinn agus do tharraing an strapa.
- Teheran, ar seisean.
Chonnac tríd an bhfuinneóig na moscaí agus na
miontúir, na crainn failme agus na gáirdíní, agus na
róbaí ioldathacha. D'eirigheas im sheasamh de léim
agus bhaineas amach an leibheann. Do locas annson.
- Má theastuigheann uaim dul thar n-ais? arsa mise.
- Pé aca theastuigheann sé uait nó ná teastuigheann, ar
seisean, tiocfam thar n-ais agus beurfam linn go Ráth
Ó Máine thu. Sin riaghail de riaghlachaibh Thram an
Taidhrimh.
Do léimeas amach agus d'imigh an tram as mo radharc
fé mar shúighfadh an talamh é.
IV.
Annson iseadh a cheud-thugas fé ndeara go rabhas
gleusta díreach mar bhí cách eile timpeal orm, fé róbaí
fada daitte, agus go raibh ar mo chumas an Phéirsis a
labhairt go háluinn.
Bhí na sluaighte de dhaoinibh aite sa tsráid timpeall
orm - seandaoine liatha fad-fheusógacha, fir árda chumas-
acha go raibh crombeula móra dubha ortha agus imeacht
saighdiúrtha fútha; mná uaisle fé pheallaibh do cheileadh
an uile phioc dá ngnúisibh agus daoir ghorma dá leanamh-
aint; ceannuithe n-a suidhe ar a gcorragiub ar leat-
taoibh na sráide agus ciseáin lán d'earraíbh as a gcomhair
amach. Taobh thiar díobh bhí tithe agus brogha de
dheunamh ait iasachta ná feaca riamh a leithéid go dtí
san ach i bpictiúraibh. Bhí a lán d'fhearaibh cnag-
aosta ann agus iompar solamanta fútha agus iad n-a
suidhe fé sgáth na dtithe ag ól tobac ó bhomhlaí tré
phíopaí fada casta. Bhí taitneamh fialmhar glórmhar
na gréine ar gach ní - solus gréine ná feacathas riamh a
leithéid im oileán cheóch féin.
Do gheit mo chroidhe le háthus agus le dóchas. Cá
bhfios ná go bhfuil árd-eachtra i ndán dom? arsa mise im
aigne féin.
Ag deunamh an mhachtnaimh seo dhom do mhothuigh-
eas gur stath duine éigin muinirthle mo róba. D'fheuchas
timpeall orm ach ní fheaca éinne im ghoire ach duine
éigin i n-eudaighibh mná a bhí ag imeacht uaim. Do
leanas í ach gan dul go ró-dhlúth dhi. Chuir an bhean
tseicréideach di trí sna ceannuithe sráide fé cheann
tamaill; annson do phreab sí go hobann síos i lána
beag cumhang. Do leanas í agus iarracht d'eagla orm.
Nuair a bhíomair araon imithe síos an lána tamall do
stad sí agus do thug a haghaidh orm. Bhí sí aosta agus
bhí a gnúis go grána; ach bhí glór mín mánla aici.
- Tá fhios agat cé chuir chugat me? ar sise.
Bhí fhios agam! Do bhagaras mo cheann. "Comáin
leat," arsa mise.
- Tá fhios agat gur cúrsaí báis nó beatha dhuitse agus
di siúd tu bheith ciallmhar, discréideach?
Do bhagaras mo cheann uirthi arís. "Comáin leat!"
arsa mise arís de ghlór mórtasach, ceannasach.
Ba mhór an t-atharú é ó bheith im chléireach beag
sochma i n-oifig ghuail i mBaile Atha Cliath, me bheith
i dTeheran im fhile, im ridire galánta, agus me ar tí
cuaird fé rún a thabhairt ar mo leannán i harem Péirseach.
D'osgail sí doruisín beag sa bhfalla - is féidir liom é
shamhlú dhom féin fós ach mo shúile do dhúnadh - agus
do threoruigh isteach me i halla cumhang dorcha; bhí
doras leath-iadhta ag an gceann thall den halla gur léir
solus tríd agus crainn mar a bheadh gáirdín lasmuich.
Sar ar shrothamair an dorus son d'árduigh an tseana-
bhean cruitín ar thaobh na láimhe deise. Do rug sí ar
láimh orm agus do threoruigh suas staidhre sa doir-
cheacht me. Do mhothuigheas táipéis fúm a bhí ana-
reamhar, ana-bhog i dtreó is nárbh fhéidir éin phioc
d'fhuaim ár gciscéim do chlos. Bhrathas ón gcrith a bhí
ar láimh na seana-mhná go raibh sgáth is sgannradh
uirthi; is ar éigin a thug sí an anál léi.
Annson do tharraing sí cruitín i leattaoibh agus do
thionnlaic me isteach i seomra ná raibh de sholus ann
ach an solus doiléir a thug lampa airgid a bhí ar crochadh
os ár gcionn dúinn.
Bhí na falaí agus an t-úrlár clúdaithe le brataibh
greusta; agus i lár an tseomra, ar iomdhadh síoda, bhí
mo spéirbhean áluinn fé na malaí dubha greanta, fé n-a
folt cumhra, fé n-a colainn óig mhaisigh, fé n-a ballaibh
bríomhara. Do leigeas me féin ar mo ghlúnaibh ar an
mbrat úrláir ag a cosaibh agus do phógas a lámh. D'imigh
an tseanabhean uainn.
- A Róisín mo chlé, is fada me ag tnúth leis an nóimit seo,
arsa mise. Is fada, fada dhom ar do lorg. Chonnac trím
neultaibh suain tu. Chuala do ghlór i gceiliúr na n-eun,
i n-osnuíol na fairrge, i séisibh binn-cheóil. Chonnac leus
beag det lonnradh glégeal i ngach ní áluinn, i bpáirceanna
fé bhláthaibh, i gcnocaibh fé thaitneamh na gréine, i
bpeictiúirí breátha. Do mhothuigheas tu i bhfilíocht
aoibhinn. Tusa a bhí uaim i gcomhnuidhe; anois tá
toradh mo mhianguis agam. Taoi agam os mo chomhair
amach agus is féidir liom lán mo dhá shúl a bhaint asat,
mara mbeadh ann ach nóimit ghearr-
- Och, ní bheidh ann ach nóimit ró-ghearr, ar sise de
ghlór binn, brónach, agus chonnac na deóra le n-a súilibh
anuas.
- Ná guil, a mhúirnín mo chroidhe, arsa mise. Is linn
an nóimit seo thar éan nóimit eile den tsíorruíocht-
agus cad a bhíonn ag éin bheirt leannán beo ach nóimit
den tsíorruíocht? Mise agus tusa? Sin ceol na cruinne.
Sin siansa na ndúl neámhdha.
D'fheuch sí orm agus maoithe n-a súilibh agus dubhairt:
"Tá searc agam duit."
D'eiríos im sheasamh ó chúisíní an úrláir agus mo
chroidhe ag léimnigh agus crith ar mo bhallaibh beatha;
do shíneas mo dhá láimh chúichi d'fhonn í theannadh lem
ucht. Ach nuair do shádhas mo cheann róm do shleamh-
nuigh mo chosa uaim. Do samhluigheadh dom go rabhas
ag dul síos i bhfairrge de chúisíní boga - d'imigh an
spéirbhean ghleóite as mo radharc - bhíos ag ionnfhairt i
dtonntaibh síoda agus mo chroidhe dhá reubadh le
caitheamh i ndiaidh mo leannáin.
V.
Do mhothuigheas annson go raibh duine éigin im
shuathadh agus d'osgaluigheas mo shúile. Ar shuidh-
eachán i dTram an Taidhrimh a bhíos agus an giolla n-a
sheasamh os mo chomhair agus a lámh ar mo ghualainn.
Ní raibh éin phioc de bhalcaisí an Oirthir air ach gnáth-
éide an D.U.T. Co.
- Músgail! Tír Fhionúir! ar seisean de ghlór garbh do
dhíbir uaim ar fhan den aisling Phéirsigh im aigne.
- Ca na thaobh gur ghlaodhais orm chó luath so? arsa
mise go mí-chéadtach. Ná feudfá me fhágaint i dTeheran
tamaillín eile?
- Táimid ag deireadh an chúrsa, ar seisean go tur.
- An mbíonn deireadh le cúrsa Tram an Taidhrimh?
arsa mise.
Níor fhreagair sé me; leig sé air nár thuig sé me.
Shiúlas abhaile go dtí Ráth Ó Máine suarach agus me ag
dian-mhachtnamh ar mo spéirbhean.
Ó shin i leith bím i gcomhnuidhe ar lorg Tram an
Taidhrimh a bheurfaidh me thar n-ais go Teheran, go
dtí rún mo chroidhe. Gach tráth dá dtéidhim i n-áirde
ar thram ag an bPiolóir bím ag súil leis. Ach níor
aimsigheas riamh ó shin é.
PIARAS BEASLAI.
Mise agus mo gháirdín.
Nach deas nach cumhra bheith sa ngáirdín?
I measc na gcrann is na lilí bána,
An spéir gan smúit is na h-éin ag gáire;
Is annsúd a chím-se an saoghal i ngrádh liom.
Is dócha gur bioth é an duine taithneamh a chur i rud
nó i ní áirighthe ar uaire. Is iongantach mar a
chuireann duine a chroidhe is a aigne i rud ar feadh
tamaill agus annsin go dtugann sé cúl do agus béidir go
minic ná fuil aon rud is lugha air ná an rud sin. Tá fhios
agam féin agus tá fhios ag Dia, leis, gur minic a bhuail
fonn me chun rud a dhéanamh agus go rabhas chómh
sásta a bheith ag déanamh an rud sin ar mo lán-dhícheall
agus dá mbeadh saidhbhreas an tsaoghail ag dul dom as.
Ba mhinic me ag cuimhneamh ar chluithche peile a
bhíodh im' chionn - bhínn chómh mór sin sa gcluithche
agus go mbíodh an báire imeartha naoi n-uaire sar a
mbíodh sé imeartha ar aon chor. Thagadh sé idir me
agus codla na h-oidhche agus im' chodla féin dom ba
mhinic a thugainn speach do chnaiste na leapthan a
chuireadh me ó dhul ar faithche na h-imeartha. Dob'
amhlaidh dom i ngach cleas agus cluithche dá dtugas
taithneamh riamh. B'amhlaidh dom im' stuidéar leis-
bhínn chómh sáidhte i gcéimseata agus go ndéanainn trí
leabhair de, an tarraingeoireacht, cruthú, etc., im' aigne,
sar a dtuitinn dem' chodla sa leabaidh. Is cuimhin liom
maighistir rinnce a bhí againn uair agus bhíos féin tabhar-
tha chómh mór san don rinnce ná féadfainn seasamh
ar aon úrlár gan beagáinín cleachta a dhéanamh ar na
céimeanna, agus ní fheadar fós 'dé chúis, mar ní raibh
mórán fonn comórtais riamh orm. Ba é an dála céadna
agam leis an scríobh é: ba mhinic a scríobhas aiste nó
dán beag chum mo shástacht agus dá mbeadh sé uaim
tamall 'na dhiaidh sin bheadh sé stractha nó dóighte nó
i n-áit éigin ar iarraidh. Ach mar adeirim is dócha ná
fuil ann ach bioth agus nach amhlaidh do gach aoinne.
Is é chúis a bhfuilim chómh leadránach so ach gur ait
liom me féin le déanaighe. Gáirdín beag atá agam,
timcheall an ceathramhadh cuid de cheathramha. Ba
mhinic, agus me im' gharsún, me ag obair i ngarradha,
ag cur prátaí, á leasú, á gclúdach agus á mbaint ach go
deimhin agus go dearbhtha ní bhínn ró-mhór i ngrádh leis
an obair. Ach ó fuair me an gáirdín beag so, táim
beagnach im' gheilt aige. Ní duine mise a bhfuil eolas
ná ainmeacha bláth ná pobhsaí ná órnáidí mar sin agam.
Is deas liom iad agus a gcuid dathanna agus a gcuid
bolath, ach thairis sin ní chuirfidís mórán spiach orm.
Dá raghfaí dian orm béidir go mbeadh beagáinín éigin
eolais agam ar na luibheanna - aon rud a mbeadh an
fiadhantas ag gabháil leis. 'Sé rud a dheineas lem'
gháirdín beag ach é romhar go doimhinn. Fuaireas
roint crann ubhall, plumaí, péirí agus roint spriúnán agus
chuireas ann iad. Annsin chuireas a leath fé phrátaí
agus an leath eile fé ghabáiste, inniúin, pónaire agus fé
thrí nó ceathair de shíolta eile. Is amhlaidh mar atá an
scéal anois agam ach ná féadaim an gáirdín beag a chur
as m'aigne ar aon chor. Nuair a eirighim ar maidin, an
chéad rud a dheinim ná dul go dtí an fhuinneóg féachaint
cé'n deallradh atá air. Cuirim orm mo chuid éadaigh
annsin agus síos liom chun féachaint an bhfuil aon
deallradh fáis ar aon rud. Ithim blúirín breacfasta
annsin agus amach sa ngáirdín arís liom agus gabhaim
timcheall féachaint an bhfuil faillighe á dhéanamh ar aon
rud atá agam ann. Táim chómh ceangailte dhe anois
agus go gcuirfeadh sé dem' bhreacfast me faillighe
leasuighthe nó aon fhaillighe eile a bheith ar aon rud atá
ann.
Béidir, a léightheoir, gur dóigh leat gur mar mhagadh
atáim. Ní h-eadh ar aon chor ach i ndáiríre ar fad.
Agus 'sé rud atá ag rith liom le déanaighe ach dá luighead
é an gáirdín go bhfuil airgead ann. Táim ag cuimh-
neamh anois ar an uair a bhíos im' gharsún agus is dóigh
liom go mbeidh níos mó toradh, i slighe, ar an gceath-
ramha ceathramhna agam ná mar a bhíodh ar leath-
acra an uair sin. Is baoghlach ná fuil fhios ag lán
daoine bochta a bhfuil beagán talmhan fé'n dtuaith aca
conus tairbhe cheart a bhaint as. Is truagh ná fuil sé
de chiall ná de oideachas aca an úsáid cheart a bhaint
as na múinteoirí nó timthirí condaethe a bhíonn ag obair
fé Aireacht na Talmhuíochta, nó béidir go mbadh cheart
dom a rádh go mbadh cheart dos na múinteoirí nó dos na
timthirí sin dul agus an congnamh is cóir a thabhairt
dóibh. Badh bheag a dhéanfadh méar ar eolas.
Ach, gan dobht, tá so ann - nach féidir le daoine
glasaraí ná rudaí mar sin a bheith ag fás aca i ngort ar
taobh bóthair mar go ngoidtear iad. Tá fhios agam féin
duine a chuaidh isteach i ngáirdín sagairt agus a ghoid
cúpla tor gabáiste as. Bhí an ghaduigheacht chómh
mór sin ar a choinsias annsin gur chuaidh sé chun faoisid-
íne agus is go dtí an sagart áirighthe seo chuaidh sé.
"Ghoideas gabáiste, a Athair," ar sé.
"Goideadh gabáiste uaim-se féin," ars an sagart.
Dá mbeadh an chiall atá agam-sa ag gach aoinne níor
ghádh bheith ag goid.
Éago.
(Ath-innsint ar scéal a scríobh an t-údar Túrcaise Nedjdet.)
A leitheid de thabhairt-amach, a bhuachaill!
Tá dordán am' chluasaibh fós o cheól na gcitár.
Agus an fhlúirse! an saibhreas! an fhairsinge! Dar
Allah! Níor bhfearra don bhéal ná don tsúil é! Ní
fheadar ná go raibh radharc na seod agus na gcloch
lómhar agus na n-éadaí ór-mhaisithe chó maith le blas
na gcácaí is na feola. Dá bhfeicteá é!
Bhí an taidhse is an phoímp go léir tréis Aicha do
dhalla agus dubhairt sí an méid sin thuas d'aon iarracht.
Ag cur síos ar phósa a bhí sí, pósa inghine an mhúcdáir
agus sáirsint a bhí tréis teacht abhaile ón gcoga, coga
idir an Túrcach agus an Gréagach mí-chreidmhach.
Buachaill breá an sairsint sin agus fearantas maith aige,
mac múcdáir agus mac mic mhúcdáir, agus nuair a'
ghaibh sé thar bráid le cois na mná, idir dhá rang de
mhnáibh 'na raibh a n-aghaidh clúdaithe go dea-bhéasach
acu, is mó máthair gur mhaith léi mar chliain aici é
agus is mó cailín óg gur bhreá léi mar chéíle é, bhí sé
chó deárthach san ina phearsain. Agus d'ainneoin
aitheanta a gcreidimh dhineadar go léír a n-aghaidh do
nochta - beagáinín beag bídeach - i dtreo go bhfeicfadh
sé iad.
- Agus an bhean! a leithéid d'áilleacht, a dhuine!
agus an gléas éadaigh a bhí uirri!... Deich
mahmúdithe ina dhá sreath uirri agus gach ceann acu
chó mór led bhais! Féach air sin anois! Deich
bpíosaí óir féna muineál agus iad chó soillseach le deich
ngriana - do dhóthin chun a bhfuil againn do cheannach
- ár dtigh is ár gcuid tailimh, agus tigh is talamh mo
dhrithár, agus tigh is talamh do dhrithár-sa, leis. É sin
go léir ar sile léi! Ach, a thiarcais, nárbh áluinn an
lánamha iad!
Tháinig miongháire ar bhéal an fhir; bhí fhios aige a
bhean Aicha bheith pas beag sanntach. B'áluinn an
lánamha iad súd, gan amhrus, ach ná raibh mac acu
féin leis, fear mór dathúil a bhí chó maith leis an sáir-
sint. Ba shaighdiúir é, leis. Bhí sé imithe ag déanamh
a sheirbhíse i gcéin i dtír éigin Araibeach, agus chifidís
sara fada arís é, nuair a bheadh a théarma caite. Ní
raibh a thuairisc acu le dhá shaosúr. Dar Allah! Bhí
a mac chó maith le clann mhac uile na múcdár go léír!
- A bhean, ná cuiream ár súil thar ár gcuid. Thug
Allah dhúinn an méid a thug sé dhúinn. Tá dhá láimh
ár mic againn i gcóir deire ár laethe. Iarram ar Dhia é
thabhairt tharnais chugainn slán agus, má dhinimíd
gluaireán, ná bíodh sé ach 'na bhaochas againn.
Dfhreagair sise:
- Tá an saol cruaidh; ar éigin a bhíon ár ndóthin againn
len' ithe nuair a bhíon ocras orainn... A! na
mahmúdithe úd a bhí ag taithneamh ar nós na gréine!
Agus tháinig fearg uirri agus i dteannta na feirge bhí
cumha uirri i ndiaidh a mic a bhí chó fada uaithi. Thabhar-
fadh sí go fonnmhar leath a coda de pharathas ar a
mac a bheith in áit an tsáirsint bhreá an lá san. Gan
aon amhrus, níor mhiste dá fear bheith mórálach as
uaisleacht a sinsear ach cérbh é an múcdár ná an duine
uasal a thoileodh choíche chun a inghean a thabhairt
dá mac agus iad chó bocht? Ní raibh aon bhaol go
bhfuigheadh a leithéidí sin dá mac óig-bhean uasal in
éadaíbh óirghréis agus muinche mahmúdithe féna
muineál. Cadé an spré a bheadh ag an mnaoi chéile a
gheobhadh sé? Dhá mhart agus deich gcaoire,
béidir! ...
Ar an gcóisireacht úd a bhí sí ag cuimhneamh an lá go
léir, ar an bhféasta flathúil, ar an saibhreas úd go léir
a bhí le feiscint, agus ar an sáirsint uaibhreach, agus ar a
chéile sin agus an dá shreath de mhahmúdithe a bhí
chó soillseach leis an ngréin. Ar an méid sin a bhí sí
ag cuimhneamh an lá go léir, agus an tráthnóna go léir
agus ar feadh na hoíche. Tháinig na nithe sin chúichi
i dtaidhrithe agus chuaidh sí go tigh na bainfheise.
Trí lá a mhairfadh an chóisireacht, agus i gcaitheamh
na haimsire sin go léir ní bheadh ar siúl ach amhráin,
cluichí, féastaí, gáirí, agus scéalta iongantacha á n-innsint
mór-thímpall na mbórd.
I seomra na bainfhéise bhí an bhean chéile áluinn ina
suidhe, thuas ar dhíván sróill imeasc cúisíní, gan cor aici
á chur di, agus í gléasta go maordha agus go háluinn,
agus an deich mahmúdithe ina dhá sreath is iad ag
lonnra ar nós deich ngrian. Agus gach uair a ráiníodh
d'Aicha dul isteach sa tseomra san bhíodh sí i riocht guil
le haithmhéala agus le cráiteacht aigne; agus do shleamh-
nuíodh sí amach go dithinsach ar eagla go ndéanfadh
sí rud éigin as an slí agus go gcuirfí chun siúil í. Agus
bhíodh uaigneas uirri ansan agus í ag dul abhaile chun a
tighe féin, thíos ag bun an tsráid-bhaile, chun an tighe
sin a bhí chó beag agus chó hainnis ina dheabhramh,
agus chó haonarach san go mbíodh na robálaithe le
feiscint agus iad ag gabháil timpall ansan istoíche - agus
go deimhin is minic a chídís, tréis eirghe dhóibh, go
mbíodh cearc no fiú amháin caora imithe as an gclós a
bhí le hais an tighe. Ní thagadh na robálaithe isteach sa
tigh féin. Cadé an mhaith a dhéanfadh sé dhóibh?
Cadé an damáiste dféadfidís a dhéanamh ann 'e bhreis
ar a ndinidís? Ní beag le rá caora in áireamh seilbh na
mbocht.
- Orduighidh, orduighidh, tá an sprid ag rith, is eol
domhsa an briathar a bheireann bua uirri. Sláinte,
comhacht, ór! Orduighidh, agus déanfidh an sprid rud
oraibh.
Fear beannuithe a bhí ag glaoch amach mar sin. Bhí
sé ina shuidhe ar an talamh agus ualach dá lán saghas
earraí ar bhord bheag os a chomhair: pónra, cuid
d'adhairc phéiste iongantaí, fiacla éin ósna hInniacha
agus mórán sórt unga. Fear é a leighseadh galair agus a
bhaineadh draíocht de dhaoine. Bhí féasóg fhada go
cúm air agus ba chosúil a cheann le muisriún millteach
mór toisc a mhéid a bhí an turbán a bhí air.
Díreach os coinne tighe na bainfheise a bhí a shiopa
beag siúil curtha suas aige agus bhí slua daoine ag brúth
isteach air cheana féin ó gach taobh, ag ceannach na
leigheas dá gcuid beithíoch is ainmhithe, dá gclainn, dá
mná pósta, nó dhóibh féin; cuid acu ag lorg luibhe lena
músclóidís grá i gcroí na ndaoine go raibh taithneamh acu
dhóibh nó lena maolóidís dúire chroí aithreacha na
ndaoine sin.
- Orduighidh, orduighidh, agam-sa atá an focal draíochta
a bheireann bua ar an sprid!
Do dhruid Aicha isteach chuige go fiosrach. Bhí an
fear beannuithe tréis a chaint a thabhairt tharnais do
bhalbhán agus lúth a ghéag do phairiliseach.
- Orduighidh, orduighidh, is feas domh-sa an focal a
bhuadhann ar an sprid.
- A fhir bheannuithe, ars Aicha, an eol duit cad tá ag
crá mo chroí?
- Dhá ní an aithnid agus an an-aithnid; dhá ní an lá
agus an oíche, arsan fear beannuithe. Chíonn an ceann-
cait san oíche, mar a chíonn an sprid san an-aithnid.
- A fhir bheannuithe, a fhir bheannuithe, innis dom cad
tá ag crá mo chroí ionam.
- Scanra don ghrósaer an luch. Canathaobh? Fiaf-
raigh d'íochtar chreimithe na mbuidéal leathair é. Cad
a bhíonn insna buidéil leathair ach earraí milse, earraí
saillte, earraí piobraithe, as a ndíoltar in ór buí. Agus
ní bhíonn uaidh sa tsaol ach an t-ór ...
Do bhíog Aicha. Díreach os a comhair amach, i
seomra bainfheise an tighe as a raibh fuaim amhrán
agus liúireach áthais ag teacht, bhí ...
- A fhir bheannuithe, is mór é t'eolas, ar sise ag siosca
agus í corraithe go mór. Do chonnac óig-bhean phósta
agus bhí deich mahmúdithe ina dhá sreath féna muineál
uirri agus iad chó lonnrach le deich ngriana... Ba
mhaith liom-sa roinnt mahmúdithe bheith agam.
Do leath-dhún an fear beannuithe a shúile agus
dubhairt roinnt úrnaithe fén' anáil. Ansan do thóg sé
amach as drár mion-triantán éadaigh a bhí clúdaithe le
scríbhinní nea-choitianta.
- A bhean, ar seisean, más maith leat trí tomhais eor-
nan a thabhairt uirri, seo dhuit ortha. Iarr pé ní is
féidir don duine a iarraidh agus déanfidh an sprid rud
ort. Me féin an t-éinne amháin ná féadfadh éinní
iarraidh ar an sprid.
Bhí Aicha díreach chun iompáil uaidh le scanra
roimis an díolaíocht, a bhí i bhfad os cionn a cumais, ach
do labhair an fear beannuithe arís go tapaidh:
- Chím gur bean mhaith chóir tu agus gur mian le hAllah
thú chosaint. Tá sé á chur am' cheann anois bronntanas
a thabhairt duit. Dá bhrí sin, ní trí tomhais eornan a
dh'iarrfad ort, ná dhá cheann go leith, ná dhá cheann
féin. Ní iarraim ort ach tomhas go leith - rud suarach
le hais na mahmúdithe dí-áirithe a bheidh agat!
Thug Aicha tamall maith ag margáil leis ina dhiaidh
sin agus sa deire bhí an ortha aici ar aon tomhas amháin.
- A bhean, arsan fear beannuithe, maoluigh do mhianta,
mar ní thaithneann an tsainnt leis na sprideanna.
Ansan d'innis sé dhi cad a dhéanfadh sí leis an ortha.
- Toibh amach duit féin tráth éigin ná féadfidh éinne
thú fheiscint agus, tréis an ortha do phóga trí huaire, is
leor a rá: "A Rahmilmoth! - siné ainm na spride - A
Rahmilmoth! Dar an ortha so ina bhfuil eochair do
rún, cuirim tu fé gheasaibh rud a dhéanamh orm..."
agus ansan abair an ní atá uait agus pé rud a dh'iarrfa
tú, gheobhair é.
Chuaidh Aicha abhaile agus cé go raibh áthas thar
bárr uirri bhí roinnt bheag mí-shuaimhnis uirri, leis, agus
an ortha luachmhar san fáiscthe lena croí aici, laistigh
dá brat. Thug sí aire mhaith gan an costas nua do chur
in úil dá fear. Ba láidir misniúil an bhean í agus is
deimhin ná raibh eagla uirri go dtabharfí droch-úsáid di,
ach cá bhfios ná go gcaillfadh sí comhacht rúindiamh-
rach na hortha dá leigeadh sí a rún le héinne?
Agus ní dubhairt sí tada an oíche sin i dtaobh na
mahmúdithe cé ná raibh ar siúl aici ó aréir roime sin ach
iad. Thug a céile an méid sin fé ndeara.
- Is maith an rud tú bheith saor anois ón dícéille a bhí
ort, ar seisean. Caithfidh duine bheith sásta lena bhfuil
aige.
Cadé mar fhonn a bhí uirri a rá leis ná raibh ann ach
amadán; go raibh seoid aici; ná raibh aici ach é iarraidh
agus go mbeadh a lámh lán d'ór aici - ní hea, ach a dhá
láimh, agus lámha a fir, agus a bpócaí, a mboinéidí,
agus fiú amháin an sac mór thuas ansan in aice na
síleála i gcóir an lóin. Do chuir sí srian léi féin, ach
istigh ina haigne do samhluíodh di go bhfeaca sí í féin
cheana féin agus í go háluinn in éadaíbh áille agus an dá
shreath de mhahmúdithe féna muineál. Dhá shreath?
Ní hea, ach ceithre cinn, cúig cinn! D'iarrfadh sí
oiread san díobh ná beadh in inghin an mhúcdáir in aice
léi ach cailín bocht ainnis.
Is fíor-bheag adubhradh le linn béile na hoíche. Bhí
a fear ad iarraidh cainte a bhaint aisti ach níorbh aon
mhaith dho é. Bhí tochas ar a teangain chun labhartha
ach d'eirigh léi, le hiarracht chuthaigh, an rún do chimeád
istigh. Agus rud eile dhe, ba mhaith léi an scéal a theacht
go hobann air nuair a bheadh an saibhreas go léir aici.
Conas a thabharfadh an sprid na mahmúdithe ag
triall uirri? A bhfeicfadh sí an sprid? Béidir go
bhfuigheadh sí na mahmúdithe, ar maidin, féna peiliúr.
Nó béidir gurb amhlaidh a thuitfidís anuas go hobann ar
an bhfriochtán agus í i mbun na cócaireachta. Nó
béidir go bhfuigheadh sí ina luí os comhair an dorais iad.
Conas a thiocfidís? Conas?
Chuimhnigh sí ar mhíle slí ach níor fhéad sí socrú ar
aon cheann acu.
Nuair a bhí an béile caite d'imigh sí ina haonar agus
tréis an ortha do phóga trí huaire do labhair sí mar
adubhradh léi a dhéanamh.
- A Rahmilmoth, dar an ortha so ina bhfuil eochair do
rún, cuirim tu fé gheasaibh rud a dhéanamh orm. Ba
mhaith liom go dtabharfá chugam ...
Do stad sí, mar chuimhnigh sí gur mhol an fear
beannuithe dhi gan bheith sanntach. Bhí a croí ag
buala go tréan. An mó ceann d'iarrfadh sí? Deich
gcinn? Fiche ceann? Deich fichead? Shocruigh sí
an cheist sa deire.
- A Rahmilmoth, ba mhaith liom go dtabharfá chugam
fiche mahmúdí.
Le linn na focail sin do rá dhí, do crothadh doras mór
an tighe go hobann le séideán gaoithe: do cheap sí gur
iarr sí an iomad den chéad iarracht. Béidir gur cheart
di bheith sásta le deich mahmúdithe, ar nós na lánmhan
nua-phósta. A nglaofadh sí ar an sprid arís? Agus
fearg a chur uirri, béídir? ...
- Fiche ceann a dh'iarras, ar sise; agus chuir sí paidir
bheag suas chun Dé, á iarraidh air go bhfuigheadh sí
a guidhe; chuaidh sí tharnais ansan chun a háite sa
leabaidh, le hais a céile.
Níor fhéad Aicha aon cholla dhéanamh. Bhí mí-
shuaimhneas uirri agus bhí sí ag machtnamh go dian.
- Conas a thabharfidh an sprid chugam an rud atá
iarrtha agam?... Cadé mar atharú!... Cadé
mar fhortiún!... Beidh ór agam, ana-chuid óir!...
Dhin sí míle plean chun an t-airgead do chaitheamh.
Chuirfidís tigh á dhéanamh dóibh féin, ansúd thíos, i
gceartlár an tsráid-bhaile. Agus bheadh tabhairt-amach
acu-san, leis, nuair a bheadh a mac ag pósa, ana-thabhairt-
amach ar fad. Ise, an mháthair, bheadh gléas éadaigh
ór-ghréis uirri, agus bheadh mahmúdithe féna muineál
síos go crios uirri, agus iad ag taithneamh ar nós na
gréine. Bheadh trúnc acu chun an saibhreas go léir,
go mór-mór an ortha, do chur i bhfolach ann, agus
mórán seirbhíseach chun iad do chosaint ar na foghlaithe
... Na foghlaithe sin, dá...
Do chrith sí le heagla agus dfáisc sí chúichi go docht
an dorn ina raibh an ortha aici.
Ach ní raibh ach an t-aon oíche amháin sin aici le
cur di. Cár bhfios d'éinne go raibh ortha sa tigh aici!
Agus, dá éamais sin, ní thagaidís isteach choíche.
Beiridís caora leo, no dhá cheann, dáma mhaith leo é.
Nár ró-chuma mar gheall orra mar chaoire? Ná
beadh a dóthin aici chun a raibh sa tsráid-bhaile dhíobh
do cheannach?
Ach canathaobh ná raibh an sprid ag teacht? Agus
siúd ag machtnamh arís í ar cadé an tslí a thoghfadh
an sprid chun na mahmúdithe thabhairt di. Do
shleamhnuigh sí a lámh isteach fén bpeiliúr le súil go
mbéidir go bhfuigheadh sí iad. Ní raibh tada ansan.
Dhin sí foighne ar feadh roinnt nómataí, ansan do bhris
ar an bhfoighne aici agus chuaidh sí ag cuardach i sac
an lóin. Ní raibh aon rud ann. Chuarduigh sí na
corcáin. Ní raibh pioc ionta. Dfill sí chun na leapan.
Bhí a céile ina cholla i gcomhnaí, ar nós aon duine simplí
ná beadh dúil i nithibh móra ag déanamh buartha dho.
- Conas a thabharfadh an sprid na mahmúdithe
isteach?
Ach siúd ciscéim le cloisint; bhí sé i bhfad amach
fós ach bhí sé soiléir - duine éigin amuich ar an mbóthar
mór. An sprid! Ní foláir nó isí atá ann - ní bheadh
éinne eile amuich chó déanach. Chuir Aiche cluas
uirri féin. Bhí a croí is a hanam go léir ag feitheamh,
ag tnúth, ag glaoch... Sin í an sprid ansan - geairid
di... isí... isí... tá sí ag teacht isteach
sa tigh... tá sí ar an táirsigh... ad iarraidh
an dorais d'oscailt.
Conas san! Nách féidir do sprideanna teacht isteach
gan doras d'oscailt?...
Do dhúisigh céile Aicha de phreib.
- Na robálaithe! A Aicha!...
- Robálaithe?
Dubhairt sí an focal arís fé mar a bheadh sí ag dúiseacht
as taidhreamh na súl n-oscailte.
- Robálaithe? Robálaithe?
- Sea, robálaithe, ná cloiseann tú? Cé eile bheadh
ad iarraidh an dorais a bhrise isteach?
- Sea, dar fia!
Agus tháinig sí chúichi féin ar fad.
- Robálaithe, ar sise go híseal agus sceon inti; an í an
ortha a bheadh uatha? Dar fia ach ní bhfuighid í.
Do shleamhnuigh sí isteach ina hucht í, d'eirigh sí
agus d'aimsigh sí an tua mhór a bhí acu chun adhmad
a bhrise. Thóg a fear seana-ghunna cloiche teine anuas
ón bhfalla agus, in arm mar sin dóibh, chuadar i dtreo
an dorais agus do chromadar síos sa doircheacht.
Bhí an doras ag tormán le gach sáth a tugtí dho.
Seana-dhoras a bhí ann agus an té a bhí á bhrúth isteach
roimis chó dian an tráth san d'oíche níor bhfoláir no
bhí sé ana-láidir. Béidir go raibh roinnt acu ann?
Conas a bheadh sé de mhisneach in aon robálaí amháin
tabhairt fé lán tighe? Aon phléasc amháin agus bhí
an doras ar oscailt! Fé sholus lag na réiltíní siúd
figiuir árd leathan-ghuailleach ag siúl roimis go haicillí
agus go réidh, go hana-réidh, fé mar a bheadh eagla
air muintir an tighe do dhúiseacht.
Phreab Aicha amach as a cúinne agus an tua anáirde
aici...
Buille, aon bhuille amháin, agus bhí an figiuir tuitithe
ina phleist gan gíocs a chur as.
- Is fada atá sé ár robáil. Ní robálfa sé éinne feasta.
Do bhuail céile Aicha an bosca spuinnc chun tóirse
a lasa.
Ina luí i lochán fola, agus a chloigeann scoilte, bhí a
n-aonmhac, a bhíthas tréis a scur ón arm agus a bhí
chun a thabhairt mar phléisiúr dá athair is dá mháthair
teacht isteach chucha nuair ba lú bhí coinne acu leis.
Larnamháireach nuair a baineadh a chuid éadaigh
den chorp chun é nigh fuarthas ina chrios fiche mahmúdí
óir ags gach ceann acu chó mór le bais duine agus
chó lonnrach leis an ngrein.
T.C.L.
Cailís Dé.
Cailís Dé mo chroidhe.
Chúm Sé é de chriaidh,
Is ar altóir an domhain
Leag Sé síos é lom.
Do labhair liom mo Dhia:
"Sa chorn so na criadh
Brúghfair fíon do shaoil
Roim do théacht dom fhís.
"D'fhíon bhrúighte do mhian,
De dhéoraibh do phian,
De sheodaibh do ghníomh,
Líonfair é led linn.
"Is ó altóir an domhain
Ardófar é ar ball
Go beolaibh do Dhé:
Blaisfidh nó steallfaidh fé."
SEAMUS Ó HAODHA.
Daortha chun a bheatha.
(Sgéal a chéad-sgríobh Balzac sa bhFrainncis).
I bhfíor-dheisceart na Spáinne tá baile beag
gurab ainm do Menda. Tá sé dh'á chluthar féin,
mar adéarfá, ag bun carraige móire n-a bhfuil caisleán
'na barra.
I n-aimsir an chogaidh a bhí dh'á dhéanamh idir an
bhFrainnc agus an Spáinn do thóg slóighte na Frainnce
an tsráidín agus chuireadar buidheanta fear armtha
annso is annsúd ann mar lucht cimeádta. Victor
Marchand ab ainm do'n oifigeach óg a bhí 'n-a cheann
ar na buidheantaibh sin. Do chuir seisean fé sa chaisleán
féin.
Oíche áirithe bhí Marchand sa gháirdín taobh thiar
de'n chaisleán, a ucht buailte leis an bhfalla agus
é ag féachaint uaidh síos ar an sráidín. Uair an
mheadhon-oíche dob é é. Bhí gach uile ní go ciúin
socair sa tsráid, ach sa chaisleán bhí soillse ar lasadh,
agus bhí gleo cainnte ar siubhal agus fothram rinnce.
Is amhlaidh a bhí muinntir an ridire Spáinnigh go mba
leis an caisleán ag déanamh caradais leis na h-oifigígh
Franncacha.
Triúr mac a bhí ag an ridire agus beirt inghean.
Clára ab ainm do'n inghin ba shine de'n bheirt.
Ag machtnamh dó sa gháirdín, dubhairt Victor leis
féin nár bh'foláir nó bheadh spré mhaith aici-sin
nuair a phósfadh sí. Ach conus fhéadfadh a leithéid
bheith ag brath air go nglacfí 'n-a chleamhain é ag an
nduine uasal ab aoirde cáil agus ab uaisle dúthchas i
dtír na Spáinne go léir, agus gan ann ach mac do
cheannaidhe lóin i bPáras?
D'á éaghmais sin, níor lugha an sioc liath ar na
Spáinnigh 'ná aon fhear ó'n bhFrainnc. Agus rud eile,
bhí sé amuich ar an ridire go raibh beartuithe aige neart
armála na Spáinne do chruinniú agus do chur i dtreo
arís chun sár-iarracht do thabhairt ar na Franncaigh
do thiomáint amach as an dtír idir chorp ceairt.
B' shiné cúis gur cuireadh Marchand agus a chomplacht
fear go dtí Menda, i dtreo go gcuirfí smacht ar an
gceanntar san agus go gcoisgfí muinntir na dútha ar aon
eirghe amach do dhéanamh.
'N-a theannta san go léir do bhí ráfla ag gabháil
tímpal i dtaobh na Sasanach. Bhíodar-san ag gabháil
páirte leis an Spáinn sa chogadh, agus deirtí go rabhadar
ar aigne dul i dtír, agus go raibh an ridire 'n-a fhear
eadarghabhála idir an dá rialtas.
Uime sin, i n-aindeóin na fáilte a fuair Marchand
ó mhuinntir an chaisleáin bhíodh sé ag faire chuige i
gcomhnuidhe. Bhí adhbhar machtnaimh a dhóithin
aige sa gháirdín agus lean sé ag cur is ag cúiteamh a
d'iarraidh a dhéanamh amach cad ba bhun leis an
muinntearthas a bhíodh ag an ridire dh'á thaisbeáint
dó ó'n gcéad lá a tháinig sé, agus go mór mór conus ab
fhéidir ciúnas na dútha agus an t-imshníomh agus an
míshuaineas aigne a bhraith sé ann féin do thabhairt
d'á chéile.
Ach, d'á dhoimhne é a mhachtnamh, níor bh'faillighe
dhó gan a thabhairt fé ndeara go raibh soillse ag tosnú
ar lasadh 'n-a lán áiteannaibh sa tsráidín. Bíodh a's
gurbh é lá 'le Shain Séamuis é, bhí sé tar éis órdú
do thabhairt uaidh ar maidin an lae chéadna san go
múchfí gach aon tsolas ar uair a' chluig áirithe, ach
amháin sa chaisleán.
Do chonnaic sé go soiléir uaidh a shaighdiúirí féin
annso is annsúd, agus iad ag déanamh faire. Bhí
faobhar a gcod' airm ag spréacharnaigh fé sholas na
gealaighe. Ach samhluigheadh dó go raibh rud éigin
nár bh'fóghanta sa chiúnas, agus bhí sé díreach ar tí
phreabadh síos chun brígh an sgéil do dhéanamh amach
nuair airigh sé fothram coise duine ag déanamh 'n-a
threo. D'fhéach sé thar a ghualainn ach ní raibh aoinne
le feisgint.
Thug sé fé ndeara, ámhthach, saghas gileachta
neamhchoitianta amuich ar an bhfaraige. Annsan
do-chonnaic sé radharc éagsamhlach a bhain a mheabhair
shaoghalta dhe, nách mór. Cheap sé go bhfeaca sé,
abhfad uaidh amach ar an bhfaraige, seólta loingeas
agus iad ag taithneamh fé sholas na gealaighe. Ba
dhóich le duine air nár fhéad sé radharc a shúl féin do
chreidiúint. Tháinig crith chos agus lámh air agus
chrom sé ar a áiteamh air féin gur bh'amhlaidh a bhí
draoidheacht éigin ag an ngealaigh dh'á imirt ar a
shúilibh, agus gur bh'shin fé ndeár na seólta agus na
loingeas, nó a ndeabhramh.
San am gcéadna díreach d'airigh sé glór garbh duine
agus é ag glaodhach air as a ainm. D'fhéach sé de
dhruim an fhalla agus cad a chífeadh sé ach a ghiolla
féin agus é ag druidim suas leis.
Do labhair an giolla:-
"An tusa san, a Chaptaen?" ar seisean.
"Is me," ars an t-ógánach de ghlór íseal. "Cad ab
áil leat díom?"
"Táthar ar suathadh annsúd thíos ar nós na
bpéístíní," ars an giolla. "Ba mhaith liom, led thoil,
a innsint duit cad tá tar éís tuitim amach sa tsráid."
"Abair leat," arsa Marchand.
"Anois beag do chonnac fear ag sleamhnú amach
as an gcaisleán agus ag déanamh i dtreo na h-áite seo.
Bhí lantaor 'n-a láimh aige. Cad chuige an lantaor?
Ní h-é mo thuairim-se gur coinnle i n-onóir do Shan
Séamus a bhí sé chun a chur ar lasadh an taca so d'oíche.
"Ar ndísgiú atá uatha!" arsa mise i m'aigne féin, agus
siúd 'n-a dhiaidh me gan a thuille cáirde. Agus féach!
ar ailp charraige annsúd thall fuaras carnán mór brosna!"
I lár na cainnte dhóibh d'airighdar de phreib an uaill
liúirighe ag eirghe aníos ó'n sráid. San am gcéadna
do bhladhm splannc teine i súilibh Mharchand, agus
bhí an giolla bocht sínte agá chosaibh 'n-a stalca gan
anam gan lúth agus pléar 'n-a phlaosg.
Do stad an ceol agus an gáirí i halla an rinnce. Do
h-airigheadh torann gunna mhóir amuich ar an
bhfaraige. Do thuig an t-ógánach go raibh éirleach
déanta ar a bhuidhin fear agus go raibh na Sasanaigh
ar tí theacht i dtír. Ní raibh a chlaidheamh aige ná
aon arm cosanta eile. Do phreab sé ar aghaidh chun
teiche, ach rug duine éigin greim docht ar chaol na
láimhe air.
Bhain sé casadh as féin agus d'fhéach sé 'n-a dhiaidh.
Cé bheadh ann ach Clára agus í i n-anaithe an tsaothair.
"Bailigh leat!" ar sise. "Táid mo dhritháracha
ad' lorg chun do mhairbhthe. Gheobhair capall annsúd
ag bun na carraige. Dein dithineas!"
Níor dhein sé ach féachaint uirthi go buidheach
beannachtach agus siúd ar aghaidh é 'n-a splannc.
Fuair sé an capall san áit a dubhradh leis, agus laistigh
de rainnt uaire a' chluig bhí sé i láthair Ghautier,
rí-féinne na bhFranncach.
Bhí seisean ar dínnéar agus a lucht comhairle 'n-a
chuibhrean.
"Comraidhe mh' anama ort, a dhuine uasail!"
arsa Marchand an túisge n-ar fhéad sé na focail do
thabhairt leis.
Do chaith sé é féin i gcathaoir agus d'innis sé dhóibh
an sgéal ó thosach go deire.
Níor labhair aoinne go ceann abhfad.
"Is truagh agus is tubaisteach an sgéal é," arsa
Gautier fé dheire. "Ach ní tusa atá freagarthach i
gcoir na Spáinneach, agus am' thaobh-sa dhe ní
imireóchad aon phionós ort."
Ach ba shuarach an sólás an chainnt sin do'n oifigeach
óg.
"Cad déarfaidh an t-Ímpire nuair aireóchaidh sé
an sgéal?" ar seisean.
"Is ró-bhaoghal liom ná raghair níos saoire as 'ná
thu lámhach," arsa Gautier. "Ach cuirmís uainn é
mar sgéal. Ní mór dúinn dul i gcomhairle a chéile
féachaint conus is fearr an bheart chaillte seo do dhíogailt
ortha. Bainfead sásamh de sna cuirpeachaibh sin i
slighe a chuirfidh sgannra 'n-a gcroidhe, geallaim dóibh
é."
Uair a' chluig 'n-a dhiaidh san bhí buidhean láidir
fear ar an mbóthar ó dheas, agus iad gléasta i n-arm 's
i n-éide, agus gunnaí móra dh'á dtarraingt 'n-a ndiaidh
acu. Do h-innseadh do sna saighdiúiríbh i dtaobh an
éirligh a deineadh ar a gcomrádaithibh. Bhíodar ar
buile agus chuireadar an tslíghe dhíobh go mear.
Ar chúis éigin nár tuigeadh i gceart go dtí abhfad
'n-a dhiaidh san, d'fhanadar loingeas na Sasanach mar
a raibh acu. D'fhág san muinntir Mhenda gan an
chabhair le n-a raibh súil acu. Do tímpaladh an baile
beag agus do tógadh é gan buille do bhualadh nách
mór.
Do ghlac sgannra na Spáinnigh agus ba mhian leó
géille agus a gcuid airm do chaitheamh uatha.
Ach do cheap an aicme dhíobh a bhí cionntach i
ndúnmharbhadh na bhFranncach, do cheapadar go
mb'fhéidir nár bh'fearr rud a dhéanfaidís 'ná iad féin
do thabhairt suas do Ghautier chun a rogha cor do
thabhairt ortha. Mara ndéanfí san gur ró-bhaoghal
go loisgfí an tsráidín 'n-a luaithrigh agus go marbhófí
gach mac máthar acu.
Do thoiligh Gautier chuige-sin, ach dubhairt sé nár
bh'foláir lucht an chaisleáin, idir uasal agus íseal, ó'n
seirbhíseach ba shuaraighe go dtí an ridire féin, do
thabhairt suas dó i dteannta na druinge eile.
Do deineadh an margadh ar na coinghíollachaibh
sin agus do gheall Gautier go maithfí a bhfeillbhearta
do'n chuid eile, agus go gcoisgfí na saighdiúirí ar an
mbaile mbeag do sgartáil ná do chur tré theine.
Siúd chun an chaisleáin annsan é féín agus a shlóighte
armála, agus bhailigh sé i dteannta chéile muinntir an
ridire. Chomáin sé isteach i halla an rinnce iad agus
chuir sé lucht cimeádta os a gcionn. Ghluais sé amach
agus d'órduigh sé rainnt crocha do chur suas sa chlós.
Do thug Marchand cuaird ar na príosúnachaibh agus
chaith sé rainnt aimsire 'n-a bhfochair. Ar theacht
amach dó chuaidh sé ag triall ar an gceann uraid. Do
labhair sé leis agus bhí snagaireacht 'n-a ghlór:-
"Tá comaoine agam le h-iarraidh ort, a dhuine
uasail," ar seisean.
"Agat-sa!" arsa Gautier go sgigiúil fonmhóideach.
"Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail," arsa
Marchand, "ach is amhlaidh a chonnaic an Marques
na crocha dh'á gcur suas, agus tá súil aige ná curfar é
féin agus a bhean agus a chlann chun báis ar an gcuma
san. Dá mb'áil leat an ceann do bhaint díobh."
"Bíodh aige," arsa Gautier i gcionn gearra-thamaill.
"Is mian leó, leis, go sgaoilfí na ceangalacha dhíobh.
Do ghealladar dom ná tabharfaidís aon iarracht ar
theiche."
"Tá go maith," ars an General, "ach ní mór duit-se
bheith freagarthach ionnta."
"Agus tairgeann an Marques duit gach a bhfuil
de mhaoin shaoghalta aige ach mac leis do leogaint
saor."
"'Gcloistí!" arsa Gautier. "Ná fuil sé 'n-a chime
ag an Rí? Nach leis an Rí gach a bhfuil aige cheana?
Ach tuigim cad é an rud atá uaidh. Ní maith leis go
n-ídeófí muinntir a theaghlaigh ó phréimh agus go
gcuirfí a n-ainm ar neamhní sa tír seo na Spáinne.
'Seadh is dóigh. Bíodh aige arís. Ach geallaim dhuit
ná sgarfaidh le cuimhne na Spáinneach go deo an feall
atá déanta aige siúd agus an pionós a curfar air d'á
bharr.
"Bronnaim suas a anam féin agus gach a mbaineann
leis an gcaisleán so ar an nduine d'á chlainn mhac a
imireóchaidh ar an gcuid eile an bás atá tuillte go
dian-mhaith acu.
"Imthigh leat anois agus ná bíodh a thuille cainnte
againn i dtaobh an sgéil."
Bhí an dinnéar ullamh agus na h-oifigígh 'n-a suidhe
chun búird. Ní raibh Marchand ar an gcuideachtain.
Thug sé cuaird eile ar mhuinntir an chaisleáin. B'shiúd
annsan iad 'n-a suidhe i gcathaoireachaibh greanta
agus iad ceangailte go daingean - an t-athair agus an
mháthair, an triúr mac agus an bheirt inghean.
Do bhí ochtar fear freastail 'n-a seasamh os a gcomhair
agus a lámha ceangailte taobh thiar díobh.
Bhuail Marchand ar aghaidh agus d'órduigh sé do
sna saighdiúiríbh na cimeacha do sgaoileadh. Do bhog
sé féin an téad de lámhaibh Chlára. Do labhair sise
leis:-
"Ar eirigh leat?" ar sise de ghlór íseal.
Níor fhéad sé gan osna cléibh do chur as nuair fhéach
sé ó dhuine go duine acu. Ba ró-lag an choinne a bhí
aige go bhféadfadh sé a áiteamh ar aon duine acu aontú
leis an gcoinghíoll sgannrúil a bhí aige le cur os a gcomhair.
Ach d'innis sé do Chlára an rud a dubhairt Gautier.
Ar chlos an sgéil dise do chorruigh a cuid fola, ach
d'á aindeóin sin do ghluais sí anonn chun a h-athar agus
chaith sí í féin ar a glúinibh 'n-a fhianaise.
"A athair," ar sise, "cuir fhiachaint ar Juanito a
dhearbhú i láthair Dé, pé rud adéarfir-se leis, go
ndéanfaidh sé é gan teip," agus thug sí cogar dó.
Do chlaon an Marques chun a mhná agus dubhairt
sé rud éigin léi. Má dubhairt do thuit sise ar an dtalamh
i laige agus d'fhan sí tamall annsúd gan aithne gan
úrlabhra.
Tháinig tuisgint an sgéil go prap do Juanito - b'shin
é an mac ba shine de'n triúr - agus chuir sé búirth as
mar a chuirfadh león buile.
Do leog Marchand an lucht faire chun siubhail. Do
tógadh na seirbhísigh amach agus do crochadh iad gan
a thuille righnis.
D'eirigh an seanduine aniar sa chathaoir agus do
ghlaoidh sé chuige ar a mhac.
"A Juanito!" ar seisean.
Níor leog Juanito air gur airigh sé an glaodh. Ní
leogfadh dubrón a chroidhe dhó ach a shúile dh'iompáil
i dtreo a athar agus a mháthar. B'shin í an fhéachaint
nár bh'fuirist cur síos uirthi. Do bhainfadh sé na deóra
as na clochaibh glasa bheith ag féachaint air.
Do bhuail Clára anonn chuige agus chuir sí a lámh
fé n-a mhuineál.
"A Juanito a' chroidhe," ar sise, "dá dtuigfá at'aigne
cad é an bhuile áthais a churfá i n-áirithe dhom dá mbeadh
a fhios agam gur leis an láimh sin agat-sa a bainfí an
t-anam asam, ní bheadh orm bás grána dh'fholag ó
láimh an chéastúnaigh úd."
Do labhair an t-athair arís agus is ar éigin do leogfadh
neart tocht bhróin a chroidhe dhó na focail do thabhairt
leis.
"A Juanito," ar seisean, "isé t'athair atá ghá chur
mar órdú ort a réír do dhéanamh."
Níor dhein an t-óigfhear oiread agus cor do chur de.
Do chaith an seanduine é féin ar a ghlúinibh os comhair
a mhic. Do dhein Clára agus Manuel agus Felipe an
rud céadna. Do shíneadar a lámha 'n-a threo agus
chromadar i dteannta chéile ar a thafant air géílle d'á
n-athchuinge.
"An fada a chimeádfir t'athair ar a ghlúinibh?"
ars an seanduine. "Cad é an cáll atá agat chun bheith
ag cuimhneamh ar do bheatha féin agus ar do thoil
féin? Nó an amhlaidh atá cródhacht do shinnsear
uasal imithe as do chuimhne glan? A bhean," ar
seisean, agus d'iompuigh sé chun a mhná, "an mac
duit-se agus domh-sa é seo?"
"Tá buaidhte agat!" ars an tseanbhean de phreib.
Ag féachaint dise go géar ar a mac do chonnaic sí
luasgarnach éígin ar fhabhraí a shúl nár thuig aoinne
eile a brígh ach í féin.
Níor bhraith Marchand ann féin bheith ag féachaint
ortha níosa shia. Do ghluais sé amach agus thug sé
aghaidh ar an áit 'n-a bhfeacaidh sé an rí-féinne chun
aon iarracht amháin eile do thabhairt ar é bhogadh.
Uair a' chluig 'n-a dhiaidh san tháinig céad duine de
sna daoinibh ba chreidiúnaí d'á raibh i Menda, thánadar
suas chun an chaisleáin i dtreo go bhfeicidís na h-uaisle
d'á gcur chun báis. Sin mar a bhí orduithe ag Gautier.
Tamall anonn bhí bloc mór adhmaid anáirde ar
láithreán agus tuagh mhór i n-aice leis. Níor bh' é a
ndearmhad gan fear na tuaighe do chur 'n-a sheasamh
láimh leis an mbloc, le h-eagla go gcaillfeadh a mhisneach
ar Juanito.
Tháinig muinntir an chaisleáin i láthair - an ridire
agus a bhean agus an cúigear clainne - agus iad ag
siubhal go réidh agus go stuamdha.
Bhí aoinne amháin díobh, ámhthach, 'n-a luighe go
trom ar chuislinn an tsagairt, agus isé a bhí ag féachaint
go dubhach agus go buartha agus go croidhe-bhriste.
B' shin é an t-aon duine amháin díobh a bhí daortha
chun a bheatha. Do thuig an céastúnach, do thuig gach
aoinne, gur ag Juanito a bheadh láimhseáil na tuaighe an
lá san.
Do dhein an seisear ar aghaidh i n-aon sgata amháin
agus chuadar ar a nglúinibh i n-athchomaireacht do'n
bhloc. Do threóruigh an sagart Juanito chun na
h-áite céadna.
Do phreab Clára 'n-a choinnibh.
"A Juanito," ar sise, "gaibh truagh dhom easba
mhisnigh agus bíodh tosach ar an gcuid eile agam-sa."
Le n-a linn sin do cualathas coisidheacht duine agus é
ag teacht ar séide. Bhí Clára ar a glúinibh agus a muineál
bán sínte aici agus a ceann áluinn chun an bhluic aici.
Do bhuail an coisidhe ar aghaidh agus labhair sé léi.
Marchand a bhí ann.
"Leogann an General t'anam leat," ar seisean fé n-a
anáil, "ach go bpósfir mise."
Níor thug sí de fhreagra air ach féachaint 'n-a threo
go mórtasach maordha.
"Buail, a Juanito!" ar sise.
Thuit a ceann ag cosaibh Mharchand.
Dhein Manuel agus Mariquita agus Felipe ar aghaidh
i ndiaidh chéile agus do tugadh an faobhar dóibh.
Fé dheire tháinig an seanduine chun an bhluic. Shín
sé a lámha i dtreo an ógánaigh agus labhair sé de ghlór
chiachánach:-
"Beannacht t'athar ort, a mhic mo chroidhe!" ar
seisean. "Ná bíodh aon eagla ort, a Mharques, ach
buail go dána!"
Ach nuair a chonnaic Juanito a mháthair aosta ag
teacht fé n-a dhéin, do laguigh a chroidhe 'n-a chliabh
le neart maoithneachais agus chuir sé ochlán bróin as.
"Thug sí a bainne cích féin dom!" ar seisean.
Do thuig an Mharquesa ó'n bhfocal san agus ó'n atharú
gnúise a tháinig air go raibh ag dul d'á mhisneach.
Níor dhein sí ach léim do thabhairt as a corp agus í
féin do chaitheamh thar dhruim an fhalla amach. Do
deineadh sceaithre d'á ceann ar na caraigreachaibh a
bhí ag bun na faille.
Do thug Rí na Spáinne "El Verdugo" - .i. "An
Céastúnach" - mar ghairm uaisleachta ar Juanito agus
ar a shliocht 'n-a dhiaidh, ach d'á aindeóin sin, agus i
n-aindeóin na h-urrama atá ag gach uile dhuine dhó,
bíonn an Marques de Leganes dh'á shnoighe amach ag
galar dubhach i n-aghaidh an lae. Ní'l a mhalairt de
mhian anois aige ach an bás do theacht air go luath,
ionnus go raghadh sé i gcoinnibh spiridí a mhuinntire,
na spiridí n-a mbíonn sé 'n-a gcomhluadar de ló is d'oíche.
D.O.M.
Obair
Is beag ceist fé bhun Dé ar an dtalamh so is mó a
pléidhtear nú is mó is bun le h-argóintí deilgineacha i
láthair na h-uaire ná an rud símplí úd, an obair. Tá
an saoghal mór roinnte mar a déarfá na dhá dhream agus
an dá dhream san deighilte ó n-a chéile, glan. Dream
aca, an lucht oibre ar thaobh agus an dream eile, an
lucht a cheannuighean an obair, ar an dtaobh eile. Iad
ag faire ar a chéile go cruinn agus a d'iarraidh an bhun-
táiste bhreith ar a chéile. Cumainn dá mbunú agus dá
neartú, leabhra dá sgríobhadh, cainteana dá ndéanamh,
stailceana dá gcur suas. An dá thaobh ag trácht ar a
bpuínte féin de'n sgéal agus ag éileamh a gceart go dain-
gean: suathadh agus aighneas mór ar siubhal ar an
tsaoghal d'á bharr.
Ach ní sa chéill sin a thógfaimíd-ne an focal, obair;
óir is é is fearr do dhuine i gcomhnuighe, má's féidir leis
é, comhairle úd an fhile do ghlaca agus do chur i
ngníomh, "a mhic mo chroidhe ná h-adhain troid, 's
ná h-ob í má's éigean duit." Déanfaimíd an sgéal
d'infhiúchadh ar chuma eile, ar chuma a bhainean go
pearsanda leis an nduine féín.
Agus ar an gcéad dul síos, ní h-eol do puinn daoine é,
ach na thaobh san is fíor go bhfuil níos mó comhachta
agus níos mó fuinnimh i ngach aoinne againn ná mar a
cheapaimíd. Is amhlaidh a bhímíd an chuid is mó
de'n am agus gan ach leath ár mbrigh d'á úsáid againn.
Féadtar an méid sin a dheimhniú ach Cogadh Mór na
h-Euróipe do thabhairt chun cuímhne. Bhí agat ansan
na mílte mílte fir óga, fir dá chomhartha san féin a
tógadh go bog agus go sóghail; samhluigh at' aigne
dhuit féin na neithe ana-neamh-ghnáthacha gurbh'
éigean dóibh dul i dtaithighe ortha, na púncana na
rabhdar, na h-aistir mhóra fhada a chuireadar dhíobh de
shiubhal a gcos, na laethanta agus na h-oidhcheana a
thugadar gan bhiadh gan chodladh, iad ag rómhar agus
á sádhadh féin isteach sa talamh ar nós na gcaochán,
búirth na n-ollghunnaí na gcluasaibh agus dearg-chraos
an bháis ar leathadh ós a gcomhair amach. Tháinig an
furmhór aca saor ó'n mbaoghal gan an tsláinte a bhí
aca roimis sin a bheith aon phioc chun deiridh leis an
gcruadhtan. Cuirean san ar ár súilibh dúinn go soiléir
go bhfuil níos mó nirt aigne agus níos mó nirt cuirp
againn ná mar a bhainimíd úsáid as agus gur mó éileamh
i bhfuirm oibre íntleachtúla nú i bhfuirm saothair
chorpordha a dh'fhéadfaimís a dh'fhreagairt dá gcuirtí
chuige sinn.
Dheallróch' an sgéal mar sin go dtógan gach duine go
ró-bhog é, agus gur fíor-annamh a bhíon sé ar a dhícheal.
'Sé chimeádan siar a lán daoine ná iad a bheith 'á
áiteamh orra féin ná fuil aon éirim chun oibre aca, agus
nách alaidh d'á leithéidí bheith ag cuimhneamh ar aon
dul chun cinn toisc gan an ghéarchúis a bheith aca chuige.
Cuireann siad iad féin i gcomparáid leis an té go bhfuil
cúilfhéith thar an gcoitiantacht aige agus nuair ná fuil,
dar leo, aon chomórtas i n-aonchor eatortha agus é siúd,
caillean siad a misneach aguS tuiteann an lug ar a lag aca.
An duine a ghéillean do'n lagspridí mar sin agus ná fuil
de sgairt ann leanamhaint ar a láimh is mór ar fad an
dochar a dheinean sé dá mheon gan trácht ar a ghnó.
Mara gcuiridh sé a thoil i bhfeidhm go daingean agus
claoidheadh leis an obair ní bheidh ann go deo ach duine
meathta gan seasamhacht. Ceapan sé ná faghan fear
na cúilfhéithe pioc d'á dhuadh aon ghnó d'á mb'ail leis
do thabhairt chun críche; ach sin é ball díreach na
ndeintear an dearmhad; óir is minic an fear éirimeamhail
ag obair i n-am mhairbh na h-oidhche an t-am a bhíon
fear an mhí-mhisnigh ag sranntarnaigh.
Tá ar chumas gach aoinne éirim chun oibre bheith
aige: ní pribhiléid é a tugtar do dhuine seachas do
dhuine eile ach ní mór do'n té atá ar a lorg bheith
dáiríríbh. Tiocfaidh an éirim de thora taithighe agus de
bharr daingneachta toile. "Is taithighe ghníonn máigh-
istreacht" mar a deireadh ár sínsear rómhainn.
Tá rud eile ann agus is mór a chuirean sé i gcoinnibh an
rathamhnachais; sé sin duine bheith ag fanamhaint le
h-uair na faille. Tá an saoghal lán de dhaoinibh a
dhéanfadh so a's súd dá bhfaighdís an chaoi air. Ach is
fánach an gnó d'aoinne bheith ag súil leis an gcaothamh-
lacht; tá gach aon deallramh ná beidh i ndán do ach an
díombáidh. Bean uasal áirithe a bhí na comhnuidhe i
gceann des na cathrachaibh móra thall i n-Americea
raint blianta ó shin. Galar do-leighiste a bhí uirthi agus
gurbh' éigean di an leabaidh do chimeád. Ach i
n-aimhdheoin sin is uile d'eirigh léi cumann do bhunú,
cumann go raibh mar chuspóir aige fóirithint ar na
bunóicibh a saoghaluigheadh do lánamhaintí bochta, i
bhfuirm éadaighe do sholáthar dóibh. Chuaidh an
cumann i líonmhaireacht agus do bunuigheadh craobh-
acha ins na cathrachaibh eile agus ní raibh aon tseó
ach an méid tairbhthe a dhein sé ins gach aon bhall.
Tugadh onóir phuiblí do'n mhnaoi mar gheall ar an
gcomaoine mhór fé n-a raibh an choitiantacht aici.
Cuirean san i n-úil dúinn ná fanan an duine díograiseach
le h-uair na faille, ach go ndeinean sé faill do féin. Tagan
an chaoi chun an duine a ollamhuighean é féin go
dúthrachtach na cóir le h-obair chruaidh.
Ba mhéinn le gach aoinne rath a bheith ar a chuid oibre
agus má ba mhéinn beireadh sé an méid seo leis go cruinn,
go dteipfidh air glan aon obair bhunúsach a dhéanamh
gan spéis do chur inti. Ní mór do dhuine suim do chur
na ghnó, ní h-eadh ach taithneamh do thabhairt do,
má's áil leis slacht do chur air, agus dul chun cinn leis.
Ní facathas riamh aon obair shubstainteach ó láimh an
té ná raibh aon áird ná beann aige ar an obair ná nár
dhein aon chúram di: ní facathas ach a mhalairt uaidh
neamh-shlacht agus obair ar nós cuma liom de dheasgaibh
easba spéise. Tá neamh-fhonn chun oibre go tiugh
anois ann: agus isé cúis do san a bheith amhlaidh ná
an cíocras chun pléisiúir a bheith ann agus an aigne
phuiblí bheith go guagach agus an cheist achranach úd
i dtaobh na h-oibre bheith dhá plé go dian idir an dá
dhream a luadhadh thuas. Ach an duine a dheinean
cúram de thréithibh a mheoin féin féachfaidh sé chuige
féin i dtreo ná tiocfaidh an neamh-fhonn san air.
Cuirfidh sé cos i dtalamh na choinnibh, óir dá ngéilleadh
sé dho, b'olc a dh'imireochadh sé air.
Mar phionós a cuireadh an saothar ar an gcine daonda
sa tosach; ach is amhlaidh a iompuighean sé chun
aoibhnis agus chun beannachta do'n té a chlaoidhean go
fonnmhar leis. Téidhean sé chun sochair dá aigne agus
dá chorp; is fearrde a shláinte é; is uaisle de a mheon
é; agus ní bhfaghan buairt ná imní aon lom air chómh
fada agus a thugan sé a aigne go h-iomlán d'á ghnó.
Is mór an sásamh aigne ar dhuine fhios a bheith aige
agus é ag síneadh thairis ar an leabaidh astoidhche, é
bheith tar éis dualgas fir a dhéanamh fan lae.
An tAthair Cainneach.
An Peacach Aithrigheach
(Ath-innsint an Scéal le Tolstoy.)
Agus adubhairt sé le hIosa, A Thighearna, cuimhnigh
orm-sa nuair a thiocfair in oighreacht do fhlaitheas.
Agus adubhairt Iosa ghá fhreagairt: Go dearbhtha
dhuit cuimhneochad, fiú amháin indiú féin beir am'
theanta i bParrathas na naomh.
- Lúcás XXI11., 42-43.
Bhí peacach bocht ann fadó agus fuair sé de ré
aithrighe ó Dhia gur chaith deich mbliana a's trí
fichid ar an saoghal so, ach má chaith, níor shil sé riamh
deoracha na haithrighe ar an bhfeadh san, ach é coitianta
ag gabháil dá pheacaíbh. Bhuail breoiteacht é, agus fiú
amháin an uair sin féin níor bhog a chroidhe chun na
haithrighe dhéanamh. Sa deire thiar thall agus glothar
an bháis 'na scórnaigh tháinig tocht ghoil air agus
adubhairt mar seo:
"Ó, a Thighearna! Tabhair maitheamhnachas dom
fé mar do thugais maitheamhnachas don bhitheamhnach
agus é anáirde ar chrann na croise."
Agus tar éis na bhfocal so do rádh dhó d'imigh an
t-anam as. Le n-a linn sin, sceinn anam an pheacaigh
leis fé dhéin geata na bhflaitheas (as ucht a ghrádha do
Dhia agus an mhuinghin a bhí aige as trócaire an tSlán-
uitheora) agus do bhain sé crothadh as an ngeata, agus
d'iarr i n-achuingheachaibh é leigint isteach i Ríoghacht
na bhFlaitheas. Leis sin do labhair an guth laistigh den
gheata:
"Cé hé sin amuigh ag baint chrothadh as geata
Pharrathais, agus cad iad na mór-shaothair seo atá
déanta aige i rith a shaoghail mharthain?"
D'fhreagair guth an Daoruitheóra, agus d'áirimh sé
gach droch-bheart a dhein an peacach agus ní raibh
oiread a's aon bheart fhóganta amháin curtha síos dó,
orra ar fad.
Agus adubhairt an guth laistigh de gheata leis:
"Ní féidir do pheacachaibh mar thusa teacht isteach i
Ríoghacht na bhFlaitheas; bailigh leat as san!"
Adubhairt an peacach annsan:
"A Thighearna, cloisim an glór, ach ní fheicim aon
radharc ar seo atá ag labhairt liom agus ní lugha ná tá
fios a ainme agam."
Adubhairt an guth ghá fhreagairt:
"Mise Peadar, Aspal."
Agus ars' an Peacach leis:
"Dein déirc orm, a Pheadair Aspal! Tarraing chun
do chuimhnte claonta an pheacaigh agus mór-thrócaire
Dé. Nár dhuine de dheisciobalaibh Chríost thú? Nár
chualaís A theagasc óna ráitibh béil féin, agus ná raibh
A dhea-shampla os comhair do shúl amach agat?
Feuch chughat, agus cuimhnigh ort féin agus feuch mar
do thuitis féin id' chodla tar éis a iarraidh ort, trí h-uaire
i ndiaidh a chéile, faireachán a dhéanamh Dó agus
cromadh ar phaidreoireacht duit féin nuair a bhí an
bhuairt aigne agus an dólás croidhe Air, mar go raibh do
dhá shúil ag dúnadh ar a chéile agus ina dhiaidh san
thángathas ort id' dhubh-chodla fé thrí. B'shin é
díreach mo dhála-sa é. Cuimhnigh leis fé mar do gheal-
lais bheith dílis go bráth na breithe Dhó, agus 'na dhiaidh
san, gur dheinis dul 'na shéanadh, trí huaire, nuair a
beireadh os comhair Chafáis chun A dhaortha É. B'shin
é an dála céadna agam-sa leis é. Agus cuimhnigh fós
mar do ghabhais an doras amach ar ghlaodh an choiligh
agus mar do bhrisis do chroidhe ag gol lasmuigh, leat
féin. B'shin é an cúrsa céadna agam-sa leis é. Ní
féidir leat mar sin gan me leigint isteach."
Ní dubhairt fear an gheata "maithí ná graithí."
Do sheasaimh an peacach mar a raibh aige tamaillín
agus annsan do bhain sé crothadh eile as an ngeata agus
d'iarr é leigint isteach i Ríoghacht na bhFlaitheas. Leis
sin do chualaidh sé guth eile laistiar de gheata ag rádh:
"Cé hé an duine seo, agus conus a chaith sé a shaoghal
ar an dtalamh go dtí so?"
Agus do chuir an Daoruitheoir síos arís ar chionntaibh
an pheacaigh agus gan oiread a's aon ní amháin fóghanta
curtha síos dó. Agus d'fhreagair an guth laistigh de
gheata:
"Bailigh leat as san! Ní féidir do leithéid de pheacach
a leigint isteach 'nár measc annso i bParrathas Dé."
Annsan adubhairt an peacach:
"A Thighearna, is clos dom an glór, cé ná faghaim aon
radharc ar an té atá ag labhairt, ná ní heol dom a ainm
ach chomh beag?"
Agus do labhair an guth amach leis:
"Mise Dáibhid, Rí a's Fáidh."
Ní dheaghaidh an peacach in éadochas leis an méid sin,
agus ní lugha ná d'fhág sé Geata Pharrathais, ach adubh-
airt uaidh isteach:
"Déin déirc orm, a Rí Dháibhid! Cuimhnigh ar
chlaontaibh na colna agus ar mhór-thrócaire Dé. Bhí
Dia páirteach leat-sa agus thug Sé gradam as cionn
daoine dhuit. Bhí gach aon ní chun do thoile agat:
ríoghacht agus onóir agus saibhreas saoghalta, agus mná
pósda agat agus clann leo; ach chonnaicís uait, lá, bean
dhuine bhoicht agus tú in áirde ar bhuaic do thighe, ag
aeridheacht duit féin. Ghlac mí-rún peacúil 'na taobh
thú agus thógais chughat féin bean an duine úd, eadhon,
Uria, agus chuiris na hAmoinítigh suas sa tslí is gur
mharbhadar le claidheamh é. Piarda mór mar thú, do
bhainis ón nduine bhocht úd an t-aon phatallóigín
amháin a bhí aige agus chuiris chun báis é féin. Is é
an dála céadna agam-sa é. Cuimhnigh annsan fé mar
do dheinis an aithrighe ann, agus mar adubhraís:
"Admhuighim do Dhia mo chionnta; tá mo pheaca dá
shíor-theasbáint dom agus am' shíor-chrádh?" Tá
gabhtha tríd an gcúrsa céadna díreach agam-sa. Ní
féidir leat dá bhrí sin gan mé leigint isteach," arsan
peacach. Ach ní raibh húm ná hám as fear an
gheata.
Tar éis an peacach a bheith tamaillín 'na sheasamh,
do bhain sé haing eile as an ngeata arís agus d'iarr é
leigint isteach i bhFlaitheas Dé. Agus do chualathas
guth eile, an tríú guth, laistigh de gheata ghá
radh:
"Cé hé seo amuigh, agus conus tá a bheatha ar an
dtalamh caithte aige?"
Leis sin do chualathas guth an Daoruitheora ag cur síos,
don tríú huair, ar chlaon-bheartaibh an pheacaigh agus
gan aon bheart fhoghanta dá áireamh dó.
Agus adubhairt an guth laistigh de gheata:
"Scrios leat! Níl ceaduithe do pheacachaibh mar
thusa teacht isteach go Flaitheas Dé."
Agus ars an peacach leis:
"Cloisim do ghlór, ach ní fheicim aon radharc ort, ní
lugha ná tá fios t'ainme agam!"
Annsan do labhair an guth leis:
"Mise Eoin Diadhaire, deisciobal dílís Chríost, Mhic
Dé."
Agus tháinig lúthgháir ar an bpeacach leis sin agus
adubhairt:
"Anois ní foláir cóir máireach nó leigfear isteach mé.
Caithfidh Peadar agus Dáibhid mé scaoileadh isteach
mar is maith is eol dóibh claonta an pheacaigh agus mór-
thrócaire Dé: agus scaoilfir-se isteach mé, mar is mór
é do charthanacht. Nách tusa, Eoin Diadhaire, a chuir
síos gur carthanacht ar fad é Dia, agus an té ná raibh
carthanacht 'na chroidhe ná raibh aon eolas ar Dhia
aige? Agus i ndeire do shaoghail thiar duit ná dubhraís,
mar theagasc, le daoinibh: "A Dhriotháireacha, bídh
carthanach le n-a chéile." Conus, dá bhrí sin, a bheadh
fuath agat domh-sa, agus mé thiomáint uait in ainm an
diabhail? An teagasc úd a thugais uait, caithfir dul 'na
shéanadh no, munab é sin é, beidh carthanacht agat dom
agus caithfir, ar an abhar san, mé scaoileadh tharat
isteach go Flaitheas Dé."
Leis sin, d'oscladh geata Pharrathais, agus bheir
Eoin Naomhtha barróg ar an bpeacach bocht aithrigh-
each agus bheir leis fé áthas isteach go Ríoghacht na
bhFlaitheas é.
S. O. S.
Is deacair a rádh an í an tarcuisne nó an truagh is
córa a chaitheamh le laige inntinne; nó an measa i
gcomhnuidhe cinneadh ar dhroch-chomhairle ná gan
cinneadh ar aon chomhairle.
Bítear ghá fhiafruighe: cad chuige nach féídir aon
náisiún amháin a dhéanamh den chine daonna, agus
iad a bheith taobh leis an teanga, reacht, síbhialtacht,
creideamh céadna? Mo chuid-se dhe, agus a éagsamh-
laighe atáid maidir le smaointe, mianta, is tuairmí, is
iongnadh liom gur féidir le seisear nó mórsheisear comh-
nuidhe le chéile i n-aontigheas.
LIAM O BRIAIN
(o La Bruyére).
Resignation.
MINIC a théighim tréittuirseach fan na sráid seo,
Tighthe 'na réidhshlaodaibh am ghearrathnáthadh;
Cuirid i gcéill saogal is deargnámhaid dam,
Foithin bheag dhaoraoldha age seachránaigh.
Is tuirse go haeibh céimeanna an tseanaghnáis seo,
'S is cimilt le cré tréanchuradh marbh thárla,
Fuireann do thréig saoghal agus neart a mbláthchorp
Ar oibreacha péintéara bheadh daitte deársgnach.
Cad chuige sin spéir ghnédhubh 's an t-aistear fáin seo?
Agus ceannas láimhe ag an mbás fé dheóidh abhfus,
'Na ghal gan áird go dtrághann an dóchas tur,
'S go lingid i gcéím ghaolmhar gan chead na trátha.
Ní smacht ar ádh go hádhbhacht gan dóigh 'na bhun
Do ghlacfadh dáil go sásta an treó do thig.
- TORNA.
(ex Adolf Schirmer.)
Uaigneas Tairbh.
Bhíos i gCluain Tairbh cúpla seachtain ó shoin agus,
toisc an lá bheith chó breágh agus bhí sé, seo
amach me fé sna páirceanna. Bhí a lán daoine ann
agus cuid acu ag imirt golf. Níl aon eolas agam ar
gholf agus d'fhanas ag féachaint ortha feadh tamaill.
Ach sa deire d'eiríos tuirseach díobh agus siúd fé dhéin
na cathrach me. Ar an slí cé theangmhódh liom ach
an tarbh féin. Tá an Chluain fé n-a chamarannduíocht.
Comhnuíonn a mháthair ann, áfach, agus beirt drithár
is óige go mór ná é féin. Tá drifiúr bheag aca ina
dteannta. Chonnac go raibh púic ar an dtarbh agus
mheádhas im aigne gur bhfearra dhom bheith deas
síbhialta leis. Do bheannuíos do go múinte béasach
agus do fhreagair sé mé agus, fé mar adéarfá, do
labhair sé i gcoinne a thoile. Ní raibh aon ghnó ann
bheith ciotarúnta leis; ba leis féin an áit, agus ina
theannta san ní raibh aon cheart agam-sa bheith ann
in ao' chor.
"Nach aoibhinn an aimsir duit-se í seo," arsa mise.
"Seadh go deimhin," ar seisean, "agus cúpla mí ó
shoin dhineas socrú dul síos go Ciarraighe ach is baol
liom ná lomhálfar dom dul ann anois."
"Conas san?" arsa mise. "Más, ní hamhlaidh a
cuirfí an dlí ort. Níor chuala gur ritheadh aon Acht
Dlí a chuirfeadh cosc ar do leithéid dul id rogha áit."
"An mar sin atá an scéal agat?" ar seisean. "Ní
foláir no ní chuireann tú aon tsuim i ngnóthaí feir-
meoireachta. Bhí mo mháthair á rá liom iné go raibh
dlí ann anois ag an Rialtas ná lomhálfadh dom dul
isteach im' chontae féin, in ar rugadh agus in ar tógadh
mé."
"Níor chuala focal mar gheall air," arsa mise, "agus
toisc gur fear cathrach me ní chuirim suim i n-éinní
ach in obair agus i gceárdachas agus i ngnóthaí trách-
tála."
"Is beag an mhaitheas domh-sa bhur leithéidí-se a
bheith nbhur dTeachtaí Dála," ar seisean, "agus
leogaint don scrios so teacht orm féin agus ar mo
mhuintir."
"Ach," arsa mise, "ná fuil an saol chó maith anso
agat agus bheadh i gCiarraighe no b'fhéidir a bhfad
níos fearr? Tá páirceanna breátha leathna anso agat;
do dhóthain le n-ithe agus le n-ól. Cead agat tú féin
do shíne agus do shearra agus luí síos nuair is áil
leat. Do réir mar thuigim é níl aon droch-chóir ort
agus ní bheidh tart, oighear ná ocras ort go brách."
"Tá cuid mhaith den cheart agat agus bheadh an
ceart ar fad agat dá mba dem' dheoin féin a thiocfainn
anso. Ach níorbh eadh. Fé mar adubhart leat is i
gCiarraighe a rugadh mé, agus bhíos ann go rabhas
fásta suas im' ógánach mhór láidir. Bhíos im' chomhnuí
i bhfochair mo mháthar i Mucros na gCraobh. Áit
ana-bhreá ar fad. Bhí Loch Léin buailte liom; Tuaimis
os mo chóir anonn agus an Torc ar mo chúl. Ní chuir-
feadh gaoth ná grian isteach orm; bhí fuithin an lae
fhuair agus ionfhuaire an lae the agam. Ní raibh le
déanamh agam aon lá gréine thiocfadh ach dul síos
go ciúis an locha agus mé féin d'iomlasc san uisce. Bhí
faiche mhór leathan agam chun rith timpal agus mo
chnámha do bhoga, agus bhí crainn ann fé ghéaga
fada agus duilleabhar ortha chó tiugh san ná leogfadh
sé don ghréin ná don bháistigh luí orm. Dá mbeadh
lá ceóch ann agus go dtiocfadh uaigneas orm a luíofadh
go mór ar mo chroidhe ní raibh le déanamh agam ach
glaoch ar na comharsain agus ní raibh duine aca ná
tabharfadh freagra orm.
"Do gheibhinn freagra ó Dhá Chích Danann ó Ghleann
Fleisce, ó Thorc Easa, ón nGaortha Mín, ón gCuimín
Dubh, agus ó Acha d'Eo na Gréine, agus an macalla
a bhainidís as sliabh is gleann chuireadh sé aoibhneas
croidhe orm agus ní fhanadh a thuille uaignis orm.
Agus nuair a chuimhním ar an aimsir sin is beag iongna
mé brónach duairc. Duine uasal ana-shaibhir ab eadh
mo mháistir agus bhí saol aoibhinn agam gan dua ná
brise croidhe. Chuaidh an duine gur leis an áit seo
go Cill Airne ar cuaird agus nuair a chonnaic sé mise
ní bheadh sé sásta gan me thabhairt leis, agus toisc go
raibh uaigneas ar mo mháthair scarúint liom thug sé
ise leis chó maith. Rugadh mo dhritháireacha anso
agus leis sin níl aon dúil aca dul siar go muintir mo
mháthar."
"Ach, fan go fóil," arsa mise. "Má tógadh i
gCiarraighe thu agus go raibh do mhuintir romhat ina
gcomhnuí ann conus a cuirfar cosc ort-sa dul ann?"
"A!" ar seisean, "sin í an fhadhb. Is ó Albain a
tháinig m'athair agus is ansúd leis a rugadh máthair
mo mháthar agus níl braon d'fhuil na gCiarraigheach
ionam cé gur rugadh ansúd mé, agus fuair mo mháthair
tuairisc iné go rabhthas ag tabhairt bata agus bóthar
dá gaolta ar fad ansúd. An dlí nua so do dhin an tAire
Talmhaíochta tugann sé comhacht dá Chigirí dul síos
go Ciarraighe agus gach tarbh ná baineann do réir
treibhe is dúchais leis an gcontae do thiomáint le haer
an tsaoil. Tá colceathar liom i gCuileann Uí Chaoimh
agus tá fíor-chara dho i Malla; Ciarraigheach ceart,
áfach. Bhí an bheirt aca ana-mhuinteardha le chéile.
Ní rud ró-choitianta beirt mar iad a bheith ina gcáirde
ró-mhór ach is dócha go raibh mo cholceathar á
mhaíomh go raibh mórán dá ghaolta i gCiarraighe.
Táid na Ciarraighigh ana-bháigiúil le n-a chéile. Ach,
pé slí é, tá an Ciarraigheach tar éis a chloisint go mbeidh
air an bóthar do thabhairt siar go fiantas Uíbh Ráthaigh
agus an chuid eile dá shaol do chaitheamh ansúd imeasc
na gcnoc agus na ngleannta. Beidh san ana-dhian
ar an gCiarraigheach bocht. Bhí sé i Malla ó bhí sé
ina pháiste bheag. D'fhás sé suas fé dheagh-nósa.
Bhí gach ollmhaitheas aige dá fháil. Bhí ceol na ngadhar
fiaidh le cloisint aige gach tráth; na marcaigh ag
teacht ar a gcapaill agus ag bronnadh seoidíní air.
Bhí na tarbhaí eile an-umhal do agus é, fé mar adéarfá,
ina leath-cheithearnach. Ach anois sé uaigneas an
ghleanna i ndáiríribh aige é agus san go léir chun feir-
meoirí áirithe do shásamh. Nuair a chloisim daoine
ag caint ar an ndlí agus ar thoil na ndaoine agus nuair a
chím an tíorántacht so dá imirt orm féin agus ar mo
mhuintir is beag iongna má iompuím amach im shóisia-
lach."
"A! ná habair-se é sin," arsa mise. "Is ar mhaithe
leis an dtír atáthar ag déanamh na nithe seo. Ní ar an
Rialtas ná ar aon Aire áirithe is ceart duit a mhilleán
a chur."
"Nách eadh go deimhin? Cé fé ndeara ná lomhálfar
dom dul in ao' bhall 'n domhan gan cead ón Aire? Innis
dom é sin. Agus innis dom cé fé ndeara, abair ar maidin
amáireach agus go dtiocfadh Cigire ón Aire timpal agus
go ndéarfadh sé ná raibh sé ceart domh-sa bheith im
beathaidh i n-ao' chor! Agus go gcuirfeadh sé
d'iachall ar mo mháistir mé dhíol le búistéir éigin a
bhéarfadh anonn go Sasana me chun mo mharbhtha
agus mo chuid feola do riara amach imeasc mo namhad!
Cé fé ndeara an obair seo go léir? A dhuine mo chroidhe,
sa tslí go bhfuil na cluichí ag imeacht, is cuma liom
ce'ca beo no marbh mé.
"Tá sé ag eirghe déanach agus b'fhéidir go mbeadh
mo mháthair im' lorg. Slán agat, a dhuine uasail,
agus tá súil agam ná déanfair dearmhad ar tharbh
bhocht aonarach mar mise."
Fanuisc.
Napoleon Nua.
(Ath-innsint ar scéal de chuid H. Andersen.)
"Iné bhí mé ag breathnú ar shluaighte Phárais,"
arsan Ghealach, "agus thárla do cheann de mo
chuid gathanna dul fhaid le Pictiúrlainn an Louvre.
Annsin, chonnaic mé sean-bhean bhocht ghiobalach
shuarach ag leanúint fear de sna hAirigheachaibh isteach
sa tseomra mhór fholamh ina raibh an Chathaoir Ríoghdha.
Theastuigh uaithí an seomra sin fheiceáil, agus níor
bhféidir í shásamh go dtiocfadh léi sin do dhéanamh.
Cinnte, thug sí seachadadh láimhe léi, ach 'na dhiaidh sin
b'iomdha sin focal a chan sí sul ar hoscladh na doirse
agus sul ar leigeadh isteach í. "Seo í an áit," ar sise.
"Seadh! annseo díreach!" agus theann sí suas i n-aice
na Cathaoireach Ríoghdha ar a raibh brat de shróll
luachmhar le himeallaibh óir. "Seo í an áit!" agus
chuaidh sí síos ar a dá glúin agus phóg sí an brat corcra-
agus ní abróchainn nach raibh na deora le n-a súilibh.
"Ach ní h-é an sróll céanna é," arsan tAirigheach agus
chuir sé cáir air féin. "Seadh, seo í an áit!" arsan
tsean-bhean arís. "Is mar sin a bhreathnuigh sé, facthas
dom." "Seadh cinnte," ar seisean, "ach bhí níos mó ná
sin sa sgéal. Briseadh na fuinneoga agus leagadh na
doirse, agus bhí lochaí fola i ngach áit. Cinnte, dearbh-
tha, tig léi a rá: fuair mac mo mhic bás ar Chathaoir
Ríoghdha na Frainnce."
""Fuair sé bás," arsan tsean-bhean arís. Fiú focal
amháin eile níor labhradar le n-a chéile. D'éaluigh an
tsean-bhean amach as an tseomra gan morán eile moille
do dhéanamh."
"Amach san oíche do luigh mo ghathanna go lonnrach
lóchrannach fá dhó ar an mbrat shaidhbhir sróill a bhí ag
folach Chathaoir Ríoghdha na Frainnce."
"A cháirde! Cé hí an tsean-bhean seo, meas tú?
Innseochaidh mé sgéal díbh."
"Le linn eirghe amach an Iúil a thuit sé seo amach.
Bhí an ghrian ag dul faoi. Bhí na daoine go suairc sásta
soineannta ag déanamh fleidhe dhóibh féin. Nár eirigh
leo buaidh thar na beartaibh do ghnóthaint an lá sin!
Bhí féasta i ngach tigh agus bhí gach fuinneog go hór-
náideach. D'ionnsuigh na daoine na Tuileries. Fiú na
mná agus na páistí féin bhí siad faoi chosaibh na laoch,
agus bhí na seomraí polcaithe, dingthe le daoine. Bhí
stócach bocht giobalach agus é ag troid go cródha
imeasc na sean-laoch. Do goineadh é le sleaghanna agus
thuit sé go talmhain. Sa tSeomra Ríoghdha a thárla
sé seo ar fad. Do hiomparuíodh an stócach créachta go
dtí Cathaoir Ríoghdha na Frainnce agus do ceangladh a
chneadha leis an sróll agus bhí a chuid fola á dórtadh ar an
gcorcra ríoghdha. Sin pictiúir dhíbh! Seomra áluinn
ina raibh gleo agus fothram na bruidhne le cloisteáil;
bratach stróicthe caithte ar an urlár: bratach na dtrí
ndath ar bharraíbh na sleagh; ar an gCathaoir Ríoghdha
bhí an stócach bocht giobalach; a aghaidh chó bán leis
an mbás; a shúile ag féachaint ar neamh, agus na
laochraí ag sleamhnú ar a chuid fola. A ucht nochtuithe
agus a chuid sean-chiomacha foluithe ag an mbrat
chorcra ar a raibh an lile ar dhath an airgid."
Dubhairt fáidh ag a chliabhán go bhfuigheadh sé bás
ar Chathaoir Ríoghdha na Frainnce. Agus istigh i
gcroidhe na máthar bhí smaoineadh ar Napoleon nua."
"Do phóg mo ghathanna an fleasg a bhí leagtha os cionn
a uaighe agus phóg mé fós éadan na sean-mhná a bhí 'na
codladh go ciúin sámh, áit ar shamhluigh sí an pictiúir is
féidir libh-se a dhathadh dhíbh féin annseo - " Stócach
bocht ar Chathaoir Ríoghdha na Frainnce.'"
Rudaí Reatha.
Conus tá an scéal againn? An ag dul ar aghaidh atáimid no
ag dul ar gcúl? Cuireann sé éadóchas ar dhuine nuair a chíonn
sé an méid oibre atá le déanamh sara mbeidh nua-leitríocht
saothruithe againn agus fíor-shuaraíocht na hoibre atá á
dhéanamh. Roinnt leabhra beaga scoile, roinnt aistí beaga gan
tácht, roinnt mion-dánta, agus gach éinne a chuireann leabhar
beag le chéile go gcaithimíd é d'áireamh mar údar. Léighmíd
trácht ar údair mhóra i dtíortha eile, údair gur fhág gach duine
acu ina dhiaidh oiread leabhar is ná léighfadh an gnáth-
Eireannach i rith a shaoil go léir, agus seo anso sinne agus
machaire leathan na leitríochta leata amach romhainn agus gan
againn á dhéanamh ach cúpla cloichín bheag thall is a bhfus
do chaitheamh amach as o am go ham. Tá an machaire mór san
againn le treabha, an uile órlach de, sara mbeidh aon rath ar
obair na Gaedhilge, sara mbeidh aon teideal ag éinne againn
chun "údar" a thabhairt air féin. Táimíd díomhaoin le fada.
Olcas na Gaedhilge mar úirlis leitríochta an leathscéal a bhí
againn ar dtúis - bhíomair ag feitheamh le duine uile-thuisgeanach
chun "téarmaí" do cheapa dhúinn. Ansan do bhí an coga
mór ag cosc na hoibre agus ina dhiaidh sin an coga beag. Ní
fheadramair fé bhun Dé cad tá ag cosc na hoibre anois marab ag
feitheamh le haingeal a theacht anuas chugainn atáimíd.
Chuimhníomair ar na nithe sin tamall beag o shin nuair a
léighmair cuntas ar oscailt na Príomh-Scoile Eabhraighe i
bPailistín. Bhí an Eabhrais marbh. Ní raibh eolas ach ag
beagán daoine uirthi, eolas mar a bheadh ag duine ar Ghréigis
no ar Shanscrit, agus ní húsáidtí í ach i gcúrsaí creidimh. Ach do
chuir roinnt bheag Giúdach rompa í d' ath-bheochaint agus tá
breis is milleon acu ábalta ar í labhairt anois. Tá páipéirí
nuachta agus neart de gach aon tsaghas nua-leitríochta acu san
Eabhrais. Táimíd-ne ag tuíncéireacht le "téarmaí" le breis is
deich mbliana fichead agus gan éinne againn sásta le hobair a
chomhursan. Dhin aon fhear amháin an obair sin go léir do
sna Giúdaígh. Do leag sé sin amach plean chun an Eabhrais
do chur in oiriúint do gach saghas gnótha agus táthar á leanúint.
Dea-shompla dhúinne é sin agus ba chóir go spriocfadh sé
sinn chun an leanbaíocht do thréigean agus obair fhir do dhéanamh
as so amach. Mara gcromaimíd láithreach ar an obair sin tá
sé chó maith againn eirghe as an nGaedhilg ar fad. Beidh daoine
óga ag teacht as na scoileanna chugainn gach bliain feasta agus
an Ghaedhilg go maith, no cuíosach maith, acu, agus más mian
linn iad do dhaingniú ina nGaedhilgeoirí, gan leigeant dóibh an
méid a bheidh foghlumtha acu do dhearmhad, caithfimíd gach
aon tsaghas leabhair Ghaedhilge do fhreastal dóibh, i dtreo ná
beidh ortha leabhair Bhéarla do léumh chun eolas ná caitheamh
aimsire d'fháil.
Má cuirtar i bhfeidhm go dílis agus go daingean seasmhach an
plean nua oibre a cheap Coiste Chódháil lucht na Gaedhilge agus
a haontuíodh ag an gCódháil agus ag an Ard-Fheis le chéile i
rith seachtain na Cásca, tá gach aon deabhramh go mairfidh
Connra na Gaedhilge fé rath is fé shéan go ceann mórán blian
eile. Do thuig an Coiste nárbh fhéidir bheith ag brath air go
bhféadfadh daoine leanúint ag obair ó bhliain go bliain go deire
a saoil i mbrainse den Chonnra agus gur mhór an trua go
gcaithfadh a lán dá leithéidí eirghe as an obair ar fad nuair a
scarfidís leis an mbrainse, rud a dhinidís go dtí so. Mar gheall
air sin do cheap an Coiste riail nua - agus do glacadh léi - eadhon,
gach duine íocfidh punt sa bhliain do bheith ina bhall den
Chonnra agus a ainm do bheith ar an Rolla Mór ach iarratas
chuige sin do chur isteach ar fhuirm oifigiúil agus an Coiste
Gnótha bheith sásta leis. De bharr na rialach san beidh ceangal
agus cur-le-chéile idir Gaelaibh ná féadfadh bheith eatorra ar
aon tslí eile. Déanfa sé ana-mhaitheas ar fad don pháipeur
oifigiúil é bheith á chur ag triall ar gach duine acu san gach
seachtain, fé mar atá socair, agus as an dá ní in éineacht ba
chóir nárbh fhada go mbeadh an Connra chó láidir is bhí sé aon
lá riamh.
Maidir leis na brainsí, ní hé múine na Gaedhilge is mó a
bheidh ar siúl acu feasta ach labhairt na Gaedhilge do chleachta;
iad féin do chur in úil ar gach slí i saol na ndaoine ar mhaithe
leis an teangain náisiúnta; feiseanna, scoraíochta, leictiúirí,
drámaí, agus mar sin do bheith acu o am go ham; airgead do
bhailiú do Chiste an Chonnartha; agus faire dhéanamh ar
chúrsaí puiblí, ar oideachas na ndaoine, agus ar gach éinní eile
ina bhféadfí leas no aimhleas do dhéanamh don Ghaedhilg. Tá
plean oibre den tsórt san leagtha amach dóibh sa Chórú nua
agus, cé gur dó linn ná cuirfar i bhfeidhm go beacht ar fad é
is maith ann é chun a thaisbeáint do dhaoine 'na bhfuil fonn
oibre ortha cad is ceart dóibh a dhéanamh. Ba ghá agus ba
mhithid a leithéid do cheapa mar, toisc an Ghaedhilg do bheith
á múine sna bun-scoileanna go léir agus ina lán de scoileanna
na gceárd, do fágadh na brainsí nách mór díomhaoin ar fad.
Rud áiféiseach, dar linn, an iomad cuspóirí do bheith ag
cumann ar bith fé mar a bhí ag an gConnra. Bhí sé mar
chuspóir aige, cuir i gcás, cabhrú leis an measarthacht, bíodh is
ná raibh ar a chumas oiread is éinne amháin do chosc ar bheith
ar meisce seacht n-uaire sa tseachtain dá mba mhaith leis é. Is
beag baint a bhí ag an ní sin leis an bpríomh-chuspóir, leis an
bprímh-riachtanas náisiúnta, sé sin, fé mar atá sé curtha síos
sa Chórú nua mar chuspóir aonair, "an Ghaedhilg do chur fé
réim arís ar fuaid Eireann uile ionnus go mbudh tír shaor
Ghaedhlach í ath-uair." Ní bheidh san againn go dtí go mbeidh
an teanga náisiúnta á labhairt do ghnáth ag gach éinne: ag
an sagart agus ag an ministir sna heaglaisí, ag an mbáirseoir
mná i lár na sráide agus í ag statha gruaige a comharsan (má
leanann an dea-nós san againn), ag an naomh agus é ag labhairt
ar na nithe a bhaineann le Dia ag an úsaire agus é ag buala bob ar
amadáin, ag an bhfear uasal macánta agus é ag cosaint chlú a
thíre, ag an bhfear fill agus é ad iarraidh í dhíol, ag gach éinne
riamh sa tír i ngach gnó, olc no maith, a bheidh aige á dhéanamh.
Ina theanta san tá sé socair gan aon trácht ná díospóireacht
do bheith á dhéanamh feasta, in obair an Chonnartha, ar aon
cheist achrannach ná baineann leis an gcuspóir, agus ba dheacair,
agus san amhlaidh, fear ab fhearr chun dea-shompla do thabhairt
dúinn, ag cur na rialach i bhfeidhm go daingean agus ag leanúint
go dlúth don chuspóir, ná an Dochtúir Seán P. Mac Enri, atá ag
déanamh amhlaidh o bhí aon bhaint aige leis an gConnra agus tá
áthas orainn gur toghadh mar uachtarán ar an gConnra é. Gura
fada buan ag obair dá thír é!
Do thagair Coiste na Códhála ina dtuarasgabháil don áit atá
ag an nGaedhilg sna príomh-scoileanna. Deirid, agus táimíd ar
aon tuairim leo, go bhfuil an Béarla in uachtar fós ionta agus
réim is rachmas ag an dream atá ag claoi leis, in ainneoin an
méid duaidh agus trioblóide a fuair an Connra seacht mbliana
déag o shin ad iarraidh na scoileanna san do Ghaelú. Ní mór,
mar adeirid, ollúin do sholáthar go mbeidh ar a gcumas a n-abhair
léinn do theagasc as Gaedhilg. Is fada an t-am é seacht mbliana
déag agus ba chóir, dar linn, feabhas éigin do bheith le feiscint
ach, in' ionad san, is amhlaidh atá an Ghaedhilg ina stróinséir
fós sna scoileanna san agus díreach oiread seans aici ar bheith
ina máistreás ionta is tá ag an bhFraincis. De bharr gach ní
do bheith á theagasc as Béarla sna príomh-scoileanna do tháinig
an Béarla anuas diaidh ar ndiaidh o sna huaisle Gallda go dtí
na Gaeil ba bhoichte sa tír, siúd is gur dhó le duine - agus tá
a lán daoine deimhnitheach de - ná féadfadh sé difríocht ar bith
do dhéanamh do dhuine bhocht ghiobalach in iarthar na tíre pé
ní a deanfí ná ná déanfí i gcoláiste mhór Ghallda i mBaile Atha
Cliath ná in aon áit eile. Má sailítear an t-uisce ag bun an
tsrotha beidh an sruth go léir salach dá fhaid é an sruth. Ní
foláir dúinn dul ag obair go dian láithreach chun stop do chur
leis an sailiú san.
Is maith linn a thabhairt fé ndeara go bhfuil an Comhar
Drámaíochta agus Aisteoirí Bhaile Atha Cliath ag dul i ndánacht.
Ciscéim mór ar aghaidh ab ea dráma chó tromaí leis "An
Bheidhlín Buadha," aistriú próis o "Fhiachra Eilgeach" ar
"Le Luthier de Crémone" a scríbh Francois Coppée i bhfilíocht
Fhraincise, do chur ar an stáitse, mar a dineadh an mí seo caite
in Amharclann na Mainistreach. Obair nea-ghnáthach do sna
hAisteoirí é, mar is ar dhrámaí grinn is mó atá taithí acu go dtí
so. Ba ró-uiriste dhóibh a leithéid de dhráma do lot agus an
méid óráidíochta áille fileata atá ann, gan trácht ar nea-
choitiantacht na smaointe a nochtar ann ná ar an difríocht atá
idir an Ghaedhilg chruaidh nárbh fholáir a úsáid chun iad do
nochta agus an ghnáth-Ghaedhilg shimplí nádúrtha a bhíonn
sna drámaí grinn againn. Ar Phiaras Béaslaí agus ar Bhríd
Ní Eigeartaigh a thuit an troma-chuid den obair, go mór mór
ar Phiaras, mar sí páirt an Chruitínigh a bhí aige le déanamh,
agus níor cheaduithe dho an stáitse d'fhágaint ón uair a tháinig
sé i radharc an lucht éisteachta gur leigeadh an brat anuas.
Molaimíd go mór iad araon ar a fheabhas a dhineadar a ngnó.
Do léiríodh an dráma grinn "Hercileas" an oíche chéanna
mar an tarna huair, agus san i bhfad ní b'fhearr ná an chéad
uair.
Do canadh "An Craipí Óg" dúinn arís, leis. Ba mhaith linn
go ndéanfí drámaí beaga eile den tsórt san do chur ar an árdán.
Cad mar gheall ar cheol-dráma cheart, ceann beag ná beadh
ann ach, abair, cúigear no seisear d'amhránaithe? Ní
fheadramair a bhfuil éinne le fáil d'fhéadfadh a leithéid do
chuma dhúinn?
Leabhra.
Críost Mac Dé, Cuid a Trí: An tAthair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach, S.P., do scríbh: Brún agus O Nóláin, Tta., 3s. 6d.
An chuid deiridh d'obair dheiridh an Athar Peadar an leabhar
so. Bhí sé ag obair go dtí lá a bháis, geall leis, agus an aois
mhór a bhí aige ag luighe go trom air. Sompla breá dhúinne
mar scríbhneoirí a mheasann éacht iongantach do bheith déanta
againn nuair a scríbhmíd aiste no scéal beag! Mar adeir an
tAthair Risteárd Pléimeann i ndeire an leabhair:
"B'éigean dó agus an obair idir lámhaibh aige dul fé sgiain
an dochtúra. Tar éis teacht amach dó as an óspidéal, is beag
má bhí ann aon obair a dhéanamh. Mar sin féin do scríbh sé
rainnt eile leathanach; ach ba ghearr gur thuit an peann as a
láimh. Níor mhiste suaineas a bheith ag an láimh sin. Bhí an
suaineas tuillte go maith aici, tar éis na mblianta go léir. Is
éachtach le méid an obair a chuir sí dhi, obair chun glóire Dé
agus onóra na h-Eireann.
Bhí galar a bháis ag goilleamhaint air agus é ag gabháil do
Chríost Mac Dé." Ní deirim ná go bhfuil a rian san ar an
leabhar. Uaireanta bíon sé ag casadh agus ag athchasadh ar an
sgéal. 'Na thaobh san a's uile measaim nách fearra dhom rud
a dhéanfad 'ná é fhágáilt mar atá se, gan athrú a dhéanamh air,
gan iarracht a dhéanamh ar é chríochnú."
Bíodh go mbéidir, mar gheall ar na cúiseanna a luadhann an
tAthair Risteárd, ná fuil an leabhar deiridh seo an Athar
Peadar chó saor ó lochtaibh is ba mhaith linn, tá éinní amháin
ann atá go hana-mhaith, ní hea ach thar barr, dar liom-sa, agus
chó háluinn le cuid de sna nithe is fearr dá bhfuil againn uaidh.
Sé ní é sin ná an cuntas a thugann sé dhúinn ar chaithréim an
tSlánathóra agus é ag dul isteach i Ierúsalem ar muin asail.
Tá guth na ndaoine le cloisint ann agus gach aon "hosanna"
acu agus iad ag rith ina slóite ar fuaid na sráideanna cumhanga
cama. Tá an cló go maith ann agus tá clúdach deas éadaigh is
cárta air.
COINNEACH.
The Soldier's Story of Easter Week: Brian O hUiginn; 1s.
Cuntas deas taithneamhach simplí é seo ar a bhfeacaidh
saighdiúir le hEirinn i gCoga na Cásca, 1916. Is mór an trua
nách i nGaedhilg atá sé ach is dócha go gcaithfimid fanúint go
ceann tamaill eile sara ndéanfidh scríbhneoir éigin Gaedhilge
dhíobh súd a bhí sa choga ghlórmhar san cuntas den tsaghas
chéanna do thabhairt dúinn sa teangain náisiúnta. Níl aon
mhaíomh ná bladhmann ná "buaileam sciath" sa scéal fíor so
atá scríbhte ag Brian. Fanann sé féin i leataoibh agus leigean
sé don tsaighdiúir a scéal d'innsint dúinn. Saighdiúir é sin go
bhfuil uaisleacht aigne is anama ann agus grá mór aige dEirinn.
Ag léumh an scéil dúinn, beirtar sinn tharnais, i sprid, go dtí
saghas Eireann atá nách mór imithe i ndearmhad, agus go dtí
aimsir ina raibh dóchas árd ag gach dea-Ghaeal. Ní miste dhúinn
cuimhneamh ar na nithe sin anois agus gur ar éigin aithnímíd
sinn féin sa tsaol nua atá againn, saol atá níos fearr ná an seana-
shaol ar shlite agus, mo leun! i bhfad níos measa ar shlite
eile.
Suas le 80 leathanach atá sa scéal so an tsaighdiúra uasail.
Tá an cló agus deabhramh an leabhair go deas glan, agus tá
sé le fáil sna siopaí, agus ón údar ag "Stormanstown," Glas
Naidhean, Baile Atha Cliath.
Coinneach.