LÚCIÁN
AN t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
LÚCIÁN.
I.
AN AISLING NÚ BEATHA LÚCIÁN.
Bhíos tamal beag tar éis stad de dhul ar sgoil mar
bhíos eirighthe suas am' ógánach. Bhí m'athair agus
cuid d'á cháirdibh ag glacadh chómhairle a chéile i dtaobh
cad eile ba cheart a mhúine dhom i dteannta a
raibh foghlumtha agam. Dar leis an gcuid ba mhó acu,
rud ana thrioblóideach ab eadh an léighean. Níor mhór
aimsir fhada chuige agus costas mór agus cothrom
airgid. Ní raibh aon ghustal ró mhór againne. Rud
éigin a bheith ag teacht isteach chughainn go luath iseadh
d'oirfadh dúinn agus ní bheith ag déanamh costais. Dar
leó dá gcuirtí le céird éigin me bheadh, ar an gcéad
dul síos, mo chothú agam as an gcéird i n-inead
me bheith am' mhuirighin ar mo mhuinntir agus me chómh
mór, agus d'á éaghmuis sin níor bh'fhada go mbeinn
ag cur áthais ar m'athair nuair a bheadh rud éigin agam
'á thabhairt abhaile i gcómhnuidhe as mo chéird.
Ansan do ghlacadar cómhairle a chéile ar cad í an
cheárd ab fhearr agus ba shaoráidighe le foghluim, agus
bheadh oireamhnach do shaormhac, agus n-a mbeadh a cóir
úirlisí neamhchostasamhail, agus rud maith d'á barr ag
duine. Ansan bhí ceárd fé leith ag gach duine acu d'á
mholadh, do réir a thuisgiona féin. Bhí dritháir máthar
dom ar dhuine acu. Dealbhadóir oirdheirc ab eadh é
agus líomhadóir áluinn cloch, agus bhí cáil mhór
air. D'fheuch m'athair air.
"Ní ceart," arsa m'athair, "buadh bheith ag aon
cheárd eile ach ag do cheárd-sa an fhaid ataoi féin
láithreach. Tóg leat abhaile é seo," ar seisean, ag
síne a mhéire chugham-sa, "agus dein snuigheadóir
maith cloch de agus líomhadóir, agus dealbhadóir.
Tá féith ann chun na h-oibre sin. Tá, mar is eól duit,
an chúilfhéith ó dhúchas aige."
Isé rud a chuir an nídh sin i gceann m'athar,
'ná é bheith ag feuchaint ar na bréagáin bheaga cérach
a dheininn. Nuair a thagainn abhaile ó'n sgoil, bhínn
ag snuighe cnapóige cérach go ndeininn bó dhi nú capall
nú duine, dar fiadh, agus mheasadh m'athair go ndeininn
go maith agus go fírinneach iad, ach do gheibhinn an tslat
go minic mar gheall ortha ó sna máighistiríbh sgoile.
Ach do moladh m'éirim aigne mar gheall ortha an uair
sin, agus do glacadh iontaoibh mhór asam nár bh'fhada
go mbeadh an cheárd agam ó bhí an lámh chómh
h-aicilidhe agam chun na ndealbh.
Gan a thuille ríghnis do ceapadh lá dhom chun na
céirde do thosnú, agus do tugadh suas me do
dhritháir mo mháthar, agus dar fiadh níor chuir an sgéal
puinn buartha orm. Is amhlaidh a thuigeas nár ró olc
an caitheamh aimsire bheadh agam, agus gur mhór an
chreideamhaint dom é ameasg mo chomrádaidhthe, me
bheith ag cumadh déithe agus ag cur órnáide ar
íomhághthibh beaga dhom féin agus do'n mhuinntir ab
ionmhuin liom.
Ach sidé an chéad rud a thuit amach dom, fé mar is
gnáth a thuitim amach do'n té a bhíon ag tosnú. Do
thug m'oncuil siséal dom agus dubhairt sé liom leac
a bhí sínte ós mo chómhair do bhualadh go h-ana réidh,
agus dubhairt sé an focal ó Hésiód:-
"Leath na h-oibre tosnú maith."
Ach toisg gan an taithighe bheith agam-sa do luigheas ró
throm ar an lic agus do briseadh í. Do léim seisean,
ar buile, agus do rug sé ar fhuip a bhí i n'aice agus go
deimhin ní go réidh a thosnuigh sé orm. Tionsgnamh
deórach iseadh dhein sé orm mar thabhairt isteach am'
chéird. Do ritheas as an áit agus siúd abhaile me
agus me ag gol, na deóracha lem' shúilibh agus gach
aon osna ag teacht óm' chroidhe. D'innseas dom'
mháthair cad é an cor a tugadh orm leis an bhfuip agus
thaisbeánas na h-ústaí dhi. Do ghearánas go cruaidh é
léi, agus dubhart léi gur éad a bhí air le h-eagla go
mbuadhfinn air féin sa chéird. Bhí mo mháthair ar
buile agus thug sí milleán mór d'á dritháir.
Tháinig an oidhche. Chuas a chodla agus me ag gol
go fuigheach, agus me ag síor-mhachtnamh fan na h-oidhche.
An méid atá ráidhte go dtí so agam ní'l ann ach
leanabaidheacht agus cúis gháire. Ach ó, a dhaoine, do
tháinig rud eile 'n-a dhiaidh san agus ní spórt ná
leanabaidheacht é ach sgéal gur fiú é éisteacht leis
go géar agus go h-aireach. Labharfad air i bhfocalaibh
h-Óméir:-
"Tháinig chugham sa n-oidhche, am' shuan,
Aisling shuairc do b'aoibhinn amharc,"
agus bhí an aisling chómh gléineach san gur chuma í nú
fírinne. Anois féin, tar éis an oiread aimsire, tá
an t-éadach a bhí ar na daoine a taisbeánadh dom, tá
sé glan os cómhair mo shúl, agus na guthana a dh'airigheas
táid siad am' chluasaibh; bhí gach aon rud chómh soiléir
sin. Bhí beirt bhan, duine acu ar gach taobh díom agus
greim ar láimh liom ag gach duine acu agus iad am'
tharrac ó n-a chéile, gach bean díobh 'am tharrac chúichi féin
go dian. Bhíos nách mór 'am stracadh as a chéile acu,
me ag bean acu ar fad, uair, agus ansan an buadh ag
an mnaoi eile agus me aici sin ar fad geall leis.
Bhíodar araon ag sgreadaigh go h-árd, bean acu 'ghá
dheimhniú gur léi féin me agus an bhean eile 'ghá rádh
gur thug sí a h-éitheach agus go raibh nídh nár léi aici
dh'á éileamh. Do dheabhruigh duine acu taithighe bheith ar
obair chruaidh aici. Bhí deabhramh fir uirthi, a folt gan
cíoradh, a lámha go féithleach agus go cruaidh, a balcaisí
trosáilte aici fé mar a bhíodh ag m'oncuil nuair a
bhíodh sé ag líomhadh na gcloch. Bhí an bhean eile áluinn
'n-a gnúis agus slachtmhar maiseamhail 'n-a cuid éadaigh
agus 'n-a sgéimh.
Fé dheire, nuair a theip ar gach mnaoi dhíobh me bhreith
léi ó'n mnaoi eile, d'fhágadar fúm-sa a rádh cé 'cu
dhíobh 'n-a ngeóbhainn léi. Do labhair an bhean gharbh ar
dtúis, an bhean 'n-a raibh deabhramh an fhir uirthi:-
"Feuch, a mhic ó," ar sisi, "mise ealadha na dealbh-
adóireachta, an ealadha sin n-ar thosnuighis ar í fhoghluim
indé. Tá mo ghaol leat agus aithne agam ort ód'
mhuinntir. Snuigheadóirí cloch ab eadh do sheanathair
(i. athair mo mháthar) agus dhá oncuil duit, agus
bhí creideamhaint mhór acu mar gheall orm-sa. Má's
maith leat gan do shaoghal do chaitheamh le fídireacht
dhíomhaoin neamhthairbhtheach 'n-a fochair sin (agus shín
sí a méar chun na mná eile), ach teacht agus
maireachtaint am' theannta-sa, beidh, ar dtúis cothú
maith ort, agus guailne leathana agat. Ansan beidh
tú saor ó fhormad. Ní bheidh ort imtheacht ód' dhúthaigh
féin agus ód' ghaoltaibh agus dul go dúthaigh iasachta,
agus ní mar gheall ar fhocalaibh cainnte do molfar
thu. Ná bíodh seirbhthean ort, ámhthach, tré gan deabhramh
níos uaisle bheith orm agus éadach níos glaine. Ar
an gcuma so iseadh thosnuigh Phidias oirdheirc, agus
'n-a dhiaidh san do thaisbeáin sé íomhágh Zeúis, agus
dhein Polúclétos íomhágh Iúnó, agus (tar éis tosnú ar
an gcuma so dóibh) do fuair Míró é mholadh
agus Pracsitelés iongna dhéanamh de. Táid
siad súd go léir d'á n-adhradh anois ameasg na
ndéithe. Agus má dheinean tusa thu féin mar dhuine
acu súd cad é an bac a bheidh ort bheith oirdheirc
ameasg na ndaoine go léir? Cuirfir daoine ag
formad let' athair agus cuirfir oirdhearcas ar thír
do dhúchais."
Do labhair sí na neithe sin agus a lán eile de'n
tsaghas chéadna nách cuimhin liom, agus í ag snagaireacht,
agus ag milleadh na bhfocal ar fad, ach í ag déanamh a
díthil ar iad do thabhairt léi go mait chun a sgéil féin
do chur 'n-a luighe orm, ach táid siad imthighthe as mo
cheann nách mór.
Do stad sí. Ansan do labhair an bhean eile agus
seo mar adubhairt sí.
"Feuch, a mhic," ar sise, "Mise an léighean. Tá
rainnt aithne curtha agat orm cheana féin. Ní h-aithne
ró dhoimhinn í, ámhthach. Ní aithnighean tú me i gceart
fós. Tá innste aici sin duit cad iad na maitheasaí
a thabharfaidh an chlochaireacht chughat. Pé maitheasaí a
thabharfaidh an cheárd san chughat ní bheir choidhche ach ad'
sglábhaidhe aici, ag déanamh oibre cuirp, gan súil
go deó agat le h-aon rud eile; tu féinig uiríseal
os cómhair daoine gan le fághail agat ach an suarachas
agus an ghanachúise; t'aigne uiríseal gan aon tabhairt
amach ionat; gan maith do charaid ionat; gan eagla
ag namhaid rómhat; gan feuchaint suas ag an bpobul
chughat; gan ionat i n-aon chor ach fear oibre, duine de'n
choitchiantacht; tu ag cúbadh dot' uachtarán; ag umhlú
d'fhear an úrlabhra; gan agat ach beatha an ghiorfhiaidh,
gach aon rud láidir ar do thí. Agus cuir i gcás go
dtiocfadh leat bheith ad' Phidias nú ad' Pholúcléitos
agus go gcúmfá a lán neithe oirdhearca, molfidh gach
aoinne an ealadha a bheidh déanta agat ach ní
thaithnfidh le h-aoinne ach duine gan chiall bheith mar
thú.
Ach má dheinean tú mo réir-se taisbeánfad duit
gníomhartha uaisle na sean agus a n-oibreacha móra.
Léighfad duit na leabhra do sgríobhdar. Cuirfad iad go
léir ar do chumas. D'á éaghmuis sin cuirfad uaisleacht
ar t'aigne. Ní deacair dom san mar tá an chúilfhéith go
h-áluinn ionat. Cuirfad órnáidí aigne ort .i. measar-
dhacht; agus macántacht; agus cráibhtheacht; agus
séimhe; agus soghluaisteacht; agus ciallmhaireacht; agus
daingineacht; agus dúil sa rud is creideamhnach, uasal;
óir sin iad na rudaí a chuirean fíoruaisleacht ar aigne
an duine. Ní bheidh aon nídh ársa, ná aod nídh is ceart
a dhéanamh anois, i n-ainbhfios ort. Ní h-eadh ach chífir
roim ré, i n-aonfheacht liom-sa, na neithe a bheidh i ndán.
Múinfad duit gan puinn ríghnis, gach aon tsaghas
eóluis d'á mbainean le déithe agus le daoine. Agus
tusa atá go bocht anois gan ionat ach mac Uí Rudaidhe,
tusa a bhí anois beag ag cuimhneamh ar ealadhain shuarach
do ghabháil, beidh tú go luath ad' chúis tnútha agus for-
maid do chách, fé onóir agus fé mholadh, go h-oirdheirc
de bharr na ndeaghthréithe is mó, fé mheas ag an lucht
saidhbhris is aoirde agus ag lucht na fola is uaisle,
i n-éadach mar é seo (agus thaisbeáin sí an t-éadach
áluinn a bhí uirthi féin), agus cách ag moladh réime agus
ceannais duit. Ansan, má's rud é gur mian leat
imtheacht ar chuaird i ndúthaigh iasachta ní bheidh tú gan
aithne ag an bpoibilidheacht ort mar cuirfad-sa ort
na cómharthaí sofheicse a chuirfidh fhiachaint ar chách a
chífidh thu an fear is giorra dhó do phriocadh agus a mhéar
do shíne chughat-sa agus a rádh, "Siné é!" Ansan, bíodh
go mbeidh gnó mór éigin ar siubhal, agus do mhuinntir
agus muinntir na catharach go léir ag feuchaint air,
iompóchaid siad uaidh agus feuchfid siad go léir ort-sa.
Ansan, má bhíon aon chainnt le déanamh agat, beidh an
pobul ag éisteacht leat agus a mbéil ar leathadh acu
agus iad ag moladh líomhthachta agus nirt do chainnte
agus ag moladh an tséin a bhí ar t'athair. Agus an nídh
seo adeirtear .i. go dtéid daoine áirithe saor ó bhás,
tabharfad-sa an nídh sin duit-se. Nuair fhágfir an
bheatha so ní stadfir de bheith i bhfochair lucht léighinn
agus ag cómhluadar leis na maithibh móra. Feuch
an Démostenés oirdheirc úd, an t-athair ó n-ar shíol-
raidh sé, agus an fear a dheineas-sa dhe. Feuch
Aischinés agus gan 'n-a mháthair ach tiompánaidhe bhocht,
agus an meas a bhí ag Pilib air mar gheall ar ar dheineas-
sa dhó. Agus siné Sócratés féin, an chlochaire seo
do thóg é, ach chómh luath agus tháinig a mhalairt de chiall
dó do rith sé uaithi agus tháinig sé chugham-sa. Feuch
an mór chlú atá anois aige.
Má thugan tusa druim lámha anois leis na maithibh
móra úd go léir, agus le gnóthaíbh uaisle, agus le
h-úrlabhra stuama, agus le h-éadach maiseamhail,
agus le meas, agus le h-onóir, agus le moladh, agus
le ceannas, agus le cómhacht, agus le forlámhas, agus
le cáil t'úrlabhra, agus le cách a bheith ag moladh do
thuisgiona, cuirfir umat seana chasóg agus balcaisí
mogha, agus ní bheidh ad' lámhaibh agat ach cróana agus
úirlisí clochaireachta, siséala agus tuairgíní, agus tu
ar do chromadh chun na hoibre, agus tu go h-uiríseal
agus go cromtha agus go sléachtaithe ar gach aon
tsaghas cuma; gan ionat choidhche tu féin do dhíriú
suas, mar a dhéanfadh fear, ná saor-mhachtnamh a
dhéanamh. Tu ag machtnamh i gcómhnuidhe ar conus
a bheadh do dhéantúsaí comhthrom bláthmhar agat, ach gan
aon chuimhneamh agat ar conus a bheifá féin deaghcúmtha
maiseamhail; gan de mheas agat ort féin ach níos lugha
ná bheadh ag duine ar na clochaibh.
Bhí sí ag cainnt ar an gcuma an ach níor fhanas-sa
le críochnú na cainnte. Phreabas am' shuidhe agus
thugas mo bhreith eatartha. Thuga druim lámha leis an
gcailligh mhíchúmtha úd na clochaireachta agus ghabhas le
mnaoi uasail an léighinn agus is orm a bhí an t-áthas,
go mór mór nuair a chuimhnigheas ar an bhfuip agus ar
na h-ústaíbh a chuir an chailleach orm indé roimis sin
agus me ag tosnú ar an an gcéird a dh'fhoghluim. Nuair
a thuig an chailleach gur thréigeas do bhéic sí go h-árd
agus bhuail sí a dhá bais agus mheil sí a fiacala. Fé
dheire, fé mar a chloisimíd a d'imthigh ar Níobé, bhí sí
ag calcadh agus ag cruadhchtaint go dtí gur dhein
cloch di.
D'imthigh sé go h-annspianta uirthi, ach ná meastar
gur bréag dom é. Deinid aislingí rudaí iongantacha.
D'fheuch an bhean eile orm-sa "Seadh," ar sisi,
"dheinis an méid sin go maith Ní mór dhom do
thuarastal a thabhairt duit anois mar gheall ar fheabhas
na breithe sin a thugais eadrainn. Suidh isteach sa
charbad so." Bhí an carbad 'n-a h-aice agus sgiatháin
ar na capaillibh a bhí faoi, ar nós Phegasuis. "Chífir
anois," ar sisi, "na neithe móra a bheadh i n-ainbhfios
ort mara mbeadh tú ghabháil liom-sa i n-inead gabháil
léi siúd."
Isteach liom sa charbad. Do rug sisi ar na srian-
taibh. Suas linn sa spéir, isi ag giollacht agus mise
ag feuchaint am' thímpal ar chatharachaibh agus ar gheintibh
agus ar phobulaibh, agus sinn ag gluaiseacht ó'n dtaobh
thoir de'n spéir go dtí an taobh thiar, agus síol éigin
agam-sa d'á chaitheamh ar an dtalamh mar a dheineadh
Triptolemos.
Ní cuimhin liom anois cad é an saghas ruda an síol
a bhí agam 'á chaitheamh uaim síos, ach amháin an méid seo,
go raibh na daoine a bhí thíos ag feuchaint suas chugham
agus 'am mholadh, agus na daoine n-a dtagainn ag triall
ortha am' ghluaiseacht go mbídís ag beannachtaí orm.
Nuair a bhí na neithe sin go léir taisbeánta aici dhom,
agus me féin taisbeánta aici do sna daoine úd a bhí
'am mholadh, thug sí thar n-ais me, agus gan an t-éadach
céadna umam a bhí umam nuair a bhíos ag sgeinnt.
Do samhluigheadh dom go raibh éadach ana shaidhbhir umam.
Bhí m'athair 'n-a sheasamh ag feitheamh liom. Tháinig sí
agus thaisbeáin sí dhó an chulaith a bhí orm agus an crot
a bhí orm ag teacht thar n-ais dom, agus thug sí chun
a chuimhne an saghas ruda ba dhóbair bheith ceapaithe aige
féin dom.
Ní rabhas ach am' gharsún nuair a taisbeánadh, fé mar
is cuimhin liom, na neithe sin dom, agus an sgannra orm
i ndiaidh na fuipe. Ach déarfidh duine, b'fhéidir,
agus me ag innsint mo sgéil: "A h-Eracléis,
nár bh'fhada an aisling í, agus í chómh ríghin le obair
chúirte!" Ansan cuirfidh duine eile isteach ar an
nduine sin agus déarfidh sé: "Aisling gheimhridh
iseadh í nuair a bhíd na h-oidhcheanta fada, nú aisling
trí oidhche dálta h-Eracléis féin. Ach cad chuige dhó
bheith ag magadh fúinn ag trácht ar an oidhche leanabaidhe
úd agus ar aislingíbh seanda. Sgéalaidheacht
leamh iseadh a leithéid sin. An amhlaidh a mheas
sé gur lucht aislinge do bhreithniú sinn?" Ní
h-eadh go deimhin, a dhuine mhacánta, nách shiné
Xenophon féin, nuair innis sé an aisling, conus mar
a taisbeánadh dó, i dtigh a athar, agus c., mar is eól duit,
ní chun cleasaidheachta d'innis sé na neithe sin, ná chun
magaidh. Bhí sé sáidhte i gcogadh agus é i bpúnc chruaidh
agus a namhaid 'n-a thimpal. Níor sgéalaidheacht leamh
gan tairbhthe a sgéalaidheacht. Tá an aisling seo innste
anois agam-sa dhuit-se, leis, ar an inntinn seo, .i.
go dtabharfadh fir óga aghaidh ar na neithibh is fearr,
agus go gclaoidhfidís leis an léighean; go mór mór
dá mbeadh sé d'fhonn ar aoinne acu, mar gheall ar
dhealbhas, aimhleas do thoghadh dhó féin, agus aghaidh do
thabhairt ar ísleacht, agus éirim mhaith aigne do lot.
Tá fhios agam go maith go dtiocfidh misneach ar a leithéid
sin. Aireóchaidh sé an sgéal. Tuigfidh sé i n'aigne
me bheith am' thaisbeánt féin mar sholuíd chruinn dó.
Tuigfidh sé conus a bhí an sgéal agam nuair a thugas
aghaidh m'aigne ar an ngairm is uaisle, ar an léighean,
i n-aindeóin an dealbhais agus na bochtaineachta a bhí
ag cur orm an uair sin.
Ach pé'r domhan é, pé riocht 'n-a bhfuil tagaithe ós
bhúr gcómhair agam, ní baoghal go bhfuil barr ag aon
chlochaire uaim, an chuid is lugha dhe.
II.
IÚPITER AGUS ASCLÉPIOS AGUS ERCUL.
Iúp. Stadaidh, a Asclépiuis agus a Ercuil. Ná
bídhidh ag coimhsgar ar nós daoine. Ní cuibhe an sórd
san, agur tá sé as áit i bhfleadh na ndéithe.
Erc. Agus an amhlaidh a mheasfá, a Iúpiteir, an
potagéruidhe seo bheith sínte lastuas díom-sa?
Arc. Dar fiadh ach iseadh, mar is fearr d' fhear me
'ná thu.
Erc. Conus san, a rud dhóighte? Nú an toisg
Iúpiter dod' bhualadh leis an splaínc tóirthnighe é,
nuair a bhí an droch-ghníomh úd agat á dhéanamh, agus go
bhfuil síorbheatha fághalta airís agat le truagh dhuit?
Asc. Is dócha nách cuimhin leat-sa, a Ercuil, conus
mar a loisgeadh thu i n-Oéta treás go gcasan tú an
teine liom-sa.
Erc. Ní mar a chéile i n-aon chor a chaitheamair ár
mbeatha; mise am' mhac ag Iúpiter agus na gníomhartha
móra déanta agam, ag glanadh an tsaoghail, ag claoidhe
beithidheach allta, ag smachtú droch dhaoine; agus gan
ionat-sa ach fear préamh a ghearradh; fear cleas;
tairbhtheach, b'fhéidir, do dhaoinibh teinne chun ceiridhe
chur leó, ach gan aon nídh fearamhail le taisbeáint agat.
Asc. Tá an ceart agat, mar do leighseas na cluig
dhóighte a bhí ort-sa nuair a tháinís anso aníos le déan-
aighe agus tu leath-loisgithe, do chorp 'n-a phraisigh ó'n
dá nídh, ó'n léine ar dtúis agus ansan ó'n lasair. Ach
am' thaobh-sa dhe, gan aon rud eile bhac, ní rabhas am'
dhaor, mar a bhís-se, agus níor chíoras olan i Lúdia
agus éudach corcra umam, agus Omphalé ag gabháil
orm le n-a bróigín óir; agus ní lugha ná mar a
mharbhuigheas mo bhean a's mo chlann tré bhuile
lionnduibh.
Erc. Mara stadair de bheith ag spídiúchán orm
beidh fhios agat go ró thapaidh gur beag a dh'fhóirfidh an
domharbhthacht ort, mar béarfad ort agus caithfad
i ndiaidh mhullaigh do chinn thu amach a' neamh, i gcás,
ná féadfidh Paiéon féin leigheas a dhéanamh ar do
phlaosg bhriste.
Iúp. Stadaidh, adeirim, agus ná cuiridh an chuid-
eachta tré n-a chéile, nú cuirfad-sa beirt agaibh ó'n
mbórd. Agus go deimhin, a Ercuil, ní'l ach an ceart
ann go sínfadh Asclépios lastuas díot-sa mar fuair
sé bás rómhat.
III.
MERCURÍ AGUS MAIA.
Merc. Feuch, a mháthair, an bhfuil aon dia ar neamh
is mó de thruagh 'ná me?
Mai. Ná h-abair aon nídh d'á shórd san, a mhic.
Merc. Cad 'n-a thaobh ná déarfinn é agus a bhfuil
de ghnóthaíbh orm, ag obair am' aonar, agus me buailte
amach le tuirse, agus me am' stracadh as a chéile le
h-oiread frithálmha? Chómh luath agus d'eirighim ar
maidin caithim tigh an óil do sguabadh amach, agus
tigh na cómhairle chur i dtreó agus gach aon rud a chur
i n' áit féin ann, agus ansan dul i láthair Iúpiteir
agus a theachtaireachtaí do bhreith uaidh suas agus síos,
cuarda fada gach lá. Ansan, nuair a thagaim thar
n-ais, agus ceó an bhóthair orm, a chuid ambrósia chur
chuige. Agus sar a dtáinig an giolla fíona so a
ceannuigheadh go déanach is mise do líonadh a chuid
nectair chuige. Ach, an cruadhtan is mó dhíobh go
léir, mise an t-aoinne amháin ná codlan an oidhche.
Caithim an uair sin bheith ag samhail-chomáint chun
Plútó, ag cruinniú na marbh chuige, agus bheith i
láthair na breithe. Ní'l mo dhóithin, is dócha, i n-a mbíon
le déanamh i gcaitheamh an lae agam, bheith i n-áitibh na
h-iomrasgála, agus ag fógairt in sna comhthionólaibh,
agus ag teagasg na gcainnteóirí; gan me féin do
rainnt am' chodaibh chun gnóthaí na marbh d'fhrithálamh,
leis. Sin iad clann Léda agus gach duine acu gach
're lá ar neamh agus i n-ifrean, agus orm-sa so agus
súd a dhéanamh gach aon lá. Agus maca Alcméne
agus Shémelé, do geineadh ó mhnáibh gan áird, tá a
mbeatha ar a suaineas acu agus mise, mac Mhaia inghean
Atlais, ag frithálamh ortha! Agus anois, agus gan me ach
díreach tagaithe ó Shídón ó inghín Chadmuis, n-a raibh
sé tar éis me chur ag triall uirthi feuchaint conus a bhí
an bháb, chomáin sé ar siubhal airís me, gan m'anál do
tharrac, go h-Argos, ag feuchaint Dhanaé; "agus
eirigh as san go Boiótia," ar seisean, "agus feic
Antíopé ar an slighe." I gcás go bhfuilim buailte
amach glan. Dá mb'fhéidir é, feuch, d'iarrfinn go
fonnmhar go ndíolfí me am' dhaor bhocht mar a díoltar
daoine ar an dtalamh.
Mai. Cuir uait, a mhic ó. Taoin tú óg agus ní
foláir duit rud a dhéanamh ar t'athair i gcómhnuidhe.
Imthigh ort anois gan mhoill go h-Argos, fé mar
adubhradh leat, agus go Boiótia ansan, agus ná bí
ríghin, le h-eagla go bhfaghfá an tslat. Bíon lucht
grádha teasaidhe.
IV.
APHRODÍTÉ AGUS ERÓS.
Aph. Conus a thárla, a Eróis, go mbuadhan tusa ar
na déithibh go léir, ar Ióbh, ar Phoseídón, ar Apollón,
ar Réa, agus orm féin, ó's me do mháthair, agus ná
deinean tú aon chur isteach ar Aténé. 'N-a coinnibh sin
amháin bíon do thóirse gan lasair agus do tháisge gan
saighead agus tú féin gan eólus ar bhogh agat, gan
cruinneas lámhaigh.
Er. Is amhlaidh a bhíon sgannra orm roímpi, a
mháthair, mar tá sí sgannramhail agus a súile ar lasadh,
agus í ró fhearamhail. Nuair a lúbaim mo bhogh agus a
thugaim fúithi crothan sí a folt chugham i dtreó go
gcuirean sí creathán orm le sgannra agus go dtui-
tid na h-airm as mo lámhaibh.
Aph. Ach nár sgannramhla Arés 'ná í agus nách
maith a bhainis a chuid arm de agus bhuadhais air?
Er. Sdó géillean sé sin dom uaidh féin. Is
amhlaidh a ghlaodhan sé chuige me. Ach Aténé, feuchan
sí i gcómhnuidhe go droch-amhraisteach orm. Bhíos
uair ag gabháil tháirse go neamh-thuairimeach agus mo
thóirse am' aice agam. "Má thagan tú am' ghoire,"
ar sisi, "dar m'athair ach cuirfad mo shleagh tríot! nú
béarfad ar chois ort agus caithfad le fánaidh síos
go h-ifrean tu, nú stracfad féin as a chéile thu agus
cuirfad deire leat!" Do bhagair sí a lán de'n
tsórd san orm agus í ag feuchaint go millteach; agus
tá ar a h-ucht aici aghaidh éigin uathbhásach agus folt de
phiastaíbh nímhe ar an aghaidh, agus cuirean san sgannra
thar barr orm, agus sgeónaim agus teichim nuair
fheuchaim ar an aghaidh sin.
Aph. Seadh, cuirean Aténé, mar adeirir, agus an
Gorgón, sgeón ionat, bíodh nách eagal leat caor Ióibh
féin. Ach siniad na Músana; conus a théid siad uait
gan deargadh arm ortha? An mbíd siad san, leis,
ag crothadh folt, agus ag taisbeáint Gorgón?
Er. Bíon uraim agam dóibh sin, a mháthair. Táid
siad stuama agus bíd siad ag machtnamh i gcómhnuidhe,
agus cantainn ar siubhal acu, agus stadaim féin n-a
n-aice go minic ag éisteacht le binneas an cheóil.
Aph. Sgaoil leó san, leis, óir táid siad stuama.
Ach siní Artemis; cad 'n-a thaobh ná goinean tú í?
Er. Is amhlaidh mar 'tá sé, ní féidir teacht suas léi.
Bíon sí coitchianta ag gluaiseacht tré sna cnocaibh.
D'á éaghmais sin, tá grádh léi féin aici cheana.
Aph Cé h-é féin, a mhic?
Er. An tseilg. An fiadh agus an eilit do lean-
mhaint agus do lámhach le saighdibh. Tá sí tabhartha ar
fad do'n tsórd san. Ach an dritháir sin aici, is bogha-
dóir é féin agus tá urchar fada aige —
Aph. Tá 's agam, a mhic. Do bhuailis é sin go
minic.
V.
VULCAN AGUS IÚPITER.
Vulc. Cad é seo atá le déanamh agam, a Iúpiteir?
Do thánag, mar adubhraís liom, agus tá faobhar ar an
dtuaigh seo agam i dtreó go ngearrfadh sí na clocha,
d'aon bhuille, dá mba ghádh é.
Iúp. Is maith é sin, a Vulcain. Tar anois agus
dein dhá leath dem' cheann le trombhuille.
Vulc. An ag feuchaint a' bhfuilim as mo mheabhair
ataoi? Innis an fhírinne, ámh. Cad 'tá agam le
déanamh duit?
Iúp. Mo phlaosg a dh'osgailt; agus mara ndeinir
rud orm ní h-anois an chéad uair a bheidh aithne curtha
agat ar m'fheirg. Ach ní mór dhuit do lán neart a chur
sa bhuille, agus brostú. Tá an teinneas am' thraochadh,
agus m'inchinn d'á raobadh le ceas naoidhean.
Vulc. Seachain, a Iúpiteir, sar a ndéanfimís
díobháil. Tá an tuagh so géar. Ní beanchabhartha
neamhfhuilteach duit í. Ní h-ionan agat í agus
Eileituia.
Iúp. Cuma dhuit, a Vulcain, ach buail. Is eól
domh-sa cad fhóirfidh.
Vulc. Buailfad, bíodh gur dom' aindeóin é, óir
cad is féidir a dhéanamh nuair a dh'órduighean tusa?
Cad é seo! Cailín agus í armtha! Is mór an t-olc
a bhí istigh ad' cheann agat, a Iúpiteir. Ní h-aon iongna
go rabhais teasaighe, luathinntinneach agus a leithéid
sin d' ainnir fé sganán t'inchinne agat beó, ar oile-
amhaint, agus n-a theannta san, í armtha. Ní ceann a
bhí ort ach longphort, a gan fhios dúinn. Feuch mar a
dheinean an leanbh an rinnce cogaidh, agus mar a chrothan
sí an sgiath, agus mar a chasan sí an tsleagh, agus dásacht
uirthi. Agus rud is fearr 'ná chéile, í chómh h-áluinn,
agus í 'n-a bláth cheana féin i mbeagán aimsire. Tá
sí gormshúileach, ach is maise ar an ngormshúileacht an
clogad. Uime sin, a Iúpiteir, tabhair domh-sa í le
pósadh, mar thuarastal mná cabhartha.
Iúp. Tá nídh nách féidir agat 'á iarraidh, a Vulcain.
Is toil léi fanmhaint 'n-a maighdin choidhche. Am' thaobh-
sa dhe, ámhthach, ní'l aon chur ad' choinnibh agam.
Vulc. Sin a raibh uaim. Bíodh an chuid eile fúm
féin. Tógfad liom anois í.
Iúp. Dein má thig leat go bog, ach tá fhios agam-sa
gur neithe nách féidir is mian leat.
VI.
APOLLÓN AGUS VULCAN.
Vulc. An bhfeacaís, a Apollóin, an naoidhean so
Mhaia a rugadh le déanaighe, a bhreághthacht atá sé, agus
conus mar a gháirean sé le gach aoinne agus mar a
thaisbheánan sé cheana féin go n-iompóchaidh sé amach
ana mhaith?
Ap. Naoidhean an eadh, a Vulcain, nú maith mór?
Tá sé níos seanachríona 'ná Iúpiter i ngastacht.
Vulc. Agus cé air go bhféadfadh sé droch nídh a
dhéanamh agus a ghiorracht ó rugadh é?
Ap. Fiafraigh san de Phoseídón n-ar ghuid sé a
shleagh trí mbeann uaidh; nú de Mhars n-ar rug sé a
chlaidheamh as a thruail a gan fhios dó; gan trácht orm
féin a dh'fhág sé gan bhogh gan saighead.
Vulc. An naoidhean san, agus gan ann ach ar éigin
corruighe in sna faicíníbh!
Ap. Beidh 'fhios agat, a Vulcain, ach go dtiocfidh
sé ag triall ort.
Vulc. Sdó tháinig cheana.
Ap. Má 'seadh an bhfuil na h-úirlisí go léir agat,
nú an bhfuil aon cheann acu imthighthe?
Vulc. Táid siad go léir agam, a Apollóin.
Ap. Feuch níos cruinne, ámh.
Vulc. Dar Iúpiter ach ní fheicim an teanachair!
Ap. Chífir í, ámh, ameasg faicíní an leinbh úd.
Vulc. An bhfuil sé chómh deaslámhach san? nú ar
chleacht sé an ghadaidheacht i mbroinn a mháthar?
Ap. Ní h-eadh ach dá n-airighthá an rith cainnte
agus úrlabhra atá aige cheana féin, agus bh'áil leis
frithálamh a dhéanamh orainn. D'iarr sé, indé, cor
iomrasgála ar Erós agus do leag sé láithreach é. Thug
sé cor coise dhó ar chuma éigin. Ansan, an fhaid
a bhíodar go léir ag liúirigh 'á mholadh do thóg
Aphrodíté idir a lámhaibh é, ag moladh a ghnímh, agus ghuid
sé a crios di. Bhí Iúpiter ag gáirí agus má bhí do
guideadh a shlat rí, agus mara mbeadh an caor tóirth-
nighe a bheith ró throm agus an iomad teine ann bhí sé
guidithe, leis.
Vulc. Is lámhach an buachaill é, do réir mar
adeirir!
Ap. Ní h-é sin féin ach tá sé 'n-a cheólaidhe cheana
féin.
Vulc. Ca bh'fhios duit sin?
Ap. Fuair sé toirtís mharbh i n-áit éigin agus dhein
sé úirlís ceóil di. Chuir sé géagáin uirthi, agus dro-
chad, agus eochracha, agus ansan chuir sé seacht teuda
uirthi, agus seinnean sé go fíor-bhinn uirthi, a Vulcain,
i dtreó, feuch, go mbíon formad agam féin leis ó's
agam atá taithighe fhada ar an gcruit. Agus deir
Maia ná tugan sé an oidhche thuas ar neamh, ach ag im-
theacht, ag cuardach, síos go h-ifrean, má 'sé do thoil
é, feuchaint an bhfaghadh sé rud le guid as san, gan
amhras. Tá sgiatháin air, leis. Agus tá slat déanta
aige dhó féin n-a bhfuil comhachta uathbhásacha innti,
agus is léi a chomáinean sé na h-anamnacha, agus a
sheólan sé síos na mairbh.
Vulc. Is mise thug an tslat san dó mar bhréagán.
Ap. Seadh, agus thug sé do thuarastal duit — an
teanachair.
Vulc. Is maith mar a chuiris i gcuimhne dhom í. Ní
mór dhom imtheacht 'á h-iarraidh, feuchaint, mar adeirir,
an bhfaghainn í ameasg na bhfaicíní.
VII.
POLUPHÉMUS AGUS POSEÍDÓN.
Pol. Ó a athair, feuch an cor atá orm ó'n gcuirp-
theach iasachta úd. Chuir sé ar meisge me agus ansan
tháinig sé orm agus chaoch sé me.
Pos. Agus cé leómhaigh an méid sin a dhéanamh,
a Pholuphémuis?
Pol. I dtosach bára thug sé Outis air féin, ach nuair
a bhí sé imthighthe ó bhaoghal arm dubhairt sé gur Odus-
séus ab ainm dó.
Pos. Tá aithne agam ar an té adeirir; an fear
ó Itica. Bhí sé ar uisge, ag teacht ó chathair na Trae.
Ach conus a dhein sé an gníomh san? Ní fear ró
chródha é
Pol. Ar mo theacht abhaile ó'n bhfosaidheacht dom do
rugas ar ghasra éigin daoine istigh sa n-uaimh. Ar tí
mo thréad a bhíodar gan amhras mar nuair a chuireas
an chómhla sa dorus (cloch ana mhór iseadh í), agus
nuair a dh'aduigheas teine a dheineas de chrann mhór
a thugas ó'n gcnoc liom, chonac iad a d'iarraidh dul
i bhfolach. Do rugas ar chuid acu agus chromas ar
iad d'ithe, mar ba chóir, toisg gur bhitheamhnaigh iad.
Ansan do líon an cuirptheach úd chugham, pe'cu Outis
nú Odusséus é, nimh éigin a bhí milis cúrtha ach ana
mhealltach agus ana luasgach. Nuair a bhí sé ólta
agam mheasas go raibh gach aon rud ag gabháil tímpal
agus go raibh an uaimh féin taobh síos suas agus ná
rabhas am' riocht féin i n-aon chor. Fé dheire do
thuiteas am' chodla. Ansan do chuir seisean bior
ar mhaide agus dhearg sé an bior sa teine agus
chaoch sé me (sháigh sé am' shúil é) agus me ar meisge.
Agus ó shin, sin agat caoch me 'n-a dhiaidh, a
Phoseídóin.
Pos. Nách trom an codla a bhí ort, a mhic, agus
a rádh nár léimis suas an fhaid a bhís ad' chaochadh. Ach
conus a dh'imthig Odusséus úd uait? Tá fhios agam
go maith nár fhéad sé an chloch a thógaint as an ndorus.
Pol. Sdó do thógas féin í, i dtreó gur bh' fhearr
de fhéadfinn breith airsean agus é ag gabháil amach.
Do shuidheas i n-aice an doruis agus mo lámha ar
leathadh agam ag láimhseáil. Níor leogas tharm amach
ach na caoire, chun na fosaidheachta, agus chuireas
i n-iúil do'n reithe cad a bhí air a dhéanamh dom.
Pos. Seadh, agus do shleamhnuigh sé siúd amach a
gan fhios duit, fé'n reithe. Ach bhí sé ceart agat
glaodhach go h-árd ar na Cúclópaibh eile chuige.
Pol. Do ghlaodhas, a athair, agus do thánadar, ach
nuair fhiafraighdar ainm an mhealltóra úd agus nuair
adubhart-sa gur bh' Outis ab ainm dó cheapadar
gur ar buile a bhíos agus d'imthighdar leó. Sin mar
a mheall an cuirptheach me len' ainm, ach isé rud a
chráidh ar fad me 'ná gur thug sé dallachán orm,
"Agus," ar seisean, "ní fhéadfidh t'athair, Poseídón
féin, tu a leigheas."
Pos. Glac misneach, a mhic. Déanfad-sa díoltas
air. Gheóbhaidh sé amach, bíodh ná fuil ar mo chumas-sa
súile caocha do leigheas, gur agam atá lucht taistil
faraige do bháth nú do thabhairt slán. Tá sé ar uisge
fós.
VIII.
PANOPÉ AGUS GALÉNÉ.
Pan. A Ghaléné airiú, an bhfeacaís cad a dhein Eris
indé ag an gcóisire úd i dTettalia, toisg ná fuair
sí féin cuire chun na cóisireach?
Gal. Ní rabhas i nbhúr bhfochair, a Phanopé. D'ór-
duigh Poseídón dom aire thabhairt do'n fharaige agus
í chimeád socair an fhaid a bheadh an chóisire ar siubhal.
Ach cad a dhein Eris, asdó, agus gan í ann?
Pan. Bhí Téitis agus Péléus imthighthe chun a seómra,
fé stiúrú Amphitríté agus Phoseídóin, agus bhí cuid
de'n chuideachtain ag ól agus cuid acu ag moltóireacht
agus cuid acu ag éisteacht le h-Apollón ag seinnt
ar a chruit nú leis na Músanaibh ag cantainn.
Le n-a linn sin, nídh nár dheacair, do tháinig Eris is-
teach, a gan fhios, i hala an óil agus ubhal áluinn 'n-a
láimh aici, agus ór ar fad ab eadh é, a Ghaléné, agus bhí
sgríobhtha air, "Bíodh ag an Áluinn." Do rith an
t-ubhal, fé mar a bheadh san ceapaithe dhó, chun na h-áite
'n-a raibh h-Éra agus Aphródíté agus Aténé 'n-a luighe.
Do thóg h-Ermés an t-ubhal agus do léigh sé an sgríbhinn.
D'éisteamair-ne. Ní raibh ionainn ach Neréidí. Cad
a bhí le déanamh againn agus iad súd láithreach. Ach
d'éilimh gach duine de'n triúr an t-ubhal go seasamhach,
agus mara mbeadh gur chimeád Zeús ó chéile iad do
láimhseálfidís a chéile. Ansan d'iarradar go cruaidh
air féin a bhreith do thabhairt eatartha.
"Ní dhéanfad," ar seisean. "Imthighidh," ar seisean,
"go h-Ída ag triall ar mhac Phríam. Is eól dó conus
áilneacht do bhreithniú. Tá sé eólgaiseach i n-áilneacht
agus ní thabharfidh sé gú-bhreith."
Gal. Agus i dtaobh na mbandé, a Phanopé?
Pan. Is dóich liom go bhfuilid siad ag imtheacht go
h-Ída indiu agus nách fada go dtiocfidh duine éigin
a 'neósfidh dhúinn cé h-í a gheóbhaidh buadh.
Gal. Deirim-se an méid seo leat-sa anois. An
fhaid a bheidh Aphrodíté sa choimhsgar ní bhfaighidh aoinne
eile buadh nú beidh an breitheamh leath-chaoch.
IX.
POSEÍDÓN AGUS NA DEILPHINÍ.
Pos. Maith, a Dheilphiní. Is báidheamhail sibh i
gcómhnuidhe le daoine. Is fadó chuireabhair mac
Ínó amach ar an Istmus nuair a bhí sé féin agus a
mháthair t'réis tuitim de sna Scirónaibh isteach sa
bhfaraige. Agus anois do thógais-se chughat ar do
mhuin an cruitire seo ó Mhetumné, é féin agus a éide,
agus do shnámhais leis go Tainaros níba thúisge 'ná
mar a leogfá é chailleamhaint tré dhroch-ghníomh na
máirnéalach.
Deilph. Ná bíodh aon iongna ort, a Phoseídóin,
sinne bheith go maith do dhaoine agus gur ó bheith i n-ár
ndaoinibh dúinn a deineadh éisg dínn féin.
Pos. Agus go deimhin tá milleán agam ar Dhíonusios
a chuir an t-atharú cló oraibh nuair a bhuaidh sé oraibh sa
chath mara úd. Sibh a chimeád fé n-a smacht a bhí ceart
aige, fé mar a dhein sé le tuille. Ach conus a thárla
do'n Arión so, a Dheilphin?
Deilph. Measaim gur b'amhlaidh a gheibheadh Perian-
dros suairceas mór ann agus go gcuireadh sé fios
air go minic mar gheall ar a ealadhain, agus gur dhein
fear saidhbhir de tré bhíthinn Pheriandruis, ansan níor
bh'fholáir leis dul thar faraige abhaile go Metumné,
chun a shaidhbhris do thaisbeáint. Chuaidh sé ar bórd
luinge a bhí ag droch dhaoinibh éigin. Níor bh'fhada
gur thuigeadar mórán óir agus airgid a bheith aige.
Nuair a bhíodar tímpal lár slighe sa n-Aigaíach dheinea-
dar na máirnéalaigh feall air. "Seadh," ar seisean
leó, "ó táthaoi-se ceapaithe air sin (bhíos féin i n-aice
na luinge ag éisteacht leó), leogaidh dom m'éide chur
umam agus mo chluiche caointe féin do sheinnt agus
ansan me féin do chaitheamh isteach sa bhfaraige lem'
thoil féin. Thoilighdar na máirnéalaigh. Chuir sé an
éide uime agus do sheinn sé go fíor-aoibhinn agus
ansan do thuit sé isteach sa bhfaraige chun báis a dh'fhághail
láithreach. Ach do thánag-sa faoi agus thógas suas ar
mo mhuin é agus do shnámhas leis go Tainaros.
Pos. Molaim do dhúil sa cheól. Do dhíolais é
as ar airighis uaidh.
X.
MENIPPOS AGUS AMPHILOCHOS AGUS
TROPHÓNIOS.
Men. Feuch anois, is daoine marbha an bheirt agaibh-
se, a Throphóniois agus a Amphilochois, agus ní féidir
liom-sa a thuisgint cad a bheir gur fiú sibh teampuil a
bheith ann i nbhúr n-onóir agus é bheith dh'á mheas gur fáigí
sibh. Is baoth iad na daoine a mheasan gur déithe sibh-
se.
Amph. Agus cad é ár leigheas-ne air má meastar,
le baois, neithe de'n tsórd san i dtaobh daoine marbha?
Men. Ní baoghal go measfidís a leithéid mara
mbeadh sibh-se féin 'á leogaint oraibh, i gcaitheamh bhúr
mbeatha, go raibh fios na neithe a bhí le teacht agaibh agus
go raibh ar bhúr gcumas iad d'innsint do'n té chuirfadh
ceisteana chughaibh.
Troph. A Menippuis, feuchadh Amphilochos cad 'tá
le freagairt aige 'n-a thaobh féin, ach am' thaobh-sa dhe,
laoch iseadh me agus deinim targaireachtaí má thagan
daoine anuas chugham. Ní mheasaim gur thugais-se
riamh cuaird go Libadéia, nú do chreidfá an méid sin.
Men. Cad é sin adeirir? An amhlaidh nách féidir
dom a dh'fheisgint gur duine marbh tusa, mar an chuid
eile againn, gan me dhul go Libadéia agus línéadach
umam, go h-áiféiseach, agus císte am' lámhaibh agam
agus lámhcán do dhéanamh, tríd an ndorus íseal úd,
isteach sa n-uaimh. Ní'l de dheifridheacht idir thusa
agus sinne ach an feall atá ionat-sa. Ach ó's fáig
tu innis dom cad is laoch ann, mar ní h-eól dom é.
Troph. Nídh iseadh é atá déanta de dhia agus de
dhuine.
Men. Seadh, rud nách dia ná duine, mar adeirir, ach
an dá nídh i n-aonfheacht. An leath úd is dia dhíot-sa,
ámhthach, ca bhfuil sé imthighthe anois?
Troph. Ag tabhairt feasa uaidh i mBoiótia, a
Mheinippuis.
Men. Ní fheadar an domhan, a Throphóniuis, cad é
seo ar siubhal agat. Tá fhios agam go maith, ámhthach,
go bhfuilir go léir marbh.
XI.
CHÁRÓN AGUS h-ERMÉS AGUS DAOINE MARBHA
EILE.
Chár. Cloisidh conus mar atá an sgéal againn. Tá
an báidín seo ana bheag, feuch, agus é leath lobhtha,
agus é ag leogaint an uisge isteach go tiugh, agus má
suaithtear anonn ná anall é iompófar é; agus siniad
sibh-se ag teacht i n-aonfheacht, chómh líonmhar, agus
mórán neithe ag gach duine agaibh. Má thagan sibh ar
bórd agus na neithe sin go léir agaibh is eagal liom go
mbeidh cathú ar ball oraibh, go mór mór an chuid agaibh
ná fuil snámh acu.
Marbh. Má 'seadh cad 'tá le déanamh againn ionus
go n-eireóchadh ár seóladh linn?
Chár. 'Neósfad-sa san daoibh. Ní foláir na rudaí
gan mhaith san go léir d'fhágáilt ansan ar an bport
agus teacht lomrachta ar bórd, agus is ar éigin a
dh'fhéadfidh an báidín sibh a dh'iompar an uair sin féin.
Bíodh ort-sa feasta, a h-Erméis, gan aoinne acu do
leogaint isteach gan é bheith lom agus a chuid ualaigh
caithte uaidh aige, mar adubhart. Seasaimh ansan
i n-aice an dréimire agus fair iad agus glac isteach
iad agus cuir fhiachaint ortha teacht lomrachta ar bórd.
h-Erm. Is maith í do chainnt. Déanfimíd mar
sin. Cé h-é seo ar tosach?
Men. Mise Menippos, a h-Erméis, agus siúd
isteach sa pholl uaim mo mhála, agus mo mhaide, feuch,
agus is maith mar nár thugas liom mo chasóg.
h-Erm. Tar ar bórd, a Mhenippuis, a phlúr na bhfear.
Suidh ansúd thuas sa tsuidheachán uachtaraigh, i n-aice
an stiúrthóra, i dtreó go mbeidh radharc agat ortha
go léir. Agus an fear áluinn seo, cé h-é féin?
Carm. Mise Carmoleós ó Mhegara, an fear
grádhmhar úd n-ar bh'fiú dhá thalant a phóg.
h-Erm. Má 'seadh, bain díot an áilneacht san, agus
na beóil sin agus na póga féin, agus an ghruaig sin
atá chómh fada, agus an luisne sin atá ad' leacain,
agus do chroicean ar fad. Tá go maith. Taoi seang
go leór anois. Tar ar bórd. Ach tusa, n-a bhfuil
an brat corcra ort, agus an choróinn, agus an ghnúis
bhorbh, cé h-é thusa asdó?
Lamp. Lampichos, rí na nGelóach, mise.
h-Erm. Agus, a Lampichuis, cad ab áil leat de
sna neithibh sin ag teacht anso dhuit?
Lamp. Émh! an amhlaidh ba cheart do rí teacht anso
lomrachta!
h-Erm. Ní ceart do rí é, admhuighim, ach is ceart
do mharbh é. Bain díot iad.
Lamp. Siné mo shaidhbhreas caithte uaim agam, feuch.
h-Erm. Caith uait, leis, do mhór-is-fiú, a Lampi-
chuis, agus an fheuchaint choimhtheach san. Táid siad
san ró throm do'n churrachán so.
Lamp. Leog dom mo choróinn a chimeád ar aon
chuma, agus mo ghúna.
h-Erm. Go deimhin ní leogfad. Caith dhíot iad
san, leis.
Lamp. Tá go maith. Cad eile? sin gach nídh caithte
uaim agam mar a chíon tú.
h-Erm. Caith uait, leis, do chruadhas croidhe, agus
do dhíthcéille, agus do dhroch-mhúine, agus do theasai-
dheacht. Caith uait na neithe sin go léir.
Lamp. Feuch, táim lom.
h-Erm. Tar ar bórd feasta. Agus tusa, a fhir
bheathuighthe, a fhir na feóla móire, cé h-é thusa?
Dam. Mise Damasias an t-iomrascálaidhe.
h-Erm. Tá a dheabhramh ort. Aithnighim-se thú. Chonac
go minic tu i n-áitibh na lúthcleas.
Dam. Is fíor, a h-Erméis. Glac ar bórd me
anois. Táim lomrachta.
h-Erm. Ní'lir lomrachta, a mhic ó, an fhaid atá
oiread san feóla ort. Caith dhíot í. Do bháthfá an
currachán agus gan ach cos leat do chur ann. Agus caith
uait, leis, na coróinní buadha sin, agus na fógraí sin.
Dam. Seadh, sin lomrachta anois me dáiríribh agat,
agus chómh h-éadtrom leis na mairbh eile.
h-Erm. Sin mar is fearr a bheith, go h-éadtrom.
Tar ar bórd anois. Agus tusa, a Chratóin, cuir-se
uait an saidhbhreas san, leis, agus an bhogánaighe sin,
agus an sógh san. Ná tabhair leat do chulaith bháis; ná
mór-chlú do shínsear. Fág ad' dhiaidh uaisleacht do
chine, agus méid do ghlóire, agus aon fhógartha dhein
an chathair ar fheabhas shoiléir do ghníomhartha, agus na
sgríbhinní atá ar t'íomhághthaibh. Agus ná h-innis dúinn
gur cuireadh tuama mór ós do chionn. Tá meághchaint
i n-a leithéidí sin agus gan ach cuimhneamh ortha.
Crat. Caithfad uaim iad agus ní lem' thoil é, ach
cad é mo leigheas air?
h-Erm. Aililiú! Cad é an fuadar é seo fút-sa,
a fhir armtha? Nú cad ab áil leat de'n chómhartha
buaidh sin?
An rí féinne. Mar do rugas buadh, a h-Erméis,
agus sháruigheas sa chogadh, agus thug an chathair onóir
dom.
h-Erm. Caith uait ar an dtalamh an cómhartha
buaidh sin. Tá síothcháin laistíos. Ní'l gádh le
h-arm ann. Ach an duine stuama so, stuama 'n-a
dheabhramh pé'r domhan é; agus é go mórchúiseach,
agus a mhailí anáirde aige, ag machtnamh go doimhinn,
cé h-é féin, é sin n-a bhfuil an fhéasóg fhada ar sile
leis?
Men. Philosophos éigin, a h-Erméis, nú ní h-eadh,
ámhthach, ach feallaire éigin, agus é lán de chleasaidheacht.
I gcás baintear de sin, leis, mar tá a lán rudaí
áiféiseacha i bhfolach aige fé n-a chlóca.
h-Erm. Bain díot do chlócha ar dtúis, a fhir mhaith,
agus na neithe eile seo go léir ansan. A Iúpiteir!
cad a bhfuil de bhaois aige, agus d'ainbhfios, agus de
chlampar, agus de ghlóire dhíomhaoin, agus de cheis-
teanaibh cruadha, agus d'argóint dheilgineach, agus de
smaointibh casta, agus mórán saothair i n-aistear,
agus cuid mhaith díthcéille, agus rudaí suaracha, agus
mion-áiteamh; agus ór, dar fiadh! agus dúil i bhpleis-
iúr, agus neamhnáire, agus fearg, agus craos, agus
bogánaighe. Ní théid siad uaim pé ceilt a dheinan tu
ortha. Agus cuir uait do bhreugaighe, agus do mhór-
chúis, agus bheith 'ghá mheas gur fearr tu 'ná daoine eile.
Go deimhin dá dtagthá ar bórd agus na neithe sin go
léir agat ca bhfuil an long chaogad rámh a dh'fhéadfadh
tu ghlacadh!
Phil. Seadh, sgaraim leó go léir ó adeirir é.
Men. Agus an fhéasóg san, a h-Erméis, sgaradh
sé léi sin, leis. Tá sí ana throm, ana mhothalach, mar
a chíon tú. Tá chúig mínae clúimh innti an chuid is lugha
dhe.
h-Erm. Tá an ceart agat. Bain díot í.
Phil. Agus cé bhearrfidh me?
h-Erm. Menippos anso, le tuaigh an tsiúinéara,
agus déanfidh an dréimire bloc dó.
Men. Ní h-eadh, a h-Erméis, ach sín chugham an sádh.
Isé is áiféisighe.
h-Erm. Déanfidh an tuagh an gnó. Seadh, tá deabh-
ramh duine anois ort ó tá bréan-mheigiol an phocáin
bainte dhíot.
Men. Ar mhaith leat go mbainfinn sgoth beag d'á
mailíbh?
h-Erm. Gan amhras, mar táid siad árduighthe aige
lastuas d'á éadan, ag casadh le h-é féin d'árdú ní
fheadar cad chuige. Cad é seo? Ag sile deór
ataoi, a thruagháin, agus sgannra roimis an mbás ort
an eadh? Seadh, tar ar bórd má 'seadh.
Men. Feuch, tá rud ana throm fén' ascail aige
fós.
h-Erm. Cad é féin, a Mhenippuis?
Men. Bladar, a h-Erméis, agus dhein sé mórán
úsáide dhe i gcaitheamh a shaoghail.
Phil. Má 'seadh, a Mhenippuis, cuir-se uait do
shaor-aigne agus do shaor-chainnt agus do neamh-ghruaim
agus do chuid gáirí. Ní'l aoinne eile anso ag gáirí
ach tu.
h-Erm. Ná dein i n-aon chor. Cimeád na neithe sin.
Táid siad éadtrom agus is uiriste iad d'iompar,
agus táid siad tairbhtheach ar an iomramh so. Agus
tusa, a chainnteóir seo againn, caith uait an rith cainnte
sin agat ná stadan choidhche, agus do choinnibheacha,
agus do chómh-ionana, agus do chuid staraidheachta,
agus do labhartha iasachta, agus do ráidhte troma eile.
An Cainnteóir. Siniad caithte uaim agam iad,
feuch.
h-Erm. Tá go maith. Sgur an téad anois agus
tarraigimís isteach an dréimire. Tógtar aníos an
t-anncaire. Leath an seól. Beartuigh an stiúir, a
bhádóir. Go n-eirighidh an t-ádh linn!
XII.
CRÁTÉS AGUS DÍOGENÉS.
Crát. An raibh aithne agat, a Dhíogenéis, ar an
bhfear saidhbhir úd ó Chorint, an fear ana shaidhbhir úd
Moírichos n-a raibh na loingeas cheannaidheachta go léir
aige? N-a ndeireadh Aristeas a cholceathar leis (bhí
seisean, leis, ana shaidhbhir), an rádh úd a' h-Ómér, 'sé
sin, "Árduigh me nú leog domh-sa thusa dh'árdú."
Díog. Agus, a Chrátéis, cad fé ndeara dhóibh bheith
ag plámás ar a chéile?
Crát. Ar son oighreachtaí a chéile. Ba chómhnaois dóibh
agus chuireadar a n-uachta os cómhair na poibilidheachta,
agus d'fhág Moírichos a raibh aige ag Aristeas dá mb'é
féin a gheóbhadh bás ar dtúis, agus d'fhág Aristeas
a chuid ag Moírichos dá mb'é féin ba thúisge. Do bhí
an méid sin sgríobhtha síos, agus bhí an bheirt agus nár
chuma leó cé ba mhó dhéanfadh de phlámás ar an bhfear
eile. Ansan, bhí lucht feasa, pé' cu ag fághail eóluis
dóibh é ó réilthibh ar neithibh le teacht, nú ó aislingíbh, ar
nós chlainne na gCaldéach, agus dá mb'é an Pútiach
féin é, ag tabhairt bhuaidh d'Aristeas uair agus do
Mhoírichos uair eile, agus an mheágh ag iompáil, tamal
chuige seo agus tamal chuige siúd.
Díog. Agus cad é an deire bhí ar an sgéal, a
Chrátéis? Is fiú é éisteacht leis.
Crátés. Fuair an bheirt bás aon lá amháin agus
chuaidh na h-oighreachtaí chun Eunómíuis agus chun
Trasúcleais, beirt ghaolta ná raibh aon choinne riamh
acu go dtiocfadh san amhlaidh. Bhíodar (an bheirt
shaidhbhir) ag iomramh ó Shicuón go Cirra agus i lár na
slighe dhóibh tháinig cam-ghaoth ainiar ortha agus do
h-iompuigheadh iad.
Díog. Maith mar a thárla. Ach sinne, nuair a
bhíomair beó, feuch ní raibh aon mhachtnamh de'n tsórd
san againn i dtaobh a chéile. Ní raibh aon dúil
agam-sa Antistenés dh'fhághail bháis i dtreó go mbeadh
a mhaide mar oighreacht agam (bhí an maide go h-ana
láidir aige, déanta d'adhmad crainn ola), ná ní
mheasaim, a Chrátéis, go raibh aon dúil agat-sa mo chuid
saidhbhris-se bheith agat mar oighreacht tar éis mo bháis,
an tubán agus an mála úd n-a raibh an dá thómhas de
shíol lúpíní ann.
Crát. Sdó ní raibh aon ghnó agam-sa dhíobh san,
ná agat-sa, a Dhíogenéis. Na neithe ba riachtanach do
fuarais-se iad i n-oighreacht ó Antistenés agus fuaras-
sa uait-se iad; neithe is fearr 'ná rígheacht na bPersach
go mór, agus is mó le rádh.
Díog. Cad iad na neithe adeirir?
Crát. Eagna, neamhspleádhchas, fírinne úrlabhra gan
chosg, saoirse.
Díog. Dar fiadh ach is cuimhin liom go bhfuaras an
saidhbhreas san ó Antistenés agus gur fhágas agat-sa
é curtha i méid.
Crát. Seadh, agus níor chuir daoine eile aon tsuím
i saidhbhreas de'n tsórd san agus ní raibh aoinne ag
plámás orainne, ag súil leis an oighreacht. Sa n-ór
a bhí a ndúil go léir.
Díog. Nídh nách iongna; mar ní raibh acu áit 'n-a
nglacfidís neithe de'n tsórd san uainn toisg iad a
bheith ag leogaint tríotha, mar gheall ar a ndroch chleach-
taibh, mar a bheadh seana sparáin bhriste. Dá gcuireadh
duine isteach ionta eagna, nú úrlabhra, nú fírinne,
do thuiteadh an nídh sin amach láithreach agus do ghluais-
eóchadh sé chun fáin, toisg gan an tón a bheith ábalta ar
é chimeád, díreach ar nós na n-inghean san Dhanáois a
bhíon ag cur an uisge sa tubán phollta. Ach chimeád
adar greim ar an ór le fiacail agus le h-iongain agus
le gach gleus.
Crát. Seadh agus beidh ár saidhbhreas againne sa
n-áit seo féin, agus ní bheidh acu san, ag teacht dóibh,
ach an t-obulos, agus gan san acu ach chómh fada leis
an mbádóir.
XIII.
ZÉNOPHANTÉS AGUS CALLIDÉMIDÉS.
Zén. Airiú, a Challidémidéis, conus a fuarais-se
bás! Am' thaobh féin de, fear itheacháin ab eadh me
do Dheinias agus is amhlaidh a dh'itheas an iomad agus
do tachtadh me, mar is eól duit, óir bhís am' aice le linn
bháis dom.
Cal. Bhíos i n-aice leat, a Zénophantéis; ach nídh
éagsamhlach iseadh do thárla dhomh-sa. Is dócha ná
fuilir-se gan aithne agat ar an seanduine úd Ptoio-
dóros.
Zén. An fear san ná fuil aon chlann aige agus
go bhfuil an saidhbhreas go léir aige, agus go bhfeicinn
thusa 'n-a theannta go minic?
Cal. Bhínn coitchianta ag frithálamh ar an bhfear
san, mar bhíodh sé 'ghá gheallamhaint go bhfágfadh sé a
chuid agam le linn bháis dó. Ach nuair a bhí an sgéal
ag dul i bhfaid thar na beartaibh agus an seanduine
ag maireachtaint níba shia 'ná Titónos bheartuigheas
cómhgar chun na h-oighreachta. Cheannuigheas nimh agus
d' áitigheas ar a ghiolla frithálmha fíona, chómh luath agus
d'iarrfadh Ptoiodóros deoch (ólan sé fíon láidir,
a dhóithin de) an nimh do chur sa n-árthach agus é bheith
ullamh aige le tabhairt dó agus é thabhairt dó. Gheallas
saoirse dhó fé dhearbhú, ach san do dhéanamh.
Zén. Cad a thuit amach ansan airiú? Measaim
go bhfuil nídh iongantach agat le rádh.
Cal. Thánamair ó n-ár bhfothragadh. Bhí dhá chupán
ullamh ag an ngiolla dhúinn, an ceann go raibh an nimh
ann do Phtoiodóros agus an ceann eile dhomh-sa. Pé
dul amú a tháinig ar an ngiolla thug sé dhomh-sa an ceann
go raibh an nimh ann agus thug sé an ceann a bhí gan nimh
do Phtoiodóros. D'ól seisean ansan; agus láithreach
bonn do bhíos-sa sínte amach am' chorpán, i n-inead
san. Ach cad é seo? Ag gáirí ataoi, a Zenophantéis?
Go deimhin féin ní cuibhe bheith ag gáirí uim chómhrádaidhe.
Zén. 'Sdó d'imthigh sé go h-ait ort, a Challidémidéis.
Ach cad a dhein an seanduine ansan?
Cal. Bhí rainnt uathbháis air, ar dtúis, bhí an rud
chómh h-oban san. Ansan nuair, mar a mheasaim, do
thuig sé cad a bhí tuitithe amach, do gháir sé féin, leis,
um an rud a bhí déanta ag an ngiolla.
Zén. 'Sdó go deimhin féin anois, ní raibh sé ceart
agat-sa aghaidh a thabhairt ar an gcómhgar san. Thiocfadh
an oighreacht chughat níba shábhálta an bóthar díreach,
bíodh go mba níba ríghne é.
XIV.
ALEGSANDER AGUS ANNIBAL AGUS MÍNÓS
AGUS SCIPIÓN.
Alegs. Is ceart mise do chur rómhat-sa, a Líbigh,
óir is fearr me 'ná thu.
An. Ní ceart i n-aon chor. Is mise is ceart do chur
rómhat-sa.
Alegs. Má 'seadh fágaimís fé Mhínós é.
Mín. Agus cé h-iad sibh asdó?
Alegs. Annibal, an Carchédónach é seo, agus
Alegsander mac Philib mise.
Mín. Uasal an bheirt agaibh, dar fiadh! Ach cad
uime n-a bhfuil bhúr n-aighneas?
Alegs. Um thosaidheacht. Deir sé seo gur bh'fhearr
de rí féinne é 'ná mise, ach deirim-se, fé mar is
eól do chách uile, go bhfuil an buadh agam i ngnóthaíbh
cogaidh, ní h-amháin uaidh seo ach ó n-a dtáinig rómham
nách mór.
Mín. Má 'seadh labhradh gach duine agaibh do réir
úird. Labhair-se ar dtúis, a Líbigh.
An. Tá an t-aon nídh amháin seo am' fhabhar, a
Mhínóis, gur fhoghlumuigheas an Ghréigis sa n-áit seo;
i dtreó, ná bíodh fiú an méid sin de bhreis aige orm.
Ansan, deirim-se gur b'iad na daoine is mó do thuill
moladh an mhuinntir a bhí ar dtúis gan aon rud agus
do tháinig chun mórchoda nuair a ghabhadar cómhacht tré
bhíthinn a ngustail féin agus gur fuaradh oireamhnach
iad chun forlámhais. Do thánag-sa, uathadh slógh, anall
sa Spáinn, am' thánaiste fé dhritháir mo chéile, agus
do luadhadh me do'n chéim ab aoirde, ar mo chródhacht.
Ansan do chlaoidheas na Céiltibéraigh agus do thraochas
na Galataigh thiar. Chuireas na sléibhte móra dhíom
agus do ghabhas do chosaibh in sna tíorthaibh ar bruach
Erid anois agus do chuireas mórán catharacha d'á
mbunaibh agus do smachtuigheas clár na h-Iodáile agus
do thánag chómh fada le h-imealaibh na príomh-chatharach,
agus do mharbhuigheas oiread san daoine i n-aon lá
amháin gur le daíbhchibh a thómhaiseas a bhfáinní óir, agus
do dheininn drochaid thar aibhníbh de chorpaibh daoine.
Dheineas san go léir gan "Mac Ammóin" d'á
thabhairt orm, ná bheith 'ghá leogaint orm gur dhia me,
agus gan bheith ag innsint aislingí mo mháthar, ná gan
a dh'éileamh go raibh aon rud ionam ach duine, bíodh
go raibh orm cogadh do chur ar na righthibh féinne ba
chliste agus dul i ngleic leis na féin nidheachaibh ba
chruadha. Níor bh'ionan agus Médacha, nú Arménacha,
do dhéanfadh teiche sar a mbeadh aoinne ar a dtoir
agus do sgaoilfadh buadh láithreach leis an té bheadh
dána a dhóithin chun a dh'iarraidh.
Ach Alegsander so, do fuair sé rígheacht ó n' athair.
Chuir sé i méid í, gan amhras, agus do leath sé í. Ach
bhí an t-ádh leis. Ach nuair a rug sé buadh agus nuair
a chlaoidh sé an Dareíos gan mhaith úd i n-Issos agus i
n-Arbéla, thug sé druim lámha le nósaibh a thíre féin
agus do ghlac sé nósa na Médach, agus níor bh'fholáir
leis go n-adharfí é. Do mharbhuigheadh sé a cháirde ag
an mbórd i n-am fleidhe, nú chuireadh sé dh'á mbreith
ó'n mbórd chun a mbáis iad.
Ach do riaghlas-sa mo thír go cóir, agus nuair chuaidh
an namhaid ódheas ar loingeas go Líbua agus do cuir-
eadh fios orm do fhreagras go tapaidh an ghlaodh, agus
dheineas íseal díom féin, agus nuair a daoradh me
d'fhuiligeas é le foidhne. Dheineas na neithe sin agus
gan ionam ach Barbarach, gan múine ná teagasg na
Gréige orm, agus gan bheith ag raide filidheachta h-Óméir
asam ar nós an fhir seo, gan múine dh'fhághail ó'n bhfáidh
Aristotelés, ach a' gustal m'éirime fóghanta féin.
Mar gheall ar na neithibh sin iseadh adeirim-se gur
fearr me 'ná Alegsander. Ach má tá seisean níos
breághtha, toisg an choróinn a bheith tímpal a chinn,
agus go mb'fhéidir gurab oirdheirc le Macedónachaibh
neithe de'n tsórd san, ní fhágfadh san gur cheart é chur
ós cionn fir aigeanta, chródha, oilte ar chogadh, a dhein
úsáid d'á éirim i n-inead bheith ag brath ar ádh.
Mín. Tá an chainnt déanta go bunúsach aige gan
amhras, agus ní mar a measfí í dh'fhághail ó Líbuach.
Cad 'deirir-se leis an méid sin, a Alegsandeir.
Alegs. Go deimhin, a Mhínóis, níor cheart aon rud
do rádh le duine chómh mínáireach. Is eól duit ó
chainnt daoine m'fheabhas-sa de rí agus a olcas-san
d'fhoghlaidhe. Ach feuch féin an beag an deifridheacht
atá eadrainn. Ní rabhas-sa ach go h-óg nuair a
cuireadh cúram na rígheachta orm agus do smachtuigheas
í bíodh go raibh sí buartha go maith, agus dheineas
díoltas ar na daoine a mhairbh m'athair. Chuireas
sgannra ar an nGréig go léir le leagadh na Téibe
agus thoghdar me am rí féinne ortha. Ansan ba lag
liom bheith sásta le rígheacht na Macedónach, an
rígheacht a dh'fhág m'athair agam, agus do leogas mo
shúil ar an ndomhan go léir agus bheartuigheas gur
dhuairc an sgéal é mara gcuirinn é go léir fém'
smacht. Chuas isteach sa n-Ásia le sluagh nár ró mhór
agus do rugas buadh i gcath mhór ag an nGrainiceach.
Ansan do ghabhas Lúdia agus Iónia agus Phrúgia.
Do ghabhas gach áit 'n-ar chuireas mo chosa go dtánag
go h-Issos. Bhí Dareíos rómham sa n-áit sin agus
na céadta mílte de mhórshluagh aige. Is eól daoibh-se
féin, a Mhínóis, na slóighte marbh a chuireas anuas
anso ag triall oraibh ó'n áit sin i n-aon lá amháin.
Deir an bádóir anso ná raibh an bád mór a dhóithin
dóibh agus gur chuaidh a lán acu anonn ar shlaodaibh
a bhí ceangailte dh'á chéile. Agus nuair a dheineas
na gníomhartha san do chuas féin sa chontabhairt, roimis
na fearaibh, agus ba mhórchlú liom créachta do ghlacadh.
Agus gan trácht duit ar ar dheineas i dTúros agus
i n-Arbéla, níor stadas go dtí go dtánag chómh
fada leis na n-Indiathaibh agus nár fhágas de theórainn
lem' rígheacht ach an mhuir mhór. Do thógas a mbeithidhigh
mhóra, na h-elephaint, agus do ghabhas Póros; agus na
Scútaigh, fir nár dhóich, chuas tar Tanáis agus do
chuireas ortha mórchath marcshlógh. Bhíos go maith dom
cháirdibh agus dheineas díoltas ar mo namhdaibh.
Má mheas daoine gur dhia me ba chóir é mhaitheamh
dóibh. Is mar gheall ar mhéid mo ghníomhartha do
mheasadar a leithéid. Ach sa deire; am' rí iseadh do
fuaras-sa bás agus 'n-a dhíbearthach a fuair sé seo
bás, agus é i bhfochair Phrousias an Bitineach, mar ba
chuibhe, an feallaire fola! Ní 'neósfad conus mar
a chlaoidhidh sé muintir na h-Iodáile. Ní le neart
a dhein sé é ar aon chuma. Le malluightheacht agus le
feall agus le h-éitheach a dhein sé é, gan fíre fear do
thabhairt riamh uaidh. Do chas sé liom-sa an craos. Ni
cuimhin leis, is dócha cad a dhein sé féin i gCapua, ag
cómhluadar le droch mhnáibh agus ag ithe agus ag ól,
i n-inead aire thabhairt do'n chogadh, go dtí gur chaill
sé an cluiche, an fear iongantach so! Dá mba siar i
n-inead soir a thabharfinn-se aghaidh, dá mb' fhiú liom é
ar na tíorthaibh thiar, cad í an mhór obair a bheadh déanta
agam! Bheadh an Iodáil agam láithreach gan braon
fola do dhortadh, agus ansan Líbua, agus an dúthaigh
go léir chómh fada siar leis na Gadéiribh. Ach níor
bh'fhiú liom-sa cogadh dhéanamh ar son na dtíortha san.
Bhíodar ag crith le h-eagla rómham cheana féin agus
am' admháil mar mháighistir ortha. Tá ráidhte agam.
Ní beag an méid sin as a bhféadfinn a rádh. Tabhair-se
do bhreith, a Mhínóis.
Scip. Ná tabhair, a Mhínóis, chun go n-éistir le
focal uaim-se ar dtúis.
Mín. Agus cé h-é thusa, a fhir mhaith?
Scip. Scipión an t-Iodáileach mise, an rí féinne,
an fear do dhein léirsgrios ar Charchédón agus do
chuir cathana móra ar na Líbachaibh.
Mín. Agus cad 'tá le rádh agat-sa?
Scip. Tá, gur lugha me 'ná Alegsander, ach gur
fearr d'fhear me 'ná Annibal so, n-ar bhuadhas féin
air agus n-ar chuireas ruaig air fé tharcuisne. Conus
ná fuil náire air é féin do chur i gcomparáid le
h-Alegsander agus ná cuirim-se, Scipión, do bhuaidh
air, me féin i gcomparáid le h-Alegsander?
Mín. Dar fiadh ach tá bunús led' chainnt, a
Scipióin. D'á bhrígh sin tugtar tosach d' Alegsander
agus curtar tusa i n'aice. Ansan, má's áil, bíodh
Annibal ar an dtrímhadh duine. Ní'l sé ró olc ar
fad.
XV.
DÍOGENÉS AGUS ALEGSANDER.
Díog. Cad é seo airiú, a Alegsandeir? An
amhlaidh a fuarais-se bás, leis, ar ár nós go léir?
Alegs. Chíon tú gur b'eadh, a Dhíogenéis. Ní
h-iongna me fhághail bháis ó ba dhuine me.
Díog. Má 'seadh dubhairt Ammón bréag nuair
adubhairt sé gur mhac dó féin tu. Mac do Philib ab
eadh thu?
Alegs. Mac do Philib gan amhras. Dá mba mhac
d'Ammós me ní bhfaighinn bás.
Díog. Agus éitheach, leis, na neithe adubhradh i dtaobh
Oluimpias, do mháthair, go raibh dragan 'n-a fochair,
agus go bhfeacathas sa leabaidh é 'n-a teannta, agus
ansan gur b'shin mar a geineadh tusa, agus go raibh
dearmhad ar Philib nuair a cheap sé gur bh'é féin
t'athair.
Alegs. D'airigheas-sa féin na neithe sin, fé mar
airighis-se iad. Chím anois, ámhthach, nár innis mo
mháthair, ná fáighí Ammóin aon fhírinne.
Díog. Má 'seadh ní gan tairbhthe dhuit-se ad'
ghnóthaíbh, a h-innseadh na bréaga san, a Alegsandeir.
Bhí eagla agá lán rómhat toisg gur mheasadar gur dhia
thu. Ach feuch, innis dom cé aige gur fhágais an rígheacht
úd go léir?
Alegs. Ní h-eól dom, a Dhíogenéis. Níor dheineas
aon tsocarú roim ré 'n-a taobh, ach amháin seo, gur
thugas m'fháinne do Pherdicas le linn bháis dom. Ach
cad 'tá 'ad chur ag gáirí, a Dhíogenéis?
Díog. Cad eile bheadh 'am chur ag gáirí ach me bheith
ag cuimhneamh ar ar dhein an Ghréig de phlámás ort
nuair a ghlacais forlámhas. Dheineadar rí féinne
dhíot agus thoghdar tu ad' cheann airm ortha i n-aghaidh
na mBarbarach. Chuir cuid acu ameasg an dá dhia
déag tu agus chuireadar suas teampuil chughat agus
dheinidís ídhbeartha chughat, ó ba mhac do'n dragan tu.
Ach innis an méid seo dhom. Cár chuireadar na
Macedónaigh tu?
Alegs. Sidé an deichmhadh lá ar fhichid agam sínte
i mBaibilóin fós. Ach tá Ptolemáios, m'fhear iompair
sgéithe, 'ghá gheallamhaint, chómh luath agus gheóbhaidh sé
sos ó'n ngleó atá ag brúth air, go mbéarfidh sé leis
sa n-Éigipt me agus go gcuirfidh sé ann me, ag súil
go mbeidh mé ar dhéithibh na h-Éigipte.
Díog. Nách cóir dom gáire dhéanamh, a Alegsandeir,
nuair a chím tu ag magadh fút féin agus tu anso thíos
i n-ifrean, ag brath ar bheith at' Anúbis, nú at' Ósoíris!
Ná bíodh aon tsúil agat leis an sórd san, a dhia bhig.
Aoinne do tháinig treasna an locha san amuich, agus
isteach an dorus san, ní'l aon fhághail aige ar dhul thar
n-ais suas. Ní'l míogarnach ar Aiacos, agus ní h-aon
dóichín Cerberos. Ach do chuirfá áthas ana mhór orm
dá gcurthá i dtuisgint dom conus a dh'fhuiligean tú
cuimhneamh, agus tu anso, ar an sólás mór a dh'fhágais
ad' dhiaidh ar an saoghal, 'sé sin, na gárdaí cuirp a bhí
agat, agus an lucht cimeádta sgiath, agus na táinistí,
agus an t-ór go léir, agus na geinte ag umhlú dhuit,
agus Baibilóin, agus Bactra, agus na beithidhigh mhóra
úd, agus an onóir, agus an mór-chlú; agus bheith go
h-oirdheirc ad' charbad ag gluaiseacht agus fleasg
gheal mar choróinn ar do cheann, agus an brat corcra
gleusta ort. Ná cuirid na neithe sin buairt ort nuair
a chuimhnighean tu ortha? Cad chuige dhuit bheith ag sile
na ndeór san, a fhir bhaoith? An amhlaidh nár mhúin an
t-Aristotelés eagnaidhe úd duit gan a mheas go
mbíon an t-adh ró bhuan?
Alegs. É siúd eagnaidhe! An rógaire plámá-
saidhe! Fág fúm-sa a thuisgint cad é an saghas Aris-
totelés; cad é mar a bhíodh sé ag lorg neithe orm;
agus ag sgrí chugham; an droch úsáid a dheineadh sé
dem' dhíogras do'n léighean; ag plámás orm agus ag
moladh mo bhreághthachta, tráth, chómh maith agus gur chuid
de'n mhór-mhaith an bhreághthacht; ag moladh mo ghníomh
agus mo shaidhbhreas tráth eile. Dar leis ba mhaith an
saidhbhreas, leis, i dtreó nár mhiste dhó féin cuid
de do ghlacadh uaim. Lúbaire fill agus cleasaidhe
an fear san, a Dhíogenéis. Tá an méid seo agam-sa
de bharr a chuid eagna, 'sé sin, an bhuairt seo atá orm
i indiaidh na maitheasaí úd a dh'áirighis-se ó chiainibh.
Díog. Má 'seadh a' bhfuil fhios agat cad a dhéanfir?
'Neósfad-sa dhuit cad a leighisfidh do bhuairt. Ní fhásan
táthabha sa n-áit seo, ach imthigh-se agus ól do dhóithin
d'uisge abhan Lété, lán do bhuilg de. Ól é airís agus
airís eile. Sin mar a stadfir de bheith ag gol i ndiaidh
na maitheasaí sin Aristoteléis. Agus feuch seo chughainn
Cleitos úd, agus Callistenés, agus mórán eile acu,
agus iad ar do thí chun tu do stracadh as a chéile
agus díoltas a dhéanamh ort as ar dheinis ortha.
Ach imthigh-se an tslighe eile seo, agus bí ag ól mar
adubhart leat.
XVI.
ALEGSANDER AGUS PILIB.
Pil. 'Seadh anois, a Alegsandeir, ní shéanfir gur
mac domh-sa thu. Mar dá mba mhac d'Ammón tu ní
bhfaighfá bás.
Alegs. Bhí fhios agam féin, a athair, gur mac do
Philib mhac Amúntois me, ach do ghlacas leis an dtar-
gaireacht toisg gur thuigeas san a bheith tairbhtheach am'
ghnóthaíbh dom.
Pil. Cad é sin adeirir? Tairbhtheach ad' ghnóthaíbh
duit leogaint do sna fáigíbh bob a bhualadh ort!
Alegs. Ní h-é sin é; ach do sgannruighdar na
Barbaraigh rómham agus níor chuir aoinne am' choinnibh
feasta. Le dia éigin, dar leó, a bhíodar ag cómhrac.
Ansan do bhuadhas ortha gan duadh.
Pil. Airiú cé'r bh'iad na fir gur bhuadhais-se ortha
agus gur bhfiú iad cómhrac leó? Is le spriosánaibh a
dheinteá-sa cómhrac riamh, agus gan d'arm acu ach
boghana beaga agus sgiathóga, agus beara sailighe. Ach
Gréagaigh do chlaoidhe agus Boiótaigh, agus Phócaigh,
agus Atéinigh, agus Arcadaigh na dtrom arm, agus
an mharcshluagh Thettalach, agus lucht sleagh na n-Eléiach,
agus sgiathadóirí na Mantíneach; nú na Trácaigh do
láimhseáil, nú na h-Illúraigh, nú na Paiónaigh; b'shin
obair! Ach Méidigh, agus Persaigh, agus Chaldéigh;
fir mheathta, lucht ornáidí óir! Nách éol duit gur
dhein an deich míle fear úd a chuaidh suas i n-aonfheacht
le Chléarcos iad san do chlaoidhe rómhat, agus conus
mar nár fhanadar le teacht chun lámha, ach gur theicheadar
gan urchar 'ghá sroisint.
Alegs. Ach na Scútaigh, a athair, agus elephaint na
n-Indiathach, níor bh'obair ró shuarach iad. Do chlaoi-
dheas iad san, gan iad do chur i gcoinnibh a chéile agus
gan buadh do cheannach le feall. Agus níor dheineas
dearbhú éithigh riamh, ná níor thugas geallamhaint bhréa-
gach, ná níor bhriseas mo gheallamhaint, chun buadh
dh'fhághail. Ach i dtaobh na nGréagach, do ghlacas chugham
iad san gan fuil. Agus na Tébigh leis d'airighis, is
dócha, cad a dheineas leó san.
Pil. Is eól dom na neithe sin go léir. D'innis
Cleitos dom iad, an fear úd a mharbhuighis-se le
h-urchar sleighe ag an mbórd, toisg a bheith de dhánacht
ann gur mhol sé mise seachas do ghníomhartha-sa. Agus
do chaithis-se dhíot an brat Macedónach agus chuiris umat,
i n'inead, an rud ar a dtugtar candus, agus chuiris
an tíára díreach thuas ort agus bh'áil leat go n-adharfadh
saor-chlanna Mhacedón tu! Ansan, mar bhara ar gach
áiféis, dheinis aithris ar nósaibh na ndaor-aicme. Ní
thráchtfad ar na neithibh eile do dheinis, ag cur éigse
isteach i dteannta na león, agus ag déanamh na gcleamh-
nas úd, agus an grádh míchuibhsach úd a bhí agat do
h-Ephaistión. Do mholas aon nídh amháin nuair airigheas
é, 'sé sin, do staonais ó mhnaoi Dhareíos, bíodh gur
bhean áluinn í, agus thugais aire d'á mháthair agus d'á
chlainn inghean. Bearta ríoga iad san.
Alegs. Ach mo thugthacht do dhul i mbaoghal, a athair,
ná molan tu é, agus go rabhas ar an gcéad duine
do léim thar falla isteach i n-Ocsudracaibh, agus ar
ghlacas de chréachtaibh?
Pil. Ní mholaim an nídh sin, a Alegsandeir. Ní
h-amhlaidh ná measaim gur rud oirdheirc do rí créachta
do ghlacadh ar uairibh agus dul i mbaoghal i dtosach a
shlógh. Ach níor oir an nídh sin duit-se ach go dian olc.
Bhís at' dhia, mar dh'eadh, agus dá ngoinfí thu agus go
bhfeicfí thu dod' bhreith ó'n gcath ad' bheartán, agus do
chuid fola leat, agus tu ag gearán leis an gcréacht,
ba chúis gháire é d'á bhfeicfadh aoinne é. Bheadh Ammón
'n-a dhia bhréagach agus i n-fháig bhréagach agus a lucht
feasa 'n-a lucht plámáis. Nú cé h-é ná gáirfadh
nuair a chífadh sé mac Zeúis ag dul i laige agus i ngátar
liagh chun fóirithint air? Agus anois féin, ó ataoi tar
éis bháis, nách dóich leat gur 'mó duine atá ag fonóid
um an dtaca so fé'n leogaint-ort úd nuair a chíd
siad corpán an dé sínte amach agus é ag borradh agus
ag bréanadh mar bheadh aon chorpán? D'á éaghmais sin,
an tairbhthe úd adubhraís, a Alegsandeir, .i. tu dh'fhághail
bhuaidh go saoráideach d'á dheasgaibh, is amhlaidh a bhain
sé go mór ód' ghníomharthaibh oirdhearca. D'fheuch gach
aon rud suarach nuair a tuigeadh gur dhia an té a
dhein é.
Alegs. Ní h-é sin machtnamh na ndaoine am' thaobh-
sa. Is amhlaidh atáid siad am' chur i gcomparáid le
Heraclés agus le Díonusios. Agus feuch féin gur
mise do ghaibh an Aornos agus nár ghaibh aoinne de'n
bheirt úd í.
Pil. An dtugan tu fé ndeara go bhfuilir ag rádh
na cainnte sin díreach mar adéarfadh mac Ammóin í
ad' chur féin i gcomparáid le Heraclés agus le
Díonusios? Nár chóir go mbeadh náire ort, a Aleg-
sandeir, agus go gcurfá uait an bhaothaireacht agus go
dtuigfá thu féin, .i. ná fuil ionat anois ach duine marbh?
XVII.
MENIPPOS AGUS CERBEROS.
Men. A Cherberois, tá gaol agam-sa leat, feuch,
mar is gadhar me féin. Innis dom, fé bhrígh Stúcs,
conus fheuch Socratés agus é ag teacht chughaibh anuas.
Tá sé chómh dleaghthach duit-se, nuair is áil leat é,
cainnt a dhéanamh ar nós duine agus atá sé
duit amhstarach a dhéanamh, mar dia iseadh thu.
Cerb. Abhfad uaim, a Mhenippois. Ba dhóich leat air
go raibh sé ag teacht gan blúire d'atharú gné air agus
gan puinn eagla roimis an mbás aige, agus gur mhian
leis san do chur 'n-a luighe ar an muinntir a bhí 'n-a
seasamh lasmuich de'n dorus. Ach nuair a chrom sé
síos isteach sa pholl agus nuair a chonaic sé an doirch-
eacht, agus mise 'ghá ghearradh leis an meacain táthabha
nuair a stadadh sé, go dtí gur rugas ar chois air agus
gur tharraigeas anuas é, do bhéic sé, mar a dhéanfadh
gárlach, ag éagcaoine a chlainne agus 'ghá chasadh féin
ó thaobh taobh.
Men. Agus an amhlaidh ná raibh ann ach fealltóir,
agus nár dhein sé ach a leogaint air neamhshuím do
bheith aige sa sgéal?
Cerb. Ní h-amhlaidh; ach nuair a chonaic sé ná raibh
aon dul uaidh aige thug sé aghaidh air go dána, chómh
maith agus gur le n-a thoil a dh'fhuilig sé an nídh ná raibh
dul uaidh aige, agus go ndéanfadh na daoine a chonaic
é iongna dhe. Ach i gcómhnuidhe isé rud a bhíon agam
le rádh i dtaobh an saghas san daoine ar fad, 'ná go
mbíd siad go dána agus go fearamhail go sroisid
siad an dorus; ach isiad na neithe laistigh a thaisbeánan
an fhírinne.
Men. Agus conus a thánag-sa anuas chughat dar
leat?
Cerb. Is tu an t-aoinne amháin, a Mhenippois, a
tháinig mar ba chuibhe d'fhear ded' chine teacht; agus
Díogenés rómhat, mar ní h-i nbhúr n-aindeóin a thán-
abhair, ná fé thiomáint, ach go toiltheanach, ag gáirí,
agus 'ghá rádh leis an gcuid eile bheith ag gol.
XVIII.
h-ERMÉS AGUS CHÁRÓN AGUS
MENIPPOS.
Chár. Tabhair dom an díoluidheacht, a Bhitheamhnaigh!
Men. Bí ag béicigh, a Cháróin, má 'sé a thaithnean
leat.
Chár. Díol me as tu thabhairt anall adeirim leat!
Men. Ní féidir duit rud fhághail ó'n té ná fuil
rud aige.
Chár. An bhfuil aon duine ná fuil obolos aige?
Men. Ní fheadar-sa an bhfuil aon duine eile ná
fuil obolos aige ach tá fhios agam ná fuil sé agam
féin.
Chár. Dar Ploutón ach tachtfad tu mara ndíolair
me, a chuirpthigh!
Men. Bain liom agus sgoilfad do cheann leis an
maide seo.
Chár. Agus an i n-aisge mheasfá a leithéid d'iom-
ramh a bheith agat?
Men. Díoladh h-Ermés tú thar mo cheann ó isé
thug chughat me.
h-Er. Dar fiadh ach is mise bheadh beirtha leis, a bheith
orm díol, leis, as na mairbh.
Chár. Ní'lim chun sgarmhaint leat.
Men. Má 'seadh tarraig isteach an bád agus fan
ansan. Ach conus a gheóbhair an rud ná fuil agam?
Chár. Ná raibh 'fhios agat go raibh ort é thabhairt
leat?
Men. Bhí 'fhios agam é, ach ní raibh sé agam. An
amhlaidh ba cheart dom gan bás d'fhághail nuair ná raibh
an t-airgead agam!
Chár. Agus an amhlaidh a bheir-se ar an aoinne amháin
a mhaoidhfidh go dtáinig sé anall i n-aisge?
Men. Níor thánag i n-aisge, a dhuine mhacánta.
Bhíos tamal ag taoscadh, agus tamal ar rámh, agus is
me an t-aoinne amháin de'n lucht taistil ná raibh
ag gol.
Chár. Ní bhainid na neithe sin i n-aon chor leis an
ndíoluidheacht. Caithfir an t-obolos do thabhairt uait.
Ní ceart an sgéal a bheith ar a mhalairt de shlighe.
Men. Má 'seadh cuir thar n-ais ar an saoghal me.
Chár. Tá go breágh! Agus ansan cuirfidh Aiacos
pionós orm d'á dheasgaibh sin!
Men. Éist do bhéal, má 'seadh, agus ná bí am'
bodhradh.
Chár. Cad 'tá sa mhála san agat?
Men. Lúpíní, feuch, agus suipéar Ecaté.
Chár. Cad é an áit as ar thugais chughainn an madra
so, a h-Erméis? Agus a raibh de chaidiriáil aige ar an
slighe! Agus é ag magadh fé'n lucht taistil go léir
agus ag fonóid fútha. É féin ag amhrán agus iad-san
ag gol.
h-Ermés. Nách eól duit, a Cháróin, cad é an saghas
fir an fear so a thugais leat anall? Fear atá saor
dáiríribh agus gan beann aige ar aon nídh. Sidé
Menippos agat.
Chár. Am briathar féin ach má gheibhim-se greim airís
ort-sa —
Men. Má gheibhean tu, a fhir mhaith — ach ní bhfaighir
greim orm an tarna h-uair.
XIX.
DÍOGENÉS, ANTISTENÉS, AGUS CRÁTÉS.
Díog. Feuch, a Antistenéis agus a Chrátéis, tá an
chaoi againn. Cad é an bac atá orainn d'á bhrígh sin,
imtheacht láithreach agus dul go dtí béal doruis na
slighe anuas, go bhfeicimíd na daoine atá ag teacht,
feuchaint cad é an saghas iad agus cad 'tá ag gach
duine acu 'á dhéanamh.
Ant. Gluaisimís, a Dhíogenéis. Ní radharc gan
sult é, cuid acu dh'fheisgint ag gol agus cuid acu
ghá iarraidh go leogfí as iad; cuid acu ag teacht
anuas go ríghin agus i gcoinnibh a gcos, bíodh go
mbíon h-Ermés 'á gcaitheamh i ndiaidh mhullaigh a
gcinn, agus iad ag cur 'n-a choinnibh, ar a gcromadh,
nídh ná fóirean.
Crát. 'Neósfad-sa dhaoibh cad a chonac féin agus me
ag teacht anuas an tslighe sin.
Díog. Dein, a Chrátéis. Deabhruighean tú go bhfuil
neithe greannamhra agat le h-innsint.
Crát. Bhí a lán eile ag teacht anuas i n-aonfheacht
linn, agus maithe móra ar a measg. Bhí Isménodóros,
an fear saidhbhir seo againne, ann, agus Arsácés
riaghaltóir Mhédia, agus Óroítés an t-Arméneach. Ach
Isménodóros, is amhlaidh a bhí sé ag dul go h-Elúsína,
mar a mheasaim, agus nuair a bhí sé i n-aice Chitairóin
do mhairbh lucht foghla é. Bhí sé ag béicigh agus greim
'n-a dhá láimh aige ar a chréacht agus é ag glaodhach ar
a pháistíbh beaga a bhí fágtha 'n-a dhiaidh aige, agus
é ag spídiúchán air féin mar gheall ar a dhánacht, mar
gur ghaibh sé tré Chitairón, agus tré chrích Eleúterai,
áiteana a bhí 'n-a bhfásach ó chogadh, agus gan aige
ach beirt seirbhíseach, bíodh go raibh 'n-a sheilbh aige
chúig cuacha óir agus cheithre chrúsca. Ach i dtaobh
Arsácéis, fear aosta ab eadh é, agus dar fiadh
níor bh'olc a ghnúis, ach bhí sé chómh mór buile le barbarach
mar gheall ar bheith 'n-a chuis, agus é 'ghá iarraidh ortha
a chapal a thabhairt chuige. Is i n-aonfheacht a thuit sé
féin agus a chapal le h-aon bhuille amháin ó sgiathadóir
Thrácach éigin sa ghleic leis an gCapadóch ar bruach
abhan Aracsés. Is amhlaidh a ghluais Arsácés, mar
adubhairt sé, abhfad amach ó'n sluagh. Do sheasaimh an
Trácach an fód, ámhthach, agus do chas sé píce Arsácéis
i leithtaoibh le n-a sgéith féin. Ansan do chuir sé a
shleagh faoi agus chuir sé tríd féin agus tríd an
gcapal í.
Ant. Conus ab fhéidir, a Chrátéis, san do dhéanamh
le h-aon bhuille amháin?
Crát. Fuiriste go maith, a Antistenéis. Do ghluais
seisean ar aghaidh agus píce n-a raibh fiche bannlámha
ann sínte uaidh amach aige, ach nuair a chuir an Trácach
an píce i leithtaoibh le n-a sgéith agus nuair a bhí an rinn
imthighthe thairis do leog sé é féin ar a leath ghlúin agus
do ghlac sé an fogha ar a phíce féin agus do
ghoin sé an capal sa n-ucht. Le fuinneamh agus
le dásacht a ghluaiste do chuir an capal an píce
tríd féin agus chuaidh an píce tré Arsácés chómh
fada le n-a phlaicíbh. Chíon tú conus mar a thárla?
Ní h-é an fear a dhein an gníomh ach an capal. Mar sin
féin bhí sé ar buile mar gheall ar é bheith ar aon dul
leis an gcuid eile. Níor bh'fholáir leis teacht anso
anuas, ar muin capail. Ach Óroítés, duine bocht
símplidhe ab eadh é, agus bhí sé leicthe 'n-a chosaibh i
dtreó ná raibh ar a chumas seasamh ar an dtalamh ná
siubhal. Bíd na Méidigh go léir ar an gcuma san
nuair a thúirlingid siad d'á n-eachaibh. Tógaid siad
a gcosa mar a dhéanfadh daoine bheadh ag siubhal tré
dheilgnibh agus is ar éigin a chuirid siad aon tslighe
dhíobh. Do chaith Óroítés é féin ar an dtalamh agus
ní eireóchadh sé. Ba mhaith an mhaise ag h-Ermés é; do
thóg sé ar a bhaclainn é agus thug sé leis an so é go
dtí an bád; ach bhíos-sa ag gáirí.
Ant. Am' thaobh-sa dhe, nuair a bhíos ag teacht anuas
níor thánag ameasg na cod' eile. D'fhágas am' dhiaidh
iad ag gol agus do ritheas chun an bháid agus d'aim-
sigheas inead fóghanta i dtreó go mbeadh iomramh ar
mo shástacht agam. An fhaid a bhíomair ar an slighe
bhíodar-san ag gol agus breóiteacht faraige ortha
agus bhí spórt agam-sa ortha.
Díog. Siniad an saghas cuideachtan a bhí agat-sa,
a Chrátéis, agus agat-sa, a Antistenéis, ach bhí ag teacht
anuas i n-aonfheacht liom-sa Bleipsías an t-úsúire ó'n
bPiraeus, agus Lámpis ó Acarnán, rí féinne na slógh
iasachta, agus Dáimis an fear saidhbhir úd ó Chorint.
Fuair Dáimis bás le nimh a thug a mhac féin dó. Agus
do mhairbh Lámpis é féin tré ghrádh do'n striapaigh
Múrtión. Deirtí gur fheóch Bleipsías leis an ocras
agus go raibh sé mílítheach thar na beartaibh agus ana
chaol ar fad, agus bíodh go raibh 'fhios agam, d'fhia-
fraigheas cad é an bás do ghaibh é. Ansan, nuair a bhí
Dáimis ag daoradh a mhic, "Níor dhein sé leat ach an
ceart," arsa mise leis. "Bhí suas le míle talant
agat agus tu ad' chothú féin go sóghail i n-aois do dheich
mblian agus cheithre fichid, agus gur cheithre h-obolois
a thugtá do'n bhuachaill agus é ocht mbliana déag. Ach
tusa, a Acarnánaigh (bhí sé sin ag osnuíol, leis, agus
ag easgainí ar Mhúrtíon), cad chuige dhuit bheith ag
cionntú an ghrádha, at' inead féin? Níor ghlacais eagla
riamh roim namhaid. Bhíthá roim chách sa bhaoghal ag
troid, agus sin claoidhte thu, a thréinfhir, le h-osnaíbh
agus le deóraibh bréige, ag striapaichín phoibilidhe."
Ach i dtaobh Bhleipsíais, is amhlaidh a bhí sé féin 'á
dhaoradh féin rómham mar gheall ar mhéid a dhíthcéille,
ag cimeád saidhbhris d'oighríbh nár bhain leis, 'ghá cheapadh
go mairfadh sé go deó, an t-amadán. Ach bhí spórt
neamhchoitchianta agam-sa ortha agus iad ag lógóireacht.
Seo ag béal an doruis sinn, ámhthach, cheana féin. Ní
mór dhúinn feuchaint uainn ar na daoine atá ag teacht
agus iad do thabhairt fé ndeara.
Aililiú! Cad a bhfuil ann díobh! Agus nách
ilshaghseach iad! Agus iad go léir ag sile ach na leinbh
agus na naoidheana! Agus siniad na seandaoine ag
gol.
Cad é seo ortha? An deoch-ghrádha a tugadh dóibh
do'n bheatha. Ní mór dhom an seanduine seo do
cheistiú.
"Cad chuige dhuit bheith ag sile agus tu ag faghail
bháis chómh h-aosta? Cad chuige an bhuairt, a dhuine
mhacánta, agus tu ag teacht anso ad' sheanduine? Rí
ab eadh thu is dócha?"
An Duine bocht. "Níor bh'eadh go deimhin."
Díog. "Rí féinne b'fhéidir?"
An Duine bocht. "Níor bh'eadh."
Díog. "An amhlaidh a bhís ana shaidhbhir agus go
bhfuil buairt ort toisg tu fhághail bháis agus sgar-
amhaint leis an sógh go léir?"
An Duine bocht. "Ní h-aon rud de'n tsórd san é.
Ach bhíos deich mbliana agus cheithre fichid, agus do
chaitheas beatha shuarach ag brath ar mo shlait agus ar
mo ruaimnigh, agus me go fíor-dhealbh, gan chlainn,
agus me bacach agus leath-chaoch."
Díog. Agus bíodh gur mar sin a bhí an sgéal agat
ar mhian leat bheith beó?
An Duine bocht. "Ba mhian, mar ba bhreágh é an
solus agus ba sgannramhail é an bás, agus
b'insheachanta."
Díog. As do mheabhair ataoi, a sheanduine, ag
leanbaidheacht leis an gcineamhaint, agus tu chómh
h-aosta leis an mbádóir féin. Cad tá ag aoinne le
rádh feasta i dtaobh daoine óga nuair atá seandaoine
chómh mór i ngrádh le beatha? Gur chóir gur ag rith chun
an bháis a bheidís chun na n-olc san an aois do leigheas.
Ach imthighmís as so le h-eagla go measfí gur ag cuimh-
neamh ar éalódh a bheimís nuair a chífí sinn chómh cómhgarach
do'n doras.
XX.
CHÁRÓN, NÚ NA FEUCHADÓIRÍ. h-ERMÉS AGUS
CHÁRÓN.
h-Erm. Cad tá ad' chur ag gairí, a Cháróin? Nú
cad fé ndeara dhuit do bhád d' fhágaint ad' dhiaidh agus
teacht anso aníos? Go dtí indiu níor ghnáth leat
puinn taithighe dhéanamh de sna gnóthaíbh seo lastuas.
Chár. Is amhlaidh a tháinig mian dom, a h-Erméis,
radharc fhághail ar na neithibh atá lastuas, nú go bhfeicfinn
cad a bhíon ar siubhal sa bheatha, nú cad a chaillid na
daoine a théidhean síos ag triall orainn go mbíd siad
go léir ag gol. Ní théidhean aoinne acu treasna
an uisge ach ag gol. Ar nós an Tettalaigh óig úd,
d'iarras féin cead ar Ádés bheith ó'n mbád aon lá amháin
agus thánag aníos sa tsolus. Agus measaim gur
maith mar a thárla, me bhualadh umat-sa, mar tá fhios
agam, ó táim iasachta, go dtiocfir liom ag taisbeáint
gach aon ruda dhom agus am stiúrú, ó's agat atá gach
eólus.
h-Erm. Ní'l an uain agam, a bhádóir. Do thánag
chun gnóthaí éigin daona do dhéanamh do Zeús atá
thuas. Tá sé siúd teasaidhe, agus is eagal liom dá
ndeininn ríghneas go dtabharfadh sé suas do'n dor-
chadas me agus go bhfágfadh sé agaibh thíos me ar fad,
nú go ndéanfadh sé liom mar a dhein sé go déanach le
h-Ephaistos, .i. breith ar chois orm agus me chaitheamh le
fánaidh ó tháirsigh neimhe, agus ansan go mbeadh ciscéim
bacaighe ionam-sa, leis, agus iad ag gáirí umam nuair
a bheinn ag dáil an fhíona.
Chár. Agus an amhlaidh fhágfir me ag fánaidheacht ar
an dtalamh, agus tu ad' chomhalta agam, agus ad,
chómhmháirnéalach, agus ad' chómhsheirbhíseach (nú, ad
chómhthiománaidhe ar na mairbh). Go deimhin féin, a
leinbh Mhaia, níor mhiste dhuit cuimhneamh ar na neithibh
úd, .i. conus mar nár chuireas tu riamh ag taosgadh,
ná ar bhata rámha, ach go mbíthá sínte ar an úrlár
ag sranntarnaigh, agus do shlinneána chómh leathan,
chómh láidir; nú, dá mbuaileadh samhail éigin
chainnteach umat, tu ag cómhrádh leis ar feadh na slighe
go léir. Agus me féin, ó's me atá aosta, ag tarrac
an dá bhata rámha am' aonar. Ar ghrádh t'athar, a
h-Erméisín an chroidhe, ná tréig me! Ach teagaisg
me ins gach nídh a bhainean leis an mbeatha, i dtreó go
mbeidh mé tar éis rud éigin d'fheisgint nuair a raghad
thar n-ais. Má fhágan tusa me is cuma me nú na daill.
Bíd siad-san ag tuisliú agus i riocht tuitim sa doir-
cheacht; agus mise am' chaochán sa tsolus agat. Dein,
a Chulléinigh, an méid sin dom agus cuimhneóchad air
go deó dhuit.
h-Erm. Seadh, ach tabharfidh an gnó so bataráil
orm-sa! Ní baoghal 'ná go bhfeicim cheana féin nách gan
dórnáil ar fad a chuirfimíd na cuarda so dhínn. Ach
mar sin féin ní foláir rud a dhéanamh ort. Cad is
féidir a dhéanamh i n-aghaidh tathant carad? Ní'l ar
cumas, ámhthach, a bhádóir, radharc fé leith a thabhairt
duit go cruinn ar gach nídh. Níor mhór ríghneas mórán
blian chuige sin. Ansan do chuirfadh Zeús fógra
amach 'ghá rádh gur euluigheas-sa liom féin, agus
bheifá-sa coisgithe ar ghnó an bháis a dhéanamh agus
díobháil déanta do rígheacht Phlútó agat toisg thu bheith
chómh fada gan marbh a bhreith anonn, agus níor mhaith
le fear an chustuim, le h-Aiacos, bheith chómh fada gan
obolos d'fhághail. Ach breithnighmís conus radharc a
thabhairt duit ar na cinn-neithibh.
Chár. Bhreithnigh-se féin, a h-Ermés, cad is fearr.
Ní'l aon eólus agam-sa ar neithibh uachtair na talmhan.
Ní'l ionam ach duine iasachta.
h-Erm. Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Cháróin,
ní mór dúinn árdán éigin d'fhághail i dtreó go mbeidh
radharc agat uaidh ar gach aon rud. Dá bhféadfá-sa
dul suas ar neamh ní bheadh deacracht ar bith sa sgéal.
Chífá gach aon rud, ó thúr faire, go soiléir. Ach ó nách
dleaghthach do'n té a bhíon do ghnáth i gcómhluadar samhal
dul suas go ríghtheaghlach Zeúis ní mór dhúinn cnoc
árd éigin d'aimsiú.
Chár. Nách eól duit, a h-Erméis, cad is gnáth liom-
sa a rádh libh-se nuair a bhímíd ar uisge? Nuair a
bhuailean an ghaoth go láidir ar an anairt, agus an
anairt ag lúbadh fúithi, agus an tonn ag eirighe go
h-árd, ansan adeirthí-se, tré ainbhfios, an anairt
d'fhille nú an téad do leogaint amach beagáinín, nú
gluaiseacht leis an ngaoith. Ach órduighim-se dhaoibh
fanmhaint socair mar gur agam atá fhios cad is fearr.
Ar an gcuma gcéadna dein-se anois an rud is dóich
leat is fearr, ó's tu is stiúrthóir anois, agus déanfad-
sa dálta lucht taistil, suidhe síos go ciúin agus rud
a dhéanamh ort-sa ins gach nídh.
h-Erm. Tá an ceart sa méid sin agat, a Cháróin.
XXI.
h-ERMÉS AGUS CHÁRÓN.
h-Erm. Tá an ceart sa méid sin agat, a Cháróin.
Feuchfad féin cad is ceart a dhéanamh agus déanfad
amach áit chun radhairc. Ní fheadar a' ndéanfadh an
Chácasach an gnó, nú Parnassos, ó isé atá níos aoirde,
nú Oluimpos, ó's aoirde é 'ná ceachtar díobh. Agus
go deimhin, ag feuchaint ar Oluimpos dom anois tháinig
nídh nách baoth i gcuimhne dhom. Ach caithfir-se cong-
namh a thabhairt dom agus rud a dhéanamh orm.
Chár. Abair an focal. Déanfad-sa rud ort chómh
fada lem' dhítheal.
h-Erm. Deir an file, h-Ómér, gur dhein clann
Alóeuis an sliabh san Ossa do stracadh ó n-a bhunaibh
agus do chur anáirde ar Oluimpos, agus ansan gur
chuireadar Pélion anáirde ar Ossa, agus ansan go
raibh, dar leó, dréimire acu chun dul suas ar neamh.
Beirt acu a bhí ann agus ní raibh ionta ach beirt leanbh.
Do cuireadh pionós ar an mbeirt sin, mar cuirpthigh ab
eadh iad. Ní mar sin do bheirt againne, ní'l ar ár
n-aigne díobháil a dhéanam do sna déithibh. Cad é an
bac atá orainn, d'á bhrígh sin, rainnt de sna cnocaibh
do chur ar muin a chéile ar an gcuma gcéadna
agus árdán a dhéanamh dúinn féin n-a mbeidh radharc
breágh gléineach fada fairsing againn ó n-a bhara.
Chár. Agus ní fheadar an bhféadfimíd, a h-Erméis,
agus gan ann ach beirt againn, Pélion nú Ossa do
thógaint agus do chur anáirde ar chnoc éigin eile?
h-Erm. Cad 'n-a thaobh ná féadfaimís, a Cháróin. An
amhlaidh is dóich leat gur laige sinne 'ná an bheirt
leanbh úd, agus sinn i n-ár ndéithibh?
Chár. Ní h-amhlaidh; ach feuchan a leithéid de ghníomh
deacair thar barr am' shúilibh-se.
h-Erm. Feuchan gan amhras, a Cháróin, mar duine
gan tabhairt suas iseadh thu agus ní'l aon fhéith
filidheachta ionat. Ach siné h-Ómér, feuch, an file
uasal, le h-aon dá dhán amháin do chuir sé ar ár gcumas
dul suas ar neamh, chuir sé na cnuic ar muin a chéile
chómh tapaidh sin, le neart filidheachta. Agus go
deimhin is iongna liom tusa ag déanamh oiread suime
de'n obair, agus aithne, gan amhras, agat ar Atlas
n-a bhfuil an chruinne go léir ar a mhuin aige, agus go
n-iomparan sé a bhfuil d'ualach ionainn go léir agus
sa domhan go léir, agus é i n'aonar. B'fhéidir gur
airighis i dtaobh mo dhrithár, h-Éraclés, conus mar
a thóg sé an t-ualach de'n Atlas céadna san. Chuir
sé a dhá shlinneán féin fé'n ualach agus do bhog sé de
ghuailnibh Atlais é ar feadh tamail.
Chár. D'airigheas trácht ar na neithibh sin, a h-Erméis,
ach is agat-sa agus ag na filíbh atá 'fhios an fíor iad.
h-Erm. Is fírinne ghlan iad, a Cháróin. Nú cad a
bhéarfadh go labharfadh daoine léigheanta éitheach? Seo!
Bogaimís suas Ossa ar dtúis, fé mar a thaisbeánan
an Gobán Saor úd, h-Ómér, dúinn conus é dhéanamh
sa dán úd:-
"Curtar anáirde ar Ossa
Pélion an duileabhair ar crothadh,"
Feuch siné an gnó déanta! Agus chómh tapaidh! Nách
cómhachtach an rud an fhilidheacht san! Raghad suas
anois feuchaint an ndéanfidh an méid sin an gnó
nú an gádh dhúinn tuille chur anáirde. Achaidhe!
Ní'limíd ach chómh fada suas le bun Oluimpuis fós. Ní'l
radharc againn soir ach ar éigin chómh fada le h-Iónia
agus le Lúdia, agus ní'l radharc siar ach ar an Iodáil
agus ar Shicilia. Ní'l radharc óthuaidh ach ar na tíor-
thaibh atá ar an dtaobh abhus de'n Ister, agus ansan
féin ní ró shoiléir a chítear Crété. Caithfimíd Oité do
thógáilt d'á bunaibh, A bhádóir, agus ansan Parnassos
do chur anáirde ortha go léir.
Chár. Deinimís é sin. Ach tugaimís aire gan an
obair a dhéanamh ró chaol agus sinn ag dul chómh
h-árd ar fad léi, le h-eagla go dtuitfimís féin agus
an obair ar muin mairc a chéile agus go mbeadh h-Ómér
'n-a Ghobán Saor theinn againn nuair a bheadh ár bplaois-
geana briste.
h-Erm. Ná bíodh ceist ort. Raghaidh gach nídh chun
cinn go h-áluinn. Aistirigh Oité. Iompuigh a leith an
Parnassos san. Siné. Raghad suas airís. Tá go
maith. Chím gach aon áit. Tar-sa aníos.
Chár. Sín chugham do lámh, a h-Erméis. Ní ró íseal
an foirgneamh é seo n-a bhfuilir am breith suas air.
Tá an áit sin ana fhada suas.
h-Erm. Ní foláir leat gach nídh a dh'fheisgint, a
Cháróin. Ní féidir an dá dhúil sin a thabhairt d'á chéile,
.i. dúil i mbaoghal do sheachaint agus dúil i radharcaibh
móra. Ach beir do ghreim ar mo láimh dheis-se agus ná
cuir do chos i n-áit sleamhain. Siné! Is maith é sin.
Taoi-se anáirde, leis. Agus ó tá an dá bheinn ar
Pharnassos so suidhmís ar bheinn acu an duine againn.
Feuch ad' thímpal anois agus tabhair fé ndeara gach
aon rud.
Chár. Chím mórán tailimh agus mar a bheadh loch mór
uisge 'n-a thímpal, agus cnuic, agus aibhní atá níos
mó 'ná Cócutos agus 'ná Periphleigethon, agus daoine
ana bheaga, agus cuid d'á dtalamhógaibh.
h-Erm. Catharacha iad san, a Charóin, ar a dtugan
tú talamhóga.
Chár. Feuch, a h-Erméis, ní'l aon rud déanta
againn, agus is saothar i n-aistear dúinn na cnuic
seo go léir do chur anáirde ar a chéile; Parnassos
agus Castália agus Oité, agus an chuid eile acu.
h-Erm. Conus san?
Chár. Mar ní'l radharc glan agam ar aon rud ó'n
áit árd so. Bhíos ar aigne, ní h-amháin na cnuic agus
na catharacha dh'fheisgint, fé mar a chítear ar chairt iad,
ach na daoine féin, leis, a dh'fheisgint, agus na neithe
a bhíon ar siubhal acu, agus éisteacht le n-a gcainnt.
Is cuimhin leat go rabhas ag gáirí nuair a bhuailis umam
ó chiainibh agus gur fhiafraighis díom cad a bhí am' chur
ag gáirí. Is amhlaidh a dh'airigheas rud éigin a dhein
sult mór dom.
h-Erm. Agus cad é an rud é, 'sdó?
Chár. Duine a bhí ag fághail cuire chun dínnéir,
i gcóir an lae amáirigh is dóich liom, ó dhuine mhuinn-
teartha dhó. "Raghad gan amhras," ar seisean. An
fhaid a bhí an focal ag teacht as a bhéal do thuit slinn
de bhuaic an tighe, pé rud a bhog í, agus mhairbh sí é.
Níor fhéadas-sa gan gáire dhéanamh i dtaobh na geall-
amhna úd — ná cómhlíonfí. Is dóich liom go gcaithfad
dul síos i dtreó go bhféadfad neithe dh'fheisgint agus
do chloisint níos fearr.
h-Erm. Fan mar atá agat. Leighisfad-sa an méid
sin, leis, duit agus tabharfad radharc géar go maith
dhuit láithreach le deismireacht bheag eile a' h-Ómér.
An fhaid a bheidh mé ag rádh na bhfocal ceap-se at'
aigne gan bheith caoch-shúileach a thuille.
Chár. Seadh, comáin leat.
h-Erm. "An smúit seo ar do shúilibh glantar díobh é
Go n-aithnighir ó chéile déithe a's daoine."
Seadh! Conus 'tá an sgéal agat? An bhfeicean
tú neithe anois?
Chár. Go h-iongantach! Dall ab eadh an Luncéach
úd seachas me. Seadh anois, freagair-se ceisteana
dhom-sa agus teagaisg me ar an gcuma san. Nú
b'fhéidir gur mhaith leat go gcuirfinn na ceisteana
chughat a' h-Ómér. Ní gan eólus ar dhántaibh h-Óméir
atáim-se, bíodh 'fhios agat é.
h-Erm. Airiú cá bhfaghfá-sa eólus ar h-Ómér ná ar
a dhántaibh, agus ná rabhais riamh ach ag gabháil do bhád
agus do bhataíbh rámha!
Chár. Feuch anois, sin masla agat 'á thabhairt dom'
chéird! Nuair a bhíos 'á bhreith anonn tar uisge bhí
cuid d'á fhilidheacht aige d'á ghabháil agus is cuimhin
liom fós na dánta a ghaibh sé. Tháinig stoirm orainn
mar gheall ortha. Bhí dán aige 'á ghabháil ná raibh ró
rathmhar do lucht taistil faraige. Conus mar a bhailigh
Neptún na sgamail agus mar a ghríos sé an fharaige
agus mar a sháidh sé síos innti a shleagh trí mbeann,
mar a sádhfí bata leitean, ag suathadh an uisge agus
ag cur stoirmeacha ar siubhal, agus ag déanamh a lán
eile toirmisg; go dtí gur dhúisigh na dánta stoirm
i n-ár dtímpal féin agus go dtáinig doircheacht i n-ár
dtímpal, i dtreó gur dhóbair go n-iompuightí an bád
orainn. Ansan do tháinig breóiteacht faraige air
féin agus do tháinig na h-úirlicí chómh dian san air
gur steall sé amach uathbhás de'n fhilidheacht. Níor
stad sé go dtí gur aisig sé amach chughainn Sculla
agus Caribdis agus an Cuclops féin.
h-Erm. Níor dheacair beagán do phiocadh a' h-aisiog
chómh mór san.
Chár. Innis dom, má 'seadh:-
"Cé h-é an fear cumasach osgartha buacach árd
Ná téidhean cách uile ach go bunaibh a mhór shlinneán?"
h-Erm. Míló, an t-iomrasgálaidhe, é sin. Táid na
Gréagaigh 'á mholadh mar tógan sé tarbh ar a bhaclainn
agus beirean sé leis é treasna na páirce.
Chár. Agus nách mó go mór ba cheart dóibh mise do
mholadh, a h-Erméis, nuair a thógfad, i gceann tamail
bhig eile, an Míló céadna san agus chuirfad isteach sa
bhád é nuair a bheidh sé ar lár ag an mbás, an t-iomras-
gálaidhe mór, a thabharfidh dó an cor coise nách eól dó?
Ansan beidh sé againn agus gach aon ghlam aige, ag gol
i ndiaidh na gcoróinní sin agus i ndiaidh an mholta go
léir sin. Tá móráil air anois toisg daoine bheith 'ghá
mholadh mar gheall ar an dtarbh a bhreith leis. Ní fheadar
an bhfuil fhios aige go gcaithfidh sé bás d'fhághail, chómh
maith le cách, uair éigin?
h-Erm. Dhe conus fhéadfadh sé sin cuimhneamh ar an
mbás agus é chómh láidir?
Chár. Sgaoilimís leis. Déanfidh sé sult dúinn lá
éigin, agus ní fada go dtí é, nuair a bheidh sé ar an
mbád againn agus gan é ábalta ar chorrmhíol do
thógaint suas, ní áirighim tarbh. Ach innis an méid
seo dhom. Cé h-é an fear eile úd, an fear stuama
úd? Ó n-a éadach ní mheasaim gur Gréagach é.
h-Erm. Cúros é sin, a Cháróin, mac Chambúséis. An
fear a thug do sna Persachaibh an ímpireacht san a bhí
roimis seo ag na Médachaibh. Ní'l abhfad ó bhuaidh sé
ar na h-Assuriachaibh agus thóg sé Baibilóin. Tá sé
anois ag cuimhneamh, is dóich liom, ar shlógadh dhéanamh
i n-aghaidh Lúdia, chun buadhchtaint ar Chroésus agus an
saoghal go léir do thabhairt fé n-a smacht féin.
Chár. Agus ca bhfuil an Croésus san anois?
h-Erm. Feuch anonn, isteach sa dún úd thall, an dún
n-a bhfuil na trí múrtha 'n-a thímpal. Siné Sardis.
Agus a' bhfeicean tú Croésus féin agus é sínte ar
thulg óir agus é ag cainnt le Sólón an t-Atéineach?
Ar mhaith leat go n-aireóchaimís cad tá acu 'á rádh?
Chár. Ba ró mhaith. (Croés. A Atéinigh a chara,
is léir duit-se méid mo stóir agus mo shaidhbhris,
méid an óir atá agam 'n-a bhlocaibh, agus méid
an ollmhaithis atá agam. Innis dom cé h-é an
fear is dóich leat-sa is mó áthas d'á bhfuil d'fhearaibh
beó?)
Chár. Ní fheadar cad é an freagra thabharfidh Sólón
ar an gceist sin?
h-Erm. Freagra éigin uasal gabhaim-se orm. (Sól.
Is ar fhíor bheagán daoine, a Chroésois, atá fíor áthas.
Ach d'á raibh ar m'aithne dhíobh measaim gur b'iad
Cléobhis agus Bitón an bheirt is mó a fuair d'áthas, .i.
beirt mhac na mná-draoi.)
Chár. Beirt mhac na mná úd ó Argos adeir sé.
Chuadar araon fé'n gcuing agus do tharraigeadar a
máthair sa charbad, go dtí an teampul agus fuaradar
araon bás an oidhche chéadna. (Croés. Seadh; sgaoil-
imís leó san. Cé h-é an tarna duine? Sól. Tellos,
an t-Atéineach úd a chaith a shaoghal go macánta
agus ansan do fuair bás ar son a thíre dúchais.
Croés. Ach mise, a chuirpthigh, nách dóich leat gur
fear séanmhar mise? Sól. Ní fheadar fós, a
Chroésuis, gan deire do shaoghail a theacht. Isé an
bás a dh'innsean an fhírinne i neithibh de'n tsaghas
san nuair a leanan an séan ar dhuine go fíor dheire
na sgríbe.)
Chár. Deárna leat, a Shólóin! Is maith a dheinis é
gan sinn a dhearmhad, ach a dh'admháil gurab é an bád
a thaisbeánan an fhírinne in sna neithibh sin. Ach cé
h-iad súd atá ag Croésos 'á chur chun siubhail? Agus
cad é an rud é sin atá ar a nguailnibh acu?
h-Erm. Bluic óir iad san atá aige 'á chur ag triall
ar an bPúitiach, mar dhíoluidheacht as an bhfreagra do
fuair sé, freagra a bheidh 'n-a thrúig bháis dó féin sar
a fada. (Is amhlaidh a bhí fonn ar Chroésos dul chun
chogaidh. Chuir sé ceist ag triall ar an bPúitiach, .i.
ar Apollón, ghá fhiafraighe cad é an séan a bheadh ar
an gcogadh. Tháinig an freagra: "Má deintear an
cogadh so curfar rígheacht láidir ar neamhnídh."
Cheap Croésos gur bh'é rígheact a namhad a chuirfadh sé
féin ar neamhnídh. Chuir sé an cogadh ar siubhal. Do
buadhadh air agus do cuireadh a rígheacht féin ar neamh-
nídh agus do thuit sé féin sa chogadh.)
Chár. Agus an é sin an t-ór, an rud san atá ag
spréacharnaigh? An rud leath-bhán leath-dhearg san?
Sidé an chéad uair agam ghá fheisgint bíodh gur airigheas
teacht thairis go minic.
h-Erm. Siné díreach é, a Cháróin, an ainm ordheirc,
n-a mbíon an coimhsgar go léir ar siubhal mar gheall
air.
Chár. Am briathar ná feicim féin cad é an tairbhthe
atá ann, ach amháin gurb ualach é ar an muinntir a bhíonn
'ghá iompar, ba dhóich liom.
h-Erm. Agus an amhlaidh nách eól duit cad iad na
cathana a thagan uaidh, agus an feall, agus an ghadaidh-
eacht, agus na mionna éithigh, agus an dúnmharbhú, agus
an braighdineas, agus na cuarda fada ar uisge, agus
na gnóthaí ceannaidheachta, agus an sglábhaidheacht?
Chár. Uaidh sin, a h-Erméis, agus gur beag ná gur
cuma é nú prás! Is eól dom cad é an rud prás
mar glacaim an t-obolos, tá fhios agat, ó gach duine
de'n lucht taistil.
h-Erm. Is fíor; ach tá prás flúirseach agus ní bítear
'n-a dhiaidh puinn. Ach bainid na mianadóirí é siúd
aníos as an dtalamh ó dhoimhneas mhór, 'n-a chodaibh
beaga. Is aníos as an dtalamh a baintear é fé mar
a baintear luadh nú aon mhiotal eile.
Chár. Do réir do chainnte is iongantach an daille
inntinne i ndaoinibh é a leithéid de dhúil a bheith acu i rud
chómh buidhe chómh trom.
h-Erm. Ach an Sólón úd, A Cháróin, ní thaisbeánan
sé go bhfuil aon dúil aige ann, mar tá sé ag gáirí um
Chroésos agus um an sgléip a dheinean an barbarach.
Agus is dóich liom gur mian leis ceist do chur chuige.
Éistimís leó. (Sól. Innis dom, a Chroésois, an
dóich leat an bhfuil gádh ag an bPúitiach leis na
blocaibh óir úd? Croés. Dar fiadh ach tá. Ní'l a
leithéid siúd de thabharthas le fághail i n-aon chor aige
i nDeilphos. Sól. Agus an dóich leat go bhfuil áthas
agat d'á chur ar an nDia sin nuair a gheibhean sé na
bluic óir uait-se, i dteannta a bhfuil aige? Croés.
Agus cad 'n-a thaobh ná cuirfinn? Sól. Cuirean tú
'n-a luighe orm, a Chroésois, gur dealbh an saoghal acu é
ar neamh má chaithid siad teacht go Lúdia a d'iarraidh óir
nuair a theastuighean sé uatha. Croés. Agus cad
eile ca bhfuil oiread óir le fághail agus atá le
fághail anso againne? Sól. Innis dom an bhfuil
iaran le fághail i Lúdia? Croés. Ní puinn atá.
Sól. Má 'seadh isé an nídh is fearr atá i n-easnamh
oraibh. Croés. Cad a bhéarfadh go mbeadh iaran níos
fearr 'ná ór? Sól. 'Neósfad-sa san duit, a
Chroésois, ach go bhfreagaróchair ceist uaim gan fearg
do theacht ort. Croés. Cuir do cheist, a Shólóin. Sól.
Ce' cu is fearr an té a dheinean cosaint ar dhaoinibh
eile nú na daoine a cosantar? Croés. An té a
dheinean an chosaint, nídh nách iongna. Sól. Dá
dtagadh Cúros le mór shluagh anso isteach i Lúdia, mar
a shamhluighid rainnt daoine, an claidhmhte óir a churfá-
sa i lámhaibh do shlógh, nú an iaran a bheadh ag teastabháil
an uair sin? Croés. Iaran gan amhras. Sól. Agus
mara bhféadair an t-iaran d'fhághail raghadh do chuid óir
go Persa i bhfuadach. Croés. Focal fóghanta, a dhuine!
Sól. Gan súd mar siúd! Ach measaim go n-ad-
mhuighean tú gur fearr an t-iaran. Croés. Agus an
amhlaidh adéarfá liom na bluic óir úd do thabhairt
thar n-ais agus bluic iarainn do chur 'n-a n-inead
ag triall ar an bPúitiach? Sól. Ní'l aon ghádh aige
le h-aon taobh acu. Ach pe 'cu ór nú prás a chuirfir
ann ní'l agat d'á dhéanamh ach ag cur saidhbhris nú foghla
i dtreó daoine eile, i dtreó na bhFóiceach nú na
mBoióiteach, nú i dtreó na nDeilphiach féin, nú i
dtreó tíoránaigh éigin, nú bitheamhnaigh éigin. Is beag
ag an ndia úd bhúr ngaibhní geala! Croés. Ní'lir-se
choidhche ach ag spídiúchán ar mo chuid saidhbhris agus ag
formad liom mar gheall air.)
h-Erm. Ní féidir leis an Lúdach, a Cháróin, dánacht
agus fírinne na cainnte sin do sheasamh, agus is iongna
leis duine bocht ag nochtadh a aigne dhó gan chrithniú
gan eagla roimis. Ach tá roimis. Cuimhneóchaidh sé
fós ar Shólón agus ní fada go dtí san, nuair a
chaithfidh sé dul suas ar an dteine bháis le h-órdú
ó Chúros. Ní'l abhfad ó dh'airigheas ó Chlótó cad tá
i ndán do'n bheirt, go ngeóbhaidh Cúros an Croésos so
'n-a phríosúnach agus ansan go dtuitfidh Cúros féin
leis an mnaoi Massageiteach úd. An bhfeicean tú
an bhean Scútach úd thall, í siúd atá ar marcaidheacht
ar an each mbán?
Chár. Chím dar fiadh.
h-Erm. Siní Tómuris. Bainfidh sí sin an ceann de
Chúros agus cuirfidh sí isteach i mála é, i mála a bheidh
lán d'fhuil. Agus an bhfeicean tú an t-ógánach úd?
Siné Cambúsés. Beidh sé sin 'n-a rí i ndiaidh a athar.
Tiocfidh na mílte mí-ádh air i Líbua agus i n-Aitiópia
agus fé dheire imtheóchaidh sé as a mheabhair agus mar-
bhóchaidh sé Apis agus gheóbhaidh sé bás.
Chár. Ó cúis gháire chughainn! An té fheuchfadh
anois ortha, agus an mímheas go léir acu ar dhaoinibh
eile, conus a cheapfadh sé gur gearr go mbeidh duine
acu 'n-a phríosúnach agus ceann an duine eile istigh i
mála fola!
XXII.
h-ERMÉS AGUS CHÁRÓN.
(Ar leanmhaint.)
Chár. Ach é siúd, a h-Erméis, n-a bhfuil an t-éadach
corcra fáisgithe uime agus an mionn óir ar a cheann,
cé h-é féin? É siúd n-a bhfuil an cócaire ag tabhairt
an fháinne dhó tar éis an éisg do ghearradh —
"An rí é do shíolraidh ó mhór-fhuil,
Ar ínse bheag shuarach sa bhfaraige?"
h-Erm. Do chasais an chainnt sin go maith, a Cháróin,
ach siné Polúcratés, rí na Samíach, agus dar leis
féin tá gach nídh ar a thoil aige. Ach díolfidh Mainan-
dríos, a sheirbhíseach, an fear céadna san leis an sátrap
Oroités agus curfar ar bior é. Imtheóchaidh an sólás
go léir uaidh i n-aon neómat amháin aimsire, an fear
bocht. D' airigheas an méid sin ó Chlótó féin.
Chár. Deárna leat, a Chlótó! Bearr na cinn
díobh agus bearr iad féin as an saoghal, agus cuir ar
na bearaibh iad, gan dochma, i dtreó go dtuigfid siad
ná fuil ionta ach daoine. Ach curtar suas go h-árd
ar dtúis iad i dtreó d'á aoirde a tógfar iad gur
b'eadh is tiubaistighe an tuitim a gheóbhaid siad. Agus
bead-sa ag gáirí ansan nuair a chuirfad aithne ar gach
duine acu sa bhád agus iad nochtaithe, gan corcair gan
mionn gan tulg óir acu 'á thabhairt leó.
h-Erm. Mar sin díreach a bheidh an sgéal acu. Ach
feuch, a Cháróin, an suathantas daoine úd thall agus
cuid acu ag seól loingeas agus cuid acu ag déanamh
cogaidh, cuid acu ag pléidhe dlighe agus cuid acu ag
saothrú an tailimh, cuid acu ag déanamh úncamais
agus cuid acu a d'iarraidh déarca?
Chár. Chím breac-shluagh agus iad suaithte tré n-a
chéile, agus a mbailte mar a bheadh cruiceóga beach,
agus a chealg féin ag gach aoinne acu agus é ag
cealgadh a chómharsan. Agus tá cuid acu mar a
bheadh beacha gabhair, ag guid agus ag fuadach ó'n lag.
Ach cé h-iad súd atá ag gluaiseacht sa n-aer ós a
gcionn a gan fhios dóibh?
h-Erm. Aidhmeana iad san, a Cháróin, agus eagla,
agus míchiall, agus pléisiúr, agus sainnt chun airgid,
agus fearg, agus fuath, agus a leithéidí. Ach tá aon
díobh san .i. ainbhfios, agus bíon sé thíos ar a measg,
i n-aontigheas eatartha, dar fiadh, mar aon le mioscuis
agus le droch aigne agus le formad agus le h-éad
agus le h-aineólus agus le mearathal agus le dúil
i saidhbhreas. Ach bíon eagla agus na h-aidhmeana ag
foluaimint ós a gcionn. Uaireanta tuitean an
t-eagla anuas ortha agus bainean sé geit asta agus
cuirean sé creathán ortha. Agus bíd na h-aidhmeana
ós a gcionn suas agus nuair is dóich le duine acu go
mbíon greim aige ortha sleamhnuighid siad uaidh agus
fágaid siad ansúd é agus a bhéal ar leathadh aige,
díreach mar a chíon tú Tantalus ansud thíos d'á thrao-
chadh le h-easba uisge. Má fheuchan tú cruinn chífir
na Cineamhna ós a gcionn agus an fhearsad acu 'á
thochrais do gach duine acu, i dtreó go bhfuil gach duine
ar crochadh ar shnáithín chaol. An bhfeicean tú mar
a bheadh snáith rabháin fhalla síos ó gach fearsad chun
gach duine?
Chár. Chím, agus snáithín ana chaol mar cheangal
go minic ó dhuine acu go duine eile agus uaidh sin go
duine eile airís.
h-Erm. Go díreach, a bhádóir, mar tá i ndán do'n
duine sin díobh an duine eile sin do mharbhú, agus
do'n duine eile sin an duine eile sin airís do mharbhú.
Agus beidh an duine seo i n' oighre i ndiaidh an duine
eile úd n-a bhfuil a shnáith gairid, agus an duine eile
seo i n' oighre i ndiaidh an duine eile úd; óir siné an
brígh atá leis na ceangalaibh sin. Chíon tú, ansan,
gach aoinne acu ar crochadh ar aon tsnáithín amháin.
Agus tarraigtear duine acu suas go h-árd, go dtí
ná féadan an snáith an mheághchaint d'fholag agus go
mbrisean sé agus go dtuitean an duine agus go
ndeinean sé a lán fothraim. Agus duine ná tógtar
ach beagán ó'n dtalamh tuitean sé gan aon fhothram
agus fanan sé ansan agus is ar éigin a thugan a
chómharsain fé ndeara a thuitim.
Chár. Is ait an sgéal ar fad é, a h-Erméis.
h-Erm. Is fíor. Ní fheadraís a leath, a Cháróin.
Feuch an dúil a bhíon acu i ngnó an tsaoghail; an fuadar
a bhíon fútha; agus iad ag imtheacht i lár an fhuadair;
an gleacaidhe sin, an bás, 'ghá sgiobadh chun siubhail.
Agus nách maith na teachtairí agus na seirbhísigh atá
aige, mar a chíon tú! .i. crith, agus eugcruas, agus
cliabh-ghalar, agus slaghdán, agus claidhmhte, agus
bitheamhantas, agus nimh, agus na breithimh, agus na
righthe; agus ná cuimhnighid na daoine ar aon nídh
dhíobh san i n-aon chor an fhaid a bhíon an saoghal ag
eirighe leó; ach nuair a ghabhan an saoghal 'n-a
gcoinnibh ní bhíon acu ach "ochón!" agus "a chreach
láidir é!" agus "ó cad a dhéanfad!" Ach dá
gcuimhnighdís ó thosach ná fuil ionta ach daoine
agus go gcaithfid siad bás d'fhághail, go gcaithfid
siad imtheacht nuair a bheidh a dtréimhse caithte, mar
a dhúiseóchadh duine a' taibhreamh, agus an saoghal
so go léir d'fhágaint 'n-a ndiaidh, do chaithfidís
a saoghal níba chiallmhaire agus ní chuirfadh an bás
oiread sgannra ortha. Ach anois is dóich leó go
bhféadfid siad fanmhaint anso i gcómhnuidhe, agus
nuair a thagan an teachtaire, i riocht éagcruais nú
cliabh-ghalair, agus a bheirean sé greim ortha agus a
thógan sé chun siubhail iad bíon fearg ortha, toisg gan
aon choinne bheith acu go stracfí mar sin as an saoghal
iad. An fear san atá ag déanamh an tighe sin dó
féin chómh díthealach, agus ag brostú na gceárdaidhthe,
dá n-innstí dhó go gcríochnófí an tigh ach ná h-íosfadh
sé féin oiread agus aon bhéile amháin istigh ann; go
bhfaghadh sé féin bás chómh luath agus a bheadh an ceann ar
an dtigh agus go bhfágfadh sé an tigh agá oighre cad
déarfadh sé leis féin? Nú an fear san n-a bhfuil an
mac óg agá mhnaoi agus a cháirde cruinnighthe aige chun
na cóisireach, chun a ainme féin do chur ar an mac, an
dóich leat an mbeadh an t-áthas san go léir air anois
dá mbeadh fhios aige go bhfuil an mac san chun báis
d'fhághail nuair a bheidh sé seacht mbliana dh'aois? Ach
chíon sé an fear so thall n-a bhfuil a mhac eirighthe suas
aige agus é 'n-a ghleacaidhe chumasach agus buadh beirtha
aige in sna cleasaibh lúth i n-aice Oluimpia. Ach ní
fheicean sé an fear eile úd n-a bhfuil a mhac tar éis
bháis aige agus é 'ghá bhreith leis amach chun a adhlactha,
ná ní h-eól dó cad é an saghas an snáith ar a raibh sé
ar crochadh. Agus chíon tú na daoine go léir úd atá
ag coimhsgar i dtaobh teóran, agus iad súd atá ag
bailiú saidhbhris, agus ansan, sar a mbíon aon phioc
de thoradh a saothar acu, siúd greim ortha agus
iad d'á sguabadh chun siubhail ag na teachtairíbh úd
adubhart.
Chár. Chím na neithe sin go léir agus táim 'ghá
fhiafraighe dhíom féin cad é an pléisiúr a bhíon acu ar an
saoghal, nú cad a baintear díobh go mbíon an diombádh
go léir ortha 'n-a dhiaidh.
h-Erm. Agus feuch ar na righthibh a bhíon ós a gcionn.
Ba dhóich leat ortha go bhfaighid siad fíor áthas, go
mbíd siad ar a sástacht, ó bhaoghal gach buairimh agus
gach bárthain. Ach is mó go mór an míshásamh aigne
a gheibhid siad 'ná an pléisiúr a bhíon acu. Ní bhíd
siad choidhche gan buairt aigne ortha agus eagla namhad,
agus uisge-fé-thalamh d'á dhéanamh 'n-a dtímpal, agus
fuath ag daoine dhóibh, agus plámás fill 'á dhéanamh
ortha; gan trácht ar na trioblóidíbh eile do thagan
ortha fé mar a thagaid siad ar chách, taomana breóit-
eachta agus pianta agus teinneas. Agus ansan,
má bhíon an sgéal chómh dona san ag na righthibh is
uiriste a thuisgint cad é a olcas a bhíon an sgéal
agá ndaoinibh.
Chár. An bhfuil 'fhios agat, a h-Erméis, cad leis
go gcuirim-se daoine agus a mbeatha i gcomparáid?
An bhfeacaís riamh na cluig a thagan ar uisge na h-abhan
nuair a bhíon sé ag rith le fánaidh? Na cluig sin d'á
ndeinean an t-únán? Bíon cuid acu ana bheag agus
pléasgaid siad go luath. Bíon cuid acu a sheasuighean
tamal agus tagan cluig eile i ngar dóibh agus súghaid
siad chucha iad agus ataid siad ana mhór. Ansan
pléasgaid siad san, leis, uair éigin, óir ní féidir a
mhalairt. Siné an údhálta ag beatha na ndaoine. Iad
go léir d'á séide suas le gaoith, cuid acu mór agus
cuid acu beag; agus cuid acu ná faghan ach séide ana
shuarach nuair a phléasgaid siad, agus cuid acu d'imthigh-
ean láithreach le linn iad do theacht. Ach ní foláir
dóibh go léir pléasgadh agus imtheacht gan tuairisg.
h-Erm. Taoin tú chómh maith le h-Ómér féin chun
soluídí dhéanamh. Deir sé gur cuma na daoine nú
duilleabhar na gcrann.
Chár. Agus bíodh gur fíor san feuch conus mar a
chaithid siad a mbeatha, ag coimhsgar mar gheall ar
rígheachtaibh agus mar gheall ar onóir agus mar gheall
ar thalmhaintíbh, agus go gcaithfid siad na neithe sin
go léir d'fhágaint 'n-a ndiaidh agus teacht ag triall
orainne agus gan acu ach an t-obolos! Tá sé chómh
maith agam, ó táimíd ar an áit árd so, glaodhach ortha
agus labhairt leó agus cómhairle thabhairt dóibh an
saothar gan tairbhthe do chur uatha agus bheith ag cuimh-
neamh ar an mbás i gcómhnuidhe: Mar seo feuch — "A
dhaoine gan chiall! cad chuige dhaoibh bheith chómh h-im-
níomhach? Stadaidh d'bhúr saothar mar ní mhairfidh sibh
i gcómhnuidhe. Na neithe sin n-a bhfuil an suím go
léir agaibh ionta ní'l aon nídh acu bithbhuan; agus
nuair a gheóbhaidh duine bás ní fhéadfidh sé aon nídh
acu do bhreith leis. Ní foláir é dh'imtheacht lomrachta
agus a thigh agus a chuid tailimh agus a chuid óir do dhul
chun daoine eile go deó, i n-atharach sealbha." Nách
dóich leat, dá labharainn amach go h-árd na neithe sin
agus neithe d'á sórd, ó'n áit árd so as a bhféadfí
sinn a dh'aireachtaint, gur bh'fhearrde beatha na ndaoine
é agus go dtiocfadh breis céille dhóibh?
h-Erm. A dhuine mo chroidhe 'stigh, ní fheadaraís cad
é an greim atá ag ainbhfios agus ag dul amú ortha. Ní
fhéadfá a gcluasa dh'osgailt le tráthar, táid siad chómh
stupaithe sin acu le céir, fé mar a stup Odusséus
cluasa a chualachta le h-eagla go n-aireóchaidís na
Suiréana. Conus fhéadfidís tu dh'aireachtaint, mar
sin, dá mbeifá ag béicigh go dtí go sgoilfadh ort!
An rud a dheinean Léité agaibh-se thíos deinean ain-
bhfios anso é. Tá rainnt acu, ámhthach, nár ghlac an chéir
isteach 'n-a gcluasaibh, agus tá beann acu ar an
bhfírinne, agus feuchaid siad isteach i neithibh go géar,
'ghá mbreithniú, feuchaint cad é an saghas iad.
Chár. Má 'seadh nár cheart dom labhairt go h-árd
leó san?
h-Erm. An nídh atá ar eólus acu cheana ní gádh bheith
'ghá innsint dóibh. Feuch mar atáid siad ag druidim
i leithtaoibh ó'n sluagh agus ag magadh fé'n obair atá
ar siubhal, obair ná taithnean i n-aon chor leó. Ba
dhóich le duine ortha go bhfuilid siad ag cuimhneamh ar
imtheacht as an saoghal ag triall oraibh-se, mar tá
fuath ag daoine dhóibh toisg iad a bheith ag cáine an
ainbhfiosa.
Chár. Deárna libh, a lucht an chroidhe mhóir! Ach
nách beag atá ann díobh, a h-Erméis.
h-Erm. Is beag; ach is leór iad. Téidhmís síos anois.
Chár. Aon nídh amháin eile, a h-Erméis, atá uaim,
agus nuair a bheidh sé sin taisbeánta agat dom beidh
an t-eólus go léir tabhartha agat dom. Taisbeáin
dom na h-áiteana 'n-a gcuirid siad a gcuirp, mar
a n-adhlacaid siad a mairbh.
h-Erm. Uaghna, a Cháróin, agus leachtana, agus
tuamaí, a tugtar ortha san. Ach an bhfeicean tú na
tulacháin sin atá lasmuich de sna catharachaibh, agus
na columna, agus na piramidí? Áiteana chun na
marbh d'adhlacadh iseadh iad san go léir.
Chár. Agus cad chuige go gcuirid siad na coróinní
sin ar na clochaibh sin agus go gcimilid siad na h-ungtha
dhíobh? Agus iad súd, feuch, atá ag déanamh an chlaidhe ar
aghaidh an tulacháin agus ag baint na díge, cad chuige go
bhfuilid siad ag dógh an bhídh uasail sin agus, mar
a mheasaim, ag dortadh fíona agus miodha isteach in
sna dígibh?
h-Erm. Ní fheadar an domhan, a bhádóir, cad é an
tairbhthe na neithe sin do'n mhuinntir atá thíos i hÁdés.
Ach is dóich leó go gcurtar na h-anamnacha aníos airís
agus go gcaithid siad an bia, chómh fada agus is féidir
é, agus iad ag imtheacht anonn 's anall tríd an ngal
agus tríd an ndeatach; agus go n-ólaid siad an fíon
as an ndíg.
Chár. Émh! Iad san ag ól agus ag ithe anois
agus a bplaoisgeana feóchta tirm! Ach is amadánta
an gnó dom labhairt mar sin leat-sa agus gur tu
féin a bhíon 'ghá mbreith síos ag triall orm i n-aghaidh
an lae. Is agat atá 'fhios an féidir dóibh teacht aníos
airís tar éis iad do dhul aon uair amháin fé thalamh.
Agus nách deas an cor a bheadh orm féin, a h-Erméis,
agus a bhfuil de chúram cheana orm, dá gcaithinn ní
h-amháin iad do bhreith síos ach fós iad do thabhairt
aníos airís chun dighe dh'ól. Ó a dhaoine gan chiall ná
tuigean conus mar atá gnó na mbeó agus gnó na
marbh deighilte ó n-a chéile; agus conus mar atá
neithe againne, agus:-
"Gur mar a chéile ansúd ag béal na h-uagha
An fear gan leacht a's fear an leachtáin mhuair;
Iros na déarca 's Agamemnón rí;
Tirsítés maol a's mac Téitis na gruaige buidhe.
Cómh-bhán cómh-thirm cách uile de sna slóightibh
Ar mhághaibh Asphodeil ag gluaiseacht rómpa."
h-Erm. Ó a dhaoine! cad a bhfuil de h-Ómér agat
d'á stealladh amach chughainn? Ach ó thugais chun mo
chuimhne é ní mór dhom tuama Aichilléis a thaisbeáint
duit. Siné thall é ar bruach na faraige. Siné Sígéion
na Trae. Agus ar a aghaidh sin anonn atá Aias curtha
i Roitein.
Chár. Ní tuamaí ró mhóra iad, a h-Erméis. Tais-
beáin dom anois na catharacha úd n-a n-airighmíd teacht
thórsa laistíos, .i. Nínos, agus Sardanapalos, agus
Baibilóin, agus Mucéna, agus Cléóna, agus Ilion
féin. Is cuimhin liom gur rugas anonn mórán ó'n
áit sin. Bhíos ar feadh deich mblian gan mo bháidín
do tharrac i dtír ná do thriomú.
h-Erm. Tá an Nínos úd ar neamhnídh, a bhádóir. Níl
a rian ann. Ní fhéadfá a dh'innsint anois cá raibh
an chathair sin. Ach siní thall cathair Bhaibilóin n-a
bhfuil na túir mhóra uirthi agus an falla uathbhásach
'n-a tímpal. Ach ní ró fhada go mbeidh an chathair
sin, leis, fé mar atá Nínos, ar iarraidh. Is nár
liom Mucéna do thaisbeáint duit, ná Cléóna, ná,
go mór mór, Ilion, mar tá 'fhios agam go dtachtfir
h-Ómér chómh luath agus do raghair síos, mar gheall
ar bhladhman a chod' filidheachta. Bhí na catharacha
san go léir fé ádh agus fé mhaise tamal, ach táid
siad tar éis bháis. Gheibhid catharacha bás, leis, a
bhádóir, chómh maith le daoine. Agus rud is iongan-
taighe 'ná san féin, gheibhid na h-aibhní bás. Ní'l oiread
agus cadhséar abhan Inachuis le feisgint i h-Argos
anois.
Chár. Achaidhe, a h-Óméir, cad é mar mholadh!
"Ilion naomhtha na mbóithre leathana!" agus "Cléóna
na bfallaí daingeana!" Ach, i lár ár gcainnte, cé
h-iad súd atá ag cómhrac agus cad chuige dhóibh bheith
ag marbhú a chéile?
h-Erm. Argeiacha iad san, A Cháróin, agus Lace-
demónigh, agus an rí féinne sin atá leath mharbh, siné
Ortruádés agus sgríbhinn aige 'á dhéanamh ar an gcómh-
ramh le n-a chuid fola féin.
Chár. Agus cad is bun leis an gcogadh, a h-Erméis?
h-Erm. An machaire sin ar a bhfuil an cogadh d'á
dhéanamh.
Chár. Ó an díthcéille! Nár chóir go mbeadh 'fhios
acu dá mba le gach duine acu an Peleponésos ar fad
gur bh'ar éigin a gheóbhaidís troigh talmhan ó Aiacos. Ach
beidh daoine eile ag saothrú an mhachaire sin 'n-a dhiaidh
so agus bainfid siad an cómhramh san d'á bhunaibh le
céachta.
h-Erm. Beidh san mar sin gan amhras. Ach téidhmís
síos anois agus cuirimís na cnuic seo 'n-a n-ineadaibh
féin airís, agus imthighmís i mbun ár ngnóthaí, tusa chun
do bháid agus mise chun mo theachtaireachta. Tiocfad
chughat sar a fada ag seóladh na marbh síos chughat.
Chár. Tá comaoine curtha agat orm, a h-Erméis.
Beidh mé buidheach go deó dhíot. Tá tairbhthe fághalta
agam as an gcuaird seo mar gheall ort. Nách ait mar
atá an sgéal ag na daoine mí-ádhbharacha só! Righthe;
bluic óir. Idhbeartha móra. Cogaí — Agus gan aon
chuimhneamh acu ar Chárón.
XXIII.
IOMRAMH SÍOS, NÚ TÍORÁNACH.
Chár. Tá go maith, a Chlótó. Tá an bád so ullamh
dúinn le fada agus i dtreó go maith chun gluaiste,
an t-uisge taosgaithe aníos as, an crann seóil 'n-a
sheasamh, an anairt thuas, gach bata rámha ceangailte
i n'áit féin. Am' thaobh-sa dhe, ní'l aon rud chun sinn
a chosg ar ghluaiseacht láithreach ach an t-anncaire do
tharrac aníos. Tá h-Ermés ag déanamh ríghnis, ámh-
thach, agus ba cheart dó bheith anso fadó riamh. Tá an
bád gan lucht taistil, mar a chíon tú, bíodh go bhféad-
fadh sé trí cuarda bheith tabhartha aige i n-a bhfuil tagaithe
de'n lá. Ach tá an tráthnóna ann agus gan oiread
agus obolos fághalta fós againn. Tá fhios agam go
measfidh Plútó failíghtheach me in sna gnóthaíbh seo,
bíodh gur duine eile atá cionntach. Ach an réice seir-
bhísigh seo againn, an giolla macánta so na marbh, is
dócha go bhfuil déanta aige lastuas mar a dheinid
daoine eile anso, .i. gur ól sé uisge Lété agus go
bhfuil dearmhadta aige teacht thar n-ais chughainn, agus
gur ag iomrasgáil atá sé leis na fearaibh óga, nú ag
seinnt ar chruit, nú ag míniú diospóireachta éigin,
nú ag taisbeáint a chuid cleas, nú b'fhéidir gur ag
braduíol atá an fear macánta. Tá an cheárd san,
leis, aige. Ach tá eugcóir aige 'á dhéanamh orainn, óir
is linne a leath.
Chlót. Ca bh'fhios duit, a Cháróin, ná go mb'fhéidir
go dtáinig gnó éigin air? B'fhéidir gur chuir Zeús
cúram éigin air a chuir moill air, ag déanamh ruda a
bhain leis an áit thuas. Tá Zeús, leis, 'n-a mháighistir
air.
Chár. Tá, ach ní cuibhe dhó bheith 'n-a mháighistir air
farais an gceart, a Chlótó. Is linne, leis, é, agus
níor chimeádamair-ne riamh é nuair ba cheart dó im-
theacht uainn. Ach tá fhios agam-sa cad 'tá air. Ní'l
againne ach asphodeil, agus dortadh fíona ar na mairbh,
agus cácaí, agus ofráil do sna mairbh, agus ceó,
agus sgamail, agus doircheacht; ach lastuas ar neamh
tá gach aon rud suairc acu, a lán ambrósia agus a
ndóithin neictair, agus measaim nách miste leis ríghneas
a dhéanamh thuas acu. Pé sgéal é, rithean sé uainne mar
a rithfadh duine a' príosún; ach nuair a bhíon sé ag
teacht anuas chughainn tagan sé ríghin go leór, i dtreó
gur fada ag teacht é.
Chlót. Cuir uait an ceisneamh, a Cháróin, seo chughainn
é! Agus tá mórán daoine aige á thabhairt leis, mar
a chíon tú. Ní h-eadh ach 'á gcomáint roimis atá sé
le n-a shlait draoidheachta mar a chomáinfadh sé sgata
gabhar. Agus feuch, chím duine acu agus é ceangailte,
agus duine eile acu agus é ag gáirí, agus duine acu
agus mála air agus cleith 'n-a láimh aige agus é ag
feuchaint go feargach agus é ag brostú na cod' eile.
Agus ná feicean tú h-Ermés féin agus é ag séide
aluis de, agus ceó bóthair ar a chosaibh, agus saothar
air, agus a bhéal ar leathadh aige ag gabháil na gaoithe? —
Cad é seo ort, a h-Erméis? Cad fé ndeár an
saothar? Tá buile éigin ort.
h-Erm. Cad a bheadh orm, a Chlótó, ach me bheith ag
rith indiaidh an chuirpthigh mhalluighthe seo i dtreó gur
dhóbair dom gan bheith ábalta ar theacht chun an bháid i
n-aon chor an lá so.
Chlót. Agus cé h-é féin? Nú cad a bhí uaidh gur
rith sé leis féin?
h-Erm. Tá san soiléir go leór. Do rith sé leis
féin mar theastuigh uaidh fanmhaint beó. Rí éigin, nú
tíoránach éigin iseadh é. Siné a mheasaim ó'n gcuma
'n-a mbíon sé ag gol agus ag blaidhthrigh agus 'á rádh
go bhfuil mórán aoibhnis caillte aige.
Chlót. An t-amadán! Ag rith leis féin, chómh
maith agus gur bh'fhéidir dó fanmhaint beó agus an
snáith beatha a bhí 'á shníomh dó imthighthe!
h-Erm. Ag rith leis féin, arsa tusa. Mara mbeadh
an duin'uasal so anso n-a bhfuil an chleith aige do
thabhairt a chongnaimh dom i dtreó gur rugamair air
agus cheangalamair é d'imtheóchadh sé uainn. Ó'n
uair a thug Atropos suas dom é níor stad sé ach ag
únfairt agus ag cur am' choinnibh agus ag cur a chos
i dtalamh go daingean. I gcás nár bh'aon bheart shaor-
áideach dúinn é thabhairt linn. Uaireanta bhíodh sé ag
tathant go bog a's go cruaidh orm leogaint dó imtheacht
ar feadh tamail bhig agus 'ghá gheallamhaint go dtabhar-
fadh sé tuarastal mór dom as. Ach níor leogas uaim
é, nídh nách iongna, mar bhí nídh nár bh'fhéidir aige d'á
iarraidh. Ach díreach nuair a bhíomair ag béal an phoill
ansúd, agus mise ag cómhaireamh na marbh chun Aiacois,
mar is gnáth, agus Aiacos 'ghá ndéanamh suas do réir
an táille a bhí fachta aige ód' dhrifír-se, d' euluigh an
malluightheóir seo uainn ar chuma éigin, i dtreó go raibh
aoinne amháin i n-easnamh ar mo chúntas. D'árduigh
Aiacos a mhailí dubha agus d'fheuch sé orm, "a
h-Erméis," ar seisean, "ná h-imir do chleasa gadaidh-
eachta ar gach aoinne. Ní beag duit bheith 'ghá n-imirt
sin lastuas ar neamh. Táid gnóthaí na marbh ró chínte
agus ní féidir ceilt a dhéanamh ionta. Míle agus
ceathrar, mar a chíon tú, atá sa táille. Táid siad
agat ach aoinne amháin. Marab amhlaidh adéarfá
gur b'í Atropos a dh'imir cleas ort." Do lasas
féin le náire, ach do chuimhnigheas ar an rud a thuit amach
ar an slighe. D' fheuchas am' thímpal. Ní raibh an
bioránach so le feisgint i n-aon bhall. Siúd ar a
thóir me, i dtreó an tsoluis, chómh géar agus d'fhéadas
é. Tháinig an fear fóghanta so liom uaidh féin. Do
ritheamair an fhaid a bhí i n-ár gcosaibh rith agus do
rugamair air díreach ag Tainaros, i gcás gur ró
dhóbair go n-imthigheadh sé uainn.
Chlot. Agus sinne, a Cháróin, ag cur neamh-shuim-
eamhlachta i leith h-Erméis!
Chár. Ach cad chuige a thuille ríghnis, chómh maith agus
ná beadh ár ndóithin ríghnis déanta againn?
Chlót. Is fíor dhuit é. Ar bórd leó. Tógfad-sa
leabhar an chúntais am' láimh agus suidhfad anso ag an
ndréimire, mar is gnáth liom, agus feuchfad gach
duine acu fé mar a thiocfidh fé, feuchaint cé h-é, agus
cad as é, agus conus a fuair sé bás, agus dein-se,
a h-Erméis, iad do thógaint leat agus iad do chur i
dteannta chéile agus aire thabhairt dóibh. Caith isteach
na rudaí óga so ar dtúis. Ní'l aon nídh acu san le
freagairt.
h-Erm. Seo, a bhádóir, an uimhir duit; trí chéad
duine i n-éaghmais an méid a cuireadh isteach.
Chár. Aililiú! Thugais cuid mhaith acu leat; agus
a lán acu gan bheith aibidh. Ar mhaith leat, a Chlótó, go
gcurfí 'n-a ndiaidh seo an mhuinntir ná fuil aoinne ag
gol 'n-a ndiaidh?
Chlót. Na seandaoine an eadh? Dein. Cad ab
áil liom bheith ag feuchaint um an dtaca so i ndiaidh
neithe do thuit amach sar a rugadh Eúclídés? Tagaidh
anso gach a bhfuil os cionn trí fichid díbh. Feuch airiú!
Ní airighid siad me. Táid a gcluasa stupathe leis an
aos. Ní foláir iad so, leis, do thógaint agus do
chaitheamh isteach.
h-Erm. Agus feuch, seo cheithre chéad ach amháin
beirt, agus iad go léir go breágh bog aibidh, bainte
'n-a bhfóghmhar féin.
Chlót. Is fíor dar fiadh, mar a bheadh caortha
tiorma. Tabhair anso an mhuinntir a goineadh, a
h-Erméis, anois, 'n-a ndiaidh súd. Cad é an bás
a thug sibh-se anso? Is fearra dhom féin, ámhthach,
sibh do fheuchaint do réir gach sgríbhinne. Tá thíos anso
ceathrar agus cheithre fichid a fuair bás indé sa chath
i Músia ar a bhfuil Góbarés, an mac san Ocsíartéis.
h-Erm. Táid siad anso.
Chlót. Agus mórsheisear a mhairbh iad féin tré
ghrádh. Agus an fear léigheanta, Téagenés, mar
gheall ar an striapaigh úd ó Mhegara.
h-Erm. Táid siad ansan at' aice.
Chlót. Agus ca bhfuil siad súd a mhairbh a chéile tré
dhúil i rígheacht?
h-Erm. Táid siad 'n-a seasamh i n-aice leat.
Chlót. Agus an fear so n-ar mhairbh an t-adhalt-
ranach agus a bhean féin é?
h-Erm. Siné ansan é.
Chlót. Tabhair anso iad súd n-ar tugadh breith bháis
ortha; iad súd adeirim, a fuair bás fé'n mbataráil,
agus iad súd a cuireadh ar bhearaibh. Agus an sé dhuine
dhéag úd n-ar mhairbh na robáluidhthe iad, ca bhfuilid
siad, a h-Erméis?
h-Erm. Táid siad anso, iad-san atá créachtnuighthe
mar a chíon tú. An maith leat go dtabharfinn na mná
chughat, leis?
Chlót. Gan amhras. Agus iad súd ó'n longbhrise;
óir is an uair chéadna do tháinig an bás ortha, agus
ar an gcuma gcéadna. Agus iad súd a fuair bás
leis an éagcruas, óir do fuaradar-san bás i
n-aonfheacht, leis. Agus Agatoclés, an dochtúir,
mar aon leó. Agus ca bhfuil Cuniscos an fear
léighinn. Is ag ithe suipéir Hecaté (mar a chím sa
sgríbhinn seo) agus ag ithe na n-ubh úd ó'n ídhbirt,
agus gan aige leó ach iasg fuar, a bhí sé nuair a fuair
sé bás. Ca bhfuil sé?
Cun. Táim anso i n-aice leat le fada, a
Chlótó, a ríogan. Ach cad a bhí déanta as an slighe
agam gur fhágais ar an saoghal me chómh fada? Is
beag 'ná go raibh m' fhearsad go léir tochraiste agat.
Cheapas go minic an snáith do ghearradh agus teacht,
uaim féin, ach pé cúis é, níor bh'fhéidir é ghearradh.
Chlót. D'fhágas beó thu chun go mbeifá ad' fhear
faire agus ad' liag ar dhroch-chleachtaibh daoine. Ach
tar ar bórd feasta fé mhaise.
Cun. Am briathar ná raghad go gcuirtar ar bórd ar
dtúis an fear so atá ceangailte, mar is eagal liom go
mb'fhéidir go bhfaghadh sé an lámh uachtair ort-sa féin
le n-a chuid tathaint.
Chlót. Feiceam cé h-é féin.
h-Erm. Megapeintés mac Lacudais, an tíoránach.
Chlót. Tar ar bórd, a Mhegapeintéis.
Meg. Ná h-iarr orm é, a Chlótó, a ríogan. Leog
thar n-ais ar an saoghal me tamal beag. Ansan tioc-
fad anso uaim féin, gan aoinne do ghlaodhach orm.
Chlót. Cad chuige gur mian leat go leogfí thar
n-ais tu?
Meg. Chun mo thighe do chríochnú. Ní'l sé ach leath
dhéanta agus teaghlach mór iseadh é.
Chlót. Tar ar bórd agus ná bí ag magadh fút féin.
Meg. Ní mór an aimsir atá agam á iarraidh ort,
a Chineamhaint. Leog uait me an t-aon lá amháin seo
go dtugad órdú dom' mhnaoi i dtaobh mo chod' saidh-
bhris. Tá stór mór curtha i dtalamh agam i n-áit
áirithe.
Chlót. Tá cínte ná fuil cead le fághail agat.
Meg. Agus an bhfuil an t-ór san go léir le caille-
amhaint?
Chlót. Ní'l sé le cailleamhaint. Ná bíodh aon
cheist ort 'n-a thaobh san. Beidh sé ag Megaclés, do
cholceathar.
Meg. Ó! mo náire dhearg é! An namhaid sin
gur le corp faillíghthe nár chuireas chun báis é!
Chlót. An fear céadna san go díreach. Agus
mairfidh sé breis agus dachad blian ad' dhiaidh, agus is
aige a bheid do leanáin agus do chuid éadaigh agus do
chuid óir go léir.
Meg. Tá eugcóir agat 'á dhéanamh orm, a Chlótó,
ag bronnadh mo choda ar na namhdaibh is measa agam.
Chlót. Bhí an saidhbhreas san ag Cudimachos agus do
mharbhuighis-se é, a dhuine mhacánta, agus sar a raibh an
anál as do ghearrais sgórnacha a chlainne agus mhar-
bhuighis iad.
Meg. Má 'seadh féin ba liom-sa ansan é.
Chlót. Má 'seadh tá ré do shealbha air caithte.
Meg. Cogar, a Chlótó. Druididh-se amach tamailín.
Leog dom imtheacht agus tabharfad indiu duit míle
talant d'ór bhuailte.
Chlót. Airiú an ar ór agus ar thalantaibh ataoi ag
cuimhneamh fós, a bhrealláin?
Meg. Agus 'n-a theannta san má 's maith leat é,
an dá chorn óir úd a fuaras nuair a mharbhuigheas
Cléocritos. Tá céad talant d'ór ghlan, ins gach
corn díobh?
Chlótó. Tarraigidh isteach é. Ní thiocfidh sé isteach
uaidh féin.
Meg. Cuirim a fhianaise oraibh go bhfuil an falla
gan críochnú, agus na calaidhphuirt. Bheidís críoch-
nuighthe agam dá mairinn chúig lá eile.
Chlótó. Ná bac iad féin. Críochnóchaidh do mhalairt
iad.
Meg. Iarraim an t-aon achainighe bheag amháin seo
ort agus ní deacair é thabhairt dom.
Chlót. Cad é an saghas é?
Meg. Go bhfágfí ar an saoghal me go dtí go mbeid
na Pisídigh curtha fé smacht agam, agus cíos curtha ar
na Lúidigh agam, agus leacht curtha suas agam dom
féin agus gníomhartha móra mo bheatha sgríobhtha air.
Sin a n-iarrfad.
Chlót. Achaidhe! Airiú, a mhic ó, ní lá ach fiche bliain
atá agat d'á iarraidh.
Meg. Ach tabharfad geall duit le me theacht chughat
go luath. Má's maith leat é tabharfad m'aonmhac
duit thar mo cheann.
Chlót. Airiú a chuirpthigh! An mac san n-a rabhais
i gcómhnuidhe 'á iarraidh go bhfágfí beó at' dhiaidh é!
Meg. Ba mhian liom an nídh sin tamal ach tá a
mhalairt de mheabhair agam anois.
Chlót. Ní fada go leanfidh sé anso thu. Marbhóchaidh
an rí a bheidh i gcomhacht é.
Meg. Má 'seadh ná h-eitigh me ar an méid seo, a
Chineamhaint.
Chlót. Cad é an rud é?
Meg. Ba mhaith liom 'fhios a bheith agam conus a
raghaid neithe chun cinn am' dhiaidh.
Chlót. Éist liom; mar cuirfidh sé tuille buartha ort.
Beidh do bhean agat' dhaor Mídas. Bhí sí aige agus tu
beó.
Meg. Ó an cuirptheach! Agus mise tar éis a
shaoirse thabhairt dó, ar a cómhairle-sin!
Chlót. Agus beidh t'inghean ar dhuine de striapa-
chaibh an tíoranaigh atá i gcómhacht anois, agus na deil-
bheacha agus na h-íomháigh sin a chuir an chathair suas i
n-onóir duit-se leagfar ar lár iad agus beid na
daoine ag gáirí úmpa.
Meg. Agus innis an méid seo dhom. An mbeidh
aoinne dem' cháirdibh chun na h-oibre sin do chosg?
Chlót. Cé bhí 'n-a chara agat airiú? Nú cad é an
chúis go mbeadh? An amhlaidh ná fuil 'fhios agat, an
mhuinntir a bhíodh ag umhlú dhuit agus ag moladh do
chainnte agus do ghníomhartha, gur le h-eagla rómhat a
dheinidís é, nú ag súil le rud éigin uait, ag frithálamh
na gcómhacht a bhí suas agus ag feuchaint chun an ama a
bhí láithreach?
Meg. Ach bhídís ag dortadh fíona ag na féastaíbh
móra i n-onóir dom, agus ag guidhe gach maitheasa
do theacht orm. Bhí gach duine acu ullamh ar bhás
d'fhághail thar mo cheann dá mb'fhéidir é, agus iad am'
mholadh go h-árd. Bhíos am' dhia acu ar fad agus is
am' ainm a dhearbhuighdís.
Chlót. Seadh, agus bhís ar suipéar ag duine acu aréir
agus tháinig an bás ort. An gloine deirineach úd a
tugadh duit, siné an gloine do chuir chughainn anso thu.
Meg. Á, siné an gloine úd n-a bhfuaras an blas
beag searbh air! Agus cad chuige gur dhein sé an
gníomh san?
Chlót. Ag ceistiúchán orm ataoi agus gur teacht ar
bórd is ceart duit.
Meg. Tá aon nídh amháin ag cur orm go mór, a
Chlótó, agus ba ró mhaith liom dul suas chun an tsoluis
airís tamal beag.
Chlót. Agus cad é an rud é? Dheabhróchadh sé nách
rud ró shuarach é.
Meg. Nuair a bhíos tar éis bháis tháinig mo sheir-
bhíseach, Carión, isteach sa tseómra mar a rabhas agus
nuair a chonaic sé sínte marbh me do dhún sé an dorus
'n-a dhiaidh, agus thug sé póg do Ghlucerion, mo leanán.
Ní dóich liom gur bh'é an chéad uair aige é. Ansan
d'fheuch sé orm-sa. "Greadadh chughat a chonubalaigh!"
ar seisean, "is minic a thugais sgiúrsáil domh-sa
gan chúis." Le linn na cainnte sin a rádh dhó do stath
sé mo chuid féasóige agus bhuail sé clabhtóg sa leacain
orm. Ansan do chruinnigh sé seile as a chraos agus
chaith sé an seile orm agus dubhairt sé liom dul i
n-ainm an diabhail, agus d'imthigh sé. Bhíos ar buile le
feirg ach níor fhéadas aon díoltas a dhéanamh air mar
bhíos fuar marbh. Ach an striapach cailín, d'airigh sí
mar a bheadh daoine ag teacht agus níor dhein sí ach a
súile do fhliuchadh le seile as a béal, mar dh'eadh gur
ag gol am' dhiaidh a bhí sí, agus imtheacht agus í ag olagón
agus ag glaodhach as m'ainm orm. Ach dá bhfaghainn-se
greim ortha!
Chlót. Cuir uait an bhagairt agus tar ar bórd. Is
mithid duit feasta dul os cómhair an bhreithimh.
Meg. Agus cé leómhfidh breith a thabhairt ar fhear
ríoga?
Chlót. Ní leómhfidh aoinne breith a thabhairt ar fhear
ríoga, ach tabharfar breith ar fhear atá marbh. Tabhar-
fidh Radamantus an bhreith sin ort-sa anois, agus chífir
an bhreith aige 'á tabhairt do réir mar a tuilleadh í.
XXIV.
IOMRAMH SÍOS, NÚ TÍORÁNACH.
(Ar leanmhaint.)
Meg. Feuch, a Chineamhaint, dein íseal díom, nú
duine bocht, nú daor féin, i n-inead me bheith am' rí
mar a bhíos, ach leog thar n-ais suas me.
Chlót. Ca bhfuil an fear úd na cleithe? Agus
tusa, a h-Erméis, beiridh ar chois air sin agus tarraigidh
isteach anso é nuair ná tiocfadh sé isteach uaidh féin.
h-Erm. Tar isteach anso, a chladhaire. Beir air,
a bhádóir, agus air seo eile. Ná leog uait iad.
Chár. Ná bíodh ceist ort. Ceangalófar de'n chrann
seóil iad.
Meg. Gan amhras is ceart mise chur sa n-áit is
aoirde.
Chlót. Cad 'n-a thaobh aidhe!
Meg. Mar rí do b'eadh me, dar fiadh, agus bhí na
mílte seirbhíseach agam.
Chlót. Nách maith a dhein Carión leat é agus do chuid
féasóige do stathadh, a amadáin? An bata isé gheó-
bhair anso feuchaint conus a thaithnfidh sé leat.
Meg. Agus an leómhfidh Cuniscos bata d'árdú
chugham-sa! Nár dhóbair go ndéanfinn tu chéasadh
tamal beag ó shin mar gheall ar do dhánaidheacht ag
fághail locht orm, a Chuniscois?
Cun. D'á bhrígh sin ceangalófar de'n chrann seóil
tu anois, go daingean.
Micul. Innis an méid seo dhom, a Chlótó, an bhfuil
aon tsuím i n-aon chor agat ionam-sa? Nú an toisg
mé bheith bocht nách foláir mé bheith ar deire ag dul ar
bórd?
Chlót. Agus cé h-é thusa asdó?
Mic. Gréasaidhe seana-bhróg mise.
Chlót. Agus an amhlaidh atá fearg ort toisg gur
leogadh leat chómh fada? Ná feicean tú a mhéid a
gheallfadh an rí seo thabhairt ach leogaint leis tamal
beag? Is iongna liom a rádh ná taithnean an ré fada
leat-sa.
Mic. An airighean tú, a dheagh-Chineamhaint. Ní'l
aon lorg agam-sa ar thabharthas an Chúclops úd nuair
adubhairt sé, "Iosfad Útis ar an bhfear ndeirineach."
Pé 'cu luath nú mall é isiad na fiacala céadna atá
am' chóir. D'á éaghmais sin ní mar a chéile agam-sa
é agus ag lucht saidhbhris. Tá ár mbeatha bun os cionn
ar fad le n-a chéile, mar adeirtear. Siné an rí sin
a bhí chómh suairc i gcaitheamh a bheatha; eagla ag
gach aoinne roimis; gach aoinne ag feuchaint suas chuige;
an t-ór go léir agus an t-airgead agus na h-éadaí
uaisle agus an eachra agus an bia buacach agus na mná
breághtha, iad go léir aige d'á fhágáilt 'n-a dhiaidh. Ní
h-iongna buairt air agus brón mar gheall ar bheith ag
sgaramhaint leó. Bíon greim diúid éigin ag anam
an duine ar a leithéidí sin, fé mar a bheadh bainne-cí-
éan éigin gha chimeád ortha, agus ní go bog a sgaran
an t-anam leó tar éis bheith abhfad sáidhte ionta. Rud
ana dheacair iseadh an sgaramhaint sin agus nuair a
bristear an ceangal béicid siad go h-árd, agus bíodh
go mbíd siad dána go maith ar shlightibh eile, bíd siad
imeaglach go leór ag teacht an tslighe seo anuas go
h-Ádés dóibh, agus iad ag súilfheuchaint laistiar díobh;
ar nós lucht grádha gan áird; feuchaint an bhfeicfidís
cad a bheadh ar siubhal thuas sa tsolus; ar nós an bhaoth-
aire sin a bhí a d'iarraidh teiche nuair a bhí sé ar an slighe
agus ansan á chaitheamh féin suas ort-sa nuair a tháinig
se anso. Ach ní raibh aon taca agam-sa ar an saoghal,
talamh ná tighthe, ór ná úirlisí, onóir ná íomhághtha agus
d'á bhrigh sin bhíos ullamh i gcómnuidhe, i dtreó an túisge
'n-ar bhagair Atropos chughamh nár dheineas ach mo
sgian do chaitheamh as mo láimh, agus an bonn bróige,
agus preabadh am' shuidhe agus gluaiseacht, gan fiú an
dubh do ghlanadh dhíom, agus an tslipéid am' láimh agam,
agus mé cosnochtaithe. Agus ní h-ag leanmhaint a
bhíos ach ag gluaiseacht ar tosach, agus ní h-ag feuchaint
siar a bhíos ach ag feuchaint rómham amach. Ní raibh
aon nídh am' dhiaidh n-a raibh aon lorg agam ar
theacht thar n-ais mar gheall air. Agus go deimhin
féin chím anois gur ar áilneacht atá gach aon
rud anso agaibh. Chím ná fuil aon onóir le fághail
anso ag duine seachas duine eile ach gach aoinne mar a
chómharsa. Is maith é sin dar liom. Ní mheasaim go
n-éilightear fiacha anso, ná go ndíoltar cíos. Agus
rud is fearr 'ná chéile ní fuiligtear fuacht geimhrigh,
ná breóiteacht, ná cos-ar-bolg ó chómhachtaibh. Tá
síothcháin ins gach aon bhall agus suaineas, agus gach
nídh atharuighthe; sinne, na daoine bochta, ag gáirí agus
lucht an tsaidhbhris ag gol agus ag folag na bpian.
Chlót. Táim 'ad' thabhairt fé ndeara le fada ag
gáirí, a Mhicuill. Cad é an rud is mó chuirean ag
gáirí thu?
Mic. 'Neósfad-sa san duit, a Bhandé na páirte.
I n-aice leis an rí seo iseadh bhíos am' chomhnuidhe ar
an saoghal agus bhínn ag faire go dlúth ar gach nídh
d'á ndeineadh sé agus mheasainn an uair sin gur dhia
éigin a bhí ann. Chínn an t-éadach corcra chómh bláthmhar
uime, agus na slóighte seirbhíseach ag frithálamh air,
agus an t-ór go léir, agus na clocha loghmhara ar na
cupánaibh, agus na cosa airgid fé sna tolgaibh aige;
agus shamhluighinn go raibh fíor áthas air. Nuair a
bhíodh a chuid bídh ullamh dó do thagadh baluith an bhídh
fúm-sa agus mheasainn nár dhuine i n-aon chor é, go
raibh sé níba mhó agus níba bhreághtha agus ní b'aoirde
de chúbat ríoga 'ná aon duine eile mar gheall ar a
uaisleacht, agus é ag gluaiseacht go mórchúiseach
agus eagla ag gach aoinne roimis. Ach nuair a bhí sé
marbh agus an órnáid uasal imthighthe dhe d'fheuch sé
ana shuarach am' shúilibh agus bhíos searbh díom féin
nuair a chonac an rud bréan n-a raibh an meas go léir
agam air; mé 'ghá cheapadh go raibh sé fé mhaise nuair
a gheibhinn an baluith maith ó n-a bhia, agus 'ghá cheapadh
go raibh aoibhneas aige ó fhuil éisg sliogán na mara san
Lacedémón. Agus ní h-é an fear san amháin a chuir-
eadh ag gáirí me ach an fear eile úd, leis, .i. Gnípó
an t-úsúire, nuair a chonac é agus é ag lógóireacht
agus ghá chásamh nár bhain sé aon tairbhthe as a shaidh-
bhreas mar go dtáinig an bás air agus go mb' éigean
dó an saidhbhreas d'fhágaint ag an sgaipeadóir sin
Rodocháros. B'é sin ba ghiorra gaol dó agus do thug
an dlighe an saidhbhreas dó. Ní fhéadaim féin stad ach
ag gáirí nuair a chuimhnighim ar an ndriuch a bhíodh air, é
go bán agus go mílítheach, agus éadan cas cráidhte
air, agus gan an saidhbhreas aige ach 'n-a mhéireanaibh
nuair a bhíodh sé ag cómhaireamh na mílte, agus na
ndeich míle leó, agus é ag cruinniú an tsaidhbhris sin
a sgaipfidh Rodocháros go rabairneach. Ach cad 'n-a
thaobh ná gluaisimíd anois? An fhaid a bheimíd ag
dul anonn beimíd ag gáirí úmpa so atá ag gol.
Chlót. Tar ar bórd go dtógfar an t-anncaire.
Chár. Stad! a fhir mhaith! ca bhfuilir ag dul? Tá
an t-árthach lán. Ní'l slighe d'á thuille. Fan ansan
agus béarfad anonn tu ar maidin.
Mic. Tá eugcóir agat 'á dhéanamh orm, a Cháróin,
'am' fhágaint anso agus mé am' chorpán dreóite cheana
féin. Go deimhin cuirfad mo ghearán isteach ad'
choinnibh i láthair Radamantuis. Ach mo chráidhteacht!
Siniad ag imtheacht iad agus fágfar anso me am'
aonar. Ná beadh sé chómh maith agam snámh ag triall ortha,
ámhthach? Ní baoghal dom mé bháth, toisg mé bheith marbh
cheana. Agus d'á éaghmuis sin ní'l an t-obolos agam,
chun an bhádóra do dhíol.
Chlót. Cad é seo mar obair! Stad, a Mhiculluis!
Ní dleaghthach duit dul anonn mar sin.
Mic. Seadh, agus b'fhéidir go mbead thall níos
túisge 'ná sibh-se.
Chlót. Ní h-eadh, ach druidimís an t-árthach chuige
agus tarraig-se isteach é, a h-Erméis.
Chár. Seadh, agus cá suidhfidh sé anois?
h-Erm. Suidheadh sé ar ghuailnibh an rí anso má's
áil.
Chlót. Tá an sgéal socair go maith ag h-Ermés.
Tar anso agus seasaimh ar muin an bhítheamhnaigh seo.
Iomramh maith chughainn!
Cun. Feuch, a Cháróin is ceart an fhírinne d'innsint
duit-se feasta. Ní'l an t-obolos agam-sa le tabhairt
duit nuair a bheimíd thall. Ní'l agam, mar a chíon
tú, ach an mála so agus an chleith seo. Ach má's maith
leat go ndéanfinn taosgadh nú iomramh táim ullamh
chuige. Má thugan tú bata rámha maith láidir dom
ní bheidh aon chúis ghearáin agat orm.
Chár. Dein an t-iomramh. Ní beag san uait-se.
Cun. Agus an mbeidh orm, leis, amhrán báid do
thabhairt daoibh?
Chár. Gan amhras, dar fiadh, má tá aon amhrán báid
agat ó sna máirnéalaigh.
Cun. Tá cuid mhaith acu agam, ach na daoine seo
atá ag gol bádhfid siad ár nguthana agus cuirfid
siad ár n-amhráin amú orainn.
An Fear saidhbhir. Ochón ó! mo shaidhbhreas!
Fear eile. Ochón ó! mo chuid tailimh!
Fear eile. Aililiú! mo thigh breágh a dh'fhágas am'
dhiaidh.
Fear eile. Ó, a chreach láidir é! Na mílte talant
úd a gheóbhaidh m' oighre le sgaipe!
Fear eile. Ochón ó! go daingean! an chlann bhocht
óg atá am' dhiaidh!
Fear eile. Ach mo dhíth! cé bhearrfidh na fíneamhna
úd a chuireas anuirig!
h-Ermés. A Mhicullois, an amhlaidh ná fuil aon
ochón agat-sa le déanamh? Ní'l sé ceart ag aoinne
dul an tslighe seo anonn gan gol éigin do dhéanamh.
Mic. Is cuma liom. Ní'l aon chúis ghuil agam an
fhaid atá an chuaird ag eirighe liom.
h-Erm. Mar sin féin, cas olagón beag ó's nós é.
Mic. Tá go maith, a h-Erméis. Déanfad rainnt
guil ó's ceart é. Ochón ó! mo sheana lópaí! Mo
chreach go deó mo bhróga lobhtha! Go deó airís ní
bheidh mé am' aindeiseóir ocarach gan blúire bídh ó
mhaidin go h-oidhche, ná ag gluaiseacht sa gheimhre gan
díon ó'n bhfuacht, gan bróg idir mo chos agus an
talamh cruaidh, ach m'fhiacala ag bualadh ar a chéile
leis an bhfuacht. Och! cé aige n-a mbeidh mo sgian!
agus mo mheanuithe! Seadh! Ní beag liom de mar
ghol. Is dóich liom gur beag ná go bhfuilimíd thall
cheana féin.
Chár. Seo, má 'seadh, tugtar an t-airgead báid
dom. Tabhair-se dhom é, tá sé agam ó'n gcuid eile.
Tabhair-se dhom an t-obolos, a Mhicullois.
Mic. Ag magadh ataoi, a Cháróin, nú, mar adeir-
tear, ag déanamh sgríbhinne ar uisge, ag lorg obolois
ar Mhicullos. Ní fhéadfinn a dh'innsint duit cé 'cu
rud fáinneach nú rud ceathair-chúinneach an t-obolos.
Chár. Is maith é mo ghnó indiu agus is tairbhtheach!
Ach imthigh leat amach. Ní mór domh-sa dul thar n-ais
a d'iarraidh na n-each agus na ngadhar agus na n-ain-
mhidhthe eile. Is cuibhe iad san, leis, do theacht anall.
Chlót. Tabhair leat iad, a h-Erméis. Raghad-sa
féin thar n-ais go dtí an tír agus tabharfad liom
Indopatés agus Éromítrés agus na Séaraigh. Táid
siad tar éis a chéile do mharbhú ag cómhrac mar gheall
ar theóranaibh talmhan.
h-Erm. Téanaighidh oraibh. Ní h-eadh ach leanaidh go
léir mise i ndiaidh chéile.
Mic. A Hercuil! cad é mar dhoircheacht! Ca
bhfuil áilneacht Mhegilluis anois? Ca bh'fhios d'aoinne
anso cé 'cu is breághtha, Phríne nú Simíca? Tá gach nídh
mar a chéile, ar aon dath amháin, gan aon rud breágh ná
aon rud níos breághtha. An tseana chasóg so orm-sa,
bhí sí maiseamhail go maith tamal beag ó shin ach
tá sí chómh maiseamhail anois le brat corcra an
rí. Táid siad araon gan deabhramh. Tá an dubh céadna
ortha araon. Ca bhfuilir anois, a Chuniscois?
Cun. Táim anso adeirim leat, a Mhicullois.
Gaibhmís le chéile má's áil leat é.
Mic. Tá go maith. Tabhair dhom do lámh dheas.
Innis an méid seo dhom, a Chuniscois, nác ana chosmhail
an obair seo le gnó na n-Eleusíneach? Tá an t-eólus
ceart agat ortha súd mar is díobh thu.
Cun. Is fíor. Agus d'á chómhartha san féin, seo
chughainn bean agus solus aici agus í ag feuchaint go
fíochmhar feargach. Ní fheadar an í Erinnús í?
Mic. Ní deirim ná gur b' í, ó n-a driuch.
h-Erm. Tóg chughat iad so, a Thisiphoné; ceathrar
agus míle.
Tis. Seadh, agus siné Radamantus féin anso le
fada ag feitheamh libh.
Rad. Tabhair anso iad, a Erinnús. Agus tusa,
a h-Erméis, dein an fhógairt agus glaoidh iad.
Cun. Ar son t'athar, a Radamantuis, glaodhtear
agus trialtar mise ar dtúis.
Rad. Cad 'n-a thaobh?
Cun. Droch neithe bheith agam le cur i leith cuirpthigh
áirithe, neithe do chonac aige 'á dhéanamh i gcaitheamh a
bheatha. Ní creidfí mo chainnt mara bhfeicfí ar dtúis
cad é an saghas me agus conus a chaitheas féin mo
bheatha.
Rad. Cé h-é thu?
Cun. Cuniscos mise, a uasail, agus eagnaidheacht
is gairm beatha dhom.
Rad. Tar anso. Seasaimh do thriail ar dtúis, agus
glaoidh-se na fínnithe, a h-Erméis, chun é dhaoradh.
h-Erm. Aoinne n-a bhfuil rud aige le cur i leith
Chuniscois seo tagadh sé anso.
Rad. Ní'l aoinne ag teacht. Ní leór san, ámhthach,
a Chuniscois. Bain díot i dtreó go bfeicfad rian
na gcómharthaí.
Cun. Cár cuireadh aon chómharthaí orm-sa?
Rad. Aon droch neithe a dhein aoinne agaibh i gcaith-
eamh a bheatha tá cómhartha i n-aghaidh gach nídh díobh ar a
anam aige, go dofheicse.
Cun. Seo; sin lomrachta me anois ós do chomhair.
Feuch an bhfeicfá na cómharthaí sin adeirir.
Rad. Tá sé glan, nách mór, ach amháin an trí
nú ceathair de mharcanaibh seo atá dofheicse nú geall
leis. Ach cad é seo? Do glanadh amach, nú do gear-
radh amach, anso, rianta agus cómharthaí teine, ar chuma
éigin ná tuigim. Conus a thárla so, a Chuniscois, nú
conus a deineadh athghlanadh ort?
Cun. 'Neósfad-sa san duit. Bhíos go h-olc ar
dtúis, tré easba teagaisg. An uair sin iseadh
tháinig na marcana san orm. Ansan chómh luath agus
do luigheas ar an eagna do shaothrú, i ndiaidh ar ndiaidh
do ghlanas na marcana go léir as m'anam amach.
Rad. Is ana mhaith agus is ana thairbhtheach an leigheas
a tharraigis-se chughat, a dheaghdhuine. Imthigh leat anois
go h-oileánaibh an aoibhnis, agus bí i gcomhluadar
deaghdhaoine, nuair a bheid na neithe úd curtha i leith an
chuirpthigh úd agat. Glaoidh tuille.
Mic. Mo ghnó-sa, a Radamantuis, gnó suarach
iseadh é. Ní beifar abhfad am' thriail. Táim noch-
taithe le fada. Feic me.
Rad. Agus cé 'tá againn ionat-sa?
Mic. Micullos cobléra mise.
Rad. Is maith é sin, a Mhicullois! Taoin tú fíor
ghlan gan smól. Imthigh-se leis, i n-aonfheacht le
Cuniscos úd. Glaodhtear chughainn an rí anois.
h-Erm. Tagadh Megapentés mac Lacúdais anso.
Cad é an casadh san ort mar sin? Tar anso. Táim
ag glaodhach ort, a rí. Beir ar chúl cinn air sin, a
Thisiphoné, agus caith isteach i láthair é. Cuir-se 'n-a
leith anois, a Chuniscois, agus daor é, ó 'tá sé anso
i n-ár n-aice againn.
Cun. Le fírinne ní'l gádh le cainnt. Beidh 'fhios
agat ar ball cad é an saghas é nuair a chífir na rianta
atá ann. Ach mar sin féin nochtfad an fear duit agus
déanfidh mo chainnt soiléireacht ar an sgéal. Is
dóich liom ná tráchtfad ar na neithibh a dhein sé an
fhaidh ná raibh aithne phoibilidhe air, an cuirptheach. Ach
nuair a thosnuigh sé ar chómhluadar a dhéanamh le droch
aicme gan náire, agus ar ghárda bheith 'n-a thímpal aige,
agus ar bheith ag eirighe i gcoinnibh an phobuil, ansan
iseadh dhein tíoránach de. Do chuir sé chun báis gan
triail breis agus deich míle duine agus do thóg sé
chuige féin a gcuid saidhbhris. Nuair a bhí an
saidhbhreas aige níor staon sé ó aon tsaghas ainmhian,
ach é ag déanamh eugcóra agus cos-ar-bolg ar na
daoine a bhí fé n-a smacht; ag déanamh éigin ar mhnáibh
óga agus ag tabhairt náire do mhnáibh pósta, ag brúth
agus ag mille agus ag tarcuisniú na ndaoine mbocht a
bhí fé n-a láimh. Ní h-é sin féin ach gur dhóich le duine
gur bh' fhusa feuchaint díreach ar an ngréin, i lár an lae,
'ná feuchaint air, bhí sé chómh h-uaibhreach chómh dána chómh
tarcuisneamhail sin. Ní féidir oiread pionóis do
chur air agus atá tuillte aige.
XXV.
IOMRAMH SÍOS, NÚ TÍORÁNACH.
(Ar leanmhaint.)
Cuniscos. Ach an inntileacht le n-a gceapadh sé
pionóisí géara do dhaoinibh chun an neamhthaise a bhí
ann do shásamh ortha, ní féidir cur síos i gceart uirthi,
agus níor staon sé ó iad a dh'imirt ar a cháirdibh
dílse féin. B'fhéidir go measfí gur ag tromaidheacht
air atáim. Má 'seadh ní'l ach glaodhach ar na fínnithibh,
na daoine do mhairbh sé. Ach ní gádh glaodhach ortha.
Siniad ansan iad cheana féin agus iad ag brúth 'n-a
thímpal agus iad 'ghá thachtadh. Do chuir an cuirptheach
san iad san go léir chun báis, a Radamantuis; cuid
acu le ceilg, mar gheall ar na mnáib breághtha a bhí acu;
cuid acu mar gheall ar an bhfeirg a thaisbeánaidís
nuair a beirtí a n-ingheanacha chuige chun droch-iompair;
cuid acu mar gheall ar a saidhbhreas; cuid acu mar
gheall ar iad a bheith ciallmhar deagh-aigeanta agus nár
thaithn a ghníomhartha leó.
Rad. Cad 'tá agat le rádh leis na neithibh sin, a
chuirpthigh?
Megapentés. Do dheineas an marbhú, fé mar
adeir sé, ach na neithe eile sin go léir, na h-adhaltran-
aisí, agus an t-éigean ar mhaighdinibh, is éitheach ar fad
atá ag Cuniscos 'á chur orm in sna neithibh sin.
Cun. Má 'seadh, a Radamantuis, glaodhfad fínnithe
dhuit ar na neithibh sin leis.
Rad. Cad iad na fínnithe?
Cun. Glaoidh chugham, a h-Erméis, lóchran an fhir
seo, agus a leabaidh. Déanfid siad san fianaise
ar na neithibh do dheineadh sé agus is eól dóibh.
h-Erm. A lóchrain agus a leabaidh Mheigapentéis!
Tagaidh anso. Is maith an teacht acu é.
Rad. Innsidh anois an méid is eól daoibh i gcoinnibh
Mhegapentéis anso. Labhair-se ar dtúis, a leabaidh.
An Leabh. Is fíor gach nídh d'á bhfuil curtha 'n-a leith
ag Cuniscos, ach a Radamantuis a rí, ní leogfadh náire
dhomh-sa iad do rádh, a leithéidí de ghníomharthaibh agus a
dheineadh sé orm!
Rad. Tá fianaise ghlan tabhartha agat 'n-a choinnibh,
.i. ní leogfadh náire dhuit trácht ortha. Agus tusa,
a Lóchrain, abair t'fhianaise feasta.
An Lóch. Ní fheadar cad a dheineadh sé i gcaitheamh
an lae mar ní bhínn ann; ach na neithe a dheineadh sa
n-oidhche ní leogfadh náire dhom iad a dh'innsint, ach go
bhfeaca a lán nách féidir a labhairt, neithe a bhí gráin-
neamhail thar na beartaibh, i dtreó gur dom' aindeóin a
ghlacainn an oíle agus go mb'fhearr liom go múchfí me.
Ach do dheineadh sé úsáid díom 'n-a ghníomharthaibh go
léir agus do thruailligheadh sé mo chuid soluis orm ar
gach aon tsaghas cuma.
Rad. Ní gádh a thuille fínnithe. Ach bain de an
brat corcra go bhfeicead uimhir a mharcana. Aililiú!
Tá sé dubhghorm ar fad acu, agus iad sgórtha air. Ní
h-eadh ach 'n-a sméaramhán iseadh atá sé ó sna marcanaibh.
Ach cad é an pionós is ceart a chur air? An é chaitheamh
isteach sa Pheriphlegéthón is ceart? Nú é thabhairt do
Cherberos?
Cun. Ní h-eadh i n-aon chor; ach má's áil leat
'neósfad-sa dhuit pionós nua, neamhchoitchianta, dion-
gabhálta, le cur air.
Rad. Innis dom é agus beidh mé ana bhuidheach ar
fad díot.
Cun. Is béas, is dóich liom, leis na mairbh go léir
uisge Lété dh'ól.
Rad. Is fíor san.
Cun. Bíodh sé seo ar an aoinne amháin díobh go
léir ná h-ólfidh é.
Rad. Cad chuige san?
Cun. Cuirfidh san pionós ana mhór air mar cimeád-
fidh sé cuimhne ar conus a bhí aige ar an saoghal, na
cómhachta móra a bhí aige agus an pléisiúr mór.
Rad. Tá an ceart agat. Daortar é agus cean-
galtar é agus curtar i n-aice Thantalois é, i dtreó go
mbeidh cuimhne aige ar na neithibh a dhein sé nuair a bhí
sé beó.
XXVI.
MENIPPOS, NÚ MARBHDHRAOIDHEACHT.
MENIPPOS AGUS PHILÓNIDÉS.
Men. "Mo ghrádh mo sheana thigh! Aiteas mo
chroidhe go deó
Thu dh'fhághail ad' sheasamh ag teacht dom
aníos ó'n gceó!"
Phil. Nách é seo Menippos an madra? Ní h-é a
mhalairt é. Mara bhfuil mallachar radhairc orm isé
Menippos 'n-a steilibheathaidh é. Ach cad chuige an
chulaith neamhchoitchianta? caipín agus cruit agus
croicean leóin! Ní mór dom bualadh 'n-a threó, pé'r
domhan é. Móra dhuit, a Mhenippois! Agus cár
ghabhais chughainn?
Men. "Thánag ó áitreabh samhal saobhchruth.
Mar a gcómhnuighean h-Ádés abhfad ó dhéithibh."
Phil. A Thighearcais! A' bhfuair Menippos bás a
gan fhios dúinn agus ar tháinig an t-anam airís ann!
Men. "Ní h-eadh, ach mo ghlacadh am' beathaidh do
rí na smól."
Phil. Agus cad a sheól tu ar chuaird chómh h-iasachta,
chómh míchuibhsach?
Men. "Mire meanmna 'gus neart na h-óige."
Phil. Cuir uait an duanaireacht, a dhuine, agus
labhair mar a dhéanfadh aoinne. Túirling de sna h-iam-
bachaibh! Cad chuige an chulaith sin? Cad é an gnó a
bhí ansúd síos agat? Ní h-é feabhas ná suairceas na
slighe a bhéarfadh síos ann tu.
Men. "Bhí orm dul síos go críochaibh samhal a's uath,
Go gcuirfinn chun Teíréis Téibigh ceisteana
cruadha."
Phil. As do mheabhair ataoi, a mhic ó, nú ní bheifá ag
stealladh filidheachta ar an gcuma san led' dhaoine
muinnteartha.
Men. Ná dein iongna dhíom, a chara. Ní fada ó
bhíos i dteannta Euripedéis agus h-Óméir agus táim
líonta de dhántaibh ar chuma éigin agus rithean an fhili-
dheacht chun mo bhéil uaithi féin. Ach innis dom conus
atáthar ar uachtar na talmhan, agus cad 'tá ar siubhal
sa chathair?
Phil. Ní'l aon nuadhacht ann. Deintear mar a
deintí, guid, miona éithigh, úncamas, eugcóir éilimh.
Men. Na h-amadáin gan rath! Ní h-eól dóibh na
neithe atá curtha i bhfeidhm le déanaighe laistíos ná cad
iad na dlighthe atá déanta i gcoinnibh lucht saidhbhris,
agus go deimhin, dar Cerberos, ní'l aon bhreith acu
ar dhul saor uatha.
Phil. Cad é sin adeirir? An amhlaidh atá dlighe
nua déanta ag an muinntir thíos i gcoinnibh na ndaoine
atá anso?
Men. Is amhlaidh, dar fiadh, agus ní h-aon dlighe
amháin é. Ach ní dleaghthach a leithéidí dh'innsint do
gach aoinne le h-eagla go gcurfí neamh-chráibhtheacht
am' leith-se i láthair Radamantais.
Phil. Faire, a Mhenippois! Ná h-abair é. Ná
ceil do chainnt ar do dhuine mhuinnteartha, i n-ainm
Zeúis! 'Neósfir an sgéal do dhuine n-a bhfuil 'fhios
aige conus rún do chimeád, agus do dhuine atá tabhartha
isteach cheana i n-eólus na ngnóthaí sin.
Men. Tá rud cruaidh contabharthach agat d'á iarraidh
orm; ach ní foláir é dhéanamh ar do shon-sa. Lucht
airgid agus lucht saidhbhris agus an aicme sin a chime-
ádan a gcuid óir i gcimeád ar nós Danáe —.
Phil. Ná bac na dlighthe, a chara, go n-innsir ar
dtúis dom, trítha síos, na neithe is fearr liom a
dh'aireachtaint uait. Cad fé ndeara dhuit dul síos?
Cé h-é an giolla a bhí agat? Innis dom ansan gach
nídh d'ár airighis agus d'á bhfeacaís laistíos acu. Do
réir dheabhraimh, ó's duine géarchúiseach thu níor chuaidh
aon nídh uait 'n-ar bh'fiú trácht air ná feuchaint air.
Men. Caithfar rud a dhéanamh ort sa méid sin,
leis, mar nuair a dh'iarran cara rud cé fhéadfadh
cur 'n-a choinnibh? Ar dtúis 'neósfad duit cad é an
saghas aigne a bhí agam agus cad fé ndeara dhom dul
síos. Nuair a bhíos-sa ameasg na leanbh agus me ag
éisteacht le h-Ómér agus le Hésiód agus leis na
cogaíbh agus na ceanarcaibh d'á n-innsint, ní h-amháin
ar na déithibh beaga ach ar na déithibh móra, leis, agus
leis na gníomharthaibh drúise a dheinidís, agus éigin,
agus foghla, agus pionóis; díbirt athar, agus pósadh
deirbhsheur; do thuigeas am' aigne gur ghníomhartha
fóghanta iad san go léir agus ní go lag a thaithneadar
liom. Ach nuair a thosnuigheas ar dhul ameasg na
bhfear d'airigheas a mhalairt sin. D'airigheas na
dlighthe ag gabháil lom díreach i gcoinnibh na bhfilí agus
'ghá rádh gan drúis a dhéanamh, ná ceanairc, ná foghail.
Ansan do bhíos i gcás 'dir dhá chómhairle agus ní raibh
'fhios agam cad ba mhaith dhomh a dhéanamh. Dar liom
ní dhéanfadh na déithe i n-aon chor drúis ná ceanairc
i gcoinnibh a chéile mara mbeadh gur thuigeadar gur
ghníomhartha fóghanta a leithéidí de ghníomhartha; agus
dar liom ní dhéanfadh na dlightheadóirí dlighthe i gcoin-
nibh na ngníomhartha san mara mbeadh gur thuigeadar
gádh bheith leó. Sa mhearathal san dom do thuigeas am'
aigne nár bhfearra dhom rud a dhéanfinn 'ná dul ag
triall ar an aicme sin ar a dtugtí lucht eagna
agus me féin do thabhairt suas dóibh agus a iarraidh
ortha a rogha rud a dhéanamh liom ach go dtaisbeán-
fidís dom slighe éigin bheatha a bheadh réidh agus ná
seólfadh amú me. Ar an aigne sin dom, siúd ag
triall ortha me. Ach ba ag dul as an ndeatach isteach
sa teine agam é, a gan fhios dom. Chómh luath agus
chuireas aithne i gceart ortha chonac ná raibh acu ar fad
ach ainbhfios agus dul amú, i dtreó gur chuireadar-
san 'n-a luighe orm gur ag daoinibh gan léighean atá
an bheatha órtha. Dubhairt duine acu liom pléisiúr
a bheith agam i gcómhnuidhe agus é sholáthar dom féin
ins gach nídh, mar ná fuil aoibhneas le fághail i n-aon
nídh eile. Dubhairt duine eile acu liom, ámhthach, bheith
ag obair agus an cholan do smachtú, mar go bhfuil an
cholan salach brachach; bheith gruama tarcuisneach le
cách, coitchianta ag gabháil na ndán úd ó Hésiód i
dtaobh an aluis agus an oirdhearcais agus an dul
suas ar bara. Do chómhairligh duine acu dhom gan
aon mheas a bheith agam ar shaidhbhreas, neamhshuím do
chur ann. Dubhairt duine eile acu liom gur b'é
an saidhbhreas céadna san an mhór-mhaith. Ach cad is
gádh dhom trácht ar an ndomhan? (.i. Ní'l gádh ar
domhan le bheith ag cainnt, 'sé sin, bheith ag cainnt air
mar sgéal.) Bhíos bréan díom féin ó bheith ag éisteacht
ó ló go ló le n-a gcainnt ar smaointibh agus ar neamh-
chorparthaibh agus ar atomaibh agus ar fholamhasaibh,
agus leis na slóightibh téarmaí de'n tsórd san. Agus
rud ab áiféisighe 'ná gach áiféis, gach aoinne ag
labhairt bun os cionn ar fad le gach aoinne eile, agus
gach aoinne, ba dhóich leat, ag cur a chainnte féin
i bhfeidhm le deimhniú ceart. Nuair a deireadh duine
acu go mbíodh nídh áirithe fuar agus duine eile acu
go mbíodh sé teith ní fhéadainn aoinne acu do bhréagnú,
bíodh go dtuiginn go maith nár bh'fhéidir rud a bheith
teith agus fuar i n-aonfheacht. Is amhlaidh a bhínn mar
a bheadh ag míogarnaigh, mo cheann ag tuitim soir tamal
agus ag tuitim siar tamal eile. Ach, rud a bhuaidh ar
an áiféis go léir, do chínn gníomhartha na bhfear san
bun os cionn ar fad leis an rud a dheimhnighdís 'n-a
gcainnt! An mhuinntir adeireadh liom neamhshuím
do chur i saidhbhreas, chínn an greim diúid acu féin ar
shaidhbhreas, iad ag coimhsgar ag éileamh úncamais;
iad ag teagasg ar thuarastal; iad ag folag gach anróidh
ar son saidhbhris. An mhuinntir n-a raibh an droch
mheas acu ar onóir chínn iad ag déanamh gach díthil chun
í dh'fhághail; agus lucht spídiúcháin ar phléisiúr, a bhfor-
mhór ag glacadh pléisiúir go fonamhar a gan fhios do'n
tsaoghal.
Nuair a bhí teipithe orm sa méid sin gnótha, leis, bhí
m'aigne tré n-a chéile go mór, ach dubhart liom féin,
go breágh réidh, má bhíos-sa ag dul amú, i n-ainbhfios
ar fhírinne, gur i n-aonfheacht leis na h-éigsibh móra
go léir, n-a raibh cáil eagna ortha, a bhíos ag dul amú.
Fé dheire, agus me ar mo leabaidh am' dhúiseacht sa
n-oidhche mar gheall ar an dtré chéile aigne sin, do
chuimhnigheas ar dhul go Baibilóin agus cómhairle
dh'iarraidh ar dhuine de sna draoidhthibh sin a leanan
teagasg Sóróastair. D'airighinn go raibh ar a gcumas,
le draoidheacht agus le deismireacht, dóirse an domhain
tíos a dh'osgailt agus aoinne ba mhaith leó do
bhreith leó síos agus do thabhairt thar n-ais aníos slán.
Thuigeas am' aigne, d'á bhrígh sin, gur bh'fhearra dhom
dul ag triall ar dhraoi acu san agus a iarraidh air me
bhreith síos, ansan dul chun cainnte le Tíresias, an
Boióitach, agus a fhiafraighe dhe, ó's fáig é agus fáis-
tineach, cad í an bheatha is fearr, nú cad í an bheatha do
thoghfadh duine fíor-chiallmhar dó féin. Chuireas díom
láithreach chómh tapaidh agus d'fhéadas é agus siúd soir
go Baibilóin me ceann ar aghaidh. Do shroiseas an
chathair. Níor bh'fhada gur casadh orm duine de sna
Caldéachaibh, fáig agus draoi do réir gairme. Bhí
folt liath air agus féasóg fhada throm. Mítróbar-
sánés ab ainm dó. Tar éis mórán tathaint do thoiligh
sé me sheóladh síos, ar pé rud ba mhaith leis a
dh'éileamh. Thóg an fear san leis me agus thug sé
naoi lá agus fiche 'am' nighe agus 'am' ghlanadh,
thosnuigh sé ar an obair sin an chéad lá de'n ré nuadh,
bheireadh sé leis me ar maidin go dtí an abha san
Eúphratés agus duanaireacht éigin fhada aige d'á labhairt
leis an ngréin agus í ag eirighe. Ní ró mhaith a dh'airi-
ghinn an chainnt. Do labhradh sé ró mhear agus ró
leathbhalbh, ar nós an lucht fógartha úd gan áird a bhíon
ag na cluichíbh. Ach mheasainn gur ag glaodhach ar
dheamhnaibh éigin a bhíodh sé. Nuair a bhíodh an
duanaireacht críochnuighthe aige do chaitheadh sé
seile sa n-aghaidh orm trí h-uaire agus ansan do
thagadh sé thar n-ais agus ní fheuchadh sé ar aon duine
a bhuaileadh uime. Isé bia bhíodh againn 'ná meas
daraighe. Bainne agus miodh agus uisge Chóáspéis an
deoch a bhíodh againn; agus ar an bhfeur glas, amuich fé'n
spéir, a chodlaimís. Nuair a bhí an t-ullmhúchán go léir
déanta aige do thóg sé leis me i lár na h-oidhche go
bruach abhan Tígris agus do nigh agus do ghlan sé me,
agus d'ainic sé me le tóirse agus le h-inniún faraige
agus le n-a lán rudaí eile, agus an duanaireacht úd
ar siubhal aige fén' fhiacalaibh. Ansan, nuair a bhí an
draoidheacht curtha orm aige go h-iomlán do thug sé
abhaile me mar a bhíos, i ndiaidh mo chúil, agus é ag
gabháil tímpal, sar a ndéanfadh púcaí aon díobháil
dom. Thugamair an chuid eile de'n aimsir ag ullmhú
i gcóir na cuarda. Ansan do chuir sé uime brat
draoidheachta a bhí ana chosmhail le brat Mhédach, agus
thug sé chugham-sa iad so, an caipín seo agus an croicean
so agus an chruit seo, agus dubhairt sé liom dá bhfia-
fraightí m'ainm gan Menippos do rádh, ach Heraclés
nú Oduséus nú Orphéus.
Phil. Agus cad chuige dhó an t-órdú san a thabhairt
duit, a Mhenippois? Ní thuigim cad é an brígh a bhí
leis an gcórú ná leis na h-ainimneachaibh.
Men. Tá an brígh soiléir go leór, ámhthach. Do chuadar
súd síos go h-Ádés rómhainn agus iad beó agus cheap
sé ach mise do chur 'n-a riocht san ná h-aithneóchadh
gárda Aiacois me agus gur bh'fhuiriste dom dul uatha
nuair a chífidís an riocht trágach ar a raibh aithne acu.
Bhí eirighe lae ann agus sinn ag an abhainn thíos ag
ullmhú chun gluaiste. Bhí seisean tar éis an bháid
d'ullmhú roim ré agus bhí ar bórd aige na neithe a bhí
riachtanach chun na h-ídhbirte agus chun na deismireachta.
Chuireamair isteach gach nídh, agus:-
"Ag sile na súl do chuamair go dúbhach ar bórd."
Do ghluaiseamair le fánaidh na h-abhan ar feadh
tamail. Ansan do seóladh sinn isteach sa churrach agus
amach sa loch n-a dtéidhean an abha amach ann. Do
ghluaiseamair treasna an locha san agus thánamair
go tír uaigneach a bhí lán de choilltibh agus gan aon
ghrian. Thánamair i dtír ann ach bhí Mítróbarsánés ar
tosach agus dheineamair poll sa talamh. Ansan do
mharbhuighmair na caoire agus do dhoirteamair an fhuil
isteach sa pholl agus tímpal air agus an fhaid a bhíomair
á dhéanamh san bhí Mítróbarsánés ag duanaireacht
agus ní fén' fhiacalaibh é ach ag búirthigh chómh h-árd
agus d'fhéad sé é, agus an tóirse ar lasadh aige 'n-a
láimh, agus é ag glaodhach ar na deamhnaibh go léir, ar
chómhachtaib na bpian, agus ar na fíochaibh, ar Hechaté
na h-oidhche, agus ar an bPeirsephoné uathbhásach;
agus focail éigin fhada iasachta dothuisgionta aige 'á
mheasgadh ar a chainnt. Ba ghearr, le neart na deis-
mireachta san agus na duanaireachta draoidheachta,
gur luaisg an talamh go léir agus gur raobadh é agus
gur h-osgaladh é i dtreó gur airighmair, abhfad síos,
amhstarach Cherberois, agus go raibh an sgéal go duairc
agus go critheaglach againn agus:-
"Rí na samhal i dteannta 's sgeit 'n-a chroidhe."
Mar bhí radharc againn um an dtaca san ar fhormhór
na neithe thíos ar an loch agus ar Pheriphlegéthón agus
ar ríghtheaghlach Phlútóin. Siúd síos sinn tríd an
bpoll. Fuaramair Radmantos thíos agus é geall
leis marbh le sgannra. Bhí Cerberos ag amhstaraigh
ar buile ach do chromas-sa ar sheinnt ar an gcruit
agus do chuir an ceól chun suainis é. Thánamair go
dtí an loch ach ba dhóbair ná féadfimís dul anonn
mar bhí an bád lán cheana féin agus na daoine go léir
ag gol. Daoine gunta ab eadh iad ar fad. Cos
bhriste ag duine. Ceann briste ag duine eile agus
ball éigin eile briste ag duine eile; fé mar a bheidís
ag teacht ó chogadh éigin dar liom-sa. Ach nuair a
chonaic an duine fóghanta san, Chárón, croicean an leóin
orm-sa mheas sé gur bh'é Heraclés a bhí aige agus do
leog sé ar bórd me láithreach agus do rug sé anonn
me agus nuair a chuamair i dtír thall thaisbeáin sé an
casán dúinn.
XXVII.
MENIPPOS AGUS PHILONIDÉS.
(Ar leanmhaint.)
Nuair a taisbeánadh an casán dúinn do chomáinea-
mair linn, Mítrobarsánés ar tosach agus mise 'n-a
dhiaidh, le n-a shálaibh agus greim daingean agam ar
eirbal a bhrait. Thánamair go dtí machaire breágh fada
fairsing agus brat áluinn de bhláthanaibh asphodeil air.
Ansan do mhothuighmair i n-ár dtímpal na slóighte
samhal agus iad ag gluaiseacht agus ag putharnaigh.
Chomáineamair linn go dtánamair mar a raibh
suidhe breatha Mhínóis. Bhí an suidhe breatha árd
agus bhí Mínós 'n-a shuidhe anáirde air agus a chómh-
achta díoltais 'n-a thímpal, agus deamhain an uilc ag
frithálamh air mar aon leis na fíochaibh. Bhíomair-ne ar
thaobh agus chonacamair d'á dtabhairt isteach ó'n dtaobh
eile a lán daoine agus iad ceangailte ar shlabhra
fhada. Do h-innseadh dúinn gur bh'é saghas
daoine iad 'ná lucht adhaltranais, agus lucht soláthair
chun drúise, agus lucht srath do bhailiú, agus lucht
brasaireachta, agus lucht uisge-fé-thalamh, sluagh mhór
de chuirptheachaibh a bhíodh ag cur an tsaoghail tré n-a
chéile an fhaid a bhíodar beó. Agus do tugadh isteach
ar leithligh lucht an tsaidhbhris agus úncamais, agus
iad go mílítheach, agus builg mhóra ortha, agus gúta
ortha, agus cuing ar mhuineál gach duine acu agus
crúca sa cheann tíos de'n chuing, agus meághchaint dá
thalant sa chuing.
Sheasuighmair-ne, ámhthach, mar a raibh againn agus
sinn ag faire ortha agus ag éisteacht leó 'ghá gcosaint
féin. Do tháinig ann, ámhthach, fínnithe éagsamhlacha
'ghá ndaoradh agus ag cur neithe 'n-a leith.
Phil. Agus cér' bh'iad san asdo? As ucht Zeúis
innis an méid sin dom agus ná ceil orm é!
Men. Is eól duit, is dócha, na sgáileana so a dhein-
ean solus na gréine ó n-ár gcolanaibh.
Phil. Is eól go maith.
Men. Nuair a gheibhmíd bás tagaid na sgáileana
san agus tugaid siad fínné i n-ár gcoinnibh agus
deimhnighid siad gach coir d'á mbíon déanta againn
i gcaitheamh ár mbeatha, agus go deimhin ní foláir a
dh'admháil gur dócha go mbíon an fhírinne ag cuid acu
toisg iad a bheith i n-aice linn i gcómhnuidhe agus ná
sgaraid siad choidhche le n-ár gcolanaibh. Ach do
sgrúduigheadh Mínós go cruinn cás gach duine agus
ansan do dhíbireadh sé é go h-áit na ndroch aicme
chun go gcurfí pionós air do réir a ghníomhartha. Bhí
Mínós ana dhian, ámhthach, ar an lucht a bhíodh ag maoidh-
eamh as a gcuid saidhbhris agus as pé cómhacht a bhíodh acu;
'ghá mheas gur cheart iad d' adhradh nách mór. Bhí gráin
aige ortha mar gheall ar an mór-is-fiú a bhí chómh neam-
buan, agus ná cuimhnighdís go n-imtheochadh an saidh-
bhreas agus go n-imtheóchaidís féin, leis. Ach iadsan,
nuair a bhí an áilneacht go léir bainte dhíobh, an saidh-
bhreas, agus an uaisleacht cine, agus na cómhachta,
bhíodar ansúd agus iad lomrachta, agus iad cromtha
síos, agus gan de chuimhne acu ar an sólás a bhí anso
acu ach mar a bheadh taibhreamh. Bhíodh aiteas mór orm-
sa nuair a chínn na neithe sin. Nuair a dh'aithnighinn
duine acu do dhruidinn chuige go réidh agus chuirinn i
gcuimhne dhó an saoghal breágh a bhí aige nuair a bhí sé
beó, an mór-is-fiú a bhíodh air nuair a bhíodh na daoine
bailighthe amuich agá gheata ag feitheamh go dtioc-
fadh sé amach agus a sheirbhísigh 'ghá gcomáint chun
siubhail agus ag dúnadh an gheata 'n-a gcoinnibh.
Agus ansan, nuair a thagadh sé amach fé dheire,
agus a chlócaí dearga uime, go h-órtha agus go
h-ildathach, conus mar a mheasadh sé i n' aigne
go gcuireadh sé áthas agus aoibhneas an domhain ortha
nuair fháiltighdís roimis, mara ndeineadh sé ach a ucht
nú a lámh dheas do thabhairt le pógadh dhóibh. Chuireadh
na neithe sin buairt thar bharr ortha nuair a chuimhnighdís
ortha.
Ach do thug Mínós aon bhreith amháin a bhí claon. Bhí
Díonusios, an tíoránach Siculach, ar a thriail
agus bhí Díon ag cur a lán gníomhartha gráinn-
eamhla 'n-a leith, agus an sgáil 'ghá ndeimhniú. Do
bhíthas díreach chun Díonusios do cheangal de'n Chimaéra
nuair a labhair Aristippos an Cúrénach. Fear iseadh
an t-Aristippos san n-a bhfuil ana chreideamhaint
aige agus ana uraim dó laistíos. Dubhairt sé
go raibh Díonusios cabharthach congantach i gcaith
eamh a bheatha do lucht léighinn agus go dtugadh
sé airgead dóibh go minic. Do saoradh Díonusios
mar gheall air sin.
Ansan d'fhágamair an suidhe breatha agus thánamair
go h-áit na bpian. B'shiné an áit, a dhuine
mhuinnteartha, 'n-a raibh neithe truaghmhéileacha le feis-
gint agus le h-aireachtaint go h-iomadamhail.
D'airighmair fuaim agus greadadh ó sna sgiúirsíbh
géara, agus sgréacharnach na ndaoine a bhí d'á losgadh
ar na teínteachaibh teó; agus na riagana; agus na
coiléir; agus na rothana. Bhí an Cimaéra 'ghá stracadh,
agus bhí Cerberos 'ghá stracadh as a chéile agus 'ghá
n-ithe. Righthe, daoir, sátraip, daoine saidhbhre, daoine
bochta, lucht déarca, agus iad go léir ag folag pionóis
agus cathú ortha mar gheall ar na droch ghníomhartha
do dheineadar. Bhíomair-ne ag feuchaint ortha agus
d'aithnighmair cuid acu, go mór mór an chuid acu a bhí
tar éis bháis fhághail le deireanaighe. Ach d'fholaighdís
iad féin agus d'iompuighdís uainn nuair fheuchaimís
ortha, agus bhíodh ceann-fé ortha, i n-inead an uabhair
agus an bhuirbe agus an tarcuisne a thaisbeánaidís
do chách an fhaid a bhíodar ar an saoghal so.
Do maithtí leath an phionóis do sna daoine bochta.
Do tugtí sos ar feadh tamail dóibh agus ansan do
curtí an pionós airís ortha.
Do chonacamair, leis, sa n-áit, na fathaigh úd,
Icsion agus Sisuphos, agus Tantlos an Phrúgach agus
é i gcruadhchás, agus Tituos mac na Talmhan, agus ó,
A Heracléis, ba mhór é! Bhí gáire ar fad faoi agus
é sínte.
D'fhágamair iad san, leis, agus thánamair go dtí an
machaire Acherúsach. Fuaramair sa mhachaire sin na
leath-dhéithe agus na banghaisgidhigh, agus na slóighte
eile marbh agus iad riartha do réir cine agus treabhchais,
cuid acu ag dreó le h-aois agus iad, mar adeir
h-Ómér ana lag, agus cuid acu úrnua foláin, go mór
mór an chuid acu do tháinig ó'n Éigipt, mar gheall
ar a fheabhas a cuireadh ar salan iad. Agus go
deimhin duit níor ró fhuiriste iad d'aithint ó chéile
mar is fíor dheabhrathach le n-a chéile iad go léir, toisg
a gcnámha bheith lom. Is ar éigin fhéadamair iad
d'aithint tar éis iad d'iniúchadh ar fead abhfad.
Is amhlaidh a bhíodar agus iad 'n-a gcruachaibh ar
muin a chéile agus gan aon rian ortha de'n áilneacht
a bhí ortha nuair a bhíodar ar an saoghal so, ach
iad go dorcha agus go do-aitheanta. I gcás duit
nuair a chínn rainnt cnámharlach acu caithte i dteannta
chéile agus iad go léir chómh cosmhail le n-a chéile, agus
an fheuchaint ghrána choimhtheach acu, agus na fiacala
nochtaithe acu, go mbínn 'ghá fhiafraighe dhíom féin
conus fhéadfinn Tirsítés grána d'aithint ó Niréos
áluinn, nú an bacach Íros ó rí na bhFaeacach, nú Purrias
an cócaire ó Agamemnón. Níor lean aon phioc de
sna seana dheifridheachtaí eatartha. Bhí a gcnámha
go léir mar a chéile gan cómhartha sofheicse, gan
teidiol sgríobhtha ortha, gan aon chaoi i n-aon chor ar iad
d'aithint ó n-a chéile.
Agus feuch; nuair a bhíos féin ag feuchaint ar na
neithibh sin do samhluigheadh dom gurab ionan beatha
an duine ar an saoghal agus tóichim mhór fhada éigin,
agus bandé an Ádha ghá stiúrú agus ghá córú agus ag
cur tabhairt-amach fé leith ar gach aoinne a bhíon ag
imtheacht sa tóichim sin. Tógtar duine agus curtar
tabhairt-amach rí air; éadach ríoga uime; lucht frithálmha
'n-a thímpal, mionn óir ar a cheann. Tógtar duine
eile agus curtar culaith seirbhírigh uime. Curtar bláth
áilneachta ar dhuine. Curtar gráinneacht agus míchúm-
thact ar dhuine eile. Ansan, uaireanta, i lár na
tóichime, tagan bandé an Ádha agus deinean sí atharú
córach ar chuid de'n lucht gluaiste. Ní leogan sí
dóibh an tóichim do chríochnú sa riocht 'n-ar thosnuigh-
dar. Atharuighean sí an t-éadach ortha. Cuirean sí
fhiachaint ar Chroésos éadach mogha do chur uime agus
gluaiseacht 'n-a dhaor, agus cuirean sí fhiachaint ar
Mhenandrios, a bhí go dtí san 'n-a dhaor, ameasg daor,
imtheacht agus bheith 'n-a rí in-inead Pholúcratéis agus
an t-éadach ríoga do chaitheamh tamal. Ansan, nuair
a bhíon aimsir na tóichime caithte tugan gach aoinne
uaidh pé éadach a bhí uime. Bainean sé dhe idir éadach
agus corp agus siúd sa riocht é 'n-a raibh sé roimis
sin, gan deifridheacht ar bith idir é agus cách. Ach cuid
acu, tré ainbhfios, nuair iarran bandé an ádha ortha
an córú a chuir sí ortha do thabhairt thar n-ais
di, glacaid siad diombádh agus buairt, chómh
maith agus gur rudaí éigin leó féin a bheadh ag imtheacht
uatha agus nách rudaí a tugadh ar iasacht dóibh ar feadh
tamail.
Measaim go bhfeacaís go minic, ar an árdán, an
chuid de'n lucht cleasaidheachta n-a mbíon ortha an
léiriú trágach a dhéanamh, conus mar a bhíd siad uair-
eanta 'n-a gCréónaibh agus uaireanta 'n-a bPríamaibh
agus uaireanta 'n-a n-Agamemnónaibh, do réir mar
a dh'oirean do'n drama; agus an cleasaidhe céadna,
tar éis é bheith tamal, go stuama, 'n-a Checrops nú
'n-a Erectéos, conus mar a thagan sé amach tamal
beag 'n-a dhiaidh san agus é 'n-a dhaor, do réir órdú an
fhile. Ansan, nuair a bhíon an drama críochnuighthe
bainean gach aoinne acu dhe an t-éadach órtha agus an
t-aghaidh fidil agus tagan sé anuas de sna brógaibh
árda, agus ní bhíon ann feasta ach duine bocht suarach,
Pólos mac Cairicléis an Súniensach, nú Sacuros mac
Teogítoin ó Mharaton, i n-inead é bheith i n'Agamemnón
mac Atréuis nú 'n-a Chréón mac Menoicéuis. Gnóthaí
de'n tsórd san díreach iseadh gnóthaí daoine, do réir
mar a samhluigheadh domh-sa an uair úd agus me ag
feuchaint ortha súd.
Phil. Innis an méid seo dhom, a Mhenippois. Na
daoine n-a bhfuil na leachta móra árda costasamhla
so ós a gcionn anso, agus na columna, agus na
h-íomhághtha, agus na sgríbhinní, an amhlaidh ná fuil aon
onóir á tabhairt dóibh thíos seachas an choitchiantacht?
Men. Ach airiú, éist do bhéal, a dhuine! Dá bhfeicfá
Mausólos féin, an Cárach adeirim, é siúd n-a bhfuil
an cháil go léir air mar gheall ar a thuama, tá fhios agam
ná stadfá ach ag gáirí. Bhí sé caithte ansúd i gcúinne
dhorcha i n'iarlis agus é i bhfolach ameasg slóighte eile
samhal agus gan de thairbhthe aige as an dtuama úd ach
é bheith i n'ualach anuas air. Óir, nuair a thómhaisean
Aiacos an talamh chun gach duine (agus ní thugan sé ach
troigh tailimh do gach aoinne), ní foláir do'n duine é
féin do sheargadh agus do chrapadh i dtreó go mbeadh
sé beag a dhóithin do'n méid sin tailimh. Ach
measaim go ndéanfá breis gháirí dá bhfeicfá na daoine
seo a bhíon 'n-a righthibh agus 'n-a sátrapaibh anso agus
iad ag gluaiseacht ansúd a d'iarraidh déarca, feóil
ghuirt acu 'á dhíol tré mhéid a ndealbhais, nú iad ag
múine aibghitreach; agus easonóir, nú buille bhais sa
leacain, acu dá fhághail ó chách, mar a gheóbhadh an daor
is dona. Níor fhéadas, go deimhin duit, gan gáire
dhéanamh go h-árd nuair a chonac an Pilib úd, an
Macedónach. Do taisbeánadh dom é agus é sáidhte
i gcúinne agus seana bhróga lobhtha aige 'á dheisiú ar
a phágh. Bhí a lán eile acu, leis, le feisgint ar na
crosbhóithribh agus iad a d'iarraidh déarca. Bhí Xercsés
ann, agus Dareíos, agus Polucrátés.
Phil. Is éagsamhlach na neithe atá agat d'á innsint
i dtaobh na righthe agus is deacair iad do chreideamhaint.
Ach cad a bhí ag Socratés 'á dhéanamh, agus na saoithibh
eile?
Men. Tá Sacratés, leis, ansúd agus é ag gabháil
tímpal ag áiteamh ar gach aoinne, agus tá i n-aonfheacht
leis Palamédés agus Nestor agus Odusséus, agus
gach samhail chainnteach eile. Tá an t-at 'n-a chosaibh
fós ó'n nimh úd a dh'ól sé. I n-aice le Sardanapalos
an tAssuiriach, agus le Mídas an Phrúgach, agus le
rainnt eile de lucht an tsóigh iseadh atá Díogenés
oirdheirc, agus bíon sé ag gáirí nuair airighean sé iad
ag áireamh na maitheasaí a bhí acu roimis seo, agus iad
ag gol. Bíon sé sínte ar a dhrom agus é ag gáirí,
agus casan sé amhrán nách ró chneasta chun a n-olagón-
san do mhúchadh ortha. Tá buairt mhór ortha mar gheall
air sin. Ní féidir leó cur suas le Díogenés agus
táid siad 'ghá bheartú go raghaid siad chun cómhnuighthe
i n-áit éigin eile.
Phil. Seadh, ní beag liom díobh san. Ach cad é an
dlighe é siúd adubhraís ar dtúis a deineadh i n-aghaidh
lucht saidhbhris?
Men. Is maith mar a chuiris i gcuimhne dhom é. Bhíos
chun trácht air ach do seóladh ar fán uaidh me ar chuma
éigin. An fhaid a bhíos 'n-a bhfochair thíos d'fhógair na
Prútanaigh cruinniú féise chun tairbhthe an phobuil.
Chonac na daoine ag bailiú. Siúd me féin isteach
ameasg na slóighte marbh agus ba ghearr go rabhas 'n-a
dteannta ag an bhféis. Do deineadh rainnt dlighthe
ar dtúis ar ghnóthaíbh eile agus ansan do tánathas
chun lucht an tsaidhbhris. Do labhradh 'n-a gcoinnibh
go dian agus do cuireadh mórán droch ghníomhartha
'n-a leith; éigean, eirighe anáirde, uabhar, eugcóir. Fé
dheire d'eirigh duine de sna cinn-phobuil agus do
léigh amach reacht de'n tsórd so:-
AN REACHT.
De bhrígh go ndeinid lucht saidhbhris i gcaitheamh a
mbeatha, mórán gníomhartha aindleaghthacha i gcoinnibh
na mbocht, ag déanamh foghla ortha, agus ag déanamh
éigin ortha agus ag tabhairt tarcuisne dhóibh, tuigtear
do'n tseanaid agus do'n phobul gur ceart pionós do
chur ar a gcorpaibh tar éis bháis dóibh, fé mar a cuir-
tear ar chorp gach cuirpthigh eile, agus ansan gur ceart a
n-anamnacha do chur suas thar n-ais ar an saoghal agus
iad do chur isteach i n-asalaibh, agus nuair a gheóbhaidh na
h-asail sin bás, iad do chur isteach i n-asalaibh eile,
agus iad do bheith ar an gcuma san go dtí go mbeidh
chúig mhíle blian fó dheich curtha dhíobh acu, agus i
gcaitheamh na h-aimsire sin go léir iad a bheith ag iompar
ualaí troma agus daoine bochta ghá gcomáint:
ansan neart a bheith dhóibh bás d'fhághail.
Cloigean mac Cnamharlaigh, ó Ghleann na bPúcaí, de
shliocht na Mílítheach, isé do chómhairligh an reacht.
Do léigheadh an reacht. Chuir na cinn-phobuil fé ghuth
an reacht. Do shín na daoine a lámha. Chuir Brimó
búirth aisti. Chuir Cerberos ulfairt as. Sin mar a
cuirtear feidhm i ndlighthibh ansúd nuair a léightear iad.
Sin agat ar deineadh ag an bhféis. Ansan d'imthigh-
eas féin ag triall ar Theiresias ar an dtoisg a thug ann
me. D'innseas mo sgéal dó tríd síos agus d'iarras
air a dh'insinnt dom cad í an bheatha ba dhóich leis do
b'fhearr. Do gháir sé. Firín ana bheag iseadh é agus é
caoch, mílítheach, caolghuthach. "Is eól domh-sa fáth do
mhearathail, a mhic ó," ar seisean. "Lucht na h-eagna
bheith bun os cionn le n-a chéile fé ndeár é. Ní dleagh-
thach domh-sa, ámhthach, an cheist sin do réidhteach duit.
Tá san coisgithe ag Radamantus."
"Faire faire, a athair bhig!" arsa mise leis, "ná
h-abair é sin. Ná fág me ag caitheamh mo bheatha níos
daille 'ná thu féin!"
Ansan do rug sé leis i leithtaoibh me, abhfad ó'n
gcuid eile, agus chrom sé go cneasta chun mo
chluaise:-
"Isí beatha na ndaoine gan léighean," ar seisean, "an
bheatha is fearr agus is eagnaighe. Ná bí-se ag áiteamh
ná ag deimhniúchán ar neithibh doimhne, ná ag iniúchadh
agus ag sgrúdadh ar thosach agus ar dheire na neithe atá.
Amadántacht iseadh an obair sin. Cuir rómhat an
méid seo amháin, an aimsir atá láithreach d'fhrithálamh go
maith, 'sé sin, i dtreó go mbeidh sult agus soilbhreas i
bhformhór do bheatha agus ná beidh aon rud ag déanamh
aon bhuartha dhuit." Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige
do sgiúrd sé uaim go machaire an Asphodeil.
Bhí sé 'n-a thráthnóna um an dtaca san, "Téanam,"
arsa mise le Mítrobarsánés. "Ní'l a thuille gnótha
anso againn. Téidhmís thar n-ais suas chun na beatha."
"Ná bíodh ceist ort, a Mhenippois," ar seisean
liom, "taisbeánfad-sa cómhgar maith réidh suas duit.
Feuch," ar seisean, agus thaisbeáin sé spré bheag
soluis dom. "Ansan anuas," ar seisean, "a thagaid
muinntir Bhoiótia. Siné teampul Trephóniuis. Im-
thigh ansan suas agus beidh tú sa Ghréig láithreach."
Siúd suas me. D'fháisgeas me féin tríd an bpoll
aníos, bíodh gur chumhang é, agus seo anso me i
Libadía, pé cuma n-ar thárla.
XXVIII.
TÍMÓN, NÚ AN FEAR A THUG FUATH DO
DHAOINE.
Tím. Ó, a Iúpiteir; a Charadaigh; agus a Oinigh;
agus a Chompánaigh; agus a Thínteánaigh; a Splancaire;
agus a Mhionnacheap; agus a sguabaire na sgamal;
a fhothramálaidhe mhóir; agus pé ainm eile is maith leis
na filíbh buile seo do ghlaodhach ort; go mór mór
nuair a bhíon ciscéim bacaighe sa dán acu; (mar tá
oiread san ainimneacha ort-sa go bhféadan ainm éigin
leat an lúb ar lár do thógaint dóibh agus an bheárna do
dhúnadh sa tómhas) ca bhfuil an splannc úd an fhothraim
mhóir anois uait? agus an bhúirtheach thóirthnighe? agus
do chaor uathbhásach a bhíodh ad' láimh agat ar dearg
lasadh? Ní dheabhruighean an sgéal anois go bhfuil
ionta súd go léir ach fianaidheacht agus gal-suip
filidheachta ar fad, ach amháin a bhfuil d'fhothram in sna
h-ainimneachaibh atá ortha. Agus an t-arm oirdheirc,
faidbhéimneach, luath-ghníomhach san agat, ní fheadar cad
tá imthighthe air. Tá sé i n-éag ar fad agat. Tá sé
fuar, gan oiread agus spré feirge tar éis fanmhaint
ann i n-aghaidh droch-dhaoine. Duine de'n mhuinntir
a bheadh ag cuimhneamh ar leabhar éithigh a thabhairt, is mó
an t-eagla bheadh aige roimis an mbuaiceas a múchadh
indé 'ná mar a bheadh air roime do chaor uile-chómhachtach.
An chuma 'n-a gcaithean tú spala beag teine leó ní
chuirean an teas ná an deatach uaidh aon eagla ortha.
Ní mheasaid siad go ndéanfar de dhíobháil dóibh ach go
mb'fhéidir go smearfadh an súgh iad. Uime sin níor
bh' iongna an Salmónéus úd do dhéanamh na tóirthnighe
ad' choinnibh. Níor bh'aon dóichín é. Bhí sé teasaighe
uaibhreach, agus Iúpiter chómh leamh-fhuar. Cad 'n-a
thaobh ná déanfadh agus tusa ad' chodla fé mar a bheadh
suan an mhandraic ort? Ní airighean tú lucht na
mionn éithigh. Ní fheicean tú lucht na h-eugcóra. Tu
leath-chaoch, gearr-radharcach, i dtaobh droch-ghníomhartha,
agus tu spadchluasach, ar nós daoine aosta. An
fhaid a bhís óg, cródha, dásachtach ad' fheirg, dheinteá a
lán neithe i n-aghaidh lucht eugcóra agus éigin. Ní
thugthá choidhche aon tsos cómhraic dóibh. Bhíodh do
chaortha ag imtheacht coitchianta, agus do thóirthneach
ag búirthigh, agus do sgiath d'á suathadh agat, agus do
splanncracha d'á stealladh uait 'n-a gceathanaibh agat.
Ba mhar a chéile an luasgadh talmhan a dheinteá agus
luasgadh créithir. Bhíodh do shneachta 'n-a chruachaibh.
Bhiodh do chloichshneachta 'n-a clochaibh móra. Agus
ionus go labharfinn leat go mór-bhriathrach, bhíodh
t'fhearthainn 'n-a taoisgeanaibh diana, gach braon chómh
mór uisge le h-abhainn. B' shiné fé ndeár an léir-
sgrios a deineadh i n-aon neómat amháin i n-aimsir
Dheucalion, nuair a bádhadh gach aon rud le h-uisge
agus gur bh'ar éigin a chuaidh aon bháidín beag amháin
saor go Lucórés, le n-ar sábháladh síol beag daona,
ó n-ar shíolraidh olc ba mhó. Tá a rian air; tá tuaras-
tal do spaideamhlachta agat d'á fhághail uatha. Ní
dheinean aoinne aon ídhbirt chughat anois, ná ní
chuirean aoinne coróinn ort, mara ndéanfadh duine
éigin é i ndiaidh na nOluimpiach. Ní dheinean sé sin
féin é ach nách maith leis an seana-nós do bhrise. Ní
fada go mbeidh t'onóir go léir bainte dhíot acu, a phlúr
na ndéithe! agus gan ionat ach Cronos acu! Ní
bhacaim trácht ar a mhiniceacht a robáladar do
theampul ort. Dhein cuid acu thu féin do láimhseáil
i n-Oluimpia, agus níor dheinis-se, a ghiolla na
tóirthnighe móire! oiread agus na gadhair do chur
leó, nú glaodhach ar na cómharsain i dtreó go
mbéarfí ortha sar a bhféadfidís imtheacht. Agus
tusa, an t-uasal a mhairbh na fathaigh agus a bhuaidh
ar na Títánaibh, d'fhanais ansúd ad' shuidhe ar do
shuaineas an fhaid a bhíodar ag bearradh na gruaige
dhíot, agus caor thóirthnighe n-a raibh deich gcúbait ar
faid ann ad' láimh dheis agat! Innis dom, a rí na
ndéithe, cathain a stadfir de'n neamhshuím seo agat
i ndroch bheartaibh de'n tsórd san? Nú cathain a
dhéanfir díoltas ar a leithéid d'eugcóir? An mó
Phaeton nú an mó Deucalion is leór d'á leithéid
d'easumhluidheacht ó dhaoine? Gan trácht ar neithibh
coitchiana, feuch mo sgéal féin, feuch ar árduigheas
d'Aténeachaibh, ag déanamh daoine saidhbhre de dhaoinibh
a bhí dealbh go maith, ag cabhrú le daoine a bhí 'n-a
ghátar, ag sgaipe mo choda go fórleathan ar mo cháirdibh,
agus anois nuair atá an obair sin tar éis duine bocht
a dhéanamh díom ná h-aithnighid siad i n-aon chor me.
Ní'l aon mheas acu anois orm bíodh go raibh árd-mheas
roimis seo acu orm agus uraim acu dhom agus iad
ag faire chun bheith umhal dom. Má bhuailean duine
acu umam ar an mbóthar gabhan sé tharm gan me
d'aithint mar a gheóbhadh sé thar an lic a bheadh ar lár le
h-imtheacht aimsire, ar uaigh duine éigin a fuair bás
abhfad ó shin. Nuair a chíd tuille acu uatha ag teacht
me iompuighid siad bóthar eile le gráin orm agus
le dothal rómham, i n-inead me bheith am' dheagh-
theangmhálaidhe rathmhar dóibh mar a bhínn tráth. I gcás
go bhfuil an donas tar éis me chomáint amach sa
n-áit imigcéineamhail seo agus casóg leathair umam
agus me ag obair, ag saothrú an tailimh ar cheithre
oboloisíbh sa ló, agus me ag déanamh mo mhachtnaimh
sa n-uaigneas os cionn mo ghrafáin. Tá an méid
seo sóláis agam, ámhthach. Ní bheidh mé ag feuchaint
a thuille ar a lán daoine go bhfuil ortha ádh nách
fiú iad. Crádh ró mhór é sin. Ach croth dhíot fé
dheire thiar thall, a mhic Chronois agus Réa, an trom
chodla fada suairc seo atá ort (Is sia é 'ná
codla Epimeinídéis), agus séid ar lasadh do chaor
tóirthnighe, nú sáidh isteach i n-Aetna é go lasaidh sé
'n-a bhladhm mhór, agus taisbeáin dúinn iarracht de'n
fhearg a bhíodh i Iúpiter óg; mara rud é gur fíor a
ndeirid Crétánaigh, .i. go bhfuilir marbh curtha.
Zeús. Feuch airiú, a h-Erméis, cé h-é sin atá ag
sgreadaigh a' h-Attica, ag bun cnuic h-Uméttois?
an t-anacróir salach san go bhfuil an seithe mar chasóig
uime? Is dóich liom gur ag rómhar atá sé. Tá sé ar
a chromadh. Fear dána cainnteach iseadh é. Ní foláir
nú is filosofor éigin é nú ní labharfadh sé an chainnt
mhasluightheach san 'n-ár gcoinnibh-ne.
h-Erm. Cadé sin agat 'á rádh, a athair? Ná h-aith-
nighean tú Tímón mac Ecratídéis, an Colutéach?
Siné an té úd a fhritháladh sinn go minic le mór ídhbirtíbh;
an té úd a saidhbhirigheadh go h-oban agus a dheineadh
na h-ídhbirtí céad chughainn agus go ndeinimís na
Diásacha do chomóradh chómh h-áluinn i n'fhochair.
Zeús. Ochón! Cad é mar atharú! An duin'uasal
san a bhí chómh saidhbhir! agus n-a mbíodh oiread san
daoine muinnteartha tímpal air! Cad d'imthigh air
i n-aon chor? Cad a dhein anacróir bocht mífhoirtiú-
nach mar sin de, ag rómhar ar a phágh mar atá sé agus
an grafán trom san 'á chasadh aige?
h-Erm. Déarfadh duine gur deaghmhéinn a chreach
é, agus deaghchómharsanacht, agus athtruagh do'n mhuinn-
tir a bhíodh i ngátar. Ach le fírinne is amadántacht a
chreach é, agus míchiall, agus droch-bhreitheamhantas
i dtaobh na gcarad a thoghadh sé. Níor thug sé fé
ndeara gur do mhachtíríbh agus d'fhiachaibh dubha a bhí
caradas aige d'á thabhairt. Na h-éin chraosacha ag ithe
na n-ae aige agus ná leogfadh an t-aimhleas dó a
thuisgint nách caradas ná grádh ná ionmhuine a bhí 'ghá
gcimeád i n' fhochair ach corp dúil sa digh a thugadh sé
dhóibh. Do lomadar a chnámha agus do chreimeadar iad
mórthímpal, agus má bhí smior ionta do shúghdar asta
é glan, agus ansan d'imthighdar uaidh agus d'fhágadar
'n-a ndiaidh é feóchta tirm, gearrtha ó phréimh, agus ní
aithneóchaidís é ná ní fheuchfidís air as san amach (nídh
nách iongna) chun cabhair ná congnamh a thabhairt dó,
tar éis ar dhein sé dhóibh. Siné fé ndeara dhó bheith ag
ag rómhar, agus casóg leathair air, mar a chíon tú.
Do rith sé as an gcathair mar bhí náire air. Tá sé
ansúd ag saothrú an tailimh ar a phágh, agus an mí-ádh
tar éis é chomáint as a mheabhair; mar go bhfeicean sé
na daoine n-ar thug sé an saidhbhreas dóibh ag bualadh
thairis chómh coimhtheach san gur dhóich le duine ortha nách
eól dóibh an Tímón is ainm dó i n-aon chor.
Zeús. Go deimhin féin ní neamhshuím is cóir a chur sa
bhfear san. Ní ceart gan feuchaint chuige. Ní h-iongna
a mhór mhí-ádh bheith tar éis a chomáint as a mheabhair.
B'olc an mhaise dhúinne dá ndeinimís mar a dheineadar
na plámásaidhthe fill úd, dá mba ná cuimhneóchaimís ar
an bhfear a loisg ar ár n-altóraibh oiread ceathramhna
méithe mart agus gabhar. An balaith saidhbhir a bhí
uatha tá sé am' shróin fós. Ach níor fheuchas i dtreó
Attica le fada dh'aimsir anois. Ní raibh uain agam
air. Bhíos tógtha suas ar fad ag lucht mionn éithigh
agus ag lucht foghla agus ag lucht éigin, bhí a leithéid sin
de ghleó acu 'á dhéanamh. D'á éaghmuis sin bhí eagla
na masluightheóirí orm. Aicme líonmhar iseadh iad
agus is deacair faire dhéanamh ortha. Ní leogaid siad
dom neul do chodla. Agus an aicme seo an aighnis,
na filosofigh seo a bhíon ag coimhsgar mar gheall ar
fhocalaibh, tá oiread san glóir acu ní féidir dom
guidhe do chlos ó aoinne mar gheall ortha. Táim bodhar
acu. Caithim suidhe anso agus mo chluasa chimeád
stupaithe nú do bhainfidís m'éisteacht díom ag callair-
eacht i n-aonfheacht, i n-árd a gcinn 's a ngutha, i dtaobh
bríghe éigin, nú neamhchorp nú neamhneithe eile de'n
tsórd san. B' shiné cúis dúinn dearmhad a dhéanamh
de'n duine seo nách cóir i n-aon chor a dhearmhad. Ach
imthigh láithreach, a h-Erméis, ag triall air, agus beir
leat Ploutos, agus beireadh Ploutos Tesauros leis
agus fanaidís araon i bhfochair Thímóin agus ná tagai-
dís uaidh go fuiriste pé dítheal a dhéanfidh sé feasta
ar iad do chomáint as a thigh airís le neart deaghghníomh.
Ní mór dhom féin breithniú ar ball ar lucht an phlámáis
agus an easba buidheachais, feuchaint cad é an pionós
is ceart a chur ortha mar gheall ar a bhfuil déanta acu
ar Thímón. Curfar ortha an pionós chómh luath agus bheidh
an caor tóirthnighe seo deisighthe agam. Do briseadh
agus do maoluigheadh an dá bheann is mó air an uair
úd, le déanaighe, a chaitheas é leis an sophist úd
Anacsagoras. Bhí sé ghá áiteamh ar a dheisgiobulaibh
ná raibh ár leithéidí-ne i n-aon chor ann i n-ár ndéithibh.
Chuireas iomad fuinnimh leis an urchar. Níor bhuaileas
é mar do thóg Periclés a lámh ós a chionn. Ach
do ghluais an caor tóirthnighe isteach sa teampul
úd, an t-Anaceion. Do loisgeadh an teampul agus
is beag ná gur deineadh smidiríní de'n chaor i
gcoinnibh na caraige. Agus anois beidh pionós
ana chruaidh ar lucht an phlámáis agus an neam-
bhuidheachais nuair a chífid siad Tímón i n'fhear ana
shaidhbhir airís.
h-Erm. Seadh! Nách mairg ná déanfadh búirtheach,
agus fothram, agus dánaidheacht! pé 'cu fearr cás
do phlé é nú fearr guidhe a dhéanamh! Feuch a thapamh-
lacht a bheidh Tímón i n' fhear shaidhbhir anois, ó bheith i n'
anacróir bhochth dhealbh, toisg gur bhéic sé chómh h-árd
agus gur labhair sé chómh dána. Chuir sé fhiachaint ar
Zeús éisteacht le n-a ghuidhe. Dá bhfanadh sé ciúin, ag
rómhar ar a chromadh, is ag rómhar a dh'fhanfadh sé,
agus ní curfí suím ann.
Plout. Ní raghad-sa ag triall air siúd, a Iúpiteir!
Zeús. Cad 'n-a thaobh, a Phloutois, a uasail, agus
mise 'ghá rádh leat dul?
Plout. Mar thug sé tarcuisne dhom, dar fiadh.
Do tharraig sé amach me agus ghearr sé am' chodaibh
beaga me, bíodh gur chara d'á athair me. Is beag
ná gur dhíbir sé amach as a thigh me le píce. Chaith sé
uaidh me fé mar a chaithfadh duine sméaróid teine as
a láimh. An amhlaidh a raghad ag triall air airís chun
me thabhairt do lucht plámáis agus do lucht itheacháin
agus do leanánaibh? Cuir me, a Iúpiteir, ag triall
ar an muinntir a thuigfidh cad is fiú me, ag triall ar
an muinntir a ghlacfidh le grádh me, go mbeidh uraim
acu dhom agus dúil acu ionam. Ach na brealláin seo
a dheinean cómhluadar leis an ndealbhas, agus gur
fearr leó an dealbhas 'ná mise, agus go dtugan an
dealbhas casóga leathair agus grafáin dóibh, bíodh na
cheithre h-oboloisí acu anois agus deinidís leó, tar
éis na mílte úd a chaitheadar uatha i mbronntaisíbh.
Zeús. Ní dhéanfidh Tímón aon rud de'n tsaghas
san leat-sa a thuille. Tá ciall cheannaigh múinte ag
an ngrafán dó, .i. gur fearra dhó thusa 'ná an dealbhas;
mara rud é ná cuirean teinneas 'n-a chaoldrom
aon chlóic air. Ach dar liom-sa ní ró fhuiriste tu
shásamh. Taoi ag gearán anois ar Thímón toisg gur
osgail sé a dhóirse dhuit agus gur thug sé cead do chos
duit; nár chimeád sé istigh thu agus ná raibh sé ag faire
go h-éadmhar ort. Uair eile bhí a mhalairt sin de
ghearán agat ar na daoine saidhbhire .i. go gcimeádaidís
fé ghlasaibh agus fé dhaingeanaibh tu dúnta suas agus
fé shliochtaibh séalaí, i dtreó ná bíodh ar do chumas
oiread agus feuchaint amach sa tsolus. Dheinis do
ghearán liom-sa mar gheall ar na neithibh sin agus
dubhraís go rabhais ad' mhúchadh leis an ndoircheacht mór.
Ar an adhbhar san d'fheuchais go bán am' shúilibh féin,
agus lán de bhuairt, agus bhí do mhéireana crapaithe,
mar gheall ar an síor-chómhaireamh. Agus bhís 'á rádh
go n-eulófá uatha ar fad dá bhfaghfá an chaoi. Dar
leat ba chruaidh an cás é, tu ad' chimeád go seasg, ar
nós Danáé, istigh i seómra práis nú iarainn, agus
gan ag frithálamh bídh ort ach an bheirt ghéar droch
aigeanta úd, .i. Úncamas agus Cómhaireamh. Dubh-
raís go raibh nídh áiféiseach acu dh'á dhéanamh, grádh thar
na beartaibh acu dhuit agus ná leómhfidís aon úsáid a
dhéanamh díot, bíodh ná raibh bac ortha ann, ná a ngrádh
do shásamh ar a suaineas, bíodh go rabhais fé n-a
smacht. Iad ansúd sa n-oidhche gan neul do chod-
ladh ach iad ag tabhairt aire dhuit, ná dúnfidís súil ach
iad ag faire go súil-osgailte ar an séala agus ar an
samh, agus nár bheag leó de shochar dóibh féin asat a
bheith ar a gcumas gan aon phioc ded' shochar do leog-
aint le h-aoinne eile; ar nós an mhadra sa mhainséar
ná féadfadh an coirce dh'ithe agus ná leogfadh do'n
chapall é dh'ithe. Bíon tú ag gáirí úmpa mar gheall ar
bheith ad' chimeád chómh h-aireach gan úsáid a dhéanamh
díot, agus rud is fíor-iongantach, eud ortha chucha
féin mar gheall ort; agus gan a fhios acu an bitheamhnach
seirbhísigh, nú reachtaire, nú múinteóra, bheith thíos, a
gan fhios, i gcúil an fhíona agus é caoch ar meisge, an
fhaid a bhíon an máighistir mírathmhar, aimhleasta, ag
faire ar thoradh an úncamais, gan de sholus aige ach an
lóchran dúr go bhfuil an buaiceas ar bheagán oíle ann.
Conus nách eugcóir duit-se an obair sin do lochtú
roimis seo agus Tímón do lochtú anois mar gheall ar
a mhalairt sin ar fad d'obair?
Plout. Dá mb'áil leat-sa fírinne an sgéil do
bhreithniú ó gach taobh do chífá ná fuil an eugcóir agam
i n-aon taobh acu. An rabairne sin a dheineadh Tímón
ní deaghmhéinn é, am' thaobh-sa dhe, ach neamhshuím. Agus
an mhuinntir úd a chimeádadh dúnta istigh sa doircheacht
me am' chur i méid thar na beartaibh; ná déanfidís
féin úsáid díom agus ná tabharfidís amach sa
tsolus me le n-eagla go bhfeicfadh aoinne me;
dar liom is daoine buile iad san, agus deinid
siad eugcóir tharcuisneach orm-sa, am' chimeád ag
lobhadh agus ag dreó fé ghlasaibh agus gan aon rud
déanta as an slighe agam; agus gur chóir go mbeadh
fhios acu nách ró fhada go gcaithfid siad imtheacht agus
me fhágáilt ag duine éigin eile de lucht an tséin. D'á
bhrígh sin ní mholaim iad-san. Ní lugha 'ná a mholaim
lucht rabairne. Molaim an mhuinntir a chuirean, mar
is ceart, teóra leis an ngnó; an mhuinntir ná bíon ró
rabairneach ná ró chruagálach am' thaobh. Ach isé
rud a chuirean ar deargbhuile me 'ná an chuma 'n-a
mbíon aicme daoine ag gabháil de chosaibh ionam, am
ithe agus am' ídiú, agus aicme eile ag cur ceangail na
gcúig gcaol orm mar a curfí ar chuirptheach fánaidhe
n-a mbeadh rian an iarainn dhirig air.
Zeús. Agus cad is gádh dhuit bheith i bhfeirg leis an
dá aicme sin? Nách eól duit go dtagan toghadh
pionóis ortha araon? Sin aicme acu, ar nós Tanta-
luis, ag mianfuigheach ar an ór, gan ithe ná ól acu, ach béil
thiorma; agus an bia d'á sgiobadh amach as a gcúlchraos
ó'n aicme eile, ag na h-Arpaíbh, ar nós Phinéuis. Ach
imthigh ort anois agus gheóbhair ag Tímón ciall mhór
ná raibh aige.
Plout. Agus an stadfidh sé choidhche de bheith am
tharrac amach chómh dásachtach, mar a sgaoilfí amach
me a' árthach a bheadh pollta, go dtí go mbead imthighthe
ar fad? Ba dhóich le duine air gur b'amhlaidh ba
mhian leis me leogaint amach sar a dtiocfadh an iomad
díom isteach, le h-eagla go múchfinn é. Tá an tslighe
amach ana mhór aige. Measaim gur b'é rud a bheidh
agam 'á dhéanamh 'ná ag cur uisge isteach sa mheidir
úd ingheanacha Danáé, agus an t-uisge ag rith amach
tré thóin na meidire chómh tiugh agus a chaithfad isteach é.
Zeús. Ná bíodh ceist ort. Mara ndúnaidh sé an
poll go luath ní fada go mbeidh tusa imthighthe amach
uaidh glan agus ansan gheóbhaidh sé an chasóg leathair
agus an grafán airís sa dríodar i dtóin na meidire.
Imthigh ort anois agus dein fear saidhbhir de. Agus,
a h-Erméis, ná dearmhaid-se na Cuclópa do thabhairt
chugham a' h-Aetna, ag gabháil aníos duit, chun go
ndéanfid siad an caor tóirthnighe seo do dheisiú agus
do bhiorú dhom. Ní fada go mbeidh gnó agam de agus
é bioruighthe.
h-Erm. Téanam ort, a Phloutois. Cad é sin ort,
a dhuine? Tá ciscéim bacaighe ionat. Bhí fhios agam
tu bheith caoch ach níor thugas fé ndeara an bhacaighe
bheith ort, leis.
Plout. Ní bhím bacach i gcómhnuidhe, a h-Erméis.
Nuair a chuirean Zeús uaidh me mar seo ag triall ar
dhuine bím ríghin agus bíon an bhacaighe am' dhá chois
i dtreó gurab ar éigin fhéadaim an chuaird a chríochnú,
agus go mbíon an té n-a mbím ag dul ag triall air
'n-a sheanduine sar a sroisim é. Nuair a bhím ag
teacht uaidh, ámhthach, bíon sgiatháin le feisgint orm
i dtreó gur luatha mé 'ná na h-éin, agus nách túisge
do leagtar an bata 'ná mar a fógarthar an buadh dhom.
Cuirim an talamh díom chómh géar san gur minic ná
feictar me ag gluaiseacht.
h-Ermés. Go deimhin féin, a Phloutois, ní fíor duit
sin. D'fhéadfinn-se a lán daoine thaisbeáint duit
gur deineadh daoine saidhbhre dhíobh oban go leór. Is
eól dom duine acu agus bhí sé lá gan oiread agus
obolos aige le n-a gceannóchadh sé blúire théad chun é
féin do chrochadh, agus lar n-a mháireach a bhí chughainn bhí
sé 'n-a shuidhe i gcóiste agus seisreach gheal 'ghá tharrac!
Fear ná raibh fiú asal riamh roimis sin aige! Tá sé
féin agus tuille d'á shórd, anois ag gluaiseacht go
ceannárd agus clócaí dearga ortha agus fáinní óir ar
a méireanaibh, agus nách fios dóibh féin, is dócha, ná
d'aoinne eile, nách saidhbhreas aislinge atá acu.
Plout. Sgéal eile é sin, a h-Erméis. Ní h-ar mo
dhá chois féin a bhím ag siubhal nuair a bhím ag dul ag
triall ortha san, agus ní h-é Zeús ach Ploutón a chuirean
ag triall ortha me. Is bronntóir saidhbhris Ploutón,
leis, mar is léir ó'n ainm atá air, agus tá sé fial.
Nuair a bhítear, an dtuigir, chun me thabhairt ó dhuine
go duine eile curtar isteach i ndeltos me, i
gcúmhdach tríchúinneach, agus curtar séala orm agus
árduightear chun siubhail me. Sa n-am gcéadna fágtar
an corpán i gcúinne dhorcha éigin de'n tigh agus
seana-éadach lín ar a ghlúinibh agus na cait ag
coimhsgar 'n-a thímpal. Na daoine a bhíon ag brath
ar oighreacht bíd siad ansúd ar an bhfatha ag feitheamh
liom agus a mbéil ar leathadh ar nós na ngearrcach
sa nid nuair a chíd siad a máthair ag teacht. Ansan,
nuair a baintear an séala de'n chúmhdach, agus a
gearrtar an ceangal, agus do h-osgaltar an deltos,
agus a glaotear ainm an té gur leis me feasta, pe
'cu gaol é nú plámásaidhe nú feallaire seirbhísigh,
beirean sé orm féin agus ar an ndeltos agus sgioban
sé chun siubhail me agus rithean sé leis féin. Ansan
bíon ainm nua air, Megaclés nú Megabásos nú
Prótarchos, i n-inead a shean-ainme, .i. Purrias nú
Dromó nu Tibíos. An chuid eile de'n lucht feithimh,
ámhthach, bíd siad go dúbhach agus go brónach ag feuchaint
ar a chéile, a súile ar leathadh acu, agus iad ag
cuimhneamh ar an bpreabaire breágh runnaigh a dh'imthigh
as an líon uatha — tar éis ar chailleadar leis!
Ach an fear a gheibhean me, seo mar a dheinean sé,
toisg é bheith 'n-a bhastún. Beirean sé greim docht
orm, agus eagla na laincisí air fós, agus má airighean
sé fothram fuipe tagan bior ar a dhá chluais. Má chíon
sé tigh na h-oibre bíon uraim aige do'n tigh sin mar
a bheadh ag duine do theampul. Tugan sé tarcuisne
do sna cómharsain i dtreó nách féidir d'aoinne cur
suas leis. Sgiúrsálan sé na daoir díreach mar a
sgiúrsáltí é féin agus bíon iongna air é féin a bheith
ag déanamh na sgiúrsála i n-inead bheith 'ghá folag mar
a bhíodh sé. Fé dheire, buailean droch-chómhluadar
uime; nú tugan sé aghaidh ar oileamhaint-eachra; nú
tugan sé é féin suas do lucht plámáis a bhíon 'ghá
áiteamh air gur dathamhla é 'ná Niréos; gur b'uaisle
é 'ná Cecrops agus 'ná Codros; gur géarchúisighe
é 'ná Odusséus; gur saidhbhre é 'ná sé Chroésos déag
i n-aonfheacht. Ar leagadh na súl, sin imthighthe an
saidhbhreas go léir úd a bailigheadh chómh cruaidh, 'n-a
chodaibh beaga, i ndiaidh ar ndiaidh, le leabhraibh éithigh
agus le gníomharthaibh gadaidheachta agus eugcóra nár
bh'fhéidir a chómhreamh.
h-Erm. Is beag ná go bhfuil an fhírinne sa méid sin
agat. Ach nuair a ghluaisean tú do shiubhal do chos
féin conus fhéadan tú eólus na slighe dh'fhághail agus
tu caoch? Agus conus aithnighean tú na daoine n-a
gcuirean Zeús ag triall ortha tu nuair a mheasan sé
gur ceart iad a dhéanamh saidhbhir?
Plout. Agus an amhlaidh is dóich leat go bhfaighim
eólus! agus go bhfaighim amach cé h-iad!
h-Erm. Ambasa ach tá an ceart agat. Ní bhfaghan
tú amach iad. Dá bhfaghthá ní gheóbhthá thar Aristídés
agus ag triall ar Hippoménicos, agus ar Chaillias,
agus ar a lán eile Aténach nách fiú obolos iad. Ach
cad a dheinean tú nuair a curtar chun siubhail tú?
Plout. Ní dheinim ach bheith ag fánaidheacht síos agus
suas agus ag rith anonn 's anall go ráinighean do
dhuine éigin bualadh umam. An chéad duine a bhuailean
umam beirean sé greim orm agus cimeádan sé me
agus tógan sé leis me agus ansan tugan sé buidheachas
an tsaidhbhris duit-se, a h-Erméis.
h-Erm. Do'n réir sin buailtear bob ar Zeús.
Measan sé go dtugan tusa an saidhbhreas do'n té
d'ár dual do réir a bhreitheamhntais féin.
Plout. Buailtear, a mhic ó, agus is maith an ceart.
Tá fhios aige me bheith caoch agus cuirean sé me ag
lorg ruda atá fíor-dheacair le fághail sa tsaoghal,
rud atá imthighthe as an saoghal le fada riamh, rud nárbh
fhuiriste do Lungéus féin a dh'fhághail, tá sé chómh beag
san agus chómh deacair a dh'fheisgint. D'á bhrígh sin, ó
táid daoine fóghanta chómh ganachúiseach agus droch
dhaoine chom h-iomadamhail agus gur leó gach nídh in
sna catharachaibh, is ró fhuiriste dhomh-sa, am' fhánaidheacht,
teangmháil leis na droch-dhaoinibh agus tuitim chucha
isteach 'n-a líntibh.
h-Erm. Ach nuair a bhíon tú ag imtheacht uatha conus
fhéadan tú imtheacht agus gan eólus na slighe agat?
Plout. 'Sdó bíon, ar chuma éigin, radharc ana
ghéar agam agus cuisidheacht mhaith an uair sin, an fhaid
a bhím ag imtheacht, bíodh ná bíon ach an fhaid sin.
h-Erm. Innis an méid seo dhom i dteannta na cod'
eile. Táir caoch. Ní foláir é dh'innsint duit. Táir
mílítheach. Táir tromchosach. Conus a thárla, d'á
aindeóin sin go léir, oiread lucht grádha bheith agat?
Bíon gach aoinne ag feuchaint ad' dhiaidh. Má bhuailean
tú úmpa bíon áthas an domhain ortha. Má chaillid
siad thu is cuma nú bás dóibh é. Is eól dom féin cuid
acu agus ní cuid bheag é, agus táid siad chómh mór
san i ngrádh leat gur bh'fhonn leó, dá mba dhóich leó
go mbainfí dhíobh thu, seasamh ar mhullach caraige, os
cionn na faraige, agus iad féin do chaitheamh síos le
fánaidh ameasg na míol mór. Agus go deimhin ní
foláir duit féin a dh'admháil, má thuigean tú i n-aon
chor cad é an saghas tu, gur ar dearg bhuile a bhíd siad
agus bheith ag rith i ndiaidh do leithéid le grádh dhuit!
Plout. Agus an amhlaidh a mheasan tusa go
bhfeuchaim-se 'n-a súilibh siúd díreach mar atáim, bacach,
agus caoch, agus lán de sna droch-thréithibh eile seo atá
ionam?
h-Erm. Cad eile conus fheuchfá 'n-a súilibh, mara
rud é go bhfuilid siad féin chómh caoch leat?
Plout. Ní caoch atáid siad, a mhic ó, ach ainbhfios
agus dul-amú a bheith 'n-a sgamalibh anuas ortha, fé
mar atá anuas ar gach aon rud anois. D'á éaghmais
sin deinim féin, i dtreó ná beadh an donus ar fad
orm le míchúmthacht, cealltar áluinn óir agus seód
do chur ar m'aghaidh agus culaith thaithneamhach ildathach
do chur umam, nuair a bhím ag teacht i n-a radharc.
Ansan, nuair a chíd siad me measaid siad gur b'í
m'áilneacht féin a chíd siad agus tuitid siad i ngrádh
liom, agus bíd siad i riocht dul chun báis le neart
buartha toisg nách féidir leó greim fhághail orm. Ach
dá mbaintí dhíom go beacht agus ansan me thaisbeáint
dóibh ní baoghal ná go mbeadh seirbhthean acu ortha féin
mar gheall ar bheith chómh caoch, agus mar gheall ar ghrádh
thabhairt do rud chómh mísgiamhach.
h-Erm. Ach nuair a bhíon an saidhbhreas acu agus an
púicín curtha ar a súilibh acu cad uime go leanaid
siad de'n dul amú? Ní h-eadh ach dá gceapadh aoinne
an púicín a bhaint d'á súilibh ba thúisge leó sgaramhaint
leis an gceann 'ná sgaramhaint leis an bpúicín. Ní
féidir dóibh an uair sin gan an sgéal do thuisgint mar
bíon radharc ar gach nídh acu ó'n dtaobh istigh.
Plout. Bíon a lán rudaí ag cabhrú liom-sa an
uair sin féin, a h-Erméis.
h-Erm. Cad iad féin?
Plout. Nuair a bhuailim uime dhuine an chéad uair
agus nuair osgalan sé a dhorus chun me bhreith leis
isteach 'n-a thigh tagan isteach i n-aonfheacht liom,
a gan fhios dó-san, Uabhar agus Eirighe 'náirde
agus Míchiall agus Drúiseamhlacht agus Tarcuisneamh-
lacht agus Feall, agus na mílte eile rudaí de'n tsórd
san. Ansan, nuair a bhíd siad san go léir socair i
seilbh i n-aigne, molan sé an rud nár chóir a mholadh
agus is ionmhuin leis an rud ba chóir a sheachnadh, agus
bíon árd-uraim aige dhomh-sa, bíodh gur me is athair
do sna h-olcaibh úd go léir a tháinig isteach liom, agus
gur b'iad mo ghárda iad, agus d'fhuiligeóchadh sé aon
rud i n-aon chor níba thúisge 'ná mar fhuiligeóchadh
sé sgaramhaint liom.
h-Erm. Is sleamhain an buachaill tu, a Phloutois,
agus is slím an buachaill tu, agus is ana dheacair
greim a chimeád ort. Sleamhnuighean tú a' láimh
dhuine, ar chuma éigin, mar a dhéanfadh an eascú nú an
phiast, agus ní féidir leis an láimh greamú ar aon rud
ionat. Ní mar sin do'n Dealbhas, ámhthach. Is cuma
é nú bainne-cí-na-n-éan. Is ana uiriste greim a
chimeád air. Ní h-eadh ach is ró dheacair sgaramhaint
leis. Táid na mílte dubhán ar gach aon bhlúire dhe,
i dtreó, an té théidhean 'n-a ghoire, go mbeirtear
greim air agus gur b'ana dheacair dó é féin do
réidhteach. Ach feuch; táimíd ag cainnt agus tá dear-
mhad mór déanta againn.
Plout. Cad é an dearmhad é, asdó?
h-Erm. Níor thugamair Tesauros linn agus ní
féidir dúinn déanamh i n'éaghmuis.
Plout. Ná bíodh ceist ort i dtaobh an méid sin.
Nuair a bhím-se ag teacht aníos ag triall oraibh-se
fágaim thíos é fé'n dtalamh agus abraim leis fanamhaint
sa bhaile agus an dorus do dhúnadh agus gan osgailt
d'aoinne mara n-airighidh sé mise ag glaodhach air.
h-Erm. Téanam ort, má 'seadh, go h-Attica. Tar
anso am' dhiaidh agus beir greim ar eirbal mo chasóige
agus cimeád do ghreim go mbeimíd ann.
Plout. Is maith atá san déanta agat, a h-Erméis,
an greim láimhe sin do thabhairt dom. Mara mbeadh
an greim is amhlaidh a bheinn ag fánaidheacht agus
b'fhéidir gur b'é an cladhaire sin Huperbolus, nú an
cuirptheach eile sin Cléón, a gheabhadh greim orm! Ach
cad é an fothram é seo mar a bheadh fothram iarainn i
gcoinnibh cloiche?
h-Erm. Tímón atá ag rómhar thall ansan, agus tá
an talamh cruaidh agus é lán de chlochaibh. Agus feuch
airiú! Tá daoine 'n-a theannta; Uireasba; agus
Saothar úd; agus Neart; agus Eagna; agus Mean-
amna; cualacht mhór de'n mhuinntir a bhainean le
h-ocaras; agus is fearr iad go mór 'ná do chualacht-sa.
Plout. Nách fearra dhúinn casadh thar n'ais láithreach,
a h-Erméis? Ní féidir aon rud ab fhiú dh'áireamh do
dhéanamh d'fhear go bhfuil a leithéid sin de shluagh 'n-a
thímpal.
h-Erm. Ní h-é sin a mheas Zeús ach a mhalairt, d'á
bhrígh sin ná bíodh eagla orainn.
Uir. Cá raghair leis sin, a Argeifontéis, 'ghá
ghiollacht ar láimh?
h-Erm. Zeús a chuir anso sinn ag triall ar Thímón
so.
Uir. Ploutos d'á chur anso anois ag triall ar
Thímón, tar éis mise 'ghá thógaint as an ndroch-chor do
bhí air ag Sógh, agus tar éis me 'ghá thabhairt suas dóibh
seo, d'Eagna agus do Shaothar, i dtreó go bhfuil fear
cuthaigh déanta agam de. An amhlaidh ná fuil meas
níos fearr agat orm-sa 'ná tu theacht ag déanamh an
uilc seo orm? An t-aon nídh amháin fóghanta so atá
agam do sgiobadh uaim anois nuair atá fear creideamh-
nach déanta agam de, agus é thabhairt thar n-ais do
Phloutos i dtreó go dtabharfadh Ploutos suas é do
Tharcuisne agus d' Uabhar chun é chur sa riocht 'n-a raibh
sé cheana acu, 'n-a spreas amadáin gan mheas air féin
agus ansan é chur thar n-ais ag triall orm-sa nuair
ná beidh ann ach seana-cheairt!
h-Erm. Sin mar is toil le Zeús, a Uireasba.
Uir. Bead-sa ag imtheacht má's mar sin é, agus
sibh-se, a Shaothar agus a Eagna agus an chuid eile agaibh
leanaidh me. Ach ní fada go mbeidh fhios aige seo cad
é an saghas mise, an té a thréigfidh sé anois; gur
chabharthóir maith me, gur mhúineas an t-eólus is fearr
dó, an fhaid fhan sé agam go raibh sláinte mhaith aige,
aigne láidir, beatha fir; é aireach air féin; gan bheann
ar shóghluistíbh nár ghádh agus nár oir.
h-Erm. Táid siad imthighthe! Téidhmís-ne ag triall
air.
Tím. Cé h-iad sibh-se, a chuirptheacha? Nú cad a thug
anso sibh ag cur isteach ar fhear oibre atá ag tuilleamh
a pháigh? Ach ní bheidh sibh buidheach díbh féin ag imtheacht,
a rudaí salacha! mar déanfad-sa go tapaidh brúth
agus brise oraibh le fódaibh agus le clochaibh.
h-Erm. Stad, a Thímóin. Ná buail. Ní daoine
sinne le bualadh agat. Mise h-Ermés agus isé
Ploutos é seo. D'airigh Zeús do ghuidhe-se agus
chuir sé sinne chughat. Caith uait an sglábhuidheacht
feasta agus glac an saidhbhreas so, agus go n-eirighidh
ádh leat!
Tím. Cuirfad teinneas oraibh-se ar dtúis, bíodh
gur déithe sibh dar libh. Tá gráin agam oraibh go léir
idir dhéithibh agus daoine. Ach an cladhaire caoch so,
déanfad miota beaga dhe lem' ghrafán pé h-é féin!
Plout. Téanam, a h-Erméis; bímís ag imtheacht
nú basgfidh sé me! Tá an duine ar buile is dóich
liom.
h-Erm. Ná bí ró thuathalach, a Thímóin. Cuir uait an
ghoirgeacht san agus sín amach do lámh agus glac an
séan. Bí ad' fhear shaidhbhir airís. Bí airís ad' fhear
thosaig ameasg na n-Aténach, at' aoinne amháin a bheidh
fé áthas, ag tarcuisniú lucht an neambhuidheachais.
Tím. Ní'l aon ghádh agam le h-aon rud uaibh. Ní
beag liom de shaidhbhreas an rámhan so. Ná bídhidh ag
cur isteach orm. Táim fé áthas an fhaid ná tiocfidh
aoinne am' ghoire.
h-Erm. Tusa, a chara, ag déanamh ruda chómh bun os
cionn! Ní dhéanfadh aoinne a leithéid. Cad é mar
shaghas cainnte dhomh-sa an chainnt sin le breith thar
n-ais ag triall ar Zeús? B' fhéidir nách aon iongna
fuath a bheith agat do dhaoinibh tar éis a bhfuil d'olc
déanta acu ort. Ach cad chuige go mbeadh fuath agat
do dhéithibh agus na déithe chómh mór ar mhaithe leat?
Tím. Táim ana bhuidheach díot-sa, a h-Erméis, agus
de Zeús, de bharr bhúr n-aireachais orm. Ach an Ploutos
so, ní ghlacfad i n-aon chor é.
h-Erm. Cad 'n-a thaobh?
Tím. Mar, sa n-aimsir atá imthighthe bhí sé n-a thrúig
leis na míltibh míádh dhom. Do chruinnigh sé lucht
plámáis am' thímpal agus thug sé suas me dhóibh. Thug
sé suas me do lucht ceilge. Do mhúisgil sé fearg
daoine am' choinnibh. Do loit sé me le sóghluistíbh.
Chuir sé an saoghal go léir ag formad liom. Ansan
do rith sé leis féin go h-oban uaim nuair ná raibh aon
choinne agam le h-é bheith ag imtheacht. Dhein sé feall
caillte orm sa méid sin. Ach do tháinig chugham an
uasal san, Uireasba, agus mhúin sí dhom conus obair
fir do dhéanamh, agus tháinig i n-aonfheacht léi fírinne
agus saorchainnt agus d'fhanadar agam agus thugadar
dom slighe bheatha de thoradh mo shaothair, agus thais-
beánadar dom conus neamhshuím do chur in sna neithibh
eile úd agus mo sheasamh ar fad do bheith agam orm féin.
Thaisbeánadar dom an saidhbhreas atá agam féin, an
saidhbhreas nách féidir do lucht plámáis a bhaint díom,
ná do lucht cúlchainnte, ná do thuathalánaibh, ná do
chainnteóiríbh poibilidhe an toghacháin, ná do thíoránachaibh
cealgacha. Tá sláinte mhaith agam ó bheith ag obair. Tá
an talamh agam á shaothrú. Ní fheicim droch-bhéasa na
catharach. Tá tuille agus mo dhóithin le n-ithe agam
óm' ghrafán. D'á bhrígh sin, a h-Erméis, imthigh thar
n-ais ar cosanáirde ag triall ar Zeús agus beir
leat an Ploutos so, agus má chuirean sé a bhfuil de
dhaoine ar an saoghal ag gol bead-sa sásta!
h-Erm. Ná h-abair sin, a mhic ó. Ní h-é gach aoinne
atá oireamhnach chun guil. Seo, cuir uait an fhearg
leanabaidhe sin agus glac Ploutos. Ní ceart bronn-
tanas ó Zeús do tharcuisniú.
Ploutos. Feuch, a Thímóin, ar mhiste leat mise do
phlé mo chúise féin ad' choinnibh, nú an mbeidh fearg
ort chugham má labhraim?
Tím. Labhair, ach ná bí abhfad leis. Ná bíodh roimrádh
fada agat i dtosach do chainnte mar a bhíon ag na
cainnteóiríbh móra so. Cuirfad suas le rainnt bheag
cainnte uait ar son h-Erméis anso.
Plout. Is amhlaidh mar atá sé, níor mhór dhom cuid
mhaith cainnte dhéanamh tá an oiread san curtha am'
leith agat. Ach feiceam cad é an díobháil a dheineas i
n-aon chor duit, ó's fíor gur me do thug an uile shaghas
sóláis duit. Thugas onóir chughat. Thugas uachtaránacht
chughat. Thugas réim chughat. Thugas an chraobh chughat;
agus mórán sóghluistí. Bhís mór i súilibh daoine mar
gheall orm, bhí cáil agus oirdhearcas ort trém' bíthinn.
Má dhein lucht plámháis díobháil duit ní h-orm-sa is
cóir a mhilleán san do chur. Do dheinis-se féin díobháil
mhór domh-sa sa nídh sin. Thugais tarcuisne agus
easonóir dom i láthair droch dhaoine nuair a bhídís
ad mholadh agus iad ag magadh fút, a d'iarraid greama
dh'fhághail orm uait. Dubhraís i ndeire do chainnte gur
dheineas feall ort. Níor dheineas. Is tusa a dhein an
feall orm-sa. Do dhíbirís uait me, do chaithis amach
as do thigh me ar mhullach mo chinn. Tá a rian ort. I
n-inead an éadaigh uasail a bhí agam-sa ort tá an chasóg
leathair sin ort, an chasóg a chuir an uasal úd, Uireasba,
umat. Tá fhios ag h-Ermés féin anso cad é a dhéine
d'iarras ar Zeús gan me chur ag triall ort a thuille
tar éis a raibh d'olc déanta agat orm.
h-Erm. Ach chíon tú anois, a Phloutois, conus atá
iompuighthe amach aige. Fear dáiríribh iseadh é anois.
D'á bhrígh sin fan anso i n'fhochair agus ná bíodh aon
cheist ort fanmhaint. Agus tusa, a Thímóin, lean ar
an rómhar. Dein-se, a Phloutois, Tesauros do thabhairt
anso fé n-a ghrafán chuige. Tiocfidh Tesauros nuair
a ghlaodhfir-se air.
Tím. Ní foláir dom géille, a h-Erméis, agus bheith
am fhear shaidhbhir airís. Cad is féidir do dhuine
dhéanamh ach géille nuair isiad na déithe atá ag órdú.
Ach feuch a bhfuil de thrioblóid agat á thabhairt anuas
i mullach an chinn orm. Tá mo shaoghal caithte fé áthas
agam go dtí so. Caithfad anois an t-ór so go léir do
ghlacadh go h-oban agus an cúram mór a leanan é do
ghlacadh orm, agus gan aon rud déanta as an slighe
agam chun an phionóis sin do thuilleamh.
h-Erm. Glac ort an cúram, a Thímóin, bíodh gur
trom é. Fuilig an cúram agus cuir an liathbhuidhe,
le formad, ar na plámásaidhthibh úd. Sgeinnfad-sa
suas ar neamh feasta ó mhullach Aetna.
Plout. Tá sé siúd imthighthe, is dóich liom. Airighim
fuaim a sgiathán. Fan-se mar atá agat ansan.
Imtheóchad-sa agus cuirfad chughat Tesauros. Lean
ar an rómhar. A Tesaurois an óir, tar anso láithreach,
sa talamh, fé ghrafán Thímóin, i dtreó go mbainfidh sé
aníos as an dtalamh thu!
Tím. Seo leat, a ghrafáinín! Neartuigh thu féin
agus tabhair Tesauros ar an saoghal, aníos as an
dtalamh, chun soluis na gréine! — Ó! an t-ór! an t-ór
go léir! A Zeúis iongantaigh! A Chorubanteacha
an charadais! A h-Erméis an tsaidhbhris! Cá bhfuaradh
an t-ór so go léir. An am' chodla atáim agus ag
taibhream? Ní h-éidir go ndúiseóchainn agus ná
faighinn sa n-ór so ach gual!
XXIX.
TÍMÓN.
(Ar leanmhaint.)
Ní h-éidir gur ag taibhreamh atáim agus go ndúiseó-
chainn agus ansan ná beadh sa n-ór so go léir ach gual!
Ach is ór fírinneach é. Iseadh go deimhin; agus an
séala ceart buailte ar gach píosa dhe; agus é go breágh
buidhe trom taithneamhach. Is breágh liom bheith ag
féachaint air!
Mo ghrádh thu, a óir, a stór na cine daona. Is
breágh do shnó gan feódh, fé sholus gréine!
Tar chugham anso! Tar chugham, a ghile mo chroidhe!
Admhuighim anois gur dhein Zeús ór de féin uaireanta,
óir cé, h-í an chúilfhion ná glacfadh an t-ór agus é ag
teacht n-a chith anuas tré bhuaic an tighe chúichi! Ó, a
Mhídais agus a Chroésois agus a shaidhbhreas Delphois,
cad é bhrígh sibh anois seachas Tímón agus saidhbhreas
Thímóin? Ní'l rí na bPersach féin chómh saidhbhir le
Tímón. Seadh! a ghrafáinín, agus tusa a chasóigín
leathair, ní mór dhom sibh a chur suas anso ar crochadh
i n-onóir do'n Phan so. Ceannóchad an pháirc seo agus
déanfad caisleán innti, caisleán a bheidh díreach mór
mo dhóithin féin chun cómhnuighthe ann, agus cuirfad
mo chuid óir isteach ann, agus fanfad ann go bhfaghad
bás, agus ansan beidh mo chaisleán mar thuama agam.
Seadh anois, mise agus mé féin, deinimís dlighe
dhúinn féin, reacht a bheidh i bhfeidhmh an chuid eile d'ár
saoghal.
Dlightear — gan sinn a dhul i ngoire aon duine. Gan
aon duine do theacht i n-ár ngoire. Gan aithne chur ar
aon duine. Gan a thabhairt d' aon duine beó ach
tarcuisne. Agus na focail úd, .i. "cara," "aoighe,"
"aththruagh," ní'l ionta ach gaoth. Agus truagh do lucht
buartha, nú fóirithint ar an ndealbh, tá san i gcoinnibh
ár ndlighe; droch-nós iseadh é. Bíodh mo bheatha aonar-
ánach ar nós beatha an mhadra allta, gan de chara agam
ach Tímón amháin, gan sa chuid eile go léir ach namhaid
agus lucht brath, gur salachar ar dhuine teangmháil i
n-aon chor le h-aoinne acu. Mo mhallacht ar an lá
a thiocfidh aoinne acu am' radharc. Is mar a chéile liom
iad agus íomhághtha cloiche nú práis. Ní ghlacfad teacht-
aireacht uatha ná ní dhéanfad aon mharga leó. Ná
tagaidís thar teórainn m'uaignis isteach. Na focail
úd, ámhthach, "lucht aon chine," "lucht aon treabhchais,"
"lucht aon phobuil," agus "lucht aon tíre," leis, ní'l
ionta ach folamhas. Do cheap daoine gan chiall iad chun
fotharaim a dhéanamh. Bíodh Tímón saidhbhir i n'aonar;
sámh i n'aonar; tarcuisneach ar chách uile; saor ó
ghráinneamhlacht lucht plámáis. Deineadh sé ídhbirt
i n' aonar chun na ndéithe. Itheadh sé a chuid bídh 'n-a
chuibhrean féin, ná bíodh de chómharsain aige ach é féin.
Ná bíodh de theóranach aige ach é féin. Cimeádadh sé
uaidh amach an chuid eile. Agus gan aon agó bíodh so
'n-a reacht; ná tabharfidh sé a lámh d'aoinne ach dó
féin; agus nuair a thiocfidh an bás air gur b' é féin
a chuirfidh an choróinn ar a cheann. Agus ná bíodh d'ainm
air ach an ainm áluinn mhilis sin, .i. Fuathadóir daoine.
Bíodh mo bhéasa dothigheasach, garg, stuacach, tútach,
neamhathtruaghach. Má fheicim duine d'á losgadh agus
go liúghfidh sé orm an teine do mhúchad dhó, nár dheinead
de mhúchadh ar an dteine ach pic agus oíle do chaitheamh
uirthi! Má fheicim duine ag imtheacht le fánaidh na
h-abhan agus go liúghfidh sé orm é shaoradh ó'n mbás,
nár dheinead-sa de shaoradh air ach é shádh síos ar mhullach
a chinn fé'n uisge i dtreó ná tiocfidh sé aníos a thuille.
Sin mar a gheóbhaid siad an rud atá tuillte acu uaim!
Tímón, an Coluteach, mac Echratídéis isé a thug
isteach an reacht so. An Tímón céadna isé chuir an
reacht fé mholadh an phobuil. Bíodh amhlaidh! Dlightear
na neithe seo agus cuirimís go seasamhach i bhfeidhm
iad!
Ach sa n-am gcéadna b'fhearr liom 'ná rud maith
go mbeadh fios an méid seo acu go léir, .i. gur fear
ana shaidhbhir me. Do thachtfadh an t-eólus san iad.
Ach cad é seo a chím? Cad é an fuadar é seo airiú?
Táid siad ag rith chugham as gach áird agus ceó bóthair
ortha; agus saothar ortha. Fuaradar baluith mo chuid
óir ar chuma éigin. Cad is ceart dom a dhéanamh leó?
Dul suas agus seasamh ar an gcnocán san agus na
clocha do raide leó anuas, nuair a bhead ós a gcionn?
Nú an fearra dhom an dlighe do bhrise an t-aon uair
amháin seo i dtreó go bhféadfad iad do tharcuisniú
agus iad do chrádh leis an dtarcuisne. Is dóich
liom gur b'shiné is fearr a dhéanamh. Fanfad anso
go dtagaid siad. Cé h-é seo ar tosach, ámh?
Gnatónídés an plámásaidhe! Tamal ó shin nuair
iarras béile na h-oidhche air thug sé blúire théad dom!
An fear a dh'óladh dabhach ar fad go minic agam' thigh-se
agus d'aisiocadh airís é! Is maith a dhein sé agus teacht
roimis an gcuid eile. Bainfar an chéad bhéic as.
Gnat. Ná deirinn-se féin i gcómhnuidhe nár bhaoghal
go dtabharfadh na déithe faillighe i dTímón, an fear
fóghanta? Móra dhuit, a Thímóin, a fhir áluinn, a fhir
an chroidhe mhóir!
Tím. Agus duit-se féin a Ghnatónídéis, a fhir an
bhuilg mhóir chraosaigh agus an chroidhe is measa d'á
raibh riamh i nduine!
Gnat. Fear suilt ab eadh thu riamh, ach ca bhfuil
do bhórd agus do bhia? Thugas dán liom duit, dán
filidheachta, de'n fhilidheacht so a tháinig amach le déanaighe.
Tím. Bainfidh an grafán so a mhalairt sin
d'fhilidheacht asat, a chladhaire!
Gnat. Cad é seo mar obair! Am' bualadh! Ó!
Ó! beid fínnithe agam ort, a Thímóin, i láthair an
Areiopagois! Dar Heraclés ach beidh!
Tím. Má fhanan tú puinn eile aimsire ansan isé
do mharbh a bheidh le cur am' leith!
Gnat. Ní h-eadh, a Thímóin, ach féadfir na cneadhacha
a chuir do ghrafán orm do leigheas le rainnt bheag óir
a chaitheamh ortha. Is ana mhaith an rud ór chun cneadh
do leigheas.
Tím. An bhfuilean tú ansan fós?
Gnat. Táim ag imtheacht; ach ní maith an mhaise agat-
sa é tu bheith iompuighthe amach chómh neamhmaitheach tar
éis tu bheith chómh tairbhtheach.
Tím. Cé h-é an fear maol so chughainn, ámh? An
plámásaidhe is bréine dhíobh go léir! Thugas feirm
thailimh do'n rógaire sin agus thugas dhá thalant dó mar
spré d'á inghín, nuair a bhí sé ag moladh mo ghlóir go
h-árd i n' aonar agus an chuid eile acu ciúin. Dubhairt
sé gur bhinne me 'ná an eala agus dhearbhuigh sé ann.
Ach go déanach, nuair a bhíos gan bheith ar fóghnamh,
chuas ag triall air 'ghá iarraidh air congnamh éigin a
thabhairt dom. Is amhlaidh a ghaibh sé de'n fhuip orm.
Phil. Airiú nách beag an náire atá oraibh? Aithnighean
sibh Tímón anois. Cara agus cómhalta dighe dh'ól
iseadh Gnatónídés dó anois. Am briathar ach gur
tugadh duit an rud a bhí tuillte agat, a bhioránaigh,
mar gheall ar do mhíbhuidheachas. Ach sinne a sheana
chómhaltaí, agus a lucht aon chine agus aon tíre, feuch
chómh breágh chómh réidh agus thagaimíd ag triall air, i
dtreó ná measfí go mbeimís ag brúth air. Móra
dhuith, a dhuin'uasail! Ná bíodh aon iontaoibh agat
as na plámásaidhthibh bréana san. Fé dhéin do bhídh
a thagaid siad. Ní'l ionta, ámhthach, le fírinne ach
mar a bheadh fiacha dubha. Ní féidir duit feasta aon
iontaoibh a bheith agat as na daoine atá anois ann.
Táid siad go léir go h-olc agus go míbhuidheach. Is
amhlaidh a bhíos féin ag teacht chughat chun go dtabhar-
finn duit an talant so (cúpla céad púnt) agus go
mbeadh sé agat agus go mb'fhéidir go ndéanfadh sé
áise dhuit go luath. D'airigheas, agus me ag teacht,
go raibh saidhbhreas mór tagaithe chughat. Nuair
airigheas an méid sin do chasfinn thar n-ais ach gur
mheasas nár bh'fhearra dhom rud a dhéanfinn 'ná teacht
agus cómhairle thabhairt duit i dtaobh an tsaidhbhris sin.
B'fhéidir, ámhthach, ná fuil aon ghádh agat-sa le cómhairle
uaim-se. Taoi féin chómh h-eagnaidhe sin go bhféadfá
cómairle thabhairt uait, dá mba do Nestor é.
Tím. B'fhéidir é, a Philiádéis, ach druid chugham a leith.
Tabharfad rainnt síbhialtachta dhuit ó'n ngrafán so.
Phil. Ó, a dhaoine! Tá mo phlaosg briste aige.
Siné a bhuidheachas orm i dtaobh cómhairle a leasa
thabhairt dó.
Tím. Feuch! Seo chughainn an trímhadh duine acu,
an cainnteóir Déméas. Tá bile dlighe n-a láimh dheis
aige. Agus deir sé go bhfuil gaol aige liom. Do
dhíol sé sin leis an gcathair, aon lá amháin, sé talanta
déag a fuair sé uaim-se. Do daoradh é agus do
cuireadh i ngeimhlibh é mar ní raibh an t-airgead aige
le díol. Tháinig truagh agam-sa dhó agus d'fhuasgalas
é. Le déanaighe, ámhthach, nuair a ceapadh é chun airgid
an dráma do rainnt agus chuas-sa ag triall air ag
lorg an méid de'n airgead san a bhí ag teacht chugham,
dubhairt sé ná feidir sé ar bhaineas leis an gcathair i
n-aon chor!
Dém. Móra dhuit, a Thímóin! a mhóir thairbhthe do
chine! A thaca na n-Aténeach! a Thuairgnígh catha na
Gréige! Táid na daoine cruinnighthe le fada, cheana
féin, agus an dá sheanaid ag feitheamh leat. Ach éist
ar dtúis leis an reacht so atá sgríobhtha agam-sa ad'
thaobh:-
"De bhrígh go bhfuil Tímón mac Echaratídéis, an
Colutéach, ní h-amháin i n'fhear áluinn fhóghanta, ach fós
i n'fhear eagnaidhe thar fhearaibh na Gréige go léir, agus
go bhfuil a shaoghal caithte aige ag déanamh tairbhthe do'n
Ghréig, agus gur rug sé buadh cómhraic agus buadh
cuisidheachta, aon lá amháin, i n-Oluimpia; agus buadh
i gcarbad na gceithre gcapall agus i gcarbad an dá
bhramach" —
Tím. Ach ní rabhas-sa riamh i n-Olumpia. Ní rabhas
riamh ag feuchaint ar an ngleó, ní áirighim bheith
páirteach ann.
Dém. Is cuma san. Raghair ann 'n-a dhiaidh so agus
is fearr an sgéal do chur síos anois — "agus gur
dhein sé mór ghaisge anuirig ar son na catharach i
gcoinnibh na n-Acharneach, agus do leag sé míle de sna
Peloponésachaibh —."
Tím. Airiú ní rabhas-sa riamh ar aon tslógadh ná i
n-aon chath —.
Dém. Labhran tusa go h-umhal ort féin, ach do
b'olc an mhaise dhúinne gan cuimhneamh ar do mhaitheasaíbh
— "Agus 'n-a theannta san dhein sé tairbhthe ana mhór
do'n chathair, ag sgrí reacht, ag tabhairt cómhairle, ag
stiúrú ár slógh. Mar gheall ar na neithibh sin go léir
is maith leis an Seanaid agus leis an bpobul, agus le
treabhchasaíbh Eliaia, agus le muinntiríbh na catharach
fé leith, agus leis na daoine go léir i gcoitchine, go
gcurfí suas macasamhail óir do Thímón, i n-aice le
macasamhail Aténé, sa n-Acropolis, agus caor tóirthnighe
'n-a láimh dheis aige, agus lasracha as a cheann, agus go
gcurfí seacht coróinní óir air, agus na coróinní sin
d'fhógairt indiu ag na tragóidíbh nua so Díonusiois.
(Mar ní foláir na tragóidí san do dhéanamh indiu ar a
shon.) Déméas, an cainnteóir oirdheirc, a ghaol gairid
agus a dhalta, isé do thairisgin an reacht so." Agus
go deimhin is cainnteóir uasal Tímón féin agus is aon
nídh eile is maith leis é. Seo dhuit an reacht anois.
Agus ba mhaith liom, leis, mo mhac a thabhairt ag triall
ort. Tá "Tímón" tabhartha agam mar ainm air,
t'ainm-se féin:-
Tím. Conus san, a Dhéméas, agus gan tu pósta
in-aon chor, chómh fada agus is eól dúinn?
Dém. Is cuma san — pósfad, agus beidh leanbh agam,
leanbh mic, agus tá "Tímón" agam 'á thabhairt anois
mar ainm air.
Tím. Ní fheadar-sa an bpósfir i n-aon chor tar éis
an bhuille seo dem' ghrafán.
Dém. Ó! Cad é sin agat á dhéanamh. An í an
tíoránacht atá agat á ghlacadh go mbuailean tú saor
chlanna, agus gan tu féin saor ar fad ná at' Aténeach?
Ach díolfir as so, agus a' losgadh an dúna agus as
na coirthibh eile.
Tím. Níor loisg aoinne an dún, a chuirpthigh. Ní'l
ionat ach fínné bréagach.
Dém. Ach má 'seadh taoi-se ag saidhbhirú agus is
amhlaidh a thóchais an ciste poibilidhe.
Tím. Thugais t'éitheach airís. Níor tóchadh an ciste
ach chómh beag agus do loisgeadh an dún.
Dém. Tóchfar ar ball é, agus tá a raibh ann agat-sa
anois.
Tím. Seo buille eile de'n ghrafán duit.
Dém. Ó mo dhrom!
Tím. Cuir uait an sgreadach nú buailfad an trímhadh
buille ort. Is ait an rud é má rugas buadh cómhraic
agus iomrasgála i n'Oluimpia agus má leagas míle
Lacedémónach gan arm am' láimh agam, a rádh ná
féadfinn gabháil ar spreallairín bréan mar thusa
agus an grafán so am' láimh agam. Ach cé h-é seo
airiú? An é Trasuclés an fáig é? Ní h-é a mhalairt
é, dar fiadh. Feuch mar a chuirean sé a chuid féasóige
uaidh amach, agus mar árduighean sé suas a dhá mhalainn.
Tá sé ag cainnt leis féin, agus é ag teacht go dothighe-
asach agus go gruama agus a dhá shúil ar dianleathadh,
agus a ghruaig caithte siar d'á éadan aige, i dtreó gur
dhóich le duine gur bh'é Boréas é, nú Trítón, in sna
peictiúiríbh úd a dhein Seúcsis. Sidé an fear úd a thugan
na mílte cómhrádh uaidh gach maidin, go deaghlabhartha,
ag moladh deighbhéas agus ag cáine droch-iompair, ag
moladh measardhachta agus ag cáine rabairne; agus é
go piocaithe, bearrtha, dathamhail, deagh éadaigh, galánta,
macánta, staidéartha 'n-a shiubhal; ach nuair a thagan
sé chun a dhínnéir um thráthnóna, tar éis fothragtha dhó, go
sínean an giolla corn mór fíona chuige agus go
sloigean sé an fíon láidir go craosach, agus ná bíon
aon chuimhne aige ar an gcainnt bhreágh úd a labhair sé
ar maidin, ach é ag alpadh an bhídh ar nós an mhadra agus
súghlach na feóla ag rith síos ar a smeigín agus é
cromtha síos chun na méise, agus a dhá uillinn leathta
amach aige, agus iad ag dul i n-asnaidheachaibh an fhir is
giorra dhó; agus ansan, é ag cimilt a mhéire de'n mhéis
mórthímpal agus á líorac le n-a theangain agus 'á
súrac, le h-eagla go raghadh aon phioc de'n mhéithras amú
uaidh. É i gcómhnuidhe go doshásta, ag brath air gur bh' é
féin a gheóbhadh an císte slán, nú an mhuc, nú pé sóghluist
eile a shanntuighean craos ocarach. É caoch ar meisge,
ní h-amháin chómh fada le h-amhrán agus le ceáfruíol,
ach fós chómh fada le bheith droch-bhéalach, feargach.
Gleó cainnte aige, cainnt mheisge, i dtaobh eagna
agus i dtaobh creideamhna, agus é féin, sa n-am gcéadna
leath-bhalbh ó'n ól, ag caidireáil agus ag snagaireacht,
go dtí fé dheire go gcaithtear é bhreith ó'n mbórd agus
é ag aisioc agus ag úrlacan, agus gan é ábalta ar
aon chiscéim a shiubhal gan duine fén' asgail.
Sin mar a bhíon sé agus é ar meisge, ach nuair a bhíon
sé ar a chéill ní leogfadh sé an chraobh le h-aoinne i
n-innsint éithigh, i ndroch-mhúine, ná i sainnt. D'á
éaghmais sin isé toghadh na bplámásaidhthe é. Ní chuirfadh
miona éithigh aon chlóic i n-aon chor air. Isé an feall a
bhíon á ghiollacht, agus an neamhnáire 'ghá choimhdeacht.
Isé an dubh 'n-a gheal é go beacht, go h-iomlán, go
h-iolchríochnuighthe. Ach d'á bheachtuighthe atá sé is
gearr go mbainfad-sa béic as. Emh! Feuch airiú!
Trasuclés tagaithe chughainn fé dheire thiar thall.
Tras. Ní mar iad súd eile a thánag-sa chughat, a
Thímóin. Ag déanamh iongna ded' shaidhbhreas, ded'
chuid airgid agus ded' chuid óir agus ded' bhórdaibh
flaitheamhla iseadh thánadar súd chun bheith ag cárnadh
plámáis ar dhuine mar thusa atá chómh deaghchroidheach
agus chómh h-ullamh ar do chuid do rainnt. Is
eól duit go mbíon mo dhóithin-se de bhéile i gcíste
baise agus ná fuil annlan is fearr liom leis an
gcíste 'ná inniún fiain nú blúire biolair, nú gráinne
salainn mar shóghluist, agus is as an naoidtiobraide
a thagan mo dheoch. An seana-bhrat so umam is uaisle
liom é 'ná brat corcra d'á fheabhas, agus mar le h-ór,
is cuma é nú cloichíní grin ar thráigh mar a mheasaim.
Ar mhaithe leat-sa iseadh do thánag, le h-eagla go
ndéanfadh an saidhbhreas cealgach so aimhleas duit.
Do dhein a leithéid aimhleas tiubaisteach do dhuine go
minic cheana, aimhleas nár leighiseadh. Dá nglacthá mo
chómhairle-se do chaithfá uait isteach sa bhfaraige é.
Ní'l aon ghádh agat-sa leis mar is fear tu a thuigean
saidhbhreas na h-eagna. Ach feuch, má's mian leat é
chaitheamh sa bhfaraige ná caith ró fhada amach é, a mhic ó.
Féadfir siubhal amach leis go dtí go mbeidh an t-uisge
suas go crománaibh ort, i n-áit ná feicfidh aoinne
thu ach mise. Mara maith leat é sin a dhéanamh féadfir
rud is fearr 'ná é do dhéanamh. Dein é chaitheamh amach
as do thigh láithreach. Ná cimeád oiread agus obolos
de agat féin. Rainn ar na bochtaibh é. Tabhair, chúig
dhrachma do dhuine, trí púint seacht do dhuine eile, leath
thalant do dhuine eile. Ach má bhíon fáig ortha is ceart
a dhúbailt sin a thabhairt dó, nú a thrí oiread. Am' thaobh
féin de, ní h-ar mhaithe liom féin a dh'iarrfinn aon chuid
de ach i dtreó go mbeadh sé agam le tabhairt do lucht
gátair. Dhéanfadh sé an gnó dá líonthá an mála beag
so dhom. Ní théidhean ann ach dhá bhuiséal aiginétacha.
Is ceart do'n fháig gan bheith ró rabairneach. Ní ceart
dó a shanntú ach an méid a raghaidh 'n-a mhála.
Tím. Is maith í do chainnt, a Thrasucléis. Ach i
n-inead do mhála, líonfad do cheann, mara miste leat
é, le buillíbh ó'n ngrafán so agus tabharfad buille
mar thuille dhuit i dtreó ná beidh peaca an tómhais
orm.
Tras. Ó! a dhaoine agus a dhlighthe! Cuirptheach ag
gabháil de ghrafán orainn i dtír atá saor!
Tím. Cad é an locht atá agat air, a Thrasucléis a
mhic? An amhlaidh nár thugas do cheart duit? Fan
má 'seadh agus tabharfidh mé tuille dhuit. Ach feuch
airiú! iad go léir ag teacht i n-aonfheacht, Blepsias
agus Laches agus Gniphon, lán an bhaill díobh le cur
ag gol! Tá tuirse ar mo ghrafán bocht. Raghad suas
ar an gcnocán so agus raidfad na clocha leó.
Bleps. Ná caith linn, a Thímóin. Táimíd ag imtheacht.
Tim. B'fhéidir é ach ní imtheóchaidh sibh gan fuil.
Cuirfad cneadhacha oraibh ag imtheacht daoibh.
XXX.
ZEÚS AGUS h-ÉRMÉS AGUS MÓMOS.
Cúirt na nDéithe.
Duine de sna déithibh ab eadh Mómos agus b'é "Conán
Maol" na ndéithe é. Chonaic sé go mbíodh na seana
dhéithe ag cnáimhseáil agus ag gearán eatartha féin
mar gheall ar na déithibh óga bheith d'á leogaint isteach
eatartha agus ag teacht chun búird i n-aonfheacht leó.
Thug Mómos fé ndeara an chogarnach agus an chnáimh-
seáil. Bhí cúirt na ndéithe ar siubhal agus do labhair
Mómos os cómhair na cúirte. Bhí, mar ba chóir, Zeús,
rí na ndéithe, ar an mbínse thuas. Do labhair sé ar
dtúis:-
Zeús. Cuiridh uaibh an chnáimhseáil feasta, a dhéithe,
agus an chogarnach, agus an gearán a bhíon agaibh á
dhéanamh mar gheall ar na déithibh nua so a bhíon ag
teacht agus ag suidhe chun búird i nbhúr gcuibhrean
agus nách fiú iad é. Do glaodhadh an chúirt seo chun
neithe de'n tsórd san do shocarú. D'á bhrígh sin,
aoinne go bhfuil rud le rádh aige labhradh sé amach
agus deineadh sé a ghearán. Agus dein-se, a
h-Erméis, gnó na cúirte d'fhógairt do réir na dlighe.
h-Erm. Éistígh! Bídhidh ciúin! Cé h-é an dia, de
sna déithibh beachta n-ar b'é a gceart é, gur maith
leis cainnt do dhéanamh sa chúirt? Ar choigríochaibh
iasachta atá an chainnt le déanamh.
Móm. Ba mhaith liom-sa cainnt a dhéanamh, a rí, i
gcead duit-se.
Zeús. Tá cead cheana agat ó'n bhfógradh. Ní'l gádh
le cead agat uaim-se.
Móm. Tá go maith. Tá so le rádh agam. Deinean
cuid againn gníomhartha grána. Nuair a deintear
déithe de chuid againn ní bhímíd sásta. Ní foláir leis
an saghas san againn go ndéanfí déithe d'á lucht
frithálmha, leis, agus d'á seirbhíseachaibh, agus go
dtabharfí anso aníos i n-ár measg iad agus go mbeidís
'n-a ndéithibh ar aon dul linne. Leog dom, a Iúpiteir,
mo chainnt a dhéanamh gan chosg, do réir mo thoile féin,
mar ní fhéadfinn cainnt a dhéanamh i n-aon chor mara
bhfaighinn cead mo theangan. Is eól do gach aoinne an
teanga bheith go h-aosga agam agus nách féidir liom í
chimeád socair nuair a chím an tuathal á dhéanamh. Ní
sparálaim aon rud. Labhraim an rud is dóich liom is
ceart, gan eagla, gan sgáth, gan aon rud a chimeád
siar. D'á bhrígh sin bítear i bhfeirg liom go minic agus
curtar tromaidheacht am' leith agus tiúscalóireacht
phoibilidhe. Ach ó is dleaghthach é, agus ó do fógradh é,
agus ó tá do chead-sa agam, a Iúpiteir, chun labhartha
ós árd, déanfad mo chainnt gan easnamh fhágáilt
uirthi. Tá a lán agus ní leór leó gur deineadh iad
féin páirteach i n-ár gcómhthionólaibh agus i n-ár bhféas-
taíbh, bíodh ná fuil ionta ach leath-dhéithe, gan a seir-
bhíseacha agus a lucht cómh-óil do thabhairt leó aníos
anso ar neamh agus a n-ainimneacha do chur sa leabhar
a gan fhios. I dtreó go bhfuilid siad anois ar aon
dul linn féin ins gach ceart agus in sna n-ídhbirtibh,
agus gan an cháin allmhúrachais díolta acu.
Zeús. Ná h-abair aon rud i bhfocalaibh dorcha, a
Mhómois, abair gach aon rud go soiléir solusmhar
agus innis gach ainm. An chainnt sin agat 'á rádh
anois tá sí d'á caitheamh amach agat do réir buille fé
thuairim. Ní'l bac orainn í ghreamú ar a lán, agus
brígh fé leith a bhaint aisti fé mar a dh'oireamhnfidh sí
duine fé leith. Tá an chainnt saoráideach agat-sa agus
ní h-ealadha dhuit gan í dhéanamh cruinn, iomlán.
Móm. Is maith é sin, a Iúpiteir. Taoi am' spriocadh
chun sriain a thabhairt dom' theangain. Is ríoga uait
sin, agus is ceart, agus is fial. D'á bhrígh sin déarfad
an ainm. Siné an preabaire sin Díonusios go bhfuil
a leath 'n-a dhuine, agus nách Gréagach féin é, ó n-a
mháthair. Ní'l ann ach mac inghíne do Shurophoíneach éigin
thar faraige. Do dligheadh an domharbhthacht dó. Ní
deirim cad é an saghas é féin. Ní thráchtaim ar a chaipín,
ná ar a mheisgeóireacht, ná ar an gcuma 'n-a siubhlan
sé. Measaim gur léir daoibh uile cad é a bhuige agus
a bhaineanda atá sé do réir nádúra, agus conus mar
a bhíon sé leath-chraiceálta gach aon mhaidean, agus
baluith fíona go láidir uaidh. Ní h-é sin féin ach tá a
chualacht go léir tabhartha chughainn aníos anso aige;
agus tá a aos ceóil aige á thabhairt leis; agus tá déithe
déanta aige de Phan agus de Shilénus agus de sna
Saturibh, cábóga tuatha agus aodhairí gabhar, an chuid
is mó acu; lucht léimirighe; agus iad míchúmtha; adharca
ar dhuine acu, agus é 'n-a ghabhar ó'n dá chromán síos,
agus meigiol mór fada air, i dtreó gur beag ná gur
cuma é nú pocán. Agus an duine eile acu, an Lúdach
so anso, é 'n-a sheanduine mhaol agus caincín leathan
air, agus é ar muin asail formhór a shaoghail. I dtaobh
na Satur, feuch na cluasa bioruighthe atá ortha agus
na h-adhaircíní beaga mar bheadh ar mhionán gabhair, agus
iad maol, leis, ó's Phrúgacha iad. Agus feuch, tá
eirbal thiar ar gach aoinne acu! Siniad na déithe atá
tabhartha ag an mbioránach so dhúinn. An aon iongna
gan uraim a bheith ag na daoine dhúinn nuair a chíd siad
déithe chómh h-áiféiseach chómh míchúmtha! Ní h-é sin féin
ach do thug sé leis aníos, mar aon leó, beirt bhan,
Áríádné, a leanán féin, bean acu, agus inghean an
fheirimeóra Icarios an bhean eile; agus chuir sé caidhp
Áríádné ameasg na réiltean. Agus mar bhara ar
gach áiféis, a dhéithe, thug sé chughainn aníos anso an
gadhar, measán Erígoné, le h-eagla go mbeadh uaigneas
ar an gcailín mara mbeadh a measán ar neamh aici, bhí a
leithéid sin de chion aici air. Nách dóich libh, a dhéithe, gur
náire agus aithis agus cúis fonóide neithe de'n tsórd
san? Ach fanaidh go n-airighidh sibh i dtaobh tuille acu.
Zeús. Chím an fuadar atá fút, a Mhómois. Seachain
agus ná h-abair aon rud i dtaobh Asclépiois ná i
dtaobh Heracléis. Leighsean Asclépios daoine ó
ghalaraibh, agus d'á bhrígh sin tá sé chómh maith le n-a lán
eile déithe; agus i dtaobh Heracléis, is mac dom féin
é agus do thuill sé an domharbhthacht le n-a mhór ghníomhar-
thaibh. Sgaoil an bheirt sin thart agus ná cuir aon nídh
'n-a leith.
Móm. Tá go maith, a Iúpiteir. Sgaoilfad leó ar
do shon-sa bíodh go bhféadfinn a lán do rádh leó. Gan
aon nídh eile do bhac tá rian na teine ortha fós. Agus
go deimhin dá mbeadh cead cainnte againn d'fhéadfimís
a lán do chur ad' leith féin, a rí.
Zeús. Tá san dleaghthach go leór. Abair do rogha
rud am' choinnibh féin. An fánaidheacht atá agat le
cur am' leith?
Móm. Siné an rud adeirtear thíos i gCrété. Ach
deirtear rud eile, leis, ad' thaobh ann. Ní chreidim é,
ámhthach. Taisbeántar do thuama ann! Agus ní
chreidim an rud adeir na Gréagaigh Aigeiacha adeir
ná fuil ionat ach malartán! Déarfad an méid seo,
ámhthach, mar, dar liom, is cóir thu dhaoradh mar gheall
air. Is amhlaidh mar atá sé, a Iúpiteir, isiad do dhroch
ghníomartha-se fé ndeár ár gcomhthionóil a bheith lán
mar atáid siad de chlainn thabhartha, toisg tu bheith
páirteach le mnáibh daona, ag dul síos ag triall ortha
i riochtaibh iolartha, i n-iolthráthaibh, i dtreó go mbíodh
sgannra orainn le h-eagla go mbéarfí ort agus tu ad'
tharbh agus go ndéanfí thu dh'ídhbirt; nú go mbéarfí
ort agus tu ad' chith óir agus go ndéanfadh gabha geal
éigin tu dh'oibriú ad' órnáidíbh óir, agus i n-inead tu
bheith ad' Iúpiter againn gur ad' shlabhra muiníl a bheifá,
nú ad' phráisléad, nú ad' fháinne cluaise. Ach pé'r
domhan é tá an áit seo líonta agat de leath-dhéithibh.
Agus go deimhin féin is ait an sgéal acu é. Aireófar
lá éigin gur deineadh dia de Heraclés, agus ansan,
go bhfuair Éuristéus bás, duine a bhí níb'aoirde 'ná
Heraclés! Ach chífar i n-aice chéile tuama Éuristéuis
an máighistir, agus teampul Heracléis, an seirbhíseach!
Agus siné Díonusios, thíos i dTébés, 'n-a dhia, agus a
ghaolta, Pentéus, Actéon, agus Léarchos, gan i
n-aoinne acu ach daonaidhe bocht gan áird! Is
tusa a Iúpiteir, fé ndeár an t-olc go léir, mar
nuair a dh'imthighis-se i ndiaidh na mban daona
dhein na déithe eile go léir aithris ort. Ní h-iad
na déithe fireana amháin a dhein aithris ort ach, nídh
is ró náireach le h-admháil, do ghluais na déithe
baineana, leis, agus dheineadar a n-aimhleas. Feuch
Anchísés, agus Titónos, agus Endimíon, agus Iasón,
agus an chuid eile acu. Ach ní déarfad a thuille
leó san. Bheadh obair ró fhada agam 'ghá ndaoradh
go léir.
Zeús. Sgaoil thart Ganamédés, a Mhómuis, beidh
fearg orm chughat má chuirean tú buaireamh ar an
macaomh, ag lochtú a mhuinntire.
Móm. Is dócha go gcaithfad an fiolar do sgaoile
tharm, leis, agus gan a rádh go bhfuil sé ar neamh againn.
Tá sé ansan anáirde ar do shlait ríoga agat, agus
nead déanta aige dhó féin thuas ad' cheann, 'ghá chur
'n-a luighe orainn go bhfuil sé 'n-a dhia. Ach is dócha
go gcaithfar sgaoile leis ar son Ghanimédéis. Ach Attis
ansúd, a Iúpiteir, agus Corúbas, agus Sabásios, cad
a tug anso isteach chughainn iad? Nú Mítrés sin an
Médach, é sin go bhfuil an gúna gairid air agus an
tíára. Ní Gréagach é. Dá n-óladh duine a shláinte ní
thuigfadh sé an chainnt. Chonaic na Scútuigh agus na
Getaigh cad é an saghas iad so agus d'fhágadar slán
go deó againne agus táid siad ag déanamh déithe dhóibh
féin anois, fé mar is áil leó. Toghaid siad na déithe a
thaithnean leó, díreach mar a thuit amach i dtaobh Samolcsis
seo gur shleamhnuigh a ainm isteach sa leabhar a gan fhios
dúinn ar chuma éigin, agus ó bheith 'n-a dhaor go bhfuil
sé n-a dhia againn!
Ach ní fiú biorán na neithe seo go léir, a dhéithe,
seachas an dia seo ó'n Éigipt n-a bhfuil ceann an mhadra
air. Cé h-é thusa led' thoil? Tá ceann madra ort agus
éadach lín umat. Conus a thuillis-se dia dhéanamh díot
chun bheith anso ag amhstaraigh orainn? Agus cad a
thug anso an tarbh breac so ó Mhemphis nú cad chuige go
n-adharfí é? An ndeinean sé targaireacht? An bhfuil
fáigí aige? Ach is nár liom trácht ar na h-íbisibh, agus
ar na h-ápaibh agus ar na gabhraibh, agus ar na rudaíbh
áiféiseacha eile seo. Ní fheadar an domhan cad a chomáin
aníos anso ar neamh iad ó'n Éigipt! Conus a dh'fhuiligean
sibh-se, a dhéithe, iad san do bheith d'á n-adhradh mar aon
libh? Ní h-eadh ach d'á n-adhradh ós bhúr gcionn? Nú
conus a dh'fhuiligis-se féin, a Iúpiteir, iad do theacht
ort agus dhá adhairc reithe do chur ort?
Zeús. Gan amhras, a Mhómuis, is rudaí náireacha na
rudaí sin adeirir i dtaobh na n-Éigipteach, ach mar
sin féin tá brígh diamhar le n-a lán acu agus ní cuibhe
bheith ag déanamh magaidh fútha gan aithne bheith curtha
ortha.
Móm. Is fíor go bhfuil gádh mór againn le h-eólus
agus le h-aithne chun a dh'fheisgint gur dia dia agus
gur ceann madra ceann madra.
Zeús. Cuir uait adeirim leat. Ná labhair mar sin
ar na h-Éigipteachaibh. Déanfimíd cómhairle 'n-a dtaobh
uair éigin eile ar ár suaineas. Labhair ar an gcuid eile.
Móm. Ar Threphónios má 'seadh, a Iúpiteir, agus ar
Amphilochos, ó 'sé is mó a chuirean buaireamh orm; mac
an chuirpthigh úd a mhairbh a mháthair, tá sé anois ag fáig-
idóireacht i gCilícia, an duine macánta. Ag innsint
éithigh formhór na h-aimsire agus ag bualadh bobana ar
dhaoine ar dhá obolos. Ní'l cáil ort-sa feasta, a
Apollóin. Ní'l cloch ná altóir anois, ar a gcurtar
oíle, agus bláthana, ná tugan targaireacht dúinn ach
cleasaidhe éigin do chur 'n-a bhun, agus tá an dúthaigh
lán díobh san. Siní an íomhágh sin Pholudámuis, an
t-iomrasgálaidhe, tá sí ag leigheas lucht eugcruais i
n-Oluimpia agus tá an rud céadna d'á dhéanamh ag
íomhágh Théagenéis i dTásos. Agus deinid muinntir
Ilion ídhbirt chun Hectoir, agus chun Prótesilais,
ar an dtaobh thall, sa Chersonéis.
Ach ó chuamair i líonmhaire tá mionna éithigh agus
raobadh roilge tar éis dul i méid. Ní'l aon mheas orainn
ná aon eagla ag daoine rómhainn i n-aon chor, nídh nách
iongna.
Siniad anois na neithe a bhí agam le rádh i dtaobh na
mbastartaí seo atá againn, agus i dtaobh na muinntire
n-ar cuireadh a n-ainimneacha sa leabhar a gan fhios.
Ach táim ag éisteacht le n-a lán ainimneacha éagsamhlacha,
ainimneacha atá ar neithibh ná fuil ar bith i n-aon chor
agus nách féidir a bheith, agus ní féidir liom gan gáire
dhéanamh úmpa, a Iúpiteir. Cé h-í, cuir i gcás, an
Areté seo n-a ndeintear an fothram go léir mar gheall
uirthi? Nú cé h-í Fúsis? Nú cé h-í an chineamhaint
Eimarmené? Nú cé h-í Fortúna? Ní'l ionta ach ainim-
neacha folamha ar neithibh gan ghus, ainimneacha a cheap
na h-éigse breallánta so againn iseadh iad. Agus
bíodh ná fuil ionta ach ainimneacha folamha táid na
h-éigse 'á dh'áiteamh ar dhaoine gan chiall gur déithe iad
i dtreó nách mian le h-aoinne aon ídhbirt a dhéanamh
chughainne, mar go dtuigean gach aoinne dá n-ídhbireadh
sé deich míle heicatom ná beadh aon mhaith dhó ann mar
go gcómhlíonfidh Fortúna an rud atá gealltha ó thosach
ag an gCineamhaint do gach duine, dar leis.
Fiafraighim an méid seo dhíot, a Iúpiteir. An bhfeacaís
féin riamh i n-aon áit aoinne de sna déithibh sin, Areté,
nú Fúsis, nú an chineamhaint Eimarmené? Tá fhios
agam gur airighis trácht ortha i sgolaibh na n-éigse.
Taoin tu ana bhodhar nú d'airighis go minic na h-éigse
sin ag búirthigh.
Ní foláir dom stad, bíodh go bhfuil a lán eile le
rádh agam. Chím go bhfuil fearg múisgilte agam lem'
chainnt. Airighim siosarnach agus dranntú ó'n muinntir
ná taithnean fírinne mo chainnte leó. Ní déarfad a
thuille ach led' thoil, a Iúpiteir, léighfad duit reacht atá
sgríobhtha agam 'n-a dtaobh.
Zeús. Léigh do reacht, a Mhómuis. Ní gan fáth atá na
gearánta so go léir déanta agat. Ní mór cosg do
chur leis na h-olcaibh seo i dtreó ná raighdís i méid.
AN REACHT.
Go n-eirighe linn go geal!
Do cruinnigheadh an chómhairle do réir dlighe, an
seachtmhadh lá de'n mhí; Iúpiter i gceannas; Poseídón
ag stiúrú; Apollón ag faire; Mómos mac Núics
'n-a chléireach; agus do thairisgin Somnus an Reacht.
De bhrígh, go bhfuil sluagh iasachta, idir Ghréagachaibh
agus allmhúraigh, nách fiú iad i n-aon chor go leogfí
dhóibh bheith ar ar measg i gcómháitreabhacht linn agus gur
cuireadh a n-ainimneacha sa leabhar a gan fhios, mar
dh'eadh gur dhéithe iad, i dtreó go bhfuil neamh lán díobh,
agus go mbíon seómra an óil 'n-a chíréib acu agus
gleó cainnte acu agus teanga fé leith i mbéal gach
aoinne de'n tsloigisg; agus de bhrígh go bhfuil ag dul
d'ár gcuid ambrósia agus d'ár gcuid nectair mar
gheall ar an sloigisg sin a bheith 'ghá n-ól orainn, agus
go mbíd siad ag guaileáil na bhfíor ndéithe i leithtaoibh,
a d'iarraidh go mbeadh tosach onóra acu féin, nídh
nách dleaghthach: Uime sin gurab é toil na cómhairle
seo agus toil an phobuil, go gcruinneófí chómhthionól
ar mhullach Oluimpuis, sa gheimhre seo chughainn;
ansan mórsheisear de sna seandéithibh do thoghadh
'n-a lucht sgrúdtha, triúr as an seanaid críona,
seanaid Chronois, agus ceathrar as an dáréag, agus
Iúpiter ar an gceathrar san. An mhórsheisear lucht
sgrúdtha san do shuidhe ar bhínse agus dearbhú dhéanamh
dar Stucs, mar is gnáth. Ansan h-Ermés do dhul
agus fógradh do chur amach 'ghá rádh le gach aoinne a
mheasan gur b'é a cheart é, teacht chun an chómhthionóil.
Iad do theacht agus fínnithe acu, fínnithe dearbhuighthe,
agus fromtha acu ar cé ro' díobh iad. Ansan iad do
theacht 'n-a nduine a's 'n-a nduine agus an lucht sgrúdtha
do dhéanamh amach an déithe iad nú nách eadh agus marab
eadh an lucht sgrúdtha 'ghá gcur síos thar n-ais go
h-uaghnaibh agus go leachtaibh a sínsear. Ansan, má
beirtear ar aoinne acu ag teacht aníos airís ar neamh,
tar éis an lucht sgrúdtha 'ghá ghearradh amach, é
chaitheamh i ndiaidh mhullaigh a chinn isteach i dTartaros.
Agus gurab é toil na cómhairle seo, leis, gach dia
do dhéanamh a ghnótha féin, agus gan dul lasmuich dhe;
gan Aténé bheith ag déanamh leigheas ná Ascléipios ag
fáigeadóireacht, ná oiread san oibreacha bheith ar siubhal
ag Apollón i n'aonar, ach go socaróchadh sé ar bheith i
n' fháig nú 'n-a chruitire nú 'n-a liag, agus fanmhaint
amhlaidh sin. Agus go n-órdófí do sna h-éigsibh gan
bheith ag ceapadh ainimneacha nua agus gan bheith ag
déanamh cainnte ar neithibh ná fuil eólus acu ortha.
Agus aoinne acu súd 'n-a bhfuil teampul curtha suas
dó agus ídhbirt 'á dhéanamh i n-onóir dó, a n-íomhághtha
do leagadh agus íomhágh Iúpiteir, nú íomhágh h-Éré nú
íomhágh Apollóin, nú íomhágh aoinne eile de sna déithibh,
do chur suas i n'inead, agus leogaint d'á gcatharachaibh
tuama nú leacht do chur suas dóibh, i n-inead altóra.
Ach aoinne ná freagaróchaidh an fhógairt agus nách gádh
leis teacht i láthair an lucht sgrúdtha, gurab ionan
san dó agus daor-bhreith. Siné an reacht agaibh.
Zeús. Go h-ana cheart, a Mhómuis. Gach aoinne a
mholan leis árduigheadh sé a lámh —. Ní h-eadh, ámhthach,
ach fágtar mar atá sé é. Tá fhios agam go bhfuil a
lán anso ná h-árdóchadh lámh-mholta dhó. Imthighidh
anois, agus nuair a chuirfidh h-Ermés an fógradh amach
tagaidh agus tugadh gach aoinne fromtha soiléire leis
le feisgint, ainm a athar agus a mháthar, agus conus
agus cad uime 'n-ar deineadh dia dhe, an té ná beidh
na fromtha san aige is cuma do'n lucht sgrúdtha ce
'cu atá teampul ar an dtalamh aige nú ná fuil, nú
ce 'cu mheasaid daoine gur dia é nú ná measaid.
XXXI.
ARÉS AGUS h-ERMÉS.
Ar. Ar airís, airiú, a h-Erméis an rud úd adubhairt
Zeús a dh'fhéadfadh sé a dhéanamh linn? "Má's maith
liom é," ar seisean, "leagfad slabhra síos ó neam
chughaibh agus féadfidh sibh go léir teacht agus greim a
bhreith ar an gceann thíos de agus iarracht a thabhairt,
sibh go léir i n-aonfheacht, ar mise do tharrac síos as so,
agus teipfidh oraibh. Ansan, má's maith liom-sa an
slabhra do tharrac chugham aníos, taraiceóchad aníos, ní
h-amháin sibh-se go léir, ach an talamh agus an fharaige,
leis! "Ní chreidfinn focal de'n tsaghas san chainnte.
Ní'l sa chainnt sin ach bladhman agus eirighe 'náirde.
Tá fhios agam go maith go bhfuil sé níos treise 'ná
aoinne eile againn i n'aonar. Ach a rádh go mbeadh sé
níba threise 'ná sinn go léir i n-aonfheacht, agus a rádh
ná beimís níba throime 'ná é, bíodh go mbeadh an talamh
agus an fharaige i n-ár dteannta ní ghéillfinn i n-aon
chor gur féidir é.
h-Erm. Go réidh, a Aréis. Bíon cluasa ar na
clathachaibh. Ní h-é a mheasas a rádh ach, ar na
sgamalaibh. B'fhéidir nách tairbhthe thiocfadh dúinn a'
cainnt de'n tsórd san.
Ar. An amhlaidh is dóich leat go labharfinn-se ar an
gcuma san le cách? Ní labharfinn go deimhin. Ní labhar-
finn mar sin le h-aoinne ach leat-sa féin, mar tá fhios
agam nách miste iontaoibh a bheith agam asat go ndéanfá
rún. Ní féidir liom gan a dh'innsint duit, ámhthach, cad
a dh'fheuch baoth thar na beartaibh dom nuair a bhíos ag
éisteacht le n-a bhagarthóireacht. Is cuimhin liom, tamal
beag ó shin, nuair a dhein Poseídón agus Héré agus
Aténé socarú eatartha chun go gceangalóchaidís é.
Dá bhfeicfá ar bhain sé d'iompálachaibh as féin le
h-eagla rómpa, agus gan chuige ach an triúr. Mara
mbeadh go dtáinig truagh ag Tétis dó agus gur ghlaoidh
sí chuige, chun conganta thabhairt dó, Briáréos na
gcéad lámh, do ceangalófí é idir theínte agus toir-
thneach agus uile. Nuair a chuimhnigheas féin ar an
méid sin níor fhéadas gan gáire dhéanamh uime féin
agus a chuid bladhmain.
h-Erm. Éist, éist! Deagh-chainnt! Ní fearrde
thusa cainnt de'n tsórd san do labhairt, agus ní
fearrde mise éisteacht leis an gcainnt.
XXXII.
MENELÁOS AGUS PRÓTÉOS.
Men. Is féidir, a Phrótéois, a chreideamhaint go
ndeinean uisge dhíot, mar is sa bhfaraige a chómhnuighean
tú; agus is féidir a chreideamhaint go ndeinean crann
díot uaireanta; agus ní ró dheacair ar fad a chreid-
eamhaint gur féidir go ndéanfadh león díot. Ach a rádh
gur bh'fhéidir go ndéanfadh teine dhíot agus tu ad'
chómhnuidhe sa bhfaraige, sin rud a chuirean iongna thar
na beartaibh orm, agus ní féidir liom i n-aon chor é
chreideamhaint.
Prót. Ná bíodh aon iongna i n-aon chor 'n-a thaobh
ort, a Mheneláois. Deinean teine dhíom.
Men. Go deimin do chonac féin sin. Ach isé a mheas-
aim-se, agus déarfad led' bhéal é, 'ná gur cleasaidheacht
éigin a dheinean tú sa sgéal, agus gur b'amhlaidh a
chuirean tú púicín ar chuma éigin ar shúilibh na ndaoine
a bhíon ag feuchaint ort agus ná deinean teine dhíot i
n-aon chor, dáiríribh.
Prót. Conus fhéadfadh cleasaidheacht ná púicíní
bheith i ngnó chómh soiléir? Ná raibh do dhá shúil ar
dianleathadh agus ná feacaís le radharc do shúl cad é
an t-atharú a dheineas orm féin? Mara gcreidean tú
radharc do shúl agus má's dóich leat ná raibh fírinne
sa ghnó, ní'l agat, nuair a dhéanfidh teine dhíom airís,
ach do lámh a chur orm, a mhic ó.
Men. B'fhéidir go mbeadh san contabharthach, a
Phrótéois.
Prót. Measaim-se, a Mheneláois, ná feacaís riamh
an Polupos agus ná feadaraís cad a bhainean leis
an iasg san.
Men. Do chonac an Polupos; ach ba mhaith liom go
'neósfá-sa dhom cad é an saghas é.
Prót. Saghas éisg iseadh é ach tá so de dheifridheacht
idir é agus na h-éisg eile. Nuair a bhíon sé i n-aice
caraige ceangalan sé é féin de'n charaig le n-a ingníbh.
Ansan luighean sé isteach leis an gcaraig agus atharui-
ghean a dhath i dtreó go mbíon an dath chéadna air féin
agus ar an gcaraig, agus gur dhóich le h-aoinne gur
chuid de'n charaig é. Ansan nuair fhéachaid na
h-iasgairí air ní fheicid siad an t-iasg. Ní fheicid
siad, dar leó, ach cliathán caraige. Téidhean an t-iasg
saor ar an gcuma san.
Men. Deirtear go bhfuil san mar sin, ach ní h-ionan
san i n-aon chor agus do ghnó-sa, a Phrótéois.
Prót. Ní fheadar an domhan, a Mheneláois, cad a
chreidfá mara gcreidfá do dhá shúil féin.
Men. Do chonac é gan amhras. Ach nídh annspianta
iseadh é. Rud a bheith 'n-a theine agus i n'uisge i n-aon-
fheacht!
XXXIII.
POSEÍDÓN AGUS NA NERÉIDÍ.
Pos. Tugtar feasta Hellespont ar an ngaibhlín
faraige seo, ó'n gcailín seo a thuit isteach ann, ach
tógaidh-se, a Neréidí, a corp agus beiridh libh é go
Tróas agus déanfid muinntir na h-áite sin é dh'adhla-
cadh ann.
Ner. Ní h-é sin is ceart a dhéanamh i n-aon chor, a
Phoseídóin, ach a corp d'fhágaint anso sa bhfaraige ar
a bhfuil a h-ainm. Tá ana thruagh againn di. Do dhein
a leas-mháthair go h-ana olc uirthi é.
Pos. Ní bheadh san dleaghthach, a Amphitríté. Ní cuibhe
i n-aon cor í bheith sínte anso fé'n ngainimh. Mar
adubhart, adhlacfar í i dTróas, sa Chersonésos. Ach
beidh so mar shásamh aigne le fághail aici .i. go
mbéarfidh an chrích chéadna Ínó. Beidh sí ag teiche ó
Atamas agus a mac idir a lámhaibh aici agus tuitfidh
sí isteach sa bhfaraige ó rinn Chitairóin.
Ner. Ach beidh sé ceart againn í thabhairt slán ar
son Díonusiois. Isí Ínó a buime, agus tá an gaol ann.
Pos. Ní ceart í thabhairt slán, a Amphitríté, aoinne
chómh h-olc léi. Ach sa n-am gcéadna ní ceart olc a
dhéanamh ar Dhíonusios.
Ner. Ach cad fé ndeara dhi tuitim de'n reithe, agus
go ndeigh a dritháir Phrícsos chun cinn slán?
Pos. Eisean a bheith óg, misneamhail, ábalta ar dhéine
na gluaiseachta do sheasamh, agus ise bheith gan taithighe
aici ar a leithéid de mharcaidheacht. Nuair fheuch sí
uaithi síos agus chonaic sí an fharaige ar leathadh fé n-a
bun thíos tháinig sgannra uirthi agus uathbhás, agus
tháinig meadhrán 'n-a ceann ó dhéine na gluaiseachta,
i dtreó nár fhéad sí greim a chimeád ar adharcaibh an
reithe agus nuair a shleamhnuighdar uaithi gur thuit sí
síos sa bhfaraige.
Ner. Agus ná raibh sé ceart agá máthair, ag Nephelé,
breith uirthi agus í thabhairt slán nuair a thuit sí?
Pos. Bhí go deimhin. Ach tá an Chineamhaint níos
treise go mór 'ná Nephelé.
XXXIV.
XANTÉS AGUS MUIR.
Xan. Ó, a Mhuir, glac chughat me. Tá an donas
déanta orm. Glac chughat me agus múch mo
chneadhacha.
Mur. Cad é sin ort airiú, a Xantéis? Cé a loisg
thu?
Xan. Hephaistos a loisg me. Ó, táim loisgithe am
beathaidh! Táim ar fiuchaigh!
Muir. Agus cad chuige dhó an teine do chaitheamh
isteach ionat?
Xan. Mar gheall ar mhac Thétis. Nuair a dh'iarras
air stad de bheith ag marbhú na bhPhrúgach níor stad sé
d'á fheirg go dtí gur líon sé suas mo chadhséar de
chorpaibh daoine. Ansan d'iompuigheas air agus thugas
fé é bháth feuchaint an gcuirfadh san eagla air agus go
stadfadh sé de'n mharbhú, mar bhí truagh agam do sna
daoine bochta. Ach do thárla go raibh Hephaistos sa
chómhgaracht i n-áit éigin agus thug sé leis a raibh de
theine an tsaoghal aige, i n-Aetna agus ins gach áit eile,
agus tháinig sé orm agus do dhóigh sé mo choillte a bhí
ar mo bhruach agus do bheirbh sé a raibh d'eascúnaibh
ionam agus chuir sé me féin ag fiuchaigh mar a chíon tú,
agus is beag 'ná go bhfuilim i ndísg ar fad uaidh. Feuch
an cor atá orm ó'n losgadh atá fághalta agam.
Muir. Taoin tú ataithe, a Xantéis, agus taoin tu
teith, nídh nách iongna. Is as na corpaibh a tháinig an
fhuil sin agus mar adeirir, isí an teine fé ndeár an
beiriú san atá ort. Ní bhfuarais, ámhthach, ach an rud a
thuillis. Bhí sé ceart agat mo mhac do sgaoile thart. Bhí
fhíos agat gur mhac do neréid é.
Xan. Ná raibh sé ceart agam cabhrú leis na
Phrúgachaibh, mo chómharsain féin?
Muir. Agus ná raibh sé ceart ag Hephaistos cabhrú
le h-Aichillés ó ba mhac do Thétis é?
XXXV.
DÍOGENÉS AGUS POLÚDEÚCÉS.
Díog. A Pholúdeúcéis, isé do thuras-sa is dóich liom,
dul suas chun na beatha amáireach, agus feuch má fheicean
tú an madra san, Menippos, i n-aon bhall (b'fhéidir
go bhfeicfá é i gCorintos, nú sa Chráneion, nú
sa Iucaeon ag faire ar na fáigíbh ag aighneas le
n-a chéile, agus é ag gáirí úmpa), abair leis mar
seo:- "Deir Díogenés leat, a Mhenippois, má tá
do dhóithin gáirí déanta agat uim neithe thuas, dul
síos mar a bhfuil sé féin agus go bhfaighir a lán
eile neithe a bhainfidh gáirí asat. Ansan thuas ní
bhíon an gháire dáiríribh ar fad. Bíon an sean fhocal
úd acu, .i. "Ca bh'fhios do dhuine cad a thiocfidh i
ndiaidh na beatha?" Ach anso thíos ní'l aon rud ag
baint ó'n ngáire ná aon easba cúise leis an ngáire,
mar is eól domh-sa um an dtaca so; go mór mór
nuair a chífir na taoisigh agus na priúnsaí agus
iad chómh suarach, gan suím ag aoinne ionta, ná
h-aithneofí iad a bheith ann i n-aon chor mara mbeadh go
n-airightear an uaill ghuil a bhíon ar siubhal acu i ndiaidh
na neithe a dh'fhágadar thuas 'n-a ndiaidh." Abair an
méid sin leis, agus abair leis 'n-a theannta san a
mhála do líonadh de shearbhán agus suipéar Hecaté
do chur chuige, leis, má fhéadan sé teacht air, nú ubh
anacail.
Pol. Déarfad an méid sin leis, a Dhíogenéis, ach i
dtreó go n-aithneóchad go maith é nuair a chífad é,
innis dom cad é an saghas duine é 'n-a dheabhramh.
Díog. Seanduine maol agus seana chasóg ghiobalach
air atá lán de phollaibh agus í breac le preabánaibh.
Bíon sé ag gáirí coitchianta, go mór mór nuair a
bhíon sé ag magadh fé sna fáigíbh baotha sin.
Pol. Ambasa ach ní deacair é dh'aithint ó sna cómh-
arthaíbh sin.
Díog. Agus ar mhiste leat teachtaireacht a bhreith
uaim ag triall ar na fáigíbh sin féin.
Pol. Abair an teachtaireacht. Ní h-aon cheataighe
liom í bhreith liom.
Díog. Abair leó an brabús gan éifeacht a bhíon ar
siubhal acu do chur uatha; gan bheith ag aighneas i dtaobh
nádúra na cruinne; gan bheith ag cur a chéile ar
adharcaibh; gan bheith ag caolú aighnis ar a chéile; gan
bheith ag cur na ndaoine ag ceistiúchán i dtaobh
neithe ró dhiamhara.
Pol. Ach má labhraim leó ar an gcuma san déarfid
siad gur tuathalán me gan eólus, gan tabhairt suas
gan foghluim.
Díog. Abair leó uaim-se gur ag gol is ceart dóibh
a bheith.
Pol. Déarfad, ná bíodh eagla ort, a Dhíogenéis.
Díog. Ach, a Pholúdeúcéis a mhic ó, abair an chainnt
seo uaim-se le lucht saidhbhris:- "A dhaoine gan chiall,
cad chuige dhaoibh bheith ag faire ar bhúr gcuid óir agus
ag cur pionóis oraibh féin mar gheall air? ag áireamh an
úncamais, ag cruinniú an talaint ar an dtalant! agus
nách fada go gcaithfidh sibh teacht chun na h-áite seo agus
gan ag gach duine agaibh ach an t-aon obolos amháin!"
Pol. Déarfad an chainnt sin leó gan dearmhad.
Díog. Abair leis na fearaibh breághtha láidire sin a
bhíon ag déanamh na lúthchleas, .i. Megillos an Corin-
tiánach, agus Damacsénos an t-iomrasgálaidhe, ná fuil
le feisgint againne anso folt fionnruadh, ná súile dubha
ag spréacharnaigh, ná an ghruagh dhearg, ná na slinneána
leathana, ná na géaga cruadha; ná fuil againn ar fad
ach an luaithreach; plaoisgeana gan aon bhreághthacht.
Pol. Ní miste an chainnt sin do rádh le lucht an nirt
agus na breághthachta.
Díog. Ach na daoine bochta so, na Lacedémónaigh
tá a lán acu ann agus bíd siad ag gol mar gheall ar
iad a bheith dealbh, agus ag éagcaoine a ndealbhais:
abair leó gan bheith ag éagcaoine. Innis dóibh conus
mar atá na daoine go léir ar aon dul anso, agus conus
mar a bheid na daoine saidhbhre chómh dealbh leis na
daoine bochta sa n-áit seo. Agus na Lacedémónaigh,
do dhaoine féin, mara miste leat é, abair leó go
bhfuilid siad 'n-a spreas.
Pol. Ná h-abair aon rud leis na Lacedémónaigh,
a Dhíogenéis. Ní fhuiligeóchainn é; ach an méid adeirir
leis an gcuid eile 'neósfad dóibh é.
Díog. Tá go maith. Sgaoilimís tharainn na Lace-
démónaigh ó 'sé is áil leat. Ach tabhair mo theachtaireacht
do'n chuid eile.
XXXVI.
MENIPPOS.
Croés. Feuch, a Phloutóin, tá an madra san
Menippos 'n-a chómhnuidhe ró chómhgarach dúinn. Cuir
i n-áit éigin eile é nú leog dúinne dul i n-áit éigin
eile.
Plout. Cad é an díobháil atá aige á dhéanamh daoibh?
Ná fuil sé chómh marbh libh féin?
Croés. Nuair a bhímíd ag gol agus ag caoine, ag
machtnamh ar a bhfuil fágtha i n-ár ndiaidh againn
lastuas, Mídas anso ag caoine a chuid óir, agus
Sardanapalos anso ag caoine an phléisiúir a bhí aige,
agus mise ag caoine mo shaidhbhris bíon sé ag
spídiúchán orainn, ag glaodhach bochtán orainn agus
ag glaodhach truaghán, agus nuair a bhímíd-ne ag gol
is ag amhrán a bhíon sé. Ní leogan sé dhúinn ár ngol
a dhéanamh ar ár suaineas. Táimíd ciapaithe aige.
Plout. Cad chuige dhóibh bheith á rádh san, a
Mhenippois?
Men. Mar tá a chúis acu, a Phloutóin. Tá gráin
agam ortha, na spreallairíní grána. Chaitheadar a
saoghal go h-olc an fhaid a bhíodar lastuas agus ní
shásóchadh san iad gan bheith ag gol anois nuair atáid
siad tar éis bháis agus ná fuil neart acu, ar a thuille
uilc a dhéanamh thuas. Is breágh liom bheith ghá gciapadh.
Plout. Ní'l san ceart agat. Tá an bhuairt ortha mar
gheall ar a bhfuil fágtha 'n-a ndiaidh acu. Ní rud suarach
atá fágtha 'n-a ndiaidh acu. Ní h-iongna an bhuairt sin
a bheith ortha.
Men. Ná bí ag magadh fút féin, a Phloutóin, ag
moladh an ghuil atá acu á dhéanamh.
Plout. Ní h-é sin atá agam 'á dhéanamh i n-aon chor
ach ní maith liom leogaint duit-se bheith ag déanamh an
toirmisg sa n-áit seo.
Men. Go deimhin féin, ámhthach, a dhríodar na Lúdach
agus na bhFúgach agus na n-Assuriach, bíodh fhios agaibh
ná fuil aon dul uaim-se agaibh. Pé áit 'n-a raghaidh
sibh leanfad sibh, agus beidh mé ag amhrán nuair a
bheidh sibh-se ag gol, ag magadh fúibh agus ag bhúr gcia-
padh ar mo dhítheal.
Croés. Feuch air sin mar tharcuisne!
Men. Cad é 'bhrígh é seachas an t-eirighe anáirde
úd a bhíodh oraibh-se nuair nár bh'fholáir libh go n-adharfadh
na daoine sibh, nuair a thugadh sibh tarcuisne do shaor-
chlannaibh, mar dh'eadh gur dhéithe sibh agus ná raibh bás
agaibh le fághail i n-aon chor. Tháinig an bás oraibh,
ámhthach, agus do sgar sé sibh leis an obair úd go léir.
Níl agaibh anois ach bheith ag gol i ndiaidh an eirighe
anáirde úd a bhí oraibh.
Croés. Ochón ó go daingean, mo shealbhas go léir
imthighthe uaim!
Míd. Ó, a chreach láidir é, mo chuid óir, mo chuid óir!
é go léir léir imthighthe!
Sard. An pléisiúr go léir! An pléisiúr go léir!
Imthighthe gan fághail ar chasadh go deó! Ochón ó! Ochón ó!
Men. Siní an chainnt! Comáinidh libh ar an gcuma
san agus beidh mo phort amhráin agam-sa.
"An rud ná raibh agam níor baineadh díom é,
Mar ní curtar giorfhiadh as an dtor ná bíon sé!
Cuireadh gach duine aithne air féin."
XXXVII.
H-ERMÉS AGUS CHÁRÓN.
h-Erm. Socaruighmís ár gcúntaisí a Bhádóir, má 'sé
do thoil é, agus deinimís anois é le h-eagla go
mbeadh achran eadrainn ar ball.
Chár. Deinimís, a h-Erméis. Siné is fearr. Agus
isé is saoráidighe.
h-Erm. Cheannaigheas anncaire dhuit, mar adubhraís
liom, agus thugas chúig dhrachma air.
Chár. Thugais cuid mhór air.
h-Erm. Dar Ploutón do thugas an méid sin air,
agus thugas dhá obolos ar an iall a cheannaigheas 'n-a
theannta.
Chár. Tá go maith. Cuir síos chúig dhrachma agus dhá
obolos.
h-Erm. Agus snáthaid chun na h-anairte, ar chúig
obolois.
Chár. Cuir síos an méid sin.
h-Erm. Agus céir chun na bpoll do stupadh i dtóin
an bháid, agus taraingí, agus an cábla san gur dheinis
teúd-seól de, an méid sin go léir ar dhá dhrachma.
Chár. Is maith é sin; cheannaighis an méid sin saor go
maith.
h-Erm. Is dóich liom gur b'é sin an t'iomláine,
mara bhfuil aon dearmhad déanta againn sa chómhreamh
Cathain adeirir a dhíolfir me?
Chár. Ní féidir dom thu dhíol anois pé 'r domhan é,
a h-Erméis. Ach dá dtagadh pláigh nú cogadh bheadh a
lán ag teacht anuas agus d'fhéadfinn, b'fhéidir, rud
éigin a dhéanamh as an airgead-báid le camadh sa
chómhreamh.
h-Erm. Ní'l agam le déanamh, má 'seadh, ach suidhe
anso agus bheith ag guidhe, 'ghá iarraidh go dtiocfadh
cogadh nú pláigh, nú droch nídh éigin de'n tsórd san,
i dtreó go bhfaighinn féin rud éigin d'á bharr.
Chár. Sin a bhfuil le déanamh agat, a h-Erméis. Níl
puinn daoine ag teacht chughainn anois, mar a chíon tú
féin. Tá an saoghal ró shíothchánta.
h-Erm. Sin mar is fearr é, a Bhádóir, pé ríghneas a
bheidh ar an méid atá agam ort. Ach na fir úd fadó, a
Cháróin, is cuimhin leat cad é an saghas iad nuair a
thánadar chughainn, iad go léir go fearamhail, lán d'fhuil,
agus cuid acu créachtnuighthe. Ach anois; tagan duine
chughainn agus é tar éis bháis fhághail le nimh a fuair sé
ó n-a dhuine clainne nú ó n-a mhnaoi; duine eile
agus a bholg ataithe agus líonadh 'n-a dhá chois, ó bheith
ag ithe agus ag ól agus ag déanamh droch iompair;
agus iad go léir go mílítheach agus go trochailte,
marab ionan a's na fir úd fadó. Tagan a lán acu
so tré bhíthinn airgid. Bíd siad ag camastuigheal ar
a chéile agus ag fealladh ar a chéile.
Chár. 'Seadh, agus sin mar is fearr é.
h-Erm. Má 'seadh ní bheidh aon mhilleán agat-sa
orm-sa má éilighim ort go h-iomlán a bhfuil agam
ort.
XXXVIII.
AICHILLÉS AGUS ANTILOCHOS.
Ant. Cad í an chainnt í siúd a bhí idir thu féin agus
Odusséus go déanach, a Aichilléis? Bhís-se ag trácht
ar an mbás agus dubhraís gur bh'fhearr leat bheith at'
fhear oibre ag duine bocht éigin 'ná bheith ad' rí ar na
mairbh go léir. Bhíos ag éisteacht libh agus thuigeas am'
aigne gur suarach an chreideamhaint sibh araon do'n dá
oide a bhí agaibh, .i. Ceirón agus Phoenix. Thiocfadh sé
maith go leór, b'fhéidir, ó spreallairín Phrúgaigh
go mbeadh iomad dothail aige roimis an mbás, cainnt
chómh spriúnlaithe dhéanamh. Ach mac Phéléuis, an laoch
thar laochaibh, a rádh go mbeadh sé chómh mór gan mheas
air féin go labharfadh sé air féin ar an gcuma san!
Is mór an náire é. Tá sé bun os cionn ar fad leis an
gcuma 'n-ar chaithis-se do bheatha lastuas. Ní raibh bac
ort bheith ad' rí ar feadh abhfad i Bhtiótis, gan mór chlú,
dá mba mhaith leat é ach b'fhearr leat bás agus mór
chlú bheith agat 'ná bheith beó gan mór chlú.
Aichill. A mhic Nestoir, ní raibh aon tuisgint agam
an uair sin i dtaobh na h-áite seo. Easba tuisgiona
fé ndeara dhom an mór chlú úd a bhí gan ghus do thoghadh
i n-inead na beatha. Anois a thuigim an sgéal. Pé
bladhman a deintear lastuas ní dheinean sé aon fheabhas
a chur ar an áit seo. Táid na mairbh go léir mar a chéile
anso. An bhreághthacht úd, a Antilochuis, agus an neart
úd, ní'lid siad le feisgint i n-aon chor anso. Tá an
t-aon sgamal amháin doircheachta orainn go léir agus
ní'l aon deifridheacht eadrainn. Na fir atá anso ó
chathair na Trae ní'l aon bhlúire eagla acu rómham-sa,
agus na Gréagaigh atá anso ní chuirid siad blúire
suime ionam. Ní'l againn go léir ach aon úrlabhra
amháin, leis, agus ní'l blúire deifridheachta idir an
bhfear cródha agus an fear meathta. Siné an rud a
chuirean an canncar orm-sa. B'fhearr liom bheith beó
lastuas agus bheith am' dhaor 'ná bheith anso.
Ant. Ach cad is féidir a dhéanamh, a Aichilléis? Tá
gach nídh de sna neithibh seo do réir nádúra. Caithfidh
an uile dhuine bás d'fhághail. Ní foláir bheith sásta leis
an gcórú san. Ní h-aon mhaith dhuit bheith ag cur canncair
ort féin mar gheall air. Ar nóin siniad sinn go léir
anso chómh maith leat-sa. Nách mór an sásamh aigne do
dhuine gan é bheith i n'aonar sa ghuais. Ní fada go mbeidh
tuille ag teacht. Is gearr go mbeidh Odusséus anso.
Feuch ansúd Herculés, agus Meleágar, agus na fir
mhóra úd eile. Ní h-é mo thuairim go raighdís suas
thar n-ais chun na beatha dá dtugtí cead dul suas dóibh
ach bheith 'n-a ndaoraibh ag fearaibh bochta éigin.
Aichill. Gan amhras is ar mhaithe liom ataoin tú, ach
nuair a chuimhnighim ar an mbeatha thuas tagan uaigneas
orm, agus ní deirim 'ná go dtagan sé oraibh-se leis.
Ach ní leogan sibh oraibh go dtagan. Ní dheinean san ach
breis a chur ar an nguais agaibh, agus sibh 'ghá folag
gan labhairt.
Ant. Ní breis ach luighead, a Aichilléis, a chuirean
sé ar ár nguais againn. Tuigimíd nách aon mhaith
bheith ag cainnt agus fuiligimíd gan labhairt, i dtreó
ná beifí ag magadh fúinn mar a bítear ag magadh
fút-sa nuair a bhíon tú ag lorg neithe nách féidir
a dh'fhághail.
XXXIX.
DÍOGENÉS AGUS MAUSÓLOS.
Díog. Cad 'n-a thaobh duit-se, a Chariaigh, oiread san
eirighe anáirde bheith ort? Cad 'n-a thaobh duit bheith 'ghá
mheas go bhfuil níos mó onóra ag dul duit 'ná d'aoinne
eile againn?
Maus. Mar gheall ar mo rígheacht, a Shinópensigh:
Bhíos am' rí ar Charia go léir, agus bhí smacht agam ar
chuid de sna Lúideachaibh, agus chuireas smacht ar chuid
de sna h-oileánaibh úd, agus do chuireas mo chómhacht
chómh fada le Milétos, agus chuireas mór chuid d' Iónia
fém' smacht. Fear breágh ab eadh me, fear mór-chómhachtach
i ngnóthaíbh cogaidh. Ach rud is mó le rádh 'ná aon rud
eile tá leacht ana mhór curtha suas ós mo chionn i
Halicarnassos, leacht ná fuil a leithéid ag aon duine
marbh eile d'á bhfuil anso, agus an leacht san déanta
chómh breágh chómh h-órnáideach, chómh greanta; fir agus
eachra gearrtha air chómh cruinn, chómh fírinneach, chómh
h-ealadhanta, gur mó teampul ná fuil chómh maith leis.
An dóich leat an aon iongna dhom móráil a bheith orm
mar gheall air sin?
Díog. Mar gheall ar an rígheacht an eadh agus mar
gheall ar mhéid agus ar mheághchaint an tuama?
Maus. 'Seadh, gan amhras, dar fiadh!
Díog. Airiú, a Mhausóluis áluinn, a mhich, ní'l áil-
neacht ná neart agat anso. Dá mbeadh meastóir
áilneachta againn anso cad í an bhreághthacht a chífadh
sé ad' chloigean-sa seachas am' chloigean-sa? Táid
siad araon lom; drannfhiaclach; gan súile; spad-
shrónach. Ach an tuama úd, agus na clocha daora atá
ann; b'fhéidir nár mhiste do mhuinntir Halicarnassois
bheith ag maoidheamh asta agus 'ghá dtaisbeáint do
dhaoinibh iasachta; ach cad é an tairbhthe dhuit-se iad
anois, marab amhlaidh a mheasfá a rádh gur tairbhthe dhuit
an t-ualach atá ionta anuas ort.
Maus. Agus an amhlaidh a mheasfá-sa a rádh ná fuil
aon bhrígh in sna neithibh sin go léir! An amhlaidh a
mheasfá a rádh gur b' aon onóir amháin atá ag dul do
Mhausólos agus do Dhíogenés?
Díog. Ní h-amhlaidh, a mhic ó. Tá so de dheifridheacht
eatartha. Beidh Mausólos ag gol anso, ag cuimhneamh
ar an saoghal suairc a bhí aige dar leis, an fhaid a bhí sé
beó, agus beidh Díogenés ag gáirí, ag magad fé Maus-
ólos agus fé'n dtuama úd a chuir Artemísia suas
dó. Ní h-eól do Dhíogenés ce 'cu atá tuama os cionn
a chuirp nú ná fuil; agus is cuma leis. Chaith sé a
bheatha mar a dhéanfadh fear agus d'fhág sé 'n-a dhiaidh
clú árd, clú a mhairfidh níos buaine 'ná an tuama san
atá at' dhiaidh-se, a bhochtáin is boichte de bhochtánaibh
Charia!
XL.
NIRÉOS AGUS TIRSÍTÉS AGUS MENIPPOS.
Nir. Seadh anois, 'neósfidh Menippos anso ce 'cu
de'n bheirt againn an fear is breághtha. Feuch a
Mhenippois, nách dóich leat gur breághtha d'fhear mise
'ná é seo?
Men. Ach cé h-iad sibh, asdó? Ní mór a fhios a bheith
agam ar dtúis cé h-iad sibh.
Nir. Niréos agus Tirsítés sinn.
Men. Ach cé 'cu agaibh Niréos agus ce 'cu agaibh
Tirsítés? Ní léir an méid sin fós.
Ter. Is fearr me 'ná é seo sa méid seo ar aon chuma,
go bhfuil cosmhalacht agam leat-sa. Agus ní'lir chómh
mór níos breághtha 'ná me agus adubhairt an dall úd,
h-Ómér, nuair a mhol sé do bhreághthacht os cionn na
ndaoine go léir. Bíodh go bhfuil mo cheann caol árd,
agus spuaic air, agus é maol, ní dóich liom go ndéarfidh
an moltóir go bhfuil aon bhreághtheacht sa mbreis agat-
sa orm.
Nir. Mise! mac Aglaia agus Charopois! an fear
ba dhathamhla d'ár tháinig go h-Ilion!
Men. B'fhéidir é. Níor thugais puinn de'n dathamhlacht
san anso anuas leat, ámhthach. Feuchaid na cnámha go
léir mar a chéile. Ní fheicim aon deifridheacht idir do
chloigean-sa agus cloigean Thirsítéis ach so, go bhfuil
do chloigean-sa briosg. Cloigean lag, gan fear-
amhlacht, iseadh do chloigean.
Nir. Má 'seadh fiafraigh de h-Ómér cad é an saghas
me nuair a bhíos sa chogadh i dteannta na nGréagach.
Men. Ní'l ad' chainnt ach speabhruídí, a dhuine!
Tuigim an rud a chím, agus chím cad é an saghas anois
tu. Thuig muinntir na h-aimsire úd cad é an saghas
an uair sin thu.
Nir. Agus nách breághtha d'fhear me anso féin 'ná
Tirsítés, a Mhenippois?
Men. Ní'l aon bhreághthacht i n-aoinne agaibh anso
thíos, ná i n-aon duine eile. Mar a chéile na daoine
go léir anso.
XLI.
CONSTANTÍN
(Ní ó Lúcián é seo.)
Sa bhliain d'aois an Tighearna trí chéad, a sé, bhí Ím-
pireacht na Rómha gan ímpire agus bhí Constantín 'n-a
thaoiseach airm thall sa tír seo ar a dtugtar Sasana
anois. Do thuig na slóighte a bhí fé n-a láimh gur
bh'fhear ábalta tuisgionach deagh-aigeanta é agus do
mholadar an ímpireacht dó.
Bhí fear eile sa taobh thoir de'n Eúróip agus Macsen-
tius ab ainm dó agus chuir sé i gcoinnibh
Chonstantín i dtaobh na h-ímpireachta. D'eirigh cogadh
eatartha. Tar éis rainnt cathana, anso agus ansúd,
idir an dá chómhacht, agus an dá neart ag druidim i
dtreó catharach na Rómha, agus nár chuma leó cé aige
go mbeadh tosach ag gabháil sealbha sa chathair, thánadar
ar aghaidh a chéile ag an ndrochad ar a dtugtí Milbhiach.
Lá éigin an fhaid a bhí an dá neart ar aghaidh a chéile i
n-aice an drochaid sin, do taisbeánadh do Chonstantín
agus d'á shluagh, i lár an lae, radharc mírbhúilteach.
Bhí mearathal ar Chonstantín. Bhí buaidhte agá shlóightibh
ar shlóightibh Mhacsentius in sna cathanaibh a troideadh
eatartha i gcaitheamh na h-aimsire roimis sin, ach
nuair a bhí an dá shluagh ar aghaidh a chéile ag an
ndrochad úd do chonaic Constantín, agus do chonaic
a shluagh do léir, go raibh sluagh Mhacsentius níba
líonmhaire go mór 'ná mar a bhí sluagh Chonstantín.
Do measadh go raibh cúigear fear ag Macsentius
i n-aghaidh gach fir d'á raibh ag Constantín. Gan
amhras bhí muinntir na catharach i bhfabhar do
Chonstantín. Iad féin do chuir fios air agus d'iarr
air teacht agus iad a dh'fhuasgailt ó'n dtíoránach
Macsentius. Mar sin féin bhí ana mhearathal aigne
air le h-eagla nár bh'fhéidir dó buachtaint ar shluagh a
bhí chómh mór san níba líonmhaire 'ná a shluagh féin. I lár
an lae, agus an mearathal san ar a aigne, do
taisbeánadh dó féin agus d'á shluagh, thuas ós a
gcionn i lár na spéire, cros mhór sholasmar, agus
í chómh geal leis an ngréin, agus na focail seo
treasna uirthi .i.
"Beir buadh leis seo."
Bhíodar go léir ag feuchaint ar an gcruis sholusmhar
san agus ag déanamh iongna dhi agus tháinig an oidhche
ortha. I lár na h-oidhche nuair a bhí Constantín 'n-a
chodhla, b'é toil an tSlánuighteóra é féin a thaisbeáint
dó i n-aisling agus a dh'innsint dó cad a bhí le déanamh
aige i dtaobh na cruise soluis sin a taisbeánadh dó an
lá roimis sin. D'órduigh an Slánuightheóir dó bratach
a dhéanamh agus macasamhail do'n chruis sholuis úd do
chur ar an mbratach san, agus an bratach san a bheith
roime n-a shluagh amach aige nuair a bheidís ag dul i
gcath. Do dhein sé an nídh sin. Do deineadh an bratach
agus do cuireadh roimis an sluagh é i n-inead an
Fhiolair Rómhánaigh a bhíodh rómpa roimis sin i
gcómhnuidhe.
Tháinig lá an chatha. Chuaidh Constantín agus a shluagh
isteach sa chath agus an bratach nua ós a gcionn. Tháinig
an tsluagh eile agus an fiolar ós a gcionn. Do buaileadh
an cath. Níor bh'fhada gur iompuigh sluagh an fhiolair agus
gur theicheadar. Do leanadh iad go dian. Thugadar
aghaidh ar an ndrochad Milbhiach chun dul thar abhainn.
Bhí Macsentius féin i lár an lucht teiche a chuaidh ar an
ndrochad. Nuair a bhí sé tímpal leath slighe anonn do
bhris an drochad fé'n mbrúth daoine a bhí air agus do
caitheadh iad go léir isteach sa n-abhainn, isteach sa
Tiberis, agus do báthadh iad. Do báthad Macsentius
mar aon leis an gcuid eile.
Chuir buadh an chatha san ímpireacht na Rómha, ó'n
bhfaraige thiar, soir treasna na h-Eúróipe go dtí an
fharaige Chaspiach, agus ó'n dtaobh thuaidh de'n Eúróip
ódheas go dtí an Afric agus go dtí an Éigipt, fé smacht
Chonstantín. Fear ab eadh Constantín go raibh éirim
aigne aige, agus neart aigne, agus géarchúis aigne,
agus cruinneas breitheamhantais, agus eólus ar dhaoine,
agus oilteacht ar conus iad do láimhseáil agus do
bhainistighe agus do stiúrú ar a leas, thar gach fear eile
d'á raibh suas le n-a linn sa n-Eúróip. Níor mhór dó
na tréithe sin go léir a bheith ann. Bhí gádh go cruaidh
aige leó nuair a tháinig cúram na h-ímpireachta air.
Bhí an Eúróip go léir lán de threabhchasaíbh daoine a bhí
bun os cionn le n-a chéile ó dhúchas, bun os cionn le n-a
chéile i mbéasaibh, bun os cionn le n-a chéile ins gach nídh
de sna neithibh ba mhian leó agus de sna neithibh nár mhian
leó. D'á bhrígh sin ba ró dheacair na dlighthe agus na
riaghalta do b'fhearr a réidhteóchadh leó do dhéanamh
dóibh agus do chur i bhfeidhm ortha sa tslighe ab fhearr a
chuirfadh síothcháin agus rath na síothchána i n-áirithe
dhóibh go léir sa tímpal. Siné an rud a bhí ag Constantín
le déanamh an uair sin, agus do dhein sé é. Do dhein
sé é ar chuma nár bh'fhéidir a lochtú an uair sin agus rud
is fearr 'ná san, ar chuma nár féadadh a lochtú 'n-a
dhiaidh san nuair a feuchtí siar air. Is sean fhocal é gur
"Tar éis a tuigtear gach beart." Nuair a feuchtar
siar ar gach beart a bhíon déanta iseadh is fearr a
tuigtear ce 'cu a bhíon an bheart san déanta sa cheart
nú ná bíon. Ag feuchaint siar do dhaoinibh riamh, ó
shin, ar an gcuma 'n-ar dhein Constantín ímpireacht na
Rómha do ghabháil ar láimh an uair sin, agus do shrianadh,
agus do stiúrú, agus do smachtú, go daingean agus
go fadaradhnach, admhuighid siad gur thuig sé an obair
roim ré chómh maith díreach agus do féadadh "an bheart
do thuisgint tar éis," agus thugadar mar ainm air
"Constantín Mór."
Bhí báidh aige i gcaitheamh a shaoghail riamh, agus agá
athair roimis, leis an gcreideamh. Ní dócha gur bh'iongna
ró mhór é sin. Tá a mháthair ameasg na naomh. Chómh fada
agus chuaidh a chumas sa taobh thiar de'n Eúróip agus i
n-oileán Bhreatain, do chosain sé na Críostaidhthe ar
na droch dhlighthibh a deintí 'n-a gcoinnibh. Bíodh go raibh
sé féin gan an creideamh a ghlacadh an uair sin thuig
sé in' aigne gur bh'é ceart gach duine leogaint dó pé
saghas creidimh a thaithnfadh leis do ghlacadh agus do
chimeád; go raibh sé chómh ceart do'n Chríostaidhe
creideamh Críost a bheith aige agus bhí sé ag an bpágánach
creideamh Iúpiteir a bheith aige; ná raibh aon rud ab
fhearr 'ná leogaint do gach aoinne a chreideamh féin do
thoghadh dhó féin. D'fhág san na Críostaidhthe go léir
buidheach de agus bíodh nár thaithn san leis na págánachaibh
níor bh'fhéidir dóibh a rádh go raibh eugcóir aige á dhéanamh
ortha féin. Bhí an cead-cinn céadna aige 'á thabhairt
dóibh a bhí aige á thabhairt do sna Críostaidhthibh.
Nuair a chonaic sé féin agus a mhór shluagh an chros
sholuis sa spéir, ámhthach, roimis an gcath, tháinig atharú
ar a aigne. Ansan, nuair a tháinig an aisling chuige
an oidhche sin agus nuair a thaisbeáin an Slánuightheóir
beannuighthe é féin dó agus nuair adubhairt sé leis an
bratach a dhéanamh, 'n-a mhacasamhail do'n chruis sholuis,
agus nuair a tugadh dó an buadh a gealladh dó sa bhfocal
úd a bhí ar an gcruis sholuis, thuig sé i n' aigne go raibh
fírinne i gcreideamh na gCríostaidhthe ná raibh i n-aon
chreideamh eile. Do ghlaoidh sé chuige na h-easboig agus
na fir léigheanta naomhtha eile a bhí 'n-a shluagh agus
cheistigh sé iad i dtaobh fírinní bunúsacha an chreidimh
agus d'iarr sé ortha na fírinní sin do mhúine dhó. Dhein-
eadar an nídh sin. Thaisbeánadar dó na targaireachtaí
atá sa Bhíobla i dtaobh teacht an tSlánuightheóra, agus
conus mar a cómhlíonadh na targaireachtaí sin go léir
i bpearsain Críost nuair a tháinig sé. Ansan do dhein
Constantín eaglais fé leith, agus altóir, istigh 'n-a
phálás féin, agus dhein sé cábán, agus altóir istigh ann,
agus do beirtí an cábán san roimis an sluagh amach,
nuair a bhídís ag dul i gcath díreach mar a beirtí airc
na Connartha roim chlainn Israéil amach, na céadta
fada blian roimis sin, nuair a bhíodar ag taisteal
tríd an bhfiantas gainimhe, ag dul ó'n Éigipt go dtí
an tír bheannuighthe.
XLII.
CONSTANTÍN.
(Ar leanmhaint.)
B'í cathair na Rómha príomhchathair na h-ímpireachta i
gcaitheamh na h-aimsire go léir ó cuireadh an ímpireacht
ar bun go dtí gur dhein an cath úd ag an ndrochad
Milbhiach ímpire de Chonstantín. I gcaitheamh na h-aimsire
ó bhás Iúlius Chaesair anuas bhíodh súil ag gach ímpire
d'á dtagadh ar an gcúinne úd thoir idir fharaige Mar-
mora agus an fharaige Dhubh. Ansúd thoir dar leó, ba
cheart príomhchathair na h-ímpireachta do bheith. Bhí cathair
na Rómha, dar leó, maith go leór mar chathair lárslighe
an fhaid nár shrois an chómhacht ach ó'n bhfaraige Adriátaigh
siar go dtí an taobh thiar de'n Sbáinn, agus ó shléibhtibh
na n-Alp ódheas, treasna na mara Torríann, go dtí
ciúmhais na h-Africa. Ach nuair a bhí cómhacht na Rómhánach
tar éis brise óthuaidh de dhruim na n-Alp, agus an
Ghaillia do thabhairt fé n-a smacht, chómh fada óthuaidh leis
an muir Ghearmánach, do thosnuigh cuid de sna h-ímpiríbh,
an chuid acu ba ghéire tuisgint, ar a mheas go raibh
cathair na Rómha ró imealach mar phríomhchathair, agus
go mbeadh an phríomhchathair suidhte i n-inead a bheadh
níba chothromamhla dá mbeadh sí suidhte sa chúinne úd
thoir idir an mBosphorus agus muir Mharmora, áit
'n-a raibh, abhfad roimis sin, seana chathair ar a dtugtí
Byzantium. Isé tuairim a lán go raibh Iúlius Caesar
féin ag machtnamh ar an gcuma san sar ar cuireadh chun
báis é. Bhí an inntileacht ró ghéar aige agus an éirim
aigne ró láidir aige, agus chonaic sé go soiléir nár
bh'fhéidir do sna Rómhánaigh leanmhaint puinn níba shia
fé'n riaghaltas a bhí acu go dtí san. Riaghaltas poibilidhe
iseadh a bhí acu go dtí san, ar feadh na gcéadta blian,
ó díbireadh na righthe as an gcathair. Do dhein an gleus
riaghaltais sin an gnó maith go leór an fhaid a bhí lucht
stiúrtha an riaghaltais dílis a ndóithin, macánta a
ndóithin, tuisgionach a ndóithin, chun tairbhthe na poibili-
dheachta do chur os cionn a dtairbhthe féin. Ach do chonaic
Iúlius Caesar go raibh an mhacántacht san imthighthe, go
raibh atharú tagaithe ar aigne na ndaoine, gur bh'é a
thairbhthe féin a bhí ag déanamh buartha do gach aoinne
agus go raibh an uile dhuine ag cur a thairbhthe féin roime
gach tairbhthe eile idir phoibilidhe agus príomháideach.
Nuair a bhí cómhacht na Rómhánach curtha i bhfeidhm aige
ar fuaid na h-Eúróipe do thuig sé i n' aigne ná raibh
aoinne beó a dh'fhéadfadh an chómhacht san do chimeád
i bhfeidhm ach amháin an té a dh'fhéad í chur i bhfeidhm. Bhí
ceapaithe aige, d'á bhrígh sin, an tsrian do chimeád 'n-a
láimh féin. Do thuig cuid d'uaislibh na Rómha go raibh
san ceapaithe aige. Níor thaithn san leó. Bhí fhios acu
go raibh sé ró dhoimhinn dóibh, agus go gcuirfadh sé an
dubh 'n-a gheal ar an bpobul i dtreó go ndéanfadh
an pobul rud air, pé cómhairle thabharfadh sé dhóibh. Bhí
fhios acu, leis, go raibh sé ró láidir dóibh, go ndéanfadh
an armáil rud air, mar go raibh iontaoibh thar barr acu
as tar éis a raibh de chathanaibh buaidhte acu fé n-a láimh.
Ní raibh ag uaislibh na Rómha le déanamh ach an t-aon rud
amháin agus dheineadar é. Dheineadar ceilg 'n-a choinnibh
agus chuireadar chun báis é. Má bhí sé ag cuimhneamh ar
phríomhchathair a dhéanamh thoir ag an mBosphoros agus rí
dhéanamh de féin níor fágadh ar a chumas san do dhéanamh.
Na h-uaisle a dhein an feall, ámhthach, ní raibh puinn
d'á bharr acu. Chuireadar Iúlius as an slighe ach tháinig
Augustus 'n-a dhiaidh. Níor dhein Augustus rí dhe féin.
Thug sé an méid sin d'á slighe féin do sna h-uaislibh,
ó bhí an fuath go léir acu do'n fhocal "rí," ach chimeád
sé an chómhacht 'n-a láimh féin agus thug sé "Imperátor"
air féin. Ba chuma leis cad é an ainm a tabharfí ar
an gcómhacht ó bhí an greim aige ar an gcómhacht.
Tá deimhne againn air go raibh i n' aigne aige, i dtaobh
na príomhchatharach a féadfí a dhéanamh lastoir, an
machtnamh céadna úd a bhí i n' aigne ag Iúlius. Bheadh
an chathair suidhte ar áilneacht an domhain. Bheadh tuitim
saidhbhris isteach chúichi ó'n Eúróip go léir, siar chómh fada
leis an Atlantach, agus an tuitim céadna isteach chúichi
anoir ar fad ó bhruachaibh Tígris agus Eúphratés, ó
Phaleistín, agus aineas ó'n Éigipt.
Níor bh'iongna go raibh Iúlius ag cuimhneamh ar an
gcathair sin, agus níor bh'iongna Augustus a bheith ag
cuimhneamh uirthi 'n-a dhiaidh. Ach bhí daoine eile sa Róimh
a bhí ag cuimhneamh uirthi, leis. Bhí an file, Horátius ag
cuimhneamh uirthi. Do thuig an file, agus do thuig daoine
nár bh'é, dá ndeintí an chathair sin lastoir ansúd sa
n-áit a bhí chómh meadhnach, idir na dúthaí breághtha móra
leathana saidhbhire úd go n-eireóchadh sí thar na beartaibh
chun réime agus chun rachmais, agus go gcuirfadh sí
meathalú ar an seana-chathair, ar chathair na Rómha.
Níor thaithn leis an bhfile go ndéanfí beart a dhéanfadh
a leithéid de dhíobháil do'n tseana-chathair. Ba ró mhaith
leis rud éigin a dhéanamh do chuirfadh atharú aigne ar
an Ímpire. Níor bh'fhuiriste dhó san. Bhí sé féin tar
éis dul sa chogadh i gcoinnibh Agustuis agus tar éis
bheith sa troid 'n-a choinnibh i gcath Philipí. Ní fhéadfadh
sé aon tsúil a bheith aige, d'á bhrígh sin, go nglacfí
cómhairle uaidh go ró chneasta. B'fhéidir go ndéarfí
leis gur mhaith an rud dó cath Philipí a mhaitheamh dó
agus gan a thuille cur isteach a dhéanamh.
Isé rud a dhein sé 'ná dán áluinn uasal a dhéanamh ar
an sgéal agus an dán do dhéanamh i riocht nár bh'fhéidir
d'aoinne a chur 'n-a leith go raibh sé ag cuimhneamh i n-aon
chor ar Augustus, agus sa n-am gcéadna, an dán do
dhéanamh ar chuma do chuirfadh fhiachaint ar an Ímpire
dhá thaobh an sgéil do bhreithniú go h-iomlán.
Do dhein sé an dán agus tá an dán le fághail sa
leabhar filidheachta atá againn uaidh. Seo mar a thosanui-
ghean an dán:-
"Iurtum et tenacem proposití Virum, agus c."
— Lib. iii. Od. iii.
Molan an file sa dán san an fear ná staonfadh
ó'n gceart pé rud a bheadh le h-imtheacht air, agus
tugan sé mar sholuídí ar an gcuma 'n-a ndeinid na
déithe luacht saothair a thabhairt do'n saghas san fir, an
chuma n-ar tógadh suas ameasg na ndéithe Herculés
agus Castór agus Polux. Agus ní staonan sé ó n-a
rádh go raibh Augustus féin ameasg na ndéithe, toisg
na tréithe sin a bheith ann, bíodh ná raibh sé tar éis imtheacht
as an saoghal fós. Innsean sé ansan conus mar a
labhair an bhandé, Iúnó, i gcómhthionól na ndéithe, agus
conus mar a chuir sí easgaine ar aon duine do chuirfadh
suas airís cathair na Trae, agus mar a gheall sí, dá
gcurtí suas an chathair mhalluighthe sin go leagfadh sí
féin airís í, agus go loisgfadh sí í, mar a dhein sí cheana.
Níor thrácht an file i n-aon chor ar Bhyzantium, ná níor
leog sé air go raibh sé ag cuimhneamh ar Bhyzantium.
Dheabhróchadh an sgéal gur thuig Augustus brígh na
filidheachta. Pé'r domhan é do chuir sé Byzantium as
a cheann.
Tímpal trí céad blian 'n-a dhiaidh san, nuair a fuair
Constantín é féin i gceannas na h-ímpireachta, do
chuimhnigh sé ar Bhyzantium. Do chruinnigh sé a chuid
saidhbhris agus chuaidh sé soir go dtí an Bosphoros agus
chuir sé suas ann cathair áluinn uasal agus thug sé
mar ainm ar an gcathair sin Constantínopolis, .i.
Cathair Chonstantín. Dhein sé cómhnuidhe sa chathair sin.
Sa chathair sin a bhí a chúirt aige agus is ann a dheineadh
sé gnó na h-ímpireachta do láimhseáil agus do riaradh.
Thug san aghaidh ríogra na h-Eúróipe ar Chathair Chonstan-
tín, ach má thug féin níor baineadh ó chreideamhaint na
Rómha oiread agus do measadh a bainfí, agus níor
bh'fhada gur eirigh neithe eile, neithe ná raibh coinne leó,
neithe a dhein níos mó dhíobhála do'n dá chathair 'ná
mar fhéadfidís féin a dhéanamh d'á chéile.
Nuair a bhí Constantín socair i gceannas na h-ímpir-
eachta dhein sé dlighthe a thug cead a cinn do'n Eaglais.
Thug sé an cead cinn sin do'n Eaglais sa dá chathair.
Chómh luath agus tháinig an cead cinn sin dhein dhá aicme
daoine úsáid de. Dhein daoine naomhtha úsáid de chun
gnóthaí an chreidimh do chur chun cinn. Dhein droch dhaoine
úsáid de chun creidimh éithigh do chur ar bun. Ba ghearr
go raibh an Eúróip 'n-a círéip idir an dá aicme. Lastoir
iseadh ba mhó a bhí an creideamh éithigh ag déanamh a dhroch
oibre. An Ghréigis isí ba mhó do labhartí lastoir. Cainnt
uasal, chómhachtach, ghunta ab eadh an Ghréigis. Dheineadh
an mhuinntir thoir, an chuid acu a ghabhadh leis an éitheach,
dheinidís úsáid de chomhacht agus d'uaisleacht agus de
ghuntacht na cainnte chun an chreidimh fhallsa do chur
i bhfeidhm. Ní leogfí leó é gan aighneas. Do buaidhtí
ar an éitheach. Ach nuair a buaidhtí ar aon éitheach amháin
d'eirigheadh éitheach eile. Do lean an chaismirt ar feadh
na gcéadta blian. Fé dheire d'eirigh Mohammed agus
a shlóighte agus do chuireadar fé n-a smacht an dúthaigh
lastoir de'n Bhosphorus. Ansan tháinig sgannra ar na
Gréagaigh i gcathair Chonstantín. Siúd siar iad chun
síothchána dhéanamh leis an bPápa le h-ionachas go
dtiocfadh muinntir na Rómha chucha chun iad do chosaint
ar mhuinntir Mhohammed. Bhí sé ró dhéanach. Do bhrúghaidh
an t-Ímpire Turcach, an tarna Mohammed, isteach
ortha, agus na mílte díáirimhthe slógh aige. Thóg sé sin
an chathair sa bhlian d'aois an Tighearna míle cheithre
chéad chúig dheich a trí (1453). Tá an chathair ag na Tur-
cachaibh riamh ó shin.
Constantín ab ainm do'n ímpire do chuir an chathair
suas, agus Constantín ab ainm do'n ímpire a bhí ar
an gcathair nuair a thóg na Turcacha í. Constantín Mór
a tugtar ar an gcéad Chonstantín sin, agus ní miste
Constantín Mór a thabhairt ar an gConstantín deiri-
neach chómh maith. Do chosain sé an chathair ar na Turcachaibh
le géire inntileachta agus le cródhacht gnímh ná fuil
a sárú le fághail sa chosaint a deineadh ar aon chathair
eile, riamh roimis sin ná riamh ó shin. Constantín
Palaéólogus ainm an fhir sin.
Tá an chathair ag na Turcachaibh fós. Táid cómhacht na
h-Eúróipe ag faire, riamh ó shin, ar an gcúinne sin Ag
an gceann theas de'n Bhosphorus. D'fhéadfidís, aon
lá ba mhaith Leó é, an Turcach do chomáint thar Bosphorus
soir; ach b'fhearr le gach cómhacht díobh an cúinne sin
a bheith ag an dTurcach 'ná é bheith ag aoinne eile acu
féin. Eud!