An Lóchrann
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh 15. MEITHEAMH, 1917. PINGINN A FHIACHA.
An Scáthán.
Fadó riamh Éireann nuair a bhíodh na
“daoine maithe” & ní sidhe ann do bhíodh
daoine símplidhe macánta sa tír seo.
Tá daoine macánta go leór i nÉirinn
fós ach nílid i nao' chor chomh símplidhe
agus a bhídís. Bhíodh, an uair sin, na
daoine maithe & iad féin go h-ana-mhór
le na chéile agus dheinidís caidreamh —
rud ná deinid siad anois. Is minic
leis a dheinidís cleasa ar a chéile —
chun grinn agus spóirt. Do dheineadar
cleas mar sin uair ar Dhonncha Learaidhe
& ar Cháit Dhonncha — beirt phósta a bhí na
gcomhnaidhe cois na Leamhna i bParóiste
na Tuaithe. An uair sin ní bhíodh aon
scáthán sa dúthaigh ná aon eolas ag na
daoinibh ortha. Bhí a mhalairt de chúram
ortha seachas iad a bheith ag féachaint
ortha féin i scáthán.
Lá dá raibh Donncha ag baint asrach ar
thaobh an chnuic do léim girrfhiadh amach
thairis agus isteach leis i lios a bhí beag-
áinín 'dtaobh thíos de — an Maol-lios is
ainm do. Bhí cáil na bpúcaí ar an áit
agus bhíodh scáth ar dhaoine dul isteach
ann. Ar a shon ná raibh Donncha ró-
mhisneamhail riamh siúd isteach é i ndiaidh
an ghirrfhiaidh. Nuair a tháinig sé go dtí
an tríomhadh seomra do leath a shúile
air. Ní raibh annsúd ar gach taobh de
ach gach aon nidh ba ghreannmhaire ná a
chéile. Nuair d'imthigh an chéad scann-
radh dhe tháinig dánaidheacht ann & chrom
sé ar chuardach mór thimcheall féachaint
an bhfaghadh sé aon rud áiseamhail a
bhéarfadh sé leis sara dtagadh na daoine
beaga air.
Thug sé fé ndeara rud éigin geal
ar crochadh os cionn na teine anáirde.
A dhe mo léir! ní túisce d'fhéach sé air
ná go dtáinig crith chos agus lámh air.
Chonnaic sé dar leis pictiúir a athar a
bhí fé chré sa Chnocán le seacht mbliana.
“Go bhfóiridh Dia 'rainn,” arsa Donncha,
“is dócha gur i bhfochair na ndaoine seo
atá m'athair bocht ó cailleadh é. Dá
mbeadh fhios ag na comhursain é bheith sa
lisín chumhang so i n-ionad a bheith thuas
ar neamh gan chosc gan lainncis air,
nach orm a bheadh an náire.” D'fhéach
sé arís ar an rud. B'é an t-athair —
seana-Learaidhe — a bhí ann go cruthanta.
An fhéasóg dhubh chéadna, an aghaidh leath-
fhiain agus an crot símplidhe a bhíodh
riamh air — ‘gnúis bheannuighthe ghrádhmhar
a athar' adubhairt Donncha. Do cheap sé
go mb'fhearra dho an phictiúir a bhreith
leis agus í chur i bhfolach 'sligh is ná
beadh aon chaoi go bhfaghadh aoinne amach
ciaca sa lios nó i n-áit níos aoirde &
níos beannuighthe a bhí seana-Learaidhe.
Ní 'nneosadh sé do Cháit leis é mar dá
mbeadh fhios aici sin é ní bheadh sos aici
go mbeadh fios an rúin ag gach aoinne
sa pharóiste. Do chuir sé an phictiúir
i bhfolach.
Ní bhíodh aigne Dhonncha sásta gan teacht
ag féachaint an phictiúra go minic. Thagadh
sé isteach chun smóilín teine d'fhagháil mar
'dheadh, ach sé bhíodh uaidh ná radharc d'fhagháil
ar sheana-Learaidhe. Tháinig amhras ag Cáit
air, go mór mór nuair ná téigheadh sé
amach gan cúrsa an tseomra a thabhairt
i gcomhnaidhe. Bhí brígh éigin leis dar léi
agus ós rud nach gnáthach le mnaoi leigint
do bhreis a bheith ar siubhal i gan fhios di
do dhein sí faire air. Aon lá amháin do
leig sí uirthi bheith ag dul go dtí an tobar,
ach ní fada a chuaidh sí nuair chas sí arís
agus tháinig sí i gan fhios ar Dhonncha
díreach agus é ag cur seana-hata leis i
leathtaoibh go cúramach.
Ní túisce d'fhág Donncha an tigh ná go
raibh greim ar an hata ag Cáit. Tharraig
sí amach an rud do bhí istigh ann agus
d'fhéach sí air. Aililiú! cad a bheadh ann
ach pictiúir mná iasachta. Ha ha, bhí an
rún aici anois! Ariú, nárbh é Donncha an
cladhaire!
Nuair tháinig Donncha abhaile um thráth-
nóna ní gádh a rádh ná raibh biadh ná deoch
ullamh roimis. Ní túisce chuir sé a cheann
thar doras ná thosnuigh sí air. Bhí an scáthán
idir a dhá láimh aici agus í ag féachaint go
feargach ar an mnaoi uasail a bhí ann.
Ní gádh a rádh ná raibh aon áilneacht ar
aghaidh Cháit nuair a bhí an fhearg uirthi.
Dá bhrigh sin ní fhéadfadh sí a thuiscint ó
thalamh a domhain cad é an saghas duine
thuitfeadh i ngrádh le bean chomh gránna
chomh nimhneach chomh dána le mnaoi an
phictiúra.
Do bhraith Donncha go raibh droch-fhuadar
éigin fé Cháit. “Arú, a ghrádh dhil cad tá
ort?” ar seisean.
“Cad tá orm,” ar sise go searbh, “Ara
nach maith atá fhios agat cad tá orm.
Mhuise, nár me an óinseach & tu a phósadh.
Seo dhuit do ghrádh bán, a Dhonncha, agus
dein léi feasta & tá sí go deas agat.
Lá eile ní chaithfhead-se fé iadh do thighe-se.”
“Arú, a Cháit, caith uait an díthcéille
sin. An é radharc do shúl atá caillte
agat. Ar ndóigh ní bean atá annso ach
cúntanós beannuighthe m'athar.
Cheap Cáit gur ag magadh fúithe bhí
Donncha agus é go soiléir os comhair a
dhá súl gur bean a bhí ann. Sciob sí
uaidh an phictiúir. “Cúntanós t'athar!”
ar sise. “Cá bhfuil féasóg t'athar?”
“Tá sí ann,” arsa Donncha. “Thugais
t'éitheach!” arsa Cáit, “agus cá bhfuil
srón cham t'athar?” “Tá sí ann,” arsa
Donncha. “gCloise an t-éitheach?” arsa
Cáit, “agus sróinín geanncach na mná
os mo chomhair amach.” “Seadh,” arsa
Donncha, “an té go mbíonn an liathbhuidhe
ar féin is dóigh leis go mbíonn sé ar
an saoghal — sin é an dálta agat-sa é.”
Do chuir sé sin Cáit ar buile & thos-
nuigheadar ar a chéile i gceart annsan.
Bhíodar ag bruighean le na chéile ar feadh
i bhfad & i bhfad & cé chloisfeadh an mur-
dal ach an sagart. Tháinig sé isteach chun
síothcháin do dhéanamh eatortha. D'inns-
eadar an scéal do. Bhí iongnadh air.
“Teasbáin dom an rud san,” ar seis-
ean. Tugadh do é. Nuair d'fhéach sé
air tháinig iongnadh níos mó air. “Arú,
a lánamha gan chiall,” ar seisean, “nach
oraibh atá an meascán-mearaidhe. Ní
fear ná bean atá sa rud so ach sagart
naomhtha beannuighthe,” agus chuir sé chuige
an scáthán agus d'imthigh sé leis.
“Fé chúram an tsagairt is fearr é
bheith,” arsa Donncha leis féin ag tag-
airt dá athair.
“Fágaim fé sciúirse an tsagairt í,”
arsa Cáit ag tagairt do'n mhnaoi a
chonnaic sí sa phictiúir.
Seán Ó Curráin, Bráthair,
Bradford, i Sasana.
Bhí fear 'n-ár gcomharsanacht darbh ainm
Diarmuid Ó Seanacháin. Ní raibh, dar leis,
a shloinne galánta a dhóithint do. Ba mhaith
leis dá mbeadh ainm ríoghdha na mBrianach
air i n-ionad a ainme féin. Do ceapadh lá
le h-aghaidh an “aith-bhaiste,” agus cuireadh
fios ar fhile bhí san áit chun go ndéanfaí an
an obair i gceart. Tháinig a lán des na
comharsain ann leis. Tréis dinnéar maith
bheith caithte aca, d'éirig an file n-a sheasamh
agus is mar seo adubhairt sé:
“Is cosamhail leis na Brianaig do
shrianta 's do ghearráin,
'S is cosamhail leis na Brianaig
do mhiasa 's do chupáin;
Ní cosamhail leis na Brianaig do
ghiall ná do shlinneáin,
'S fágfaimíd mar atá i mbliana thu,
a sheana-Dhiarmuid Uí Sheanacháin.”
An tAt. B. Ó C.
Gúnaí & Hataí do Chailíní; Carabhataí Gaedhlacha, Stocaí, Bónaí, &c., do fhearaibh; Táiliúireacht ar fheabhas.
D. MacCurtáin, 5 Sráid an Chaisleáin, Corcaigh.
CIARRAIDHE.
Nuair a bheir ag taisdeal
in UIBH RÁTHACH ÁLUINN,
Cuir fút sa tigh seo
TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH
I gCATHAIR SAIDHBHÍN,
An tig is fearr in Uibh Ráthach.
Labharfar Gaedhilg leat ann.
SÍOL agus LEASÚ'
don bhfeirm nó don gháirdín.
ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS
STÁIN.
ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ
AGUS BIOTÁILE.
SEÁN Ó RIADA,
An tSráid Mhór,
CILL ÁIRNE.
Tá i nDAINGEAN UÍ CHÚISE
TOGHA GACHA BÍDH — Plúr,
Min, Té is Siúicre;
SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don
bhfeirm;
ÁRAISTÍ IARAINN is stáin
don tig.
ag “JOHN ATKINS & CO. Ltd.”
Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig
ó Luimneach.
SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm.
TROSCÁN TIGHE.
SEÁN Ó CURRÁIN,
sa DAINGEAN.
an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad.
Tionólfar
AN T-OIREACHTAS
i bPORTLÁIRGE, COIS SIÚIRE,
I mbliana
ón 5adh lá de LUGHNASA
go dtí
an t-11adh lá de LUGHNASA
(1917).
BÍ ANN, A BHRÁTHAIR!
BÍM
GO GNÓTHACH I GCOMHNAIDHE!
Mar díolaim rothair Ghaedhealacha — “An Piarsach”
agus “An Lúcánia.” Deisighim rothair & mótair
ag Tigh DÚNABÓINNE, Sráid Chúc, i gCORCAIG.
DÓMHNAL Ó SÚILEABHÁIN.
SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.
“An Seabhac” do bhailigh.
44 — Ní choimeádtar tigh gan teanga.
45 — Tuigeann gach aoinne a bhalbhán féin.
46 — Ní h-aon mhaith bheith ag caoine nuair
imthigheann an tsochraid.
nó
47 — Ní h-aon tairbhe bheith ag seanchus
nuair a bhíonn an anachain déanta.
48 — Maith an áit go rabhais.
Deirtear é sin le duine a chuireann focal cliste
géar isteach sa chomhrádh go glic a chuirfeadh brígh scéil
i n-iúl go comhgarach.
49 — Bíodh an chainnt is an cannrán agat-
sa; beidh an fheidhm is an éadáil
agam-sa.
50 — Adhbhar an mhagaidh ag déanamh mag-
aidh.
51 — Is olc a raghaidh sliocht an mhagaidh.
nó
52 — Is olc an chríoch bheireas lucht cnáide.
53 — Ní fearr scéalaidhe maith i dtigh ná
droch-scéalaidhe.
54 — Scéal ó Shamhain go Bealtaine.
Nuair a bheadh duine agus é ag gearán agus as
cnáim-seáil de shíor agus daoine ag éirighe tuirseach
de, déarfaidís leis “Sé an scéal ó Shamhain go
Bealtaine agat é.”
55 — An scéal i gcomhnaidhe is ní beag a
bhrónaighe.
56 — Scéal an chaipín deirg.
Sean-scéal fada leadránach a chasann agus a
ath-chasann arís agus arís eile.
57 — Scéal gan adhbhar.
nó
58 — Scéal gan deallramh.
59 — Scéal a thairringeann scéal.
60 — Scéal á innsint do'n chapall is an
capall na chodladh.
.i. Ag innsint ruda do dhuine agus gan suim
aige ann.
61 — Ar iompáil na n-each tig athrach na
scéal.
An fhaid sin ní bhainfeadh sé de chúrsa athrú'
theacht air.
62 — Sé fiafruighe de'n duine bhreóite é
an ólann sé bainne.
Deirtear san le ceist gur chóir go mbeadh fios
na freagartha roimh ré.
63 — An scéal is a chomhartha le na chois.
64 — Gach file is fáidh ag trácht ar a
ealadhain féin.
65 — Tadhg an dá thaobh.
.i. Duine leigfeadh air a bheith liom-sa is leat-sa.
66 — Chuirfeadh sé an dubh na gheal ort.
.i. Duine bheadh go maith chun áitimh.
67 — D'áiteochadh sé muc ar shagart [agus
banbh ar chléireach].
Sin é an chraobh san áiteamh.
68 — Mheallfadh sé a thárr ó'n seangán.
Le milse teangan agus bréithre meallta.
69 — Solas fé bhéal daibhche.
.i. Duine maith a bheadh cúlmhánta agus ná beadh
maoidheamh as féin.
70 — Dhéanfadh sé cat is dá earball.
.i. Duine a bheadh ag maoidheamh as féin. Féach
“Cait” uimhir 27.
71 — Dhéanfadh sé na h-uirc is na h-airc.
72 — Bíonn dá cheann ar gach caora aige.
72a — Bíonn dá cheann ar bhreac trágha
móire.
73 — Bíonn seacht sreath ar gach iomaire
aige.
74 — Bíonn dá lomra ar do chaora-sa gach
aon lá.
75 — Chuirfeadh sé cosa maide fé sna
cearca.
76 — Fear i dtigh duine eile — stracfadh
sé an dair as a phréamhacha; ach dá
bhfaghadh sé earball cait ar bhloc 'na
thigh féin ní bhainfeadh sé anuas é.
77 — Ná glac duine choidhche ar a thuairisc
féin.
78 — Croidhe loin is guth leomhain!
Bíonn daoine agus iad san aca.
79 — Bligeárd sráide nó scoláire tuaithe.
Bíd siad go droch-mhúinte.
80 — Is fearr bitheamhnach i mbaile ná fear
aistrighthe na fírinne.
81 — Is fearr focal sa chúirt ná * bonn
sa sparán.
* Píosa airgid. Deirtear “púnt” uaireanta.
82 — D'imtheochadh rith focail ar shagart an
pharóiste.
Shleamhnochadh focal le faillighe ó dhuine ciall-
mhar, uaireanta.
83 — Is dána gach fear go tulaigh.
Tulach = cnoc.
84 — Ná bhí ag déanamh “Máire Ní Ógáin”
díot féin.
Adéarfaí san le daoine go mbeadh a lán cainnte
aca agus gan aon chiall sa chainnt.
85 — Comhrádh ban ar chléith — comhrádh ná
bíonn réidh.
86 — Ní féidir an sean-fhocal a shárú'.
(Tuille le Teacht.)
Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
SEÁN A' BHÉARLA.
Easba na tairnge an crúdh do chaill,
Easba an chrúidh an tréan-each do mheill,
Easba an tréin-eich d'fhúig an marcach go tláth,
A's le h-easba an mharcaigh, do cailleadh an lá.
Feirmeóir do bhí ann uair a chomhnuig
agus mbaile na Ceapaighe ar an dtaobh
thiar-thuaidh do Chorca Dhuibhne. “Seán an
Bhéarla” dob' ainm do, toisg go mbíodh
sé choidhche ag stealladh Béarla uaidh, &
d'réir mar chloisim ba mhinic ná bíodh sé
ró-chruinn aige.
Plaoscaire d'fhear árd throm leabhar-
ghéagach leathan-tslinneách lúbach láidir,
a bhíodh 'na liairne leath-dhíomhaoin ó
cheann ceann na bliana, a bhí ann.
Go deimhin níor mhar a chéile é agus
an dream cíocrach cruadh-choingheallach
do fheirmeóiribh gonta atá le fághail ar
an mbaile gcéadna anois fé lághair.
Bhí bean agus clann aige. Bean an-
dhícheallach ar fad; agus an chlann ar an
nós gcéadna, óir thugadar dúchas agus
tréithe a máthar leo “go cruinn bail-
each” mar deir “Tailt” seo 'gainne.
Bhíodh sí do ló & d'oidhche ag gabháilt
do — an leisge & an tsiléig do chaitheamh
dá chnámha.
“Neans na Bláthaighe,” dob' ainm di.
N'fheadar-sa cad ba shloinne dhi, ach saigh-
diúir a tháinig abhaile ó's na h-Indiachaibh
Thoir a bhaist an ath-uair í, toisg gur
dhiúltuigh sí é ar dheoch bhláthaighe maidean
Luain, agus séideán tarta air, tar éis
bheith ag taoscadh na dighe go ró-mhór
indé roimis sin.
“Cad é an tábhacht liom,” a dubhairt
sé, “ach go gcuirfeadh an méid alluis
a shileas ag déanamh na cuiginne 'na
teannta, Muileann a' Tuairgín ar steal-
ladh na ngrást go ceann bliana.”
N'fheadar-sa an raibh an saighdiúir ag
innsint na fírinne. Tá an dream san
mór-fhocallach; ach tá a fhios agam go
bhfuil siad go maith chun baistiúchán, &
gur lean “Neans na Bláthaighe” as san
amach di.
Pé scéal é do thárla aon lá amháin
gur briseadh an laiste a bhí ar gheata
na bannraighe a bhíodh ag coinneáilt na
muc & gcearc istigh, & gcomhgar an tighe,
& na h-uain bheaga méilighe amuigh. Nuair
shéideadh an ghaoth go láidir, d'osgluighthí
an geata go minic, théigheadh na h-uain
isteach, agus thagadh na cearca amach;
& is minic a bhíodh “clibit” ag iarraidh
iad do ruagadh 'na n-ionad féin arís.
Deireadh a bhean le Seán, laiste do
sholáthar & a chur ar an ngeata, ach sé
an freagra gheibheadh sí ná “Níl am 'ná
aga 'gam air,” nó “táid laistí ró-dhaor,
& an diabhal me, ní fearr díomhaoin na
páistí sin, ná a' poc-léimrigh ar fuaid
na bpáirceanna agus ndiaidh na h-uan
agus na gcearc.”
D'fhan an scéul mar sin go dtí go
dtáinig muc bhreagh ramhar amach ar an
mbannraigh lá. Ar ámhraighe an domhain
bhí an geata oscailte, agus nuair fuair
sí an scóp ba ghairid Dia lei bheith 'sa
tsiubhal. Siúd lei an móinéar síos faoi
dhéin na trágha. Bhí Seán an Bhéarla an
uair cheudna 'sa stábla ag cur sriain
ar a láir duibh.
Nuair chualaidh sé an huch! huch! ar
an móinéar amuigh, seo amach leis agus
siúd na diaidh é ar sodar ghaiscidhigh,
agus níor chuimhnigh sé riamh an doras
do dhúnadh ar an láir duibh.
Bhí “Neans” an uair sin ag iar-
náil léine a fir agus 'á triomughadh leis
an dteine. Nuair chualaidh sí an gheoin
amuigh, chaith sí annsan iad agus siúd
léi i ndiaidh a tiarna.
Bhí an inghean ba shine go gnóthach ag
ullamhú' an dinnéir, agus anairthe ar an
dteine 'ci; d'fhag sí annsan é agus as
go bráth léi i ndiaidh a máthar.
Siúd leis an mac ba shine agus an
seirbhíseach a bhí aca [buachaill aimsire
darbh ainm do Taidhgín] 'na ndiaidh go
léir.
Dob' olc an imtheacht ag Taidhgín bocht
é, óir leonuigh sé a throigh ag dul do
dhruim chlaidhe an mhóinéir do. D'fhill-
eadar na fir ag fóirthin air. D'fhill-
eadar na mná chun an briseadh do
cheangal agus d'fhásgadh.
Nuair thangadar uile agus gcomhgar
an tighe is amhluidh a fuaireadar bramach
bliana agus a chos tosaigh briste tar éis
spreach d'fhághail ó'n láir duibh. Léine
Sheáin loisgithe dóighte 'sa ghríosaigh. An
t-anairthe 'na bhóirtheán ar fuaid na
teine; agus an dínnéar loitighthe.
Níor stad an diabhal leis an muic a
deir “Tailt seo 'gainne” gur báidh sí
í féin san muir; agus sé Sean bocht a
bhí go cráidhte.
“Ó!” ar seisean:
“Is mairg ná tugann aire do chomh-
airle a mhná
A's ná cuireann suim i neithibh in-am
'sa dtráth.”
Seán Ó Loingsigh.
AN GARSÚN AERACH.
(Fonn: “An Bríste Leathair.”)
Is garsún mé tá aerach,
Im' chroidhe tá scléip is aiteas;
Chuireas ceist ar Chéití,
Is dubhairt sí féin, ar mh'anam —
Curfá:
Pósfad tú a's fáilte,
Is tú mo ghrádh thar fearaibh;
Raghad-sa leat amáireach
Le h-áthas go dtí 'n sagart.
Do chuir sí lámh im' láimh,
'S do dhruid gan scáth im' aici;
'S dá béilín milis tláith
Trí póga grádh' do bhaineas.
Curfá: Pósfad tú a's fáilte, &rl.
Seinn an ceol go h-árd,
Is rinnc ar chlár go maidin;
Can liom fein amhran,
Sí Céaití bhán do cheap é.
Curfá: Pósfad tú, & rl.
A chailín ó, a rún,
Beam go súgach feasta;
Suid-se ar mo ghlúin
Is déanfam tiúin a chasadh.
Curfá: Pósfad tú, & rl.
Leabhair a Thaithnfidh
le Gaedhlaibh,
Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla
le fághail uainn-ne.
Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail
sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn
féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh
'á lorg duit. Scríobh ar lorg
…clár na leabhar…
Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i
SIOPA NA LEABHAR
…nGAEDHEALACH,
SRÁID ÍOCH. BHAGÓID, a 50,
BAILE-ÁTHA-CHLIATH.
Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Cliath.”
An Guthán: “4804 Áth Cliath.”
A Ghaedheala! Ceannuighidh
“Éadach na Druipsighe”
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaig na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.
TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i n-Éirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA.,
11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath.
RÁSÚIR MHAITHE
don duine bocht nó don duine saibhir;
a luach ó 2/- go 10/6.
RÁSÚR “COSANTA”
ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-;
gheobhair ceann aca san & trí lanna
“Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3,
tríd a' bpost.
Cuirfead faobhar ar sheana-rásúr duit ar
7d. tríd a' bpost.
MAC CUILINN,
35 — 36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath.
Gaedhilg agus
Suairceas Saoghail:
I gCOLÁISTE CHAIRBRE
a bheidh, i rith mí
LUGHNASA, 1917.
Cuir tuairisc gacha ní ar
MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, O. S.,
Seanachúirt, Sciobairín.
Gheobhair deaghmhargadh
uaim-se i gcomhnaidhe.
Té, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
fad-sa an postas ar cheithre púint de.
Plúr Gaedhlach
Min Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
Siúicre, agus gach rud eile ar fheabhas.
Seán Mac Curtáin,
Sráid a' tSeandúna, Corcaigh.
Peictiúirí Deasa Daithte, Saothar Lámh. Leabhair agus Bróidíneoracht. Faigh an Liosta. “Cuala Press” Dúndroma, Áth Cliath.
IOL-SCOIL NA MUMHAN
(RING IRISH COLLEGE).
Samhradh, 1917.
An Chéad Teurma:
Ó'n dara lá Iúil go 27mhadh.
An Dara Teurma:
Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh.
Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus
breaghdha is eadh an Coláisde agus an tigh
comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go
cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige
ann agus na hOidí go toghtha.
PÁDRAIG Ó CADHLA,
An Fear le Scríobhadh.
CARABHATAÍ den PHOIPLÍN
AR GACH DATH is
AR GACH GNÉ DATHA.
LIAM Ó hAIMHEIRGÍN,
(‘W. Bergin’)
a dheinean do lucht siopaithe.
Scriobh ag triall air go
62 SRÁID GHRAFTON,
in ÁTH CLIATH.
COLÁISDE NA MÚMHAN.
OSCALÓFAR AN COLÁISDE
i mBÉAL ÁTHA 'N GHAORTHAIGH,
Dia Luain an naomhadh lá de
mhí dheire 'n tSamhraidh, 1917.
Tá gach aon tuairisc i dtaobh an Choláisde le fagháil
ó Liam de Róiste, 27 Sráid an Chapaill Bhuidhe,
i gCathair Chorcaighe.
COLÁISTE AN DAINGIN
Dhá Théarma —
Mí Iúil agus Mí Lughnasa, 1917.
Tá Coláiste an Daingin i lár
na dúthaighe is Gaedhlaighe
i gCúige Mumhan.
Má's Gaeluinn atá uait
tar 'n Daingean.
Gach eolas le fagháil ó
AN RÚNAIDHE,
Coláiste an Daingin,
Daingean Uí Cúise.
ó
CHOMPLUCHT DONOBHÁIN
I dTRÁIGHLÍ,
a gheobhair an deaghmhargadh, má
bhíon aon rud mar iad so uait
TROSCÁN TIGHE,
ÁRAISTÍ BÚIRD,
ÁTHRAIGHE STÁIN is IARAINN.
GUAL, AOL,
BRÍCÍ, “SEIMÍN,”
agus gach cóir eile oirean do lucht
tógála teach.
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
An Fear Gnótha:
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
An Fear Eagair:
An Seabhac, Daingean Uí Chúise
Cóip gach mí, tríd an bpost, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost ar 3/- sa bhliain.
Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, &c. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.
Scríobh chun “An Seabhac” i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
&c., do chur.
Na Díoltóirí:
Ó Cuill & a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easun & a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
“An Lóchrann” san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimid 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
DO SNA SCRÍBHNEÓIRÍ ÓGA.
Tá duaiseanna maithe agam daoibh.
Léighidh an méid seo síos. Tá as so
go dtí an 10adh lá de mhí Iúil agaibh
chun na scríbhinní a chur chugham. Mara
mbeidh na h-aistí i gcóir an dá chulaith
éadaigh go maith & go sár-mhaith ní thabh-
arfar duais d'aoinne. I gcóir daoine
atá ag dul ar scoil fós (nó monitors)
is eadh comórtas a h-aon agus a dó.
Tá cead ag gach aoinne dul isteach ar
chomórtas a trí.
1. Adhbhar culaith éadaigh do'n ghar-
sún is fearr a scríobhfaidh aiste
ar “obair agus saoghal mhuinn-
tire na tuaithe, .i., feirmeóirí
nó iascairí.”
2. Adhbhar culaith éadaigh do'n chailín
a scríobhfaidh cad é an tsligh is
fearr chun cócaireachta a dhéan-
amh ar ghnáth-bhiadh agus ar dheoch
& ar shólaisdí búird do líntighe
fé'n dtuaith i dtigh go mbeadh
“teinteán oscailte” ann. (Cún-
tas do scríobhadh ar gach saghas
fé mar bheadh i leabhar cóchair-
eachta). Línéadach atá i gculaith
an chailín.
[Gach aiste a cuirfear isteach bíodh
leitir le na chois ó oide na scoile á
dheimhniú gurab iad na buachaillí nó na
cailíní féin a scríobh gach aiste aca].
Seo litir a fuaireas:
3. Tugaim fé ndeara ar na sgéalt-
aibh a bhíonn sa “Lóchrann” gur
ag cur síos ar nósaibh, ar bhéas-
aibh, ar eachtraíbh agus ar thréithibh
an chinidh daonna a bhíd siad
i gcómhnuidhe. Ná measann tú
gur mór an éagcóir san ar
na cinidheachaibh eile, cineadh na
n-éan, cineadh na n-iasg, agus
cinead na n-ainmhidhthe gceathair-
chosach? Má's áil leat leor-
ghníomh a dhéanamh san easonóir
a tugadh dos na h-ainmhidhthe
ar an gcuma so, tá caoi agat
anois air. An púnt atá agam á
chur chughat i dteannta na litre
seo, ba mhaith liom go roinnfá
é ar na léightheóiribh is fearr a
sgríobhfaidh sgéalta a bhaineann
leis na h-ainmhidhthe, &rl.
B'fhéidir gur dhóigh le duine nach
féidir sgéal fiúntach do chumadh
& gan ann ach gadhair cuir i gcás.
An duine go bhfuil a leithéid
de thuairim aige, níor dhein sé
peata de ghadhar riamh; ní lugha
ná mar a chaith sé uair an
chluig dá shaoghal 'ghá bhfaire.
Ní lia saighseanna daoine ná
saighseanna gadhar: tá e.g. an
gaige gadhair a bhíonn ag bean
an mhinistir, an straoille gadh-
air a ghnáthuigheann cúl-shráid-
eanna Dhaingin Uí Chúise, an
gadhar cráibhtheach a umhluigheann
do'n tsagart, an gadhar droch-
mheastamhail a bheireann greim
ar a cholpa, gadhar an bhacaigh,
gadhar an bhúistéara, gadhar an
tincéara, an gadhar troideach,
an gadhar síothchánta, gadhar
an ghaduidhe, an gadhar mac-
ánta, an gadhar misneamhail,
an gadhar mínáireach & an gadhar
banamhail, an gadhar sgeinnideach
agus an gadhar seasmhach, an —
ach caithfidh mé stop; ní páipéar
i gcóir gadhar “An Lóchrann.”
I dtaobh na duaise seo, bheinn sásta
le sgéal ar bith a thráchtann ar
nósaibh, béasaibh, tréithibh ainmh-
idhe ar bith, nó a chuireann síos
ar bheart chliste a dhein an
t-ainmhidhe nó seift éigin a cheap
sé chun é féin d'fhuasgailt as
cruadh chás.
An Fiolar.
Fuaireas scríbhinní uatha so:
* Eibhlín Ní Dhubháin, Scoil Lios Póil
* Pádraig Ó Súilleabháin, Scoil Lios Póil
Tomás Ó Déaghdha, Scoil Lios Póil
Eibhlín Bhodhlaer, Scoil Lios Póil
Pádraig Ó Súilleabháin, Sc. Chathair
Sabháin.
* Cáit Ní Lubhaing, Scoil Cheanntrágha,
agus ó Sheán Ó Cuill, Tomás Ó Criomhthain
agus Pádraig Ó Conaill.
Fear “An Lóchrann.”
* Daoine fuair duaiseanna.
Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1917. Tá
Irisleabhar na bliana so léighte againn ó
cheann, ceann. Is i bhfeabhas atá sé ag
dul ó bhliain go bliain. Níl aon iris-
leabhar bliana i nÉirinn is dlúithe lean-
ann de'n Ghaedhilg agus de chúis na
Gaedhilge ná Irisleabhar Muighe Nuadhad.
Dar leat is í an Ghaedhilg príomh-chuspóir
an irisleabhair & Choláiste Mhuighe Nuadhad
féin. Ag léigheamh irisleabhar na bliana
so do dhuine do bhraithfeadh sé an dóchas
ag éirghe istigh na chroidhe go mb'fhéidir
fós, le congnamh Dé, go ndéanfaí an
Eaglais i nÉirinn a Ghaedhealú arís. Go
mbuaidh Dia leis na sagartaibh óga san
Muighe Nuadhad.
Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
DÓMHNALL UA BRIC.
Bhí fear ann fadó dar b'ainm Dómhnall
Ua Bric. Lá bhí sé ag aodhaireacht bhó i
n-aice na Leamhna. Bhí slat aige is bhí
sé ag iasgach ins an abhainn. I gcaitheamh
an lae do bhuail fear chuige & dúbhairt
sé leis go raibh dearbhráthair leis ag
dul chuin báis i n-Uíbhráthach is na beur-
fadh sé na bheathaidh air. “Tá sé déan-
nach anois,” arsa Dómhnall, “chuin dul
go dtí an tig agus is fearra dhuit do
chuid éadaig-se a thabhairt dom is tabhar-
fad sa mo chuid éadaig duit-se.”
Dheineadar mar sin is dúbhairt Dómhnall
leis “go rachadh na ba abhaile ach an
geata d'fhosguilt dóibh is iad a leanamh-
aint abhaile.” D'imthig Dómhnall ansan
go h-Uíbhráthach, is do rug an fear eile
ar shlait Dhómhnaill is do chrom sé ar
bheith ag iasgach. Ní fada dho, nuair a
thuit an port fé is do báthadh é.
Nuair a chuaidh na ba abhaile tráthnóna
ní raibh Dómhnall ag teacht. D'imthig a
bhean agus na cómharsain is solus aca 'á
chuardach & do fuaireadar an tslat ag
an abhainn is a hata ar bharr an uisge.
Chas an bhean a h-ologón. Chuarduíghdar
an abha ansan is fuaireadar é. Níor
aithníghdar ná gurbh' é Dómhnall a bhí
ann. Thógadar leótha ansan abhaile é is
do chuireadar tóramh air is do chuireadh
é. Bhí a bhean ag gol ar an uaig sa
teampall nuair a tháinig fear do'n gcómh-
arsain a bhí na bhaintirig chúiche is dúbhairt
sé léithe dul abhaile. “Arú,” arsan bhean,
“ní h-é is mo atá orm acht go gcuir-
fear amach amáireach me mar go dtioc-
faidh na fiacha orm.” “Ná bac san,”
arsan fear, “pósfad-sa thu.” “Bheinn
sásta leis,” ar sise, “acht tá sé ró-
luath.” “Nách fearra dhuit an tig a
choimeád ná san, a óinsig,” arsan fear.
Seo leó go dtí an sagart is do pósadh
iad. “Níl aon airgead agam le tabh-
airt duit,” arsan bhean leis an sagart,
“acht tabharfaidh me dhuit muicín atá
agam.” D'imíghdar abhaile ansan.
Le doircheacht na h-oidhche cnagadh sa
dorus. “Osgail,” arsa Dómhnall amuigh
tar éis a dhritheáir a bheith curtha i
n-Uíbhráthach aige. “Dia linn!” arsan
bhean, “is baoghalach gurb' é seo Dómhnall,
is do chasadar a n-ologón le h-eagla.
Bhuail Dómhnaill an dorus arís & arís
eile acht ba bheag an mhaitheas do é, ní
leigfídhe isteach é. “Do bheirim an diabhach
sibh,” arsa Dómhnall bocht ag imtheacht ó'n
ndorus. Chuaidh sé go dtí tig do'n
gcómharsain is do chnag sé amuigh. “Cia
atá ansan,” arsa fear an tighe. “Taim-
se,” arsa Dómhnall, “ná h-aithnígheann tú
me?” “Nár cuireadh tusa indé?” arsan
fear istig. “Mise arú,” arsa Dómhnall.
“Is tu,” ar seisean, “is tá do bhean
pósta aige na leithéid seo d'fhear is tá
do mhuicín le fághail ag an sagart as í
phósadh.” “Mhaise im briathar-sa féin,”
arsa Dómhnall, “ná fagaidh sé mo mhuc
sa,” is d'imthig sé leis go dtí bothán
na muice is a mhaide aige.
Dúbhairt an sagart ansan le na bhuach-
aill, “Imthig,” ar seisean, “is tabhair leat
an muicín úd sar an mbeidh sí imthighthe
ag na báilíbh.” D'imthig an buachaill is
chuaidh sé go bothán na muice. “Thuitse
amach,” ar seisean leis an muic. Thóg
Dómhnall an maide is do bhuail stiall
ar an mbuachaill. “Fág mo mhuc id
dhiaidh,” ar seisean. D'imthig an buach-
aill is gach aon sgréach aige. “An
dtugais leat í,” arsan sagart. “Do
bheirm' an riabhach do mhuc,” ar seisean.
“Tá púca Dhómhnaill thíos ag tabhairt
aire dhi.” Siúd leis an sagart síos.
D'éirigh púca Dhómhnall chuige. “Cé h-é
tusa?” ansan sagart. “Mise Dómhnall
Ua Bric,” arsan púca. “Nár cuireadh
indé tusa,” arsan sagart. “Nára fíor
dhuit,” arsa Dómhnall, “go dtiocfaidh an
bás ar dtúis orm.” “Tá an donas
déanta,” arsan sagart.
Lá ar na mháireach do scaoileadh an
pósadh nuadh & fuair Dómhnall a bhean
thar n-ais. Bhí an dúthaigh go léir ag
magadh fé'n bhfear a chaill í & b'éigean
do teicheadh as an ndúthaigh.
Brighid Stac a fuair so seacht mbliana ó shin.
EACHTRA AN BHARDÁIN.
A cháirde an chroidhe stigh
Ar airigheabhair an ríl
Tá ar fuaid an bhaile seo,
I dtaobh an bhardáin
Do ghluais ag grutháil
Amach ó'n bhfairrge.
Tré na chúrsa
Go bun Dubhghlais'
Níor stadadh leis.
Dubhairt ná stánfadh
Go h-easach na Rátha
Is gurb ann fhanfadh sé.
Táinig Séamas Bán,
A threighe go h-áiseach
Aige ar a bhaclainn.
Do bhuail sé tuairt air
Treasna na gualann
Agus dhein sé stalcadh dhe.
Tháinig Séamas Ó Muimhneacháin
Is do las sé geaitre.
Do ghluais na comharsain
Go tig an tórraimh
Mar ba nós é bhíodh eatartha.
Dubhairt na páistí
Go raibh sé 'gáiridhe
Is a bhéal ar leathadh 'ge.
Dubhairt tuille 'ca gur mhór an iongna
Ó bhí dhá shúil air
Ná raibh dhá mhalainn air.
Do sceinn sé eatartha
Amach fé'n machaire
Is níorbh' fhios cár stadadh leis.
Ach go ndubhairt mná cártaí
Go raibh sé i dTráighlí
Le trí seachtaine.
Maitias Ó Tuama, Sráid a' Mhuilinn,
d'aithris.
AN SEANA-LÓCHRANN.
Teastuigheann “An Seana-Lóchrann” ó
thúis go deire, a's go slán glan uaim.
Cuir cúntas an chostais ag triall ar
Dhomhnall Ó Súilleabháin, 38 Wyatt Road,
Forest Gate, London, E., i Sasana.
Gheobhaidh do mhac togha
na scoluidheachta —
I GCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA
MAINISTEAR FHEAR MUIGHE,
CO. CHORCAIGHE.
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán,
An tAthair Tomás Tóibín.
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Scriobh chuige.
A bhean a' tighe! Cad é an saghas plúir
a bhíon agat?
Is é an PLÚR “EAGLE,”an plúr
is tuíslinnighe i gcóir an tighe; agus
an PLÚR “LION” is
fearr do lucht-aráin-a-dhíol.
Muíntir Mhic 'Ille Sheathanaich a dheinean
i gCorcaig.
GEO. SHAW & SONS,
Muileann Sain Seán, i gCORCAIGH.
A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid
TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA,
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua.,
2 An Mheadhon-tsráid Theas,
(2 South Main Street)
CORCAIGH.
Má tá
TRUCAIL, CÁRR nó CÓISTE
uait,
Nó deisiú le déanamh
ar rothaí, &c., &c.,
Scríobh nó glaodhaig chugainn-ne:
C. Ó CONAILL agus a Chualucht
SRÁID LIADROM,
CORCAIGH.
Tá cóistí & mótair d'á ndeanamh againn-ne.
Cuirimíd gléas góma (rubair)
fé rothaí cóiste gan ró-mhoill.
CROS AGUS A CHLANN MHAC,
18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay),
Corcaigh.
Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
DO LUCHT COMÓRTHA SPÓIRT!
Tá le fághail uainn-ne:
BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID,
den déanamh Ceilteach agus marc
earra Ghaedhlaigh ar gach bonn.
Sinn-ne a dheinan anso i gCorcaigh.
Scríobh chugainn ar lorg an deilbh-
leabhair agus an liosta airgid.
LIAM MAC AODHGÁIN & A Chl.-Mhac Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
Is ann is fearr a gheobhair rudaí a dheinid
Gaedhil: sa tSIOPA BAGÚIN
…atá ag…
TOMÁS Ó MURCHADHA,
(‘T. J. Murphy’)
111 Sráid Sheóirse, CORCAIGH,
ar aghaidh Árdoifige an Phuist anonn.
CEANNUIGH DO CHUID
LEIGHIS,
I SIOPA AN BHÚRCAIGH
.i. Tig na cúinne, idir
SHRÁID PHÁDRAIG NAOMHTHA &
SRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE,
I GCORCAIGH.
Tá lucht cóirithe leighis ann a thuigean
a ngnó agus a dheinean
go cruinn é.
Le
MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH
An siopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair
is Tobac ann don Ghaedhilgeoir:
Uachtar Sráide na Driseoige a 87
i mBAILE ÁTHA CLIATH.
LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA
GAEDHILGE
Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse
seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim.
Trí leath-phinginní (1½d.) fiacha gacha leabhair díobh.
Dosaen saor tríd a bpost ar Trí Réalacha (1/6).
1. “Laethanta Geala” (Kerry School-
girl's Diary).
2. “Cosa Buidhe Árda” (Easy Songs
to Catchy Tunes).
3. “Sean-Amhráin na Mumhan.”
4. “Déanamh an Chleamhnais” (Short
Dramatic Sketch).
Leanfar de'n sraith so leabhar má gheibhtear céad
(100) duine a chuirfidh síos a n-ainmneacha i gcóir
dosaein de gach ceann & a chuirfidh na fiacha 1/6
chughainn chomh luath is tagann na leabhair chúcha
gach tráth. An mbeir-se ar a gcéad so?
Scríobh go dtí Fionán Mac Coluim,
Cillorglan, Ciarraighe.
Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
AN CAPALL DRAOIDHEACHTA.
Diarmuid Ó Gealbháin do chúm.
Fonn: “Táimse am chodla.”
I.
Ist oidhche Dé Máirt is mé ag triall a bhaile,
Thrí bhóithre fada, in imigéin,
Seadh do dhearcas-sa taoíbh liom an gearrán
árd capaill,
Fé n-a dhiallait ghreanta is a shrian breágh
caol.
Do bhí a bhéalbhach de'n ór n-a bheol go tar-
raicthe,
Agus fáinní go dlúth 'na chiúmhais de'n
airgead,
Dhá chluais chanta air & mong donn daithte,
Agus cúm caol cailce chun ráis gan bhréig.
II.
Is do phreabas anáirde 's is tláth do sheas-
aimh sé,
Go rabhas san iallait go h-árd fé réim,
An t-each caol greanta deagh-dheunt' tar-
raicthe,
Do thaisdealadh fearainn le h-aois na ré.
Nuair a spuras chun siubhail é, mo chúrsaí
mearathail!
Do shiúbhlaigh sé bánta & árd-chnuic leathana,
Cuanta daingeana go bruach na farraige,
Draigheanta is sgeacha & bárr na gcraodh.
III.
Ba dhoilbh is ba dheorach mo sgéal-sa, gan
dearmad,
'S an oidhche ag cur sneachtaidh agus gála
thréin,
Agus mh'each caol donn fé'm dhrom is me
ar baill-chrith,
Go bhfágfaí me marbh i ndíg nó i bhféith,
Mar níl mullóg ná gleann, ná ramhar-chnoc
achrainn,
Ó Dhaingean Uí Chúis go ciumhais Breácathrach,
Ná gur rith sé n-a sháighead go fíochmhar
feannaideach,
Is mise fé cheangal n-a mhuíng gan bhréig.
IV.
Do shiubhlaigh sé an tSnaídhm & árd Cheann
Mara,
Thar caolta is curraithe agus gleanntáin
sléibhe
Cathair Saidhbhín agus íochtar Calaithe,
Agus iarthar Dhairbhre na sáir-fhear tréan,
Níl draib cois abhann ó'n dTeamhair go
Tairbeard,
Ná gur rith sé dá ndruim mar na faoilin
ar barra cnuic,
Na Cruacha Dubha Sliabh Luachra' 's an
Mhangartan,
'Gus i nGleann Tuirc na n-aice ba bhreágh
í a léim.
V.
Do shiubhlaigh sé an Chlaodach 's an Bhaolach
leathan,
An Geadach 's an Ruachtach & dúithchí Néill,
Ó dheas chun Baoi Bhéara mar a léimeann
an seaga,
'S chun bárrna Sgealg, gan bádh ná baoghal,
Níl ceann teallaig in Éirinn, ná ball i
Sasana,
Ná gur ritheas ar séirse lem rábaire
capaill bhreágh,
Connacht mór dtimchioll agus Conndae a
Loch Garman,
Mar ar ólamair beathuisge agus lionn go
daor.
VI.
Dá fhaid a bhí an oidhche is fíor nár bhraitheas í,
Ag síor-chur ceatha is ag cáthadh braon,
Agus mh'each caol donn ag damhas 's ag
preabairnaig,
De dhruím gach caise agus beárna bhaoghail,
Sé labhair sé liom i gciumhais an anaithe,
Gurbh é féin an púca do shiubhlaigheann
fairsinge,
'S nár bhaoghal go bráth go bhfágfí marbh mé,
Is sinn ag triall trí Chaiseal le fáinne an
lae.
VII.
Do ghabhas céad buidheachas lem chaol-each
capaill,
Thug saor me a bhaile gan smúit ná baoghal,
'S ní raibh aon chathair in Éirinn ná gur
ólamair dramanna,
Fíon is beathuisge, is brannda daor.
I nóimeat is cúig do thug sé ins na Ceal-
laigh me,
Agus thiar ag an bPuínnte do dhiúgamair
baraille,
Is ag Coill Mhathghamhna an druinn do leig
sé ar a dtalamh me,
Mar a bhfuair sé me ag taisdeal na h-oidhche
aréir.
(Is mó eachtra iongantach eile ghaibh Diarmuid thríd
is é ag taisdeal na mbóithre in Ibh Ráthach. Sin í an
uair ritheann an fhilidheacht chuige, leis, deir sé. —
Finghin na Leamhna).
VERBATIM.
Tá fear ar m'aithne. Peaid a tugtar
air. Tá sé bocht ach tá croidhe ana-mhór
aige. Níl aige chun é féin & a bhean a chothú
ach a phádh beag suarach féin ag sclábhaidheacht.
Pé beag mór a thuilleadh sé, ach go h-áirighthe,
ba mhinic i dtigh an óil é & ba mhaith an sás é
chun an tuarasdal beag a chaitheamh. Ní raibh
fear spóirt ná grinn le fagháil ach é, agus
chaitheadh sé ‘an diabhal' a bheith i dtúis is i
ndeire gach scéil aige. Ní ó na chroidhe é
ámhthach ach gur nós é a tharraig sé air. Sa
deire bhí sé chomh tugtha san de'n bhéas ná
féadfad sé scur de.
Do bhuail an sagart leis, Domhnach. Bhean-
nuigheadar féin dá chéile. “Mhuise, a Pheaid,
an mbíonn tá ag tabhairt na mionnaidhe
móra fós?” arsan sagart leis.
“Ar mh'anam féin go mbím, mhuis’” arsa
Peaid.
“Mhuise, a Pheaid, ná caithfeá uait feasta
iad,” arsan sagart.
“An diabhal a bhféadfainn é, 'Athair,” arsa
Peaid arís.
“Seadh, téanam cúpla míle dhe'n mbóthar
im' theannta féin féachaint an bhféadfá cosc
a chur leo.”
“Tá's a'Dia, 'Athair, ná féadfainn,” arsa
Peaid.
Do ghluaiseadar leo ach ba bheag an feabhas
a bhí ag teacht ar chainnt Pheaid. Aimsir an
Earraigh dob' í í agus ní fada go bhfeacaidh
Peaid muc i ngort phrátaí a dhuine muinn-
teardha, Seán Ás.
“Ara th'anam'n diabhal, 'Athair!” ar seis-
an. “Féach an diablóir cránach san ag
tóbhach prátaí an fhir sin a chuir sé indé.”
Siúd leis & an sagart ag briseadh a chroidhe
ag gáiridhe fé. Nuair a tháinig Peaid thar
n-ais bhí sé i n-am dul abhaile.
“Gheobhair culaith éadaigh uaim má stad-
fair des na mallachtaí,” arsan sagart leis.
“Nár mhairead le dul abhaile má fhéad-
fainn é,” arsa Peaid.
“Is tú an fear céadna i gcomhnaidhe,”
arsan sagart, “ach pé scéal é buail siar
amáireach agus gheobhair an chulaith.”
“An diabhal go dteastochadh sí uaim
'Athair,” arsa Peaid.
Lá ar na mháireach chuaidh Peaid siar agus
fuair sé an chulaith. Nuair a bhí sé ag im-
theacht léi d'fhiafruigh an sagart de an raibh
aon bheannacht aige le tabhairt do. “Ó! an
diabhal beannacht a thugaim-se d'aoinne ná
níl siad agam; ach an diabhal me, 'Athair,
ach go n-abrochadh go bhfága Dian buan tu.”
“Imthigh uaim, a dhuine,” arsan sagart.
“Ní bhainfeadh aingil na bhflaitheas aon chomh-
throm díot.
Séamas Firtéar.
CUMANN NA DTÉX.
Tá an Irish Text Society i Lonndain
tar éis an tríomhadh leabhar (an leabhar
deiridh) d'fhilidheacht Uí Bhruadair a chur
amach. An tAthair S. Mac Fhirléighin, Ó.Í.,
do chuir eagar ar na trí leabhair agus
d'aistrigh an fhilidheacht go Béarla agus
do scríobh tagradh agus nótaí, &rl., &rl.
Dhá shlígh atá chun leabhar mar so do
mheas .i. feabhas nó olcas na litridheachta
atá sa leabhar ar dtúis; agus ar an
dara cúinse — ábaltacht an eagarthóra &
a chúramaighe a dhein sé a chuid oibre.
San leabhar so tá an litridheacht & an
eagarthóireacht ar fheabhas. Leabhar le
filidheacht agus leabhar le scoláireacht
& leabhar le stair Éireann iseadh an
“Duanaire.” Is mór dá dhuagh a fuair
an t-eagarthóir, ach ba dhíol duaigh dánta
Uí Bhruadair mara mbeadh amháin ach ar
son an eolais atá ionnta ar chúrsaí
Éireann le linn Shéamais agus Liam do
bheith ag stracadh Éireann eatartha, agus
le linn an tSáirséalaigh do bheith 'na —
“Oscar nimhneach coscrach cíocrach
Olcach íotmhar lá an éirligh.”
Le déanaighe leis do chuir an cum-
ann céadna filidheacht Uí Chearbhalláin
an cheoil amach. Dob' fhearr d'fhear ceoil
Ó Cearbhalláin ná d'fhile, agus is truagh
ná raibh adhbhar ní b'fhearr ag Tomás Ó
Máille, an t-eagarthóir, chun comhthrom
ceart a thabhairt do'n scoláireacht mhór
atá air. Fé mar atá is mór an méid
oibre & léirighthe atá déanta ag Tomás
sa leabhar so, & is méadú eolais ar an
nGaedhilg d'aoinne staidéar a dhéanamh
ar shaothar Thomáis ann.
Níl slígh sa pháipéar beag so chun léir-
mheas mion a dhéanamh ar aon leabhar.
Sé is maith linn ná focal molta a rádh
i dtaobh “Cumann na dTex” féin. Ní
dhearna aon chumann riamh fós oiread
tairbhe do litridheacht na Gaedhilge agus
tá déanta aca san. Le h-ocht mbliana
déag tá naoi gcinn déag de leabhraibh
tairbheacha Gaedhilge curtha amach aca;
togha scoláirí Éireann do dhein eagar
ortha, & clodóireacht & clúdach slachtmhar
ornáideach ar gach leabhar aca. Lucht na
Gaedhilge a léigheamh, is mór aca na
leabhair sin, is mór an slacht ar ár
gcuid leabharlann iad & cúis mhaoidhimh
iseadh iad le teasbáint do cháirde agus
d'eascáirde na teangan so 'gainne.
Is truagh ámhthach gur i gan fhios nach
mór atá an obair mhaith san á dhéanamh
ag Cumann na dTéx. Ní thugaid lucht
na Gaedhilge a léigheamh i nÉirinn an
chabhair ba cheart dóibh do'n Chumann. Níl
ach 500 nó 600 duine ar fad páirteach
sa ghnó agus níl ach 46% díobh san in
Éirinn. Ní h-aon mhaoidheamh dúinne sa
bhaile annso an scéal a bheith mar sin.
Ba chóir, ar a laighead, go mbeadh míle
duine ar an gCumann san, as Éirinn. Ba
chóir go mbeadh gach leabharlann (poiblighe
& príomhaideach) sa tír seo ceangailte
leis an gcumann san. Nílid, agus is
mór an truagh (& an náire b'fhéidir) é.
Dar linn, leis, ní dheineann an Cumann
féin a ndóthain cainnte na dtaobh féin.
Is beag duine a chloiseann trácht ar an
obair atá ar siubhal aca. Tuigimíd dar
ndóigh, nach ionnan Cumann liteardha &
lucht trádála agus díolta leabhar, ach
mar sin féin, dá ndeineadh Cumann na
dTéx aithris ar an nós a bhíonn ag lucht
foillsighthe leabhar ní bheadh oiread dá
gcuid féin gan díol agus atá.
Seacht is réal gach bliain atá ar lucht
an Chumainn a dhíol. Faillighe agus easba
feasa is mó fé ndeara ná díolann 1000
duine eile i nÉirinn an 7/6 sin. Bíodh
deire leis an dá chúis sin feasta. Scríobh
go dtí Miss Eleanor Hull, 20 Hanover
Square, London.
SEOTHOLO MAGAIDH.
I.
Óra Neilí arú a chumainn 's a Neilí aru a
bhuidheanaigh,
Cé hé an fear fada san, sa chúinne annsan
taoibh leat?
(Seotholo, seo leó, seo leo a bháibín,
Seotholo, ú leó, seo leó a bháibín).
'S an duine atá ar buile thu nó an duine
atá 'r baois tu,
Nó an aithnigheann tú feasta leanbh an tighe
seo!
(Seotholo, &rl.)
Shiubhlaigheas an domhan agus thánga mé
arís,
Féasóga ar leanbhaí níor cheapas go mbíodh.
(Seotholo, &rl.)
II.
Óra Neilí arú chumainn 's a Neilí 'rú
'chroidhe liom,
Cé'r leis na bútaisí tá i seomra an tighe
seo.
(Seotholo, &rl.)
'S an duine atá ar buile thu nó an duine
atá ar baois tu,
Nó ná haithnigheann tú feasta galúin an
tighe seo.
(Seotholo, &rl.)
Shiubhlaigheas an domhan agus thánga me
arís,
Spuir ar ghalúin ní fheaca ó imthigheas.
(Seotholo, &rl.)
III.
'S a Neilí arú chumainn 's a Neilí 'rú
'bhuidheanaigh,
Cé'r leis na capaill atá ar stáblaí an
tighe seo?
(Seotholo, &rl.)
'S an duine atá ar buile, &rl.,
Nó an aithnigheann tu feasda loluíghigh an
tighe seo.
(Seotholo, &rl.)
Shiubhlaigheas an domhan agus thánga mé
arís,
Cruite ar loluíghigh ní fheaca ó imthigheas.
(Seotholo, &rl.)
Cáit Ní Fhianachta,
Sgoil Chathar Suibheán, Íbh Ráthach,
do sholáthruigh.
Ná dearmhaid so, a chara.
Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a
bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” & cuir i
n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís
an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine,
Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is
Madaí Dorn.
Tigh “An Bhata Droighin Éille” Teó.
(‘H. JOHNSTON’)
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
GUAILNEÁIN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
“Ach, tá peidhre 'n Shandon Braces’
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
“Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!”
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Calaphort an Phápa, Corcaigh.
CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
Tá le fághail uainn-ne —
TÉ BLASTA CÚMHRA.
Ceannuigh púnt de mar shompla.
SIMCOX is a chlann mhac (Teo.)
10 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
BIADH DON DUINE IS
BIADH DON BHEITHIDHEACH.
Tá RAIDHSE DE GACH SAGHAS
BÍDH LE FÁGHAIL UAINN-NE.
Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais —
SÉAMUS Ó NÉILL
is a chlann mhac (teo.),
Cionn tSáile, Co. Chorcaighe.
Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh.
GACH CÓIR SCOILE!
Tá againn-ne
LEABHAIR don LEABHARLAINN
— agus —
LEABHAIR mar DHUAISEANNA.
Scríobh chugainn ar lorg eolais:
MUINNTIR FHALLAMHAIN
(Fallon Bros. Ltd.)
Cúirt Dáma a 13 & a 14,
in Áth Cliath.
Smithfield a 88, i mBealfeirste.
Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge.
Tá…
SCÉALUIDHEACHT-GAN-
SRAÍNNG
d'á múineadh
ag togha na
múinteóirí
I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN
SA ‘MHARDÍOG,’
I gCORCAIGH.
Is í an scoil is mó cáil agus
is fearr cóir i n-Éirinn.
Múintear
SRANNG-SCÉALUIDHEACHT
ann do chailiní, i gcóir Oifige
an Phuist, sa ló nó istoidhche.
Scríobh chun an Árd-Oide.
A CHARA!
Má's mian leat greann, má's mian leat Gaedhilg,
Má's mian leat spórt agus pléisiúr mór,
Má's mian leat sláinte, má's mian leat féile,
Má's mian leat céilidh, rinnce 'gus ceól
Tabhair cuaird i mbliana ar
CHOLÁISTE
EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE
Carraig a' Chabhaltaigh
i gCondae an Chláir.
An Chéad Shéasún —
Ó Iúl 9adh go Lughnasa 4adh.
An Tarna Séasún —
Ó Lughnasa 6adh go M. Fómhair 1adh.
Gheobhair gach eolas ó'n Rúnaire —
Brian Ó hUigín, Coláiste Uí Chomhraidhe,
Carraig a' Chabhaltaigh.
An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA
MÍCHEÁL Ó Caoimh, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.
Ceachta Cainnte Gramadaighe. Seán Ó Catháin do scríobh. An Ghramadach Ghaedhilge is fearr. 2/6. Muinntear Ghuill, Áth Cliath.
“CUIR BÉARLA AIR SEO DHOM.”
Bhí formad idir pharóiste Gleanna
Fleisce & paróiste Bhaile Mhúirne le
cuimhne na n-asal, agus is mó cuma in
ar theispeánadar é. Bhí aonach i Neidín
lá, agus bhí daoine ó'n dá pharóiste ann,
mar bu ghnáth, & bhíodar ar aon-bhóthar
amháin ag teacht abhaile dhóibh ump thráth-
nóna, fé dhéin Chille Garbháin. Thosnuig
bruighean eatortha, agus leanadar air go
dtáinig na píléirí ortha agus do gabhadh
cuid acu agus do tugadh ós cómhair na
cúirte i Neidín iad, seachtain nó dhó
na dhiaidh san. Bhí roinn daoine ag na
píléirí ann chun fínné do thabhairt, agus
in a measg so bhí sean-duine áirithe ó
Chill Gharbháin. Bhí an sean-duine seo
gaolmhar le muinntir Ghleanna Fleisce,
agus le muinntir Bhaile Mhúirne, & níor
theastuig uaidh tuitim amach le h-aon-
taobh acu. Gaedhluinn iseadh bhí ar siúbhal
acu go léir, sa chúirt, ach amháin ag na
píléiríbh agus ag an mbreitheamh; agus
bhí fear-teangan ann chun Béarla do
chur ar an bhfínné, mar áise do'n tsaghas
breithimh a bhí ann, i dtreó go dtuigfeadh
saé an sgeul. Bhí go maith go dtáinig an
sean-duine seo chun fínné do thabhairt uaidh.
“Ask him did he see the row starting,”
arsa an breitheamh. “An bhfeachaís an
t-achrann ag tosnú?” ars an fear tean-
gan. “Chonnac,” ars an sean-duine.
“He did, your worship,” ars an fear
teangan. “Ask him to tell us how it
all happened from start to finish,”
ars an breitheamh. “Innis do'n chúirt
cionnus mar a thuit an sgeul amach ó
thosach, deire,” ars an fear teangan.
“Ó,” ars an sean-duine, “is amhlaidh bhí
an sgéal ar dtúis in a thúrlamá giúng
acu; tar éis tamall annsan, bhí sé in
a straoíliomá straoíl acu, & ba gheárr
gur thugas fé ndeara go raibh sé in a
chíorliomá bocs. Bhí cic an bhodaigh shíos
i dtóin an bhodaigh shuas, agus cic an
bhodaigh shuas i dtóin an bhodaigh shíos:
mar fhágas iad iseadh fuaireas iad, agus
mar a fuaireas iad iseadh d'fhágas iad,
in a margaíbh Múmhan, & in a gcraobhaibh
aonaigh, agus in a madraíbh fime trí na
chéile.”
“Ó! fo! fo!” ars an fear teangan,
“ní fheudfainn-se Béarla do chur air
sin.”
Agus dar ndóigh, níor bh' iongna ná
feudfadh. Ach tá daoine ann, agus is
dóigh leó go bhfuil Béarla ar gach aon
rud. An duine acu san tusa, a léigh-
theóir? Má is eadh, cuir Béarla air
fhínné an t-sean-duine.
Seán Ó Cuill.
“Bhfuil éinne marbh sa pharóiste anois?”
ars an sagart leis an mnaoi caointe a
magadh fúithi. Ar sise:
“Mo chreach gheur fhada ghuirt
Agus is fearr 'fhios agat-sa ná agam,
Mar is fíon duit-se é agus is puins
Is coirce dod' láir é istig
Agus is airgead bán é id' chroibh.”
A Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .i.
“AN LÚCÁNIA”
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
Is maith an chóir iad so chun Gaedhilge
do mhúineadh:
“Scéalta don Aos Óg,” 2d.
“Ceachta Scoile,” a I., II., III. 2½d., 3½d., 4½d.
“Cairteanna chun Cómhrádh do Mhúineadh” —
iad go daithte is go hoireamhnach ar gach
chuma. I., II., III., IV. 4/-, 4/6, 4/6, 4/6
Gaedhil a bhfuil Trácht ortha:
Peictiúirí dhíobh so — Meadhbh, An Sáirséalach,
Naomh Pádraig, Brian Bóraimhe, Naomh
Colmcille, Wolf Tone, Naomh Bréandán,
An Búrcach, Riobárd Emmet & Dómhnal
Ó Conaill. 10 gcinn ar fad — iad fé
gharmaí dara agus ciumhais órdha le gach
garm — £3 an beart.
Leabhair iad so a thaithnfidh leat — “Every
Irishman's Library.” 2/6 a' leabhar —
Cuir cárta ag triall orainn
ar lorg leabhráin eolais:
“The Educational Co. of Ireland,”
89 Sráid Talbóid, Áth Cliath.
Earraí Gaedhealacha do Ghaedhlaibh!
Léinte. Lámhainní. Carabhata.
Stocaí. “Guailneáin.” Bróga.
Caipíní agus Hataí,
ó Th. Ó Lochlainn,
19 Sráid na Páirliméide, Baile Átha Cliath.
Bíodh píopa maith
Gaedhlach agat.
Tá
Píopaí Mhic Pheadair
le ceannach i ngach siopa tobac.
Cuir a dtuairisc ar
lucht a ndéanta —
Capp & Mac Peadair Teo.
Faiche Shain Stiabhna,
Áth Cliath.
Má léighir Béarla,
Léigh leabhair mhaithe.
Ta Béarla is Gaedhilg ann.
“The Red Spy,” by D. M. Lenihan; scéal ar
cogadh Gaedhal ar son tailimh is treabhachais
é sin; 3/6 agus postas 5d.
“Convice No. 25,” by James Murphy; scéal ar
ruagairt Ghaedal ó thalamh na Midhe; 3/6 &
postas 5d.
Scríobh ar lorg liosta agus tuille eolais.
Séamus Ó Dubhthaigh & a Chua.,
Sráid Westmoreland a' 38, Áth Cliath.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.