AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uim. 2.
BEALTAINE, 1916.
Pinginn a Fhiacha.
NA TRÍ COMHAIRLÍ MAITHE.
Bhí feirmeóir bocht ann agus bhí muirear
mór air. Bhí an saoghal agus an aimsir ag
dul n-a choinnibh i slighe agus go mb' éigean
dó an tigh d'fhágaint agus dul ag tuilleamh.
Chuaidh ag obair d'fhear ar feadh seacht
mbliadhan. Bhí págh maith dho. Do thaithn sé
go maith le n-a mháighistir.
Nuair a bhí an aimsir sin caithte aige thóg
sé ar feadh seacht mbliadhan eile é, agus
nuair a bhí an méid sin caithte arís do
choinnibh sé seacht mbliadhna eile é.
Nuair a bhí an aimsir sin caithte aige cheap
sé gur mhithid do bheith ag dul abhaile.
D'iarr sé a thuarasdal ar a mháighistir. Ar
seisean leis: "Ciaca b'fhearr leat do
thuarasdal d'fhagháil nó trí comhairlí maithe?"
"B'fhéidir gurbh' fhearra dhom na trí
comhairlí," arsan fear bocht, "ní fada an
mhóill an t-airgead a chaitheamh."
"Sid iad mo thrí comhairlí dhuit," arsan
máighistir: "Lean ar an mbóthar mór i
gcómhnaidhe agus ná gaibh aithghiorra. Ná
fan i n-aon tigh go mbeadh cailín óg pósta
ag seanduine. Ná déin aon ní istoidhche
go mbeadh a chathú ar maidin ort."
Nuair a bhí an feirmeóir ag imtheacht thug
an máighistir dhá bhulóig do agus dubhairt
sé leis gan an ceann beag a bhriseadh go
rachadh sé abhaile. D'fhág sé slán agus
beannacht aige n-a mháighistir agus d'imthigh
sé air.
Ar an tslíghe dho casadh fear air a bhí ag
dul ar aon bhóthar leis féin. Arsan fear
leis: "Gaibhimís an comhgar so agus ní fada
a bheimíd ag cur an bhóthair dinn." Comhgar
tré choill dob' eadh é.
Chuaidh an feirmeóir anáirde ar an
gclaidhe chun dul leis an bhfear eile nuair a
chuimhnigh sé ar a chomhairle. Léim sé anuas
arís agus ghaibh sé an bóthar mór. Tar éis
tamaill do ag siúbhal cia bhuailfeadh amach
ar an mbóthar chuige ach an fear eile agus
é gabhtha ag beirt pílears. Is amhlaidh do bhí
fear marbh sa choill agus bhí sé ag féachaint
air nuair a tháinig lucht na dlighe. Thóg-
adar é mar cheapadar gurbh' é do mhairbh an
fear.
"Is mairg ná déanfadh cómhairle ar
mhaithe leis," arsan feirmeóir leis féin
agus d'imthig sé leis.
Bhí sé ag siúbhal leis agus bhí an oidhche
ag teacht air. Fuair sé lóistín i dtigh sean-
duine. Bhí bean óg sa tigh. Cheap an feir-
meóir gur inghean leis an seanduine í.
Fuair sé fios n-a dhiaidh san gurbh' í a bhean
í. Chuala sé an seanduine ag casachtaigh.
D'fhiafruigh sé dhi cia bhí breóite. Dúbhairt
sise gurbh' é a fear é agus go raibh sí
cráidhte aige.
Chuimhnigh an feirmeóir ar a chomhairle
agus bhuail sé amach nuair a bhí an oidhche ag
teacht agus níor bhraith aoinne é. Chuaidh
sé san iothlainn go bhfanadh sé ann go lá.
Tháinig mangaire sa tigh tar éis é féin a
dhul amach agus fuair sé bheith istigh. Bhí san
go maith is ní raibh go h-olc.
Is gearr de'n oidhche go dtáinig marcach
agus capall. Tháinig an bhean óg agus chuir
sí na mílte fáilte roimis. Bhí an fear san
iothlainn ag éisteacht leó agus cheap sé ná
raibh aon obair fhoghanta le déanamh aca.
Chuaidh fé ag faireadh ortha isteach tré
phollín fuinneóige bhí ar aghaidh leabthan an
tseanduine agus chonnaic sé gach aon chor
a bhí aca á dhéanamh.
Sarar imthigh an marcach isteach do leath
sé a chota mór ar an iallait. Tháinig sé
isteach agus ní miste a rádh gur thug an
bhéan óg séire maith dho.
Do mharbhuighradar an seanduine annsan
agus do smearadar an peidléir leis an
bhfuil i treó agus go gceapfadh gach aoinne
gurbh' é siúd a mhairbh é.
Chonnaic an feirmeóir an scéal go léir
agus thuig sé gur bh' é an mangaire a bheadh
á dhaoradh leis. Chuaidh sé agus ghearr sé
ruainne beag ceathair-chúinnach fé chába na
casóige móire agus chuir sé n-a phóca é.
D'imthigh sé abhaile sara dtáinig an lá agus
bhí sé buidheach go maith dá chomhairleór mar
dá bhfanadh sé sa tigh an oidhche sin daor-
faidhe é chomh maith leis an mangaire.
Nuair a tháinig an feirmeóir abhaile ní
raibh aoinne de mhuinntir a thighe na suidhe
roimis agus do chuir sé isteach an doras
agus do dhein sé solas. Nuair a bhí sé ag
déanamh an tsoluis do phreab chuige cleithire
d'fhear óg 'n-a bhríste. "Cia h-é tusa?"
arsan fear óg. "Mise fear an tighe seo,"
arsan feirmeóir. "Thugais do mhíle éitheach,"
arsan fear óg, "is mise fear an tighe seo."
Cheap an feirmeóir láithreach gurab amh-
laidh a bhí a bhean tar éis phósta arís agus
rug sé ar an bpíce agus do chuaidh 'n
tseomra chun í mharbhú. Ach do chuimhnigh sé
ar an dtríomhadh comhairle fuair sé agus
dúbhairt sé go leigfeadh sé dhí go dtiocfadh
an lá. Nuair tháinig an lá d'fháiltigheadar
go léir roimis. B'é an fear óg a bhí ann ná
a mhac féin a bhí n-a gharsún bheag bliadhain
is fiche roime sin.
Thug sé dhóibh an bhulóg bheag agus nuair
a bhítheas 'á ghearradh cad a léimfeadh amach
ach an tuarasdal a bhí dho ar feadh na h-aim-
sire go léir.
Is gearr 'n-a dhiaidh san go gcuala sé go
raibh an mangaire á dhaoradh leis an sean-
duine a marbhuigheadh. Chuaidh sé go dtí an
chúirt agus d'innis sé dhóibh gach aon fhocal
mar atáim-se 'á innsint díbh-se. Theasbáin
sé an ruainne éadaigh do ghearr sé fé'n
gcába. D'fhéachadar ar an gcába agus
bhí an ruainne céadna bainte dhe. Do
saoradh an mangaire agus do crochadh an
bhean óg agus an fear a mhairbh an sean-
duine.
Sin é mo scéalsa agus má tá bréag ann
bíodh.
Síle Ní Bhraonáin, Scoil Baile na Cille,
i n-Uibh Ráthach.
"AN LÓCHRANN."
(Fonn: "Táim-se im' Chodladh").
Céad fáilte romhat, a Lóchrainn, fearaim-
se,
Bínn liom ar lasadh nár measc thú 'rís,
Mar fágadh fé bhrón 's fé cheó le sealad
sinn
Faid bhís-se marbh fé chlúid dar linn.
D'imthig dár bhfaobhar is maoluigheadh ar
meanmna,
Ní raibh againn le léigheadh ach Béarla an
tSasanaigh,
Is na céadtha deagh-Ghaedheal sa Ghaedheal-
tacht meathluigh uainn,
Tráth nár ghealais-se dhóibh an tslígh.
Beidh fáiltí móra rómhat mar bhraithim-se
Nuair ghluaiseóchair farainn ó bhruach na
Laoi,
Beidh páistí óga ag deól do theagasca,
Is seandaoine 'preabadh le h-áthas croidhe.
I gCorca Dhuibhne arís gheobhair seana-chion,
Is ar bhruacha Aoidhne is síos cois Dairbhre,
I gConndae Chorcaighe beidh mílte ag tag-
airt duit,
Is 'á rádh gur beatha dhóibh tú fé chrích.
Mór an feabhas an greann 's an magadh
dhúinn,
An sórd do scaipeadh an ceó dár
gcroidhe,
Gaedhluinn gan cham a labharfadh sean-
duine
An Béarla nár thaithigh, linn féin ba bhinn.
Is scaoil-se chúghainn go flúirseach, feasta
sin,
Is tuille a chúmfaidh úghdair bhlasta dhuit
Go mholaidh an cúige clú do bhearta-sa,
Is ár ród go ngealair thar barr arís.
Lorga Liathbhán.
SEAN-FHOCAIL NA
MUIMHNEACH.
"An Seabhac" do bhailigh.
27 — Trí breaghtha bréagacha: Bean Domh-
naigh, capall samhraidh, bó aonaigh.
Bíonn breághthacht ionnta nach gnáthach leó ar
uairibh eile.
28 — An té ná bíonn bólacht ar chnoc aige
bíonn suaimhneas ar shop aige.
Ní gádh éirighe go moch chun freasdal ortha.
29 — Géim bhó i dtír namhad.
Bíonn géim árd bhuaidheartha ag boin i macha eile
ameasg bó iasachta.
30 — Is beag an mhaith an bhó a doirteann
a cuid bainne.
31 — Adharc bhó, crúb capaill, drannadh
madra nó gáire Sasanaigh.
Ceithre ruda nách féidir le h-Éireannach ionn-
taoibh leó.
32 — Is taidhbhseach iad adharca na mbó
thar lear.
33 — An áit i mbíonn bó bíonn bean,
agus an áit i mbíonn bean bíonn
bodhaire (nó buaidhreamh).
Is dócha gur fear mío-shásta éigin a chuir an
t-aguisín sin leis.
34 — Dá mbeadh ba ag an gcat do pós-
faí é.
.i., Ba chuma cad é an saghas duine bheadh ann
gheobhadh sé bean dá mbeadh maoin agus saidhbhreas
aige.
35 — Is mairg a phósann bean i ngioll
ar chúig bhó:
Téigheann bó aca leis an muir agus
bádhann an poll bó,
Tagann machtíre ó'n gcnoc agus
itheann sé bó nó dhó,
Is dar ndóigh cia mór do'n donas
an cúigmhadh bó.
36 — Imthigheann an bhó leis an bhfaill
ach fanann an bhreill ar an mnaoi.
.i. D'imtheochadh na ba agus na beithidhigh agus ní
bheadh annsan agat ach an bhean mhío-thaithneamhach.
37 — D'ólfadh sé an bhólacht is an
capaillín glas.
Le lucht meisce adeirtear é sin.
38 — Bog, cruaidh ar nós earball na bó.
Bíonn daoine mar sin — daoine a lúbfadh leat
ach ná géillfeadh.
39 — Ná díol bó mhaol, ná ceannaigh bó
mhaol, is ná bí gan bó mhaol.
Ná díol bó mhaol — mar is fearr í ná aon tsaghas
eile. Ná ceannuigh bó mhaol — mar ní dhíolfadh aoinne
leat í mara mbeadh go raibh locht éigin uirthi.
40 — Chómh géar le bó mhaol.
Ní bhíonn sí géar ar aon chor.
41 — Troid na mbó maol.
Ní ghortuighid a chéile go ró mhór.
42 — Siad na ba siar iad, a Mhathghamhain,
agus na ba aniar iad, a Mhathghamhain!
Deirtear é sin nuair a gheibhtear órdú' rud a
dhéanamh a bheadh bun os cionn leis an ordú' a fuar-
thas ó ciainibh. Ciarbh' é Mathghamhain?
43 — Bíonn gach duine go lághach go
dtéigheann bó 'n-a gharrdha.
Tá géarchúis agus greann sa tsean-chainnt sin.
44 — Laetheannta na Riabhaiche.
Bó dob' eadh an Riabhach. Trí laetheannta Ear-
raigh iseadh na laetheannta, an dá lá deiridh de'n
Mhárta agus lá d'Abrán, nó do réir áirimh eile:
an lá deiridh de'n Mhárta agus dá lá de'n Abrán.
Is amhlaidh a thug an Riabhach a dubhshlán fé'n Márta
nuair a bhraith sí deire na míosa chúichi, ach fuair an
Márta lá nó dhó ar iasacht ó'n Abrán agus do
marbhuigheadh an Riabhach bhocht.
45 — Trí comharthaí tairbh: Súil teann,
muineál reamhar agus éadan dána.
46 — Ná tabhair ionntaoibh le mac na bó.
.i. Le tarbh. Ní h-amhlaidh gur dual do ó n-a
mháthair gan a bheith go cneasda. Bíonn an t-olc
ann féin.
47 — Búirt thairbh sa dubhluachair.
.i. San Earrach, nuair a bhíonn ganntan an bhídh ag
baint an teasbaigh d'ainmhidhthibh eile. Idir Nodlaig
agus Lá 'le Brighde.
48 — Teasbáin an laogh ceannfhionn buidhe
ach ná teasbáin a shiní ná a shreabh.
Deirtear san le daoinibh innseann an taobh de
scéal a thaithnigheann leó féin ach a cheileann an taobh
a tharraingeochadh mileán ortha. Bíonn cuma breágh
ar laogh cheannfhionn bhuidhe ach ní bheadh 'n-a bó mhaith
bhainne. Sreabh, .i., sruthán bainne.
49 — Ní sleamhain laogh ná lígheann a
mháthair (é),
Nó:
Is ocrach laogh ná lígheann a mháthair.
.i. Laogh ná bíonn i n-aice a mháthar agus bainne
na máthar aige.
50 — Is sásta bhíonn an bhó nuair a bhíonn
a laogh fé n-a brághaid.
Deirtear é sin le h-aon tsaghas máthar.
51 — Bhéarfaidh bó éigin gamhain éigin lá
éigin.
Sin é dóchas duine go mb' fhearr leis feitheamh le
rath ná dul dá chuardach, ar nós MacÁbair i leabhar
Dhicinis.
52 — Cailín Domhnaigh nó gamhain Samh-
raidh.
Bíonn bláth bréige ortha.
53 — Tórmach mór 'sé teacht na marbh-
laogh.
A fhios ag liaghaibh beithidheach an fíor san.
54 — Fearthainn do laogh,
Nó gaoth do shearrach;
Uisce do ghé,
Nó déirc do bhacach.
Sin iad is fearr leó.
55 — Le fear na bó a laogh.
Is cosamail é sin le: "Is le gach boin a boinín,"
an bhreith a tugadh i n-aghaidh Choluim Cille fad ó.
56 — Ól a bhfeicfidh do shúil d'anbhruithe
úr mhairt.
Is d'á mholadh adeirtear san.
57 — Ith feóil mhairt is bí cruaidh, tapaidh,
Ith feóil mhuice is bí mór, meathta.
Cruinn go leór, má's fíor.
58 — Is minic ná deaghaidh bó le bólacht.
(Féach leat Uimh. 25).
59 — An laogh ithte i mbolg na bó.
Deirtear é sin le daoinibh a théigheann i bhfiachaibh
agus a bhíonn ag brath ar an mhaith a bhíonn ag teacht
chun na fiacha san a dhíol.
60 — Ní bheireann an gruch ar an meidhg
aige.
Bíonn lón caithte sara dtagann an dara lón ag
duine gur beag do a mbíonn aige.
61 — Minic a thuit fear maith i mbualtaigh.
.i. Is minic do bhain botún beag suarach an
fuadar chun maitheasa de dhuine fhóganta, agus gan
leigheas aige air.
CAIT:
Tá mórán sean-fhocal ar chataibh sa
Ghaedhilg, ach is beag ceann go bhfuil aon
mholadh ar an gcat ann. Do bhí dhrochcháil
ar chataibh riamh agus níor samhluigheadh
feabhas ná tairbhe ná maitheas leó ó thosach,
ach tréithe doichill agus gliocais agus
gada.
1 — Briseann an dúthchas tré shúilibh an
chait.
Tar éis gach díchill d'iarraidh rudaí eile a
mhúineadh dho.
2 — Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch
do mharbhú'.
Is minic adeirtear é sin le mac go mbeadh droch-
dhúthchas a athar ann.
3 — An rud a choigleas na mná itheann
an cat é.
4 — Dearmhad bean a' tighe ag an gcat.
.i. An t-am nó an bainne ná cuireann sí fé ghlas.
Adeirtear go raibh trí pingne ag an gcat agus gur
cheannuigh sé ortha "radharc san oidhche," "siúbhal
ciúin," agus "dearmhad bean a' tighe." Táid aige
ó shin.
5 — Dúil an chait sa phraisigh.
.i. Dúil mhór.
6 — Is minic a raghadh an cat 'on tráigh
ach nár mhaith leis a lapa 'fhliuchadh,
Nó:
8 — Is ait leis an gcat an t-iasg ach ní
h-áil leis a chosa 'fhliuchadh.
Dúil an chait san iasc agus fuath an chait do'n
uisce.
8 — Dá mbeadh cuigeann ag an gcat ba
mhinic a lapa féin ann.
Le dúil san uachtar.
9 — D'íosfadh cat ciúin coinneall (nó
páideog.)
.i. Is minic a bheadh ciúin cionntach.
10 — Troscadh an chait cheannfhinn: ithim
feóil, ach ní ólaim bainne.
Nuair a bheadh a dhóthain feóla aige ní bheadh aon
ghádh le bainne. Gníomh an té thógfadh do phúnt ach
d'fhágfadh agat do phinginn.
11 — "Chonnac cheana tú," mar adubhairt
an cat leis an mbainne beirbhighthe.
.i. Ciall cheannuigh.
12 — Níor dhóigh sean-chat riamh é féin.
13 — Creach an chait a puisín (nó a
piscín.
Do bheadh an biadh go léir aici féin mara mbeadh
an puisín.
14 — Fuadach an chait ar an ndomblas.
Is gnáth san do rádh le duine théigheann i gconn-
tabhairt chun rud d'fhagháil agus ná bíonn aon mhaith
sa rud.
15 — Is fearr greim de choinín ná dhá
ghreim de chat.
Is fearr beagán de dheagh-rud ná mórán de
dhroch-rud.
16 — Ó b'annamh leis an gcat srathar a
bheith air.
.i. "Bainimís an méid is féidir linn as ó's
annamh an chaoi againn."
17 — Ar mhaithe leis féin 'seadh a dheinean
an cat crónán.
Bheadh rud ar siúbhal ag duine agus ní tuigfí
cad é an fáth; ach ar ball, do gheobhthaí a fhios gur ar
mhaithe leis féin a bhí an "crónán" ar siúbhal aige.
18 — Cat i mbunach.
Fillte cast istigh ann mar a bhíonn daoine
casta clúduighthe i mórán éadaigh. Bunach, .i. líon
sara sníomhtar é.
19 — Slígh d'á chait chun rinnce.
Sin é adeirtear a bhíonn ó dhuine a thagann go
droch-mhúinte thar teorainn ag déanamh cumhangrais
ar a chomharsain.
20 — Ní féidir le mála folamh seasamh
ná le cat marbh siubhal.
21 — Féadann cat a leaca 'lighe is tá
céad aige féachaint ar an rí.
Níl cead ag aoinne, dá chomhachtaighe é, cead a
thola a bhaint de'n té is suaraighe.
22 — Nuair a bhíonn an cat amuich bíonn
an luch ag rinnce.
23 — Is geall ar an gcat a chroiceann.
Má bhíonn a chroiceann agat is maith an dóigh go
mbeidh sé féin istigh ann.
(Tuille le Teacht.)
FÓGRAÍ Ó CHIARRAIDHE.
Tá Éadach ón mbothán agus Éadach Gaedhealach
eile igcóir culaithe:
SÚSAÍ, CAIPÍNÍ agus HATAÍ
ag
MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH,
An Cheárnóg, CÍLL ÁIRNE.
TIGH ÓSTA UÍ GHLASÁIN,
Sráid na nÁirne, CILL ÁIRNE.
Daoine gur mian leo Aoibhneas Locha Léin d'feisint
gan ró-chostas, gheobhaidh siad gach ní ar a dtoil sa
Tigh Ósta so. Leabaidh, Bricfeast, Dinnéar, Té
agus Freastal ar 5/- sa ló.
BRÍD NÍ GHLASÁIN, Bean an Tighe.
I gceartlár na Gaedhealtachta, i gCiarraighe,
is eadh tá AN TIG DEAS SAN, agus gach cóir
ann — troscán, leabthacha, agusc. Tá le cur i gcóir
an tsamhraidh. Scriobh chun
40 Páirc Herbert, in Áth Cliath.
Má théighir go CILL ÁIRNE, cuir fút i
dTIG ÓSTA UÍ IFEARNÁIN,
KENMARE PLACE.
An tig is fearr le Gaedhealaibh.
Ní bítear dian san éileamh ann.
Tá sé igcómhgar an stásiúin ach leanamhaint
ort i leith na láimhe clé.
AN T-EMPÓRIUM,
le
M. Ó SÚILEABHÁIN AGUS A MHAC,
CILL ÁIRNE.
ÉADATHÓIRÍ MAITHE
Tá le fághail uatha:
Lása Gaedhealach de'n déanamh agus de'n phatrún
is órnáidighe amuich agus saothar lámh is
eadh gach órlach de.
Éadach ó Bhothánaibh Chiarraidhe ar a lán sórt
datha.
Ciarsúirí de'n línéadach Cheart Ghaedhealach is
a lán saghas eile línéadaigh atá oireamhnach
do ghnóthaí tighe agus i nÉirinn do deineadh.
Carabhataí de'n Phoiplín Ghaedhealach ar gach dath
is ar gach gné datha.
Bróga is Buataisí ó Áth Cliath is ó Cheatharlach
(Muintir Winstanlí agus Mac Gabharnaigh a
dheinean.)
Brait Chlúdaig (Rugana) de'n olainn is fearr
agus flúirse dhíobh ann. I n-Éirinn do
deineadh.
AN T-EMPÓRIUM,
TIGH NA CÚINNE,
Sráid Mhór a 10, 11, 12 agus Sráid na nÁirne,
CILL ÁIRNE.
An Mhin Choirce is fearr blas agus is
mó substaint — MIN MHAGHCHROMTHA
MÍCHEÁL Ó CAOIMH, a dheinean,
I MAGHCHROMTHA.
Scríobh chuige.
CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM?
(Luinneóg Oibre.)
I.
Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón,
Ag tarrac na brón
Ag tarrac na brón?
Cé chuirfidh tú liom ag tarrac na brón?
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.
II.
Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha,
Mícheál Ó Séaghdha,
Mícheál Ó Séaghdha,
Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha,
Le Dilsaí Dolsaí Déró.
III.
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Is d'fhágfainn-se thall go bráth é.
IV.
Cé cuirfidh tú liom ag tarrac na brón,
Ag tarrac na brón,
Ag tarrac na brón?
Cé chuirfidh tú liom ag casadh na brón,
Is ag tabhairt an tsail mhór
ó'n gcoill chughat?
V.
Cuirfidh mé leat an píobairín cam,
An píobairín cam,
An píobairín cam.
Cuirfidh mé leat an píobairín cam,
Le Dilsaí Dolsaí Déró.
VI.
Air sin do chuirfinn an tsail is mó gheóbhainn,
An tsail is mó gheóbhainn,
An tsail is mó gheóbhainn.
Air sin do chuirfinn an tsail is mó gheóbhainn,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.
VII.
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn,
N-a choinnibh thar abhainn.
Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Is d'fhágfainn-se thall go bráth é.
VIII.
Cuirfidh mé leat an buachaillín donn,
An buachaillin donn,
An buachaillín donn.
Cuirfidh mé leat an buachaillín donn,
Le Dilsaí Dolsaí Déró.
IX.
Air sin do chuirfinn an tsail is lugha
gheóbhainn,
An tsail is lugha gheóbhainn,
An tsail is lugha gheóbhainn.
Air sin do chuirfinn an tsail is lugha
gheóbhainn,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.
X.
Do chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar
abhainn,
Do chóireóghainn a leabaidh i mbarrraibh na
gcrann,
Do shuidhfinn 'n-a aice, agus d'fháisgfinn
a cheann,
Arsa Dilsaí Dolsaí Déró.
Finghin na leamhna do sholáthruigh in Uibhráthach.
(Tá fonn an abhráin thuas i "Hoffman's Ancient
Music of Ireland" (Pigott & Co.) fé'n teideal
"Spinning Tune," No. 178. Tá sé san "Complete
Petrie Collection," No. 1473 (Boosey & Co.) leis.
An fonn céadna tá ar "Merry Go Round The
Flowers of May.")
FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CLIATH.
agus ó ÁITEANNAIBH SÍOS AMACH anso.
GNÓTHA TUAITHE AN
RÁITHÍN.
Níl san oifig seo againn-ne ach
Gaedhilgeóirí amháin, agusíní bheidh.
BIADH, OBAIR ADHMAID,
LEABHARTHA,
BRAIT ÚRLÁIR (Cairpéidí)
agus gach aon chóir feirmeorachta
le fághail uainn.
TUAIM GRÉINE, CONDAE AN CHLÁIR
agus
SRÁID ÍOC. BHAGÓID, a 50.,
BAILE-ÁTHA-CLIATH.
COLÁISDE EOGHAIN UÍ CHOMHRAIDHE,
Atá i gCorca Baiscin in Iarthar Chláir.
Seisiún mí an Lughnasa, 1916. Cúrsaí speisialta
le h-aghaidh Sagart agus Múinteoiri.
Gheobhfar gach eolas ó Rúnaire an Choláisde,
2 Querin Villas, Baile na Coradh, Luimneach.
CILL CHAOI, Condae an Chláir.
DEAGHBHIADH agus SEOMRAÍ DEASA.
Cuir leitir nó sranngscéala chun
INGHEAN UÍ GHRÍOBHTHA,
23 Bóthar na Trágha, Cill Chaoí.
IS MAITH AN PÁIPÉAR
do'n duine óg nó do'n duine fásta:
"OUR BOYS"
Páipéar ar 1d. in aghaidh gacha mí.
Bíon scéal Gaedhilge ann ó scéalaidhe maith,
agus scéilíní deasa a bhaineann le stair-
sheanchus na hÉireann.
NA BRÁITHRE CRÍOSTAMHLA
ATÁ IN A BHUN.
A GHAEDHILGEÓIRÍ!
Abraidh le nbúr gcáirdibh i MEIRIOCA
go bhfuil "AN LÓCHRANN"
le fághail ag an
IRISH INDUSTRIES DEPOT.
624 Madison Avenue, NEW YORK.
Is go bhfuil gach aon saghas Earraí Gaedhlacha ar díol
ann. Is le Connradh na Gaedhilge an siopa san.
FEIS THUADH-MUMHAN, 1916,
i Luimnigh.
BEALTAINE 19adh agus 20adh:
Ceól, Rinnce agus Comórtaisí Gaedhilge.
BEALTAINE 21adh:
COMÓRTAS BÁIRE.
ORÁID NA FEISE ó'n
ATHAIR S. Ó FLAINN. Corcaigh.
Abhránuidheacht, Rinnce is Ceól.
AN LÓCHRANN.
Páipéar don Ghaedhealtacht.
Seán Tóibín, Baile an Teampaill,
i gCorcaigh
an Fear Gnótha.
An Seabhac, i gCill Áirne
An Fear Eagair.
Cóip gach mí, tríd an bport, ar 2/- sa bhliain.
Dhá choip gach mí, tríd an bpost ar 3/- sa bhliain.
An táille ar fhógraí — 1/6 a' t-órlach. Ní glacfar
le haon fhógra Béarla.
Scríobh chun an Tóibínig i dtaobh fógraí, agusc. Is
chuige is ceart síntiúisí agus airgead eile a chur.
Scríobh chun "An Seabhac" i dtaobh nithe a bhainean
leis an Eagarthóracht agus is chuige is ceart scribhinní,
agusc., do chur.
Ó Cuill agus a Chua.,
95 Sráid Phádraig, Corcaigh
Easún agus a Chl.-Mhac, Áth Cliath
Na Díoltóirí.
Cló-chualucht Seandúna,
Sráid Ríobáird, Corcaigh
Na Clódóirí.
Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon
cheanntar sa Gaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis
"An Lóchrann" san am gcéadna, cuir 16/- ag triall
orainn agus cuirfimíd 12 chóip gach mí go ceann
bliana chun aon áite a déarfar linn.
Déanfadhi "An Lóchrann" ana-mhaith eas sa Ghaedh-
ealtacht, le congnamh Dé, go mórmhór i-nGaedhealtacht
na Mumhan.
Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn.
BÍ FIAL.
Caith agus gheobhair ó Dhia:
Caith go fial agus gheobhair níos mó.
An t-é ar leor leis beagán ó Dhia,
Is leór le Dia beagán dó.
(Seana-rann).
AN AOS ÓG.
Is ar éigean a bhí an chéad "Lóchrann" i
gcló nuair a thosnuigh na daoine óga ar
scríobhadh chúgham. Cáit Ní Chiabháin agus
Siobhán Ní Choncubhair agus Neil Ní Mhuirchear-
taigh agus Sinéad Ní Lubhaing agus Neil Ní
Ghairbhia agus Siobhán Ní Mhuircheartaigh agus Siobhán
Ní Chléirigh ó bhruach Cuan Fionntrágha na
Féinne — ba mhaith leó aithne (agus comaoin) a
chur orm. Máire Ní Mhuirthile agus Máire
Ní Conchubhair ó'n gCromán ar bhruach
Tuinne Tóime, agus Dómhnall óg Ó Mur-
thuile ó'n nGníomh-go-Leith agus iad ag
ciapáil na seandaoine chun sean-scéalta
nó sean-phaidreacha nó sean-amhráin a bhaint
asta le cur chugham-sa. Nach maith an lucht
cuardaig atá agam, bail ó Dhia ortha. Ba
mhaith liom duais a thabhairt do gach aoinne
aca, ach ó tharla gurab iad so síos is mó a
dhein saothar táim chun duaiseanna a chur
chúcha:
D. Ó Murthuille, Scoil Ghníomh-go-Leith.
Siobhán Ní Mhuircheartaigh, Scoil Cheann-
trágha.
Máire Ní Mhuirthuile, Scoil an Chromáin.
Siobhán Ní Chonchubhair, Scoil Cheanntrágha.
Máire Ní Chonchubhair, Scoil an Chromáin.
Cáit Ní Chiabháin, Scoil Cheanntrágha.
Ach cá bhfuil aos óg iarthair agus oirthir
Chorca Dhuibhne agus Uibh Ráthaig agus Bhéara
agus Uibh Laoghaire agus na nDeise, agus
muinntir an Chláir?
Scríobhaidís go dtí —
Fear "An Lóchrainn," Cill Áirne.
Seo chúgham duine eile ó Ghleann Cutáin,
Cillorglan. Dar fiadh! a Dómhnaill, dób-
air duit bheith déannach. — Fr. an L.
DUAISEANNA SPEISIALTA.
Fuaireamair £5 do'n "Lóchrann" ó'n
mBreitheamh Domhnall Ó Cathaláin atá i
Nua-Eabhrac thall agus a thagann tamall
gach bliadhain go Cuan Dor i gCairbre.
Mhol sé é thabhairt n-a dhuaiseanna do
dhaoinibh a scríobhfadh aistí ar chúrsaí a bhain-
eann le náisiúntacht agus le h-Éirinn.
'Sé an chéad chomórtas atáimíd chun a
chur ar siúbhal ná:
"Cad fé ndeara go bhfuil achrann agus
troid le seacht gcéad go leith bliadhan idir
Ghaedhealaibh is Gallaibh i n-Éirinn."
An chéad duais — £1;
An dara duais — 10/-.
Ní fhaghaidh aoinne os cionn fiche blian
d'aois duais. Bíodh na h-aistí go léir
agam-sa roimh an chéad lá de'n Mheitheamh
so chúghainn. — Fr an L.
MÍLCHÁITH.
Bhí bean ann fad' ó agus bhí sí ana dhéirc-
eamhail agus thug sí uaithe an coirce a bhí
ag a fear chun é chur, mar bhí na daoine tim-
cheall uirthi ana bhocht.
Nuair tháinig an fear a' lorg an choirce
chun é chur ní fhuair sé ach cáth. D'fhiafruigh
sé de'n bhean cá raibh an coirce agus dubh-
airt sí gur thug sí do sna daoinibh bochta
é le n-ithe. Dubhairt sí leis an bhfear an
cáth a leathadh ar an dtalamh agus go
mb'fhéidir go mbeadh sé ar an gcoirce is
fearr d'fhás riamh as an gcré.
B'fhíor di. Níor fhás riamh i n-Éirinn
coirce dob' fhearr ná é, agus ó shin riamh tá
Mílcháit (?) mar ainm ar an áit.
Máire Ní Chonchubhair, Sgoil na gCailíní,
Cromán.
AN MADARUADH DO MEALLADH.
Do bhí madaruadh ann fad' ó agus lá
breágh do dhein sé é féin d'iomlasc.
"Is maith an cúrsa reatha a thabharfainn
anois," ar seisean.
Ní thúisce san ná chualaidh sé na gadhair
fiadhaigh. Siúd na dhiaidh iad. As go bráth
leis sin.
"Mhuise," ar seisean, "is olc a' saoghal é
ná féadfadh duine focal a rádh mar mhagadh
ná dáiríribh ach mar a tógtar suas é."
Do bhí sé lá eile agus bheir sé ar ghirr-
fhiadh agus chuir sé a dhá lapa anuas ar an
ngirrfhiadh bocht.
"Á, faire! stad," arsan girrfhiadh, "agus
leig abhaile go dtí mo leanbh bocht me.
Tiocfad chugat amáireach agus mála mór
mine agam duit."
"Ní leigfead," arsan madaruadh, "is
fearr liom le n-ithe tu."
"Ná tógfá anáirde do dhá lapa, mar
sin, agus buidheachas a bhreith le Dia me
bheith le n-ithe agat."
Thóg sé anáirde a dhá lapa — agus sa
tsiubhal leis an ngirrfhiadh! D'fhéach an
madaruadh n-a dhiaidh.
"Á!" ar seisean, "do dheineas mo bhotún.
Do thabharfainn mo mhallacht go bráth
d'aoinne athlochadh an biadh go mbeadh sé
caithte aige.
Máire Ní Mhurthuile, Sgoil na gCailíní,
Cromán.
DO'N MHÚINTEOIR SCOILE.
Tá cóibeana de'n "LÓCHRANN" dá seoladh gach mí
chun oidí sa Ghaedhealtacht. Bronntanas ó chara
éigin gach beart "LÓCHRANN" díobh san, agus tá cead
ag an múinteóir a rogha roinnt do dhéanamh is na
cóibeana do thabhairt uaidh in aisce.
Bfhéidir gur mhaith an ní, ámh, dá bhfaigheadh an múin-
teoir pinginn ar gach cóib (nó 1d. ar dhá chóib), agus
leabhair Ghaedhilge do cheannach i ndeire na bliana
leis na pinginní sin. Ba dheas an bronntanas —
leabhair Gaedhilge do'n leanbh is feárr in gach ranng
sa scoil. S. T.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.
DO LUCHT-DRÁMAÍ-A-LÉIRIÚ.
Tá gach saghas éide, peribhicí, agusc., i gcóir
drámaí go mór-mhór i gcóir Drámaí
Gaedhealacha le fághail uainn-ne, ar
iasacht. Níl 'oiread san de sna rudaí
sin ag duine ar bith eile in Éirinn.
PÁDRAIG Ó SÚILEABHÁIN agus a Chua.,
"Theatrical Outfitters,"
38 SRÁID MHÓR SHEOIRSE, I gCORCAIGH
MÍCHEÁL DE RÓISTE,
60 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
Seodaidhe,
Gabha geal,
Déantóir
súlghloim
agus
Uaireadán.
Tá 200,000 Barailí Plúir da dhéanamh
in aghaidh gacha bliana ag
T. Ó hAILEANÁIN agus a CHL. MHAC, Teo.
Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann,
agus Muileann Ghleanna Duileáin,
Mainistir Fhearmuighe,
Co. Chorcaighe.
Sranngscéala: "Hallinan, Midleton."
Guthán: 7 Cork; I Midleton.
EAMONN DE CÓGÁN.
Gheobhair cárr nó cóiste uaidh, aon tráth agus gléas
rubair fe sna rothaí. Ní bheidh dian ort i dtaobh
airgid. Gach cóir chun socraide.
44-45 Sráid na Síarsach (Sheares St.), Corcaigh
CRAOBH NA GAEDHEALTACHTA
An t-aon Chraobh amháin ná fuil
de chúram uirthi ach aire thabhairt
do sna Ceanntracha Gaedhealacha.
Má's duine thu a chuireann suim sa Ghaedheal-
tacht, ba cheart duit bheith páirteach sa Chraoibh
seo. Cuir leathchróinn ag triall ar Sparán-
aidhe na Craoibhe, faithche Stiabhna 7, Baile Átha
Chliath, agus beir id' bhall di go ceann bliadhna.
Más Múinteóir tú, ná bí ad varú fên agus a marú na
leany a diaruig na Gäluingi vúini ghóiv lesh na sheana
letireacha agus lesh an sheana letiriú. Buín trìàil as
an letiriú shimplí, agus beg tora er do hähar.
An Cumann um Letiriú Shímplí,
Tigósda Minerva, Bleáclieh.
CAD IS SLOINNE DHUIT?
Tá comharthaí gacha fine le fághail ar
Chártaí Daithte.
Coats of Arms of the Irish Families
Sciath, Círín agus Rosc Catha.
Ceann mór fé fráma… 5/-
Ceann beag fé fráma… 2/-
Peictiúirí beaga deasa ar 2/6 a' ceann
(Tá le fágháil gan fráma, leis, ar leath an airgid.)
Neilí Ní Bhriain do rinne idir línidheacht agus dathú.
Chun tairbhe Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe a
raghaidh an t-airgead. Scríobh chun: NEILÍ NÍ
BHRIAIN, Seomraí Páirc an Choláiste, i n-Áth Cliath.
FAID SAOGHAIL CHÚGHAT.
(Scéilín ó pharóiste na Dromad i n-Uibh Ráthach é seo. Tá aithlitriú' déanta
againn air chun foghar na bhfocal i mBarr na h-Aoidhne i bparóiste
na Dromod a léiriú' do'n lucht a chuireann suim i gcanamhanaibh.)
Bhí gréasaidhe ar an mbaile againne tá
roinnt bliadhan ó shin anois ann. Déar-
fainn go bhfuil sé isteach is amach le trí
fichid bliadhan ó cailleadh é. Ní raibh na
feirmeóiridhthe ró mhaith as ná ní raibh puinn
ar a gcúlaibh aca sa tsaoghal úd. Ní chaith-
eadh aoinne puínn bróg agus bhíodh na mná
cosnochtaithe furmhór a saoghail. Ní h-iong-
na, dá bhrígh sin, gur annamh a chuireadh
aoinne feidhre bróg á dhéanamh go dtí an
gréasaidhe bocht i slígh is gur éirigh sé as aon
bhróg i n-aon chor a dhéanamh, agus gur
tharraing sé mar cheárd air bheith ag deisiú
na mbróg. Ach má dhein, bhí an scéal chómh
aindis is bhí sé riamh aige. Bhíodh muinntir
an bhaile isteach is amach gach 'ra lá chuige
chun na sean bhróga a dheisiú dhóibh. Bhíodh
tairngí ó dhuine agus buinn ó dhuine
agus taoibhín ó'n dtríomhadh fear, ach
ní thugaidís aon phinginn ná leath-
phingne uatha do'n ngréasaidhe ach a rádh
leis nuair a bhídís ag imtheacht: "Faid
saoghail chúghat is go bhfágaidh Dia do shláinte
agat." Do fágadh beannachtaí go fairsing
aige, ach, mo ghraidhin é, níor tugadh mórán
eile dho.
Bhí cat aige. Tháinig sé lá agus bheir sé
air agus chuir sé fé bhéal cliabhain é. Ní
leigfeadh sé d'aoinne greim bídh ná dighe a
thabhairt do'n gcat, ach nuair a chuireadh sé
meidhil as i gcómhnaidhe deireadh sé leis:
"Faid saoghail chughat is go bhfágaidh Dia do
shláinte agat.
Ba ghearr gur cailleadh an cat, ní nách
iongna, agus cuireadh ar crochadh ar thairnge
i n-áit a chífeadh aoinne thiocfadh isteach é.
Níorbh' fhada go dtánadar chuige agus obair
aca dho. Do dheisigh sé na bróga. "Faid
saoghail chughat is go bhfágaidh Dia do shláinte
agat," ar siadsan.
"Nár leigidh Dia ach amháin dúinn sibh,
maran sinn atá tógtha leis na paidreacha,"
arsan gréasaidhe.
Theasbáin sé an cat marbh dóibh. "Sin é
an t-abhrán do mhairbh an cat," ar seisean.
"B'fhearr liom scilling ná a gcuala dhíobh ó
rugadh me. Is binn le Dia iad, is dócha,
ach sé mo chreach dhóighthe ná faghtar airgead
ortha."
B'éigean dóibh é dhíol as a chuid oibre as
san amach agus ná raibh maith aca.
Ví griasy er u' maili guini tá raying
blian ó hin inish un. Diarhuin go wil shé
ishdeach is umach le trí fihid blian ó
cailiuv é. Ní rev nu ferimeóirihi ró wah as
ná ní rev puín er a gúluiv acu su täl úd.
Ní chahuch éni puín bróg agus víoch nu
mná cosnuchduihi forvór u sael. Ni h-ung-
gunu, dá vrí shin gur anuv u chuiriuch éni
feiri bróg 'á ghianuv gu dí an griasy bocht,
'shlí 's gur eiri shé as ä' vróg in ä chur i
ghianuv, agus gur hairig shé mar cheárd
er veh i deshú nu mróg. Ach má ghin, ví'n
sghial chó h-ainish is ví shé ryav ige. Víoch
muíntir i waili ishdeach is umach gachuru
lá chuigi chuin nu sheanu-vrógu 'gheshiú
ghóiv. Víoch taruiní ó ghuini agus buín ó
ghuini agus tuívín ó'n dríú fear, ach ní
huguidísh än figin ná leafinig vuaha
do'ngriasy ach i reá lesh, nuer i vídís ig
imeacht: "Faid sael chút is gú wágu Díe du
hláinti 'gut." Do fáguv biunachdy go farsh-
iug ige, ach, mo ghrayin é, níor tuguv múrán
eli gho.
Ví cat ige. Háini shé lá agus ver shé er
agus chuir shé fé vial cliaváin é. Ní leocuch
she d'aeni greim bíg ná dí u húrt 'on gat, ach
nuer a chuiriuch shé meil as i góny deriuch
shé lesh: "Faid sael chút, is gu wágu Díe
du hláinti 'gut."
Bu gheár gur cailiuv u cat, ní nach ung-
gunu, agus cuiriuv er crocha er haruini in
áit i cheóhuch éni hucuch ishdeach é. Níor
wadu gu dánudar chuigi agus obuir ucu gho.
Du gheshi shé nu brógu. "Faid sael chút is
gu wágu Díe du hláinti 'gut," er shiadsun.
"Nár leogu Dío 'ch 'fáin dúin shiv, marun
shin utá tóguihi lesh nu paidriuchu," ershin
griasy.
Hisbáin shé 'n cat maruv dóiv. "Shin
än t-avurán u wairiv u cat," er shishun.
"B'eár lium shgilin ná u gualu ghíov ó
ruguv mi. Is bín la Dí' iad, is dóchu, ach
shé mu chreach óiti ná fachtur airigiud orhu"
B'égiun dóiv é ghíol as u chuid ebiri as
sun umach agus ná ru mah ucu.
A SHAIGHDIÚIRÍN, A CHROIDHE!
An Cailín:
A Saighdiúirín a chroidhe! will you marry me?
With a heigh, with a ho, with the sound of a drum
An Saighdiúir:
A chailín bhig a chroidhe, cionnus a phósfainn-se thu?
Is gan blúire de'n léine a chuirfinn umam.
Ise:
Do chuas go dtí an siopa ab' fhearr a bhí ann,
Is do cheannuigheas-sa léine dom' shaighdiúirín ann.
Ansan ar sise:
A Shaighdiúirín a chroidhe, will you marry marry me?
With a heigh, with a ho, with the sound of a drum.
Eisean:
A chailín bhig a chroidhe, cionnus a phósfainn-se thu,
Is gan blúire de'n bhríste a chuirfinn umam.
Ise:
Do chuas go dtí an siopa ab' fhearr a bhí ann,
Is do cheannuigheas-sa bríste dom' shaighdiúirín ann.
Annsan ar sisi arís:
A shaighdiúirín a chroidhe, will you marry marry me?
With a heigh, with a ho, with the sound of a drum.
Eisean:
A chailín bhig a chroidhe, agus rl., agus rl.,
Is gan blúire de'n chóta a chuirfinn umam.
Ise:
Do chuas go dtí an siopa, agus rl., agus rl.,
Is do cheannuigheas-sa cóta dom shaighdiúirín ann.
Agus mar sin go raibh bhest, bróga, bóna agus
hata ceannuighthe aici dho. Annsan do chuir sí an
cheist airís air:
A shaighdiúirín, a chroidhe, will you marry marry me?
With a heigh, with a ho, with the sound of a drum.
Eisean:
A chailín bhig a chroidhe, cionnus a phósfainn-se thu?
Is mo bhean is mo chlann ar an dtaobh thall de'n
tsruth.
Dómhnall Óg Ó Murthuile do scríobh so
ó Sheán Ua Conaill atá i nGníomh-
Go-leith, Ciarraighe Luachra.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.
Aonrud mar LEACHT AR UAIGH nó
ALTHÓIR don TEAMPALL
San Aolchloch nó sa' Mharmar,
déanfaidh
SEÁN Ó CONAILL,
Sráid an Rí, i gCORCAIG
Ar Fheabhas é. Scriobh chuige.
LUCHT DAITHTE TIGHE nó TEAMPAILL
Tá raidhse páipéir againn i gcóir
fallaí, agus é go saor.
D. agus A. Ó NÉILL, 21 Sráid an Acadaimh, Corcaigh
(Níl aon tig eile againn-ne).
SLIGHE BHEATHA
MHAITH DOD' MHAC!
Cuir chúgham-sa é
agus múinfead dó
conas bheith in a
SHEOLAIDHE
SCÉALA-GAN-
SRAÍNNG
Fé cheann ráithe nó
leathbhliana.
Scríobh ar lorg an réimleabhráin.
TOMÁS Ó SÚILEABHÁIN
(Ó Uibh Ráthach)
"SCHOOL OF WIRELESS
TELEGRAPHY,"
CORCAIG.
Leabhair Ghaedhilge agus
Leabhair Bhéarla i dtaobh na hÉireann.
Le fághail ó
CHONCHUBHAR Ó CAOIMH,
70 Sráid Sheoirse, CORCAIGH.
Gaedhil is eadh sinn-ne, is ní náir linn é.
Geobhair deaghmhargadh
uainn-ne i gcomhnaidhe.
TÉ, ar fheabhas, ó 2/6 go dtí 4/- a' púnt. Díol-
faimídne an postas ar cheithre púint de.
PLÚR Gaedhlach.
MIN Ghaedhlach ó Maghchromtha; min choirce is min
bhuidhe.
SIÚICRE, agus gach rud eile ar fheabhas.
SEÁN AGUS TOMÁS MAC CURTÁIN,
Sráid a' tSeandúna agus Sráid Thomáis Dáibhios,
CORCAIGH.
GRÉASUIDHE BHAILE NA H-ABHA.
Do bhí gréasuidhe i mBaile na h-Abha fadó
ná raibh ró ghabranta. Leigeadh sé air é
go h-áirighthe, ach, do réir mar innisean an
sgéul ní raibh aon easba meabhrach air.
Seán Cruthain do b'ainim dó, ach "Trang-
laimín a bhaisteadh a mháthair air i dtaobh é
a bheith chómh neamh-áiseach. Lá dá raibh sé
ag gréusaidheacht, chonnaic sé na cuileanna
a bhí ar fuaid an tighe ag dul síos i seana-
phróca a bhí ar an adharta (iarta) go raibh
dríodaráil bhainne ann. Do lean sé do
bheith ag faire ortha go raibh céad ceann aca
bailighthe síos ann, agus d'aon gheit amháin ansan
d'eirigh sé de n-a sheana-chathaoir, agus seo
chúcha é agus mhairbh sé gach ceann acu. Seo ar
fuaid an tighe annsan é agus gach aon léim
aige le h-áthas, agus "He he hé! He, he,
hé!" aige.
Chualaidh a mháthair a bhí lasmuigh de'n tigh
ag giúrnáil bheag oibre é, agus mheas sí ar an
spota gur neameabhair éigint a bhí air.
Chas sí a h-olagón agus seo isteach í.
"Mhuise, Dia go deó linn, a Thrang-
laimín," ar sise, "Cad é seo anois ort a's
gan agam sa tsaoghal ach tú."
"He he hé! He he hé!" arsa Seagháinín
aríst, agus seo gach aon léim ar fuaid an tighe
aige. "Gheara, a mháthair," ar seisean,
"anois a dheineas an ghaisge mhór, agus níor
chuala gur dhein aon duine riamh fós a
leithéid."
"Cad é an ghaisge mhór a dheinis, arú!"
arsan mháthair.
Do mharbhuigheas céad d'aon iarracht
amháin," ar seisean.
"Mhuise mo thruagh mhór thú, a bhrealáinín,"
ar sise, "Suidh síos agus bíodh ciall agat."
"He he hé! He he hé!" ar seisean
airíst. "Ní bheadh am' sheana chaibléaraidhe
bheag, bhréan, shalach aon uair eile agus an taos
leis an adharta (iarta) i gcómhnuidhe agam
faid atáim ábalta ar chéad do mharbhughadh
d'aon iarracht amháin. Raghad anois go dtí
an gabha," ar seisean, "agus déarfad leis
claidheamh breágh, scáilmhar a dhéanamh dom
go mbeidh
"Fear marbhuighthe céad d'aon
iarracht amháin"
marcálta air, agus imtheochad ansan ag
triail mo fhoirtiúin dom féin."
Is mar sin a bhi. D'fhág sé slán aige na
mháthair agus d'imthig air, agus chómh luath agus bhí
an claidheamh déanta ag an gabha, bhuail sé
chuige é ar sileadh le n-a chliathán i dtreó
go mbeadh sé le feisgint aige gach duine.
Seo chun siúbhail ansan é, agus ambaisge go
mbíodh gach duine a bhuaileadh leis ag
breith chuige féin nuair a chídís an claidh-
eamh breágh, sgáilmhar ar sileadh leis, agus
"Fear marbhuighthe céad d'aon iarracht
amháin" marcálta air. Níor chuaidh stad
na staon' air gur bhain sé amach áit chomh-
nuighthe an rí, agus gan mhoill chuaidh sé chun
cainnte leis.
"An dteastochadh buachaill aimsire uait?"
ar seisean leis.
"Mhuise, is maith mar thárlaidh," arsan
rí, "buachaill ar lorg máighistir, agus máigh-
istir ar lorg buachalla. Is tú atá uaim, agus
go mór mór gaisgidheach mar thusa, mar tá
cúirt mhór idir lámhaibh leis na bliadhanta
agam agus téigheann díom í chur
chun cinn aige fathaigh a thagann gach
oidhche ag leagadh an méid a bhíonn tógtha
di, agus a mharbhuigheann an treibh a bhíonn dá
chosaint agam. Anois má chuireann tú
ruagairt ortha súd i dtreó a's go bhféad-
faidh mé mo chúirt a cur chun cinn gheobhair
m'inghean le pósadh."
"Is maith an luach saothair é," arsa
Seagháinín agus seo leis fé dhéin na cúirte agus
ach a dtáinig an chéad amhasgarnach de'n
oidhche, líon sé a phócaí de phúróga agus seo
leis anáirde go barra crann a bhí le h-ais
na cúirte. Níorbh fhada ann dó ach a
dtáinig beirt fhathach fé dhéin na cúirte. agus
seo ghá leagadh ar a gcroidhe dícheall iad.
Ba mhaith an mhaise sin ar Sheagháinín. D'aim-
sigh sé i bpoll na cluaise an fathach ba
threise aca le púróig.
"Iompair tú féin a deirim leat," arsan
t-é a buaileadh, le n-a dhearbhráthair.
Níor chuir eisean aon tsuim ann.
D'aimsigh Seagháinín púróg eile agus dhein
an cleas céadna airís leis an bhfathach agus
ghoin sé go maith é. D'fhéach eisean tíom-
pall ar féin go colagach.
"Mara n-iomparóghair tú féin," ar seis-
ean le n-a dhearbhráthair, "tachtfaidh mé ad
steille bheathaigh tú agus ní bheidh mé ag foigh-
neamh a thuille leat."
Mheas a dhearbhráthair gur neameabhair
éigint eile a bhí air agus níor bhac sé dho. Níor
chuir san aon eagla ar Sheagháinín mar chómh
luath a's chrom an fathach ar obair airíst,
d'aimsigh sé púróg mhaith, mheáighte eile agus
chuir mearathall ar an bhfathach bocht léi.
Dhé, mo léir! D'éirigh seisean chun buile
agus chun feirge, agus seo go dtí n-a dhearbhráth-
air é, agus dhein "cogstí" ar an spota dhe.
D'imthigh ar abhaile ansan agus ach a bhfuair
Seagháinín glan as radharc é thúrlaig sé, agus
thug leis an rí lár n-a mhaireach ag féuchaint
ar an ngaisge a bhí déanta aige.
"Mhuise, mo ghraidhin chroidhe thú," arsan
rí, "is tú is fearr dár bhuail liom fós."
An oidhche n-a dhiaidh sin tháinig an fáthach
céadna a mhairbh a dhearbhráthair an oidhche
roimhis sin agus ceann eile aca le n-a chois. Ach
má seadh, bhí Seagháinín oireamhnach dóibh
agus dhein sé an cleas céadna a dhein sé
an oidhche roimis sin agus do marbhuigheadh
duine eile aca. Seadh! an tríomhadh oidhche,
níor tháinig ach aon fhathach amháin fé dhéin na
cúirte.
"Ní foláir," ar seisean leis féin, "nó
ní bheidh aon duine ag déanamh toirmisc
anocht dom." Níor thuisce an méid sin
ráidhte aige ná púróg chloiche fachta isteach
i bpoll na cluaise a chuir ag eitealaigh é.
Seo leis ameasg na gcrann ag cuardach an
té a bhuail é. Fé dheire thiar thall bhreithnigh
sé uaidh anáirde i mbarra crainn é.
"Mhuise, droich-chrích ort!" ar seisean,
"má's annsan ataoi," ag breith ar an
gcrann agus ag baint crothadh as chun é
tharrac anuas ar an dtalamh chuige.
"Cuir uait," arsa Seagháinín, "má tá aon
tuairim agat asat féin, tiocfad-sa anuas
chughat."
"Gheara, tar chúgham anuas," arsan fathach,
"is mór liom de ghreim thú, agus is beag
liom de dhá ghreim thú."
"Seo anuas Seághainín agus a chlaidheamh
ar sileadh leis i dtreó is go bhfeicfeadh an
fathach é. Chonnaic seisean go soléir é,
agus é ag tabhairt soluis uaidh le scáil agus
"Fear marbhuighthe céad d'aon iarracht
amháin" marcálta air agus ambaisge go
raibh sé ag breith chuige féin agus dúbhairt leis
féin gurbh' fhearra dhó a shuaimhneas a cheap-
adh agus síodhcháin a dhéanamh leis.
"Beir chúghat féin anois" arsa Seágháinín
ach a raibh sé ag druideam le bun.
"Dhe, díth air!" arsan fathach, "ná bac-
aimíst é. Ní'l aon teóra leis an síodhcháin.
Téanam ort lem' chois-se, is ná bí id'
chaonaidhe uaigneach annsan."
"Táim lán tsásta," arsa Seagháinín.
D'imthigheadar orra, agus ba mhaith an dóigh dhó
dul i dteannta an fhathaigh, mar níor fhág sé
tart ná ocras air. Ach ar mhaithe leis féin
a dheineann an cat crónán agus ar shon
Seagháinín a bheith beag suarach bhí an fathach
ar na creatha le h-eagla roimis.
Bhí a mháthair ag feitheamh go piaclach leis
an bhfathach ar eagla gurbh' é dálta na beirte
eile a bheadh imthighthe air.
"Seadh," ar sise ach a dtáinig sé, "ar
dheinis go maith anocht?"
"Ó! mháthair a chroidhe, ná tagadh focal as
do bhéul mar gheall air sin, ná aon droch-
nídh eile ach an oiread mar is fear mar-
bhuighthe céad d'aon iarracht amháin é seo
faram-sa."
"Dhe, díth air!" ar sise, "tá an donas
ar an saoghal má's fear marbhuighthe céad
d'aon iarracht amháin é sin, agus tá mádh maith
i gcártaí aige nú beidh fhios agam-sa god
é an sórt é."
Is mar sin a bhí. Lár n-a mháireach thug
sí casúr mór trom do na mac.
"Feicim," ar sise, "ciaca agaibh is sia
ó bhaile a chuirfidh é sin." Seo amach fé'n
bhfairsinge iad chun triail a bheith aca ortha
féin.
Bhí fhios aige Seagháinín go dian mhaith gur
bh'é a dhian dóthain féin an casúr do bhogadh
de'n talamh gan bacamhaint le é chaitheamh,
agus go raibh sé chómh maith aige cleas
éigint eile do tharrac chuige. Chuir an
caitheamh a bhain an fathach as an gcasúr
faithchíos air.
"Caith-se anois é," arsan fathach.
Thairig Seagháinín chuige séideog a bhí n-a
phoca aige, agus seo ag feadaoil ar a
chroidhe dícheall é.
"Cad a b'áil leat ag feadaoil mar
sin?" arsan fathach.
"Tá mo bhrígh féin agam leis," arsa
Seagháinín. "Tá daoine muinteara dhom
sa Domhan Toir agus dá mbeadh sé de mhí-
ádh ar aon duine aca go dtuitfeadh an
casúr so air bhí a chúram de'n saoghal so.
"Ó," a ghráigil, a Sheagháinín!" arsan
fáthach," ní bheadh aon dul go bráth aríst
agam air dá gcuirfeá ansan é."
"A nDomhnach," arsa Seagháinín, "ná caith-
fead-sa i n-aon chor é mara bhfuileann tú
féin sásta leis."
"Nílim, nílim," arsan fathach.
D'imthigheadar ortha abhaile thar n-ais agus
ach a bhfuair an tsean-chailleach ba bhun leis
an órdú' san an caoi ar labhairt le n-a
mac i gan fhios do Sheagháinín:
"Mhuise," ar sise, "an raibh aon chrích ar
an gcaitheamh a bhain sé as?"
"Ó," a mháthair," ar seisean, "Is amhlaidh
a bhí sé chun caitheamh a bhaint as mo chasúr a
chuirfeadh 'on Domhan Toir é, agus ná fuil fhios
agat go bhfuil a mhalairt do ghnó agam-sa
dho."
"Tá, go deimhin," ar sisi, "ach táim i ndabht
a gcuirfeadh sé chómh fada san ó bhaile é.
Ach ná bac san. Amáireach a bheidh an triail
cheart againn air."
Ar maidin amáireach fuair sí túbán mór
trom, agus thug órdú' do Sheagháinín, agus do
n-a mac lán a tubáin d'uisge a thabhairt ó'n
dtobar go marbhochaidís an chráin mar ná
raibh a thuille feóla aca:
"Ghearra! ná bac aon tubán a thabhairt
leat," arsa Seagháinín leis an bhfathach.
"Cuirfead-sa isteach 'on tigh chúghaibh é — an
tobar ar fad, agus ní gádh dhíbh a bheith 'úr gcor
féin aon lá eile leis."
Tháinig crith agus eagla ar an bhfathach agus
ar a mháthair roimis, mar tobar mór uisge
do b'eadh é, agus dá mbeadh sé de mhí-adh ortha
go dtiocfadh sé isteach 'n tigh chúcha do
bhádhfadh sé iad.
"Ó 'chroidhe, a Sheagháinín," arsan fathach,
"tabharfad féin liom é, agus ní gádh dhuit aon
phioc dá thrioblóid d'fhághailt."
Leig Seagháinín air gan a bheith ró-mhaith
an lá san, agus do chuaidh a chodla níos
luaithe ná mar ba ghnáth leis an oidhche sin,
ach má chuaidh ní raibh codla ach ar shúil leis,
mar do chualaidh sé go soiléir an fathach ag
cur síos ar connus a chuirfidís chun báis é
féin. Do b'é crích agus deire na cainnte go
ndubhairt an tsean-chailleach le n-a mac
imtheacht air a chodla agus luighe laistigh de
Sheagháinín, agus ach a mbeadh an doiricheacht sa
diamhaireacht agus am mí-mhairbh na h-oidhche
ann go sgaoilfeadh sí féin an rásúr ar
mhuineál an bhioránaigh.
Ní mar a shíleadar a bheadh a bhí. Bhí
Seagháinín ró-ghlic dóibh mar, ach a bhfuair
sé an fathach n-a chodla, is amhlaidh a luigh sé
féin go cúchail laistig do (de), agus nuair
a mheas an tsean-chailleach go raibh sí ag
déanamh go h-áluinn, is amhlaidh a bhí an
botún dá dhéanamh aici. Ar maidin nuair
a chonnaic sí Seagháinín ag éirighe aníos as
tóin a tíghe chúiche, fuair sí amach cad a bhí
déanta aici, agus cad a dhein sí ach leigint
uirthi le Seagháinín gur le n-a toil a dhein sí
é, mar go raibh sí clipighthe aige. Bhí a
croidhe dá losgadh an uair sin le dólás i
dteannta fearg chun rún díoghaltais.
"Marbhuighmís an chráin," ar sise, "agus ná
bíodh aon easba feóla orainn ach go
h-airighthe."
"Tá sé chómh maith," arsa Seagháinín.
"Tá," ar sise.
Fuair sí soitheach mór, árd fairsing
ansan, agus cuir sí árdán le h-ais leis. Bhí sí
ag caitheamh uisge fiuchaidh síos ansan ann
go dtí gur dhóigh léi go raibh oiread ann agus
dhéanfadh gnó glan do Sheagháinín.
"Féach an bhfuil a dhóthain uisge ansan
anois," ar sise, "chun na cránach do sgóladh."
Chuimhnigh Seagháinín ar an neomat cad a
bhí ar a h-aigne.
"Dhe, mhuise," ar seisean, "ní fheadar-
sa aon nídh mar gheall air, mar is fada gur
mharbhuigheas aon cheann aca."
Seo anáirde ar an árdán í féin chun
féachaint síos ann. Ní raibh ó Sheagháinín ach
an caoi fhagháilt uirri. Bhuail sé bas fúithe
agus seo ar bhior a cinn 'on tsoitheach í.
B'shin deire le n-a laetheanta.
Bhí an tigh fé féin ansan, agus neart aige
gach nídh dár thoil leis a dhéanamh. Bhí trí
capaill ag an bhfathach — a chapall féin agus
capaill a bheirte dearbhráthair. Bhailigh
Seagháinín chuige a raibh de shaidhbhreas ar
fuaid an tighe, agus bhí tarrac na dtrí gcapall
d'ór agus d'airgead aige. D'imthigh sé air fé
dhéin áit chómhnuighthe an rí ansan, agus ach a
bhfeacadar ag teacht é, deineadh teine
chnámh chun a theasbáint dó an laochas a bhí
orra i dtaobh an ghaisge a bhí déanta aige.
Bhí pósadh seacht lá agus n-oidhche air
féin agus ar inghin an rí, agus nuair a bhí san a
leath-taoibh, d'imthigh sé féin agus í féin go dtí
n-a mháthair a bhí i mBaile na h-Abha, agus
bhíodar ar mhuin na muice as san amach.
Seaghán Firtéar,
Sgoil Bhaile an Fhirtéaraigh.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.
Táid so 'á ndéanamh againn-ne —
ÉIDE SAGART,
ÁTHRAIGHE ALTHÓRA
mar chailíní, miasa, agusc.
CROISEANA
den déanamh CEILTEACH in ór nó
airgead geal, agus
PAIDRÍNÍ.
LIAM MAC AODHGÁIN agus a CHL.-MHAC
Teo.,
32 SRÁID PHÁDRAIG N.,
CORCAIGH.
An Déantúsán ag 6 Sráid Mhaylor.
Sinn-ne a dhein
SNAOIS CHORCAIGHE
ar dtúis agus atá 'á deanamh
i gcómhnaidhe.
TOBAC CÚMHRA
an dá shórt so —
"Exhibition Roll" agus
"Shandon Plug."
Má theastuighaen uait aon tobac nó
saigréidí do chur chun aonne atá sa
chogadh, déanfaimíd-ne dhuit é, saor ó
cháin, ach leath phúnt, ar a luighead,
bheit sa 'bheairtín idir thobac is saigréidí.
LAMBKIN BROS.,
9 Sráid Phádraig N.,
CORCAIGH.
COLÁISDE CHAIRBRE, i gCuan Dor.
An ball is breághtha ar
domhan i Mí Lughnasa.
Múinfear Gaedhluinn duit ann, agus gheobhair
sult a's sláinte ann.
MÍCHEÁL Ó CUILLEANÁIN,
ó'n Seanachúirt, An Sciobairín.
An fear a thiubharaidh tuille eolais duit mar
gheall air. Scríbh chuige má's mian leat.
TROSCÁN TIGHE AGUS
GACH CÓIR LEABTHAN!
Tá flúirse de sna h-Earraí a
deintear in Éirinn le fághail
uaim-se ar an bpinginn is lúgha.
M. Ó RIAIN, Siopa Oluir,
36, 37 Sráid an Rí, CORCAIGH.
FÓGRAÍ Ó CHORCAIGH.
Scáth ó'n nGréin,
nó fós ó'n bhfearthainn.
Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna,
Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn.
H. JOHNSTON,
TIGH "AN BHATA DROIGHIN ÉILLE"
Teo.,
Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH.
Píanó Ceart Gaedhlach ar £32!
Tá píanacha 'á n-déanamh in Éirinn
anois, ag
Pigott & Co. Ltd.,
Luimneach, Ath Cliath
is Corcaigh.
GUAILNEÁN
SEANDÚNA.
Bhí cúigear ar chárr ag gluaiseacht
Tráth bhriseadar na humaí,
Is nuair thuigeadar a bhfionntar
Ba chráidhte dúr a gcló.
"Ach, tá peidhre 'n Shandon Braoes"
Ars an t-iománaidhe leó go scléipeach
"Agam, is táid chómh tréan san
Go ndéanfaid dúinn an gnó!"
Le fághail in a mór-chodaibh ó'n té
dheinean —
TOMÁS Ó GORMÁIN
Port an Phápa, CORCAIGH.
CHÓMH-BLASTA LE h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
"LEANDAR"
Tá 'a dhéanamh i gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL, Ó MATHÚNA
Agus a gCualucht.
Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil.
I n-Éirinn a Deintear
"BRÓGA NA LAOÍ."
Táid le fághail i ngach sráid bhaile.
A Ghaedheala! Ceannuighidh
"ÉADACH na DRUIPSIGHE"
Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann
atá go Gaedhealach amuich is amach.
Muileann Éadaigh na Druipsighe (teo.)
Co. Chorcaighe.
CUILINN UÍ CHAOIMH.
(ar leanamhaint.)
D'fhan cuid de mhuinntir Chaoimh timcheall
Chuileann ach do sheunadar nósa a sinnsear
a d'iarraidh aithris do dhéunamh ar a sean-
naimhdibh agus ba mhinic do chuadar i gcoinnibh a
dtíre agus a ngaolta féin mar do dhéin a lán
seana-treabh eile nárbh' iad, agus dá dheascaibh
sin b'é sean-fhocal do bhí le rádh ag sna
daoinibh leó:
"Sliocht Chuirc sliocht an fheill agus an uilc."
Leis sin d'iompuigheadar amach go h-olc
agus go bocht 'n-a dhiaidh.
Do bhí Ua Caoimh lá ag caitheamh tionóinte
amach agus ar shroisint na h-áite dhó dúbhairt
sé le muintir an tighe imtheacht. Do bhí lán-
amha mheadhon-aosta i n-a gcomhnuighe ann agus
lán an tighe de pháistibh óga aca. Do
chuadar amach gan aon achrann. An duine
deireannach tháinig amach b'í an tseana-
mháthair í; agus nuair chonnaic sí Ua Chaoimh ar
an mbán d'iompuigh ar a mac féin agus do chas
an t-ologón so go fuidheach, feargach: —
"Gaol na ropairí ngroidhe,
Do théigheadh go h-Eachdhroim síos,
Ag seasamh cirt Uí Chaoimh.
Sin é agam mo dhíol:
Mac mo mhic fé'n ngaoith,
Is an luisnig trí mhullach a thighe."
Do bhí fód teine i láimh Uí Chaoimh chun an
tighe do dhóghadh, acht nuair do chuala sé
rann na seana-mhná do chaith uaidh an spéidh
agus dúbhairt: "Thugais d'éitheach, a chailleach."
Do mhaith sé dhóibh an cíos láithreach, agus do
chuir isteach thar n-ais iad airís gan cíos,
gan cáin, gan íoc, gan éileamh.
Do leanadar ar an nós san fé scléip agus
fé rachmas i dtreó nuair do bhíodh dinnéar
mór i gCuilinn aca go mbíodh: —
"Maonus is fiche,
Ag teacht go h-Éithghleann Chuileann,
Agus gan aon aca
Gan maighdean nó bruinneall."
Timcheall le ceud go leith bliadhain ó
shoin thosnuigh muintear Uí Chaoimh ar thuitim
gidh go rabhdar go h-acfuinneach go dtí san
i rachmas agus i saidhbhreas agus gach nídh nách mór
ar a dtoil féin aca; acht tháinig an casadh
mar thigeann ar gach nídh saoghalta agus do
chromadar ar meath go tapaidh i dtreó ná
fuil aon duine de'n tshliocht díreach i
gCuilinn Chraobhach an Ealla indiu. Mar
seo do scaradar le n-a gcuid i ndiaidh ar
ndiaidh ionnus gur cuireadh 'sa' deire i
dtabhairt — taoibh le h-aon fhearann amháin
iad go dtugtaoi Pobal Uí Chaoimh air,
leirg mhór gharbh de thalamh sléibhe do b'eadh
é, agus do chailleadar é seo leis le baoth-
dhearmhad.
Do bhí táilliúir ag obair i dtigh Uí Chaoimh
uair. Do theip air páipéirí d'fhaghbháil chum
miosúirí do dhéanamh asta, mar ní bhíodh aon
mhiosúirí d'á ndíol coitcheannta an uair sin.
Do bhí sé ag raobsáil ar fuid an tighe riamh
agus choidhche go bhfuair sé an meamram i
n-a raibh scríobhtha teideal Uí Chaoimh ó'n
gCoróin. Ní tuisce do chuir an táilliúir
súil air ná dubhairt leis an gcoimeádaidhe
tighe gurbh 'in é díreach ar áilneacht Éireann
é. Do ghearr sé i n-a ribínibh é. Do bhí
treabh eile muintear Chróinín, teorantach
le muintir Uí Chaoimh agus ní ró mhaith do réidh-
tigheadar riamh le chéile. Chómh luath agus do
fuair Mac Uí Chaoimh amach go raibh teideal
Uí Chaoimh briste do dhein uisce fé thalamh
ar Ua Caoimh agus b'é críoch an scéil gur thóg-
adar muinntear Chróinín Pobal Uí Chaoimh
chúcha féin. Do shealbhuigheadar é ar feadh
roinnt bliadhanta acht, fé dheire fuair
an Choróinn amach go rabhadar 'ghá shealbh-
ughadh go neamh-dhleaghthach agus do thóg an riagh-
altas uatha é. As san amach bhí mioscais agus
droch-aigne idir an dá threibh.
Pé lá san tseachtmhain go dtuitfeadh an
cúigheadh lá fichead de mhí Iúil air b'in lá
Fhéile Laitiaran i gCuilinn, acht chum stainn-
cín do dhéanamh ar mhuintir Uí Chaoimh agus
d'fhonn an Pátrún do lot do chuir Mac Uí
Chróinín aonach ar bun i gCnoc na Groidhe
trí mhíle siar ó Chuilinn. Ar an adhbhar san
do b'éigean do mhuintir Chuileann an Pát-
rún d'aistriúghadh go dtí an Domhnach roimis
an gcúigeadh lá fichead agus sin lá Pátrúin
Laitiaran riamh ó shoin.
Mar gach sean-treabh, bhí caointeóirí sidhe
ag leanamhaint Sliocht Uí Chaoimh le sinn-
searacht. Ní bean sidhe do bhí ghá leanamh-
aint acht mar do bheadh gaidhríní ag gol shuas
in san spéir. Is minic do bhainidís geit a
n-anma as daoinibh na tuatha i lár na
h-oidhche ar cloisint dóibh sceamhghail
"Gaidhríní Uí Chaoimh," mar bhí fhios acu go
raibh duine de'n tsean-stoc imthighthe ar
shlíghe na fírinne. Do ghearrfaidís fíoghar
na Croise ortha féin, agus d'iarrfaidís ar
Laitiaran bheannuighthe go ndeineadh sí díon
dóibh agus do chuirfidís a nguidhe chum Dia na
Glóire ag impidhe Air solus na bhFlaitheas
do thabhairt do'n anam bhocht. Acht d'imthigh
an sean-treabh. B'é Domhnall Ua Caoimh do
cailleadh i dtig na mbocht i Sráid an
Mhuilinn breis is triocha bliadhan ó shoin an
chraobh dheireannach de'n tsliocht fírinneach.
Chualthas na gaidhríní ghá chaoineadh ins an
spéir oidhche a bháis agus oidhche a thórraimh mar
ba ghnáthach le n-a shinnsearaibh, ach níor
h-airigheadh riamh ó shoin iad.
(A chríoch).
Do'n Léightheóir.
Nuair a bheir ag scrí chun lucht siopa nó ag
caint leó, cuir in-iúl dóibh, le d'thoil, gur
sa "Lóchrann," a chonnaicís an fógra aca.
FÓGRAÍ Ó BHAILE ÁTHA CHLIATH, agus rl.
Ceannuigh "MUINNTEAR na TUATHA."
Leigh é, agus tabhair an leabhar
do Ghaedheal eile. 2/- a fhiacha.
Ó Mhuinntir Ghuill, Áth Cliath.
A Ghaedheala! Ceannuighidh róthar Gaedhealach .i.
"AN LÚCÁNIA"
(de dhéantús na hÉireann)
ó
Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat.
TÁILLIÚREACHT agus gach rud
i bhfuirm éadaigh do fhearaibh!
Níl dá ndíol againn-ne ach earraí a deineadh
i nÉirinn.
Ó GLASÁIN IS A CHUA,
11 Sráid Uí Chonaill, BAILE ÁTHA CLIATH.
Tá árd-teist ar
MHUINTIR HILLIARD (teo.)
CÍLL ÁIRNE,
De bhárr an chuma in a gcabhruighid
le déantúisí na hÉireann. Ní gádh
earraí thar lear do cheannach, agus
Seogh Earraí
Gaedhealacha
Le fághail in a dtigh sin. An siopa
éadaigh is mó agus is fearr
i gCiarraidhe.
Tig a 6 agus a 7 sa' tSráid Mhóir,
CÍLL ÁIRNE.
COLÁISTE AN DAINGIN,
I gCIARRAIDHE.
Seasóin — Iúl agus Lughnasa, 1916.
Técseana i gcóir na Gnáth-theiste:
"An Cleasaidhe" (An tAthair Peadar).
"Réalta den spéir" (Connradh na Gaedhilge).
"Ceachta Cainte Gramadaighe" S. Ó Catháin).
"Aids to Pronunciation of Irish" (Na Bráithre
Criostamhla).
Tá gach eolas eile le fághail ó
PHÁDRAIG Ó CORCORDHA, Rúnaidhe,
Daingean Uí Chúise, i gCiarraidhe.
IOLSCOIL NA MUMHAN
atá i RINN Ó gCUANACH
is na DÉISIBH.
Beidh an obair ar siubhal ann mar is
gnáth ar feadh mí an Iúil agus
Lughnasa i mbliadhna.
TOGHA agus ROGHA NA GAEDHILGE
LE FÁGHBHÁIL ANN.
Atá gach cúntas is tuarascbháil le
fághbháil ó'n bhfear le scriobhadh:
.i. P. Ó CADHLA, Iolscoil na Mumhan,
Rinn ó gCuanach.
Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail.