Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Jimín Mháire Thaidhg
Title
Jimín Mháire Thaidhg
Author(s)
Ó Siochfhradha, Pádraig,
Pen Name
Bhn Smmbhbc / Seabhac, An / Sigfrid
Composition Date
1919
Publisher
Comhlacht Oideachais na hÉireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Jimín Mháire Thaidhg</title><author><name type="main">Pádraig Ó Siochfhradha</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">LM120</note> <note type="L">1</note> <note type="B">1919</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2013</date><idno>LM120</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>Jimín Mháire Thaidhg</title><author>Pádraig Ó Siochfhradha</author><imprint><publisher>Comhlacht Oideachais na hÉireann</publisher><date>1919</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>FÁILTE ROIME "JIMÍN"</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Go mairir, a Jimín, 's an máistir adubhairt leat scrí'.</span> <lb n="4"/><span>Nár chrapaid a cuisle, sa bhfeamnaigh fuair tu id'</span> <lb n="5"/><span>naoidhean;</span> <lb n="6"/><span>Do mham 's í 'r buile ar do shalaibh le fuadar nimhe,</span> <lb n="7"/><span>A's daid bocht ag rinnce le h-áthas - ní mór linn díbh.</span></p> <lb n="8"/> <lb n="9"/><p><span>Cás linn gan tuille s'láthar dúinn grinn is suilt</span> <lb n="10"/><span>"Seáinín" a's tusa na cáirde is suairce 'gainn;</span> <lb n="11"/><span>Fáilte romhat chugainn ón dtráigh úd gan ghruaim, a mhic,</span> <lb n="12"/><span>'S dá fhaid againn fhanfair led' gháire is móide ár gcion.</span></p> <lb n="13"/> <lb n="14"/><p><span>"MARBHÁN."</span></p> <lb n="15"/> <lb n="16"/><p><span>1919.</span></p> <lb n="17"/> <lb n="18"/><p><span>JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.</span></p> <lb n="19"/> <lb n="20"/><p><span>CAIBIDIOL 1.</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>MAR THÁINIG JIMÍN AR AN SAOGHAL IS MAR CHUIR</span> <lb n="23"/><span>SÉ DÚIL I gCÍSTE MILIS</span></p> <lb n="24"/> <lb n="25"/><p><span>An Máighistir adubhairt liom é seo a scríobh le cur go</span> <lb n="26"/><span>dtí "An Lóchrann." Cúntas a scríobh mar gheall orm</span> <lb n="27"/><span>féin - sin é dubhairt sé bhí uaidh. Ní fheadar cad ab áil</span> <lb n="28"/><span>leis "An Lóchrann" dá leithéid sin. B'fhéidir gurab</span> <lb n="29"/><span>amhlaidh atá an fear a bhíonn ag scríobh do ró leisciúil</span> <lb n="30"/><span>chun a thuille chur síos. Bíonn an Máighistir féin ró</span> <lb n="31"/><span>leisciúil uaireannta aon rud a dhéanamh agus cuireann</span> <lb n="32"/><span>sé ag léigheamh sinn agus téigheann sé féin amach sa</span> <lb n="33"/><span>phóirse ag caitheamh tobac. Rug cigire lá air ann.</span> <lb n="34"/><span>Ní maith leis an Máighistir cigirí ar shlí éigin. Ní</span> <lb n="35"/><span>maith liom féin na cigirí sin, leis. Bhí fear aca sa</span> <lb n="36"/><span>scoil iné agus níor labhair sé aon fhocal Ghaedhilge leis</span> <lb n="37"/><span>an Máighistir. B'ait linn é sin mar bhí sé ag baint</span> <lb n="38"/><span>sásaimh de 'na taoibh.</span></p> <lb n="39"/> <lb n="40"/><p><span>Tá sé chomh maith agam tosnú ar an gcúntas úd. Ní</span> <lb n="41"/><span>fheadar i gceart cá dtosnochad: dubhairt an Máighistir</span> <lb n="42"/><span>liom m'ainm a chur síos ar dtúis; ach ní féidir dom</span> <lb n="43"/><span>anois é chur síos ar dtúis mar tá barr an pháipéir seo</span> <lb n="44"/><span>lán. Cuirfead annso é: Jimín Mháire Thaidhg. Is mise</span> <lb n="45"/><span>Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail.</span> <lb n="46"/><span>Sin é an ainm atá ar mo dhaid; ach níl aon tor' ar mo</span> <lb n="47"/><span>dhaid bocht sa tigh seo agus ní thugann aonne a ainm sin</span> <lb n="48"/><span>orm-sa ach ainm mo Mham. Sí Máire Thaidhg mo mháthair,</span> <lb n="49"/><span>tá's agat. Is iongantach an duine Mam. Bíonn eagla</span></p> </div> <pb n="2"/> <div><lb n="50"/><p><span>orainn roimpi - me féin is Daid. Tugann sí sceimhle do</span> <lb n="51"/><span>Dhaid uaireannta. Sin é cúis go bhfuil Jimín Mháire</span> <lb n="52"/><span>Thaidhg orm-sa.</span></p> <lb n="53"/> <lb n="54"/><p><span>Rugadh mé fad ó - fad ó - ní cuimhin liom-sa cathain</span> <lb n="55"/><span>ach deir Seana-Bhrighid go bhfuil trí bliana déag ó shin ann.</span> <lb n="56"/><span>Deir sí go raibh ár dtigh-ne anamhór tré-na-chéile an oidhche</span> <lb n="57"/><span>thána-sa ann. Bhí gach aonne 'na shuidhe fea' na hoidhche.</span> <lb n="58"/><span>Seana-Bhrighid féin a fuair me sa bhfeamnaigh ar bharra-</span> <lb n="59"/><span>taoide. Bhí sceitimíní ortha go léir im' thaobh. Bhíos-sa</span> <lb n="60"/><span>ag béicigh ar mo dhícheall. Tháinig mná an bhaile go léir</span> <lb n="61"/><span>isteach agus bhíodar ag féachaint orm.</span></p> <lb n="62"/> <lb n="63"/><p><span>"Is breá an t-uchtach atá aige, bail ó Dhia ar an</span> <lb n="64"/><span>leanbh!" arsa Peig Neans.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>"Mhuiricín!" arsa Síle Eoin, "nach baileach a thug sé</span> <lb n="67"/><span>dhá shúil Sheana-Thaidhg leis?"</span></p> <lb n="68"/> <lb n="69"/><p><span>"Grádh Dé, óinsigh!" arsa Máire Aindí, "an caoch</span> <lb n="70"/><span>ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalach cruthanta é.</span> <lb n="71"/><span>Nach shin iad dhá shúil 'athar aige, agus an geannc beag</span> <lb n="72"/><span>sróna, agus an croiceann buidhe?"</span></p> <lb n="73"/> <lb n="74"/><p><span>"Gaibhim-se orm gur le n-a mháthair is deá'rataighe é,"</span> <lb n="75"/><span>arsa Síle.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>"Nárab eadh;" arsa Máire Aindí, "sé 'athair 'na</span> <lb n="78"/><span>chrot aonair é."</span></p> <lb n="79"/> <lb n="80"/><p><span>Bhí na mná ag dul i gcochall a chéile gur labhair Beit</span> <lb n="81"/><span>Mhór agus gur dhein sí spiorspear de'n scéal.</span></p> <lb n="82"/> <lb n="83"/><p><span>"Pé duine gur deá'rthach leis é," ar sise, "is caithiseach</span> <lb n="84"/><span>an leanbh é, bail ó Dhia air."</span></p> <lb n="85"/> <lb n="86"/><p><span>Annsan thóg m'athair buidéal as an gcurpad agus thug</span> <lb n="87"/><span>sé braon as dosna mná. Thug sé braon mór do Mháire</span> <lb n="88"/><span>Aindí. Dubhradar go léir, "go mairir a bhfuil nua</span> <lb n="89"/><span>agat!" nuair óladar é. Chuaidh an braon le n-a hanál</span> <lb n="90"/><span>age Síle Eoin agus bhíodar 'á bualadh sa drom. Bhí rí-rá</span> <lb n="91"/><span>mór aca annsan agus cainnt agus gáiridhe. Tháinig</span> <lb n="92"/><span>sciatháin ar m'athair agus dhein sé greas rinnce. Níl mo</span> <lb n="93"/><span>Dhaid go maith chun rinnce, tá's agat, ach 'chionn mise bheith</span> <lb n="94"/><span>aige, is dócha, bhí mórtas air. Ach do labhair mo Mham</span> <lb n="95"/><span>ón seomra agus dubhairt sí "as t-amadán fir sin a</span></p> </div> <pb n="3"/> <div><lb n="96"/><p><span>stop." Do stop mo Dhaid láithreach. Deineann sé rud</span> <lb n="97"/><span>uirthi i gcomhnaidhe. Daid bocht!</span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>Ní cuimhin liom-sa na rudaí sin do thuitim amach</span> <lb n="100"/><span>i n-ao' chor. Seana-Bhrighid d'innis dom iad. Ní dheineann</span> <lb n="101"/><span>Seana-Bhrighid sin aon chodla is dóigh liom. Bíonn sí</span> <lb n="102"/><span>amuich gach aon oidhche ag faire na trágha féachaint a'</span> <lb n="103"/><span>bhfaghadh sí aon bhunóc. Aon cheann aca thagann go dtí</span> <lb n="104"/><span>aon tigh sa pharóiste, sin í gheibheann iad istoidhche sa</span> <lb n="105"/><span>bhfeamnaigh, adeir sí. Níl aon bhunóc aca i dtigh Pheig</span> <lb n="106"/><span>Mhuirfí agus bíonn na mná go léir 'á rádh gur mór an</span> <lb n="107"/><span>truagh san. D'éaluigheas féin amach oidhche tríd an</span> <lb n="108"/><span>bhfuinneoig chun dul ar an dtráigh féachaint a bhfaghainn</span> <lb n="109"/><span>bunóc dóibh. Ní raibh aon rian de bhunóic ann cé gur</span> <lb n="110"/><span>chuarduigheas an fheamnach an fad ; ná ní raibh aon phioc</span> <lb n="111"/><span>de Bhrighid ann ach chomh beag. Ar maidin bhí leanbh fachta</span> <lb n="112"/><span>aici do mhuinntir Cláis Mhóir agus dubhairt sí liom-sa</span> <lb n="113"/><span>nuair chuireas ceist uirthi gur ar a' dtráigh a fuair sí í.</span> <lb n="114"/><span>Dubhart-sa léi go raibh an t-éitheach aici - go rabhas féin</span> <lb n="115"/><span>fea' na hoidhche annsan agus ná feaca í. Tháinig stad</span> <lb n="116"/><span>innti agus d'fhéach sí orm. Annsan dubhairt sí gur mé</span> <lb n="117"/><span>"an diabhailín" agus rug sí ar shlait chugham.</span></p> <lb n="118"/> <lb n="119"/><p><span>Na rudaí beaga go léir a thugann Seana-Bhrighid léi ní</span> <lb n="120"/><span>bhíonn aon chainnt aca ná ní fhéadfaidís rith ná siubhal.</span> <lb n="121"/><span>Ní dóigh liom go rabhas-sa riamh mar sin. Bhí cainnt mo</span> <lb n="122"/><span>dhóthain riamh agam - an iomad, adeireadh mo Mham. Níl</span> <lb n="123"/><span>aon leigheas agam air. Bíonn rudaí istigh ionnam agus</span> <lb n="124"/><span>ní fhanfaidís socair gan iad a rádh. Mara leiginn amach</span> <lb n="125"/><span>iad do bheadh tinneas orm aca agus is dócha go bhfaghainn</span> <lb n="126"/><span>bás. Agus tá rith maith agam leis. Rugas ar an</span> <lb n="127"/><span>ngamhain bhán indé ; agus rugas na cosa óm Mham nuair</span> <lb n="128"/><span>a bhí sí im' dhiaidh i dtaobh an chíste uachtair a dh'ithe.</span></p> <lb n="129"/> <lb n="130"/><p><span>Tá's agat, bhí súil aici an tráthnóna san le hinghin</span> <lb n="131"/><span>Mháire Aindí bhí tar éis teacht abhaile ó Bhleá Cliath, agus</span> <lb n="132"/><span>dhein sí císte uachtair 'na comhair agus chuir sí dorn rísíní</span> <lb n="133"/><span>ann agus siúicre rua. D'fhág sí 'á fhuaradh é ar bhonn a'</span> <lb n="134"/><span>dresser. Tháinig dúil mhallaithe agam féin ann nuair a</span> <lb n="135"/><span>fuaireas an bolath breá go léir uaidh, agus nuair d'imigh</span></p> </div> <pb n="4"/> <div><lb n="136"/><p><span>mo mham anáirde staighre do bhaineas oiread a' frí' as</span> <lb n="137"/><span>an gcíste. Mheasas go bhfaghainn bás bhí sé chomh milis</span> <lb n="138"/><span>sin! agus ar mh'anam, bhíos ó smut go smut go raibh</span> <lb n="139"/><span>bearna mhór déanta 'gam isteach sa chíste uachtair. Bhios</span> <lb n="140"/><span>scubhtha chuige, a dhuine!</span></p> <lb n="141"/> <lb n="142"/><p><span>Nuair a chuala Mam ag teacht anuas an staighre chuireas</span> <lb n="143"/><span>díom amach agus bhíos ag cur dhá ghamhain le Donncha Beag</span> <lb n="144"/><span>as an mbuaile. Chuala Mam ag cur aisti istigh. Tháinig</span> <lb n="145"/><span>sí 'on doras. "'Jimín!" ar sise agus ní go grámhar é.</span> <lb n="146"/><span>"Geo'-se 'mach!" arsa mise leis na gamhna. "'Jimín,</span> <lb n="147"/><span>adeirim leat," ar sise arís, ach bhí Jimín chomh bodhar le</span> <lb n="148"/><span>slis!</span></p> <lb n="149"/> <lb n="150"/><p><span>Níor dhein san dom mháthair é. Thug sí sciúird fúm.</span> <lb n="151"/><span>Bhí fiarshúil agam-sa ar an ndoras fea' na haimsire - bhí</span> <lb n="152"/><span>drochionntaoibh agam aisti, a dhuine - agus chonnac chugham í.</span> <lb n="153"/><span>As go bráth liom, a mhic ó, agus me ag caitheamh grin óm'</span> <lb n="154"/><span>shálaibh! Bhuel, a leithéid de rás ní fheachaís ón lá</span> <lb n="155"/><span>baisteadh thu - mise is mo Mham ag cur dinn, faid a bhí</span> <lb n="156"/><span>'nár gcroidhe! Dá mbeadh an bóthar díreach aici dhéanfadh</span> <lb n="157"/><span>mo Mham an bheart orm; ach nuair a bhíodh sí ag cur crúca</span> <lb n="158"/><span>im' chúl thugainn-se an cor di agus bhí sí 'á traochadh agam.</span> <lb n="159"/><span>Ní haon mhaith mná chun reatha. Annsan do bhuail sí a</span> <lb n="160"/><span>lurga ar cholltar an chéachta bhí caithte sa bhuaile. Bhí an</span> <lb n="161"/><span>phraiseach ar fuaid na mias annsan, a mhic ó! B'éigean</span> <lb n="162"/><span>di éirghe as an bhfiach. Bhí sí bacach ar feadh seachtaine.</span></p> <lb n="163"/> <lb n="164"/><p><span>Tríd an bhfuinneoig a chuas féin isteach an oidhche sin</span> <lb n="165"/><span>tar éis iad a dhul a chodla. Dubhairt Cáit liom - sin í</span> <lb n="166"/><span>mo dhrifiúr - go bhfuair m'athair sceimhle óm' Mham nuair</span> <lb n="167"/><span>tháinig sé isteach tráthnóna. Deineann sí é sin i gcomhnaidhe</span> <lb n="168"/><span>nuair a bhíonn fearg uirthi. Dubhairt sí ná raibh aon</span> <lb n="169"/><span>cheart aige an chéachta bheith san áit sin aige, agus thug sí</span> <lb n="170"/><span>"srimileálaidhe gan mhaith" air. Daid bocht!</span></p> <lb n="171"/> <lb n="172"/><p><span>Ní tháinig aonne de'n triúr againn chun bladair le n-a</span> <lb n="173"/><span>chéile go ceann seachtaine tar éis an chíste dh'ithe. Níor</span> <lb n="174"/><span>ghádh leath a' mhurdail. Nár cheart císte milis a thabhairt</span> <lb n="175"/><span>do bhuachaill bocht a bhíonn sa bhaile chomh maith is tabharfaí</span> <lb n="176"/><span>d' inghin Mháire Aindí é toisc í theacht abhaile ó Bhleá Cliath.</span> <lb n="177"/></p> </div> <pb n="5"/> <div><lb n="178"/><p><span>Measas go bfaghainn bás bhí sé chomh milis sin!</span> <lb n="179"/></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="180"/><p><span>BROID A MHÁTHAR AR JIMÍN IS AN BÁS A THUG</span> <lb n="181"/><span>SEISEAN DON MHÁIGHISTIR</span></p> <lb n="182"/> <lb n="183"/><p><span>Is fada liom go mbead mór. B'fhearr liom ná rud</span> <lb n="184"/><span>maith go mbeinn mór fásta mar annsan ní bheadh gach</span> <lb n="185"/><span>aonne sa mhullach orm fé mar bhíd siad anois. Is cruaidh</span> <lb n="186"/><span>an saoghal a bhíonn ag buachaillí dem' shaghas-sa - ní féidir</span> <lb n="187"/><span>linn faic a bharra a dhéanamh ná bíonn duine éigin ag</span> <lb n="188"/><span>bagairt orainn. An lá fé dheire bhuaileas ganndal Bheit</span> <lb n="189"/><span>Móire sa leathcheann le cloich is do ghearán Beit lem'</span> <lb n="190"/><span>Mham me. Dubhairt Mam le Beit gur mhór an náire dhi</span> <lb n="191"/><span>ganndal mallaithe a bheith aici agus go raibh scannradh ar</span> <lb n="192"/><span>leanbhaí an bhaile roimis agus dá mbeadh sí i n-aon bhaile</span> <lb n="193"/><span>eile gurab amhlaidh a cuirfí an dlí uirthi 'na thaobh.</span> <lb n="194"/><span>Chromas féin ar ghol le scannradh roimis an nganndal,</span> <lb n="195"/><span>mar 'dheadh, chun go dtagadh fearg ar mo mháthair chuig</span> <lb n="196"/><span>Beit. Mheasas ná déanfaí faic liom. Ach a dhuine, ní</span> <lb n="197"/><span>raibh aithne ar Mham agam! nuair d'imigh Beit abhaile go</span> <lb n="198"/><span>mí-shásta agus stadas-sa den ghol, a mhic ó, rug Mam</span> <lb n="199"/><span>orm agus thug sí léasadh dhom. Deirim leat gur dhíolas</span> <lb n="200"/><span>as an nganndal.</span></p> <lb n="201"/> <lb n="202"/><p><span>Araer bhíos ag marcaidheacht ar an ngamhain bhán agus</span> <lb n="203"/><span>chualaidh an baile me ag scréachaigh nuair a bhí Mam am'</span> <lb n="204"/><span>bhualadh. Dtuigeann tú? scréachaim chomh hárd is bhíonn</span> <lb n="205"/><span>im' chroidhe, féach' a' gcuirfeadh san stop leis an mbualadh</span> <lb n="206"/><span>nó an dtiocfadh aonne a shaorfadh me uaithe. Ní bhím</span> <lb n="207"/><span>leath chomh gortaithe is ba dhóigh leat, tá's agat. Deir</span> <lb n="208"/><span>siad nach fearúil an rud bheith ag gol ná ag béicigh ; ach</span> <lb n="209"/><span>ná caithfead-sa rud éigin a dhéanamh chun me féin a chosaint</span> <lb n="210"/><span>ar Mham.</span></p> <lb n="211"/> <lb n="212"/><p><span>Sí Mam mo namhaid aicionta. Ní stadann sí ach ag</span></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="213"/><p><span>gabháil dom go mbíonn mo chroidhe briste aici. Caithim</span> <lb n="214"/><span>an mhóin a bhreith isteach chúichi agus an t-uisce, agus</span> <lb n="215"/><span>caithim prátaí an dinnéir a phiocadh dhi sa tigh amuich. Má</span> <lb n="216"/><span>bhím annsan ag imirt phúiríní dhom fhéin nó ag caitheamh</span> <lb n="217"/><span>cnaipí ar an spric bíonn béic agus fiche 'ci orm go mbíonn</span> <lb n="218"/><span>an bhó bhradach sa chabáiste, agus caithim cur díom. Ní</span> <lb n="219"/><span>dóigh liom go mbeadh Mam sásta gan an bhó san a bheith</span> <lb n="220"/><span>ag dul sa gharrdha, mara mbeadh chun aon rud eile ach chun</span> <lb n="221"/><span>Jimín bocht a chrádh. Ní fheadar-sa cad chuige cuireadh</span> <lb n="222"/><span>máithreacha ar bhuachaillí i n-ao' chor. Ach dá mbeinn-se</span> <lb n="223"/><span>mór aon uair amháin ní bheinn i mbun bó ná gamhain a</span> <lb n="224"/><span>thiomáint di; ná ní chongochad an snáithín di chun é thochrais</span> <lb n="225"/><span>ná ní raghad le circ ghuir go tigh m'aintín ná ní bhead ag</span> <lb n="226"/><span>foghluim ceachtanna ar cheann an bhúird.</span></p> <lb n="227"/> <lb n="228"/><p><span>Níor chráidh riamh mé ach na ceachtanna cráidhte céadna.</span> <lb n="229"/><span>Ní bhíonn aon dul uatha agam aon oidhche. "A Jimín,"</span> <lb n="230"/><span>adeir Mam gach oidhche, "ar scríobhais do cheacht anocht?"</span> <lb n="231"/><span>Thriallas cúpla turus a rádh nár thug an Máighistir aon</span> <lb n="232"/><span>rud dúinn le déanamh sa bhaile; ach an riabhach, a mhic ó,</span> <lb n="233"/><span>ná gur chuir sí ceist ar Mhicilín Eoin annso 'muich agus</span> <lb n="234"/><span>do scéidh an spriosán orm. Ní raibh fhios agam aon ní</span> <lb n="235"/><span>gur thairrig Mam chúichi an tslat den chúllochta agus thug</span> <lb n="236"/><span>sí fúm treasna na lurgan. Ní raibh agam-sa ach cur díom</span> <lb n="237"/><span>suas 'on tseomra uaithe agus amach tríd an bhfuinneoig.</span></p> <lb n="238"/> <lb n="239"/><p><span>Chuas annsan ar lorg Mhicilín Eoin ach ní leigfeadh</span> <lb n="240"/><span>eagla dho teacht amach chugham. D'iarras air teacht amach</span> <lb n="241"/><span>chun go mbrisinn a phus, ach ní thiocfadh. Annsan bhíos ag</span> <lb n="242"/><span>glaodhach "peata" agus "pleidhce" agus "spiaire" air.</span> <lb n="243"/><span>Ach do labhair sé thar n-ais chugham: "Och, mhuise, a</span> <lb n="244"/><span>bhuachaillín bhoicht!" ar seisean, "ar bhuail do mhaimí thu?</span> <lb n="245"/><span>Och, maimí dána!" agus bhí sé inar sin ag magadh fúm go</span> <lb n="246"/><span>rabhas ar néal buile chuige.</span></p> <lb n="247"/> <lb n="248"/><p><span>Tá leasainm ag muinntir a' bhaile ar a athair agus</span> <lb n="249"/><span>cheapas gur mhaith an rud an ainm sin a thabhairt ar</span> <lb n="250"/><span>Mhicilín. "Bóiricín! Bóiricín! Bóiricín!" arsa mise.</span> <lb n="251"/><span>Ach, a dhuine, dheineas dearmhad. Bhí a athair istigh agus</span> <lb n="252"/><span>nuair a chuala sé an ainm, amach leis im' dhiaidh agus an</span></p> </div> <pb n="9"/> <div><lb n="253"/><p><span>gomh air chugham. Chuireas díom, a mhic ó, faid a bhí im</span> <lb n="254"/><span>chroidhe, agus fear an dá cos bhórach im' dhiaidh. Chuas</span> <lb n="255"/><span>amú air ameasc na dtighthe. Annsan seo leis chuig ár</span> <lb n="256"/><span>dtigh-ne chun me ghearán, cheapas. Ní túisce san ná mise</span> <lb n="257"/><span>istigh tríd an bhfuinneoig arís.</span></p> <lb n="258"/> <lb n="259"/><p><span>D'éirigh idir Eoin agus Mam ag an ndoras. Dubhairt</span> <lb n="260"/><span>seisean go raibh mac drochmhúinte aici a thug leasainm air</span> <lb n="261"/><span>féin. Dubhairt sí leis gur éitheach a bhí sé a chur ar an</span> <lb n="262"/><span>mbuachaillín bocht macánta (b'in mise, tá's agat) agus</span> <lb n="263"/><span>ná raibh sé amuich chuige, mar gur chuir sí féin sa tseomra</span> <lb n="264"/><span>é fiche neomat roime sin.</span></p> <lb n="265"/> <lb n="266"/><p><span>"Deirim-se leat go raibh sé ann," arsa Eoin.</span></p> <lb n="267"/> <lb n="268"/><p><span>"N'fhéadfadh a bheith," arsa Mam, "nach shin é ag</span> <lb n="269"/><span>glórghail sa tseomra fós féin é. Téanam ort go</span> <lb n="270"/><span>bhfeicir." Thánadar araon go dtí doras an tseomra.</span></p> <lb n="271"/> <lb n="272"/><p><span>"A' rabhais age tigh Eoin le leathuair a chluig, a</span> <lb n="273"/><span>Jimín?" arsa Mam.</span></p> <lb n="274"/> <lb n="275"/><p><span>Bhíos féin aireach.</span></p> <lb n="276"/> <lb n="277"/><p><span>"Cionnus fhéadfainn dul amach agus an doras dúnta</span> <lb n="278"/><span>agat-sa orm?" arsa mise.</span></p> <lb n="279"/> <lb n="280"/><p><span>"Deir Eoin go rabhais ann ag tabhairt 'Bóiricín' air</span> <lb n="281"/><span>féin," ar sise.</span></p> <lb n="282"/> <lb n="283"/><p><span>"Speabhraídí atá air ní foláir," arsa mise. "Bhí sé</span> <lb n="284"/><span>sa Daingean indiu ag díol muc."</span></p> <lb n="285"/> <lb n="286"/><p><span>D'imigh Eoin leis agus é ag rádh rud éigin leis féin.</span> <lb n="287"/><span>Nuair bhí sé imithe:</span></p> <lb n="288"/> <lb n="289"/><p><span>"A' rabhais ann, a Jimín," arsa Mam.</span></p> <lb n="290"/> <lb n="291"/><p><span>Ní dubhart féin aon fhocal. Tháinig sí agus d'fhéach sí</span> <lb n="292"/><span>ar mo chosa. Bhíodar fliuch salach ón rás a dheineas ó</span> <lb n="293"/><span>Eoin. D'fheach sí ar bhonn na fuinneoige agus chonnaic</span> <lb n="294"/><span>sí rian mo chos ann cé gur chuireas féin na potaí</span> <lb n="295"/><span>geranium anuas ortha go cúramach.</span></p> <lb n="296"/> <lb n="297"/><p><span>Bhuel, ní maith liom a innsint duit cad a thuit amach</span> <lb n="298"/><span>'na dhiaidh sin-bheadh náire orm. Bhí Micilín Eoin 'á rádh</span> <lb n="299"/><span>leis na garsúin eile gur bhain Mam an bríste dhíom, pé</span> <lb n="300"/><span>duine d'innis do é, agus gur ghaibh sí orm. Nílim-se 'á</span> <lb n="301"/><span>rádh gur dhein; ach tá's agam go rabhas chomh tinn sin san</span></p> </div> <pb n="10"/> <div><lb n="302"/><p><span>áit sin díom nár fhéadas suidhe ar feadh trí lá. Ní</span> <lb n="303"/><span>thuigim Mam i n-ao' chor. Cad chuige bhí sí am' chosaint</span> <lb n="304"/><span>i láthair Eoin agus annsan me bhualadh. Och, mhuise,</span> <lb n="305"/><span>b'fhearr liom go mbeinn mór.</span></p> <lb n="306"/> <lb n="307"/><p><span>Agus ní measa Mam chun mo bhuailte ná an Máighistir.</span> <lb n="308"/><span>Sé an Máighistir an tarna namhaid atá agam. Ní bhíonn</span> <lb n="309"/><span>stad air ach ag cur ceisteanna crua orainn le réidhteach</span> <lb n="310"/><span>gach aon lá - rudaí nár ghádh bacadh leo mar ní bhíonn siad</span> <lb n="311"/><span>i gceist i n-ao' chor. As a cheann amach is eadh cheapann</span> <lb n="312"/><span>sé iad gan ghádh gan riachtanas.</span></p> <lb n="313"/> <lb n="314"/><p><span>Ní hí sin an saghas ceiste bhí le réidhteach sa tSamhradh</span> <lb n="315"/><span>idir Eoin agus Donncha Beag. Thógadar móinéar eatartha</span> <lb n="316"/><span>agus nuair bhaineadar agus shábháladar é bhí trí cocaí</span> <lb n="317"/><span>móra agus cúig cocaí beaga agus taoscán féir ar fad</span> <lb n="318"/><span>ann. Ní fhéadfaidís an féar a roinnt 'na dhá leath</span> <lb n="319"/><span>codroma - an roinnt a mholfadh duine 'ca ní bheadh an fear</span> <lb n="320"/><span>eile sásta leis. Bhídís ag cur cocaí móra agus cocaí</span> <lb n="321"/><span>beaga agus ualaighe féir tré n-a chéile agus ag argóint.</span> <lb n="322"/><span>Thug Eoin bithiúnach ar Dhonncha Beag agus bhí Donncha</span> <lb n="323"/><span>d'iarraidh é sháth' le píce. Bhí muinntir a' bhaile d'iarraidh</span> <lb n="324"/><span>an roinnt a dhéanamh ach theip ortha. D'iarradar ar an</span> <lb n="325"/><span>Máighistir an cheist a réidhteach ach dubhairt sé ná féadfadh.</span> <lb n="326"/><span>Sa deire tugadh an féar 'n Daingean go dtí an mheádh</span> <lb n="327"/><span>agus sin mar a réidhtigheadh an cheist.</span></p> <lb n="328"/> <lb n="329"/><p><span>Ach níor stop san an Máighistir. Bíonn sé scubhtha</span> <lb n="330"/><span>chun ceisteanna cheapadh chun sinn a chur i bponnc. "Dá</span> <lb n="331"/><span>mbeadh ceithre cinn de mhuca ar aonach ag duine agus dá</span> <lb n="332"/><span>bhfaghadh sé cúig púint seascad ortha - an mór an ceann</span> <lb n="333"/><span>é sin?"</span></p> <lb n="334"/> <lb n="335"/><p><span>Sin é an saghas ceisteanna a bhíonn ag an Máighistir.</span> <lb n="336"/><span>Cad dob áil leis an Máighistir ná le haonne eile</span> <lb n="337"/><span>fhiafruighe an mór an ceann é sin. Má fuair an duine</span> <lb n="338"/><span>úd na 65 púint ar cheithre muca ná fágfadh an Máighistir</span> <lb n="339"/><span>mar sin é agus gan bheith ár gcrádh-na mar gheall ar an</span> <lb n="340"/><span>scéal. Ach ní fhágann - ní hé sin an saghas é.</span></p> <lb n="341"/> <lb n="342"/><p><span>Ar seisean linne lá - "Capall ar sodar - raghadh sé</span> <lb n="343"/><span>deich míle i n-uair a chluig: an mó míle ó bhaile bheadh sé</span> <lb n="344"/><span>i gcionn cheithre huaire fichead?"</span> <lb n="345"/></p> </div> <pb n="11"/> <div><lb n="346"/><p><span>Bhuel, ní raibh fhios agam-sa agus d'éirigheas as. Bhí</span> <lb n="347"/><span>cuid aca dhein é agus nuair a tháinig an Máighistir chomh</span> <lb n="348"/><span>fada liom-sa dh'fhéach sé orm.</span></p> <lb n="349"/> <lb n="350"/><p><span>"An amhlaidh ná fuil fhios agat é?" ar seisean.</span></p> <lb n="351"/> <lb n="352"/><p><span>"Níl, a Mháighistir," arsa mise.</span></p> <lb n="353"/> <lb n="354"/><p><span>Annsan chuir sé na figiúirí ar an gclárdubh. "A</span> <lb n="355"/><span>ceathair fé dheich?" ar seisean.</span></p> <lb n="356"/> <lb n="357"/><p><span>"Sin a dachad," arsa mise.</span></p> <lb n="358"/> <lb n="359"/><p><span>"A dó fé dheich?" ar seisean.</span></p> <lb n="360"/> <lb n="361"/><p><span>"Sin a fiche," arsa me féin.</span></p> <lb n="362"/> <lb n="363"/><p><span>"Agus a ceathair?"</span></p> <lb n="364"/> <lb n="365"/><p><span>"Sin a ceathair fichead," arsa mise. Chuir sé 240,</span> <lb n="366"/><span>annsan, síos.</span></p> <lb n="367"/> <lb n="368"/><p><span>"Anois an mó míle ó bhaile do bheadh sé?" arsan</span> <lb n="369"/><span>Máighistir.</span></p> <lb n="370"/> <lb n="371"/><p><span>"N'fheadar," arsa mise.</span></p> <lb n="372"/> <lb n="373"/><p><span>"Léan id' cheann cipín," arsan Máighistir, "ná</span> <lb n="374"/><span>tuigeann tú dá n-imigheadh capall 10 míle i n-uair a chluig</span> <lb n="375"/><span>go raghadh sé 240 míle i gceithre huaire fichead."</span></p> <lb n="376"/> <lb n="377"/><p><span>"Ní raghadh," arsa mise, "chaithfeadh sé stad nó</span> <lb n="378"/><span>thuitfeadh sé leis an ocras nó d'imeochadh crúdh uaidh nó</span> <lb n="379"/><span>raghadh cloch 'na chrúib nó…"</span></p> <lb n="380"/> <lb n="381"/><p><span>"Éist do bhéal," arsan Máighistir agus olc air chugham.</span> <lb n="382"/><span>"Sín amach do lámh."</span></p> <lb n="383"/> <lb n="384"/><p><span>Thairrig sé dhá stiall de shlait ar mo laipín, a mhic ó,</span> <lb n="385"/><span>a chuaidh tríom' chroidhe agus chuir sé síos go bun na scoile</span> <lb n="386"/><span>me nuair bhíos ag gol.</span></p> <lb n="387"/> <lb n="388"/><p><span>Bhíos i bhfad thíos im' shuidhe agus me cráidhte go leor</span> <lb n="389"/><span>agus mo chroidhe lán d'olc. Bhíos ag cuimhneamh ar an</span> <lb n="390"/><span>saghas báis ba mhaith liom a thabhairt don Mháighistir. Ba</span> <lb n="391"/><span>mhór an sásamh liom rith chuige agus é bhualadh deas agus</span> <lb n="392"/><span>clé agus é thachtadh agus a chorp a chaitheamh i bpoll portaigh</span> <lb n="393"/><span>agus cloch mhór ceangailte dá mhuineál. Nuair chuimhnigheas</span> <lb n="394"/><span>ar an gcapall úd a bhí aige a raghadh an 240 míle i n-aon</span> <lb n="395"/><span>ló, cheapas go gceanglochainn an Máighistir do agus go</span> <lb n="396"/><span>scaoilfinn leis, gan srian gan adhastar, agus é ag imeacht</span> <lb n="397"/><span>240 míle gach aon chúig neomataí, go dtiocfadh sé go</span></p> </div> <pb n="12"/> <div><lb n="398"/><p><span>bruach na faille agus go dtuitfidís araon síos, síos,</span> <lb n="399"/><span>síos go ndéanfaí iad a smiotadh 'na smidríní thíos ar na</span> <lb n="400"/><span>clocha i slí ná beadh fhios ag aonne ciaca smut de chapall</span> <lb n="401"/><span>nó smut de Mháighistir aon smut aca seachas a chéile.</span> <lb n="402"/><span>Ba mhór an sásamh liom an socrú san a bheith déanta</span> <lb n="403"/><span>agam ar an Máighistir agus annsan bhíos ag scríobh</span> <lb n="404"/><span>ceisteanna chun é chur i bponnc:</span></p> <lb n="405"/> <lb n="406"/><p><span>Ceisteanna ar an Máighistir -</span></p> <lb n="407"/> <lb n="408"/><p><span>Da mbeadh capall ann a raghadh 240 míle i n-aon ló,</span> <lb n="409"/><span>an mó míle raghadh an capall céadna i dtrí chéad</span> <lb n="410"/><span>bliain?</span></p> <lb n="411"/> <lb n="412"/><p><span>Má fuair Tadhg Mór £5 ar thrí cinn de chaoire ar</span> <lb n="413"/><span>aonach an Daingin, cad a gheobhadh an Máighistir ar</span> <lb n="414"/><span>an gcapall úd a chuaidh 240 míle i gceithre huaire</span> <lb n="415"/><span>fichead?</span></p> <lb n="416"/> <lb n="417"/><p><span>An mó cruach mhóna dhéanfadh mála súithe?</span></p> <lb n="418"/> <lb n="419"/><p><span>Bhíos ag gáiridhe liom féín leis an sult agus níor</span> <lb n="420"/><span>bhraitheas faic go raibh an Máighistir laistiar díom agus</span> <lb n="421"/><span>scearta mór gáire curtha aige as. Rug sé ar an</span> <lb n="422"/><span>bpáipéar uaim agus léigh sé do'n scoil ar fad é. Bhí an</span> <lb n="423"/><span>scoil go léír ag gáiridhe. Mheasas go raghainn síos tríd</span> <lb n="424"/><span>an dtalamh le náire. Bhí béal mór ar Mhicilín Eoin ag</span> <lb n="425"/><span>magadh fúm. Do chroch an Máighistir mo pháipéar bocht ar</span> <lb n="426"/><span>an bhfalla mar adhbhar spóirt. Deirim leat go rabhas</span> <lb n="427"/><span>buidheach nár scríobhas síos ann an bas úd a thugas do.</span> <lb n="428"/></p> </div> <pb n="13"/> <div><lb n="429"/><p><span>SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN IS MAR</span> <lb n="430"/><span>D'FHÓGAIR CÁIT SOS COMHRAIC</span></p> <lb n="431"/> <lb n="432"/><p><span>Nach ait na rudaí gearrchailí. Ní bhíonn aon mhaith</span> <lb n="433"/><span>ionnta chun aon ní ach chun screadaighe nuair dhéanfa aon</span> <lb n="434"/><span>ní leo, nó chun tu scríobadh leis na hingne nuair a bhíonn</span> <lb n="435"/><span>an t-olc ceart ortha. Tá ceann aca sa tigh againne:</span> <lb n="436"/><span>Cáit. Drifúr dom iseadh í agus is óige í ná mise. Tá</span> <lb n="437"/><span>sí 'na peata 'ge Mam agus ní bhíonn sí 'á bualadh mar</span> <lb n="438"/><span>bhíonn sí am' bualadh-sa agus ní ceart é sin. Is fearr</span> <lb n="439"/><span>mise na Cáit ar gach aon tsórt slí ach cad é an mhaith sin</span> <lb n="440"/><span>- ní fhaghaim-se aon ní ó Mham ach an tslat agus gheibheann</span> <lb n="441"/><span>Cáit peataireacht. Ma dheineann Cait aon rud as an</span> <lb n="442"/><span>tslí ní thugann mo mháthair di ach scríob da teangain.</span> <lb n="443"/><span>Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a</span> <lb n="444"/><span>dhéanfadh Mam liom-sa é nach agam a bheadh an saoghal</span> <lb n="445"/><span>breá! Ní ghoilfinn da mbeadh sí ag cainnt go dtuiteadh</span> <lb n="446"/><span>an teanga aisti. Chuirfinn mo cheann fúm agus</span> <lb n="447"/><span>d'imeochainn amach 'on stábla fé mar dheineann Daid.</span></p> <lb n="448"/> <lb n="449"/><p><span>Ach níl aon mhaith i gCáít. Deir mo mháthair liom bheith</span> <lb n="450"/><span>ag imirt léí, agus bím ar mo dhícheall. N'fhéadfadh sí</span> <lb n="451"/><span>aon léim a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhaith chun reatha</span> <lb n="452"/><span>innte. Bhí cnaipí deasa aici agus dubhairt léi imirt agus</span> <lb n="453"/><span>do bhuadhas uaithe na cnaipí go léir do bhí sa bhosca aici.</span> <lb n="454"/><span>Chrom sí ar ghol, a mhic ó! agus níor theastuigh uaithe iad</span> <lb n="455"/><span>a thabhairt dom i n-ao' chor, ach bhaineas di iad. Ach, a</span> <lb n="456"/><span>dhuine! thairrig sí an tigh orm leis an screadaigh agus</span> <lb n="457"/><span>nuair tháinig Mam bhain sí gach aon chnaipe aca dhíom;</span> <lb n="458"/><span>agus bhain sí mo chuid féin, leis, díom a bhí ar chórda agam.</span> <lb n="459"/><span>D'fhiafruigh sí cá bhfuireas iad go léir. D'innseas di</span> <lb n="460"/><span>gur bhuadhas ó sna buachaillí eile ar scoil iad ach níor</span></p> </div> <pb n="14"/> <div><lb n="461"/><p><span>shásaimh san í gan féachaint ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe</span> <lb n="462"/><span>ann agam ach trí puill déanta agam ann agus na</span> <lb n="463"/><span>guaileáin greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus</span> <lb n="464"/><span>tairrnge trí n-órdlach.</span></p> <lb n="465"/> <lb n="466"/><p><span>Dhein Mam beart náireach orm annsan: chuir sí iachall</span> <lb n="467"/><span>orm an dá chipín agus an tairrnge a chaitheamh uaim agus</span> <lb n="468"/><span>an bríste chongáil suas lem' dhá láimh. Chaitheas trí la</span> <lb n="469"/><span>mar sin go raibh mo chroidhe briste. Ach níorbh é sin a</span> <lb n="470"/><span>chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin a' magadh</span> <lb n="471"/><span>fúm. Ní fhéadfainn rith 'na dhiaidh, tá's agat, agus chráidh</span> <lb n="472"/><span>sé me go raibh an gomh orm chuige.</span></p> <lb n="473"/> <lb n="474"/><p><span>An tríomhadh lá chuas go dtí Mam. "A Mham," arsa</span> <lb n="475"/><span>mise, "cuir isteach na cnaipí dhom, má-má-má's é do thoil</span> <lb n="476"/><span>é. Ní ghearrfad amach aon cheann go bráth arís."</span></p> <lb n="477"/> <lb n="478"/><p><span>D'fhéach sí orm. Bhí sí d'iarraidh a dhéanamh amach cad</span> <lb n="479"/><span>é an fuadar a bhí fúm.</span></p> <lb n="480"/> <lb n="481"/><p><span>"Á! dein, a Mhaimí," arsa mise, "agus bead im'</span> <lb n="482"/><span>buachaillín maith."</span></p> <lb n="483"/> <lb n="484"/><p><span>"Um-m-m," ar sise, "n'fheadar an tsaoghal cad é an</span> <lb n="485"/><span>t-atharú so teacht ort. Mar sin féin cuirfead isteach</span> <lb n="486"/><span>iad; ach má bhíonn sé den diabhar ort go gcuirfir scian</span> <lb n="487"/><span>ar aon cheann eile 'ca bainfead an croiceann díot;"</span> <lb n="488"/><span>agus faid a bhí sí ag cur na gcnaipí isteach bhí sí am' chrothadh</span> <lb n="489"/><span>mar dhéanfadh madra le franncach. "Seadh 'migh ort</span> <lb n="490"/><span>anois," ar sise nuair bhíodar istigh aici agus na guaileáin</span> <lb n="491"/><span>i bhfearras arís orm.</span></p> <lb n="492"/> <lb n="493"/><p><span>Do bhuaileas an doras amach go breá bog agus síos</span> <lb n="494"/><span>an buaile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam 'á</span> <lb n="495"/><span>chongáil suas, mar 'dheadh. Ní fada chuas nuair chonnaic</span> <lb n="496"/><span>Micilín Eoin arís me agus seo chugham é agus draid air</span> <lb n="497"/><span>ag magadh fúm.</span></p> <lb n="498"/> <lb n="499"/><p><span>"Bríste ar bhais!" ar seisean. "Bríste ar bhais!</span> <lb n="500"/><span>Hí-ú! Hí-ú!"</span></p> <lb n="501"/> <lb n="502"/><p><span>Theastuigh uaim é mhealladh i n-aice liom. "Caith</span> <lb n="503"/><span>crúistín nó cloch liom agus tairrig ort me," arsa mise.</span></p> <lb n="504"/> <lb n="505"/><p><span>"Caithfead, bhríste ar bhais," ar seisean agus chrom</span> <lb n="506"/><span>sé síos chun cnapán laithighe d'fhagháil a chaithfeadh sé liom.</span> <lb n="507"/><span>Sin é an uair a phreabas chuige. Nuair a chonnaic sé</span></p> </div> <pb n="15"/> <div><lb n="508"/><p><span>'teact me agus gan aon lámh i n-aon phóca liom chuir sé</span> <lb n="509"/><span>béic as agus siúd leis agus é a' screadaigh. Thána suas</span> <lb n="510"/><span>leis agus thugas cor coise dho agus shíneas ar a' dtalamh é.</span> <lb n="511"/><span>Shuidheas anuas air annsan agus sháthas a shrón síos sa</span> <lb n="512"/><span>laithigh.</span></p> <lb n="513"/> <lb n="514"/><p><span>"Abair 'bríste ar bhais' anois, a Mhicilín," arsa mise,</span> <lb n="515"/><span>agus chuireas dorn laithighe síos laistigh dá léine. "Hop,</span> <lb n="516"/><span>a chapaillín," arsa mise leis agus me síos, suas ar a</span> <lb n="517"/><span>dhrom. Bhaineas sásamh mo chroidhe as agus bhí anaspórt</span> <lb n="518"/><span>agam air go ceann tamaill.</span></p> <lb n="519"/> <lb n="520"/><p><span>Sin é uair a tháinig Cáit agus do loit sí an spórt orm.</span> <lb n="521"/><span>"Ó! faire, mo náire, 'Jimín," ar sise, agus dh'fhéach sí</span> <lb n="522"/><span>orm agus a dhá súil mhóra ag cromadh ar ghol. Dar fia,</span> <lb n="523"/><span>a dhuine, do stadas. D'imigh an spórt as an scéal dom</span> <lb n="524"/><span>ar chuma éigin.</span></p> <lb n="525"/> <lb n="526"/><p><span>"Mo náire é an bullaí mór," ar sise arís liom. An</span> <lb n="527"/><span>riach, a mhic ó, go dtáinig náire orm féin. N'fheadar</span> <lb n="528"/><span>i n-ao' chor ca' 'na thaobh. D'éirigheas de Mhicilín agus</span> <lb n="529"/><span>ná feadar cad a bhíos a dhéanamh. Nuair a dh'éirigh sé sin</span> <lb n="530"/><span>bhí sé ag gol agus bhí sé go léir salach ón laithigh. Chuaidh</span> <lb n="531"/><span>Cáit anonn chuige agus bhí sí 'féachaint air; annsan d'fhéach</span> <lb n="532"/><span>sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ghoil</span> <lb n="533"/><span>sí agus í d'iarraidh casóg Mhicilín a ghlanadh le sliogán</span> <lb n="534"/><span>ruacan. N'fheadar cad é an donas a tháinig orm féin.</span> <lb n="535"/><span>Bhí náire orm. Níor fhan aon mheas agam orm féin.</span> <lb n="536"/><span>Thabharfainn aon rud dá bhféadainn an rud a dheineas le</span> <lb n="537"/><span>Micilín a chur ar neamh-ní. Níor lú liom aon duine ar</span> <lb n="538"/><span>an saoghal ar an nóimeat san ná Jimín Mháire Thaidhg. Bhí</span> <lb n="539"/><span>Cáit ag glanadh leis an sliogán agus Micilín ag congáil</span> <lb n="540"/><span>na casóige dhi agus iad araon ag gol.</span></p> <lb n="541"/> <lb n="542"/><p><span>Bhí sé déanta 'gam sarar thuigeas cad a bhí ar siubhal</span> <lb n="543"/><span>agam. Chuas anonn chucha agus rugas ar an sliogán uaithe</span> <lb n="544"/><span>agus thosnuigheas ar scríobadh.</span></p> <lb n="545"/> <lb n="546"/><p><span>"Mo ghrádh thu, 'Jimín," arsa Cáit.</span></p> <lb n="547"/> <lb n="548"/><p><span>Ní fhéadfainn aon fhocal a rádh. Tháinig rud éigin ait</span> <lb n="549"/><span>im' scórnaigh agus im' shúile agus bhíos ar mo dhícheall</span> <lb n="550"/><span>d'iarraidh gan gol ach do rith deoir mhór anuas ar feadh</span> <lb n="551"/><span>na sróna agam agus annsan ritheadar go léir anuas. Ní</span></p> </div> <pb n="16"/> <div><lb n="552"/><p><span>dubhart aon ní ach chonnaic Cáit me agus rith sí anall</span> <lb n="553"/><span>chugham agus chuir sí a lámh orm.</span></p> <lb n="554"/> <lb n="555"/><p><span>"Maith a' buachaill thu, a dhritheáirín," ar sise agus</span> <lb n="556"/><span>thriomuigh sí mo shúile leis an mbib a bhí uirthi. Do bhíos</span> <lb n="557"/><span>ar mo dhícheall ag glanadh Mhicilín agus ná stadfainn ar</span> <lb n="558"/><span>chapall nó go stadadh an fonn guil a bhí orm. Do stad</span> <lb n="559"/><span>fé dheire nuair bhí an laithigh ar fad scríobtha.</span></p> <lb n="560"/> <lb n="561"/><p><span>Annsan do gháir Cáit. "An ndéanfaidh sibh muinn-</span> <lb n="562"/><span>tearthas anois?" arsan cladhaire. D'fhéachas féin ar</span> <lb n="563"/><span>Mhicilín.</span></p> <lb n="564"/> <lb n="565"/><p><span>"Déanfad," arsa mise.</span></p> <lb n="566"/> <lb n="567"/><p><span>"Déanfad-sa leis," arsa Micilín.</span></p> <lb n="568"/> <lb n="569"/><p><span>"Agus ní bheidh sibh ag troid níos mó?" arsa Cáit.</span></p> <lb n="570"/> <lb n="571"/><p><span>"Ní bheimíd, a Cháit," arsa sinne.</span></p> <lb n="572"/> <lb n="573"/><p><span>"Ná ní thabharfaidh sibh ainmeacha gránna ar a chéile?"</span></p> <lb n="574"/> <lb n="575"/><p><span>"Ní thabharfam," arsan dá amadáinín.</span></p> <lb n="576"/> <lb n="577"/><p><span>Annsan do gháír Cáit agus rtih sí eadrainn istigh agus</span> <lb n="578"/><span>rug sí ar dhá mhuinchille orainn. "Rithidh," ar sise. As</span> <lb n="579"/><span>go bráth linn araon agus sinn ag tarrac Cáit 'nár ndiaidh</span> <lb n="580"/><span>agus sinn go léir ag gáirí. Bhuail máthair Mhicilín linn</span> <lb n="581"/><span>agus d'fhéach sí ar a chuid éadaigh.</span></p> <lb n="582"/> <lb n="583"/><p><span>"Cad a shailigh thu?" ar sise agus d'fhéach sí go</span> <lb n="584"/><span>hamhrasach orm féín.</span></p> <lb n="585"/> <lb n="586"/><p><span>"Is amhlaidh … is amhlaidh a thuiteas agus me ag … </span> <lb n="587"/><span>ag rás le Jimín, a mháthair."</span></p> <lb n="588"/> <lb n="589"/><p><span>Bhí an drochamhras aici orm.</span></p> <lb n="590"/> <lb n="591"/><p><span>"Agus cad a leag thu?" ar sise agus í ag cur na</span> <lb n="592"/><span>súl tríom-sa.</span></p> <lb n="593"/> <lb n="594"/><p><span>Mheasas go raibh léasadh eile 'teacht chugham ach do shaor</span> <lb n="595"/><span>Micilín me.</span></p> <lb n="596"/> <lb n="597"/><p><span>"Agus bhí an áit lan de laithigh; ach féach, a Mham, do</span> <lb n="598"/><span>ghlan Jimín agus Cáit me. Níor imigh seoid a bharra orm,"</span> <lb n="599"/><span>agus siúd le Micilín arís agus thairrig sé an bheirt eile</span> <lb n="600"/><span>'gainn leis. Anabhuachaill iseadh an Micilín sin - ní raibh</span> <lb n="601"/><span>fhios agam go dtí 'nois é.</span></p> <lb n="602"/> <lb n="603"/><p><span>Níl an náire imithe dhíom fós roime Cáit … ach táim</span> <lb n="604"/><span>anacheanúil uirthi agus ní chuirfidh me ag gol go deó 'rís í.</span> <lb n="605"/></p> </div> <pb n="17"/> <div><lb n="606"/><p><span>MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN CHAIT, SCÉALA AN</span> <lb n="607"/><span>AONAIGH IS CEANNACH NA mBRÓG DO JIMÍN</span></p> <lb n="608"/> <lb n="609"/><p><span>Tá feidhre nua bróg agam ó lá an aonaigh. Táid siad</span> <lb n="610"/><span>go gleóite deas agus táim ag tabhairt an-aire dhóibh.</span> <lb n="611"/><span>Táid siad anois go sciomartha glan os cionn na teine</span> <lb n="612"/><span>ar an lochta agus chífeá tu féin insa scáil atá ionnta.</span> <lb n="613"/><span>Mam do chuir anáirde annsan iad mar do bhínn gach aon</span> <lb n="614"/><span>neomat 'á gcimilt leis an scuaib agus ag piocadh aon</span> <lb n="615"/><span>ruaine laithighe bhí idir na tairngí istigh le blúire 'chipín.</span> <lb n="616"/><span>Sí chuir iachall orm, leis, iad a bhaint dhíom ar fad i lár</span> <lb n="617"/><span>na báistighe indé. Is amhlaidh a bhí log uisce, tá's agat,</span> <lb n="618"/><span>amuich sa bhuaile agus bhíos im' sheasamh 'na lár istigh agus</span> <lb n="619"/><span>an t-uisce go haltaibh orm. Bhíos ag triall na mbróg,</span> <lb n="620"/><span>'dtuigeann tú, féachaint an gcongochaidís an t-uisce</span> <lb n="621"/><span>amuich. Ach chonnaic Mam me tríd an bhfuinneoig agus</span> <lb n="622"/><span>thána-sa 'mach as an log uisce sin cuibheasach tapaidh,</span> <lb n="623"/><span>adeirim leat.</span></p> <lb n="624"/> <lb n="625"/><p><span>Níl aon réasún le Mam. Cad é an mhaith bróga nua a</span> <lb n="626"/><span>chongochadh uisce 'mach mara mbeadh uisce tiompall ortha</span> <lb n="627"/><span>d'iarraidh dul isteach? Ní bhfaghfá aon tsásamh as bróga</span> <lb n="628"/><span>mara mbeadh cead agat siubhal tré lár an uisce leo.</span></p> <lb n="629"/> <lb n="630"/><p><span>Ní raibh fhios agem' mháthair indé ca' 'na thaobh go raibh</span> <lb n="631"/><span>mo stocaí ar fad fliuch. Bhí sí 'á rádh gur drochleathar a</span> <lb n="632"/><span>bhí ins na bróga. Ní fheaca sí mise i n-ao' chor d'iarraidh</span> <lb n="633"/><span>an mála tharrac isteach as Poll a' Lín thíos ar maidin le</span> <lb n="634"/><span>maide féachaint cionnus a bhí an cat a chuireamair isteach</span> <lb n="635"/><span>ann iné roime sin. Chuas ró fhada 'mach ar an bhfaobhar,</span> <lb n="636"/><span>a dhuine, agus d'imigh an chos uaim agus ba dhóbair domh-sa</span> <lb n="637"/><span>dul i n-éineacht leis an gcat ach go rug Micilín Eoin orm</span> <lb n="638"/><span>agus gur thairrig sé aníos me.</span> <lb n="639"/></p> </div> <pb n="18"/> <div><lb n="640"/><p><span>Nuair thugamair an cat isteach bhí sé marbh. Dubhairt</span> <lb n="641"/><span>Micilín go dtiocfadh an t-anam arís ann mar gurab 'in</span> <lb n="642"/><span>nós age cataibh-éirghe ón mbás naoi n-uaire. Sin é cúis</span> <lb n="643"/><span>a bháthamair é, tá's agat-féachaint an éireochadh sé arís.</span> <lb n="644"/><span>Má fhanann sé marbh beidh murdal sa tigh seo 'gainne,</span> <lb n="645"/><span>mar sé ár gcat-na é agus tá Mam tosnaithe ar bheith ag</span> <lb n="646"/><span>cur a thuairisce. Dubhart-sa go fírinneach léi arbhú 'raer</span> <lb n="647"/><span>ná feaca ó mhaidin a' lae sin marbh ná beo é. Ní fheaca,</span> <lb n="648"/><span>leis, go dtí maidin iné. Bím ag dul síos chuige go</span> <lb n="649"/><span>minic ó shin féachaint a' mbeadh aon chorruighe ann, ach, dar</span> <lb n="650"/><span>fia, tá sé 'na stalca gan anam. Chuireas biorán ann</span> <lb n="651"/><span>agus dubhart "bhuis, bhuis, bhuis!" leis ach ní raibh gíog as.</span> <lb n="652"/><span>Féach, mara mbíonn sé 'na steillebheathaidh amáireach</span> <lb n="653"/><span>caithfidh Micilín a chat féin a chur sa mhála agus é bháth' i</span> <lb n="654"/><span>bPoll a' Lín.</span></p> <lb n="655"/> <lb n="656"/><p><span>Ach mar gheall ar an aonach-bhí ana-lá agam ann. Bhí</span> <lb n="657"/><span>sé le fada geallta dhom go leigfí ann me, agus bhíos ag</span> <lb n="658"/><span>coimeád na bpingní 'na chomhair. D'éirigheamair - me féin</span> <lb n="659"/><span>is Daid - ar a cúig a chlog agus chuamair leis an ngealaigh</span> <lb n="660"/><span>'on Daingean. Ceithre cinn de bheithígh a bhí againn. Gach</span> <lb n="661"/><span>aon bhearna a bhí ar thaobh an bhóthair thugaidís fé dhul isteach</span> <lb n="662"/><span>ann agus bhíodh Daid gach 'ra neomat 'á rádh liom "'Jimín,</span> <lb n="663"/><span>a bhuachaill, rith rómpa agus sáruigh iad san"; nó "preab</span> <lb n="664"/><span>isteach, a gharsúin, agus bagair amach í sin," nuair bhíodh</span> <lb n="665"/><span>ceann aca tar éis dul i bpáirc éigin. Is minic a bhíodh</span> <lb n="666"/><span>dhá chúrsa déag agam féin agus ag an mbeithíoch tiompall</span> <lb n="667"/><span>na páirce istigh sara ritheadh sé 'na ceann gur cheart di</span> <lb n="668"/><span>dul amach ar an mbóthar arís.</span></p> <lb n="669"/> <lb n="670"/><p><span>Níorbh aon ní áfach an bóthar isteach go dtánamair ar</span> <lb n="671"/><span>an sráid agus ar pháirc an aonaigh. Cheapas ná raibh</span> <lb n="672"/><span>oiread stuic i n-Éirinn! beithígh agus buláin agus ba</span> <lb n="673"/><span>agus tarbhaí agus caoire agus iad go léir ag búirthigh</span> <lb n="674"/><span>agus ag méiligh agus iad ag rith tré n-a chéile. Bhí fear</span> <lb n="675"/><span>ag gabháil lár an aonaigh suas agus fiche bulán aige i n-aon</span> <lb n="676"/><span>scata amháin agus triúr fear agus trí cinn de mhadraí</span> <lb n="677"/><span>'na ndiaidh agus "Habha-Habha" age sna fearaibh agus</span> <lb n="678"/><span>"Babha-abha" age sna madraí. Do scaipeadar rómpa</span></p> </div> <pb n="19"/> <div><lb n="679"/><p><span>soir, siar. Bhí seanduine ann is bó ar adhastar aige.</span> <lb n="680"/><span>Rith scata beithíoch isteach idir é féin agus an bhó.</span> <lb n="681"/><span>B'éigean do scaoileadh léi; ach bhí sé ag eascainí agus ag</span> <lb n="682"/><span>lochtú daoine go mbíonn scata mór beithíoch aca agus a</span> <lb n="683"/><span>bhíonn d'iarraidh an duine bocht a chaitheamh d'uachtar na</span> <lb n="684"/><span>talmhan!</span></p> <lb n="685"/> <lb n="686"/><p><span>Scaipeadh na ceithre beithígh orm féin is ar Dhaid trí</span> <lb n="687"/><span>huaire; agus bhí iongna mo chroidhe orm uair amháin</span> <lb n="688"/><span>nuair a chuir Daid scaimh air féin chun cleithire mhóir fhada</span> <lb n="689"/><span>go raibh maide 'na láimh aige, agus dubhairt leis, dar fia,</span> <lb n="690"/><span>go mbrisfeadh sé a mhuineál. Mheasas ná marbhochadh</span> <lb n="691"/><span>m'athair cat. D'imigh an fear eile agus is maith an bhail</span> <lb n="692"/><span>air gur imigh mar nuair a bhí sé tamall suas an t-aonach</span> <lb n="693"/><span>sin é uair a tháinig an t-olc go léir ar Dhaid.</span></p> <lb n="694"/> <lb n="695"/><p><span>[Nach ar Mham a bheadh an t-iongantas dá gcuireadh</span> <lb n="696"/><span>Daid an scaimh sin air fhéin chúichi nuair bheadh sí ag gabháil</span> <lb n="697"/><span>do. Ní fheadar cad a thuitfeadh amach dá n-abradh sé léi</span> <lb n="698"/><span>go mbrisfeadh sé a muineál!]</span></p> <lb n="699"/> <lb n="700"/><p><span>Tiompall a hocht a chlog tháinig na ceannathóirí ar an</span> <lb n="701"/><span>aonach. Plubairí reamhra b'eadh iad ar fad. Casóga</span> <lb n="702"/><span>móra ortha, órlach de bhonn fé sna bróga aca, bróga</span> <lb n="703"/><span>geanncacha ortha, géitéirí leathair go glúinibh ortha, bataí</span> <lb n="704"/><span>siubhail ag gach fear agus rian a choda ar gach aonne 'ca.</span> <lb n="705"/><span>Thánadar chughainne agus d'fhiafruigh gach duine aca dhem'</span> <lb n="706"/><span>athair an mór a thógfadh sé ar na beithígh. Ní "beithígh"</span> <lb n="707"/><span>adubhradar i n-ao' chor ach "ragaí" agus "creatlacha"</span> <lb n="708"/><span>agus "básacháin."</span></p> <lb n="709"/> <lb n="710"/><p><span>"Ocht bpúint déag an ceann," arsa Daid.</span></p> <lb n="711"/> <lb n="712"/><p><span>Ara 'mhic ó! sin é uair a dheinidís an chainnt. Ar</span> <lb n="713"/><span>dtúis cheapas ón gcainnt a bhí aca ná rugadh riamh leithéid</span> <lb n="714"/><span>mo Dhaid le spriúnlaitheacht agus le nea'-réasún; agus</span> <lb n="715"/><span>i bpáirt na mbeithíoch mbocht, do bheadh náire ort a admháil</span> <lb n="716"/><span>gur leat féin i n-ao' chor iad. Thagadh olc ar Dhaid</span> <lb n="717"/><span>uaireannta agus d'fhógruigheadh sé síos go dtí an leac is</span> <lb n="718"/><span>teo agus is íochtaraighe thíos i n-Ifreann iad. Deireadh</span> <lb n="719"/><span>cuid aca san leis gur túisce go mór a bheadh sé féin ann</span> <lb n="720"/><span>agus deiridís leis na ceithre "básacháin" a bhreith abhaile</span> <lb n="721"/><span>leis agus gal tobac a thabhairt dóibh.</span> <lb n="722"/></p> </div> <pb n="20"/> <div><lb n="723"/><p><span>I gcoinn tamaill eile bhraitheas go raibh tairbhe éigin</span> <lb n="724"/><span>ionnta mar thairrig fear trí púint déag an ceann ortha</span> <lb n="725"/><span>agus chuir fear eile go dtí a ceithre púint déag iad; ach</span> <lb n="726"/><span>thugaidís go léír "seanadh - l spriúnlaithe" ar Dhaid</span> <lb n="727"/><span>nuair na bogfadh sé ósna hocht bpúint déag. Fé dheire bhain</span> <lb n="728"/><span>sé anuas deich sgillinge agus nuair a chuaidh na ceanna-</span> <lb n="729"/><span>thóirí go dtí cúig púint déag do chaith Daid anuas deich</span> <lb n="730"/><span>sgillinge eile. Bhíodar ag druidim i gcomhgar dá chéile</span> <lb n="731"/><span>mar sin go dtí ar deire ná raibh eatartha ach leath-shobhrain.</span> <lb n="732"/><span>Do chruaidh an scéal annsan arís. Thagadh fear aca.</span> <lb n="733"/><span>Bhuaileadh sé stiall ar bheithíoch aca. "An mór iad so?"</span> <lb n="734"/><span>adeireadh sé.</span></p> <lb n="735"/> <lb n="736"/><p><span>"Sé púint déag deich a' ceann," adeireadh Daid.</span></p> <lb n="737"/> <lb n="738"/><p><span>"Sín amach do lámh," adeireadh an ceannathóir agus</span> <lb n="739"/><span>chaitheadh sé seile ar a bhais féin agus bhuaileadh sé buille</span> <lb n="740"/><span>den bhais sin anuas ar bhais m'athar.</span></p> <lb n="741"/> <lb n="742"/><p><span>"Tabharfad na sé púint déag duit ortha," adeireadh</span> <lb n="743"/><span>sé. Ní bhíodh Daid sasta agus d'imigheadh an ceannathóir</span> <lb n="744"/><span>sin agus é ar straidhn agus cheapainn féin ná tiocfadh sé</span> <lb n="745"/><span>i ngiorracht páirce dhem' athair ar feadh a shaoghail arís.</span> <lb n="746"/><span>Ach thagadh arís agus arís eile agus fé dheire deineadh an</span> <lb n="747"/><span>margadh nuair a bhailigh scata mór tiompall orainn féin</span> <lb n="748"/><span>agus ar an gceannathóir agus gur dheineadar an</span> <lb n="749"/><span>deifridheacht a scoltadh dhá uair. Se púint déag seacht</span> <lb n="750"/><span>is réal a fuaireamair.</span></p> <lb n="751"/> <lb n="752"/><p><span>Nuair a bhíomair ag dul go dtí an traen leo arsa</span> <lb n="753"/><span>mise lem' athair:</span></p> <lb n="754"/> <lb n="755"/><p><span>"Ca' 'na thaobh go rabhais chomh dian 'á ndíol, a Dhaid?"</span></p> <lb n="756"/> <lb n="757"/><p><span>D'fhéach sé 'na thiompall ar eagla go mbeadh aonne ag</span> <lb n="758"/><span>éisteacht.</span></p> <lb n="759"/> <lb n="760"/><p><span>"Do mháthair, a bhuachaill," ar seisean, "do mháthair!</span> <lb n="761"/><span>Sé púint déag a' ceann adubhairt sí liom a dh'fhagháil ortha</span> <lb n="762"/><span>agus ní bheadh aon ghnó abhaile 'gam gan an méid sin.</span> <lb n="763"/><span>Beidh an chuid eile 'gam féin, i gan fhios di. Ná leig</span> <lb n="764"/><span>aon ní ort, agus tabharfaidh mé sgilling duit ar ball."</span> <lb n="765"/><span>Agus do luigh sé an tsúil chlé orm agus dhein sé gáire</span> <lb n="766"/><span>agus thug sunnc d'á uillinn dom! Insa scéal so bhíos</span></p> </div> <pb n="21"/> <div><lb n="767"/><p><span>ar thaobh mo Dhaid - agus ní mar gheall ar an scilling é.</span></p> <lb n="768"/> <lb n="769"/><p><span>Tar éis na beithígh a chur sa traen iseadh thánamair ar</span> <lb n="770"/><span>an tsráid. Chuaidh Daid ar lorg an airgid agus chuas</span> <lb n="771"/><span>féin ag féachaint ar gach aon rud. Áit anamhór iseadh</span> <lb n="772"/><span>an Daingean agus ta mórán daoine ann. Siopaithe is</span> <lb n="773"/><span>mó atá aca, agus gach aon ait lan de phluda. Lucht tarta</span> <lb n="774"/><span>ar fad atá ann, ní foláir, mar deochanna ar fad a bhíd</span> <lb n="775"/><span>na siopaithe a dhíol. Ní fheadar cad a chuireann an tart</span> <lb n="776"/><span>go léir ar dhaoinibh nuair thagaid 'on Daingean. Bíonn</span> <lb n="777"/><span>taoscána móra cubhránacha de stuif éigin ghránna dhubh 'á</span> <lb n="778"/><span>slugadh síos aca mar bheadh gamhna ag ol bhainne; agus</span> <lb n="779"/><span>chífeá an súlach buidhe tiompall a mbéil agus ar a bpus</span> <lb n="780"/><span>fé mar bhíonn rian an bhainne ar an "sucaí" gamhna ata</span> <lb n="781"/><span>againne sa bhaile.</span></p> <lb n="782"/> <lb n="783"/><p><span>Tar éis tamaill do bhuail Daid arís liom. Bhí sé</span> <lb n="784"/><span>féin agus beirt eile ag teacht amach as tigh agus bhí sé</span> <lb n="785"/><span>ag triomú a bhéil. Chuireas i gcuimhne dho mar gheall ar</span> <lb n="786"/><span>an scilling úd agus fuireas uaidh í. Thug an bheirt eile</span> <lb n="787"/><span>tuistiún dom nuair a fuaireadar amach gur mac le</span> <lb n="788"/><span>Daid me.</span></p> <lb n="789"/> <lb n="790"/><p><span>"Is maith an garsún é, bail ó Dhia air," adubhairt</span> <lb n="791"/><span>duine aca.</span></p> <lb n="792"/> <lb n="793"/><p><span>"Ní fada go mbeidh sé sin chun maitheasa agat, a</span> <lb n="794"/><span>Shéamais," arsan fear eile aca lem' athair - ach d'imigheas-sa</span> <lb n="795"/><span>liom ag ceannach ubhall agus misleán agus brioscaí. Ní</span> <lb n="796"/><span>fada i n-ao' chor do sheasaimh ag scilling dom - tá an</span> <lb n="797"/><span>donas le daoire ar gach aon rud agus níor mhór duit</span> <lb n="798"/><span>mála pingní chun aon tsúlach a bhaint as lá sa Daingean.</span></p> <lb n="799"/> <lb n="800"/><p><span>I gcionn tamaill eile chuas ar lorg m'athar agus cá</span> <lb n="801"/><span>bhfaghainn é ach ar adhastar age Mam i lár na sráide thíos</span> <lb n="802"/><span>agus an bheirt aca am' lorg-sa. Bhí sise 'á rádh go raibh</span> <lb n="803"/><span>an garsúinín bocht caillte nó tuitithe leis an ocras agus</span> <lb n="804"/><span>gur chuma le n-a athair ach bheith caithte istigh i dtigh óil 'á</span> <lb n="805"/><span>théidheamh féin le puins. Bhí Daid d'iarraidh a chur 'na</span> <lb n="806"/><span>luighe uirthi gurab amhlaidh ná fanfainn 'na theannta agus</span> <lb n="807"/><span>ná raibh aon bhaoghal orm.</span></p> <lb n="808"/> <lb n="809"/><p><span>Rugadar leo annsan me ag ceannach bróg dom. Bhí</span></p> </div> <pb n="22"/> <div><lb n="810"/><p><span>feidhre stocaí age Mam a thug sí ón dtigh. Bhíomair i</span> <lb n="811"/><span>bhfad ag ceannach na mbróg. Do trialladh fiche feidhre</span> <lb n="812"/><span>orm sara rabhanair go léir sásta. Ní dóigh liom féin</span> <lb n="813"/><span>go raibh aonne sásta ach Mam. Ní rabhas-sa ró shásta</span> <lb n="814"/><span>leis na bróga fuaireas mar bhí tairngí ionnta. Bhí feidhre</span> <lb n="815"/><span>anadheas ann i mbosca agus leathar bog tanaidhe ionnta</span> <lb n="816"/><span>agus iad chomh héadtrom le sop. Ach theastuigh dhá phúnt</span> <lb n="817"/><span>ó fhear an tsiopa ortha agus dubhairt Mam gur deas</span> <lb n="818"/><span>fhéachfainn ag siubhal phludaigh leo agus ag gabháil tré log-</span> <lb n="819"/><span>anna uisce pé áit i bhfaghainn log uisce chun gabháil tríd.</span></p> <lb n="820"/> <lb n="821"/><p><span>Fuaireadar feidhre breá láidir dom ar a seacht fichead</span> <lb n="822"/><span>is réal agus buaileadh orm iad. Bhuaileas an doras</span> <lb n="823"/><span>amach leo, a mhic ó, agus suas an tsráid agus me ag</span> <lb n="824"/><span>baint teine as clocha na sráide leo. B'é céad duine</span> <lb n="825"/><span>bhuail liom ná Micilín Eoin.</span></p> <lb n="826"/> <lb n="827"/><p><span>"Hanaman riach, a Mhicilín!" arsa mise, "fan uaim</span> <lb n="828"/><span>amach nó satalochad ort."</span></p> <lb n="829"/> <lb n="830"/><p><span>D'fhéach Micilín ar na bróga.</span></p> <lb n="831"/> <lb n="832"/><p><span>"Tánn tú ceangailte dhen dtalamh aca," ar seisean.</span></p> <lb n="833"/> <lb n="834"/><p><span>Bhíodar an-aindeis, leis, orm, a dtuigeann tú, ach ní</span> <lb n="835"/><span>thabharfainn mar shásamh do-san go n-admhochainn é; ach</span> <lb n="836"/><span>díreach le n-a linn sin agus an bheirt againn ag siubhal</span> <lb n="837"/><span>síos an tsráid i n-aice an Bhainnc chuireas mo chos ar</span> <lb n="838"/><span>chroiceann oráiste agus ar mh'anam gur tógadh liom agus</span> <lb n="839"/><span>síneadh ar mo shlait me. Ní hiad na bróga leag i n-ao'</span> <lb n="840"/><span>chor me ach an croiceann mallaithe; ach ní hé sin adubhairt</span> <lb n="841"/><span>gach aonne a chonnaic me ach gurab amhlaidh ná raibh</span> <lb n="842"/><span>taithighe ar bhróga agam agus bhí Micilín féin ag gáirí.</span> <lb n="843"/><span>Bhíos chun iarracht den bhróig a thabhairt do nuair chuala</span> <lb n="844"/><span>dhá raispín de bhuachaillí an Daingin ag gáirí fé'n gcábóig</span> <lb n="845"/><span>tuaithe gur leag na bróga nua é. Bhí olc agus crádh</span> <lb n="846"/><span>croidhe orm féin agus thugas dorn sa phus do dhuine aca.</span> <lb n="847"/><span>Thug an bheirt aca-san fúm-sa ach leag Micilín duine aca</span> <lb n="848"/><span>agus rith an duine eile 'ca uaim féin. Bhíodar an chuid</span> <lb n="849"/><span>eile den tráthnóna ag faire orainn agus ag tabhairt</span> <lb n="850"/><span>"cábóg" agus rudaí eile orainn ach ní thiocfaidís i</span> <lb n="851"/><span>ngiorracht fiche ramhan dinn, mar bhíomair fara Daid agus</span> <lb n="852"/><span>mo mháthair.</span> <lb n="853"/></p> </div> <pb n="23"/> <div><lb n="854"/><p><span>Thugas dorn sa phus do dhuine aca.</span> <lb n="855"/></p> </div> <pb n="25"/> <div><lb n="856"/><p><span>Bhí sé déannach nuair thánamair abhaile an oidhche sin.</span> <lb n="857"/><span>Bhí Daid ag amhrán an bóthar aníos agus bhí Mam 'á rádh</span> <lb n="858"/><span>leis éisteacht ach ní thug sé aon tor' uirthi. Ní fheaca riamh</span> <lb n="859"/><span>mar sin cheana é. Nuair thánamair abhaile bhí sé d'iarraidh</span> <lb n="860"/><span>Mam a phógadh ach ní leigfeadh sí dho é. Mar sin féin ní</span> <lb n="861"/><span>raibh aon olc uirthi chuige nuair a dhein sé é. Chuir sí iachall</span> <lb n="862"/><span>air dul a chodla agus gan é ach a hocht a chlog.</span></p> <lb n="863"/> <lb n="864"/><p><span>Thugas misleáin agus ubhall go dtí Cáit agus bhí ana-</span> <lb n="865"/><span>shaoghal againn 'á n-ithe agus d'innseas di mar gheall ar</span> <lb n="866"/><span>an aonach agus an Daingean agus na rudaí deasa bhí ann.</span> <lb n="867"/><span>D'innseas di leis mar gheall ar an seacht is réal an ceann</span> <lb n="868"/><span>a chongaibh m'athair as fiacha na mbeithíoch; ach do gheall sí</span> <lb n="869"/><span>gan é innsint do Mham.</span></p> <lb n="870"/> <lb n="871"/><p><span>(Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is</span> <lb n="872"/><span>baoghal go bhfuil deire leis an saoghal so aige. Cad a</span> <lb n="873"/><span>dhéanfad má gheibheann Mam fios an scéil.)</span> <lb n="874"/></p> </div> <pb n="26"/> <div><lb n="875"/><p><span>CAIBIDIOL V.</span> <lb n="876"/><span>MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG IS</span> <lb n="877"/><span>DÚTHRACHT JIMÍN DON nGANNDAL</span></p> <lb n="878"/> <lb n="879"/><p><span>Caithfidh mé innsint mar gheall ar an Nodlaig a bhí</span> <lb n="880"/><span>againne. Chuaidh Mam dtí an Daingean cúpla lá roim</span> <lb n="881"/><span>Nodlaig - í féin agus Daid - agus thugadar an capall</span> <lb n="882"/><span>leo agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí an t-airgead</span> <lb n="883"/><span>ag Mam. Rug sí léi dhá ghé - chun ceann aca thabhairt do</span> <lb n="884"/><span>dhochtúir na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt d'fhear</span> <lb n="885"/><span>a' Bhainnc, mar sin é go bhfuil airgead Mham ar fad aige,</span> <lb n="886"/><span>agus tá anamheas aici air.</span></p> <lb n="887"/> <lb n="888"/><p><span>Faid a bhíodar sa Daingean chuas féin go dtí Gleann</span> <lb n="889"/><span>Doimhin agus an scian mhór agam agus téadáinín agus</span> <lb n="890"/><span>thugas abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas</span> <lb n="891"/><span>eidhneán i bhfothraigh na Cille. Nuair a bhíos a' gabháil</span> <lb n="892"/><span>thar doras aici tháinig Nell Mháire Aindí amach chugham ag</span> <lb n="893"/><span>bladar liom d'iarraidh go dtabharfainn roinnt chuilinn di.</span> <lb n="894"/><span>Cheap sí go mbeinn-se im' amadáinín aici, agus bhí sí am'</span> <lb n="895"/><span>mholadh agus ag tabhairt "buachaillín maith" orm agus 'á</span> <lb n="896"/><span>rádh go bhfaghainn féirín uaithe i gcomhair na Nodlag; ach</span> <lb n="897"/><span>ní rabhas-sa chomh símplí sin. Táim marbh ó gheallúintí</span> <lb n="898"/><span>ná tagann aon ní 'á mbarra.</span></p> <lb n="899"/> <lb n="900"/><p><span>[Mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa bhaile</span> <lb n="901"/><span>thugas cúpla craobh chuilinn anonn chúichi. Táim anamhór le</span> <lb n="902"/><span>Nell, tá's agat.]</span></p> <lb n="903"/> <lb n="904"/><p><span>Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonnaic sí an t-ualach</span> <lb n="905"/><span>mór a bhí agam an doras isteach. "Ó!" ar sise, "beidh</span> <lb n="906"/><span>an tigh go gleóite anois againn"; agus bhí sí ag féachaint</span> <lb n="907"/><span>ar na caora dearga a bhí ar a' gcuileann agus í ag rinnce</span> <lb n="908"/><span>tiompall an úrláir. "Ó! nách gleóite iad?" ar sise.</span> <lb n="909"/><span>"A' bhfeacaís riamh aon rud chomh deas?" Mar sin a</span></p> </div> <pb n="27"/> <div><lb n="910"/><p><span>bhíonn Cáit i gcomhnaidhe, mara bhfeiceadh sí ach neóinín nó</span> <lb n="911"/><span>pósaí bó bhleacht. Chloisfeá na cailíní go léir mar sin,</span> <lb n="912"/><span>a dhuine, leis gach aon tsórt ní.</span></p> <lb n="913"/> <lb n="914"/><p><span>Bhí ocras orm féin. "Caith uait na céapars san,"</span> <lb n="915"/><span>arsa mise, "agus tr'om rud éigin le n-ithe."</span></p> <lb n="916"/> <lb n="917"/><p><span>"Ó! mo dhearmhad!" arsa Cáit, agus thug sí cogar</span> <lb n="918"/><span>dom. "Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?"</span></p> <lb n="919"/> <lb n="920"/><p><span>"Cad é?" arsa mise.</span></p> <lb n="921"/> <lb n="922"/><p><span>Do gháir sí. "Ní 'neósad duit é," ar sise, "mar</span> <lb n="923"/><span>do scéidhfeá orm le Mam."</span></p> <lb n="924"/> <lb n="925"/><p><span>"Ar mh'anam ná scéidhfead, a Cháit!" arsa mise.</span></p> <lb n="926"/> <lb n="927"/><p><span>"Marbhochaidh sí mé i dtaobh an tsiúicre!" arsa Cáit.</span></p> <lb n="928"/> <lb n="929"/><p><span>"Cad é an siúicre, arú?" arsa mise.</span></p> <lb n="930"/> <lb n="931"/><p><span>"Agus mar gheall ar an uachtar!" ar sise.</span></p> <lb n="932"/> <lb n="933"/><p><span>"Hanaman diucs! a Cháit, an cístí mísle atá déanta</span> <lb n="934"/><span>agat?"</span></p> <lb n="935"/> <lb n="936"/><p><span>"Ó, ní 'neósad duit! ní 'neósad duit!" ar sise,</span> <lb n="937"/><span>agus bhí sí ag gáiridhe agus ag léimrigh ar an úrlár.</span> <lb n="938"/><span>Annsan chuaidh sí dtí an dresser agus thóg sí anuas dá</span> <lb n="939"/><span>chupán le cur ar an mbórd.</span></p> <lb n="940"/> <lb n="941"/><p><span>"Áh, hanamain! a Cháit," arsa mise, "innis dúinn</span> <lb n="942"/><span>cad tá agat."</span></p> <lb n="943"/> <lb n="944"/><p><span>"Ní 'neósad, ní 'neósad," ar sise, agus do gháir sí</span> <lb n="945"/><span>agus bhí sí ag rinnce agus ag caitheamh a cos agus n'fheaca</span> <lb n="946"/><span>sí an t-eidhneán ar an úrlár gur leag sé í, agus slán</span> <lb n="947"/><span>mar a n-innstear é! baineadh píosa mór as cliathán cupa</span> <lb n="948"/><span>aca. Rug Cáit ar an bpíosa agus bhí sí ar crith ag iarraidh</span> <lb n="949"/><span>an píosa do chur isteach 'na áit féin arís féachaint a'</span> <lb n="950"/><span>bhfanfadh sé istigh. Annsan chrom sí ar ghol agus, a dhuine,</span> <lb n="951"/><span>bhí sí ag iarraidh a mhileán do chur orm-sa. Chuireas i n-iúl</span> <lb n="952"/><span>di nach me fé ndeara é ach í féin agus a cuid léimrighe;</span> <lb n="953"/><span>ach níorbh aon mhaith bheith ag cainnt léi. Ní dhéanfadh sí</span> <lb n="954"/><span>ach gol. Tháinig truagh agam féin di sa deire.</span></p> <lb n="955"/> <lb n="956"/><p><span>"Tr'om é a Cháit," arsa mise, "agus ní bheidh fhios</span> <lb n="957"/><span>age Mam go deó é."</span></p> <lb n="958"/> <lb n="959"/><p><span>Thugas an cupa briste go dtí an dresser agus chuireas</span> <lb n="960"/><span>shíos fé dhá chupa eile é agus an taobh briste isteach.</span> <lb n="961"/></p> </div> <pb n="28"/> <div><lb n="962"/><p><span>"Ó! a mhuiricín! cad a dhéanfad i n-ao' chor má chíonn</span> <lb n="963"/><span>Mam é?" arsa Cáit.</span></p> <lb n="964"/> <lb n="965"/><p><span>Annsan dheineamair té - muga an duine againn. Sin</span> <lb n="966"/><span>é an uair a thairrig Cáit amach na rudaí adubhairt sí bhí</span> <lb n="967"/><span>déanta aici - cístí beaga uachtair agus crústa siúicre</span> <lb n="968"/><span>orra. Fuaireamair im sa churpad agus chonnac-sa próca</span> <lb n="969"/><span>mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte</span> <lb n="970"/><span>go daingean ar a bharra. Ghearras an ceangal go</span> <lb n="971"/><span>haiclidhe agus deirim-se leat gur bhaineamair súlach as</span> <lb n="972"/><span>na rudaí ar fad. Fé mar ithimís greim aráin thógaimís</span> <lb n="973"/><span>lán spiúnóige den tsubh. Nuair a bhí ár ndóthain itthe</span> <lb n="974"/><span>againn bhí an subh i bhfad síos ins a' phróca ach cheanglas</span> <lb n="975"/><span>an páipéár go haiclidhe arís air agus chuireas thar n-ais</span> <lb n="976"/><span>ins a' churpad é mar bhí sé cheana. Is mór a' truagh ná</span> <lb n="977"/><span>bíonn Mam sa Daingean gach aon lá.</span></p> <lb n="978"/> <lb n="979"/><p><span>Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí beaga agus</span> <lb n="980"/><span>bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus cuilinn chugham. Do</span> <lb n="981"/><span>chuireamair tiompall na bhfuinneóg é agus ar bharr an</span> <lb n="982"/><span>dresser agus os ciomm na teine. Bhíodh sé deacair é</span> <lb n="983"/><span>cheangal i n-áit ná bíodh adhmad agug chaithinn tairngí</span> <lb n="984"/><span>móra do thiomáint sa bhfalla agus thuiteadh scailpeanna</span> <lb n="985"/><span>den mhoirtéal anuas uaireannta. Nuair a bhí an tigh</span> <lb n="986"/><span>críochnaithe againn rugamair ar "Sailor" - sin é an madra,</span> <lb n="987"/><span>tá's agat - agus chlúduigheamair ó cheann go hearball é</span> <lb n="988"/><span>le cuileann agus bhí anaspórt againn air. Nuair a</span> <lb n="989"/><span>tháinig an tráthnóna lasamair an lampa agus bhí cuma</span> <lb n="990"/><span>aerach ar an dtigh.</span></p> <lb n="991"/> <lb n="992"/><p><span>Bhí an oidhche ann nuair a tháinig Mam is Daid abhaile.</span> <lb n="993"/><span>Nuair a tháinig sí isteach mheasamair go mbeadh an-áthas</span> <lb n="994"/><span>uirthi, ach is amhlaidh do dhein sí raic, a mhic ó, nuair a</span> <lb n="995"/><span>chonnaic sí na scailpeanna moirtéíl imithe den bhfalla.</span> <lb n="996"/><span>Bhí sí gan aon chiall, a dhuine, agus b'éigean dom féin</span> <lb n="997"/><span>teicheadh do dtáinig sí chun suainis.</span></p> <lb n="998"/> <lb n="999"/><p><span>Cáit d'innis dom lá'r na mháireach cad a thug Mam</span> <lb n="1000"/><span>ón nDaingean. Thug sí naoi gcoinnle móra fada léi</span> <lb n="1001"/><span>agus iad 'na seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn aca dearg.</span> <lb n="1002"/><span>Bhíodar chomh hárd leis an bhfuinneóig, a dhuine, agus thug</span></p> </div> <pb n="29"/> <div><lb n="1003"/><p><span>sí lán a' bhosca de rísíní agus de shiúicre agus de thé léi,</span> <lb n="1004"/><span>agus bairghín mór breac ón siopa, agus bhí buidéil ann -</span> <lb n="1005"/><span>buidéil go raibh deoch bhuidhe ionnta agus buidéil eile go</span> <lb n="1006"/><span>raibh rud éigin gormdhearg ionnta agus crúsca mór lán</span> <lb n="1007"/><span>de rud éigin dubh. Bhí cnapán mór feóla, leis, aici.</span> <lb n="1008"/><span>Chuala go dtug sí ubhla, leis, léi, ach ní bhfaghaimís-ne an</span> <lb n="1009"/><span>oidhche sin aon cheann aca toisc a raibh de dhíobháíl déanta</span> <lb n="1010"/><span>againn leis na tairngí. Chuir sí iad go léir isteach sa</span> <lb n="1011"/><span>churpad agus chuir sí an glas air.</span></p> <lb n="1012"/> <lb n="1013"/><p><span>Lá'r na mháireach mhairbh Mam gé agus lacha le sciain.</span> <lb n="1014"/><span>Is amhlaidh go ghearruigh sí cúl an ghé leis an sciain agus</span> <lb n="1015"/><span>chongaibh sí greim uirthi agus an gé a' scréachaigh agus an</span> <lb n="1016"/><span>fhuil ag imeacht aisti. Nuair do chaith sí uaithe ar an</span> <lb n="1017"/><span>dtalamh í bhí an gé ag léimrigh agus ag crith. Ní fhanfadh</span> <lb n="1018"/><span>Cáit ag féachaint uirthi 'á marbhú i n-ao' chor ach rith sí isteach</span> <lb n="1019"/><span>agus a méireanna 'na cluasa aici. Nuair bhí an gé fuar</span> <lb n="1020"/><span>chuir Mam páipéar tiompall ar a ceann agus bhain sí na</span> <lb n="1021"/><span>cleití dhi agus chuir sí ar crochadh ar chúl a' dorais í.</span></p> <lb n="1022"/> <lb n="1023"/><p><span>Oidhche Nodlag bhí anashaoghal againn! Fuaireas féin</span> <lb n="1024"/><span>agus Cáit dhá thurnap mhóra agus bhaineamair a leath dhíobh</span> <lb n="1025"/><span>agus annsan chuireamair poll síos ionnta chun na gcoinnle</span> <lb n="1026"/><span>chur 'na seasamh ionnta. Annsan sháthamair craobha beaga</span> <lb n="1027"/><span>cuilinn i ngach turnap aca agus chuir Cáit páipéar</span> <lb n="1028"/><span>tiompall ortha. Bhíodar go gleóite, a dhuine, agus</span> <lb n="1029"/><span>lasamair iad sar a dtáinig an oidhche i n-ao' chor; ach</span> <lb n="1030"/><span>mhúch Mam arís iad.</span></p> <lb n="1031"/> <lb n="1032"/><p><span>Istoidhche chuir mo Mham prátaí is iasc ar an mbórd</span> <lb n="1033"/><span>chughainn ach am' baisce nár itheas féin ná Cáit aon phioc</span> <lb n="1034"/><span>de mar bhí fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht. I</span> <lb n="1035"/><span>gcionn tamaill thairrig Mam amach an císte mór breac</span> <lb n="1036"/><span>agus do ghearruigh sí dhúinn é agus dhein sí té, agus</span> <lb n="1037"/><span>fuaireamair dhá ubhall uaithe.</span></p> <lb n="1038"/> <lb n="1039"/><p><span>Nuair a bhí athair Mhicilín ag dul thar doras thug Mam</span> <lb n="1040"/><span>isteach é agus thug sí braon as buidéal do - buidéal go</span> <lb n="1041"/><span>raibh trí réilthíní air - agus thug sí braon beag do Dhaid</span> <lb n="1042"/><span>agus fuair sí féin braon as buidéal eile agus dubhradar</span> <lb n="1043"/><span>go leir "go mbeirimíd beo ar an dtráth so arís!" -</span></p> </div> <pb n="30"/> <div><lb n="1044"/><p><span>pé brí a bhí aca leis. Tháinig Beit Mhór agus Máire Aindí</span> <lb n="1045"/><span>isteach agus chuir mo mháthair braon as a' mbuidéal buidhe</span> <lb n="1046"/><span>i dhá ngloine agus annsan chuir sí siúicre agus uisce</span> <lb n="1047"/><span>beirithe ionnta agus chorruigh sí le spiúnóig iad. Cheapas</span> <lb n="1048"/><span>ná hólfaidís sin i n-ao' chor ar dtúis é. Dubhairt Máire</span> <lb n="1049"/><span>Aindí: "Ó! go marbhuighidh sé mé má bhlaisim aon bhraon</span> <lb n="1050"/><span>de!" ach, mar sin féin, d'ól sí é go léir, agus níor</span> <lb n="1051"/><span>mhairbh sé leis í. Tháinig a lán eile isteach i rith na</span> <lb n="1052"/><span>hoidhche - buachaillí óga agus is as an gcrúsca mór a thug</span> <lb n="1053"/><span>Mam an deoch dóibh sin.</span></p> <lb n="1054"/> <lb n="1055"/><p><span>An riach! a mhic ó! nuair a chonnac iad go léir ag ól</span> <lb n="1056"/><span>tháinig dúil mhallaithe agam féin ann agus nuair a chuaidh</span> <lb n="1057"/><span>Daid amach le hathair Mhicilín agus bhí Mam ag cainnt</span> <lb n="1058"/><span>leis na mná i n-aice na teine, thógas féin slug as an</span> <lb n="1059"/><span>gcrúsca, a dhuine. Ach is láidir nár mhairbh sé mé leis</span> <lb n="1060"/><span>an mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é scaoileadh siar agus</span> <lb n="1061"/><span>bheadh eagla orm é chaitheamh as mo bhéal ar an úrlár,</span> <lb n="1062"/><span>agus seo liom ag baint an dorais amach agus mo bhéal</span> <lb n="1063"/><span>lán. Chonnaic mo mháthair ag dul amach mé.</span></p> <lb n="1064"/> <lb n="1065"/><p><span>"Cá raghair anois, a Jimín," ar sise, ach ar mh'anam</span> <lb n="1066"/><span>ná dubhart aon fhocal ach an doras d'oscailt agus cur</span> <lb n="1067"/><span>díom. Lean sí 'mach mé agus nuair a chonnaic sí mé ag</span> <lb n="1068"/><span>casachtaigh agus ag caitheamh seilí amach:</span></p> <lb n="1069"/> <lb n="1070"/><p><span>"Ha, Ha, Há!" ar sise, "a chladhaire, ní dhéanfainn</span> <lb n="1071"/><span>dabht do mhac t'athar. Masmus go gcuiridh sé ort!"</span></p> <lb n="1072"/> <lb n="1073"/><p><span>Ba ghránna an riach ruda é.</span></p> <lb n="1074"/> <lb n="1075"/><p><span>N'fheadar cad chuige dubhairt Mam an focal san "mac</span> <lb n="1076"/><span>t'athar" liom?</span></p> <lb n="1077"/> <lb n="1078"/><p><span>Bhí sé déannach nuair do chuamair a chodla an oidhche</span> <lb n="1079"/><span>sin mar bhí Mam ag ullmhú an ghé i gcomhair Lae Nodlag.</span> <lb n="1080"/><span>Do bhain sí amach a raibh istigh innti agus do nigh agus do</span> <lb n="1081"/><span>ghlan í agus annsan do líon sí arís í le prátaí brúighte</span> <lb n="1082"/><span>agus inniúin agus piobar agus im agus salann agus</span> <lb n="1083"/><span>rudaí eile agus do dhein sí é dhingeadh isteach innti.</span> <lb n="1084"/><span>Annsan fuair sí snáthad agus d'fhuaigh sí í. Bhíos féin</span> <lb n="1085"/><span>is Cáit ag faire uirthi.</span></p> <lb n="1086"/> <lb n="1087"/><p><span>Maidin Lae Nodlag chuaidh Cáit 's mo mháthair 'dtí an</span></p> </div> <pb n="31"/> <div><lb n="1088"/><p><span>chéad Aifreann. Bhíos féin agus Daid i mbun an tighe.</span> <lb n="1089"/><span>Faid a bhí Daid ag crú na mbó dheineas-sa foghail ar an</span> <lb n="1090"/><span>gcurpad. Ghoideas ubhall agus líonas póca liom de</span> <lb n="1091"/><span>rísíní agus bhí smut den bhairghin breac ann gearrtha -</span> <lb n="1092"/><span>chuireas chugham é sin, leis. Nuair a bhíos ag dúnadh an</span> <lb n="1093"/><span>churpaid arís, do bhuail smaoineamh mé, rugas ar a'</span> <lb n="1094"/><span>mbuidéal buidhe agus do leathlíonas cupán as. Bhlaiseas</span> <lb n="1095"/><span>é, ach ar mh'anam, dá olcas é an stuif dubh ba sheacht measa</span> <lb n="1096"/><span>an rud buidhe. Dhóghfadh sé thú, a dhuine! Annsan</span> <lb n="1097"/><span>n'fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaodhas ar an madra</span> <lb n="1098"/><span>agus chuireas fé n-a phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air,</span> <lb n="1099"/><span>a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as.</span></p> <lb n="1100"/> <lb n="1101"/><p><span>Annsan chuimhnigheas ar sheift eile. Fuaireas dorn</span> <lb n="1102"/><span>mine buidhe agus do fhliuchas leis an stuif as an mbuidéal</span> <lb n="1103"/><span>é agus chuireas sa bhuaile amuich é ar phláta. Siúd chuige</span> <lb n="1104"/><span>an ganndal mór agus d'alp sé a raibh ann. Níor bhraitheas</span> <lb n="1105"/><span>faic air go ceann tamaill. Annsan chrom sé ar ghogalaigh.</span> <lb n="1106"/><span>I gcionn tamaill d'éirigh sé as san agus chrom sé ar</span> <lb n="1107"/><span>shiubhal tiompall agus leathcheann air. Fáinne bhí sé a</span> <lb n="1108"/><span>dhéanamh agus é ag siubhal. Annsan stad sé agus leath</span> <lb n="1109"/><span>sé a dhá chois amach ó 'chéile agus bhí sé 'á shuathadh féin</span> <lb n="1110"/><span>anonn 's anall. Chuirfeadh sé na cait ag gáiridhe.</span> <lb n="1111"/><span>Annsan do luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fheaca</span> <lb n="1112"/><span>aon oighre riamh ach é ar sheana-Dhiarmaid chríona annso</span> <lb n="1113"/><span>amuich nuair a bhíonn sé ag tuitim dá chodla sa chathaoir</span> <lb n="1114"/><span>mhóir os comhair na teine agus é 'míogarnaigh. Annsan</span> <lb n="1115"/><span>luigh sé ar fad anuas ar a' dtalamh, do shín sé a phíopán</span> <lb n="1116"/><span>uaidh amach agus do leath sé a dhá sciathán agus níor fhan</span> <lb n="1117"/><span>anam ná brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh.</span> <lb n="1118"/><span>Ambaisce bhíos ag breith chugham ar eagla go gcaillfí é</span> <lb n="1119"/><span>agus ní fheadar cad a dhéanfainn. Chuala Daid ag teacht</span> <lb n="1120"/><span>ó chró na mbó agus chuireas díom isteach. Nuair a chonnaic</span> <lb n="1121"/><span>Daid an ganndal do stad sé agus bhí sé ag cainnt leis</span> <lb n="1122"/><span>féin.</span></p> <lb n="1123"/> <lb n="1124"/><p><span>"An diabhal mé ach go bhfuil sé 'na 'chocstí"!' ar</span> <lb n="1125"/><span>seisean. "A Jimín," ar seisean ag glaodhach. Bhíos-sa ag</span> <lb n="1126"/><span>scuabadh an úrláir ar séirse.</span> <lb n="1127"/></p> </div> <pb n="32"/> <div><lb n="1128"/><p><span>"Cad tá ort," arsa mise.</span></p> <lb n="1129"/> <lb n="1130"/><p><span>"Marbhochaidh do mháthair sinn," arsa Daid. "Tá an</span> <lb n="1131"/><span>ganndal mór ar na croití deiridh."</span></p> <lb n="1132"/> <lb n="1133"/><p><span>"Cad do dheinis leis?" arsa mise.</span></p> <lb n="1134"/> <lb n="1135"/><p><span>"Cad do dheinis-se leis?" arsa Daid.</span></p> <lb n="1136"/> <lb n="1137"/><p><span>Bhíos ag iarraidh é chur ar Dhaid agus bhí Daid ag</span> <lb n="1138"/><span>iarraidh é chur orm-sa.</span></p> <lb n="1139"/> <lb n="1140"/><p><span>"Gearánfad led' mháthair thú, a bhligeáird!" arsa Daid.</span></p> <lb n="1141"/> <lb n="1142"/><p><span>"B'fhearra dhuit éisteacht," arsa mise, "nó 'neósad-sa</span> <lb n="1143"/><span>dhi mar gheall ar an seacht is raol a bhainis as fiacha na</span> <lb n="1144"/><span>mbeithíoch."</span></p> <lb n="1145"/> <lb n="1146"/><p><span>"Seadh! agus 'neósad-sa dhi cé mhairbh an cat," ar</span> <lb n="1147"/><span>seisean.</span></p> <lb n="1148"/> <lb n="1149"/><p><span>Ar mh'anam, gur bhain Daid stad asam. Mheasas ná</span> <lb n="1150"/><span>raibh fhios ag aonne beirthe é. Ach níorbh é sin an chuid</span> <lb n="1151"/><span>ba mheasa den scéal ach go raibh Mam ag éisteacht leis</span> <lb n="1152"/><span>a' gcainnt go léir mar tháinig sí isteach i gan fhios dúinn.</span> <lb n="1153"/><span>Chrom sí ar an mbeirt againn, a mhic ó! agus níorbh fhiú</span> <lb n="1154"/><span>trí leathphingní sinn nuair a bhí deire ráidhte aici. Mise</span> <lb n="1155"/><span>agus Daid bocht! is cruaidh an saoghal atá againn! Níor</span> <lb n="1156"/><span>fhan focal im' Dhaid ach dh'éaluigh sé leis 'dtí an t-Aifreann</span> <lb n="1157"/><span>agus bhíos-sa trí fichid slat 'na dhiaidh aniar an bóthar síos</span> <lb n="1158"/><span>agus gan focal as aonne 'gainn.</span></p> <lb n="1159"/> <lb n="1160"/><p><span>Nuair a thána abhaile ón Aifreann bhí an ganndal i</span> <lb n="1161"/><span>n-aice na teine age Mam agus an t-anam ag teacht arís</span> <lb n="1162"/><span>ann. Ní fhuair Mam amach riamh cad d'imigh air mar nuair</span> <lb n="1163"/><span>tháinig Daid abhaile bhí sí ag baint sásaimh de i dtaobh gur</span> <lb n="1164"/><span>ól sé dhá ghloine fuiscí as an mbuidéal a bhí sa churpad.</span> <lb n="1165"/><span>Dubhairt Daid, "ambaiste," nár ól agus go raibh sí ag</span> <lb n="1166"/><span>cur éithigh air; ach d'áitimh sí air gurbh é a dh'ól é. Ní</span> <lb n="1167"/><span>rabhadar buidheach da chéile an chuid eile den tráthnóna.</span> <lb n="1168"/><span>Bhí truagh agam-sa do Dhaid; ach, dar fia! ba mheasa</span> <lb n="1169"/><span>liom me féin agus ní dubhart aon fhocal.</span> <lb n="1170"/></p> </div> <pb n="33"/> <div><lb n="1171"/><p><span>CAIBIDIOL VI</span></p> <lb n="1172"/> <lb n="1173"/><p><span>LÁ AN DREÓILÍN</span></p> <lb n="1174"/> <lb n="1175"/><p><span>Ní mór an sásamh a fuaireas féin ná Daid 'nár</span> <lb n="1176"/><span>ndinnéar tar éis teacht ón Aifreann La Nodlag toisc a</span> <lb n="1177"/><span>dhéine bhí Mam ag plé linn i dtaobh scéil an ghanndail</span> <lb n="1178"/><span>agus na scéalta eile a bhí scéidhte orainn tar éis na</span> <lb n="1179"/><span>maidne. Thug Daid iarracht nó dhó ar a rádh nárbh é féin</span> <lb n="1180"/><span>a dhein aon ní leis an nganndal. Dubhairt sise go searbh</span> <lb n="1181"/><span>gur dhócha nárbh é a dh'ól an dá ghloine fuiscí, ach oiread.</span> <lb n="1182"/><span>Bhí sé ar bharra mo theangan agam-sa a rádh nárbh é a dhein,</span> <lb n="1183"/><span>ach thuigeas i n-am dá dtéigheadh an focal thar mo bhéal</span> <lb n="1184"/><span>go gcaithfinn cúntas a thabhairt sa bhfuiscí úd. Dá bhrí</span> <lb n="1185"/><span>sin d'fhágas an scéal mar a bhí cé go raibh trua agam dom'</span> <lb n="1186"/><span>athair. Níor bhe'liom a raibh im' choinnibh féin cheana.</span></p> <lb n="1187"/> <lb n="1188"/><p><span>Bhí an ganndal i n-aice an teine agus é ag teacht</span> <lb n="1189"/><span>chuige féin. Nuair fhéachainn air ní fhéadainn gan gáire</span> <lb n="1190"/><span>dhéanamh nuair a chuimhnighinn ar an rud a dh'imigh air.</span> <lb n="1191"/><span>Chonnaic Mam me uair agus thóg sí os cionn talmhan me</span> <lb n="1192"/><span>le clabhta baise. Deirim leat gur chuireas an doras</span> <lb n="1193"/><span>amach díom tapaidh go maith gan aon gháire eile dhéanamh.</span> <lb n="1194"/><span>Thuigeas nuair a bhí sé ró dhéannach gur dhearmhad dom</span> <lb n="1195"/><span>gáire dhéanamh faid a bheadh fearg ar Mham. Thuig Daid</span> <lb n="1196"/><span>ó thúis é agus bhí a rian air - ní thug Mam aon chlabhta</span> <lb n="1197"/><span>baise dho; is amhlaidh a chuaidh sé féin amach'on stábla</span> <lb n="1198"/><span>agus do shuidh ar an mainnséar ann ag caitheamh tobac,</span> <lb n="1199"/><span>agus ní raibh focal as. Deineann sé mar sin go minic</span> <lb n="1200"/><span>nuair a bhíonn Mam ag deargadh bear air, is ní thuigim</span> <lb n="1201"/><span>ca' 'na thaobh. Dá mbuaileadh sí é mar dheineann sí liom-sa</span> <lb n="1202"/><span>déarfainn go mbeadh cúis aige ach ní bhuaileann choidhche.</span> <lb n="1203"/><span>Scaoileann sí le Daid i gcomhnaidhe. Dá bhfanadh sí ar</span> <lb n="1204"/><span>chainnt liom-sa is me ná beadh duairc.</span> <lb n="1205"/></p> </div> <pb n="34"/> <div><lb n="1206"/><p><span>Nuair ná raibh an dream sa bhaile i bhfonn chun coidrimh</span> <lb n="1207"/><span>chuas ar lorg Mhicilín Eoin. Thugamair tamall ag caitheamh</span> <lb n="1208"/><span>caidhtí agus tamall eile ag caitheamh tobac as phíp a fuair</span> <lb n="1209"/><span>Micilín ag dul amú i bpóca a athar.</span></p> <lb n="1210"/> <lb n="1211"/><p><span>Nuair a bhí an tobac caithte againn bhíomair ag iarraidh</span> <lb n="1212"/><span>cuimhneamh ar cad a dhéanfaimís.</span></p> <lb n="1213"/> <lb n="1214"/><p><span>"An dian!" arsa mise, "beirimís ar asal Thaidhg</span> <lb n="1215"/><span>Mhóir agus ar asal Mháire Aindí agus ceanglaimís a</span> <lb n="1216"/><span>dhá n-eirball!"</span></p> <lb n="1217"/> <lb n="1218"/><p><span>"Tá asal Mháire istigh ó mhaidin aici," arsa Micilín.</span></p> <lb n="1219"/> <lb n="1220"/><p><span>"Ná féadfaimís éalú amach as an stábla leis?"</span> <lb n="1221"/><span>arsa mise.</span></p> <lb n="1222"/> <lb n="1223"/><p><span>"N'fhéadfaimís," arsa Micilín. "Ná feiceann tú</span> <lb n="1224"/><span>Nell agus Tadhg Óg sa bhóithrín."</span></p> <lb n="1225"/> <lb n="1226"/><p><span>"Go dtagaidh fuacht ins na cosa aca, ná téigheann</span> <lb n="1227"/><span>isteach abhaile!" arsa mise. "'Bhfuil aon ní eile dhéan-</span> <lb n="1228"/><span>faimís? Ná fuil do chat-sa fós gan báthadh 'gainn?"</span></p> <lb n="1229"/> <lb n="1230"/><p><span>"Tá," arsa Micilín, "ach tá piscíní ó iné aici."</span></p> <lb n="1231"/> <lb n="1232"/><p><span>"Ó, hanaman diucs! báthaimís na piscíní, a Mhicilín."</span></p> <lb n="1233"/> <lb n="1234"/><p><span>"Ní bháthfam, a bhuachaill; teastuigheann ceann óm'</span> <lb n="1235"/><span>aintín agus ceann ó Nell Mháire Aindí."</span></p> <lb n="1236"/> <lb n="1237"/><p><span>"Och a dhe!" arsa mise.</span></p> <lb n="1238"/> <lb n="1239"/><p><span>Bhíomair i bhfad ag cuimhneamh ar rudaí ach an riach</span> <lb n="1240"/><span>ceann a bhí chun ár sásaimh. Sa deire d'éistíomair ar fad.</span> <lb n="1241"/><span>Sin é an uair a rith an rud im' aigne féin.</span></p> <lb n="1242"/> <lb n="1243"/><p><span>"Hanaman scian, a Mhicilín!" arsa mise, "'bhfuil</span> <lb n="1244"/><span>fhios agat cad é?"</span></p> <lb n="1245"/> <lb n="1246"/><p><span>"Cad é?" arsa Micilín.</span></p> <lb n="1247"/> <lb n="1248"/><p><span>"Bíodh Dreóilín amáireach againn!" arsa mise.</span></p> <lb n="1249"/> <lb n="1250"/><p><span>"Hanaman diucs, bíodh!" arsa Micilín, agus an dá</span> <lb n="1251"/><span>shúil ag dul amach as a cheann. "Agus bead-sa im'</span> <lb n="1252"/><span>amadán." [Sin é an fear go mbíonn an lomhnán gaoithe</span> <lb n="1253"/><span>aige sa Dreóilín, tá's agat, agus é ag bualadh gach aonne</span> <lb n="1254"/><span>leis.]</span></p> <lb n="1255"/> <lb n="1256"/><p><span>"Bead-sa im' chaptaen," arsa mise.</span></p> <lb n="1257"/> <lb n="1258"/><p><span>"Agus cé bheidh 'na óinsigh?" arsan fear eile.</span></p> <lb n="1259"/> <lb n="1260"/><p><span>B'in ceist chruaidh le réidhteach. Chuimhníomair ar Cháit</span></p> </div> <pb n="35"/> <div><lb n="1261"/><p><span>seo 'gainne agus chuamair chun an scéal a chur fé n-a</span> <lb n="1262"/><span>bráid; ach, a dhuine, do spriúch sí.</span></p> <lb n="1263"/> <lb n="1264"/><p><span>"Is mór an náire dhíbh é!" ar sise, "an dreóilín</span> <lb n="1265"/><span>bocht a mharbhú agus bheith ag siubhal pludaigh na dúthaighe</span> <lb n="1266"/><span>ag lorg airgid 'á chionn."</span></p> <lb n="1267"/> <lb n="1268"/><p><span>"Nach é scéidh ar ár Slánathóir," arsa mise; "agus</span> <lb n="1269"/><span>nach maith atá sé tuillte aige é mharbhú."</span></p> <lb n="1270"/> <lb n="1271"/><p><span>"Má seadh ní hé an dreóilín a bheidh agaibh-se a scéidh</span> <lb n="1272"/><span>Air," arsa Cáit.</span></p> <lb n="1273"/> <lb n="1274"/><p><span>"Mararbh' é, mhuise!" arsa mise, "b'é a dhaid críona</span> <lb n="1275"/><span>dhein é, agus aonne 'mháin iad."</span></p> <lb n="1276"/> <lb n="1277"/><p><span>Ach níorbh aon mhaitheas bheith ag gabháil do Cháit.</span> <lb n="1278"/><span>Dubhairt sí linn imeacht le n-ár seana-Dhreóilín gan mhaith.</span> <lb n="1279"/><span>Ná déanfadh gearrchailí i n-ao' chor na rudaí gránna a</span> <lb n="1280"/><span>dheineann buachaillí. Ní raghadh sí i n-aon Dreóilín.</span></p> <lb n="1281"/> <lb n="1282"/><p><span>Ní bhíonn aon mhaith ins na seanachailíní sin.</span></p> <lb n="1283"/> <lb n="1284"/><p><span>Bhíos féin is Micilín i gcruachás. Ní bheadh aon mhaith</span> <lb n="1285"/><span>i n-ár nDreóilín cheal óinsighe. Thriallamair cailíní an</span> <lb n="1286"/><span>bhaile ar fad ach ní thiocfadh aonne 'ca linn.</span></p> <lb n="1287"/> <lb n="1288"/><p><span>"Caithfimíd éirghe ar fad as," arsa Micilín.</span></p> <lb n="1289"/> <lb n="1290"/><p><span>"Ní éireochaimíd," arsa mise, "cuirfimíd éadach</span> <lb n="1291"/><span>óinsighe ar bhuachaill éigin."</span></p> <lb n="1292"/> <lb n="1293"/><p><span>Leis sin ghlaomair chughainn ar na leaideanna eile</span> <lb n="1294"/><span>agus d'innseamair dóibh an rud a bhí beartaithe againn</span> <lb n="1295"/><span>i gcomhair an lae amáirigh. Bhí sceitimíní áthais ortha go</span> <lb n="1296"/><span>léir.</span></p> <lb n="1297"/> <lb n="1298"/><p><span>"Caithfidh cuid agaibh éadach ban a bheith oraibh," arsa</span> <lb n="1299"/><span>mise.</span></p> <lb n="1300"/> <lb n="1301"/><p><span>Níor bhraitheas aon bhreis áthais ortha 'na thaobh san.</span></p> <lb n="1302"/> <lb n="1303"/><p><span>"Ní raghad-sa i n-aon éadach mná," arsa Tadhg Learaí</span> <lb n="1304"/><span>Bhig.</span></p> <lb n="1305"/> <lb n="1306"/><p><span>"Aonne ná fuil sásta déanamh mar adeirim-se leis</span> <lb n="1307"/><span>imigheadh sé as an nDreóilín ar a' hap," arsa mise.</span></p> <lb n="1308"/> <lb n="1309"/><p><span>D'éist Tadhg Learaí Bhig.</span></p> <lb n="1310"/> <lb n="1311"/><p><span>"Cá bhfagham éadaighe ban?" arsa Smulc, "agus cé</span> <lb n="1312"/><span>hiad go mbeid siad ortha?"</span></p> <lb n="1313"/> <lb n="1314"/><p><span>"Tadhg Learaí Bhig agus tusa, a Smuilc, gheobhaidh sibh</span></p> </div> <pb n="36"/> <div><lb n="1315"/><p><span>iad agus cuiridh oraibh iad agus bídh 'nbhúr dha n-óinsigh."</span></p> <lb n="1316"/> <lb n="1317"/><p><span>Níl aon bhean 'nár dtigh-ne," arsa Tadhg, "ach mo</span> <lb n="1318"/><span>mháthair agus is mó is mór a cuid éadaigh sin domh-sa."</span></p> <lb n="1319"/> <lb n="1320"/><p><span>Chuir san i dteannta me. Bhí'os agam gur cheap sé</span> <lb n="1321"/><span>go raibh buaidhte aige orm. Tháinig cochal orm chuige.</span></p> <lb n="1322"/> <lb n="1323"/><p><span>"Ná bac san, a Thaidhg," arsa mise. "Ní fál go haer</span> <lb n="1324"/><span>é. Gheobham culaith óinsighe dhuit-se ná bíodh eagal ort.</span> <lb n="1325"/><span>Bídh go léir annso ar a hocht ar maidin gan teip. Agus</span> <lb n="1326"/><span>anois téighimís ar lorg dreóilín."</span></p> <lb n="1327"/> <lb n="1328"/><p><span>Fuaireamair go léir maidí agus clocha agus níor</span> <lb n="1329"/><span>fhágamair tor ná claidhe ná bóithrín gan chuardach féach an</span> <lb n="1330"/><span>bhfaghaimís dreóilín le marbhú; ach an riach dreóilín a bhí</span> <lb n="1331"/><span>i n-aon áit aca. Dubhairt Smulc gur dócha gurbh amhlaidh</span> <lb n="1332"/><span>a bhíodar go léir imithe abhaile i gcomhair na Nodlag; ach</span> <lb n="1333"/><span>is dóigh liom-sa gurbh amhlaidh a bhíos fhios aca go raibh lá</span> <lb n="1334"/><span>an dreóilín ag teacht agus go ndeachadar go léír i bhfolach</span> <lb n="1335"/><span>ar eagla go marbhochaimís iad.</span></p> <lb n="1336"/> <lb n="1337"/><p><span>B'éigean dúinn sa deire dul abhaile gan aon dreóilín.</span> <lb n="1338"/><span>Theastuigh ó Mhicilín arís go n-éireochaimís as an scéal</span> <lb n="1339"/><span>toisc gan an t-éan beag a bheith againn; ach dubhart-sa</span> <lb n="1340"/><span>go leigfimís orainn go raibh sé istigh i neid i lár an tuir</span> <lb n="1341"/><span>chuilinn againn agus ná leigfimís d'aonne féachaint air.</span> <lb n="1342"/><span>Ní raibh Micilín sásta ar fad, cé gur ghéill sé.</span></p> <lb n="1343"/> <lb n="1344"/><p><span>Bhí hata cruaidh agus casóg eirbaill istigh i gcurpad</span> <lb n="1345"/><span>mór sa bhaile. Lem' Dhaid Críona dob' eadh iad sarar</span> <lb n="1346"/><span>cailleadh é, fad' ó riamh. Chuireas i gan fhios iad amach ar</span> <lb n="1347"/><span>lochta an stábla. Bhíos ar lorg bróg, leis, le cur orm,</span> <lb n="1348"/><span>ach ní raibh aon fheidhre sa tigh ná tuitfeadh dem' chosa ach</span> <lb n="1349"/><span>feidhre de bhróga deasa 'leaistic le Mam a bhí os cionn</span> <lb n="1350"/><span>an iarta ar chlár aici. Chuireas mo shúil ortha san, ach</span> <lb n="1351"/><span>d'fhágas mar a rabhadar go maidin iad ar eagla go</span> <lb n="1352"/><span>mbraithfeadh Mam an drochfhuadar. Dheineas aghaidh feidil</span> <lb n="1353"/><span>as bib le Cáit agus thógas a raibh de ribíní sa bhoiscín aici</span> <lb n="1354"/><span>agus chuireas ar an hata iad. Fuaireas píce agus</span> <lb n="1355"/><span>cheangluigheas tor cuilinn ar a barra agus nead istigh 'na</span> <lb n="1356"/><span>lár, de chaonach.</span></p> <lb n="1357"/> <lb n="1358"/><p><span>Ó ba chaptaen mise, dar ndóigh, níor mhór dom</span></p> </div> <pb n="37"/> <div><lb n="1359"/><p><span>claidheamh. Ní raibh aon chlaidheamh sa tigh riamh againne</span> <lb n="1360"/><span>ná ag aonne ar an mbaile - ná gnó aca dhe - agus d'fhág</span> <lb n="1361"/><span>san mise i dtaoibh le claidheamh adhmaid a dheineas de</span> <lb n="1362"/><span>chláirín. Tháirneálas píosa beag sé n-órlach treasna air</span> <lb n="1363"/><span>i n-aice mo láimhe.</span></p> <lb n="1364"/> <lb n="1365"/><p><span>Nuair a bhí mo chuid féin fachta agam chuas ar lorg</span> <lb n="1366"/><span>culaith óinsighe do Thadhg Learaí Bhig. Ní raibh aon ní</span> <lb n="1367"/><span>oiriúnach le fagháil ach éadach le Cáit, agus bhíos i gcás</span> <lb n="1368"/><span>idir dhá chomhairle cad a dhéanfainn. Chuarduigheas seomra</span> <lb n="1369"/><span>Mam ach ní raibh aon rud ann go bhféadfadh Tadhg é</span> <lb n="1370"/><span>chaitheamh. Bhí an scéal ag déanamh tinnis dom agus sinn</span> <lb n="1371"/><span>ag dul a chodla. Nuair a bhí an Choróin Mhuire 'a rádh</span> <lb n="1372"/><span>againn thug Mam greasáil eile dhom mar na dubhart-sa ach</span> <lb n="1373"/><span>seacht gcinn den deichniúr. Ní fheadar-sa an ndubhart nó</span> <lb n="1374"/><span>ná dubhart i gceart iad mar nach ortha bhíos ag cuimhneamh</span> <lb n="1375"/><span>ach ar chulaith do Thadhg Learaí Bhig.</span></p> <lb n="1376"/> <lb n="1377"/><p><span>D'éirigheas-sa roimis an gcuid eile den tigh ar maidin.</span> <lb n="1378"/><span>Bhuaileas na bróga leaistic fém' ascail. Annsan chuas go</span> <lb n="1379"/><span>dtí seomra Cháit is chuarduigheas arís do chulaith i gcomhair</span> <lb n="1380"/><span>Thaidhg. Do phrioc an t-Áibhirseoir me sa deire agus</span> <lb n="1381"/><span>thugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amach tríd</span> <lb n="1382"/><span>an bhfuinneóig liom go dtí an stábla. Chuireas orm mo</span> <lb n="1383"/><span>chulaith Dreóilín - na bróga leaistic agus an chasóg eirbaill</span> <lb n="1384"/><span>agus an hata caroline agus ribíní Cháit ar sileadh leis.</span> <lb n="1385"/><span>Bhuaileas orm an aghaidh feidil annsan agus mo chrios</span> <lb n="1386"/><span>agus mo chlaidheamh, agus deirim-se leat, a dhritheáir,go</span> <lb n="1387"/><span>raibh cuma captaen Dreóilín orm má bhí sé ar aonne</span> <lb n="1388"/><span>riamh. D'imigheas annsan ar lorg na coda eile. Bhíodar</span> <lb n="1389"/><span>ag teacht, duine ar dhuine, agus an riach duine aca d'aithin</span> <lb n="1390"/><span>me, a mhic ó! gur bhaineas an aghaidh feidil díom.</span></p> <lb n="1391"/> <lb n="1392"/><p><span>Thugamar tamall maith ag feistiú a chéile sara</span> <lb n="1393"/><span>rabhamair ullamh. Nuair tháinig Tadhg Learaí Bhig chromas</span> <lb n="1394"/><span>ar éadach Cháit a chur air. Ach bhí ceataighe sa scéal - ní</span> <lb n="1395"/><span>raghadh éadach Cháit ar Thadhg gan Tadhg do bhaint a choda</span> <lb n="1396"/><span>féin de - rud nár thaithn i n-ao' chor leis. Níor fhan dá chuid</span> <lb n="1397"/><span>féin air ach a léine; ach nuair a bhí an gúna air agus caidhp</span> <lb n="1398"/><span>bhiorach páipéir ar a cheann bhí sé 'na ghearrchaile deas go</span></p> </div> <pb n="38"/> <div><lb n="1399"/><p><span>leor. Do scéidh na bróga air, áfach. Feidhre le n'athair</span> <lb n="1400"/><span>ab eadh iad agus iad ró mhór do. Is amhlaidh a bhíodh sé</span> <lb n="1401"/><span>á dtarrang 'na dhiaidh agus gach aon phlup-flap aca.</span></p> <lb n="1402"/> <lb n="1403"/><p><span>Ceathrar de lucht ceoil do bhí againn. Thugas féin</span> <lb n="1404"/><span>orgán béil liom a fuair Cáit óm' Aintín. Ag Tumaisín</span> <lb n="1405"/><span>Bán a bhí sé 'á sheinm i rith an lae. Bhí trúmpa stáin ag</span> <lb n="1406"/><span>Micilín a thug sé do Smulc. Thug duine eile mias mhór</span> <lb n="1407"/><span>stáin leis agus do bhí ag gabháil de mhaide air agus bhí</span> <lb n="1408"/><span>bucaed stáin ar sileadh le muineál duine eile agus bhídís</span> <lb n="1409"/><span>a gceathrar ag séideadh is ag bualadh is ag greadadh i</span> <lb n="1410"/><span>dteannta chéile agus dheinidís ceól breá.</span></p> <lb n="1411"/> <lb n="1412"/><p><span>Thugas an tor cuilinn le hiompar do Pheats Mhicilín</span> <lb n="1413"/><span>Dan agus bhí lomhnán gaoithe ag Micilín Eoin a fuaireamair</span> <lb n="1414"/><span>ó Thadhg Óg nuair mharbhíodar an mhuc roim Nodlaig agus</span> <lb n="1415"/><span>bhíodh sé ag bualadh gach aonne leis. Bhí málaí ar chuid</span> <lb n="1416"/><span>aca agus léinte fear ar a thuille agus seanasciorta le</span> <lb n="1417"/><span>n-a mháthair ar fothdhuine. Bhí blús gorm le Nell Mháire</span> <lb n="1418"/><span>Aindí ar Mhicilín Eoin agus an riach pioc di d'aithin i n-ao'</span> <lb n="1419"/><span>chor air é gur chuimhnigh sí uirthi féin lá'r na mháireach.</span></p> <lb n="1420"/> <lb n="1421"/><p><span>Tigh Bheit Móire an chéad áit a chuamair. Bhí mo</span> <lb n="1422"/><span>chlaidheamh ar tarrang agam féin nuair mháirseálamair an</span> <lb n="1423"/><span>doras isteach chúichi. Bhuaileamair suas ceol di agus</span> <lb n="1424"/><span>dheineamair rinnce ar an úrlár. Dheineamair fáinne</span> <lb n="1425"/><span>tiompall ar Bheit agus sinn ag damhas. Chrom Beit ar</span> <lb n="1426"/><span>rinnce í féin, istigh i lár an fháinne agus b'in é an</span> <lb n="1427"/><span>t-iongantas: promsáil Bheit a dh'fheiscint. Bhí giorr-</span> <lb n="1428"/><span>anáil uirthi nuair a stad sí agus b'éigean di suidhe.</span></p> <lb n="1429"/> <lb n="1430"/><p><span>"Ara mhuise, is tréan na buachaillí sibh," ar sise.</span></p> <lb n="1431"/> <lb n="1432"/><p><span>"Caith chughainn dorn airgid," arsa sinne, mar b'in é</span> <lb n="1433"/><span>b'fhearr linn ná aon phlámás.</span></p> <lb n="1434"/> <lb n="1435"/><p><span>"Airgead ab eadh?" ar sise. "Och, maran sibh na</span> <lb n="1436"/><span>rógairí agam!" Agus bhí sí ag gáirí ag dul go dtí an</span> <lb n="1437"/><span>dresser. Tá Beit anabheathaithe agus nuair a gháireann</span> <lb n="1438"/><span>sí bíonn sí ar fad ag crith agus annsan ní fhéadfá féin</span> <lb n="1439"/><span>gan bheith ag gáiridhe leis.</span></p> <lb n="1440"/> <lb n="1441"/><p><span>Thóg sí seanamhuga den dresser agus fuair sí dhá</span> <lb n="1442"/><span>thuistiún rua ann agus thug sí dhúinn é. Dheineamair greas</span> <lb n="1443"/></p> </div> <pb n="39"/> <div><lb n="1444"/><p><span>"Lean ort," ar seisean, "Is tusa fe ndeara é."</span></p> <lb n="1445"/> <lb n="1446"/><p/> </div> <pb n="41"/> <div><lb n="1447"/><p><span>eile ceoil annsan di agus babhta rinnce agus d'imíomair.</span> <lb n="1448"/><span>Chuamair go tigh Mhicilín Eoin agus fuaireamair réal ann.</span> <lb n="1449"/><span>As san linn go tigh Thaidhg Óig. Bhí Tadhg Óg istigh agus</span> <lb n="1450"/><span>bhí sé ag magadh fúinn agus 'á rádh ná raibh ceol ná rinnce</span> <lb n="1451"/><span>againn; ach nuair a bhíomair ag imeacht thug sé scilling</span> <lb n="1452"/><span>dúinn agus thug bean a dhritheár réal dúinn.</span></p> <lb n="1453"/> <lb n="1454"/><p><span>Nuair thánamair go Tigh Mháire Aindí bhí anagheóin</span> <lb n="1455"/><span>againn. Úrlár leac a bhí ann, tá's agat, agus dheineamair</span> <lb n="1456"/><span>cnagarnach bhreá air ag rinnce. Nuair a chualaidh an</span> <lb n="1457"/><span>madra mór atá aca an ceol shuidh sé ar a chorragiob agus</span> <lb n="1458"/><span>chuir sé a shrón san aer agus d'oscail a bhéal agus bhí ag</span> <lb n="1459"/><span>cur glamanna móra brónacha ceoil as i dtreo is go</span> <lb n="1460"/><span>gceapfá go raibh gach madra riamh a bhain leis marbh. Bhí</span> <lb n="1461"/><span>Nell d'iarraidh sinn d'aithint. Chaith a máthair amhras</span> <lb n="1462"/><span>láithreach orm féin.</span></p> <lb n="1463"/> <lb n="1464"/><p><span>"Mhuise, slán beo le seana-Thadhg," ar sise, "agus ní</span> <lb n="1465"/><span>hé sin crích ba mhaith leis ar a chasóig ghreanta."</span></p> <lb n="1466"/> <lb n="1467"/><p><span>"Ara! ní hí an chasóg atá ag déanamh tinnis anois</span> <lb n="1468"/><span>do," arsa mise. "Ná fuil sé deich mbliana sa chré."</span></p> <lb n="1469"/> <lb n="1470"/><p><span>"Marbhochaidh do mháthair thu," arsa Máire Aindí.</span></p> <lb n="1471"/> <lb n="1472"/><p><span>"Ná bí ag tarrac mo mháthar chugham," arsa mise, "ach</span> <lb n="1473"/><span>tr'om scilling don Dreóilín."</span></p> <lb n="1474"/> <lb n="1475"/><p><span>Gháir Máire.</span></p> <lb n="1476"/> <lb n="1477"/><p><span>"Féach, a Nell," ar sise, "gheobhaidh tú réal sa sparán</span> <lb n="1478"/><span>san thíos agus tabhair dosna buachaillí í."</span></p> <lb n="1479"/> <lb n="1480"/><p><span>Chuaidh Nell go dtí an sparán ach ní réal a thug sí</span> <lb n="1481"/><span>dhúinn ach scilling. Annsan thug sí stráice aráin an duine</span> <lb n="1482"/><span>dhúinn agus bhí risíní ann. Is maith liom féin Nell.</span></p> <lb n="1483"/> <lb n="1484"/><p><span>Thugamair turus ar na tighthe eile sa bhaile i ndiaidh a</span> <lb n="1485"/><span>chéile ach d'fhágas ár dtigh-ne ar deire. An rud adubhairt</span> <lb n="1486"/><span>Máire Aindí i dtaobh culaith mo Dhaid Chríona agus i dtaobh</span> <lb n="1487"/><span>na feirge bheadh ar Mham - sin é chongaibh ón dtig me. Ní</span> <lb n="1488"/><span>baoghal ná go n-aithneochadh Mam an chasóg eirbaill agus</span> <lb n="1489"/><span>an hata agus d'fhágfadh san an Dreóilín gan chaptaen.</span> <lb n="1490"/><span>Sé dheineas sa deire na an chuid eile a chur go dtí an tigh</span> <lb n="1491"/><span>agus fanúint me féin sa bhóithrín. Bhí seans go bhfaghaidís</span> <lb n="1492"/><span>scilling ó Mham mara bhficeadh sí mise 'na dteannta.</span> <lb n="1493"/></p> </div> <pb n="42"/> <div><lb n="1494"/><p><span>Bhuel! a dhritheáir, is maith a scaras leis is gan dul</span> <lb n="1495"/><span>leo. Chonnac iad go léir ag dul an doras isteach agus</span> <lb n="1496"/><span>na gléiseanna ceoil ar siubhal aca. Níorbh' fhada, áfach,</span> <lb n="1497"/><span>gur stad an ceol go hobann agus chonnac ag brú a chéile</span> <lb n="1498"/><span>sa doras arís iad d'iarraidh teacht amach. Stadadar taobh</span> <lb n="1499"/><span>amuich agus bhíodar ag féachaint an doras isteach ar rud</span> <lb n="1500"/><span>éigin a bhí ar siubhal istigh ach ní leomhfadh aonne 'ca dul</span> <lb n="1501"/><span>róghairid don doras. "Mam arís, déarfainn," arsa mise</span> <lb n="1502"/><span>agus thugas mo bhuidheachas do Dhia gur fhanas ó n-a crúcaí.</span></p> <lb n="1503"/> <lb n="1504"/><p><span>Ní fada dhom go bhfeaca mo dhuine Tadhg Learaí Bhig</span> <lb n="1505"/><span>ag teacht an doras amach chun na coda eile agus ba dhóbair</span> <lb n="1506"/><span>go dtuitfinn nuair chonnac an íde bhí air. Ní raibh d'éadach</span> <lb n="1507"/><span>ná de chulaith an Dreóilín air ach an méid nár le Cáit seo</span> <lb n="1508"/><span>'gainne. Aon lá dá chuimhne ní tháinig dom agus me ag</span> <lb n="1509"/><span>cura na coda eile go dtí an tigh, go n-aithneochadh Mam</span> <lb n="1510"/><span>gún Cháit ar Thadhg.</span></p> <lb n="1511"/> <lb n="1512"/><p><span>Bhí Tadhg ag pusíl ghuil agus a lámh treasna a shúl</span> <lb n="1513"/><span>aige leis an náire. Bhí trua agam do ach, ar mh'fhalaing,</span> <lb n="1514"/><span>nuair chonnac a' bhreill a bhí air agus an dá bhróig mhóra</span> <lb n="1515"/><span>'á dtarrang 'na dhiaidh aige ag teacht chugham sa bhóithrín</span> <lb n="1516"/><span>níor fhéadas gan gáiridhe. Nuair chonnaic Tadhg me ag</span> <lb n="1517"/><span>gáiridhe tháinig an gomh air.</span></p> <lb n="1518"/> <lb n="1519"/><p><span>"Léan ort," ar seisean, "is tusa fé ndeara é," agus</span> <lb n="1520"/><span>bhí an gol agus an fhearg 'á thachtadh. Rug sé ar na clocha</span> <lb n="1521"/><span>sa bhóithrín agus bhí sé a' rúscadh liom agus gach aon liú</span> <lb n="1522"/><span>guil aige. Phléascamair go léir ag gáiridhe. "Hí-ú,</span> <lb n="1523"/><span>cosa buidhe árda!" arsa mise. Dhein san an donas ar</span> <lb n="1524"/><span>fad ar Thadhg. "Bú hú!" ar seisean agus as go bráth</span> <lb n="1525"/><span>leis abhaile tré sna garraithe.</span></p> <lb n="1526"/> <lb n="1527"/><p><span>Ach dá mhéid an greann a bhí againn ar Thadhg ní rabhas-sa</span> <lb n="1528"/><span>i n-ao' chor istigh liom féin. Bhí fearg mo mháthar mar do</span> <lb n="1529"/><span>bheadh scamall os mo chionn.</span></p> <lb n="1530"/> <lb n="1531"/><p><span>D'imigh an Dreóilín ar fad soir chun na ceardthan agus</span> <lb n="1532"/><span>chun na dtighthe i n-aice leis, ach ní fhuaireas aon spórt</span> <lb n="1533"/><span>insa Dreóilín a thuille. Nuair a chuamair go tigh Pheats</span> <lb n="1534"/><span>Teaimí ní thabharfadh sé aon ní dhúinn. Dubhairt sé gur</span> <lb n="1535"/><span>"paca bligeárd" sinn agus chuir sé an madra linn; ach</span></p> </div> <pb n="43"/> <div><lb n="1536"/><p><span>d'éirigh an madra as an scéal nuair a bhuaileas-sa isteach</span> <lb n="1537"/><span>sa chliathán le cloich é. Rith Peats im' dhiaidh le n-a mhaide</span> <lb n="1538"/><span>ach bhí fuar aige bheith ag iarraidh breith orm-sa agus na</span> <lb n="1539"/><span>bróga leaistic orm!</span></p> <lb n="1540"/> <lb n="1541"/><p><span>Bhíomair tuirseach den Dreóilín fén dtráth san agus</span> <lb n="1542"/><span>dubhramair go n-éireochaimís as. Bhí ocras ag teacht,</span> <lb n="1543"/><span>leis, orainn. Dó dhéag is seacht bpingne bhí againn agus</span> <lb n="1544"/><span>roinneamair idir an deichniúr a bhí sa Dreóilín é-</span> <lb n="1545"/><span>scilling is leathréal an duine. Thugamair an phinginn</span> <lb n="1546"/><span>bhreise do Thadhg Learaí Bhig toisc an sceimhle fuair sé ó</span> <lb n="1547"/><span>Mham. Micilín a thug abhaile chuige é. Annsan thug gach</span> <lb n="1548"/><span>aonne aghaidh ar a thigh féin agus fuadar ocrais fé.</span></p> <lb n="1549"/> <lb n="1550"/><p><span>Ach, a' dtuigeann tú, ní raibh aon fhuadar fúmsa chun an</span> <lb n="1551"/><span>tighe. Bhí drochionntaoibh agam as an bhfáilte a cuirfí</span> <lb n="1552"/><span>romham. Thugas fuath dhon mbaile. Thuigeas, tá's agat,</span> <lb n="1553"/><span>go raibh Mam ag feitheamh liom ann agus go mbeadh</span> <lb n="1554"/><span>sásamh uaithe i ngúna Cháit agus i gcasóig mo Dhaid Chríona</span> <lb n="1555"/><span>agus sa hata charoline agus dubhart liom féin gurbh é</span> <lb n="1556"/><span>mo leas Mam a sheachaint i láthair na huaire sin agus</span> <lb n="1557"/><span>b'fhéidir le himeacht aimsire go dtiocfadh sí chun bladair</span> <lb n="1558"/><span>liom arís.</span></p> <lb n="1559"/> <lb n="1560"/><p><span>Suas go dtí tigh Mháire Aindí chuas. Ní fhéadfainn</span> <lb n="1561"/><span>fanúint amuich agus an chulaith mhallaithe úd orm, agus bhí</span> <lb n="1562"/><span>an lá fós ann i slí ná féadfainn dul i gan fhios go dtí</span> <lb n="1563"/><span>an stábla chun mo chuid éadaigh féin d'fhagháil. Bhí an</span> <lb n="1564"/><span>t-ocras ag gabháil díom go géar agus bhí súil agam, tá's</span> <lb n="1565"/><span>agat, go bhfaghainn píosa de chíste Nodlag ó Nell.</span> <lb n="1566"/><span>D'íosainn píosa mór de chíste an uair chéadna.</span></p> <lb n="1567"/> <lb n="1568"/><p><span>Bhí Nell istigh agus Máire Aindí agus Tadhg Óg.</span> <lb n="1569"/><span>Nuair chonnaic Tadhg an chulaith fós orm tháinig fonn</span> <lb n="1570"/><span>magaidh air.</span></p> <lb n="1571"/> <lb n="1572"/><p><span>"Déanfaidh sé seo Dreóilín go hoidhche dho," ar</span> <lb n="1573"/><span>seisean.</span></p> <lb n="1574"/> <lb n="1575"/><p><span>"Nach agat atá an cion ar bhalcaisí do Dhaid Chríona?"</span> <lb n="1576"/><span>arsa Máire Aindí agus bhí sí ag gáiridhe.</span></p> <lb n="1577"/> <lb n="1578"/><p><span>Rug Nell ar an hata agus do chuir ar a ceann é.</span> <lb n="1579"/><span>Dar fia! níor oir sé go holc i n-ao' chor di.</span> <lb n="1580"/></p> </div> <pb n="44"/> <div><lb n="1581"/><p><span>"Tr'om an chasóg leis," ar sise agus bhain sí dhíom í</span> <lb n="1582"/><span>agus bhí 'á cur uirthi.</span></p> <lb n="1583"/> <lb n="1584"/><p><span>"Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanamh Máire</span> <lb n="1585"/><span>Ní Ógáin díot féín," arsa Máire Aindí.</span></p> <lb n="1586"/> <lb n="1587"/><p><span>Níor dhein Nell ach gáire agus d'fhéach sí síos uirthi féin.</span></p> <lb n="1588"/> <lb n="1589"/><p><span>"Ná fuilim go deas?" ar sise.</span></p> <lb n="1590"/> <lb n="1591"/><p><span>"Ó! go gleóite!" arsa Tadhg.</span></p> <lb n="1592"/> <lb n="1593"/><p><span>Ní dubhairt Maire aon ní.</span></p> <lb n="1594"/> <lb n="1595"/><p><span>"Cad dubhairt do Mham leat nuair a chonnaic sí thu?"</span> <lb n="1596"/><span>arsa Nell.</span></p> <lb n="1597"/> <lb n="1598"/><p><span>"N'fheaca sí fós me," arsa mise, "mar na rabhas sa</span> <lb n="1599"/><span>bhaile chuige."</span></p> <lb n="1600"/> <lb n="1601"/><p><span>"Agus ab' amhlaidh atá eagla ort dul?" arsa Nell.</span></p> <lb n="1602"/> <lb n="1603"/><p><span>"Ba mhaith an ceart do," arsa Tadhg, agus d'innis sé</span> <lb n="1604"/><span>dhóibh cad d'imigh ar Thadhg Learaí Bhig. "Agus dá mhéid</span> <lb n="1605"/><span>an néal a bhí uirthi nuair chonnaic sí gúna Cháit ar Thadhg</span> <lb n="1606"/><span>beag tháinig an gomh ar fad uirthi nuair bhraith sí casóg</span> <lb n="1607"/><span>agus hata a hathar imithe!" arsa Tadhg Óg.</span></p> <lb n="1608"/> <lb n="1609"/><p><span>Bhí 'fhios agam féin gur mar sin a bheadh, leis, gan</span> <lb n="1610"/><span>Tadhg Óg 'á innsint dom i n-ao' chor. Bhraitheas mo</span> <lb n="1611"/><span>chroiceann greadaithe, scólta cheana féin ón mbualadh a</span> <lb n="1612"/><span>bhítheas chun a thabhairt dom.</span></p> <lb n="1613"/> <lb n="1614"/><p><span>"Ní gádh dhi i n-ao' chor bheith chomh cruaidh ar bhuachaill</span> <lb n="1615"/><span>bocht," arsa Nell.</span></p> <lb n="1616"/> <lb n="1617"/><p><span>"B'fhéidir nár ithis aon dínnéar iniu, leis," ar sise.</span></p> <lb n="1618"/> <lb n="1619"/><p><span>Thuigeas go raibh Nell tuisceannach agus go mbeadh sí</span> <lb n="1620"/><span>ag tathant orm go gcaithinn rud éigin.</span></p> <lb n="1621"/> <lb n="1622"/><p><span>"Ó!" arsa mise, "Níl aon ocras orm." Bhí, a'</span> <lb n="1623"/><span>dtuigeann tú, ach ní leigfeadh náire dhom é rádh.</span></p> <lb n="1624"/> <lb n="1625"/><p><span>"Mara bhfuil féin b'fhéidir go n-íosfá píosa de chíste</span> <lb n="1626"/><span>Nodlag."</span></p> <lb n="1627"/> <lb n="1628"/><p><span>Bhíos i gcás cruaidh - ní fhéadfainn a rádh go n-íosainn</span> <lb n="1629"/><span>agus níor mhaith liom a rádh ná híosainn. Ach bhí Nell</span> <lb n="1630"/><span>tuisceannach. Chuaidh sí agus thug sí chugham cannta mór</span> <lb n="1631"/><span>de bhairghin breac agus muga bainne. Nuair a bhíos 'á</span> <lb n="1632"/><span>dh'ithe dubhart liom féin gurbh í Nell an duine ba thuis-</span> <lb n="1633"/><span>ceannaighe dar bhuail riamh liom.</span> <lb n="1634"/></p> </div> <pb n="45"/> <div><lb n="1635"/><p><span>Nuair bhí an béile ithte agam bhraitheas feabhas mór ar</span> <lb n="1636"/><span>gach aon scéal agus bhíodh cuimhne Mham ag imeacht uaim</span> <lb n="1637"/><span>go bhféachainn i gcomhnaidhe ar an gcasóig eirbaill. Do</span> <lb n="1638"/><span>réir mar bhí sé ag dul i ndéannaighe, áfach, agus gur mhithid</span> <lb n="1639"/><span>dom bheith ag dul abhaile ní rabhas i n-ao' chor istigh liom</span> <lb n="1640"/><span>féin. Bhí a cuimhne ag teacht tar n-ais chugham go hana-</span> <lb n="1641"/><span>shoiléir ar fad. Níor shamhluigheas aon ní léi an uair sin</span> <lb n="1642"/><span>ach sceimhle mhór an Luain go mbíonn Beit Mhór ag trácht</span> <lb n="1643"/><span>air go minic, pé rud é. Ach ní raibh aon dul uaidh agam,</span> <lb n="1644"/><span>thuigeas, agus d'éirigheas chun dul abhaile.</span></p> <lb n="1645"/> <lb n="1646"/><p><span>"Abhaile taoi ag dul?" arsa Nell.</span></p> <lb n="1647"/> <lb n="1648"/><p><span>"Seadh," arsa mise, "agus ba bhreá bheith ag dul 'on</span> <lb n="1649"/><span>croich seachas é."</span></p> <lb n="1650"/> <lb n="1651"/><p><span>Do gháireadar go léir. D'fhéachas anonn ar Nell.</span></p> <lb n="1652"/> <lb n="1653"/><p><span>"Mhuise, beannacht Dé ort! agus téanam ort im'</span> <lb n="1654"/><span>theannta féachaint a' bhféadfá faobhar mo mháthar a chur</span> <lb n="1655"/><span>díom."</span></p> <lb n="1656"/> <lb n="1657"/><p><span>Is dócha gur thuig sí an cás cruaidh a bhí orm. Do</span> <lb n="1658"/><span>phreab sí.</span></p> <lb n="1659"/> <lb n="1660"/><p><span>"Mhuise im' briathar go raghad," ar sise.</span></p> <lb n="1661"/> <lb n="1662"/><p><span>Tháinig oiread bó de chroidhe dhom, a dhuine. Bhí Máire</span> <lb n="1663"/><span>Aindí ag gáiridhe fén scéal.</span></p> <lb n="1664"/> <lb n="1665"/><p><span>Nuair a bhíomair ag imeacht, arsa Tadhg Óg: "Arbh</span> <lb n="1666"/><span>aon chabhair mise dhul 'nbhur dteannta?" agus d'fhéach sé</span> <lb n="1667"/><span>ar Nell. Do stad gáire Mháire Aindí agus tháinig cuma</span> <lb n="1668"/><span>míchéadtach uirthi nuair fhéach sí sa chúinne ar lorg rud'</span> <lb n="1669"/><span>éigin. Le n-a linn sin d'fhéach Nell ar Thadhg agus do</span> <lb n="1670"/><span>bhagair a ceann chun an dorais.</span></p> <lb n="1671"/> <lb n="1672"/><p><span>"Téanam ort," arsa mise, agus tháinig.</span></p> <lb n="1673"/> <lb n="1674"/><p><span>Ba mhór an misneach orm é an bheirt a bheith faram agus</span> <lb n="1675"/><span>me ag dul go dtí an tigh. Gaibheamair an bóithrín - mise</span> <lb n="1676"/><span>ar tosach agus iad-san im' dhiaidh agus lámh Nell i láimh</span> <lb n="1677"/><span>Thaidhg, toisc an oidhche bheith ann is dócha. D'fhanadar</span> <lb n="1678"/><span>i ndoras an stábla faid a bhíos-sa ag dul ar an lochta</span> <lb n="1679"/><span>ar lorg mo chuid éadaigh féin agus 'á chur orm.</span></p> <lb n="1680"/> <lb n="1681"/><p><span>Nuair thána arís chúcha ghluaiseamair chun an tighe. Ní</span> <lb n="1682"/><span>mise bhí ar tosach an babhta so am baic! Is i gcoinnibh</span> <lb n="1683"/><span>mo chos a bhíos ag dul ann, a dhuine.</span> <lb n="1684"/></p> </div> <pb n="46"/> <div><lb n="1685"/><p><span>Ná bíodh aon drochmhisneach ort, a bhuachaill," arsa</span> <lb n="1686"/><span>Nell liom, "Siubhail leat."</span></p> <lb n="1687"/> <lb n="1688"/><p><span>"Ní leigfidh tú dhi me mharbhú ar fad, a Nell," arsa</span> <lb n="1689"/><span>mise.</span></p> <lb n="1690"/> <lb n="1691"/><p><span>"Ní leigfead," arsa Nell. "Croith suas tu féin."</span></p> <lb n="1692"/> <lb n="1693"/><p><span>Thugas me féin suas do Dhia agus do Mhuire agus</span> <lb n="1694"/><span>rugas greim ar ghúna Nell agus chuas thar doras isteach</span> <lb n="1695"/><span>'na diaidh. Bhí Mam 'na suidhe ag ceann an bhúird agus</span> <lb n="1696"/><span>Daid le hais na teine agus Cáit imithe a chodla, is dócha.</span> <lb n="1697"/><span>Nuair chuas isteach d'fhéach Mam orm. Chloisfeá biorán</span> <lb n="1698"/><span>dá dtuiteadh. Do stad mo chroidhe agus m'anál agus</span> <lb n="1699"/><span>chrom rud éigin i gcolpaí mo chos ar chrith agus mheasas</span> <lb n="1700"/><span>go dtuitfinn.</span></p> <lb n="1701"/> <lb n="1702"/><p><span>"Tháinís," ar sise.</span></p> <lb n="1703"/> <lb n="1704"/><p><span>Ar mh'fhalaing nár labhras! D'éirigh Mam agus thóg sí</span> <lb n="1705"/><span>anuas an tslat den chlár os cionn na teine mar a mbíodh</span> <lb n="1706"/><span>sé i gcomhnaidhe aici.</span></p> <lb n="1707"/> <lb n="1708"/><p><span>"Tar i leith chugham," ar sise.</span></p> <lb n="1709"/> <lb n="1710"/><p><span>Ó mhuiricín! bhíos ag cur uaim. Leis an scannra</span> <lb n="1711"/><span>bhíos ag bogadh de ghúna Nell chun dul chun na slaite nuair</span> <lb n="1712"/><span>chuir Nell taobh thiar di me.</span></p> <lb n="1713"/> <lb n="1714"/><p><span>"Ní bhuailfidh tú barra méire ar an mbuachaill," ar</span> <lb n="1715"/><span>sise le Mam. Mo cheol í Nell.</span></p> <lb n="1716"/> <lb n="1717"/><p><span>"Buailfidh me agus bainfidh me an croiceann anuas</span> <lb n="1718"/><span>do, mar is é atá tuillte aige," arsa Mam.</span></p> <lb n="1719"/> <lb n="1720"/><p><span>Bhí scaimh uirthi 'á rádh, a dhuine.</span></p> <lb n="1721"/> <lb n="1722"/><p><span>"Á faire, a Mham! ná dein," arsa Nell. "Dhein an</span> <lb n="1723"/><span>garsún bocht dearmhad agus tá aithreachas anois air."</span></p> <lb n="1724"/> <lb n="1725"/><p><span>"Aithrighe thóirnighe," arsa Mam. "Scaoil i leith chugham</span> <lb n="1726"/><span>é agus múinfead-sa dho …"</span></p> <lb n="1727"/> <lb n="1728"/><p><span>"Ach beidh sé 'na bhuachaill maith gach aon uair eile,"</span> <lb n="1729"/><span>arsa Nell.</span></p> <lb n="1730"/> <lb n="1731"/><p><span>Bhí Nell ar a dícheall.</span></p> <lb n="1732"/> <lb n="1733"/><p><span>"Beidh, nuair bhead-sa críochnaithe leis," arsa Mam,</span> <lb n="1734"/><span>agus thug sí fogha tiompall ar Nell chun beirthe orm.</span> <lb n="1735"/><span>Léim Nell eadrainn chun me chosaint ach is baoghal go</span> <lb n="1736"/><span>dteipfeadh uirthi agus go mbeadh deire le Jimín mara</span></p> </div> <pb n="47"/> <div><lb n="1737"/><p><span>mbeadh gur dhein Tadhg Óg fóirithint orm. Ní dhearmhadfad</span> <lb n="1738"/><span>go bráth dó é. Rug sé ar láimh ar Mham agus bhain sé an</span> <lb n="1739"/><span>tslat di. Ó 'dhuine! ba mhór an fhuascailt é. Bhí Mam</span> <lb n="1740"/><span>ar buile ach do dheineadar cainnt bhreá bhog léi 'á ciúnú:</span> <lb n="1741"/><span>gur buachaill bocht óg me agus ná raibh aon chiall agam -</span> <lb n="1742"/><span>ná bíonn ceann críonna ar cholain óig - ná tagann ciall</span> <lb n="1743"/><span>roim aois - gur fearr go hanamúil aerach me ná bheith im'</span> <lb n="1744"/><span>ruidín mílítheach cois na teine aici - go ndéanfainn fear</span> <lb n="1745"/><span>maith ciallmhar fós, le congnamh Dé-agus nach minic a</span> <lb n="1746"/><span>chuala sí na seandaoine 'á rádh gur "duine óg diagaithe</span> <lb n="1747"/><span>adhbhar diabhail seanduine"; agus a lán eile cainnte mar</span> <lb n="1748"/><span>sin gur chuaidh sí chun suainis.</span></p> <lb n="1749"/> <lb n="1750"/><p><span>Annsan tharraing Tadhg scéal eile anuas-go raibh cúig</span> <lb n="1751"/><span>phúint a cúig déag ar bhanbhaí ocht seachtaine ar shráid an</span> <lb n="1752"/><span>Daingin Satharn na Nodlag agus bhréagadar Mam mar</span> <lb n="1753"/><span>sin ó bheith ag cothú fala im' choinnibh-se. Faid a bhíodar</span> <lb n="1754"/><span>ag cainnt d'éaluigheas féin chun súsa agus me go buidheach</span> <lb n="1755"/><span>tré a fheabhas a chuas as. Ní haon néal chodlata thuit orm,</span> <lb n="1756"/><span>áfach, go gcuala Nell agus Tadhg ag imeacht abhaile agus</span> <lb n="1757"/><span>níor stad mo chroidhe de bhualadh go gcuala Mam ag dul</span> <lb n="1758"/><span>d'á seomra féin. Is sia chuimhnigh sí ar mhíghníomh lae sin</span> <lb n="1759"/><span>an Dreóilín im' choinnibh ná aon rud eile bhí déanta le</span> <lb n="1760"/><span>fada agam. Gach aon mhaidean Domhnaigh nuair a chíodh sí</span> <lb n="1761"/><span>gúna Cháit agus an rian dubh a dh'fhan air i ndiaidh an lae</span> <lb n="1762"/><span>mhí-áidh sin ní fhéadfadh sí gan é chur i gcuimhne dhom. Dá</span> <lb n="1763"/><span>mbuaileadh Dia aon tseans i dtreo Cháit go bhfaghadh sí</span> <lb n="1764"/><span>gúna nua ba mhór an suaineas dom é.</span> <lb n="1765"/></p> </div> <pb n="48"/> <div><lb n="1766"/><p><span>CAIBIDIOL VII </span></p> <lb n="1767"/> <lb n="1768"/><p><span>MAR BRISEADH CLEAMHNAS PHEATS TEAIMÍ</span></p> <lb n="1769"/> <lb n="1770"/><p><span>Táim le fada ag faire ar Nell Mháire Aindí agus ar</span> <lb n="1771"/><span>Thadhg Óg. Go dtí coigthíos ó shin bhíodh an bheirt aca sa</span> <lb n="1772"/><span>bhóithrín gach aon tráthnóna. Is mó tamall a thugas ag</span> <lb n="1773"/><span>faire ortha. A leithéid de chogarnaigh is a bhíodh aca, a</span> <lb n="1774"/><span>dhuine! D'éaluigheas-sa taobh thiar de'n chlaidhe oidhche ag</span> <lb n="1775"/><span>éistecht leo féachaint cad a bhí ar siubhal aca. Ní</span> <lb n="1776"/><span>rabhadar buidheach dá chéile. Is amhlaidh a bhí sí sin ag</span> <lb n="1777"/><span>tabhairt greadadh dho i dtaobh go raibh sé ag rinnce le</span> <lb n="1778"/><span>cailín ó Bhaile na hAbhann. Thug Tadhg na seacht leabhair</span> <lb n="1779"/><span>déag ná raibh aon tor' aige ar an gcailín ó Bhaile na</span> <lb n="1780"/><span>hAbhann ná ar aon chailín dá rugadh riamh ach uirthi féin.</span> <lb n="1781"/><span>N'fheadar ar chreid sí é, nó nár chreid. Is dócha nár</span> <lb n="1782"/><span>chreid mar nuair thug sé iarracht ar í phógadh bhuail sí</span> <lb n="1783"/><span>clabhta baise sa leathcheann air. Is minic a bhídís mar sin</span> <lb n="1784"/><span>sa bhóithrín.</span></p> <lb n="1785"/> <lb n="1786"/><p><span>Tráthnóna tiompall coigthíse ó shin tháinig Máire Aindí</span> <lb n="1787"/><span>isteach go dtí mo mháthair agus bhíodar ag cogarnaigh agus</span> <lb n="1788"/><span>thuigeas go raibh scéal mór éigin ar siubhal aca.</span> <lb n="1789"/><span>Chuireas-sa mo chuid leabhar ar cheann an bhúird le hais</span> <lb n="1790"/><span>leo chun bheith ag foghluim mo chuid ceacht, mar a dhéanfadh</span> <lb n="1791"/><span>buachaill maith, ach dubhairt Mam liom dul d'iarraidh</span> <lb n="1792"/><span>gabhál móna. Nuair a bhí sé sin istigh agam chuir sí amach</span> <lb n="1793"/><span>mé d'iarraidh uisce. Thugas liom an t-uisce, agus annsan</span> <lb n="1794"/><span>dubhairt sí liom dul ar lorg na ngéanna. Bhí fhios</span> <lb n="1795"/><span>agam-sa go maith cad chuige a bhí sí am' chur amach, ach dá</span> <lb n="1796"/><span>fheabhas í, fuaireas amach cad do bhí ar siubhal aca.</span> <lb n="1797"/><span>D'éaluigheas isteach trí fhuinneóig an tseomra agus bhíos</span> <lb n="1798"/><span>ag éisteacht ag poll na heochrach. Máire Aindí a bhí ag</span> <lb n="1799"/><span>cainnt.</span> <lb n="1800"/></p> </div> <pb n="49"/> <div><lb n="1801"/><p><span>"N'fheadar-sa cad é an saoghal atá anois ann ná</span> <lb n="1802"/><span>deineann an dream atá suas mar do dhein a muinntir</span> <lb n="1803"/><span>rómpa-a bheith sásta leis an té a gheobhadh a n-athair nó</span> <lb n="1804"/><span>a máthair dóibh."</span></p> <lb n="1805"/> <lb n="1806"/><p><span>"Tá atharú tagaithe ar an saoghal ó bhíos-sa is tusa</span> <lb n="1807"/><span>óg agus ní hé an meón céadna atá age daoine," arsa</span> <lb n="1808"/><span>Mam. "B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an gcailín.</span> <lb n="1809"/><span>Mara bhfuil sí sásta é siúd do phósadh, b'fhéidir nach ceart</span> <lb n="1810"/><span>duit-se iachall a chur uirthi é dhéanamh."</span></p> <lb n="1811"/> <lb n="1812"/><p><span>"Cumá ná beadh sí sásta leis?" arsa Máire. "Ná</span> <lb n="1813"/><span>fuil díol aon chailín d'fhear ann? Agus cad é an tácht</span> <lb n="1814"/><span>má tá blianta beaga aoise aige uirthi? Nach fearr é ná</span> <lb n="1815"/><span>an glaigín gan éifeacht san go bhfuil sí ag cur na súl</span> <lb n="1816"/><span>amach ag gol mar gheall air ó tháinig an scéala cleamhnais</span> <lb n="1817"/><span>ó Pheats Teaimí?"</span></p> <lb n="1818"/> <lb n="1819"/><p><span>Sin é adubhairt Máire.</span></p> <lb n="1820"/> <lb n="1821"/><p><span>"An mór an spré a thairrig Peats duit, a Mháire?"</span> <lb n="1822"/><span>arsa Mam.</span></p> <lb n="1823"/> <lb n="1824"/><p><span>"Thairrig, a chroidhe," arsa Máire, "cúig céad púnt</span> <lb n="1825"/><span>slán, agus nach orainn a bheadh an seans an méid sin</span> <lb n="1826"/><span>airgid do bhualadh an doras isteach chughainn. Ní chuirfinn</span> <lb n="1827"/><span>a chathú go bráth díom dá scaoilinn uaim é."</span></p> <lb n="1828"/> <lb n="1829"/><p><span>Ní dubhairt Mam aon ní go ceann tamaillín.</span></p> <lb n="1830"/> <lb n="1831"/><p><span>"Tá sé anachríona, a Mháire," ar sise fé dheire.</span></p> <lb n="1832"/> <lb n="1833"/><p><span>"Ní mó ná deich mbliana is dachad d'aois é. Is mó</span> <lb n="1834"/><span>lá oibre fós ann," arsa Máire.</span></p> <lb n="1835"/> <lb n="1836"/><p><span>"Níl Nell ach ceithre bliana fichead," arsa Mam.</span></p> <lb n="1837"/> <lb n="1838"/><p><span>"Arú, nach ag dul i n-aois a bheidh sí?" arsa Máire.</span></p> <lb n="1839"/> <lb n="1840"/><p><span>"Cad deir sí i dtaobh an chleamhnais?"</span></p> <lb n="1841"/> <lb n="1842"/><p><span>"Arú, is mó rud a deir sí, ach tiocfaidh ciall di ar</span> <lb n="1843"/><span>ball. Mara mbeadh Tadhg Óg san, níor ghádh dhom bheith</span> <lb n="1844"/><span>ag tathant i n-ao' chor uirthi. An raibh a leithéid d'inghin</span> <lb n="1845"/><span>riamh ag aoinne? Fear breá, ciallmhar, aici 'á dh'fhagháil,</span> <lb n="1846"/><span>agus gan aon tor' aici air."</span></p> <lb n="1847"/> <lb n="1848"/><p><span>"Féach, a Mháire," arsa Mam, "b'fhéidir go bhfuil an</span> <lb n="1849"/><span>ceart ag an gcailín, má tá éileamh aici ar Thadhg Óg, is</span> <lb n="1850"/><span>dócha gur dheacair léi an sean-Peats Teaimí do phósadh … "</span> <lb n="1851"/></p> </div> <pb n="50"/> <div><lb n="1852"/><p><span>"Tse! éileamh aici ar Thadhg Óg! Agus má tá féin</span> <lb n="1853"/><span>cad a bhaineann san leis an scéal? Ní bhíonn san éileamh</span> <lb n="1854"/><span>san ach caitheamh aimsire; ach ní haon chaitheamh aimsire</span> <lb n="1855"/><span>pósadh."</span></p> <lb n="1856"/> <lb n="1857"/><p><span>"Cad é an locht atá agat ar Thadhg Óg?" arsa Mam.</span></p> <lb n="1858"/> <lb n="1859"/><p><span>"Arú, ná bí ag cainnt liom ar Thadhg Óg," ar sise,</span> <lb n="1860"/><span>"níl aon deáramh leis, é féin agus a thrí chéad-go-leith</span> <lb n="1861"/><span>púnt is go bhfuil an doras 'á chur isteach orm gach aon lá</span> <lb n="1862"/><span>age daoine ag teacht ag tathant cheithre céad agus cheithre</span> <lb n="1863"/><span>céad-go-leith orm, agus nach shin cúig céad 'á tharrac dom</span> <lb n="1864"/><span>age Peats Teaimí."</span></p> <lb n="1865"/> <lb n="1866"/><p><span>"An t-aos, a Mháire, an t-aos," arsa Mam, "b'fhéidir</span> <lb n="1867"/><span>ná mairfeadh sé sin deich mbliana eile."</span></p> <lb n="1868"/> <lb n="1869"/><p><span>"Arú, mara mairidh sé, féin, ná beidh sí 'na bean óg</span> <lb n="1870"/><span>an uair sin, agus gheobhaidh sí fear eile agus, dá n-abrainn</span> <lb n="1871"/><span>é, spré."</span></p> <lb n="1872"/> <lb n="1873"/><p><span>Bhíodar tamall eile ag cainnt mar sin, ach thuigeas</span> <lb n="1874"/><span>mar do bhí an scéal, agus d'éaluigheas liom amach arís</span> <lb n="1875"/><span>tríd an bhfuinneóig. Tigh Mháire Aindí bhaineas ar dtúis</span> <lb n="1876"/><span>amach. Ní raibh aonne istigh ach Nell agus rian an ghuil</span> <lb n="1877"/><span>uirthi.</span></p> <lb n="1878"/> <lb n="1879"/><p><span>"Arú, ná bí ag gol i n-ao' chor!" arsa mise, "ar</span> <lb n="1880"/><span>ndóigh ní mhairfidh sé sin deich mbliana eile."</span></p> <lb n="1881"/> <lb n="1882"/><p><span>"Cé hé?" ar sise.</span></p> <lb n="1883"/> <lb n="1884"/><p><span>"Peats Teaimí," arsa mise, "agus beidh tú id' bhean</span> <lb n="1885"/><span>óg an uair sin." Tháinig dhá shúil di agus do las sí go</span> <lb n="1886"/><span>bun a cluas.</span></p> <lb n="1887"/> <lb n="1888"/><p><span>"Bhfuil éileamh agat ar Thadhg Óg?" arsa mise.</span> <lb n="1889"/><span>"Dubhairt Mam go raibh."</span></p> <lb n="1890"/> <lb n="1891"/><p><span>Ní dubhairt sí aon ní, ach bhí sí ar bruach ghuil.</span></p> <lb n="1892"/> <lb n="1893"/><p><span>"Agus dubhairt do mháthair ná raibh annsan ach caitheamh</span> <lb n="1894"/><span>aimsire, agus go gcaithfeá Peats agus a chúig céad púnt</span> <lb n="1895"/><span>a phósadh. Bhíos ag éisteacht leo trí pholl na heocrach."</span></p> <lb n="1896"/> <lb n="1897"/><p><span>"Cad dubhradar?" ar sise.</span></p> <lb n="1898"/> <lb n="1899"/><p><span>"Dubhairt mo Mham gur mhór an náire tú phósadh le</span> <lb n="1900"/><span>seanduine," arsa mise, "agus bíonn an ceart age Mam.</span> <lb n="1901"/><span>Féach, a Nell, ná pós Peats san i n-ao' chor, agus</span> <lb n="1902"/><span>cabhróchad-sa leat."</span> <lb n="1903"/></p> </div> <pb n="51"/> <div><lb n="1904"/><p><span>Do gháir sí tríd an ngol.</span></p> <lb n="1905"/> <lb n="1906"/><p><span>"Dá fheabhas tú, mhaise, a Jimín," ar sise, "raghaidh</span> <lb n="1907"/><span>ded' dhícheall mé chosaint ar Mham agus ar an seana-</span> <lb n="1908"/><span>chníopaire sin go bhfuil chúig céad púnt aige."</span></p> <lb n="1909"/> <lb n="1910"/><p><span>"Fan bog, mhuise," arsa mise, agus siúd liom an</span> <lb n="1911"/><span>doras amach.</span></p> <lb n="1912"/> <lb n="1913"/><p><span>Nuair a bhíos ag gabháil síos thar tigh Thaidhg Óig, bhí</span> <lb n="1914"/><span>Tadhg san iothlainn agus é ag gearradh turnpaí. Ach ní</span> <lb n="1915"/><span>ag gearradh a bhí sé i n-ao' chor, mar is amhlaidh a bhí a uile</span> <lb n="1916"/><span>anuas ar an meaisín aige, agus a lámh fé n-a leathcheann,</span> <lb n="1917"/><span>agus níor dhóigh leat air go raibh aon anamhisneach air.</span></p> <lb n="1918"/> <lb n="1919"/><p><span>"Cad é an fuadar atá anois fút, a Jimín?" ar</span> <lb n="1920"/><span>seisean.</span></p> <lb n="1921"/> <lb n="1922"/><p><span>"Fuadar cleamhnais, dar fia!" arsa mé féin. N</span> <lb n="1923"/><span>fhéadfainn gan é leigint amach.</span></p> <lb n="1924"/> <lb n="1925"/><p><span>"Arú, cé dho?"</span></p> <lb n="1926"/> <lb n="1927"/><p><span>"D'inghin Mháire Aindí," arsa mise.</span></p> <lb n="1928"/> <lb n="1929"/><p><span>Mheas sé gur ag magadh fé a bhíos. "Tá stócach aici</span> <lb n="1930"/><span>mhuise," ar seisean.</span></p> <lb n="1931"/> <lb n="1932"/><p><span>"Is fearr mé ná tusa pé scéal é, agus dá mbeadh</span> <lb n="1933"/><span>aon mhaith ionnat, ní hannsan do bheifeá, ach shuas aici.</span> <lb n="1934"/><span>Tá sí 'na haonar agus í ag gol," arsa mise, "agus ní</span> <lb n="1935"/><span>fiú thú bheith ag gol mar gheall ort." N'fhéadfainn é</span> <lb n="1936"/><span>chongáil istigh.</span></p> <lb n="1937"/> <lb n="1938"/><p><span>Chaith sé turnap liom.</span></p> <lb n="1939"/> <lb n="1940"/><p><span>"Níl aonne 'na teannta," arsa mise, agus as go</span> <lb n="1941"/><span>bráth liom.</span></p> <lb n="1942"/> <lb n="1943"/><p><span>Tá Peats Teaimí 'na chomhnaidhe dhá mhíle siar uainn.</span> <lb n="1944"/><span>Nuair thána ann, ní raibh sé istigh. Dubhairt duine éigin</span> <lb n="1945"/><span>liom go raibh sé sa cheardchain. Chuas annsan. Bhí an</span> <lb n="1946"/><span>oidhche tuitthe, agus a lán daoine istigh ann ag caitheamh</span> <lb n="1947"/><span>tobac. Bhí an gabha ag baint sranntarnaighe as na builg.</span> <lb n="1948"/><span>Nuair do chonnaic sé mise, do stad sé.</span></p> <lb n="1949"/> <lb n="1950"/><p><span>"Seadh, a bhuachaill bhig," ar seisean, "cad tá uait-se?"</span></p> <lb n="1951"/> <lb n="1952"/><p><span>"Tá Peats Teaimí," arsa mise, "bhfuil sé annso?"</span></p> <lb n="1953"/> <lb n="1954"/><p><span>"Sin é 'na shuidhe ar cheann an bhínnse é," ar seisean.</span></p> <lb n="1955"/> <lb n="1956"/><p><span>"An é an seanaleaid maol é?" arsa mise.</span> <lb n="1957"/></p> </div> <pb n="52"/> <div><lb n="1958"/><p><span>Ní dubhairt aonne faic leis sin, ach do gháir slibire do</span> <lb n="1959"/><span>gharsún fada do bhí ann. Bhí a lán des na fearaibh, áfach,</span> <lb n="1960"/><span>a thug súnnc uileann dá chéile. Tháinig lasadh sa bhfear</span> <lb n="1961"/><span>maol.</span></p> <lb n="1962"/> <lb n="1963"/><p><span>"An tusa Peats Teaimí?" arsa mise leis.</span></p> <lb n="1964"/> <lb n="1965"/><p><span>"Cad dob áil leat díom?" ar seisean.</span></p> <lb n="1966"/> <lb n="1967"/><p><span>"Thána i leith," arsa mise, "ó inghin Mháire Aindí chun</span> <lb n="1968"/><span>a rádh leat ná pósfadh sí i n-ao' chor thú, mar gur seana-</span> <lb n="1969"/><span>chníopaire thú; agus deir Mam go bhfuil an ceart aici;</span> <lb n="1970"/><span>ach deir Máire Aindí nach mór an díobháil a bheidh déanta</span> <lb n="1971"/><span>má phósann tú Nell, mar nach fada mhairfir agus go</span> <lb n="1972"/><span>mbeidh Nell 'na bean óg id' dhiaidh, agus go bhfaghaidh sí</span> <lb n="1973"/><span>fear eile, agus beidh do chúig céad-sa aca."</span></p> <lb n="1974"/> <lb n="1975"/><p><span>Faid a bhíos ag cainnt bhí meanga gáire ag teacht ar</span> <lb n="1976"/><span>chuid des na fearaibh agus sara raibh deire ráidhte agam</span> <lb n="1977"/><span>bhí clab ar an gcuid ba mhó aca ag gáirí. An riach, a mhic</span> <lb n="1978"/><span>ó, ach go dtáinig straidhn ar Pheats Teaimí chugham.</span> <lb n="1979"/><span>Phreab sé anuas den mbínnse agus é ar buile le feirg.</span></p> <lb n="1980"/> <lb n="1981"/><p><span>"Don diach a bheirim Máire Aindí agu sa toice</span> <lb n="1982"/><span>inghine!" ar seisean. "Abair leo gur maith liom bheith</span> <lb n="1983"/><span>scartha leo mar gurbh olc an íde thug an tseanabhean ar</span> <lb n="1984"/><span>an bhfear a bhí aici féin nuair a chuir sí sa chré go hóg é.</span> <lb n="1985"/><span>Sin é an íde a mheas sí a thabhairt orm-sa leis, is docha,</span> <lb n="1986"/><span>tar éis mo chuid a shlad uaim. Bheirim-se an fial! ná</span> <lb n="1987"/><span>bead-sa am' amadán aca. Fág mo radharc, a choileáin!"</span> <lb n="1988"/><span>ar seisean liom-sa.</span></p> <lb n="1989"/> <lb n="1990"/><p><span>Chuir a chuid cainnte olc orm. "Bú," arsa mise,</span> <lb n="1991"/><span>"a sheanaphlaitín scúite."</span></p> <lb n="1992"/> <lb n="1993"/><p><span>Bhíos anadhrochmhúinte admhuighim, ach n'fhéadfainn a'</span> <lb n="1994"/><span>"fear maith" fhágaint aige.</span></p> <lb n="1995"/> <lb n="1996"/><p><span>Thairrig sé iarracht de chic orm, a mhic ó, ach ní mé do</span> <lb n="1997"/><span>bhuail sé ach madra an ghabha agus thóg sé os cionn</span> <lb n="1998"/><span>talmhan é. Dubhairt an gabha leis go mbrisfeadh sé a</span> <lb n="1999"/><span>phus. N'fheadar-sa cad a thárla 'na dhiaidh san mar</span> <lb n="2000"/><span>bhaineas an doras amach.</span></p> <lb n="2001"/> <lb n="2002"/><p><span>Bhí an oidhche dhorcha agam ag teacht abhaile agus níor</span> <lb n="2003"/><span>stadas ach ag rith chun ná beireadh na púcaí orm. Ní</span> <lb n="2004"/><span>rugadar. Go dtí tigh Mháire Aindí chuas ar dtúis. Bhí</span></p> </div> <pb n="53"/> <div><lb n="2005"/><p><span>Nell ar fuaid na cistineach. Bhí Máire Aindí agus Beit</span> <lb n="2006"/><span>Mhór agus beirt nó triúr eile ban tiompall na teine</span> <lb n="2007"/><span>agus iad ag cainnt i dtaobh an chleamhnais.</span></p> <lb n="2008"/> <lb n="2009"/><p><span>"Is dócha go mbeidh sibh ag dul 'on Daingean Dé</span> <lb n="2010"/><span>Sathairn chun páipéir an chleamhnais a dh'fhághail ón</span> <lb n="2011"/><span>atúrnae?" arsa Beit Mhór agus mé ag teacht an doras</span> <lb n="2012"/><span>isteach.</span></p> <lb n="2013"/> <lb n="2014"/><p><span>"Ní bheid," arsa mise, "tá an cleamhnas briste."</span></p> <lb n="2015"/> <lb n="2016"/><p><span>D'fhéachadar go léir orm.</span></p> <lb n="2017"/> <lb n="2018"/><p><span>"Tá sé briste," arsa mise.</span></p> <lb n="2019"/> <lb n="2020"/><p><span>"Cé dubhairt san leat, a bhligeáird?" arsa Máire</span> <lb n="2021"/><span>Aindí.</span></p> <lb n="2022"/> <lb n="2023"/><p><span>"Peats Teaimí," arsa mise. "Bhíos ar an gceardchain</span> <lb n="2024"/><span>anois agus bhí Peats ann agus d'fhógair sé 'on diabhal</span> <lb n="2025"/><span>tusa agus do thoice inghine agus dubhairt sé liom é rádh</span> <lb n="2026"/><span>leat ná beadh a chuid airgid agat-sa ná ná cuirfeadh sibh</span> <lb n="2027"/><span>'on chré é mar do chuiris-se t'fhear féin; agus bhí an gomh</span> <lb n="2028"/><span>air 'á rádh."</span></p> <lb n="2029"/> <lb n="2030"/><p><span>Arú, a mhic ó! n'fheacaís riamh ach an preab a bhaineas</span> <lb n="2031"/><span>asta. Chuaidh Máire Aindí i laige agus bhíodar ag</span> <lb n="2032"/><span>caitheamh uisce uirthi go dtáinig an t-anam arís innti.</span> <lb n="2033"/><span>Annsan chrom sí ar ghol agus bhí na mná go léir 'na</span> <lb n="2034"/><span>tiompall d'iarraidh í chur ar a suaineas. Ní raibh Nell</span> <lb n="2035"/><span>ag gol i n-ao' chor. Bhí Beit Mhór ag cáineadh Pheats</span> <lb n="2036"/><span>Teaimí.</span></p> <lb n="2037"/> <lb n="2038"/><p><span>"Léan air, an rudín súigh!" ar sise, "b'olc an díol</span> <lb n="2039"/><span>air é thabhairt isteach ar do theinteán. Is maith do scarais</span> <lb n="2040"/><span>leis, a chroidhe." Ba dhóigh leat ar Bheit Mhór gurbh í</span> <lb n="2041"/><span>Máire Aindí fhéin a bhí 'á pósadh leis.</span></p> <lb n="2042"/> <lb n="2043"/><p><span>Bhí Nell tiompall a máthar a bhí ag gol. "Á! 'Mhamaí,</span> <lb n="2044"/><span>éist," ar sise, "nár imighidh uainn ach é. Níl ann ach</span> <lb n="2045"/><span>bodach."</span></p> <lb n="2046"/> <lb n="2047"/><p><span>"Níl, a chroidhe," arsan mháthair. "Bodach gan mheas</span> <lb n="2048"/><span>air féin, a leanbh, agus b'fhéidir ná raibh an ceart agam-sa</span> <lb n="2049"/><span>nuair a bhíos ag tathant ort-sa tú féin a cheangal le</span> <lb n="2050"/><span>bastún dá leithéid." Nuair a chuala-sa ag bladar le na</span> <lb n="2051"/><span>chéile mar sin iad, chuireas díom amach. Ní maith liom</span> <lb n="2052"/><span>suainseán ban.</span> <lb n="2053"/></p> </div> <pb n="54"/> <div><lb n="2054"/><p><span>CAIBIDIOL VIII</span></p> <lb n="2055"/> <lb n="2056"/><p><span>PÓSADH THAIDHG ÓIG AGUS NELL MHÁIRE AINDÍ</span></p> <lb n="2057"/> <lb n="2058"/><p><span>Nuair a bhíos ag dul abhaile ó thigh Mháire Aindí tar</span> <lb n="2059"/><span>éis chleamhnais Pheats Teaimí do bhriseadh do Nell, do</span> <lb n="2060"/><span>ghaibheas an bóithrín agus cé bhuailfeadh liom fén dtor</span> <lb n="2061"/><span>ach Tadhg Óg.</span></p> <lb n="2062"/> <lb n="2063"/><p><span>"Ní gádh dhuit a bheith annsan," arsa mise, "mar ná</span> <lb n="2064"/><span>tiocfaidh sí anocht chughat. Tá siad go mór tré n-a chéile</span> <lb n="2065"/><span>thuas, tá cleamhnas Pheats Teaimí briste. Imigh leat suas.</span> <lb n="2066"/><span>'Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.' N'fheadrais</span> <lb n="2067"/><span>ná go mbeadh fáilte romhat. Tá olc ar Mháire chuig</span> <lb n="2068"/><span>Peats Teaimí."</span></p> <lb n="2069"/> <lb n="2070"/><p><span>Chuireas díom annsan.</span></p> <lb n="2071"/> <lb n="2072"/><p><span>Bhí Mam ar na craobhacha romham. Ba dhóbair di mé</span> <lb n="2073"/><span>dh'ithe, a dhuine, toisc bheith chomh fada amuich, ach leigeas</span> <lb n="2074"/><span>di bheith ag cur aisti. Ní 'neósainn di cá rabhas, bíodh</span> <lb n="2075"/><span>gur cheistigh sí go cruaidh mé. Níor fhéadas, áfach, gan</span> <lb n="2076"/><span>bheith ag gáirí, nuair do chuimhnigheas ar Pheats Teaimí,</span> <lb n="2077"/><span>agus do chuir san an cíocras ar fad ar Mham chun fios</span> <lb n="2078"/><span>scéil d'fhagháil. Ar feadh na hoidhche n'fhéadainn staidéar</span> <lb n="2079"/><span>a dhéanamh ar aon cheacht ach me ag gáirí agus Mam am'</span> <lb n="2080"/><span>cheistiú coitianta. Chuaidh an scéal ó smacht sa deire orm</span> <lb n="2081"/><span>agus chuireas liú mór gáirí asam nuair do chuimhnigheas</span> <lb n="2082"/><span>ar an gcic do bhuail Peats ar an madra. Bhí mo mháthair</span> <lb n="2083"/><span>bhocht 'á snaoi leis an bhfiosracht. Rug sí orm agus chuir</span> <lb n="2084"/><span>sí im' shuidhe ar cheann an bhúird me agus mo chosa ar</span> <lb n="2085"/><span>sileadh. B'éigean dom an scéal go léir d'innsint, a</span> <lb n="2086"/><span>mhic ó. Bhí sí ag leigint uirthi go raibh olc uirthi chugham</span> <lb n="2087"/><span>ach chonnac-sa go maith gur thaithnigh an scéal léi agus</span> <lb n="2088"/><span>thugas fé ndeara go raibh sí ag gáirí chúichi féin. I gcionn</span> <lb n="2089"/><span>tamaill thug sí ubhall dom a bhí i bhfolach aici i n-áit éigin</span></p> </div> <pb n="55"/> <div><lb n="2090"/><p><span>ná raibh fhios agam-sa. Thugas cuid den ubhall do Cháit.</span> <lb n="2091"/><span>Annsan chuamair a chodladh ; ach ní a chodladh chuaidh Mam</span> <lb n="2092"/><span>ach suas go tigh Mháire Aindí agus is dócha gur ag cadráil</span> <lb n="2093"/><span>thugadar cuid mhaith den oidhche.</span></p> <lb n="2094"/> <lb n="2095"/><p><span>Phreabas as an leabaidh nuair chuala ag teacht í agus</span> <lb n="2096"/><span>bhíos leathslí síos an staighre nuair tháinig sí isteach.</span></p> <lb n="2097"/> <lb n="2098"/><p><span>"Cad deir Máire Aindí anois le Tadhg Óg, a Mham?"</span> <lb n="2099"/><span>arsa mise.</span></p> <lb n="2100"/> <lb n="2101"/><p><span>"Téire 'on leabaidh," ar sise, "agus ná bí id' gheilt</span> <lb n="2102"/><span>annsan."</span></p> <lb n="2103"/> <lb n="2104"/><p><span>"Á, 'Mhaimí, innis dom é," arsa mise, "an raibh Tadhg</span> <lb n="2105"/><span>Óg thuas faraibh?"</span></p> <lb n="2106"/> <lb n="2107"/><p><span>"Bhí," ar sise.</span></p> <lb n="2108"/> <lb n="2109"/><p><span>"Raibh sé féin agus Máire go mór le chéile?"</span></p> <lb n="2110"/> <lb n="2111"/><p><span>"Bhíodar," ar sise.</span></p> <lb n="2112"/> <lb n="2113"/><p><span>"Hurú!" arsa me féin, agus ritheas isteach go dtí</span> <lb n="2114"/><span>seomra Cháit agus rugas ar shróin uirthi agus dhúisigheas í.</span></p> <lb n="2115"/> <lb n="2116"/><p><span>"Cad tá ort arú?" ar sise.</span></p> <lb n="2117"/> <lb n="2118"/><p><span>"Píosam, pósam," arsa mise, "prátaí rósta, bainne</span> <lb n="2119"/><span>do bhó-sa is bainne mo bhó-sa, táthaoi pósta, imighidh an</span> <lb n="2120"/><span>bóthar! Hurú! Hí-ú!" arsa mise. Ach chuala Mam</span> <lb n="2121"/><span>ag teacht agus b'éigean dom rith.</span></p> <lb n="2122"/> <lb n="2123"/><p><span>"Tánn tú ait," arsa Cáit, agus chuir sí osna codlatach</span> <lb n="2124"/><span>aiste.</span></p> <lb n="2125"/> <lb n="2126"/><p><span>Ar maidin nuair a bhíos ag dul ar scoil bhí Nell</span> <lb n="2127"/><span>Mháire Aindí ar an mbóthar ag bun an bhaile. Ghlaoidh sí</span> <lb n="2128"/><span>orm, agus, a mhic ó, sara raibh fhios agam faic, rug sí orm</span> <lb n="2129"/><span>agus thug sí fámaire de phóig dom. Ba chuma liom, ach</span> <lb n="2130"/><span>bhí Micilín Eoin díreach ag gabháil anuas an casán agus</span> <lb n="2131"/><span>chonnaic sé í. Tháinig olc orm chúichi. Piú! póganna!</span> <lb n="2132"/><span>Bíonn cailíní i gcomhnaidhe ag pógadh daoine agus chuir-</span> <lb n="2133"/><span>fidís déistin ort. Scríobas an phóg dem' aghaidh lem'</span> <lb n="2134"/><span>mhuinirthle agus d'imigheas. Bhíomair leathslí ar scoil</span> <lb n="2135"/><span>nuair chuireas lámh im' póca agus cad do gheobhainn ann</span> <lb n="2136"/><span>ach leathchoróin. Dhearmhadas an tseanaphóg, deirim-se</span> <lb n="2137"/><span>leat. Cheannuigheamair bosca toitíní ag an dTobar agus</span> <lb n="2138"/><span>bhíomair ag féachaint ciaca 'gainn araon d'fhéadfadh an</span></p> </div> <pb n="56"/> <div><lb n="2139"/><p><span>gal do chur amach tré na shróin. Bhí Micilín chomh maith</span> <lb n="2140"/><span>liom-sa chuige sin. Annsan thugamair tamall eile</span> <lb n="2141"/><span>d'iarraidh an gal do shlugadh. Bhí Micilín breóite ag an</span> <lb n="2142"/><span>dtobac agus tháinig dath glasbhuidhe air. Nuair a</span> <lb n="2143"/><span>thánamair araon ar scoil fuair an Máighistir bolath an</span> <lb n="2144"/><span>tobac uainn ach ní fhuair sé aon toitín 'nár bpócaí mar</span> <lb n="2145"/><span>bhíodar go léir caithte againn. Fuaireamair léasadh mar</span> <lb n="2146"/><span>sin féin, ach tháinig scannradh ar an Máíghistir nuair do</span> <lb n="2147"/><span>bhreóitigh Micilín tar éis é bhualadh agus d'fhág sé le hais</span> <lb n="2148"/><span>na teine feadh an lae é.</span></p> <lb n="2149"/> <lb n="2150"/><p><span>Nuair a bhíomair amuich lár an lae chonnac féin an</span> <lb n="2151"/><span>Máighistir ag caitheamh toitíní agus é ag bladar leis na</span> <lb n="2152"/><span>cailíní ata ag múineadh sa scoil eile.</span></p> <lb n="2153"/> <lb n="2154"/><p><span>Bhíodar anamhór tré chéile i dtigh Mháire Aindí go</span> <lb n="2155"/><span>dtáinig lá an phósta. Bhíodh na mná go léir istigh ann</span> <lb n="2156"/><span>gach oidhche agus chuala Cáit 'á rádh go raibh gúna gleóite</span> <lb n="2157"/><span>age Nell agus hata istigh i mbosca agus cleite mór bán</span> <lb n="2158"/><span>air. Bhí sceitimíní ar Cháit mar gheall ar na rudaí a bhí</span> <lb n="2159"/><span>aici. 'Sé rud a bhí ag cur tinnis ar na fearaibh ná "an</span> <lb n="2160"/><span>lá" a bheadh aca. Ba chuma leo-san i dtaobh an hata.</span> <lb n="2161"/><span>Nuair a chídís mise, bhídís am' cheistiú mar gheall ar mo</span> <lb n="2162"/><span>thurus go dtí Peats Teaimí. Gheibhidís anashult sa scéal,</span> <lb n="2163"/><span>a dhuine. "Agus cad dubhairt sé annsan, a Jimín?"</span> <lb n="2164"/><span>adeiridís.</span></p> <lb n="2165"/> <lb n="2166"/><p><span>D'innsinn dóibh agus chuiridís liú gáirí asta. Is dóigh</span> <lb n="2167"/><span>liom go raibh Peats 'na choilichín paor ag an ndúthaigh.</span> <lb n="2168"/><span>Dubhradar liom go raibh sé 'á bhagairt go marbhóchadh sé</span> <lb n="2169"/><span>mise; ach dubhairt Tadhg Óg go gcosnóchadh sé féin me.</span> <lb n="2170"/><span>Fear mór láidir iseadh Tadhg.</span></p> <lb n="2171"/> <lb n="2172"/><p><span>Bhí rí-rá mór ar an mbaile maidin an phósta. Bhí a</span> <lb n="2173"/><span>chulaith Domhnaigh ar gach aonne ach ar Dhaid. Chongaibh</span> <lb n="2174"/><span>Mam sa bhaile é sin. Tháinig dhá ghluaisteán ón nDaingean</span> <lb n="2175"/><span>chun lucht an phósta a bhreith go dtí an séipéal. Chuaidh</span> <lb n="2176"/><span>lucht an bhaile ann ar chóistí agus ar thrucaillí. Ní bheadh</span> <lb n="2177"/><span>Nell sásta gan mise dhul léi 'na gluaisteán féin. Bhí</span> <lb n="2178"/><span>sí go deas, a dhuine, agus bhí a súile agus a béal ag gáirí.</span> <lb n="2179"/><span>N'fheadar connus a dheineann na cailíní iad féin chomh</span></p> </div> <pb n="57"/> <div><lb n="2180"/><p><span>deas? Nuair a chonnac chugham í mheasas go raibh sí chun</span> <lb n="2181"/><span>me phógadh arís agus bhíos ag cúladh uaithi.</span></p> <lb n="2182"/> <lb n="2183"/><p><span>"Caithfir-se teacht liom-sa sa ghluaisteán," ar sise.</span></p> <lb n="2184"/> <lb n="2185"/><p><span>"Raghad, am baic!" arsa mise, "má thugann tu</span> <lb n="2186"/><span>geallúint dom."</span></p> <lb n="2187"/> <lb n="2188"/><p><span>"Arú, cad é?" ar sise.</span></p> <lb n="2189"/> <lb n="2190"/><p><span>"Gan mé phógadh," arsa mise.</span></p> <lb n="2191"/> <lb n="2192"/><p><span>Do gháir gach aonne agus bhí Nell ag gáirí leis.</span></p> <lb n="2193"/> <lb n="2194"/><p><span>"Ó, táim sásta," ar sise, "téanam ort!"</span></p> <lb n="2195"/> <lb n="2196"/><p><span>Arú! is breá an rud mótar. Bhain an suidheachán</span> <lb n="2197"/><span>preab asam, a dhuine, nuair a shuidheas anuas de phreib</span> <lb n="2198"/><span>air. Is láidir nár chaith sé i n-áirde san aer me, bhí sé</span> <lb n="2199"/><span>chomh bog san. Nuair a shuidh úncail Nell im' aice bhain</span> <lb n="2200"/><span>an suidheachán preab as san leis, mar d'imigh sé i bhfad</span> <lb n="2201"/><span>síos fé, gan choinne. "Ó dhe, an diabhal me!" ar</span> <lb n="2202"/><span>seisean, leis féin, agus annsan do gháireamair araon.</span></p> <lb n="2203"/> <lb n="2204"/><p><span>Annsan bhain an tiománaidhe casadh as rud éigin i</span> <lb n="2205"/><span>dtosach an ghluaisteáin agus thosnuigh glór uafásach éigin</span> <lb n="2206"/><span>istigh i mbolg an mhótair. Mheasas féin gur tinneas a</span> <lb n="2207"/><span>bhí air. Shuidh an tiománaidhe isteach agus as go bráth linn.</span> <lb n="2208"/><span>Bhí mo chroidhe im' béal agam-sa go ceann tamaill mar</span> <lb n="2209"/><span>mheasainn go raghaimís i n-áirde ar an gclaidhe; ach ba</span> <lb n="2210"/><span>dhóigh leat go raibh ciall ag an ngluaisteán an tslí</span> <lb n="2211"/><span>sheachnuigheadh sé gach aon rud.</span></p> <lb n="2212"/> <lb n="2213"/><p><span>Ba mhór a' spórt bheith ag féachaint ar sheanamhná agus</span> <lb n="2214"/><span>asail aca ag baint an chlaidhe amach nuair a bhraithidís</span> <lb n="2215"/><span>chúcha sinn; agus níor leigeas-sa don adhairc ar feadh</span> <lb n="2216"/><span>na haimsire ach 'á séideadh.</span></p> <lb n="2217"/> <lb n="2218"/><p><span>Nuair a thánamair go dtí an séipéal bhí a lán de</span> <lb n="2219"/><span>mhuinntir an bhaile ann agus chuamair isteach. Chuir an</span> <lb n="2220"/><span>sagart Nell agus Tadhg ar a dhá nglúin agus léigh sé</span> <lb n="2221"/><span>rud éigin as leabhar agus dubhairt sé leo rud éigin a</span> <lb n="2222"/><span>rádh 'na dhiaidh agus dubhradar, ach is ar éigean a chloisfá</span> <lb n="2223"/><span>Nell i n-ao' chor. Bhí sí támáilte, tá fhios agat. Annsan</span> <lb n="2224"/><span>do chuir Tadhg fáinne ar a méir agus b' in pósta iad. Ní</span> <lb n="2225"/><span>raibh a thuille ann. N'fheadar-sa cad chuige a bhíonn an</span> <lb n="2226"/><span>gleo go léir i dtaobh pósta i n-ao' chor.</span> <lb n="2227"/></p> </div> <pb n="58"/> <div><lb n="2228"/><p><span>Annsan seadh d'éirigh an chainnt. Bhí gach aonne ag</span> <lb n="2229"/><span>teacht chun na beirte agus ag crothadh lámh leo agus ag</span> <lb n="2230"/><span>rádh, "Go mairir a bhfuil nua agat!" agus bhíodh mná ag</span> <lb n="2231"/><span>pógadh Nell go dtáinig olc orm fhéin chúcha agus d'imigheas</span> <lb n="2232"/><span>ar fuaid na sráide. Chuadar go léir isteach i dtigh óil</span> <lb n="2233"/><span>annsan agus bhíodar ag rinnce agus ag ól agus ag amhrán.</span> <lb n="2234"/><span>Ag déanamh siar ar an tráthnóna b'ait leat cuid de sna</span> <lb n="2235"/><span>fearaibh. Bhídís ag amhrán agus greim lámh aca ar a chéile</span> <lb n="2236"/><span>agus cainnt gan aon chiall ar siubhal aca; agus dá</span> <lb n="2237"/><span>bhfeictheá na pleidhcí ag iarraidh a chéile a phógadh, agus</span> <lb n="2238"/><span>an pórtar ag tuitim as an ngloine bhíodh 'na lámhaibh.</span> <lb n="2239"/><span>Chuirfidís muca i gcuimhne dhuit. Bhí na daoine óga ar</span> <lb n="2240"/><span>fad sa chistin ag rinnce agus mileóidsinn ag sranntarnaigh</span> <lb n="2241"/><span>agus ag casachtaigh mar cheol aca.</span></p> <lb n="2242"/> <lb n="2243"/><p><span>Tráthnóna d'imigh Nell is Tadhg sa mhótar go dtí an</span> <lb n="2244"/><span>traen agus thugadar mise leo go bun an bhóithrín age</span> <lb n="2245"/><span>baile. Im' shuidhe i n-aice an tiománaidhe a bhíos, agus</span> <lb n="2246"/><span>mé ag faire ar gach aon rud a bhíodh sé a dhéanamh.</span> <lb n="2247"/><span>D'fhéachas tharam siar aon uair amháin agus is amhlaidh a</span> <lb n="2248"/><span>bhí Tadhg ag pógadh Nell; agus ní thug sí aon chlabhta</span> <lb n="2249"/><span>baise dho mar thug sí an oidhche úd sa bhóithrín. Baineadh</span> <lb n="2250"/><span>anaphreab as Nell nuair a chonnaic sí mé ag féachaint</span> <lb n="2251"/><span>ortha agus chlúduigh sí a haghaidh le n-a dhá láimh agus bhí</span> <lb n="2252"/><span>sí chomh dearg leis an dteine. Bhí cathú orm gur fhéachas</span> <lb n="2253"/><span>i n-ao' chor.</span></p> <lb n="2254"/> <lb n="2255"/><p><span>Nuair d'imigheadar uaim ag bun an bhóithrín, an riach</span> <lb n="2256"/><span>ná go dtáinig uaigneas orm fhéin agus bhíos i reachtaibh</span> <lb n="2257"/><span>guil, a mhic ó! cé go raibh Tadhg taréis leathchoróin a</span> <lb n="2258"/><span>thabhairt dom. Nuair a chuas isteach abhaile b'éigean dom</span> <lb n="2259"/><span>an scéal go léir d'innsint do Cháit. Bhí anashuim aici ann.</span></p> <lb n="2260"/> <lb n="2261"/><p><span>Tháinig Nell agus Tadhg abhaile aréir-oidhche Mháirt</span> <lb n="2262"/><span>Inide tá fhios agat, agus caitheann gach aonne bheith sa</span> <lb n="2263"/><span>bhaile roimis an gCarrghas. Go tigh Nell a chuadar agus</span> <lb n="2264"/><span>is ann a bheidh Tadhg feasta adeir Mam, mar tá sé 'na</span> <lb n="2265"/><span>chliain isteach age Máire Aindí. D'fhiafruigheas de Mham</span> <lb n="2266"/><span>an mbeidís sa bhóithrín aon oidhche eile ach is amhlaidh do</span> <lb n="2267"/><span>bhuail sí mé agus dubhairt - "bhfuil do cheacht agat?"</span> <lb n="2268"/></p> </div> <pb n="59"/> <div><lb n="2269"/><p><span>Nuair a bhíos ag dul ar scoil indiu cé chífinn im'</span> <lb n="2270"/><span>choinnibh sa bhóthar ach Peats Teaimí. Bhí eagla orm gabháil</span> <lb n="2271"/><span>thairis agus léimeas isteach thar claidhe. Nuair d'aithnigh</span> <lb n="2272"/><span>sé mé bhagair sé a dhorn orm. "Ha, há! má bheirim-se</span> <lb n="2273"/><span>ort!" ar seisean.</span></p> <lb n="2274"/> <lb n="2275"/><p><span>"Hí-ú!" arsa mise, "connus do thaithnigh do thurus</span> <lb n="2276"/><span>'on Sceilg leat." Tháinig néal air annsan agus chaith sé</span> <lb n="2277"/><span>bolán mór cloiche im' dhiaidh.</span> <lb n="2278"/></p> </div> <pb n="60"/> <div><lb n="2279"/><p><span>CAIBIDIOL IX</span></p> <lb n="2280"/> <lb n="2281"/><p><span>MAR DO-CHUAIDH JIMÍN AR SEACHRÁN FAIRRGE</span></p> <lb n="2282"/> <lb n="2283"/><p><span>Níor éirigh idir me féin agus Mam ar feadh abhfad.</span> <lb n="2284"/><span>Bhíos im' bhuachaill maith, tá's agat! nó cheap Mam go</span> <lb n="2285"/><span>rabhas, agus b'é an dá mhar a chéile é. Nuair thagainn</span> <lb n="2286"/><span>isteach istoidhche deirinn léi gur thuas i dtigh Mháire Aindí</span> <lb n="2287"/><span>a bhínn, ag tarrac uisce agus ag breith mhóna isteach do</span> <lb n="2288"/><span>Nell. Deireadh mo mháthair go mb'fhearra dhom fuireach</span> <lb n="2289"/><span>ar fad aca. Ag magadh fúm a bhíodh sí, thuiginn; ach</span> <lb n="2290"/><span>deirinn-se léi ná fágfainn mo Mhaimí féin ar aonne.</span> <lb n="2291"/><span>Ar mh'anam ná feadar ciaca ag magadh bhínn féin nó</span> <lb n="2292"/><span>nárbh eadh. Is amhlaidh atá an scéal idir me féin agus</span> <lb n="2293"/><span>Mam: go mbímíd mór le chéile uair umá seach agus</span> <lb n="2294"/><span>amhrasach ar a chéile urmhór ár saoghail agus mise bocht</span> <lb n="2295"/><span>i mbroid is i mórbhrón an chuid eile den aimsir.</span></p> <lb n="2296"/> <lb n="2297"/><p><span>Aimsir na broide atá anois tagaithe orm. Táim féin</span> <lb n="2298"/><span>is Mam i gcogadh dhearg le n-a chéile. B'fhéidir nach mar</span> <lb n="2299"/><span>sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogadh</span> <lb n="2300"/><span>liom-sa agus mise ag díol as go cráite agus go dóite.</span> <lb n="2301"/><span>Is mór an tubaist d'aon bhuachaill bocht a mháthair do</span> <lb n="2302"/><span>chur scaimhe an uilc uirthi féin chuige. Níorbh fhiú trí</span> <lb n="2303"/><span>leathphingní do shaoghal aici, a chroidhe, nuair a bheadh an</span> <lb n="2304"/><span>faobhar uirthi chughat. Sin é dubhairt Daid, leis.</span></p> <lb n="2305"/> <lb n="2306"/><p><span>Tá Mam le seachtain ag gabháil stealladh orm-sa agus</span> <lb n="2307"/><span>ní fheudaim í shásamh. Tá seacht bhfichid céad buicéad</span> <lb n="2308"/><span>uisce beirthe isteach agam chúichi ó thuit sí amach liom,</span> <lb n="2309"/><span>agus fiche céad míle miliún gabhál móna; agus tá mo</span> <lb n="2310"/><span>chroidhe is m'ae ag rith ar a chéile agam ón gcosanáirde</span> <lb n="2311"/><span>ag dul ar theachtaireachtaí dhi; ach godé'n mhaith sin? ní</span> <lb n="2312"/><span>fhaghaim tar éis na mbeart ach drochíde. Uair d'á raibh</span> <lb n="2313"/><span>gabhál móna agam ag teacht, thugas gabhál mór liom</span></p> </div> <pb n="61"/> <div><lb n="2314"/><p><span>d'fhonn a buidheachas a thuilleamh; ach thuit cadhrán sa</span> <lb n="2315"/><span>doras agus mhairbh sé sicín beag dhá lá agus mhairbh Mam</span> <lb n="2316"/><span>mise.</span></p> <lb n="2317"/> <lb n="2318"/><p><span>Ní fhéadaim aon rud a dhéanamh go ceart. Imigheann</span> <lb n="2319"/><span>aindeise éigin ar gach aon ní. Chuir mo mháthair me ag</span> <lb n="2320"/><span>cabhrú le Cáit chun na gceacht.</span></p> <lb n="2321"/> <lb n="2322"/><p><span>"A hocht fé cheathair," arsa mise.</span></p> <lb n="2323"/> <lb n="2324"/><p><span>"A hocht is dachad," ars an gligín.</span></p> <lb n="2325"/> <lb n="2326"/><p><span>"Léan id' cheann cipín!" arsa mise. (Sin é deir an</span> <lb n="2327"/><span>Máighistir ar scoil linne. Is maith an bhail air ná fuil</span> <lb n="2328"/><span>mo mháthair ar scoil aige.) Nuair a chualaidh Mam cad</span> <lb n="2329"/><span>dubhart le Cáit, tháinig olc uirthi chugham. Rug sí ar</span> <lb n="2330"/><span>scoith cinn orm agus deirim-se leat nár fhág sí aon</span> <lb n="2331"/><span>teasbach orm. "Múinfidh san fios do bhéas duit," arsa</span> <lb n="2332"/><span>Mam agus rop sí síos sa tseomra mé.</span></p> <lb n="2333"/> <lb n="2334"/><p><span>Tá gach aon rud im' choinnibh agus ní haon mhaith dhom</span> <lb n="2335"/><span>bheith ag iarraidh buachaill maith a dhéanamh díom féin. Ní</span> <lb n="2336"/><span>leigfear dom bheith go maith. Ní bheadh Mam sásta,</span> <lb n="2337"/><span>ceapaim, gan í bheith 'á rádh gach aon uair a chluig gur</span> <lb n="2338"/><span>bligeárd me. Bhí moo chroidhe scólta nuair cuireadh sa</span> <lb n="2339"/><span>tseomra me. Bhí olc orm chun gach aonne. Dheineas</span> <lb n="2340"/><span>pictiúir de Mham ar an úrlár le smut de chailc a ghoid-</span> <lb n="2341"/><span>eas ón Máighistir. Annsan do rinnceas ar phictiúir Mham</span> <lb n="2342"/><span>agus ba mhór an sásamh dom' chroidhe é sin. Dheineas</span> <lb n="2343"/><span>pictiúir annsan de sheanabhád Thaidhg Nellí agus rinnceas</span> <lb n="2344"/><span>mo shásamh uirthi sin, leis. Bhí an gomh orm chúichi sin mar</span> <lb n="2345"/><span>sin í thairrig an míádh so go léir anuas orm.</span></p> <lb n="2346"/> <lb n="2347"/><p><span>Mar seo do thuit an scéal amach, tá's agat. Ní raibh</span> <lb n="2348"/><span>"caid" ná liathróid coise agam féin ná ag Micilín Eoin.</span> <lb n="2349"/><span>An seana-cheann a bhí againn d'imigh sé 'na stráicí. Ní</span> <lb n="2350"/><span>raibh ceann nua le fagháil gan a deich scillinge agus tar</span> <lb n="2351"/><span>éis bheith ag goid ubh ar feadh coigthíse ní raibh againn ach</span> <lb n="2352"/><span>a ceathair agus tuistiún. Ghoideas féin na huibhe ón gcirc</span> <lb n="2353"/><span>a bhí deich lá ar gor age Beit Mhóir! Fuair Micilín dhá</span> <lb n="2354"/><span>scilling ortha i siopa an Tobair. Mheallas réal a bhí age</span> <lb n="2355"/><span>Cáit uaithe. Bhí Cáit ag gol, ach bhagruigheas uirthi go</span> <lb n="2356"/><span>'neosainn do Mham cé dhoirt an beiste bainne go raibh</span></p> </div> <pb n="62"/> <div><lb n="2357"/><p><span>an murdal 'na thaobh cúpla lá roime sin. D'éist Cáit</span> <lb n="2358"/><span>im baic!</span></p> <lb n="2359"/> <lb n="2360"/><p><span>Nuair nárbh fhéidir linn dul thar an gceathair is tuistiún</span> <lb n="2361"/><span>b'éigean dúinn slí éigin eile tharrac chughainn. Bhíomair</span> <lb n="2362"/><span>i bhfad ag cuimhneamh agus ag smaoineamh agus isé rud a</span> <lb n="2363"/><span>bheartuigheamair sa deire a dhéanamh ná gleamaigh a ghoid</span> <lb n="2364"/><span>agus a dhíol; agus cheapamair maidean Domhnaigh chuige sin.</span> <lb n="2365"/><span>Bhí a lán cogarnaighe ar siubhal age beirt againn. Bhí sé</span> <lb n="2366"/><span>socair againn ná tógfaimís ach ceithre cinn de ghleamaigh</span> <lb n="2367"/><span>nó b'fhéidir cúig cinn. Ní raghaimís thar cúig cinn.</span> <lb n="2368"/><span>Chuirfimís i gcliabh iad agus feamnach tiompall ortha agus</span> <lb n="2369"/><span>bhéarfaimís 'on Daingean ar shlí éigin iad. Bheadh an</span> <lb n="2370"/><span>"chaid" ag teacht abhaile againn. Ní leigfimís d'aon</span> <lb n="2371"/><span>duine eile barra bróige bhualadh uirthi sin - ach Cáit</span> <lb n="2372"/><span>b'fhéidir. Bheinn-se is Micilín 'nár máighistrí ar an</span> <lb n="2373"/><span>gcaid. Bheadh sí oidhche agam-sa agus an tarna hoidhche</span> <lb n="2374"/><span>age Micilín. Ní bheadh cead ag aonne 'gainn an lomhnán</span> <lb n="2375"/><span>a bhaint amach aiste chun a bheith 'á shéide.</span></p> <lb n="2376"/> <lb n="2377"/><p><span>Istoidhche Dé Sathairn thógamair an dá mhaide rámha ó</span> <lb n="2378"/><span>bhinn tighe Thaidhg Nellí agus chuireamair i bhfolach i ndíg</span> <lb n="2379"/><span>sceach iad. Bhí an bád ar snámh i gCuas na Báistighe agus</span> <lb n="2380"/><span>bhí 's againn go mbeadh sí ann ar maidin. Nuair bhí gach</span> <lb n="2381"/><span>aonne ag dul chun an Aifrinn lárnamháireach do ghluaisea-</span> <lb n="2382"/><span>mair-na leo chomh fada le Páirc a' Leasa. D'éaluigheamair</span> <lb n="2383"/><span>isteach sa lios annsan agus scaoileamair na daoine go</span> <lb n="2384"/><span>léir tharainn. Nuair bhíodar gabhtha tharainn, chuamair ón</span> <lb n="2385"/><span>lios go dtí an bád ag éalú cois clathach. Rugamair na</span> <lb n="2386"/><span>maidí linn agus chuamair sa bhád. Seanaphota salach</span> <lb n="2387"/><span>iseadh í a bhíonn aige ag baint iascán, agus bíonn bolath</span> <lb n="2388"/><span>lobhtha istigh innte.</span></p> <lb n="2389"/> <lb n="2390"/><p><span>Bhí an ghaoth ón dtalamh agus bhogamair linn soir le</span> <lb n="2391"/><span>hais na gcloch insa bhfuithin. Bhuail corc linn agus</span> <lb n="2392"/><span>rugamair air agus bhíomair ag tarrac agus ár dteanga</span> <lb n="2393"/><span>amuich againn go dtáinig an pota gliomach aníos go dtí</span> <lb n="2394"/><span>taobh an bháid. Ní raibh faic ann. Ní haon mhisneach a</span> <lb n="2395"/><span>chuir san orainn, dar fia! Thánamair go dtí pota eile.</span> <lb n="2396"/><span>Partán dearg a bhí annsan agus a dhá chrúb ar leathadh</span></p> </div> <pb n="63"/> <div><lb n="2397"/><p><span>d'iarraidh beirthe orainn. Scaoileamair uainn an pota.</span> <lb n="2398"/><span>Níor fhan aon mhisneach mór annsan againn agus dubhairt</span> <lb n="2399"/><span>Micilín ná faghaimís gliomach an lá san i dtaobh ná</span> <lb n="2400"/><span>rabhamair ar aon Aifreann. Dubhart-sa leis paidir a</span> <lb n="2401"/><span>rádh agus bhí leath "Ár n-Athair atá ar Neamh" ráidhte</span> <lb n="2402"/><span>aige nuair a chuimhnigh sé gur ag goid ghliomach a bhíomair</span> <lb n="2403"/><span>agus tháinig stad ann. Níor mhaith leis, a' dtuigeann tú,</span> <lb n="2404"/><span>a iarraidh ar Dhia cabhrú leis chuige sin.</span></p> <lb n="2405"/> <lb n="2406"/><p><span>Thánamair go dtí an tríú pota agus, ambasa, bhí</span> <lb n="2407"/><span>fámaire de ghliomach ann. Nuair a chuireamair ar thóin</span> <lb n="2408"/><span>an bháid é, bhí gach aon chnag aige le n-a eirball. Chuar-</span> <lb n="2409"/><span>duigheamair cúig photaí eile agus bhí trí gleamaigh againn,</span> <lb n="2410"/><span>ach má seadh, bhíomair i bhfad soir agus sinn ag druidim</span> <lb n="2411"/><span>amach go dtí Gob an Ghéaráin. Ní ró mhaith is cuimhin liom</span> <lb n="2412"/><span>cad a thuit amach nuair thánamair go dtí an Gob. Bhí an</span> <lb n="2413"/><span>fhairrge anashuaithte ann díreach taobh amuich dhe agus</span> <lb n="2414"/><span>nuair tháinig an scannra orainn agus chasamair chun teacht</span> <lb n="2415"/><span>isteach, rug an ghaoth ón dtalamh, agus an taoide, ar an</span> <lb n="2416"/><span>mbád agus beireadh amach fén bhfairrge mhóir sinn. Do</span> <lb n="2417"/><span>réir mar bhíomair ag dul amach iseadh ba threise bhí an</span> <lb n="2418"/><span>ghaoth agus iseadh ba mhó a bhí an scannra ag teacht 'nár</span> <lb n="2419"/><span>gcroidhe. Do chrom Micilín ar bhéicigh agus ar ghlaodhach</span> <lb n="2420"/><span>ar a mháthair agus annsan tháinig dath glasliath air agus</span> <lb n="2421"/><span>chrom sé ar úrlucan. Chaitheas féin, is cuimhin liom, na</span> <lb n="2422"/><span>trí gleamaigh i bhfairrge féachaint an gcuirfeadh san fearg</span> <lb n="2423"/><span>Dé dhínn. Ach níor chuir.</span></p> <lb n="2424"/> <lb n="2425"/><p><span>Amach a bhíomair ag imeacht i gcómhnaidhe agus ón bhfuadar</span> <lb n="2426"/><span>a bhí fúinn mheasas féin nach fada na laetheannta bhainfeadh</span> <lb n="2427"/><span>sé dhínn dul go Meirice. Uaireannta d'éirigheadh buile</span> <lb n="2428"/><span>orm agus bhínn go cráite agus bhuailinn tochta an bháid</span> <lb n="2429"/><span>lem' dhorn agus bhuailinn Micilín agus deirinn leis breith</span> <lb n="2430"/><span>ar an maide. Ach théigheadh an rámhaidheacht 'nár gcoinnibh</span> <lb n="2431"/><span>mar bhí an fhairrge ró gharbh agus leagadh an maide ar ár</span> <lb n="2432"/><span>gcúl anuas den tochta sinn. Annsan thugainn tamall</span> <lb n="2433"/><span>ag gol, agus b'in é an gol croidhebhriste. Chuimhnighinn</span> <lb n="2434"/><span>ar Mham agus ar Dhaid agus ar Cháit; agus ghlaodhainn</span> <lb n="2435"/><span>ar Mham chun teacht agus a buachaillín féin a shaoradh.</span></p> </div> <pb n="64"/> <div><lb n="2436"/><p><span>agus deirinn léi go bhféadfadh sí me bhualadh go mbeadh</span> <lb n="2437"/><span>sí sásta agus go mbeinn im' bhuachaill maith gach aon uair</span> <lb n="2438"/><span>eile, go deo agus go bráth. Annsan dhúisigheadh Micilín</span> <lb n="2439"/><span>agus deireadh sé liom paidir a rádh agus théighimís ar ár</span> <lb n="2440"/><span>nglúine gach taobh den tochta agus deirimís "Ár n-Athair</span> <lb n="2441"/><span>atá ar Neamh," agus d'iarraimís ar Dhia agus ar Mhuire</span> <lb n="2442"/><span>agus ar Phádraig agus ar na Naoimh go léir teacht i gcabhair</span> <lb n="2443"/><span>dúinn. Bhí's againn ná raibh Dia ró mhór linn toisc a</span> <lb n="2444"/><span>raibh de shladaidheacht déanta againn d'iarraidh na caide</span> <lb n="2445"/><span>a cheannach, ach mheasamair go mbogfadh an dream eile A</span> <lb n="2446"/><span>chroidhe má bhí Sé i n-earraid linn. Gheallamair go</span> <lb n="2447"/><span>prínsiopálta ná goidfimís uibhe guir ná gliomach faid a</span> <lb n="2448"/><span>mhairfimís beo. Thuigeamair go mbogfadh san aon Dia a</span> <lb n="2449"/><span>chífeadh an uair sin sinn ar ár nglúinibh agus greim ar</span> <lb n="2450"/><span>thochta báid againn agus an bád 'á chaitheamh síos suas,</span> <lb n="2451"/><span>soir siar, ag an riach fairrge ná fanfadh socair. Ní ró</span> <lb n="2452"/><span>chruinn atá na rudaí sin im' aigne i n-ao' chor. Is geall</span> <lb n="2453"/><span>im' chuimhne iad leis an dtromluighe a bhí orm bliain ó shin</span> <lb n="2454"/><span>nuair cheapas go raibh tarbh mór Mhicí Thomáis im' dhiaidh</span> <lb n="2455"/><span>an cnoc anuas.</span></p> <lb n="2456"/> <lb n="2457"/><p><span>Tháinig codla nó mairbhitighe éigin orm fé dheire, agus</span> <lb n="2458"/><span>sé an chéad rud eile is cuimhin liom i dtaobh an bháid ná</span> <lb n="2459"/><span>Tadhg Óg a bheith am' chrothadh, agus nuair dhúisigheas</span> <lb n="2460"/><span>thugas fé ndeara go raibh cúig cinn de naomhóga tiompall</span> <lb n="2461"/><span>orainn agus greim ag naomhóig aca ar an mbád. Bhí</span> <lb n="2462"/><span>Mam innti sin. Do gheal mo chroidhe nuair chuir Tadhg</span> <lb n="2463"/><span>isteach sa naomhóig me agus chonnac í. Ní fhéadfainn</span> <lb n="2464"/><span>focal a rádh léi ach cromadh ar ghol. Ní raibh aon fhocal</span> <lb n="2465"/><span>as Mam, ach thóg sí 'na hucht me agus d'fháisc sí isteach</span> <lb n="2466"/><span>léi me agus chuir sí a brat im' thiompall. Bhraitheas uirthi</span> <lb n="2467"/><span>go raibh tocht uirthi ach ní tocht é chuir aon eagla orm roimpe</span> <lb n="2468"/><span>agus thuit mo chodla orm agus níor dhúisigheas go rabhas</span> <lb n="2469"/><span>istigh sa bhaile.</span></p> <lb n="2470"/> <lb n="2471"/><p><span>Do hullmhuigheadh dabhach mór d'uisce te agus cuireadh</span> <lb n="2472"/><span>síos ann me agus tugadh deocha teo dhom agus casadh i</span> <lb n="2473"/><span>bplainíntí me agus baineadh allus asam agus ní leigfí</span> <lb n="2474"/><span>dom dul as an leabaidh go ceann dá lá. Bhítheas am'</span></p> </div> <pb n="65"/> <div><lb n="2475"/><p><span>photbhiathadh an fhaid sin, ach nuair éirigheas agus gur</span> <lb n="2476"/><span>bhrathadar nár bhaoghal dom-sin é an uair a fuair Jimín</span> <lb n="2477"/><span>an rud a bhí ag teacht chuige. Níor bhuail sí i n-ao' chor</span> <lb n="2478"/><span>an uair sin me, ach b'fhearr liom go mór an bualadh ná</span> <lb n="2479"/><span>an tslí bhíonn sí ag féachaint orm. Níor gháir sí chugham</span> <lb n="2480"/><span>le seachtain, ná ní dubhairt sí "maith an buachaill" liom.</span></p> <lb n="2481"/> <lb n="2482"/><p><span>Is dócha gur drochshaghas me agus gur bligeárd me-</span> <lb n="2483"/><span>sin é an ainm a thug sí orm an lá d'éirigheas-ach má's</span> <lb n="2484"/><span>bligeárd me dar ndóigh ní mise fé ndeara é. Bím ar</span> <lb n="2485"/><span>mo dhícheall d'iarraidh a bheith go maith ach teipeann orm.</span> <lb n="2486"/><span>Táim gan aon locht le seachtain, agus féach! ní dhéanfadh</span> <lb n="2487"/><span>Mam gáire ná bladar liom. Cad a dhéanfad i n-ao' chor</span> <lb n="2488"/><span>má dh'fhanann sí mar seo. Beidh mo chroidhe briste. Tá</span> <lb n="2489"/><span>sí ró dhian ar fad ar bhuachaill bocht.</span></p> <lb n="2490"/> <lb n="2491"/><p><span>Tá's agam-sa cad a dhéanfad léi. Imeochad uaithe.</span> <lb n="2492"/><span>Éalóchaidh me amach an doras agus suas an cnoc - suas,</span> <lb n="2493"/><span>suas, suas ameasc na bhfaillte agus raghad isteach i</span> <lb n="2494"/><span>bpluais ann agus bead go brónach agus go huaigneach</span> <lb n="2495"/><span>agus tiocfaidh Mam am' lorg agus beidh sí ag glaodhach</span> <lb n="2496"/><span>orm agus ní thabharfad aon fhreagra uirthi agus imeochaidh</span> <lb n="2497"/><span>sí go brónach ag gol agus í ag lorg Jimín bhig mhaith.</span> <lb n="2498"/><span>Agus beidh me gach aon oidhche ag féachaint síos ar an</span> <lb n="2499"/><span>solas i n-ár bhfuinneóig-na agus beidh fhios agam go mbeidh</span> <lb n="2500"/><span>Mam ag gol i n-aice na teine nó 'na seasamh sa doras</span> <lb n="2501"/><span>féachaint an mbeinn-se ag teacht; ach fanfad-sa sa phluais</span> <lb n="2502"/><span>ar an gcnoc agus mo chroidhe lán de bhrón agus beidh an</span> <lb n="2503"/><span>bás ag teacht chugham gach aon lá agus annsan tógfad</span> <lb n="2504"/><span>amach an smut cailce seo im' póca agus scríbhfad ar</span> <lb n="2505"/><span>thaobh na lice bheidh im' aice:</span></p> <lb n="2506"/> <lb n="2507"/><p><span>"Siad so cnámha Jimín do fuair bás</span> <lb n="2508"/><span>ins an áit seo agus a chroidhe briste</span> <lb n="2509"/><span>toisc ná labharfadh Mam leis,"</span></p> <lb n="2510"/> <lb n="2511"/><p><span>agus taréis bliana gheobhaidh siad mo chnámha agus tabhar-</span> <lb n="2512"/><span>faid abhaile iad go dtí Mam agus beidh Mam ag gol</span></p> </div> <pb n="66"/> <div><lb n="2513"/><p><span>agus ag bualadh a bas agus déarfaidh sí: "Ó mhaise!</span> <lb n="2514"/><span>cad na thaobh nár labhras lem' Jimín beag féin agus gan</span> <lb n="2515"/><span>a chroidhe a bhriseadh? Ochón! Ochón!" Sin é an tslí</span> <lb n="2516"/><span>chun sásamh a bheith agam as Mam. B'fhéidir annsan go</span> <lb n="2517"/><span>mbeadh cathú uirthi agus go mb'fhearr léi go mbeadh sí go</span> <lb n="2518"/><span>deas le Jimín bocht.</span> <lb n="2519"/></p> </div> <pb n="67"/> <div><lb n="2520"/><p><span>CAIBIDIOL X</span></p> <lb n="2521"/> <lb n="2522"/><p><span>MAR DO CHUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA</span></p> <lb n="2523"/> <lb n="2524"/><p><span>Fuspar i leith, ná hinnis d'aonne 'á rugadh é. Táim-se</span> <lb n="2525"/><span>im' shaighdiúir! Ar mh'anam ná fuil aon bhréag ann.</span> <lb n="2526"/><span>I n-arm na hÉireann atáim agus me ag foghluim na</span> <lb n="2527"/><span>saighdiúireachta go tiugh. Bím ag iompó deiseal agus ag</span> <lb n="2528"/><span>iompó clé agus ag iompó ar ais agus ag bualadh mo shál</span> <lb n="2529"/><span>le n-a chéile. Tadhg Óg a mhúin na focail órdaithe dhom.</span> <lb n="2530"/><span>Sé Tadhg an captaen atá annso ar na buachaillí móra,</span> <lb n="2531"/><span>tá's agat. Sin é dhein saighdiúir díom-sa agus a thaisbeáin</span> <lb n="2532"/><span>dom cionnus geáitsí an tsaighdiúra a dhéanamh. Ach ní</span> <lb n="2533"/><span>fhaghaim aon bhlas ortha gan na bróga bheith orm, mar ná</span> <lb n="2534"/><span>deineann mo chosa aon ghlór, tá's agat. Bhain Mam na</span> <lb n="2535"/><span>bróga dhíom oidhche nuair rug sí orm i dtigh an bhainne</span> <lb n="2536"/><span>agus iad orm agus mé ag máirseáil tiompall agus ag</span> <lb n="2537"/><span>iompó agus ag casadh agus ag cnagadh mo shál. Bhíos</span> <lb n="2538"/><span>ag bualadh mo chos fúm go breá láidir. "Ar dheis!"</span> <lb n="2539"/><span>arsa mise liom féin fé mar chuala Tadhg Óg 'á rádh leis</span> <lb n="2540"/><span>na buachaillí.</span></p> <lb n="2541"/> <lb n="2542"/><p><span>"Deas agus clé, a bhioránaigh," arsa Mam ag teacht</span> <lb n="2543"/><span>an doras isteach chugham agus am' bhualadh le dhá chlabhta,</span> <lb n="2544"/><span>deas agus clé. Annsan rug sí orm agus bhí sí am' chrothadh</span> <lb n="2545"/><span>gur thuit na bróga dhíom. Ní rabhadar fáiscithe i n-ao'</span> <lb n="2546"/><span>chor, tá's agat; agus ní raibh aon stoca orm.</span></p> <lb n="2547"/> <lb n="2548"/><p><span>Is olc an sás mo mháthair chun misneach a chur ar aonne</span> <lb n="2549"/><span>a bheith 'na shaighdiúir ar son na hÉireann - is olc san,</span> <lb n="2550"/><span>agus tá na seanamhná go léir mar sin, mar nuair a bhíd</span> <lb n="2551"/><span>siad bailithe tiompall na teine ins na tighthe, ní théigheann</span> <lb n="2552"/><span>aon lagadh ortha ach ag cáineadh na ndaoine atá ag cur</span> <lb n="2553"/><span>isteach ar an ngobhermint "atá chomh láidir, a chroidhe,"</span> <lb n="2554"/><span>agus "b'éidir gurab amhlaidh a stopfaí an pinsiun uatha</span></p> </div> <pb n="68"/> <div><lb n="2555"/><p><span>féin," agus "ná fuil aon tseans go deo go mbogfadh</span> <lb n="2556"/><span>an Sasannach a ghreim i nÉirinn." Sin é saghas cainnte</span> <lb n="2557"/><span>bhíonn aca san. Ach b'fhearr scaoileadh leo-níl fios a</span> <lb n="2558"/><span>mhalairt age sna rudaí bochta. Táid siad dall, mo ghraidhn</span> <lb n="2559"/><span>iad!</span></p> <lb n="2560"/> <lb n="2561"/><p><span>Nuair ná raibh aon duine dem' chómhaois im' theannta</span> <lb n="2562"/><span>d'iarras ar Thadhg Óg cead a thabhairt do Mhicilín Eoin,</span> <lb n="2563"/><span>leis, bheith 'na shaighdiúir. Thug, agus is é gnó thug sé do</span> <lb n="2564"/><span>bheirt againn bheith ag faire agus ag éisteacht, agus ag</span> <lb n="2565"/><span>breith eolais chuige féin i dtaobh aonne bheadh ar tí na</span> <lb n="2566"/><span>mbuachaillí san áit. Ghearánas na seanamhná ar fad leis</span> <lb n="2567"/><span>ach is amhlaidh a gháir sé fé'n méid sin. Spiairí agus</span> <lb n="2568"/><span>daoine bheadh ag breith scéalta chun na namhad-eolas ortha</span> <lb n="2569"/><span>san a bhí uaidh, adubhairt sé.</span></p> <lb n="2570"/> <lb n="2571"/><p><span>As san amach ní raibh stad le Micilín ná liom féin ach</span> <lb n="2572"/><span>ag cuardach do spiairí. Bhímís laistigh des na clathacha</span> <lb n="2573"/><span>istoidhche ag éisteacht leis gach aonne ghaibheadh an bóthar.</span> <lb n="2574"/><span>Chualamair Tadhg Mór 'á rádh le n-a bhean, agus iad araon</span> <lb n="2575"/><span>i dteannta chéile ag teacht ón nDaingean go raibh "gob</span> <lb n="2576"/><span>chun cainnte uirthi." Dubhairt sí sin nár mhór di faobhar</span> <lb n="2577"/><span>a chur uirthi féin mar go raibh smísde amadáin d'fhear aici.</span> <lb n="2578"/><span>Chonncamair Flúirsín ag imeacht, oidhche eile, le cliabh</span> <lb n="2579"/><span>móna as cruaich Bheit Móire, ach thuit an t-anam as, nach</span> <lb n="2580"/><span>mór, nuair bhéiceamair air é chur thar n-ais. Chuir - go</span> <lb n="2581"/><span>tapaidh.</span></p> <lb n="2582"/> <lb n="2583"/><p><span>D'éaluigheamair oidhche eile treasna dhá pháirc chun</span> <lb n="2584"/><span>teacht ar chúl Thomáisín Nellí agus Mháirín Dhonncha a bhí</span> <lb n="2585"/><span>ag cadráil le n-a chéile age lúib an bhóthair. Dar fia!</span> <lb n="2586"/><span>ní raibh aon rud le héifeacht 'á rádh aca, ach cainnt gan</span> <lb n="2587"/><span>chiall! Chaitheamair scraithín leo agus d'imigheamair. Ar</span> <lb n="2588"/><span>an slí sin fuaireamair fios deiscréideach ar gach aon rud</span> <lb n="2589"/><span>a bhí ar siubhal sa pharóiste agus is mór na rudaí a bhí ar</span> <lb n="2590"/><span>siubhal ann i gan fhios, fé chlúid na hoidhche. Tar éis ár</span> <lb n="2591"/><span>ndíchill, áfach, ní fhuaireamair aon spiaire sa pharóiste,</span> <lb n="2592"/><span>agus b'orainn a bhí an míoshásamh.</span></p> <lb n="2593"/> <lb n="2594"/><p><span>Nuair a theip muinntir an pharóiste orainn cheapamair</span> <lb n="2595"/><span>go mb'éidir go mbuailfeadh seans éigin linn dá bhfairimís</span></p> </div> <pb n="69"/> <div><lb n="2596"/><p><span>stróinséirí bhíodh ag teacht is ag imeacht. Bacaigh is mó</span> <lb n="2597"/><span>thagadh, agus a gcuid ban. Is mó uair a chluig a thugaimís</span> <lb n="2598"/><span>'á bhfaireadh agus ár gcroidhe go cráite toisc gur daoine</span> <lb n="2599"/><span>macánta iad go léir. Tháinig fear ón nDaingean lá agus</span> <lb n="2600"/><span>cosa cama fé agus asal aige, ach níorbh iad Éire ná</span> <lb n="2601"/><span>Sasanna a bhí ag cur tinnis air sin. Tháinig fear eile ar</span> <lb n="2602"/><span>leathchois go raibh dha mhaide croise aige. Ní chreidfeadh</span> <lb n="2603"/><span>Micilín nár spiaire é i gcló bacaigh agus d'fhaireamair é</span> <lb n="2604"/><span>féachaint an gcuirfeadh sé an tarna cos fé, ach níor chuir.</span></p> <lb n="2605"/> <lb n="2606"/><p><span>Annsan thug tincéir fiarshúileach rua turus ar an</span> <lb n="2607"/><span>mbaile agus a bhean agus scata mór de thincéirí beaga</span> <lb n="2608"/><span>fairis. Chuarduigheadar gach aon tigh ar feadh an lae agus</span> <lb n="2609"/><span>tráthnóna d'imigheadar soir go dtí an crosaire - iad féin</span> <lb n="2610"/><span>agus asal agus cairt a bhí aca - agus chuireadar fútha ann</span> <lb n="2611"/><span>i gcóir na hoidhche. Bhí drochfhuadar fútha, dar linn, agus</span> <lb n="2612"/><span>iad d'fhanacht annsan. Bheartuigh an bheirt againn éalú</span> <lb n="2613"/><span>amach taréis ár muinntire a dhul a chodla chun an tincéir</span> <lb n="2614"/><span>agus a bhean a dh'fhaireadh.</span></p> <lb n="2615"/> <lb n="2616"/><p><span>Amach tríd an bhfuinneóig a chuas féin le smut de</span> <lb n="2617"/><span>théadán a bhí ceangailte agam de chois na leabthan. (Is</span> <lb n="2618"/><span>minic a chuas amach mar sin i gan fhios do Mham, tá's</span> <lb n="2619"/><span>agat.) Bhuail Micilín liom sa bhuaile agus chuaidh an</span> <lb n="2620"/><span>bheirt againn soir tré sna páirceanna go dtí an chrois.</span> <lb n="2621"/><span>Bhí na tincéirí fós ann agus teine ar lasadh aca agus</span> <lb n="2622"/><span>rud éigin aca 'á róstadh. Fuaireas amach ó shin gurbh é</span> <lb n="2623"/><span>bárdal Mháire Aindí a bhí aca. Nuair a bhí sé róstaithe</span> <lb n="2624"/><span>d'itheadar láithreach é agus thugadar na cnámha do sna</span> <lb n="2625"/><span>leanbhaí beaga le cogaint. Bhíodar go léir ag dul a</span> <lb n="2626"/><span>chodla annsan ach an t-athair. Rug sé sin an t-asal leis</span> <lb n="2627"/><span>agus chuir sé isteach i móinéar Pheats Teaimí é agus i</span> <lb n="2628"/><span>n-ionad dul a chodla i dteannta na coda eile is amhlaidh</span> <lb n="2629"/><span>a thug sé aghaidh siar ar na tighthe arís. Bhain san preab</span> <lb n="2630"/><span>asainn agus beirt againn i ndíg ag faireadh air.</span></p> <lb n="2631"/> <lb n="2632"/><p><span>"Hanaman riach, a Mhicilín," arsa mise, "spiaire!"</span></p> <lb n="2633"/> <lb n="2634"/><p><span>Chloisfeá croidhe Mhicilín ag bualadh agus a anál 'á</span> <lb n="2635"/><span>bhaint de. Siúd linn 'na dhiaidh ag éalú.</span></p> <lb n="2636"/> <lb n="2637"/><p><span>Nuair tháinig an tincéir i n-aice tighe Mháire Aindí</span></p> </div> <pb n="70"/> <div><lb n="2638"/><p><span>chuaidh sé ar éalú cois an chlaidhe agus é ag stad agus</span> <lb n="2639"/><span>cluas air gach 'ra nóimeat. Bhí adharc bheag den ghealaigh</span> <lb n="2640"/><span>ann an oidhche sin.</span></p> <lb n="2641"/> <lb n="2642"/><p><span>"Ag spiaireacht ar Thadhg Óg atá sé," arsa mise i</span> <lb n="2643"/><span>gcogar le Micilín, nuair chonnac an bithiúnach ag dul</span> <lb n="2644"/><span>isteach ameasc na dtighthe i mbuaile Mháire Aindí. Bhí</span> <lb n="2645"/><span>mo chroidhe féin im' bhéal agus allus orm agus mo lámha</span> <lb n="2646"/><span>ar crith agus ná feadar cad a dhéanfainn. Ba mheasa</span> <lb n="2647"/><span>Micilín ná mé féin agus bhí aghaidh bhán air. Chonnac an</span> <lb n="2648"/><span>tincéir agus é ar a chromadh ag éalú ó thigh go tigh sa bhuaile</span> <lb n="2649"/><span>agus rud éigin 'na bhaclainn aige.</span></p> <lb n="2650"/> <lb n="2651"/><p><span>Dubhart le Micilín annsan rith leis go ciúin agus cuid</span> <lb n="2652"/><span>de chomrádaithe Thaidhg Óig a mhúscailt agus a bhreith leis</span> <lb n="2653"/><span>chun go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le Micilín agus</span> <lb n="2654"/><span>d'imigheas féin ag lamhncán laistiar den dtigh go dtána</span> <lb n="2655"/><span>go dtí an seomra mar a mbíonn Tadhg 'na chodla. Bhí</span> <lb n="2656"/><span>tairnge im' phóca agus chromas ar an ngloine a scríobadh</span> <lb n="2657"/><span>leis agus ní fada go dtáinig Nell chugham. Bhagruigheas</span> <lb n="2658"/><span>uirthi a béal d'éisteacht. D'oscail sí an fhuinneóg go</span> <lb n="2659"/><span>ciúin agus dubhart léi annsan Tadhg a mhúscailt go grod</span> <lb n="2660"/><span>agus é chur amach chugham. Mheasas ná beadh Tadhg</span> <lb n="2661"/><span>múscailte go deo aici, ach tháinig sé go dtí an fhuinneóg</span> <lb n="2662"/><span>sa deire.</span></p> <lb n="2663"/> <lb n="2664"/><p><span>"Tar im' dhiaidh," arsa mise, "tá spiaire agam," agus</span> <lb n="2665"/><span>siúd liom ag lamhncán arís go dtí cúinne an tighe. Nuair</span> <lb n="2666"/><span>a thána annsan do stadas, mar fuaireas radharc ar mo</span> <lb n="2667"/><span>bhioránach arís ag éalú ameasc na dtighthe agus a hata</span> <lb n="2668"/><span>anuas ar a shúilibh aige ag féachaint gach 'ra coiscéim ar</span> <lb n="2669"/><span>an dtigh cómhnaithe agus rud éigin mór 'na bhaclainn.</span></p> <lb n="2670"/> <lb n="2671"/><p><span>Chuaidh sé go ciúin go doras tighe an bhainne agus do</span> <lb n="2672"/><span>bhain an lúb den doras agus d'éaluigh isteach agus do</span> <lb n="2673"/><span>dhruid an doras amach 'na dhiaidh. Phreabas féin anonn</span> <lb n="2674"/><span>agus chuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaobh amuich.</span></p> <lb n="2675"/> <lb n="2676"/><p><span>"Seadh, a bhuachaill, ceap do shuaineas annsan duit</span> <lb n="2677"/><span>féin," arsa mise.</span></p> <lb n="2678"/> <lb n="2679"/><p><span>Le n-a linn sin tháinig Tadhg Óg, agus chonnac chugham</span></p> </div> <pb n="71"/> <div><lb n="2680"/><p><span>anuas Micilín agus ceathrar des na buachaillí agus gan</span> <lb n="2681"/><span>a gcuid éadaigh i gceart ar aonne 'ca.</span></p> <lb n="2682"/> <lb n="2683"/><p><span>Chromas láithreach ar a chur i n-iúl dóibh go raibh spiaire</span> <lb n="2684"/><span>fé ghlas agam i dtigh an bhainne, go rabhamair ar feadh na</span> <lb n="2685"/><span>hoidhche ar a thóir agus go gcaithfí é lámhach nó é chrochadh.</span> <lb n="2686"/><span>Ní raibh gíog as an mbioránach a bhí fé ghlas. Is dócha go</span> <lb n="2687"/><span>raibh sé ag breith chuige, an fear bocht! Chromadar san</span> <lb n="2688"/><span>am' cheistiú-sa agus giorranáil ortha leis an bpreab a</span> <lb n="2689"/><span>bhain an scéal asta, agus leis an iongantas; agus iad</span> <lb n="2690"/><span>go léir ag cainnt ós íseal. Bhíos féin agus Micilín</span> <lb n="2691"/><span>d'iarraidh an scéal a chur i dtuiscint dóibh agus giorr-</span> <lb n="2692"/><span>anáil orainne, leis, agus bhíomair i bhfad sar ar fhéadamair</span> <lb n="2693"/><span>brí an scéil a chur 'na luighe ortha.</span></p> <lb n="2694"/> <lb n="2695"/><p><span>I lár na cainnte istigh, cad a bhraithfimís chughainn i leith</span> <lb n="2696"/><span>an bóthar ach trucaill mór gluaisteáin agus solus mór,</span> <lb n="2697"/><span>geal, ar a thosach. Do stadamair le hiongantas ag</span> <lb n="2698"/><span>féachaint air agus gan aon fhocal asainn. Bhí sé ag</span> <lb n="2699"/><span>gluaiseacht go dtáinig sé go bun an bhaile. Annsan do</span> <lb n="2700"/><span>stad sé agus léim gasra mór fear amach-saighdiúirí</span> <lb n="2701"/><span>agus póilíní!</span></p> <lb n="2702"/> <lb n="2703"/><p><span>Chonncamair ag teacht aníos iad go léir fé dhéin tighe</span> <lb n="2704"/><span>Mháire Aindí.</span></p> <lb n="2705"/> <lb n="2706"/><p><span>"Drochfhuadar!" arsa Tadhg Óg. "Ní fearr bheith</span> <lb n="2707"/><span>annso ná thuas i mbóthar an chnuic."</span></p> <lb n="2708"/> <lb n="2709"/><p><span>D'éaluigheamair linn suas gan iad 'ár bhfeiscint agus</span> <lb n="2710"/><span>nuair stadadar san ag an dtigh, stadamair-ne ag</span> <lb n="2711"/><span>féachaint síos ortha.</span></p> <lb n="2712"/> <lb n="2713"/><p><span>Chuarduigheadar an tigh ar lorg Thaidhg, ach ní raibh aon</span> <lb n="2714"/><span>Tadhg ann dóibh. Nuair ná raibh sé le fagháil istigh aca</span> <lb n="2715"/><span>seo leo ag cuardach na dtighthe amuich. Nuair chuadar</span> <lb n="2716"/><span>i dtigh an bhainne agus bhuail an tincéir leo bhí gleo mór</span> <lb n="2717"/><span>agus glaodhtí ar siubhal aca agus cainnt mhór láidir ag</span> <lb n="2718"/><span>an dtincéir. Ní chreidfidís nárbh é Tadhg Óg a bhí aca.</span> <lb n="2719"/><span>D'árduigheadar leo é agus na ceangail air.</span></p> <lb n="2720"/> <lb n="2721"/><p><span>Nuair a thánamair-ne anuas chun na dtighthe arís bhí an</span> <lb n="2722"/><span>baile go léir 'na suidhe agus gach tigh aca ar lorg a dhuine</span></p> </div> <pb n="72"/> <div><lb n="2723"/><p><span>féin. Bhí Máire Aindí ag dul i bhfanntaisí agus bhí Nell</span> <lb n="2724"/><span>ag gol agus Tadhg 'á cur ar a suaineas. Níl aon réasún</span> <lb n="2725"/><span>le mnáibh!</span></p> <lb n="2726"/> <lb n="2727"/><p><span>Chuaidh Tadhg go tigh an bhainne ar maidin agus fuair</span> <lb n="2728"/><span>sé mála an tincéara ann agus trí cinn déag de chearca</span> <lb n="2729"/><span>Mháire Aindí istig ann marbh. Nuair d'innis sé dhomhsa</span> <lb n="2730"/><span>é thuigeas an scéal. Bhí déistin orm.</span> <lb n="2731"/></p> </div> <pb n="73"/> <div><lb n="2732"/><p><span>CAIBIDIOL XI</span></p> <lb n="2733"/> <lb n="2734"/><p><span>JIMÍN IS AN MHEITHEALL AG BAINT NA MÓNA</span></p> <lb n="2735"/> <lb n="2736"/><p><span>Tá cluig ar mo lámha agus me buidhe ón ngréin agus</span> <lb n="2737"/><span>an croiceann dóighte ag imeacht dem' shróin mar bheadh</span> <lb n="2738"/><span>croiceann práta bheadh ró bheirithe. Agus tá mo chnámha</span> <lb n="2739"/><span>chomh tinn sin nach maith liom cor a chur díom. Ar meithill</span> <lb n="2740"/><span>na móna d'imigh sé seo ar fad orm. Dar muige! má</span> <lb n="2741"/><span>tá gach aonne bhí ar an meithill chomh tuirseach agus</span> <lb n="2742"/><span>táim-se - ní foláir nó táid siad ag mallachtú an té cheap</span> <lb n="2743"/><span>móin ar dtúis. Léan air, nár cheap slí éigin eile chun</span> <lb n="2744"/><span>teine dhéanamh.</span></p> <lb n="2745"/> <lb n="2746"/><p><span>Againne bhí an mheitheall, agus coimeádadh mise sa</span> <lb n="2747"/><span>bhaile ón scoil chun an t-asal a thiomáint go dtí an</span> <lb n="2748"/><span>portach leis an mbia. Ar feadh trí lá roime lá na móna</span> <lb n="2749"/><span>bhíomair ag ullmhú. Bhí Mam ag déanamh cístí aráin,</span> <lb n="2750"/><span>agus chongaibh sí cheithre púint ime ar leithiligh agus chuir</span> <lb n="2751"/><span>sí mise go tigh Bheit Móire agus Mháire Aindí chun an</span> <lb n="2752"/><span>crúsca mór cré dh'fhagháil ó Bheit agus crúsca mór stáin</span> <lb n="2753"/><span>ó Mháire. Bhí glór breá ag an gceann stáin nuair a bhíos</span> <lb n="2754"/><span>'á bhualadh le smut de mhaide; agus leis an nglór ní</span> <lb n="2755"/><span>chuala Mam 'á rádh liom stad go dtáinig sí ar mo chúl</span> <lb n="2756"/><span>agus thug sí failp sa chluais dom.</span></p> <lb n="2757"/> <lb n="2758"/><p><span>Mise a cuireadh, leis, ar fuaid an bhaile ar lorg</span> <lb n="2759"/><span>sleánta. Thugas Micilín Eoin liom agus níor fhágamair</span> <lb n="2760"/><span>aon tigh i ngiorracht míle dhinn nár loirgíomair sleán</span> <lb n="2761"/><span>ann do Mham. B'shin tar éis scéal an cheaintín, tá's</span> <lb n="2762"/><span>agat, agus bhíos beartaithe mo dhícheall a dhéanamh ag</span> <lb n="2763"/><span>soláthar sleán di chun í shásamh. Fuaireamair naoi gcinn</span> <lb n="2764"/><span>aca dhi.</span></p> <lb n="2765"/> <lb n="2766"/><p><span>B'é ár ndícheall iad d'iompar abhaile. Bhí ár dteanga</span> <lb n="2767"/><span>amuich againn agus bhíodh sleán ag tuitim uainn anois is</span> <lb n="2768"/><span>arís. Ach níorbh aon tácht é sin seachas Mam nuair a</span></p> </div> <pb n="74"/> <div><lb n="2769"/><p><span>chonnaic sí an t-ualach sleán an buaile aníos chúiche.</span> <lb n="2770"/><span>Mheasas go dtairriceoch' sí an baile orm leis an néal</span> <lb n="2771"/><span>a bhí uirthi. Thug sí "amadáinín" is fiche orm. B'shin é</span> <lb n="2772"/><span>mo bhuidheachas tar éis mo dhíchill. Tá Mam gan aon</span> <lb n="2773"/><span>réasún agus is dócha gurab é sin fé ndeara domhsa bheith</span> <lb n="2774"/><span>im' amadáinín.</span></p> <lb n="2775"/> <lb n="2776"/><p><span>[I dtaobh na sleán san, tá achrann mór ar siubhal.</span> <lb n="2777"/><span>Níor chuimhin liom-sa cad é an tigh go bhfuaireas aon</span> <lb n="2778"/><span>cheann aca agus nuair cuireadh abhaile iad ní raibh a cheann</span> <lb n="2779"/><span>féin ag aonne. Ní raibh aon leigheas agam-sa air sin,</span> <lb n="2780"/><span>ach aonne dheineadh gearán nárbh é a shleán féin a cuireadh</span> <lb n="2781"/><span>abhaile chuige - mise dhíoladh as. Léan ortha mar sleánta!]</span></p> <lb n="2782"/> <lb n="2783"/><p><span>Ar maidin sé céad rud a chuala ná mo mháthair ag</span> <lb n="2784"/><span>glaodhach go hárd is go géar ar Dhaid. Dubhairt sí go</span> <lb n="2785"/><span>raibh an mhaidean caithte. Cheapas, am baic! ón gcainnt</span> <lb n="2786"/><span>a bhí aici, go raibh sé tar éis a deich nó mar sin. Phreabas</span> <lb n="2787"/><span>síos 'on chistin ach ní raibh sé ach leathuair tar éis a cúig!</span> <lb n="2788"/><span>Thiomáin sí Daid d'iarraidh an chapaill agus me féin</span> <lb n="2789"/><span>d'iarraidh na mbó. Bhí an citeal beirithe nuair a thána,</span> <lb n="2790"/><span>agus bhí cuid de mhuinntir an bhaile ag teacht. Tháinig</span> <lb n="2791"/><span>Tadhg Óg, leis. Bhí pící aca ar fad. Cheangail m'athair</span> <lb n="2792"/><span>na pící ar fad agus trí sleána treasna ar sháilíní na</span> <lb n="2793"/><span>cairte agus chuir sé beart d'fhéar ghlas as an móinéar</span> <lb n="2794"/><span>isteach innti. D'itheadar go léir bricfeast - ní raibh slí</span> <lb n="2795"/><span>tiompall an bhúird i n-ao' chor dóibh. Gabhadh an capall</span> <lb n="2796"/><span>annsan agus as go bráth leo agus iad caithte i dtoll a</span> <lb n="2797"/><span>chéile sa chairt agus na pící agus na sleánta ag gliogarnaigh.</span></p> <lb n="2798"/> <lb n="2799"/><p><span>Nuair a bhíodar imithe do chuir Mam faobhar uirthi féin.</span> <lb n="2800"/><span>B'éigean dom cliabh d'fhagháil di agus féar. Chuir sí</span> <lb n="2801"/><span>crúsca mór cré Bheit Móire síos sa chliabh agus féar fé</span> <lb n="2802"/><span>agus tiompall air. Bhí sé lán go smig de phórtar.</span> <lb n="2803"/><span>Bhlaiseas é, tá's agat, nuair a bhí Mam d'iarraidh an ime.</span> <lb n="2804"/><span>Bhí blas gránna air agus scaoileas as mo bhéal isteach</span> <lb n="2805"/><span>sa teine é.</span></p> <lb n="2806"/> <lb n="2807"/><p><span>Chuir mo Mham an citeal isteach i mbosca, agus stán</span> <lb n="2808"/><span>an ghleoidh Mháire Aindí agus é lán de leamhnacht, agus</span> <lb n="2809"/><span>an t-im agus sceana agus cúpla spiúnóg agus ocht gcinn</span></p> </div> <pb n="75"/> <div><lb n="2810"/><p><span>de sháspain, agus púnt de thé agus ladhar siúicre; agus</span> <lb n="2811"/><span>thug sí dhom ocht n-únsaí tobac do sna fearaibh a bhí sa</span> <lb n="2812"/><span>mheithill. Chuir sí an t-arán go léir i mála agus do</span> <lb n="2813"/><span>bhuail isteach sa trucaill é.</span></p> <lb n="2814"/> <lb n="2815"/><p><span>"Seadh' 'nois," ar sise, "ná bíodh sé den riach ort</span> <lb n="2816"/><span>aon rud a chailliúint ar an mbóthar; agus ná caith an lá</span> <lb n="2817"/><span>ar an mbóthar nó marbhochaidh na fir tu. Seadh, suidh</span> <lb n="2818"/><span>isteach anois."</span></p> <lb n="2819"/> <lb n="2820"/><p><span>Shuidheas. Bhuaileas flíp ar an asal. Thug sé léim,</span> <lb n="2821"/><span>agus, ar mh'anam! siúd lem' chuid sáspan amach ar an</span> <lb n="2822"/><span>mbóthar. Chuaidh an t-asal i bhfad sarar fhéadas é stop.</span> <lb n="2823"/><span>Sin cleas aige. Bheadh sé ag imeacht leis agus tusa ag</span> <lb n="2824"/><span>tarrac air agus lúb 'na mhuineál aige agus a phus chomh</span> <lb n="2825"/><span>fada siar le n-a eirball aige leis an straidhn agus ní</span> <lb n="2826"/><span>stadfadh Éire é go mbuailfeadh sé i gcoinnibh claidhe nó</span> <lb n="2827"/><span>rud éigin. Níorbh aon mhaith "bhaoi" a rádh leis.</span></p> <lb n="2828"/> <lb n="2829"/><p><span>Tháinig Mam suas liom leis na sáspain agus dubhairt</span> <lb n="2830"/><span>sí liom go raibh fhios aici go maith go gcaillfinn na</span> <lb n="2831"/><span>sáspain. Sin é deir sí le gach rud - go raibh fhios aici</span> <lb n="2832"/><span>féin go maith é. Tá Mam anasmeartáltha.</span></p> <lb n="2833"/> <lb n="2834"/><p><span>B'áil le Dia gur bhaineas amach an portach gan aon</span> <lb n="2835"/><span>óspairt eile. Nuair a thána ann bhíodar ag gabháil díom</span> <lb n="2836"/><span>i dtaobh a bheith fada ag teacht. Ní rabhas fada ag teacht,</span> <lb n="2837"/><span>ach is amhlaidh a bhí an iomad den dúil aca féin insa rud</span> <lb n="2838"/><span>dubh a bhí sa phróca mór cré. Ní túisce bhíos tagaithe ná</span> <lb n="2839"/><span>thógadar as an gcliabh é agus fuair gach duine aca</span> <lb n="2840"/><span>taoscán sáspain de, ach Tadhg Óg. Ní ólfadh Tadhg Óg</span> <lb n="2841"/><span>i n-ao' chor é. Dubhradar go léir gurbh olc an rud, leis,</span> <lb n="2842"/><span>bheith ag ól agus go mbeadh daoine chomh maith gan é bhac;</span> <lb n="2843"/><span>agus do ghuidheadar go bhfágfadh Dia Tadhg i bhfad gan</span> <lb n="2844"/><span>dúil san ól aige; agus annsan chuiridís féin an sáspan</span> <lb n="2845"/><span>pórtar ar a gceann arís agus d'ólaidís go dríodar é.</span></p> <lb n="2846"/> <lb n="2847"/><p><span>Thugas fé ndeara na daoine is mó d'ól an pórtar</span> <lb n="2848"/><span>go mbrisidís a lán des na fóid. Bhris Daid cuid mhaith</span> <lb n="2849"/><span>fód. Bhí Tadhg Óg ar an sleán an lá go léir agus</span> <lb n="2850"/><span>ceathrar ag píceáil 'na dhiaidh agus iad ag caitheamh na</span> <lb n="2851"/><span>bhfód ó dhuine go duine.</span> <lb n="2852"/></p> </div> <pb n="76"/> <div><lb n="2853"/><p><span>Mise ba chócaire. Bhailigheas cipíní giúise agus cadhráin</span> <lb n="2854"/><span>trioma agus d'aduigheas teine i lár an phortaigh. Líonas</span> <lb n="2855"/><span>an citeal as poll uisce bhí i n-aice liom ach is láidir nár</span> <lb n="2856"/><span>mharbhíodar me mar gheall air. B'éigean dom é chaitheamh</span> <lb n="2857"/><span>as arís agus dul go dtí sruthán i bhfad suas chun uisce</span> <lb n="2858"/><span>d'fhágháil.</span></p> <lb n="2859"/> <lb n="2860"/><p><span>Dubhradar liom an ceaintín bainne chur síos i bpoll</span> <lb n="2861"/><span>móna chun ná géaruigheadh sé leis an dteas. Rugas ar</span> <lb n="2862"/><span>eascúin mhóir fhada bhí sa pholl agus ar cheann des na</span> <lb n="2863"/><span>froganna bhí, leis, ann. Bhí an frog im' póca agam agus</span> <lb n="2864"/><span>nuair a bhí Tadhg Mór ag ól sáspain pórtair chuireas an</span> <lb n="2865"/><span>frog isteach ann i gan fhios do. 'Á mheas a bhíos go</span> <lb n="2866"/><span>sloigfeadh sé an frog, mar ba mhaith liom Tadhg a dh'fheiscint</span> <lb n="2867"/><span>nuair a bheadh an frog ag léimrigh istigh ann. Ach nuair</span> <lb n="2868"/><span>a chuir sé an sáspan ar a cheann tháinig an frog aníos</span> <lb n="2869"/><span>chuige agus chuir Tadhg béic as agus chaith sé uaidh an sáspan.</span></p> <lb n="2870"/> <lb n="2871"/><p><span>Chaith sé amhras láithreach ar Dhoinnichín Eoin - gurbh é</span> <lb n="2872"/><span>chuir an frog chuige - agus bhí sé chun é sháth' le píce mara</span> <lb n="2873"/><span>mbeadh go rug Tadhg Óg air. Bhí aighneas mór ar feadh</span> <lb n="2874"/><span>tamaill ann mar bhí néal buille ar Thadhg Mhór agus ní</span> <lb n="2875"/><span>éisteochadh sé le haon réasún go ceann i bhfad. Bhíos</span> <lb n="2876"/><span>féin ag breith chugham, am baic! agus d'imigh an frog de</span> <lb n="2877"/><span>léim den bport síos i bpoll eile. I gcionn tamaill</span> <lb n="2878"/><span>chromadar go léir ar obair arís agus gan focal asta;</span> <lb n="2879"/><span>ach anois is arís bhriseadh a gháíre amach ar dhuine éigin</span> <lb n="2880"/><span>agus bhídís ag scithiríl chúcha féin. Bhí Tadh Mór anadhúr</span> <lb n="2881"/><span>an chuid eile den ló.</span></p> <lb n="2882"/> <lb n="2883"/><p><span>Níor mhór dom féin dul ag píceáil. Bhí sé deas go</span> <lb n="2884"/><span>leór ar feadh tamaill, ach annsan chuaidh na fóid i dtruime,</span> <lb n="2885"/><span>mheasas, agus tháinig teas ar mo bhaisíní agus d'imigh an</span> <lb n="2886"/><span>spórt as an scéal dom. N'fhéadfainn stad, mar bhí na</span> <lb n="2887"/><span>fóid ag teacht ró thiugh orm agus cheanglíodh cuid aca ar</span> <lb n="2888"/><span>an bpíce agus ní mór ná go leagaidís me. Bhíos cráite</span> <lb n="2889"/><span>scólta aca agus mo dhá dhearnain ar lasadh, agus gan</span> <lb n="2890"/><span>faeseamh le fagháil ach na fóid mhí-áidh 'á gcaitheamh ar fuaid</span> <lb n="2891"/><span>na gcos agam. B'é toil Dé gur chuimhnigh Tadhg Óg ar</span> <lb n="2892"/><span>an gciteal.</span> <lb n="2893"/></p> </div> <pb n="77"/> <div><lb n="2894"/><p><span>"'Jimín," ar seisean, "féach a' bhfuil an t-uisce</span> <lb n="2895"/><span>beirithe." Ba mhór an fhuascailt í. D'imigheas agus sé</span> <lb n="2896"/><span>céad rud a dheineas mo dhá láimh a chur síos fé uisce i bpoll</span> <lb n="2897"/><span>móna. Ba bhreá an t-ionuaradh é. Ní fhuaireas a leithéid</span> <lb n="2898"/><span>de shásamh as aon rud riamh.</span></p> <lb n="2899"/> <lb n="2900"/><p><span>Insa chiteal a deineadh an té. Caitheadh té agus bainne</span> <lb n="2901"/><span>agus siúicre isteach ann i dteannta chéile. Níor bhlaiseas</span> <lb n="2902"/><span>riamh aon té chomh deas leis. Gearradh an t-arán go</span> <lb n="2903"/><span>reamhar agus cuireadh an t-im go reamhar anuas air agus</span> <lb n="2904"/><span>sinn suidhte ar bhlocanna giúise agus ar fóda móna ag</span> <lb n="2905"/><span>ithe agus na fir ar fad ag cainnt i dtaobh laetheannta</span> <lb n="2906"/><span>móna agus gaisce le sleán. Bhíodar ag cur barr-fhód</span> <lb n="2907"/><span>agus bun-fhód agus méith-mhóin agus spairt tré n-a chéile;</span> <lb n="2908"/><span>ach ní hag éisteacht leo a bhíos-sa ach d'iarraidh gal a</span> <lb n="2909"/><span>chaitheamh as phíp Thaidhg Óig i gan fhios dom' athair.</span></p> <lb n="2910"/> <lb n="2911"/><p><span>Dheineamair té arís tráthnóna tiompall a cúig a chlog</span> <lb n="2912"/><span>agus d'óladar an chuid deiridh den bpórtar an uair sin,</span> <lb n="2913"/><span>leis. Shluigeadar an braon deirinneach de, mar ní raibh</span> <lb n="2914"/><span>diúir ann nuair a chuas-sa ag lorg na heascún a chuireas</span> <lb n="2915"/><span>isteach ann ar maidin. N'fheadar ón dtalamh cad é an</span> <lb n="2916"/><span>chrích a dh'imigh ar an eascúin mboicht. Bhí sórt uaignis orm</span> <lb n="2917"/><span>nuair ná fuaireas a tuairisc ó aonne. N'fheadar cá bhfuil</span> <lb n="2918"/><span>sí anois.</span></p> <lb n="2919"/> <lb n="2920"/><p><span>Bhailigheas le chéile mo chuid giúirléidí ar fad tar éis</span> <lb n="2921"/><span>aimsire an té agus rugas ar an asal agus bhíos ag cur</span> <lb n="2922"/><span>díom abhaile agus me ag amhrán. Thugas lán an chléibh</span> <lb n="2923"/><span>de ghiúis tirm go dtí Mam agus thugas arc luachra liom</span> <lb n="2924"/><span>istigh i bpáipéar go dtí Cáit. Dubhairt Mam "maith an</span> <lb n="2925"/><span>buachaill," ach nuair a thairrigíos an t-arc luachra beag do</span> <lb n="2926"/><span>Cháit do scréach sí. Bíd na cailíní an-ait. Dubhairt sí</span> <lb n="2927"/><span>an "sníomhaidhe snámhaidhe" ruda san a chaitheamh as a</span> <lb n="2928"/><span>radharc. Fan go mbeiread-sa aon rud arís chúiche.</span> <lb n="2929"/></p> </div> <pb n="78"/> <div><lb n="2930"/><p><span>CAIBIDIOL XII </span></p> <lb n="2931"/> <lb n="2932"/><p><span>PÚCA BHEIT MÓIRE AR THÓIR JIMÍN</span></p> <lb n="2933"/> <lb n="2934"/><p><span>An cuimhin leat Beit Mhór go rabhas ag eachtraighe go</span> <lb n="2935"/><span>minic uirthi - í siúd a bhí 'nár dtigh-ne an oidhche fuarthas</span> <lb n="2936"/><span>mise sa bhfeamnaigh agus nár réidhtigh na mná eile le</span> <lb n="2937"/><span>Máire Aindí i dtaobh ciaca le Mam nó le Daid ba</span> <lb n="2938"/><span>dheá'rthach me. Bhuel, ní dhéanfaidh sí spiorspear d'aon</span> <lb n="2939"/><span>scéal eile. Tá a gnó déanta. Tá sí marbh!</span></p> <lb n="2940"/> <lb n="2941"/><p><span>Ní fheadar 'n tsaoghal cad a mhairbh í. Mheasas go</span> <lb n="2942"/><span>raibh sí chomh láidir le capall. Bhí, leis, agus nuair</span> <lb n="2943"/><span>shuidheadh sí isteach i gcairt an asail bhíodh lán na cairte</span> <lb n="2944"/><span>innti, a dhuine. Ní foláir nó is láidir an duine an bás</span> <lb n="2945"/><span>agus tabhairt i n-ao' chor fé na leithéid.</span></p> <lb n="2946"/> <lb n="2947"/><p><span>Níor chuimhnigheas riamh i gceart ar an mbás gur leagadh</span> <lb n="2948"/><span>Beit Mhór leis. Am baic, a mhic ó! ní me an duine</span> <lb n="2949"/><span>céadna ó shin. Táim teanntaithe ag an mbás mallaithe</span> <lb n="2950"/><span>sin de ló agus d'oidhche. Aon rud a chím sa ló bíonn</span> <lb n="2951"/><span>adhbhar mo bháis ann. B'fhéidir go mbuailfeadh an capall</span> <lb n="2952"/><span>speach orm nó go leagfadh an t-asal me nó go mbeadh</span> <lb n="2953"/><span>frídíní galair san uisce - bímíd marbh ag an Máighistir</span> <lb n="2954"/><span>ag trácht ortha san; agus ó cailleadh Beit, an riach pioc</span> <lb n="2955"/><span>díom a chuaidh thar doras aon oidhche ar eagla go bhfeicfinn</span> <lb n="2956"/><span>a púca, a dhuine. Bíonn scilimis im' chroidhe roimis na</span> <lb n="2957"/><span>púcaí sin. Mara mbeadh iad do bheinn ar aor a' mhaidrín</span> <lb n="2958"/><span>ruaidh.</span></p> <lb n="2959"/> <lb n="2960"/><p><span>Is mór an éagcóir dos na daoine marbha ná fanann</span> <lb n="2961"/><span>socair dóibh féin is gan bheith ag dul tiompall ins an</span> <lb n="2962"/><span>oidhche ag cur eagla ar dhaoine fé mar atá Beit Mhór anois.</span> <lb n="2963"/><span>Dubhairt Tadhg Óg liom go bhfeaca sé thíos sa bhóithrín í</span> <lb n="2964"/><span>an oidhche fé dheire agus bairrlín bán 'na tiompall agus</span> <lb n="2965"/><span>í ar lorg Jimín Mháire Thaidhg agus Mhicilín Eoin. Bhí olc</span> <lb n="2966"/><span>aici chughainn, adubhairt Tadhg, i dtaobh an dosaon ubh a</span></p> </div> <pb n="79"/> <div><lb n="2967"/><p><span>ghoideamair ón gcirc a bhí ar gor aici. Ar mh'anam is ar</span> <lb n="2968"/><span>mo shláinte gurab shin é adubhairt Tadhg Óg, agus dubhairt</span> <lb n="2969"/><span>sé rud eile - go raibh néal uirthi i dtaobh gur ghoideamair</span> <lb n="2970"/><span>ocht gcinn de phípeanna tórraimh an oidhche bhí sí fé chlár</span> <lb n="2971"/><span>agus ná dubhramair paidir na cré le n-a hanam.</span></p> <lb n="2972"/> <lb n="2973"/><p><span>Ní hag cuimhneamh ar a hanam a bhíomair, a' dtuigeann</span> <lb n="2974"/><span>tu leat me, ach sinn d'iarraidh na pípeanna thógaint i gan</span> <lb n="2975"/><span>fhios don scata ban a bhí istigh, agus ní rabhas féin go ró</span> <lb n="2976"/><span>mhaith istigh liom féin faid a bhíomair 'á dhéanamh, mar</span> <lb n="2977"/><span>cheapas gach 'ra nóimeat go bpreabfadh Beit féin aniar</span> <lb n="2978"/><span>chun me ghearán le Mam. B'in seanabhéas aici riamh.</span> <lb n="2979"/><span>Níor phreab an uair sin agus shaoileas gurbh amhlaidh ná</span> <lb n="2980"/><span>feacaidh sí i n-ao' chor sinn. Ach féach ná raghadh 'oiread</span> <lb n="2981"/><span>uaithe!</span></p> <lb n="2982"/> <lb n="2983"/><p><span>Ní gádh dhi, ar nós an scéil, bheith chomh danartha i dtaobh</span> <lb n="2984"/><span>na seanaphípeanna. Nuair chualamair go raibh sí sa</span> <lb n="2985"/><span>mhullach orainn mar gheall ar an slí thógamair iad</span> <lb n="2986"/><span>dubhramair paidir ar son gach píp riamh aca agus d'iarra-</span> <lb n="2987"/><span>mair ar Dhia an suaineas síorraidhe a thabhairt d'á hanam.</span></p> <lb n="2988"/> <lb n="2989"/><p><span>Ach thug Dia an chluas bhodhar dúinn, mar chonnaic Tadhg</span> <lb n="2990"/><span>Óg an oidhche 'na dhiaidh san arís í agus ní haon mhaolú a</span> <lb n="2991"/><span>bhí tagaithe ar an bhfeirg aici. Dubhairt sí leis ná sásochadh</span> <lb n="2992"/><span>aon ní í ach sinn a chur na bpípeanna i bpoll an chlaidhe</span> <lb n="2993"/><span>fé'n dtor sa bhóithrín.</span></p> <lb n="2994"/> <lb n="2995"/><p><span>Do chuir san me féin is Micilín i bponnc. A'</span> <lb n="2996"/><span>dtuigeann tú, bhí cuid den dtobac a bhí ionnta caithte</span> <lb n="2997"/><span>agus bhíomair tar éis ceann aca a dhíol le Taidhgín Neillí</span> <lb n="2998"/><span>ar dhá phinginn. B'éigean dúinn Taidhgín a leagadh chun</span> <lb n="2999"/><span>na pípe bhaint de-bhí na pingní caithte 'gainn ar mhísleáin,</span> <lb n="3000"/><span>tá's agat. Chuireamair brúscar móna i dtóin gach pípe</span> <lb n="3001"/><span>aca a bhí ólta againn agus cuid den tobac as na ceannaibh</span> <lb n="3002"/><span>eile anuas ar a bharra. Mheasamair, tá's agat, ná</span> <lb n="3003"/><span>tabharfadh púca Bheit Móire fé ndeara an deifir.</span></p> <lb n="3004"/> <lb n="3005"/><p><span>Chuireamair na pípeanna sa pholl, leis an lá. Ní raibh</span> <lb n="3006"/><span>oiread leisce orm ag scarúint le haon rud riamh -</span> <lb n="3007"/><span>pípeanna breátha 'á gcur i bpoll claidhe don bpúca agus</span> <lb n="3008"/><span>an t-uisce ó sna fiacla againn féin le dúil sa tobac!</span> <lb n="3009"/></p> </div> <pb n="80"/> <div><lb n="3010"/><p><span>Maidin lae ar na mháireach chuas ós íseal go dtí an</span> <lb n="3011"/><span>poll d'fhéachaint an dtáinig Beit d'iarraidh na bpípeanna.</span> <lb n="3012"/><span>Dar fia, bhí gach aon cheann riamh aca imithe! Mheasas go</span> <lb n="3013"/><span>dtuitfinn leis an bpreab a baineadh asam. Bhí an lá</span> <lb n="3014"/><span>gléigeal ann, ach mar sin féin thabharfainn an leabhar go</span> <lb n="3015"/><span>bhfuaireas bolaith an phúca san áit. Tháinig fuath agam</span> <lb n="3016"/><span>don dtor agus don mbóithrín agus fuath speisialta do</span> <lb n="3017"/><span>phúca Bheit Móire agus í ag imeacht ar fuaid na dúthaighe</span> <lb n="3018"/><span>i lár na hoidhche agus ocht gcinn de phípeanna tobac ar</span> <lb n="3019"/><span>lasadh i n-éineacht aici agus gal deataigh ag éirghe as a béal.</span></p> <lb n="3020"/> <lb n="3021"/><p><span>Ní leigeadh an smaoineamh san dom aon néal cholata a</span> <lb n="3022"/><span>dhéanamh ó d'innis Tadhg Óg dom gur mar sin a bhí sí oidhche</span> <lb n="3023"/><span>a bhuail sí leis féin. Bhí sí sásta go leor, dubhairt sé,</span> <lb n="3024"/><span>go dtáinig sí go dtí an brúscar móna fén dtobac agus</span> <lb n="3025"/><span>gur dhóigh san an carbal aici. Bhí sí ag casachtaigh annsan</span> <lb n="3026"/><span>agus ag eascainí agus dubhairt sí, am baisce! ná</span> <lb n="3027"/><span>maithfeadh sí dhúinn i n-ao' chor nó go gcuirfimís chúiche</span> <lb n="3028"/><span>an dosaon ubh a thógamair ón gcirc ghuir. Léan uirthi!</span> <lb n="3029"/><span>nach maith do chuimhnigh sí ortha.</span></p> <lb n="3030"/> <lb n="3031"/><p><span>Bhíomair teanntaithe ar fad age sna huibhe. Dhíolamair</span> <lb n="3032"/><span>iad-san fad ó riamh le bean a' Tobair i gcómhair na caide</span> <lb n="3033"/><span>agus ní fios cad é an chrích a bhí imithe ortha-drochchrích is</span> <lb n="3034"/><span>dócha mar bhí sicíní ionnta nuair a dhíolamair iad. Ar</span> <lb n="3035"/><span>feadh trí n-oidhche níor chodail aonne de bheirt againn aon</span> <lb n="3036"/><span>néal ach 'á cheapadh gach aon nóimeat go mbeadh an púca</span> <lb n="3037"/><span>chughainn ag éileamh na n-ubh agus ní thabharfá trí leafiní</span> <lb n="3038"/><span>orainn bhíomair chomh suaithte sin.</span></p> <lb n="3039"/> <lb n="3040"/><p><span>Bhíomair i ngalar na gcás d'iarraidh uibhe guir a</span> <lb n="3041"/><span>sholáthar. Bothán cearc níor fhágamair ar fuaid an</span> <lb n="3042"/><span>pharóiste gan cuardach ach ní raibh oiread agus aon chearc</span> <lb n="3043"/><span>amháin ar gor ionnta. Fuaireamair dosaon ubh saoráideach</span> <lb n="3044"/><span>go leor agus má chuireamair cearc amháin do chuireamair</span> <lb n="3045"/><span>cearc is fiche 'na suidhe ortha; ach an riach gor a dhéanfadh</span> <lb n="3046"/><span>aon cheann aca! Cheanglíomair ceann aca ar chois sa nid,</span> <lb n="3047"/><span>ach nuair a bhí sí tuirseach de bheith 'na suidhe do léim sí</span> <lb n="3048"/><span>agus do thairrig sí an baile uirthi leis an ngleo a dhein sí</span> <lb n="3049"/><span>agus rug Máire Aindí na huibhe léi. Bhíomair cráite,</span></p> </div> <pb n="81"/> <div><lb n="3050"/><p><span>agus dubhairt Tadhg Óg go raibh an gomh ag teacht ar an</span> <lb n="3051"/><span>bpúca chughainn toisc gan na huibhe bheith fachta againn di.</span> <lb n="3052"/><span>Go marbh'íd siad í, gan olc dúinn!</span></p> <lb n="3053"/> <lb n="3054"/><p><span>Dheineas féin agus Micilín comhairle annsan dosaon</span> <lb n="3055"/><span>ubh a ghoid agus iad a chur chúiche agus litir 'na dteannta.</span> <lb n="3056"/><span>Scríobhamair an litir:</span></p> <lb n="3057"/> <lb n="3058"/><p><span>Go dtí Púca Bheit Móire.</span></p> <lb n="3059"/> <lb n="3060"/><p><span>A Phúca, a ghrádh dhil,</span> <lb n="3061"/><span>Seo dhuit dosaon ubh. Ní hiad na huibhe céadna</span> <lb n="3062"/><span>bhí féd' chirc-se iad mar d'imíodar san 'n Daingean.</span> <lb n="3063"/><span>Tá siad gan gor, leis, ach b'fhéidir go mbeadh cearc</span> <lb n="3064"/><span>agat féin a dhéanfadh duit é; agus má's é do thoil</span> <lb n="3065"/><span>é, a phúca dheas, ná bí dian orainn mar táimíd óg,</span> <lb n="3066"/><span>agus ná bí 'ár ndiaidh insa bhóithrín aon oidhche eile.</span></p> <lb n="3067"/> <lb n="3068"/><p><span>Mise Jimín agus</span> <lb n="3069"/><span>Mise Micilín Eoin.</span></p> <lb n="3070"/> <lb n="3071"/><p><span>Chuireas Cáit go dtí an tor sa bhóithrín agus chuir sí</span> <lb n="3072"/><span>na huibhe sa pholl agus an litir ar a mbarra. Níor</span> <lb n="3073"/><span>chodluigheas néal an oidhche sin ach 'á cheapadh gach aon</span> <lb n="3074"/><span>nóimeat go bhfeicfinn an amhailt isteach tré pholl na</span> <lb n="3075"/><span>heochrach chugham. Ach am baite! ní tháinig sí i n-ao' chor</span> <lb n="3076"/><span>agus ní me ná raibh buidheach!</span></p> <lb n="3077"/> <lb n="3078"/><p><span>Ar maidin go moch chuaidh Cáit arís go dtí an poll.</span> <lb n="3079"/><span>Ní raibh ubh ná litir ann. I gcoinnibh a cos a chuaidh sí</span> <lb n="3080"/><span>go dtí an poll i n-ao' chor, ach ar mh'anam, a mhic ó, gur</span> <lb n="3081"/><span>bhain sí as na cosa go maith é ag teacht abhaile arís, agus</span> <lb n="3082"/><span>bhí sí ag dul i laigí le heagla an phúca; agus chun na</span> <lb n="3083"/><span>fírinne a rádh, ní rabhas féin istigh liom féin.</span></p> <lb n="3084"/> <lb n="3085"/><p><span>Ó scríobhas an méid sin tá scéal tuitithe amach annso.</span> <lb n="3086"/><span>Is suarach an scraiste Tadhg Óg. Táim tuitithe amach</span> <lb n="3087"/><span>leis. Chuala aréir é istigh i dtigh Mháire Aindí 'á innsint</span></p> </div> <pb n="82"/> <div><lb n="3088"/><p><span>dóibh i dtaobh an sceimhle fuaireas-sa ó Phúca Bheit Móire</span> <lb n="3089"/><span>agus mar a dhein sé féin smíste 'madáin díom nuair</span> <lb n="3090"/><span>dubhairt sé liom na pípeanna agus na huibhe a chur sa</span> <lb n="3091"/><span>pholl i gcóir an phúca; agus dubhairt sé le Máire gur</span> <lb n="3092"/><span>uaithe féin a ghoideas na huibhe. Ní raibh oiread náire</span> <lb n="3093"/><span>riamh orm. Bead-sa suas le Tadhg ar shlí éigin - bead</span> <lb n="3094"/><span>san. Ní dhéanfadh sé mar sin liom é an oidhche bhriseas</span> <lb n="3095"/><span>an cleamhnas le Peats Teaimí do féin is do Nell.</span> <lb n="3096"/><span>Léan uaidh, ní maith an díol air aon bhean a sholáthar do -</span> <lb n="3097"/><span>ní maith san.</span> <lb n="3098"/></p> </div> <pb n="83"/> <div><lb n="3099"/><p><span>CAIBIDIOL XIII</span></p> <lb n="3100"/> <lb n="3101"/><p><span>RÁS NA NAOMHÓG I gCUAN AN DUILISC</span></p> <lb n="3102"/> <lb n="3103"/><p><span>Nuair a bhead-sa mór bead im' fhear naomhóige agus</span> <lb n="3104"/><span>bead ag rás agus ní bheidh aon naomhóg i n-aon chuan i</span> <lb n="3105"/><span>gCiarraighe a thiocfaidh i ngiorracht scread asail dúinn</span> <lb n="3106"/><span>agus beidh gach aonne ag liúirigh agus ag rádh "Op</span> <lb n="3107"/><span>Jimín!" agus ag ól phórtair fé thuairim mo shláinte, agus</span> <lb n="3108"/><span>annsan cromfaid siad ar bhruighinn agus bainfid siad</span> <lb n="3109"/><span>fuil as a chéile, ach ní bheidh focal asam-sa ach mé 'á leigint</span> <lb n="3110"/><span>orm ná raibh aon ghaisce déanta agam, cé go mbead ag</span> <lb n="3111"/><span>éisteacht leo 'á rádh le n-a chéile - "Sin é Jimín Mháire</span> <lb n="3112"/><span>Thaidhg-sin é an fear do bhuaidh an rás!" - agus iad am'</span> <lb n="3113"/><span>thaisbeáint dá chéile. Sin mar bheidh nuair bhead-sa mór.</span></p> <lb n="3114"/> <lb n="3115"/><p><span>A' dtuigeann tú, sin é do chuaidh im' cheann an lá do</span> <lb n="3116"/><span>bhí an rás mór naomhóg i gCuan an Duilisc coigthíos ó</span> <lb n="3117"/><span>shin. Ana lá a b'eadh é, a dhuine. Chaitheas scilling is</span> <lb n="3118"/><span>tuistiún ar mhísleáin agus ar ubhla. Bhí Micilín Eoin</span> <lb n="3119"/><span>i n-éineacht liom agus ní raibh aige ach scilling. Ní fada</span> <lb n="3120"/><span>le dul scilling is tuistiún nuair do chaithfeá tuistiún</span> <lb n="3121"/><span>do thabhairt ar ubhall go mbeadh fochal 'na lár agus ní</span> <lb n="3122"/><span>choimeádfadh scilling leath-uair a chloig ag cogaint thú</span> <lb n="3123"/><span>nuair a thabharfá ar mhísleáin i. Is damanta an earradh</span> <lb n="3124"/><span>iad le daoire. Bhí fhios agam ar maidin a ghiorracht a</span> <lb n="3125"/><span>raghadh an t-airgead, ach ní leigfeadh scannradh dhom aon</span> <lb n="3126"/><span>phingin d'iarraidh ar Mham, mar bheadh fhios aici cá mbeinn</span> <lb n="3127"/><span>ag dul, agus annsan do bheadh laingcis liom, mar ní maith</span> <lb n="3128"/><span>le Mam ráiseanna naomhóg. Chongaibh sí Daid sa bhaile</span> <lb n="3129"/><span>ach d'éaluigheas-sa uaithi. Dubhart le Daid éalú, leis, ach</span> <lb n="3130"/><span>is amhlaidh do bhain an fear bocht crothadh as a cheann agus</span> <lb n="3131"/><span>d'fhéach sé go heaglach i dtreo Mham. Nuair ná raibh sí</span> <lb n="3132"/><span>ag féachaint thug sé trí pingine dhom i gan fhios di.</span></p> </div> <pb n="84"/> <div><lb n="3133"/><p><span>Níl Daid bocht go holc dá mbeadh an cothrom aige chun</span> <lb n="3134"/><span>maitheasa.</span></p> <lb n="3135"/> <lb n="3136"/><p><span>Domhnach a b'eadh é, agus siúd liom féin agus le</span> <lb n="3137"/><span>Micilín thar mám ar bogshodar. D'fhágamair na bróga</span> <lb n="3138"/><span>fé choca féir i bpáirc le Micilín, mar ba mhór linn mar</span> <lb n="3139"/><span>ualach iad. I mbarra an mháma bhuail asal linn agus</span> <lb n="3140"/><span>chuamair araon anáirde air ach ní haon deabhadh a dhein-</span> <lb n="3141"/><span>eamair dá bhrí sin, mar ní bhainfeadh cogadh na bpléar</span> <lb n="3142"/><span>aon tsiubhal as, agus nuair a bhíos 'á phriocadh le tairnge</span> <lb n="3143"/><span>is amhlaidh do luigh sé fúinn agus ní éireochadh sé gur</span> <lb n="3144"/><span>lasamair scothán aitinn fé n-a bholg. D'éirigh sé annsan</span> <lb n="3145"/><span>de phreib, agus do raid sé agus siúd leis ar cosanáirde</span> <lb n="3146"/><span>uainn agus é ag raide agus gach aon "hí-há" aige.</span> <lb n="3147"/><span>Chuir an scothán aitinn giodam ann.</span></p> <lb n="3148"/> <lb n="3149"/><p><span>Bhí an saoghal go léir ag féachaint ar an ras-fir</span> <lb n="3150"/><span>agus mná agus daoine beaga. Ní chuala riamh oiread</span> <lb n="3151"/><span>geónach, ná oiread cainnte, ná oiread argóna, ná n'fheaca</span> <lb n="3152"/><span>riamh oiread tarta ar dhaoine agus a bhí; ach má bhí tart</span> <lb n="3153"/><span>ortha bhí sás a mhúchta ann go tiugh, mar chonnac a lán</span> <lb n="3154"/><span>bairrlí ar fuaid na háite go léir agus daoine ag ól</span> <lb n="3155"/><span>asta le sáspain. Gheobhthá taoscán den stuif dubh do</span> <lb n="3156"/><span>bhí ins na bairrlí ar scilling. Bhíos ag faire ar chuid</span> <lb n="3157"/><span>des na daoine agus ní bhídís choidhche sásta le haon</span> <lb n="3158"/><span>tsáspan amháin a shlugadh. Líontaí na sáspain go léir</span> <lb n="3159"/><span>arís dóibh agus bhídís 'á dhiúgadh agus sobal ar a bpusa</span> <lb n="3160"/><span>uaidh agus a súile ag leathadh ortha agus a gcuid cainnte</span> <lb n="3161"/><span>ag dul i ndíth céille le gach sáspan d'á n-ólaidís. Thíos</span> <lb n="3162"/><span>fé bhun na haille bhí cuid des na scríbíní agus ins na</span> <lb n="3163"/><span>páirceanna tiompall na trágha, agus chonnac beirt go</span> <lb n="3164"/><span>raibh bairrlí istigh i gcairt asail aca agus iad soir, siar</span> <lb n="3165"/><span>ar feadh an bhóthair ar lorg daoine bochta go raibh tart</span> <lb n="3166"/><span>gan múchadh ortha. Bhí sruthán mór uisce ann, ach ní raibh</span> <lb n="3167"/><span>aoinne ag ól aon bhraon as san.</span></p> <lb n="3168"/> <lb n="3169"/><p><span>Bhí mná ann, flúirseach, ach ní bhídís sin i n-ao' chor</span> <lb n="3170"/><span>tiompall na mbairrlí. Ach má seadh níor fhág san balbh</span> <lb n="3171"/><span>iad ná go mbídís ag cainnt - mná Chuas a' Phortáin agus</span> <lb n="3172"/><span>mná Béal Cairrge ag áiteamh ar a chéile agus ag moladh</span></p> </div> <pb n="85"/> <div><lb n="3173"/><p><span>a gcuid fear. Bhídís go searbh le n-a chéile, a dhuine,</span> <lb n="3174"/><span>agus ba dhóigh leat gur scian gach aon fhocal a scaoilidís</span> <lb n="3175"/><span>amach as a mbéal. Chaitheas tamall ag éisteacht le cuid</span> <lb n="3176"/><span>aca féachaint cathain a liúrfaidís a chéile. Ach an diach</span> <lb n="3177"/><span>liúradh, a dhuine. Ní haon mhaith na mná san ach chun</span> <lb n="3178"/><span>cainnte.</span></p> <lb n="3179"/> <lb n="3180"/><p><span>Bhí lucht ubhall a dhíol ann agus mísleán agus crúibíní</span> <lb n="3181"/><span>muc. Bhí bean a' duilisc ann leis, agus lucht amhrán,</span> <lb n="3182"/><span>agus fear go raibh trí cártaí aige agus é ag breith</span> <lb n="3183"/><span>scillingí ó dhaoine chomh tiugh le tiul. Thabharfadh sé coróin</span> <lb n="3184"/><span>den té aimseochadh an t-aon muileat. Uair, ná raibh sé</span> <lb n="3185"/><span>ag féachaint ar na cártaí rug Donncha Neans ar an aon</span> <lb n="3186"/><span>muileat agus do lúb sé cúinne dhe. Annsan chuir</span> <lb n="3187"/><span>Donncha leathchoróin leis an bhfear go n-aimseochadh sé</span> <lb n="3188"/><span>féin an t-aon muileat. Shuaith an fear arís iad agus</span> <lb n="3189"/><span>nuair a dh'iompuigh Donncha an cárta go raibh an cúinne</span> <lb n="3190"/><span>cam air cad do bheadh aige ach an deich triuth.</span></p> <lb n="3191"/> <lb n="3192"/><p><span>Tháinig néal ar Dhonncha Neans. "Dheinis iad do</span> <lb n="3193"/><span>dhathú, a dhiail boy!" ar seisean, agus bhuail sé flíp ar</span> <lb n="3194"/><span>fhear na gcártaí. Thóg seisean a mhaide croise agus bhuail</span> <lb n="3195"/><span>sé Donncha sa bhathas. N'fheaca-sa den spórt ach an méid</span> <lb n="3196"/><span>sin mar chuaidh a lán eile sa ghráscar. Do bhíodar go</span> <lb n="3197"/><span>léir i n-aon tranglam amháin ag tnáthadh a chéile agus</span> <lb n="3198"/><span>b'éigean domh-sa cur díom.</span></p> <lb n="3199"/> <lb n="3200"/><p><span>Seo liom síos mar a raibh na naomhóga. Sin é an áit</span> <lb n="3201"/><span>a raibh an suathadh agus an siosma agus gach aonne ag</span> <lb n="3202"/><span>moladh a chriú féin agus ag cáineadh gach aon chriú eile.</span> <lb n="3203"/><span>D'imigheadh naomhóg ar sciúird léi féin an cuan siar.</span></p> <lb n="3204"/> <lb n="3205"/><p><span>"Ó hanamain scian!" adeireadh fear, "nach deas</span> <lb n="3206"/><span>iad," agus bhíodh rian an phórtair ar a smigín.</span></p> <lb n="3207"/> <lb n="3208"/><p><span>Labharadh fear eile 'á fhreagairt:</span></p> <lb n="3209"/> <lb n="3210"/><p><span>"B'fhéidir dá mbeadh naomhóg eile suas le n-a</span> <lb n="3211"/><span>gcliathán gur beag a' teasbach fhágfadh sí ortha."</span></p> <lb n="3212"/> <lb n="3213"/><p><span>"Ara, níor chás dóibh-níl criú sa chuan indiu a</span> <lb n="3214"/><span>dhéanfadh aon lámh ortha," adeireadh fear a' smigín</span> <lb n="3215"/><span>smeartha. "An iad muinntir Chuas a' Phortáin arú?</span> <lb n="3216"/><span>Mhuise, cúis gháire chughainn! Cad a dheineadar riamh?"</span> <lb n="3217"/></p> </div> <pb n="86"/> <div><lb n="3218"/><p><span>"Dheineadar, an rud a dhéanfaidh siad indiu aris -</span> <lb n="3219"/><span>an suae a bhreith leo ó Bhéal Cairrge."</span></p> <lb n="3220"/> <lb n="3221"/><p><span>"Cuirfidh mé cúig phúint leat ná déanfaid."</span></p> <lb n="3222"/> <lb n="3223"/><p><span>"Cuirfidh mé, agus fiche púnt," arsa fear an phórtair</span> <lb n="3224"/><span>agus chuir sé lámh 'na phóca. Ní dóigh liom go raibh fiche</span> <lb n="3225"/><span>scilling ag an bhfear céadna, mar chonnac 'na dhiaidh sin</span> <lb n="3226"/><span>é, agus é a d'iarraidh leathchoróin a bhaint d'á mhnaoi chun</span> <lb n="3227"/><span>dul ag ól.</span></p> <lb n="3228"/> <lb n="3229"/><p><span>Bhí lucht na naomhóg ag baint díobh - níor fhágadar</span> <lb n="3230"/><span>caipín ná casóg ná bhest ortha ná treabhsar. Bhí gach aonne</span> <lb n="3231"/><span>ag liúirigh ortha agus 'á moladh agus 'á gcomhairliú agus</span> <lb n="3232"/><span>'á ngríosadh. Chífeá fear agus sáspan pórtair 'na láimh</span> <lb n="3233"/><span>aige agus é ag béicigh ar naomhóig aca. "Dar hanamain</span> <lb n="3234"/><span>t'athar, a Mhaidhc, ná scaoil go bráth le Cuas a' Phortáin</span> <lb n="3235"/><span>é;" agus an uair chéadna bhíodh streall den phórtar ag</span> <lb n="3236"/><span>imeacht mar seo agus streall mar siúd as an sáspan</span> <lb n="3237"/><span>i dtreo go mbíodh a urmhór imithe uaidh nuair chuireadh sé</span> <lb n="3238"/><span>chun a bhéil é. Annsan deireadh sé le fear an scríbín:</span> <lb n="3239"/><span>"I n-ainm na maothaile tr'om taoscán eile dho san."</span></p> <lb n="3240"/> <lb n="3241"/><p><span>Ní fada gur imigh an dá naomhóig agus cubhrán bán</span> <lb n="3242"/><span>fé n-a dtosach agus an dá cheathrar ag iomradh ar a</span> <lb n="3243"/><span>ndícheall báis, siar 's aniar, siar 's aniar, gan stad,</span> <lb n="3244"/><span>gan staonadh, agus na hocht maidí ar chomhimeacht. Bhí</span> <lb n="3245"/><span>na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag rith feadh</span> <lb n="3246"/><span>na trágha agus ag liúirigh agus ag bagairt a lámh agus a</span> <lb n="3247"/><span>ndorn ar na naomhóga agus ag tabhairt órdaithe dhóibh</span> <lb n="3248"/><span>agus ag rádh "Mhuise mo cheol sibh!" agus gan lucht na</span> <lb n="3249"/><span>naomhóg 'á gclos i n-ao' chor, ach iad ag tarrac gur dhóigh</span> <lb n="3250"/><span>leat go mbrisfeadh a gcroidhe.</span></p> <lb n="3251"/> <lb n="3252"/><p><span>Annsan bhris Maidhc Mór dula.</span></p> <lb n="3253"/> <lb n="3254"/><p><span>"Ó, an dial!" arsa gach aonne mar cheapadar go</span> <lb n="3255"/><span>raibh an rás caillte 'á dheascaibh. Ach chuir Maidhc dula</span> <lb n="3256"/><span>nua isteach agus thosnuigh sé arís ar bhuillí móra rámha.</span></p> <lb n="3257"/> <lb n="3258"/><p><span>"Ó my! is tréan an fear é," arsa gach aonne.</span> <lb n="3259"/><span>Annsan do bhris an fear tosaigh sa naomhóig eile maide</span> <lb n="3260"/><span>rámha.</span> <lb n="3261"/></p> </div> <pb n="87"/> <div><lb n="3262"/><p><span>D'éirigh Maidhc Mór agus d'árduigh sé maide rámha.</span> <lb n="3263"/></p> </div> <pb n="89"/> <div><lb n="3264"/><p><span>"Ó faire go deó," arsa na daoine, ach chuireadar go</span> <lb n="3265"/><span>léir liú molta asta nuair thairrig sé chuige maide nua.</span> <lb n="3266"/><span>"Fear diail," adubhradar.</span></p> <lb n="3267"/> <lb n="3268"/><p><span>Mar sin dóibh ar feadh dhá mhíle go dtánadar go dtí</span> <lb n="3269"/><span>an tarna polla chun casadh abhaile. Ag gabháil tiompall</span> <lb n="3270"/><span>ar an bpolla dhóibh ní fhágfadh aon cheann aca slí dá</span> <lb n="3271"/><span>chéile, agus slán mar a n-innstir é, chuaidh an dá naomhóig</span> <lb n="3272"/><span>i n-achrann 'na chéile. D'éirigh Maidhc Mór agus d'árduigh</span> <lb n="3273"/><span>sé maide rámha agus bhuail sé fear sa naomhóig eile leis.</span> <lb n="3274"/><span>Annsan rug an dá chriú ar a chéile chun a chéile a bháth'.</span> <lb n="3275"/><span>Níor bháthadar, áfach, mar bhailibh na naomhóga eile isteach</span> <lb n="3276"/><span>ortha agus stopadar iad. Ach bhí deire leis an rás.</span></p> <lb n="3277"/> <lb n="3278"/><p><span>Nuair a tháinig Maidhc Mór isteach dubhairt sé gurbh</span> <lb n="3279"/><span>iad an mhuinntir eile a dhein an feall. Dubhairt lucht na</span> <lb n="3280"/><span>naomhóige eile gur d'aon ghnó do chuaidh muinntir Mhaidhc</span> <lb n="3281"/><span>ceangailte ionnta féin nuair a bhíodar "béiteálta" aca.</span> <lb n="3282"/><span>Chreid gach dream istigh a muinntir féin agus ba ghearr go</span> <lb n="3283"/><span>raibh an sluagh go léir ag áiteamh ar a chéile.</span></p> <lb n="3284"/> <lb n="3285"/><p><span>"Op Maidhc Mór!" arsa plubaire amadáin a bhí ar</span> <lb n="3286"/><span>bogmheisce.</span></p> <lb n="3287"/> <lb n="3288"/><p><span>"Nárab eadh," arsa gligín eile go raibh na cosa ag</span> <lb n="3289"/><span>imeacht uaidh, "ach op Cuas a' Phortáin!"</span></p> <lb n="3290"/> <lb n="3291"/><p><span>Bhain an plubaire mór a chasóg de.</span></p> <lb n="3292"/> <lb n="3293"/><p><span>"Má tá meas fir agat ort féin," ar seisean, "anois</span> <lb n="3294"/><span>an t-am agat."</span></p> <lb n="3295"/> <lb n="3296"/><p><span>Thug an bheirt aca fé n-a chéile, ach ní bhuailfeadh aonne</span> <lb n="3297"/><span>aca taobh tighe, mar bhíodar ar meisce. Rith gach aonne</span> <lb n="3298"/><span>mar a raibh an gleo, agus ná raibh fhios ag a leath cad</span> <lb n="3299"/><span>chuige bhí an leath eile ag rith. Is ait an rud an duine</span> <lb n="3300"/><span>mar sin - ar nós na gcaorach díreach.</span></p> <lb n="3301"/> <lb n="3302"/><p><span>Má bhí argóint ann roimis an rás níorbh aon ní é</span> <lb n="3303"/><span>seachas an gíotam a bhí ar siubhal 'na dhiaidh. Bhí na mná</span> <lb n="3304"/><span>féin corraithe go mór agus ba dhóigh leat ar an gcainnt</span> <lb n="3305"/><span>a bhí aca gurbh é a gcúram riamh bheith ag tarrac naomhóige</span> <lb n="3306"/><span>- gach bean aca ag lochtú buillí rámha na bhfear i naomhóig</span> <lb n="3307"/><span>an té bhíodh ag cainnt léi agus í chomh húdarásach 'na cuid</span> <lb n="3308"/><span>feasa agus a bheadh Seana-Dhiarmaid Buidhe a chaith trí fichid</span></p> </div> <pb n="90"/> <div><lb n="3309"/><p><span>bliain dá shaoghal i dtóin naomhóige. Sin é dáltha na</span> <lb n="3310"/><span>mban choidhche. Nuair a bhíodh fir a' dul dian ar a chéile</span> <lb n="3311"/><span>san argóint d'éirighidís as an gcainnt agus bhainidís</span> <lb n="3312"/><span>sásamh as a chéile leis na dóirne.</span></p> <lb n="3313"/> <lb n="3314"/><p><span>N'fheadar an mbead-sa mar sin nuair a bhead mór -</span> <lb n="3315"/><span>ag ól phórtair mar do bheadh gamhain agus annsan ag</span> <lb n="3316"/><span>cainnt agus gan d'éifeacht ins a' chainnt ach mar a bheadh</span> <lb n="3317"/><span>i ngéimrigh bó.</span></p> <lb n="3318"/> <lb n="3319"/><p><span>Ca' na thaobh go mbíonn daoine go hait? Ca' na thaobh</span> <lb n="3320"/><span>gur chuaidh an dá naomhóig ceangailte 'na chéile? Ca' na</span> <lb n="3321"/><span>thaobh gur bhuail Maidhc Mór an fear eile leis an maide</span> <lb n="3322"/><span>rámha? Cad é an paor a bhí age Dia ar an nduine nár</span> <lb n="3323"/><span>thug Sé ciall do mar thug Sé do chapaill agus d'asail?</span></p> <lb n="3324"/> <lb n="3325"/><p><span>Dá mbeinn-se mór aon uair amháin agus mé i rás ní</span> <lb n="3326"/><span>fheadar an mar sin do bheinn?</span> <lb n="3327"/></p> </div> <pb n="91"/> <div><lb n="3328"/><p><span>CAIBIDIOL XIV</span></p> <lb n="3329"/> <lb n="3330"/><p><span>OIDHCHE IASCAIGH</span></p> <lb n="3331"/> <lb n="3332"/><p><span>Tráthnóna Dé hAoine bhíos thíos sa Chuas ag féachaint</span> <lb n="3333"/><span>ortha ag cur na líonta ins na naomhóga. Bhí iasc sa chuan,</span> <lb n="3334"/><span>tá's agat - mairciréil Fómhair agus iad ag ráth'íocht ar</span> <lb n="3335"/><span>bharra an uisge le dhá lá roimhe sin agus mhealladar</span> <lb n="3336"/><span>muinntir an bhaile chun dul 'na ndiaidh. Tógadh anuas</span> <lb n="3337"/><span>láithreach seanalíonta bhí le bliain ar na lochtaí agus ar</span> <lb n="3338"/><span>na maidí snadhmtha agus deisigheadh na mogail bhriste</span> <lb n="3339"/><span>ionnta agus cuireadh braighdeáin leo chun na gcloch a</span> <lb n="3340"/><span>cheangal dá mbun chun iad a shúncáil. Mise bhailibh na</span> <lb n="3341"/><span>clocha do Thadhg Óg.</span></p> <lb n="3342"/> <lb n="3343"/><p><span>Trí naomhóga atá sa chuas so 'gainne, agus gach ceann</span> <lb n="3344"/><span>aca páirteach idir bheirt nó triúr. Athair Mhicilín atá</span> <lb n="3345"/><span>páirteach le Tadhg Óg, agus bheireadar Donncha Pheig leo</span> <lb n="3346"/><span>'na thríú duine. Bhí an tráthnóna go breá agus barra</span> <lb n="3347"/><span>taoide ann nuair a bhíomair ag bórdáil na líonta thíos</span> <lb n="3348"/><span>age leac a' bháid. Mise bhí ag congáil na naomhóige do</span> <lb n="3349"/><span>chriú Thaidhg Óig faid a bhíodar san ag réidhteach an lín</span> <lb n="3350"/><span>agus ag ceangal na gcloch i ngiorracht gach aon chúpla</span> <lb n="3351"/><span>feadh dá chéile agus 'á socrú i dtóin na naomhóige i dtreo</span> <lb n="3352"/><span>ná beadh aon bhaoghal go raghadh an líon i n-achrann nuair</span> <lb n="3353"/><span>a bheidís 'á chur i bhfairrge. Ní fada bhíos thíos nuair chuala</span> <lb n="3354"/><span>Mam ag glaodhach orm. D'ísligheas-sa síos sa naomhóig</span> <lb n="3355"/><span>agus ní thugas aon tor' uirthi. Bhí'os agam go maith gur</span> <lb n="3356"/><span>d'iarraidh na mbó bheadh sí am' chur. Táim marbh age sna</span> <lb n="3357"/><span>ba céadna siar 's aniar gach aon lá. Ní fheacaidh Mam</span> <lb n="3358"/><span>i n-ao' chor me agus b'éigean di Cáit a chur chun iad a</span> <lb n="3359"/><span>bhagairt abhaile. B'fhearr liom-sa gurbh é Daid a chuirfeadh</span> <lb n="3360"/><span>sí ann mar bhí'os agam ná féadfadh Cáit an chloch a chur</span> <lb n="3361"/><span>sa bheárnain 'na diaidh agus go mbeadh asail an bhaile ag</span></p> </div> <pb n="92"/> <div><lb n="3362"/><p><span>dul ar ár gcuid-ne agus nár dhóichige rud eile ná go</span> <lb n="3363"/><span>mbeadh Mam am' chur-sa 'na ndiaidh chun iad a ruagairt.</span> <lb n="3364"/><span>Ach ní raibh Daid istigh, is dócha, chun é chur ann.</span></p> <lb n="3365"/> <lb n="3366"/><p><span>Bhí Donncha Pheig ag gabháil dom i dtaobh nea'thor' a</span> <lb n="3367"/><span>thabhairt ar mo mháthair.</span></p> <lb n="3368"/> <lb n="3369"/><p><span>"Mór an náire dhuit é ná déanfadh rud ar do mháthair,</span> <lb n="3370"/><span>a bhligeáird mhaith," ar seisean.</span></p> <lb n="3371"/> <lb n="3372"/><p><span>"Níor iarr aonne ort-sa do shrón a chur i n-ao' chor</span> <lb n="3373"/><span>ann," arsa mise.</span></p> <lb n="3374"/> <lb n="3375"/><p><span>Is dócha go rabhas drochmhúinte, ach cad 'na thaobh gur</span> <lb n="3376"/><span>thug sé bligeárd orm.</span></p> <lb n="3377"/> <lb n="3378"/><p><span>D'fhéach Donncha Pheig go feargach orm. "Um, bó,"</span> <lb n="3379"/><span>ar seisean, "a dhrochbhreed! ar bhiorán buidhe chaithfinn i</span> <lb n="3380"/><span>bhfairrge thu."</span></p> <lb n="3381"/> <lb n="3382"/><p><span>"B'fhearra dhuit é thriail," arsa mise agus rugas ar</span> <lb n="3383"/><span>mhaide rámha chuige.</span></p> <lb n="3384"/> <lb n="3385"/><p><span>Do gháir Tadhg Óg. "Mhuise, mo chroidhe thu, a Jimín!"</span> <lb n="3386"/><span>ar seisean. "Mairbh ar fad an seanachníopaire"; ach</span> <lb n="3387"/><span>níor mharbhuigheas 'r a shon san.</span></p> <lb n="3388"/> <lb n="3389"/><p><span>Thug Donncha Pheig aghaidh ar Thadhg Óg annsan. "Is</span> <lb n="3390"/><span>measa tusa tá ag séideadh fé. Níl sé drochmhúinte a</span> <lb n="3391"/><span>dhóthain cheana is dócha," arsa Donncha.</span></p> <lb n="3392"/> <lb n="3393"/><p><span>Annsan d'imigh Donncha Pheig abhaile d'iarraidh treabhsair</span> <lb n="3394"/><span>agus lón bídh i gcóir na hoidhche. Chaith Tadhg Óg an seól</span> <lb n="3395"/><span>isteach i dtosach na naomhóige agus tar éis an naomhóg a</span> <lb n="3396"/><span>cheangal den bhfáinne iarainn d'imigh sé féin agus athair</span> <lb n="3397"/><span>Mhicilín abhaile d'iarraidh culaith iascaigh agus lóin.</span></p> <lb n="3398"/> <lb n="3399"/><p><span>Bhí sórt leisge orm féin dul suas, tá's agat, ar eagla</span> <lb n="3400"/><span>go bhfeicfí sa bhaile me agus go bhfaghainn rud le déanamh</span> <lb n="3401"/><span>ó Mam. Is maith an sás chuige sin í.</span></p> <lb n="3402"/> <lb n="3403"/><p><span>Bhí an ghrian imithe síos agus dath an chopair ar an</span> <lb n="3404"/><span>spéir go léir thiar. Bhí an fhairrge ar nós ruda bheadh 'na</span> <lb n="3405"/><span>suan agus a huachtar mar a bheadh gloine le sleamhaine.</span> <lb n="3406"/><span>Bhí gach aon rud chomh ciúin sin go dtiocfadh saghas uaignis</span> <lb n="3407"/><span>ort, ach níorbh aon uaigneas é gur mhaith leat dul uaidh,</span> <lb n="3408"/><span>ach is amhlaidh d'fhanfá id' thost gan chorraighe. Níor</span> <lb n="3409"/><span>chorruigheas féin go ceann i bhfad ach bhíos ag iarraidh a'</span></p> </div> <pb n="93"/> <div><lb n="3410"/><p><span>bhfeicfinn Tír na nÓg thiar ar fad sa bhfairrge, ach ní</span> <lb n="3411"/><span>fheaca. Tadhg Óg adubhairt liom go bhfuil sí ann agus</span> <lb n="3412"/><span>gur chaith Oisín trí chéad bliain innti gan aon lá aoise a</span> <lb n="3413"/><span>theacht air. Dubhairt Niamh Cinn Óir leis gan dul thar</span> <lb n="3414"/><span>n-ais go hÉirinn níos mó, ach phrioc an mífhoirtiún é go</span> <lb n="3415"/><span>dtiocfadh sé ag féachaint na seanamhuinntire, agus ní</span> <lb n="3416"/><span>túisge chuir sé a chos ar thalamh na hÉireann ná dhein</span> <lb n="3417"/><span>seanduine dho agus cailleadh 'na dhiaidh san é. Nárbh é</span> <lb n="3418"/><span>an t-amadán Oisín nár fhan mar bhí aige. Iomarca</span> <lb n="3419"/><span>teaspaigh, is dócha.</span></p> <lb n="3420"/> <lb n="3421"/><p><span>"Hé, Jimín," arsa Mam arís, agus í amuich ar an</span> <lb n="3422"/><span>gclaidhe am' lorg. Ruaig sí sin Tír na nÓg as mo cheann</span> <lb n="3423"/><span>agus chuas isteach fén seól sa naomhóig chun ná feiceadh</span> <lb n="3424"/><span>sí me. Le n-a linn sin chuala na hiascairí ag teacht chun</span> <lb n="3425"/><span>dul ar an bhfairrge. Chualadar Mam ag glaodhach orm.</span></p> <lb n="3426"/> <lb n="3427"/><p><span>"N'fheadar," arsa Donncha Pheig, "cá bhfuil an diailín</span> <lb n="3428"/><span>sin imithe. Bhí sé annsan ó chiainibh. Sid í a mháthair fós</span> <lb n="3429"/><span>'á lorg."</span></p> <lb n="3430"/> <lb n="3431"/><p><span>"I n-áit éigin chun toirmisc, bíodh geall," arsa athair</span> <lb n="3432"/><span>Mhicilín. "Níl a leithéid ar dhá chois."</span></p> <lb n="3433"/> <lb n="3434"/><p><span>"Scaoil an téad san agus bímís ag bogadh linn siar,"</span> <lb n="3435"/><span>arsa Tadhg Óg.</span></p> <lb n="3436"/> <lb n="3437"/><p><span>Faid a bhíodar ag cainnt, a dhuine, tháinig anachuimhneamh</span> <lb n="3438"/><span>dom go raghainn féin ag iasgach leo an oidhche sin; agus</span> <lb n="3439"/><span>ná raibh agam ach fanúint socair mar a rabhas agus ná</span> <lb n="3440"/><span>tabharfaí fé ndeara me go mbeidís ró fhada siar chun</span> <lb n="3441"/><span>filleadh abhaile liom. Tháinig sé go léir im' cheann mar</span> <lb n="3442"/><span>imeochadh pléar as guna.</span></p> <lb n="3443"/> <lb n="3444"/><p><span>Ní raibh gíog asam agus iad ag teacht sa naomhóig.</span> <lb n="3445"/><span>Bhraitheas ag cur na maidí amach iad, agus níorbh fhada</span> <lb n="3446"/><span>gur bhraitheas siubhal ag teacht fén naomhóig. Nuair bhog</span> <lb n="3447"/><span>sí amach as an gcuas bhraitheas í ag tuitim 's ag éirighe le</span> <lb n="3448"/><span>suathadh na fairrge.</span></p> <lb n="3449"/> <lb n="3450"/><p><span>Bhí mífhoidhne orm teacht amach ón seol agus preab a</span> <lb n="3451"/><span>bhaint asta; ach bhí eagla orm dá ndeininn ró luath é</span> <lb n="3452"/><span>go bhfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís me. Ba shia</span> <lb n="3453"/><span>liom gach neomat ná uair a' chluig ag feitheamh. Níor</span></p> </div> <pb n="94"/> <div><lb n="3454"/><p><span>labhair aon duine den triúr go ceann i bhfad ach iad ag</span> <lb n="3455"/><span>tarrac leo go fada breá réidh. Annsan chonnaic athair</span> <lb n="3456"/><span>Mhicilín rud éigin sa bhfairrge.</span></p> <lb n="3457"/> <lb n="3458"/><p><span>"Ab'in tóithín laistigh dínn?" ar seisean. Do stad</span> <lb n="3459"/><span>an rámh'íocht. I gcionn tamaill labhair Tadhg Óg.</span></p> <lb n="3460"/> <lb n="3461"/><p><span>"Tá scol aca ann. Soir atáid siad ag gabhailt. Ní</span> <lb n="3462"/><span>haon drochchómhartha ar iasc iad a bheith ann."</span></p> <lb n="3463"/> <lb n="3464"/><p><span>Thabharfainn an saoghal ar chead a bheith agam éirighe</span> <lb n="3465"/><span>chun na muca mara dh'fheiscint, ach cheapas, am baic! go</span> <lb n="3466"/><span>mb'fhearr mo cheann a choimeád go híseal tamall eile.</span></p> <lb n="3467"/> <lb n="3468"/><p><span>Bhíodar annsan ag cainnt ar an ndíobháil a dheinid na</span> <lb n="3469"/><span>muca mara agus na cránta mara dos na líontaí agus</span> <lb n="3470"/><span>an tslí ithid na madraí éisc agus na cailleacha breaca an</span> <lb n="3471"/><span>t-iasc as an líon. Dubhairt athair Mhicilín go raibh trí</span> <lb n="3472"/><span>mhíle gabhar insna líonta aca maidin amháin agus go raibh</span> <lb n="3473"/><span>greim bainte as gach aon cheann riamh aca age sna madraí.</span> <lb n="3474"/><span>Ní dócha gur thugadar féin fé ndeara i n-ao' chor é, ach</span> <lb n="3475"/><span>ní raibh aon chainnt aca ach ar choileacha breaca agus ar</span> <lb n="3476"/><span>ghabhraibh agus ar mhucaibh agus ar ainmhidhthe eile. Nach ait</span> <lb n="3477"/><span>go bhfuil gach aon ainmhidhe riamh aca sa bhfairrge.</span></p> <lb n="3478"/> <lb n="3479"/><p><span>Bhíos faid gach 'nfhaid fén seól agus sa deire ní</span> <lb n="3480"/><span>fhéadfainn foidhneamh a thuille agus chuireas amach mo</span> <lb n="3481"/><span>cheann. Bhí sé nach mór dorcha. Bhí drom an trír liom</span> <lb n="3482"/><span>agus b'é Donncha Pheig ba ghiorra dhom. Bhíodar ag</span> <lb n="3483"/><span>tarrac leo 's ag cainnt. Athair Mhicilín a bhí 'á innsint</span> <lb n="3484"/><span>conus mar bhí Tadhg Mór ar meisge oidhche aonaigh agus</span> <lb n="3485"/><span>dhírigh sé ar mhuinntir a thighe a léasadh. Do theich a bhean</span> <lb n="3486"/><span>agus is i dtigh a máthar a chaith sí an oidhche. "Agus an</span> <lb n="3487"/><span>d - l, a' dtuigeann tú leat me? bhí muinntir na mná</span> <lb n="3488"/><span>ar buile agus theastuigh uatha ná raghadh sí thar n-ais chuige,</span> <lb n="3489"/><span>ach tháinig sé leasmuich de dhoras aca le píce agus</span> <lb n="3490"/><span>d'fhógair sé dhóibh a bhean a chur amach chuige, agus</span> <lb n="3491"/><span>chuireadar-umhal go leór!"</span></p> <lb n="3492"/> <lb n="3493"/><p><span>"Mhuise mo ghraidhn í, an bhean bhocht!" arsa Donncha.</span> <lb n="3494"/><span>"Ní maoidhte a saoghal uirthi nuair a bhíonn aon bhraon</span> <lb n="3495"/><span>istigh ag an bhfear mór." Tharraing Donncha cúig bhuille</span> <lb n="3496"/><span>eile sarar labhair sé arís. Annsan: "Ní fheicim-se aon</span></p> </div> <pb n="95"/> <div><lb n="3497"/><p><span>bhean a bheadh maith a dhóthain do-súd ach Máire Thaidhg.</span> <lb n="3498"/><span>Sé an scrupall nach í atá pósta leis. Deirim-se leat</span> <lb n="3499"/><span>go ndíreochadh sí sin Tadhg."</span></p> <lb n="3500"/> <lb n="3501"/><p><span>"Ní fheadar an ndéanfadh," arsa Tadhg Óg.</span></p> <lb n="3502"/> <lb n="3503"/><p><span>"Um, bó, sí dhéanfadh," arsa Donncha agus do tharraing</span> <lb n="3504"/><span>sé cúpla buille láidir. "Níl aon teora léi sin, a dhuine.</span> <lb n="3505"/><span>An feairín bocht lághach san atá aici-ná fuil a chroidhe 's</span> <lb n="3506"/><span>a mhisneach briste sa duine bocht."</span></p> <lb n="3507"/> <lb n="3508"/><p><span>Tháinig olc orm féin ón gcainnt sin. Pé rud a</span> <lb n="3509"/><span>thuitfeadh amach eadrainn féin sa bhaile ní leigfinn d'aonne</span> <lb n="3510"/><span>Mam ná Daid do cháineadh. D'éirigheas amach ón seól.</span></p> <lb n="3511"/> <lb n="3512"/><p><span>"Ó 'ra, nach fada go dtachtann a' t-éitheach tu!" arsa</span> <lb n="3513"/><span>mis'. "Tá Daid … "</span></p> <lb n="3514"/> <lb n="3515"/><p><span>Bhíos chun a rádh go raibh Daid gan aon bheann aige</span> <lb n="3516"/><span>ar mo mháthair, ach, a mhic ó! níor chríochnuigheas an chainnt</span> <lb n="3517"/><span>ó shin. Bhuel! mara mbeadh agat ach aon gháire amháin</span> <lb n="3518"/><span>chaithfeá é dhéanamh fé Dhonncha Pheig. Thuit an dá mhaide</span> <lb n="3519"/><span>rámha uaidh agus chuir sé béic as.</span></p> <lb n="3520"/> <lb n="3521"/><p><span>"I gcúntas Dé na bhfeart!" ar seisean, agus annsan</span> <lb n="3522"/><span>chaith sé é féin ar bhior a chinn siar fén dtochta go raibh</span> <lb n="3523"/><span>athair Mhicilín 'na shuidhe uirthi. Stad an bheirt eile, leis,</span> <lb n="3524"/><span>den rámh'íocht. Bhain athair Mhicilín fíor na croise dhe</span> <lb n="3525"/><span>féin, agus d'éirigh Tadhg Óg i ndeire na naomhóige agus</span> <lb n="3526"/><span>d'iompuigh aniar féachaint cad é an murdal a bhí ar</span> <lb n="3527"/><span>siubhal i dtosach na naomhóige. Nuair a chonnaic sé mise</span> <lb n="3528"/><span>chuir sé sgarta gáire as. "Seadh, go bhfaghad bás den</span> <lb n="3529"/><span>dtart," ar seisean, "marab é Jimín féin atá ann."</span></p> <lb n="3530"/> <lb n="3531"/><p><span>Chaith athair Mhicilín a hata i dtóin na naomhóige.</span></p> <lb n="3532"/> <lb n="3533"/><p><span>"Bhuel, d'imigh a' dial ar sin!" ar seisean.</span></p> <lb n="3534"/> <lb n="3535"/><p><span>Ara, a dhuine, bhí anaspórt againn agus an naomhóg</span> <lb n="3536"/><span>'na stad amuich i lár na fairrge. Bhí Donncha Pheig</span> <lb n="3537"/><span>anadhúr, agus nuair a bhíodar ag déanamh comhairle le</span> <lb n="3538"/><span>chéile féachaint cad ab' fhearr a dhéanamh liom dubhairt</span> <lb n="3539"/><span>sé gur mhór an suaimhneas ar dhaoine é dá ndeintí cloch</span> <lb n="3540"/><span>a chur lem' mhuineál agus me chaitheamh go tóin puill, mar</span> <lb n="3541"/><span>go raibh an diabhal am' phriocadh gach aon lá dhen mbliain.</span> <lb n="3542"/><span>Dubhairt athair Mhicilín ná bainfeadh Aristeaitil aon cheart</span> <lb n="3543"/><span>díom.</span> <lb n="3544"/></p> </div> <pb n="96"/> <div><lb n="3545"/><p><span>Bhíodar tamall maith ag argóint im' thaobh, agus sé an</span> <lb n="3546"/><span>socrú a dheineadar sa deire ná me a choimeád sa naomhóig</span> <lb n="3547"/><span>n-éinfheacht leo go maidin, cé go raibh Donncha Pheig 'á</span> <lb n="3548"/><span>rádh 'feadh na haimsire gur cheart me chur abhaile, mar dá</span> <lb n="3549"/><span>n-imigheadh aon ní orm go mbeadh mo mháthair 'á dtabhairt</span> <lb n="3550"/><span>féin chun cúntais.</span></p> <lb n="3551"/> <lb n="3552"/><p><span>Ghluaiseamair arís, agus i gceann leath-uair an chluig</span> <lb n="3553"/><span>nó mar sin, thánamair go dtí áit an iascaigh. D'éirigh an</span> <lb n="3554"/><span>bheirt thiar as an rámh'íocht agus chromadar ar an líon a</span> <lb n="3555"/><span>chaitheamh amach-duine aca ar na cuirc agus an fear eile</span> <lb n="3556"/><span>ar na clocha. Bhí Donncha Pheig ag ainnliú na naomhóige</span> <lb n="3557"/><span>agus mé féin ag féachaint ar an obair. Mheasas nuair</span> <lb n="3558"/><span>bhí na líonta amuich go bhfágfaí mar sin iad go maidin</span> <lb n="3559"/><span>agus go bhfanfaimís feadh na hoidhche os a gcionn; ach 'na</span> <lb n="3560"/><span>ionad san do tarraingeadh gach aon uair a' chluig iad, go</span> <lb n="3561"/><span>dtí 'na cúig a chlog ar maidin.</span></p> <lb n="3562"/> <lb n="3563"/><p><span>Is iongantach an rud an fhairrge istoidhche. Bhí an</span> <lb n="3564"/><span>oidhche anadhorcha againn, agus ní fheicfeá dhen dtalamh ach</span> <lb n="3565"/><span>rud mór dubh go gcloisfeá an tonn ag briseadh i gcoinnibh</span> <lb n="3566"/><span>na gcloch ag á bhun. Nuair a bhíonn an dorchadas ann</span> <lb n="3567"/><span>bíonn solus greannúr sa tsáile. Cheapas go raibh an líon</span> <lb n="3568"/><span>ar lasadh nuair bhíodar 'á tharrac isteach. "Béirneáil"</span> <lb n="3569"/><span>a thug Tadhg Óg ar an solus. Rugas air, féachaint a' raibh</span> <lb n="3570"/><span>sé te, ach ní raibh.</span></p> <lb n="3571"/> <lb n="3572"/><p><span>An chéad uair a tharraingeamair na líonta ní raibh</span> <lb n="3573"/><span>ionnta ach tiompall leathchéad mairciréal. D'aistríomair</span> <lb n="3574"/><span>go dtí áit eile annsan agus thugamair cor eile. An dara</span> <lb n="3575"/><span>tarraing ní raibh ach trí mhairciréil ionnta agus madra éisc.</span> <lb n="3576"/><span>Nuair bhí an madra istigh i dtóin na naomhóige againn bhí</span> <lb n="3577"/><span>gach aon sceamh aige go dtabharfá an leabhar gur gadhar</span> <lb n="3578"/><span>a bhí ann. Bhain athair Mhicilín an t-eirball de le scian</span> <lb n="3579"/><span>agus do chaith sé i bhfairrge arís é.</span></p> <lb n="3580"/> <lb n="3581"/><p><span>"B'fhéidir go múinfeadh san ciall do roinnt éigin aca</span> <lb n="3582"/><span>gan teacht 'ár ngoire," ar seisean.</span></p> <lb n="3583"/> <lb n="3584"/><p><span>Go dtí a ceathair a chlog ar maidin níor bhuail aon</span> <lb n="3585"/><span>ní fónta linn. Bhíomair ag druidim leis an mbaile</span> <lb n="3586"/><span>gcomhnaidhe. Ar a ceathair dubhradar go dtabharfaidís</span></p> </div> <pb n="97"/> <div><lb n="3587"/><p><span>cor eile, agus go n-éireóchaidís as annsan. Bhí an lá</span> <lb n="3588"/><span>ann an uair chéadna. An chéad líon a tugadh isteach bhí</span> <lb n="3589"/><span>foth bhreac ann. Bhíodar ag dul i dtiugha amach go dtí</span> <lb n="3590"/><span>n-a dheire. Fé mar bhí an líon ag teacht isteach bhíodar</span> <lb n="3591"/><span>ag piocadh an éisc as, ach, dar fia, nuair a tháinig an tarna</span> <lb n="3592"/><span>líon níor bhacamair le haon phiocadh ach líon agus iasc</span> <lb n="3593"/><span>agus uile a chaitheamh isteach sa naomhóig. I n-áiteanna</span> <lb n="3594"/><span>den líon bhí mairciréil ar gach aon mhogal, dar leat. Bhí</span> <lb n="3595"/><span>oiread san éisc ann gur shúncáil na líonta síos agus bhí</span> <lb n="3596"/><span>saothar ar na fearaibh d'iarraidh iad a tharrang aníos agus</span> <lb n="3597"/><span>leathcheann ar an naomhóig. Ó! bhí obair mhór orainn, ach,</span> <lb n="3598"/><span>ráinig linn sa deire iad go léir a thógaint isteach. Bhí</span> <lb n="3599"/><span>ualach sa naomhóig, adeirim leat, agus bhí a faobhar síos</span> <lb n="3600"/><span>i ngiorracht sé n-órlach den uisge.</span></p> <lb n="3601"/> <lb n="3602"/><p><span>Bhí iasc agus líonta ó n-a tosach go dtí n-a deire</span> <lb n="3603"/><span>agus anáirde ar na tochtaí agus sinne 'nár suidhe anuas</span> <lb n="3604"/><span>ortha. Dubhairt Tadhg Óg gur dócha go raibh trí mhíle éisc</span> <lb n="3605"/><span>againn. Bhí Donncha Pheig féin sásta, agus dhein sé gáire</span> <lb n="3606"/><span>-an chéad gháire ón uair a bhaineas-sa an phreab as. Ach</span> <lb n="3607"/><span>dá fheabhas a bhí an sgéal ní fhéadfadh sé gan cnáimhseán</span> <lb n="3608"/><span>éigin a dhéanamh. Bhíodh sé ag eascainí ar na madraí</span> <lb n="3609"/><span>nuair a chíodh sé aon mhairciréal agus greim bainte as a</span> <lb n="3610"/><span>dhrom ag ceann aca. Ní fhéadfadh duine é dhéanamh n</span> <lb n="3611"/><span>b'fhearr le sciain.</span></p> <lb n="3612"/> <lb n="3613"/><p><span>Thugamair aghaidh ar an mbaile annsan agus gan aon</span> <lb n="3614"/><span>anashiubhal fúinn toisc méid an ualaigh. Ba mhaith an</span> <lb n="3615"/><span>scéal go raibh an uain chomh breá is a bhí. Dá mbeadh aon</span> <lb n="3616"/><span>bhorradh ann bheimís báithte, ach bhíomair ag cur dínn, agus</span> <lb n="3617"/><span>i gcionn tamaill mhaith bhaineamair ár gcuas féin amach,</span> <lb n="3618"/><span>fé bhun na dtighthe.</span></p> <lb n="3619"/> <lb n="3620"/><p><span>Ach fan bog, áfach, go 'neosaidh mé conus a bhí an scéal</span> <lb n="3621"/><span>sa bhaile im' dhiaidh ar feadh na hoidhche. Cáit d'innis</span> <lb n="3622"/><span>domh-sa é faid a bhí Mam ag crú na mbó an tráthnóna</span> <lb n="3623"/><span>san agus mise fé ghlas ins an tseomra im' phríosúnach.</span> <lb n="3624"/><span>Trí pholl na heochrach a bhí Cáit ag cainnt liom.</span></p> <lb n="3625"/> <lb n="3626"/><p><span>Do réir deá'raimh nuair a bhí Mam ag glaodhach orm-sa</span> <lb n="3627"/><span>chun dul d'iarraidh na mbó agus ná fuair sí aon tor' ní</span></p> </div> <pb n="98"/> <div><lb n="3628"/><p><span>mór an nath a chuir sí ann. Ba mhinic, slán beó sinn, ná</span> <lb n="3629"/><span>faghadh sí tor' uaim-se. Ghlaoidh sí cúpla uair eile, leis,</span> <lb n="3630"/><span>orm, ach ní rabhas-sa i mbun freagartha. Ní tháinig aon</span> <lb n="3631"/><span>ana-imshníomh uirthi go dtí n-a deich a chlog nuair ba cheart</span> <lb n="3632"/><span>domh-sa bheith sa bhaile nó am chodla. Nuair ná rabhas</span> <lb n="3633"/><span>tagaithe chuir sí mo thuairisc ar Cháit agus ar Dhaid, ach</span> <lb n="3634"/><span>bhíodar-san dall ar cá rabhas. Chuir sí Daid go tigh Mháire</span> <lb n="3635"/><span>Aindí féachaint an annsan a bheinn. Nuair a tháinig sé</span> <lb n="3636"/><span>gan me chuadar araon go dtí gach aon tigh ar an mbaile,</span> <lb n="3637"/><span>agus nuair ná fuair sí mo thuairisc i n-aon áit d'éirigh a</span> <lb n="3638"/><span>croidhe uirthi. Ruaigeadh as an leabaidh gach aon bhuachaill</span> <lb n="3639"/><span>ar an mbaile agus ceistigheadh iad. Cuarduigheadh tighthe</span> <lb n="3640"/><span>bó agus stáblaí agus iothalaintí ar mo lorg; ach an riach</span> <lb n="3641"/><span>pioc de thuairisc Jimín a bhí i n-aon áit. Tiomáineadh</span> <lb n="3642"/><span>Daid leis an gcapall go tigh m'aintín cúig míle ó bhaile,</span> <lb n="3643"/><span>féachaint le h-aon tseans gur annsan a bheinn imithe.</span> <lb n="3644"/><span>Bhailibh mná an bhaile tiompall ar Mham agus bhíodar a</span> <lb n="3645"/><span>rádh léi gan aon bhuairt a bheith uirthi, nách aon drochrud</span> <lb n="3646"/><span>a bhí imithe orm, agus go mbeinn chúichi lá'r na mháireach</span> <lb n="3647"/><span>go seabhrach. Gach 'ra tocht uaignis agus feirge thagadh</span> <lb n="3648"/><span>ar Mham. Bhí sí 'á rádh gur dócha go raibh deire le n-a</span> <lb n="3649"/><span>buachaillín bocht gan chiall an bobhta so, agus gur dócha</span> <lb n="3650"/><span>gurbh é crích a bhí i ndán do é, mar ón lá tháinig siubhal</span> <lb n="3651"/><span>na slí ann nár scar an míádh riamh leis ná an t-imshníomh</span> <lb n="3652"/><span>léi féin. Dubhairt Cáit ná feaca sí riamh oiread droch-</span> <lb n="3653"/><span>mhisnigh ar Mham.</span></p> <lb n="3654"/> <lb n="3655"/><p><span>D'imigheadh an tocht sin de Mham i gcionn tamaill</span> <lb n="3656"/><span>agus thagadh tocht eile uirthi. Deireadh sí go raibh a croidhe</span> <lb n="3657"/><span>scólta agam agus nuair a gheobhadh sí greim orm go</span> <lb n="3658"/><span>ndíolfainn as. Cad é an crann a bhí uirthi féin anuas</span> <lb n="3659"/><span>go mbeadh a leithéid de mhac aici ná raibh fé mar bheadh</span> <lb n="3660"/><span>aon bhuachaill eile ar an mbaile? Níorbh aon rud léi</span> <lb n="3661"/><span>garsún a bheith crostáltha uair umá seach, ach nach mar sin</span> <lb n="3662"/><span>a bhí ag a mac féin ach ná rug aon lá gréine riamh air ná</span> <lb n="3663"/><span>beadh a croidhe 'na béal aici, nó náire uirthi i láthair na</span> <lb n="3664"/><span>gcomharsan, ag cuirbtheacht nó ag dí céille éigin a bheadh</span> <lb n="3665"/><span>ar siubhal agam. Ach fan go bhfaghadh sí féin fé n-a</span> <lb n="3666"/><span>hiongain arís me … !</span> <lb n="3667"/></p> </div> <pb n="99"/> <div><lb n="3668"/><p><span>Bhí Máire Aindí agus máthair Mhicilín 'á cómhairliú</span> <lb n="3669"/><span>teacht ar an dtaobh socair den scéal agus gan a bheith 'á</span> <lb n="3670"/><span>cur féin chun tinnis im' thaobh. "Bhíomair go léir óg 's</span> <lb n="3671"/><span>gan chiall," arsa Máire Aindí, "agus cé mór do Jimín</span> <lb n="3672"/><span>bocht tamall a bhaint as. Ní beag do a luaithe a mhúinfidh</span> <lb n="3673"/><span>an saoghal do gur chun cruatain a rugadh sinn."</span></p> <lb n="3674"/> <lb n="3675"/><p><span>Le n-a linn sin tháinig Daid ó thigh m'aintín agus allus</span> <lb n="3676"/><span>ar an gcapall aige. Nuair a chualadar ná rabhas i dtigh</span> <lb n="3677"/><span>m'aintín thuit an lug ar a' lag aca. Níor fhan aon chainnt</span> <lb n="3678"/><span>ag na mnáibh a bhí fara Mam. Is amhlaidh a bhídís as san</span> <lb n="3679"/><span>amach, 'na ngasraí ag cogarnaigh ag bínn a' tighe nó i dtighthibh</span> <lb n="3680"/><span>na gcomharsan. Nuair a bhí an lá ag breacadh chuadar</span> <lb n="3681"/><span>'na dtriúraibh 's 'na gceathraraibh am' lorg ar fuaid na</span> <lb n="3682"/><span>bpáirceanna agus cois na gcladhthach. Chuadar barra na</span> <lb n="3683"/><span>bhfaillte siar, leis, agus iad ag iniuchadh síos agus eagla</span> <lb n="3684"/><span>ortha go bhfeicfidís Jimín bocht smiodartha thíos ar na</span> <lb n="3685"/><span>clocha. Thánadar ar bharra an chuasa agus bhíodar ag</span> <lb n="3686"/><span>féachaint síos tríd an uisge go bhfeicidís mo chorp</span> <lb n="3687"/><span>ameasc na feamnaighe thíos ar an ngainnimh. Ní fheacadar,</span> <lb n="3688"/><span>ar ndó.</span></p> <lb n="3689"/> <lb n="3690"/><p><span>Níor fhan aon chainnt ag aonne ar an mbaile 'na dhiaidh</span> <lb n="3691"/><span>san. Bhí gach aonne ag imtheacht go ciúin agus aonne a</span> <lb n="3692"/><span>labhradh is ag cogarnaigh a bhíodh sé. Tháinig Mam isteach</span> <lb n="3693"/><span>abhaile agus shuidh sí ar an raca agus ní fhéadfadh aonne</span> <lb n="3694"/><span>focal a bhaint aisti.</span></p> <lb n="3695"/> <lb n="3696"/><p><span>Mar sin a bhí go dtí ag déanamh amach ar a leath-uair</span> <lb n="3697"/><span>tar éis a cúig. Bhí Tadhg Mór ar an gclaidhe agus ráinig</span> <lb n="3698"/><span>leis naomhóg d'fheiscint ag déanamh ar an gcuas. Ní mór</span> <lb n="3699"/><span>an tsuim a chuir sé sa scéal ar dtús go dtí gur tugadh</span> <lb n="3700"/><span>casadh éigin den naomhóig. Annsan thug Tadhg léim as a</span> <lb n="3701"/><span>chorp agus do ghlaoidh sé ar an gcuid eile.</span></p> <lb n="3702"/> <lb n="3703"/><p><span>"Féachaidh an naomhóg san," ar seisean. "Tá duine</span> <lb n="3704"/><span>farra n-a ceart innti." Ach, toisc go raibh an naomhóg</span> <lb n="3705"/><span>dírithe ar an gcuas arís, bhíodar i bhfad go raibh deimhniú</span> <lb n="3706"/><span>scéil Thaidhg Mhóir aca. Annsan baineadh casadh eile as</span> <lb n="3707"/><span>an naomhóig agus chonnacadar go léir an ceathrar. Sin</span> <lb n="3708"/><span>é an uair a tháinig a gcainnt dóibh - gach aonne ag cainnt</span></p> </div> <pb n="100"/> <div><lb n="3709"/><p><span>agus gan aonne ag éisteacht leis an dtarna duine ach 'á</span> <lb n="3710"/><span>chur i n-iúl go raibh 'ios aca féin go maith cá rabhas ach</span> <lb n="3711"/><span>nár mhaith leo aonní a rádh.</span></p> <lb n="3712"/> <lb n="3713"/><p><span>Rith duin' éigin isteach go dtí Mam agus d'innis an</span> <lb n="3714"/><span>scéal di. Am briathar go dtáinig sí chúichi féin, a bhuachaill.</span> <lb n="3715"/><span>Siúd léi amach go dtí an claidhe, agus níor chorruigh sí</span> <lb n="3716"/><span>ná níor bhog a súil den naomhóig gur ghaibh sí béal an</span> <lb n="3717"/><span>chuasa isteach. Annsan ghluais sí síos go dtí leac a' bháid</span> <lb n="3718"/><span>agus fadhairt 'na súil. Do lean an baile go léir í.</span></p> <lb n="3719"/> <lb n="3720"/><p><span>Do chomhairligh Tadhg Óg domh-sa, sara dtánamair 'on</span> <lb n="3721"/><span>chuas, dosaon de stracairí agus de mhairciréil slána do</span> <lb n="3722"/><span>chur ar chórda agus iad a bhreith go dtí Mam mar bhreab</span> <lb n="3723"/><span>síochána. Thuigeas gur mhaith an chomhairle í agus bhí mo</span> <lb n="3724"/><span>stropa ullamh agam nuair a bhuaileamair taobh na lice.</span> <lb n="3725"/><span>Nuair a chonnacamair an baile go léir romhainn sa chuas</span> <lb n="3726"/><span>bhí iongantas orainn cad a thug ann iad; ach nuair a</span> <lb n="3727"/><span>chonnac féin Mam 'na seasamh ar an lic thuigeas go maith</span> <lb n="3728"/><span>cad a thug í. Níor thaithn a scéimh liom, agus ba bheag</span> <lb n="3729"/><span>liom mar chosaint na stracairí. Bhíos ag cur uaim, a</span> <lb n="3730"/><span>dhuine, ach phreabas as an naomhóig agus chuas fé n-a déin.</span> <lb n="3731"/><span>Do shíneas chúichi an stropa éisc agus me ar crith.</span></p> <lb n="3732"/> <lb n="3733"/><p><span>"Chughat féin a thugas iad, a Mhaimí," arsa mise; ach,</span> <lb n="3734"/><span>a mhic ó, oiread agus féachaint ní thug sí orm ach chomh beag</span> <lb n="3735"/><span>agus ná beadh ionam ach partán trágha. Mheasas go</span> <lb n="3736"/><span>raghainn síos tríd an dtalamh le náire mar bhí an baile</span> <lb n="3737"/><span>go léir ag féachaint orm. I n-ionad aon tor' a thabhairt</span> <lb n="3738"/><span>orm-sa dhírígh Mam ar lucht na naomhóige.</span></p> <lb n="3739"/> <lb n="3740"/><p><span>"Beó samhlófar sibh, a fheara," ar sise. "Is tuis-</span> <lb n="3741"/><span>ceannach agus is nádúrtha na comharsain sibh. Is maith an</span> <lb n="3742"/><span>aire a thugabhair go mbeadh m'aigne-se ar a suaineas feadh</span> <lb n="3743"/><span>na hoidhche aréir. Táim buidheach díbh, a fheara," ar sise,</span> <lb n="3744"/><span>"agus gan a fhaid sin de luighchán na bliana oraibh."</span></p> <lb n="3745"/> <lb n="3746"/><p><span>D'iompuigh sí de sguaib chun dul abhaile annsan.</span></p> <lb n="3747"/> <lb n="3748"/><p><span>Tháinig néal ar Dhonncha Pheig toisc bheith 'á dhaoradh is</span> <lb n="3749"/><span>gan é cionntach, agus phreab sé. Dá mbeadh oiread aithne</span> <lb n="3750"/><span>aige ar Mham agus bhí agam-sa d'fhanfadh sé 'na thost.</span> <lb n="3751"/><span>"Tá sclábhaidhe maith teangan age daoine áirithe" ar</span></p> </div> <pb n="101"/> <div><lb n="3752"/><p><span>seisean, "agus ní fearr leo díomhaoin í, rogha aca ceart</span> <lb n="3753"/><span>nó mícheart a bheith aca. Ach bíodh a dial agat!" ar</span> <lb n="3754"/><span>seisean, "níl aon bheann agam-sa ort."</span></p> <lb n="3755"/> <lb n="3756"/><p><span>D'iompuigh Mam thar n-ais air. D'fhéach sí air ó n-a</span> <lb n="3757"/><span>hata síos agus annsan ó n-a bhróga suas. Bhí drochmheas</span> <lb n="3758"/><span>agus déistin sa bhféachaint sin agus sa gháire dhein sí 'na</span> <lb n="3759"/><span>diaidh. Ní mór adubhairt sí. "Seadh ndomhaintí!" ar</span> <lb n="3760"/><span>sise. "Donncha na h-aindeise is gan aon bheann aige ar</span> <lb n="3761"/><span>aonne!" agus do bhain sí crothadh as a ceann agus do</span> <lb n="3762"/><span>ghaibh suas abhaile agus mise roimpi amach agus mo stropa</span> <lb n="3763"/><span>éisc agam agus iad ag bualadh i gcoinnibh mo cholpaí,</span> <lb n="3764"/><span>agus mo chroidhe im' béal.</span></p> <lb n="3765"/> <lb n="3766"/><p><span>Ní 'neosad an chuid eile de scéal na maidne sin duit</span> <lb n="3767"/><span>- ba shearbh liom trácht air; ach nuair a bhí sé go léir i</span> <lb n="3768"/><span>leathtaoibh bhí sé socair im' aigne agam-sa nár mhaith an</span> <lb n="3769"/><span>chiall dom dul ag iascach arís gan a innsint do Mham</span> <lb n="3770"/><span>roim ré. Ciall cheannaigh a bhí agam. Ach sin é an dáltha</span> <lb n="3771"/><span>agam-sa i gcomhnaidhe é. Ní bhíonn ciall roim ré choidhche</span> <lb n="3772"/><span>agam.</span> <lb n="3773"/></p> </div> <pb n="102"/> <div><lb n="3774"/><p><span>CAIBIDIOL XV</span></p> <lb n="3775"/> <lb n="3776"/><p><span>MAR DO-CHUAIDH JIMÍN LE SAGARTÓIREACHT</span></p> <lb n="3777"/> <lb n="3778"/><p><span>Bhí Mam ar feadh coigthíse agus ní fhéadfainn a dhéanamh</span> <lb n="3779"/><span>amach cad a bhí ag gabháil di. Ag machtnamh a bhíodh sí,</span> <lb n="3780"/><span>tá's agat, agus stadadh sí uaireannta i lár a cuid gnótha</span> <lb n="3781"/><span>agus bhíodh sí ag smaoineamh. Annsan uaireannta eile</span> <lb n="3782"/><span>chínn ag cainnt le Daid í ach ní bhíodh 'á rádh age Daid</span> <lb n="3783"/><span>ach - "Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr fhios, a</span> <lb n="3784"/><span>chroidhe." D'iarras ar Cháit faire a dhéanamh ar Mham</span> <lb n="3785"/><span>féachaint cad a bhí ar siubhal aici ach níl aon mhaith i gCáit</span> <lb n="3786"/><span>chun spiaireachta agus b'éigean dom plean eile a tharrac</span> <lb n="3787"/><span>chugham.</span></p> <lb n="3788"/> <lb n="3789"/><p><span>Nuair cuireadh a chodla me oidhche chuas isteach 'on</span> <lb n="3790"/><span>leabaidh tamall, ach annsan nuair a bhí mo mháthair agus</span> <lb n="3791"/><span>Daid cois na teine sa chistin d'éaluigheas isteach i seomra</span> <lb n="3792"/><span>na beirte aca agus chuas laistigh de chlóca mhór mo mháthar</span> <lb n="3793"/><span>a bhí ar crochadh ar an bhfalla agus d'fhanas leo go</span> <lb n="3794"/><span>dtagaidís 'on tseomra. Tá's agat, bíonn siad go</span> <lb n="3795"/><span>minic ag cainnt nuair a théighid siad 'on tseomra.</span></p> <lb n="3796"/> <lb n="3797"/><p><span>Ach ar mh'anam go raibh feitheamh fada ar chosa laga</span> <lb n="3798"/><span>agam mar chaitheadar an oidhche ag cadráil cois na teine'</span> <lb n="3799"/><span>agus na glúine ag lúbarnaigh agam-sa. Ach fuaireas</span> <lb n="3800"/><span>luach na foidhne sa deire mar chuir Daid an madra an</span> <lb n="3801"/><span>doras amach agus chuir sé an bollta sa doras agus</span> <lb n="3802"/><span>tháinig sé féin agus Mam go dtí an seomra. Do leanadar</span> <lb n="3803"/><span>den chainnt a bhí ar siubhal thíos aca nuair thánadar 'on</span> <lb n="3804"/><span>tseomra:</span></p> <lb n="3805"/> <lb n="3806"/><p><span>"Caillfimíd mála airgid leis ach níl dul as is dócha,"</span> <lb n="3807"/><span>arsa Mam.</span></p> <lb n="3808"/> <lb n="3809"/><p><span>"Seadh, agus b'fhéidir gur abhaile arís chughainn a cuirfí</span> <lb n="3810"/><span>é mar ná féadfaidh sé é féin d'úmpar," arsa Daid.</span> <lb n="3811"/></p> </div> <pb n="103"/> <div><lb n="3812"/><p><span>Níor thaithn san le Mam.</span></p> <lb n="3813"/> <lb n="3814"/><p><span>"Má tá droch-úmpar ann ní ó n-a mháthair a thug sé é,"</span> <lb n="3815"/><span>ar sise.</span></p> <lb n="3816"/> <lb n="3817"/><p><span>Do bhain m'athair crothadh as a cheann le mí-mhisneach:</span> <lb n="3818"/><span>"Och mhuise," ar seisean, "sé an seanphort céadna i</span> <lb n="3819"/><span>gcomhnaidhe agat é."</span></p> <lb n="3820"/> <lb n="3821"/><p><span>Thuigeas féin ós na bréithre sin gur don mac so a</span> <lb n="3822"/><span>bhítheas ag tagairt. Sin é uair d'éirigh an sot go léir</span> <lb n="3823"/><span>orm chun feasa dh'fhagháil cá rabhthas am' chur agus conus</span> <lb n="3824"/><span>a bhítheas chun an mála airgid sin a chaitheamh liom. Tar</span> <lb n="3825"/><span>éis tamaill tháinig an bheirt aca chun bladair arís.</span></p> <lb n="3826"/> <lb n="3827"/><p><span>"Bainfidh sé deich mbliana dho sar a mbeidh sé 'na</span> <lb n="3828"/><span>shagart," arsa Mam.</span></p> <lb n="3829"/> <lb n="3830"/><p><span>Ní mor ná gur thuiteas féin i láthair mo chos nuair a</span> <lb n="3831"/><span>chuala an méid sin, a dhuine. Mise im' shagart! Chuir</span> <lb n="3832"/><span>an scéal mearathal orm agus ní mór ná gur scéidheas</span> <lb n="3833"/><span>orm féin laistiar den chlóca.</span></p> <lb n="3834"/> <lb n="3835"/><p><span>"Arú," arsa m'athair, "b'fhearr liom é chur le céird</span> <lb n="3836"/><span>éigin eile. Bíonn siad 'na seanduiní anois sara dtugtar</span> <lb n="3837"/><span>paróiste dhóibh." Ach thug Mam fé arís agus dubhairt sí</span> <lb n="3838"/><span>nach chun airgid ná saidhbhreasa a dhéanfadh sí sagart d'á</span> <lb n="3839"/><span>mac féin ach chun seirbhíse Dé. D'éist Daid tamall, am</span> <lb n="3840"/><span>baic, tar éis an méid sin. Annsan ar seisean:</span></p> <lb n="3841"/> <lb n="3842"/><p><span>"Cé dhéanfaidh an treabhadh agus an fuirse nuair a</span> <lb n="3843"/><span>bhuailfidh an t-aos mise?"</span></p> <lb n="3844"/> <lb n="3845"/><p><span>"Nár leigidh Dia go mbuailfeadh mhuise, laige ná aos</span> <lb n="3846"/><span>tusa, a dhaltha!" arsa Mam. Ón nglór a bhí 'na guth</span> <lb n="3847"/><span>thuigeas gur searbhas a bhí ar siubhal aici. "Ach ná bíodh</span> <lb n="3848"/><span>eagla ort," ar sise, "gheobhad-sa cliain isteach duit-se a</span> <lb n="3849"/><span>raghaidh i mbun seisrighe dhuit."</span></p> <lb n="3850"/> <lb n="3851"/><p><span>"Uf," arsa Daid, agus d'umpuigh sé ar a chliathán</span> <lb n="3852"/><span>agus thuit a chodla air.</span></p> <lb n="3853"/> <lb n="3854"/><p><span>Bhí Mam uair a chluig sarar thuit aon néal uirthi agus</span> <lb n="3855"/><span>deirim-se leat go raibh na cosa fuar go maith agam-sa</span> <lb n="3856"/><span>sarar fhéadas éalú as a' tseomra.</span></p> <lb n="3857"/> <lb n="3858"/><p><span>Ar maidin nuair a chonnac Cáit: "Bead-sa im'</span> <lb n="3859"/><span>shagart," arsa mise.</span> <lb n="3860"/></p> </div> <pb n="104"/> <div><lb n="3861"/><p><span>Do gháir Cáit. "Ní bheir, a mhuise," ar sise, "ach</span> <lb n="3862"/><span>bead-sa im' mhnaoi rialta."</span></p> <lb n="3863"/> <lb n="3864"/><p><span>"Cuir uait im baisce!" arsa mise, "fanfair-se sa</span> <lb n="3865"/><span>tigh seo agus tabharfaidh Mam fámaire de chliain isteach</span> <lb n="3866"/><span>chun tú phósadh agus chun an treabhadh a dhéanamh do Dhaid.</span> <lb n="3867"/><span>Níl dul as agat - tá san socair id' chómhair age Mam."</span></p> <lb n="3868"/> <lb n="3869"/><p><span>Chrom an óinsín ar ghol agus cé chualaidh í ach Mam.</span></p> <lb n="3870"/> <lb n="3871"/><p><span>"Cad é seo anois ort?" ar sise.</span></p> <lb n="3872"/> <lb n="3873"/><p><span>"Bhu-hú!" arsa Cáit, "ní phósfad-sa aon chliain</span> <lb n="3874"/><span>isteach!"</span></p> <lb n="3875"/> <lb n="3876"/><p><span>D'fhéach Mam uirthi agus annsan d'fhéach sí orm-sa.</span> <lb n="3877"/><span>Cheapas féin, am baisc, gurbh fhearr rith maith ná droch-</span> <lb n="3878"/><span>sheasamh agus chuireas díom suas go tigh Mháire Aindí.</span></p> <lb n="3879"/> <lb n="3880"/><p><span>Máire agus Nell a bhí istigh.</span></p> <lb n="3881"/> <lb n="3882"/><p><span>"Ara, cad a thug chomh luath so ar maidin tu?" arsa Nell.</span></p> <lb n="3883"/> <lb n="3884"/><p><span>"Mam, dar fia! do chuir an rith orm," arsa mise,</span> <lb n="3885"/><span>"i dtaobh gur innseas do Cháit go rabhadar chun cliain</span> <lb n="3886"/><span>isteach a dh'fhagháil di."</span></p> <lb n="3887"/> <lb n="3888"/><p><span>"Arú, a bhligeáirdín, cad a chuir é sin id' cheann?"</span> <lb n="3889"/><span>arsa Máire Aindí.</span></p> <lb n="3890"/> <lb n="3891"/><p><span>Chuir sé sin olc orm féin.</span></p> <lb n="3892"/> <lb n="3893"/><p><span>"Ní haon bhligeárd me," arsa mise, "ach tá Mam</span> <lb n="3894"/><span>chun sagairt a dhéanamh díom agus beidh sibh go léir ag</span> <lb n="3895"/><span>tabhairt "Father James" orm annsan agus b'fhéidir ná</span> <lb n="3896"/><span>tabharfá bligeárd an uair sin orm."</span></p> <lb n="3897"/> <lb n="3898"/><p><span>"Mo ghrádh-sa Dia," arsa Máire, "ag magadh fúm</span> <lb n="3899"/><span>atánn tu."</span></p> <lb n="3900"/> <lb n="3901"/><p><span>"Níl aon fhocal éithigh ann," arsa mise, agus d'innseas</span> <lb n="3902"/><span>di gach aon ní. Níor fhágas aon ní istigh nár scaoileas</span> <lb n="3903"/><span>amach. Ní raibh leigheas agam air-ní fhanfadh an riach</span> <lb n="3904"/><span>ruda istigh. Sin é an locht mór atá orm-sa, tá's agat,</span> <lb n="3905"/><span>me bheith im' béal 'leith Éireann. Ní cheilim faic ar aonne</span> <lb n="3906"/><span>ach ar Mham; ach gheibheann sí sin fios ar mo ghnóthaí gan</span> <lb n="3907"/><span>mise 'á n-innsint i n-ao' chor di.</span></p> <lb n="3908"/> <lb n="3909"/><p><span>Ní túisce bhí mo bhotún déanta agam-sa ná bhí sé go</span> <lb n="3910"/><span>léir innste ar fuaid an bhaile. Ní raibh an oidhche ar</span> <lb n="3911"/><span>fónamh ann nuair ghaibh Máire Aind isteach go dtí Mam.</span></p> </div> <pb n="105"/> <div><lb n="3912"/><p><span>"Mhuise, go gcothuighidh Dia dhíbh é, an scéal maith," an</span> <lb n="3913"/><span>sise.</span></p> <lb n="3914"/> <lb n="3915"/><p><span>"Cad é an scéal?" arsa Mam.</span></p> <lb n="3916"/> <lb n="3917"/><p><span>"Jimín beag a bheith ag dul le sagartóireacht, bail ó</span> <lb n="3918"/><span>Dhia air," do ráidh Máire.</span></p> <lb n="3919"/> <lb n="3920"/><p><span>Baineadh anaphreab as Mam bocht. Níor fhan focal</span> <lb n="3921"/><span>aici. D'fhéach sí anall orm-sa agus mheasas nár fhan</span> <lb n="3922"/><span>oiread luiche ionnam leis an scannradh. Chonnac go raibh</span> <lb n="3923"/><span>sí go cráite dóite toisc an scéal a dhul amach roimré.</span> <lb n="3924"/><span>Níor mhaith liom í bheith ag féachaint orm agus d'imigheas</span> <lb n="3925"/><span>liom go maolchluasach go dtí an leabaidh agus gan é ach</span> <lb n="3926"/><span>a leathuair tar éis a seacht. Deirim-se leat ná rabhas</span> <lb n="3927"/><span>buidheach dem' theangain, mar cheapas siúrálta go bhfaghainn</span> <lb n="3928"/><span>búrdáil mhaith an oidhche sin. Ach ní fhuaireas, a dhuine.</span> <lb n="3929"/><span>Nuair a bhí Mam ag dul a chodla tháinig sí le coinnill</span> <lb n="3930"/><span>mar a rabhas-sa agus d'fhéach sí orm. Bhíos im' chnap</span> <lb n="3931"/><span>chodlata, a mhic ó, agus ná hosclochainn súil liom ar</span> <lb n="3932"/><span>mhíle púnt.</span></p> <lb n="3933"/> <lb n="3934"/><p><span>"Hum," ar sise, "codla an tradhna chughat-sa, a</span> <lb n="3935"/><span>bhuachaill," agus thuigeas go raibh drochamhras aici ar an</span> <lb n="3936"/><span>suan a bhí orm. D'imigh sí, áfach, agus thugas mo bhuidheachas</span> <lb n="3937"/><span>do Dhia a thug saor an uair sin me.</span></p> <lb n="3938"/> <lb n="3939"/><p><span>Bhí babhta bruighne agam féin is ag Micilín Eoin lá'r</span> <lb n="3940"/><span>na mháireach. Nuair a chonnaic sé chuige me, "Ara, féach</span> <lb n="3941"/><span>aníos "Father James"!" ar seisean. Tháinig beirithean</span> <lb n="3942"/><span>uilc orm chuige agus leanas suas 'on pháirc é agus</span> <lb n="3943"/><span>chuireas fuilshrón leis. B'fhéidir go múinfeadh san béasa</span> <lb n="3944"/><span>dho. Ach níor stop san an chuid eile den mbaile, mar</span> <lb n="3945"/><span>bhíodh an ainm ar siubhal aca go léir orm-mór mór ag</span> <lb n="3946"/><span>na scithirí gearrchaillí. Bhíos cráite aca, ach me féin fé</span> <lb n="3947"/><span>ndeara é a scaoil lem' theangain i láthair Mháire Aindí.</span></p> <lb n="3948"/> <lb n="3949"/><p><span>Ar feadh trí seachtaine 'na dhiaidh sin níor chuaidh stad</span> <lb n="3950"/><span>ar Mham ach ag ullmhú rudaí dhom. Thug sí trúnc nua ón</span> <lb n="3951"/><span>nDaingean chugham agus bhí seódh rudaí istigh ann. Bhí</span> <lb n="3952"/><span>léinteacha ann agus tubháilí agus cíor dom' chuid gruaige</span> <lb n="3953"/><span>agus máilín beag chun mo léine oidhche a chur isteach ann,</span> <lb n="3954"/><span>a dhuine. Bhí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí,</span></p> </div> <pb n="106"/> <div><lb n="3955"/><p><span>agus dhein an táiliúir dhá chulaith éadaigh dom. Fuaireas</span> <lb n="3956"/><span>dhá fheidhre gleoite bróg ná raibh aon tairnge ionnta ach</span> <lb n="3957"/><span>iad ag gíoscán nuair a shiubhluighinn.</span></p> <lb n="3958"/> <lb n="3959"/><p><span>Bhíos ag gabháil an bóthairín síos lá nuair a ghlaoidh</span> <lb n="3960"/><span>Tadhg Óg thar n-ais orm. "Cogar i leith, a Jimín," ar</span> <lb n="3961"/><span>seisean, "cad tá an dá bhróig sin a rádh le chéile?"</span></p> <lb n="3962"/> <lb n="3963"/><p><span>"Tin t'fhiarthaithe ar do sheanamháthair!" arsa mise.</span> <lb n="3964"/><span>Bhíos cráite aige ach níor dhein sé ach gáirí fúm. Is dóigh</span> <lb n="3965"/><span>leis go bhfuil sé anasmeartáltha.</span></p> <lb n="3966"/> <lb n="3967"/><p><span>Beidh mé ag imeacht amáireach agus do réir mar a</span> <lb n="3968"/><span>chloisim ní ró mhór an aga a bheidh agam chun a thuille</span> <lb n="3969"/><span>cúntaisí mar seo a scríobh. Is dócha go bhfuil an cruatan</span> <lb n="3970"/><span>rómham. Deir Mam liom go gcuirfear urchall annsúd</span> <lb n="3971"/><span>liom agus srian agus go mbead ag gol fós i ndiaidh mo</span> <lb n="3972"/><span>mháthar agus an tsaoghail bhreá a bhí agam uaithe. Dar</span> <lb n="3973"/><span>fia! má bhíonn siad níos cruaidhe orm ná mar bhí Mam</span> <lb n="3974"/><span>tá an riach buidhe go léir ortha. Ní ró mhaith atáim i n-ao'</span> <lb n="3975"/><span>chor istigh liom féin na laetheannta so agus ar dhá bhiorán</span> <lb n="3976"/><span>ní raghainn i n-ao' chor ann. Táim idir fonn is faitchíos,</span> <lb n="3977"/><span>a dhuine; ach tá beartaithe agam má bhíonn an scéal</span> <lb n="3978"/><span>ró dhian orm sa Choláiste ná fanfad aca, dar fia!</span></p> <lb n="3979"/> <lb n="3980"/><p><span>Tháinig Máire Aindí araer agus thug sí dá fheidhre</span> <lb n="3981"/><span>stocaí dhom. Thug Tadhg Óg is Nell bille púint dom.</span> <lb n="3982"/><span>Tháinig Micilín Eoin chugham ó chiainibh agus bhí saghas náire</span> <lb n="3983"/><span>air agus ní dubhairt sé aon ní go ceann tamaill. Annsan</span> <lb n="3984"/><span>thairrig sé scian as a phóca agus chuir sé im' aice ar an</span> <lb n="3985"/><span>mbórd í agus deora ó n-a shúile. Thug sé iarracht ar</span> <lb n="3986"/><span>rud éigin a rádh ach ní fhéadfadh leis an dtocht ghuil.</span> <lb n="3987"/><span>Annsan rith sé an doras amach uaim ag gol. Deir Cáit</span> <lb n="3988"/><span>go raibh Micilín anacheanúil orm-sa. Thugas an phíp</span> <lb n="3989"/><span>adhmaid a bhí i bhfolach sa stáca agam do Cháit chun é</span> <lb n="3990"/><span>thabhairt do Mhicilín amáireach.</span></p> <lb n="3991"/> <lb n="3992"/><p><span>Tá mo thrúnc pacálta sa chistin. An rud deireannach</span> <lb n="3993"/><span>a chuir Mam ann ná císte mór aráin go raibh rísíní ann.</span> <lb n="3994"/><span>Tá na comharsain ar fad sa chistin-is dócha gur mar</span> <lb n="3995"/><span>gheall orm-sa é. Thug a lán aca scillingí agus leath-</span> <lb n="3996"/><span>chorónacha dhom agus bhíodar go léir am' chomhairliú agus</span></p> </div> <pb n="107"/> <div><lb n="3997"/><p><span>am' mholadh. Tá Cáit ag gol ó tháinig an tráthnóna agus</span> <lb n="3998"/><span>níl focal as Daid. Nílim féin ar mo chúilín tseabhrach</span> <lb n="3999"/><span>ach chomh beag le duine. Níl aonne go ceart ach Mam.</span> <lb n="4000"/><span>Ní chorrochadh an saoghal í sin.</span></p> <lb n="4001"/> <lb n="4002"/><p><span>Táid siad go léir imithe abhaile agus dubhairt Mam</span> <lb n="4003"/><span>liom-sa dul a chodla. Nuair thána 'on tseomra lean sí</span> <lb n="4004"/><span>me agus bhí sí i bhfad am' chomhairliú. Annsan rug sí</span> <lb n="4005"/><span>barróg orm agus phóg sí me agus chonnac deora 'na</span> <lb n="4006"/><span>súile nuair d'imigh sí.</span></p> <lb n="4007"/> <lb n="4008"/><p><span>Ní mór go bhfeicim féin an páipéar so go bhfuilim ag</span> <lb n="4009"/><span>scríobh air le gach 'ra racht guil agus uaignis.</span></p> <lb n="4010"/> <lb n="4011"/><p><span>Caithfidh mé stad is dócha agus an peann a leigint ar</span> <lb n="4012"/><span>lár. Aon rud dár scríobhas mar gheall orm féin go dtí</span> <lb n="4013"/><span>so níor chuireas ann ach an fhírinne ghlan. Tá's agaibh</span> <lb n="4014"/><span>anois cad é an saghas mé. Dá mbeinn ar nós a lán</span> <lb n="4015"/><span>dem' aithne ní bheinn chomh béalscaoilteach i dtaobh mo</span> <lb n="4016"/><span>lochtaí féin, agus cheapfadh sibh annsan gur buachaill maith</span> <lb n="4017"/><span>me. Ach is cruaidh an scéal ar bhuachaill a bheith go</span> <lb n="4018"/><span>maith - mharbhochadh sé é tar éis aon tseachtaine amháin.</span> <lb n="4019"/><span>Dheininn-se mo dhícheall uaireannta me féin d'úmpar ach</span> <lb n="4020"/><span>chaithinn briseadh amach arís gan bhuidheachas dom. Tá gach</span> <lb n="4021"/><span>aonne chomh holc liom. Ní fheicim-se aonne go ceart ach</span> <lb n="4022"/><span>Mam.</span></p> <lb n="4023"/> <lb n="4024"/><p><span>Caithfead dul a chodla. Beannacht Dé agaibh go léir</span> <lb n="4025"/><span>agus má's fiú libh orm é iarraidh ar Dhia go gcuirfeadh</span> <lb n="4026"/><span>Sé Jimín Mháire Thaidhg ar a leas.</span></p> <lb n="4027"/> <lb n="4028"/><p><span>FINIS</span> <lb n="4029"/></p> </div> <pb n="108"/> <div><lb n="4030"/><p><span>SLÁN LE JIMÍN!</span></p> <lb n="4031"/> <lb n="4032"/><p><span>A Jimín, a dhalta, céad slán leat is beannacht,</span> <lb n="4033"/><span>In Iolscoil na sagart go mairir do cháil!</span> <lb n="4034"/><span>Ró ghairid linn d'fhanais led' ghasra 'nár bhfarra</span> <lb n="4035"/><span>'S é scaradh na gcarad sibh scaipthe chum fáin</span> <lb n="4036"/><span>Mam agus Daid bocht, is Cáit bheag gan ghanguid,</span> <lb n="4037"/><span>Tadhg Óg sheasadh ceart duit, is Nell thugadh gean,</span> <lb n="4038"/><span>Micilín do chara, Beit Mhór is Máir' Aindí -</span> <lb n="4039"/><span>Cad dhéanfaimíd feasta 'na n-éamuis ar fad?</span></p> <lb n="4040"/> <lb n="4041"/><p><span>I gceart-lár an mhaca ar leathchois fé mhairg,</span> <lb n="4042"/><span>Tá an ganndal 'na sheasamh go canntlach, díombách;</span> <lb n="4043"/><span>Aon bhraon den "stuif dhearg" anuraidh chuir maig air</span> <lb n="4044"/><span>Is d'fhág leathta san easair é, níl sé le fagháil.</span> <lb n="4045"/><span>Níl cúntas imeachta lucht diúgtha an leanna</span> <lb n="4046"/><span>Lá móna do bhaint ná lá reatha na mbád;</span> <lb n="4047"/><span>Is tá uaigneas d'á dheasgaibh is duairceas sa Daingean,</span> <lb n="4048"/><span>Na leanbhaí gan cheacht ann is na bacaigh gan ábhacht.</span></p> <lb n="4049"/> <lb n="4050"/><p><span>Táir imithe, a thaisce, is ní plámás ná bladar</span> <lb n="4051"/><span>Uainne thug taithneamh do d'eachtraí é rádh,</span> <lb n="4052"/><span>Arís chughainn go gcasair le h- "olcas" nó "maitheas"</span> <lb n="4053"/><span>Is beimíd ag faireadh do theachta gach lá.</span> <lb n="4054"/><span>Agus guidhmíd an Seabhac le d'chliabhán do sheasaimh</span> <lb n="4055"/><span>Ár ngéar-ghádh do fhreasdal le scéal uait i dtráth;</span> <lb n="4056"/><span>I n-éide gheal sagairt go bhfeictear thar ais thú -</span> <lb n="4057"/><span>Nó b'fhéidir i d'easbog, a bhuachaillín bháin.</span></p> <lb n="4058"/> <lb n="4059"/><p><span>"CLOCH LABHRAIS."</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services