FÁILTE ROIME "JIMÍN"
Go mairir, a Jimín, 's an máistir adubhairt leat scrí'.
Nár chrapaid a cuisle, sa bhfeamnaigh fuair tu id'
naoidhean;
Do mham 's í 'r buile ar do shalaibh le fuadar nimhe,
A's daid bocht ag rinnce le h-áthas - ní mór linn díbh.
Cás linn gan tuille s'láthar dúinn grinn is suilt
"Seáinín" a's tusa na cáirde is suairce 'gainn;
Fáilte romhat chugainn ón dtráigh úd gan ghruaim, a mhic,
'S dá fhaid againn fhanfair led' gháire is móide ár gcion.
"MARBHÁN."
1919.
JIMÍN MHÁIRE THAIDHG.
CAIBIDIOL 1.
MAR THÁINIG JIMÍN AR AN SAOGHAL IS MAR CHUIR
SÉ DÚIL I gCÍSTE MILIS
An Máighistir adubhairt liom é seo a scríobh le cur go
dtí "An Lóchrann." Cúntas a scríobh mar gheall orm
féin - sin é dubhairt sé bhí uaidh. Ní fheadar cad ab áil
leis "An Lóchrann" dá leithéid sin. B'fhéidir gurab
amhlaidh atá an fear a bhíonn ag scríobh do ró leisciúil
chun a thuille chur síos. Bíonn an Máighistir féin ró
leisciúil uaireannta aon rud a dhéanamh agus cuireann
sé ag léigheamh sinn agus téigheann sé féin amach sa
phóirse ag caitheamh tobac. Rug cigire lá air ann.
Ní maith leis an Máighistir cigirí ar shlí éigin. Ní
maith liom féin na cigirí sin, leis. Bhí fear aca sa
scoil iné agus níor labhair sé aon fhocal Ghaedhilge leis
an Máighistir. B'ait linn é sin mar bhí sé ag baint
sásaimh de 'na taoibh.
Tá sé chomh maith agam tosnú ar an gcúntas úd. Ní
fheadar i gceart cá dtosnochad: dubhairt an Máighistir
liom m'ainm a chur síos ar dtúis; ach ní féidir dom
anois é chur síos ar dtúis mar tá barr an pháipéir seo
lán. Cuirfead annso é: Jimín Mháire Thaidhg. Is mise
Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail.
Sin é an ainm atá ar mo dhaid; ach níl aon tor' ar mo
dhaid bocht sa tigh seo agus ní thugann aonne a ainm sin
orm-sa ach ainm mo Mham. Sí Máire Thaidhg mo mháthair,
tá's agat. Is iongantach an duine Mam. Bíonn eagla
orainn roimpi - me féin is Daid. Tugann sí sceimhle do
Dhaid uaireannta. Sin é cúis go bhfuil Jimín Mháire
Thaidhg orm-sa.
Rugadh mé fad ó - fad ó - ní cuimhin liom-sa cathain
ach deir Seana-Bhrighid go bhfuil trí bliana déag ó shin ann.
Deir sí go raibh ár dtigh-ne anamhór tré-na-chéile an oidhche
thána-sa ann. Bhí gach aonne 'na shuidhe fea' na hoidhche.
Seana-Bhrighid féin a fuair me sa bhfeamnaigh ar bharra-
taoide. Bhí sceitimíní ortha go léir im' thaobh. Bhíos-sa
ag béicigh ar mo dhícheall. Tháinig mná an bhaile go léir
isteach agus bhíodar ag féachaint orm.
"Is breá an t-uchtach atá aige, bail ó Dhia ar an
leanbh!" arsa Peig Neans.
"Mhuiricín!" arsa Síle Eoin, "nach baileach a thug sé
dhá shúil Sheana-Thaidhg leis?"
"Grádh Dé, óinsigh!" arsa Máire Aindí, "an caoch
ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalach cruthanta é.
Nach shin iad dhá shúil 'athar aige, agus an geannc beag
sróna, agus an croiceann buidhe?"
"Gaibhim-se orm gur le n-a mháthair is deá'rataighe é,"
arsa Síle.
"Nárab eadh;" arsa Máire Aindí, "sé 'athair 'na
chrot aonair é."
Bhí na mná ag dul i gcochall a chéile gur labhair Beit
Mhór agus gur dhein sí spiorspear de'n scéal.
"Pé duine gur deá'rthach leis é," ar sise, "is caithiseach
an leanbh é, bail ó Dhia air."
Annsan thóg m'athair buidéal as an gcurpad agus thug
sé braon as dosna mná. Thug sé braon mór do Mháire
Aindí. Dubhradar go léir, "go mairir a bhfuil nua
agat!" nuair óladar é. Chuaidh an braon le n-a hanál
age Síle Eoin agus bhíodar 'á bualadh sa drom. Bhí rí-rá
mór aca annsan agus cainnt agus gáiridhe. Tháinig
sciatháin ar m'athair agus dhein sé greas rinnce. Níl mo
Dhaid go maith chun rinnce, tá's agat, ach 'chionn mise bheith
aige, is dócha, bhí mórtas air. Ach do labhair mo Mham
ón seomra agus dubhairt sí "as t-amadán fir sin a
stop." Do stop mo Dhaid láithreach. Deineann sé rud
uirthi i gcomhnaidhe. Daid bocht!
Ní cuimhin liom-sa na rudaí sin do thuitim amach
i n-ao' chor. Seana-Bhrighid d'innis dom iad. Ní dheineann
Seana-Bhrighid sin aon chodla is dóigh liom. Bíonn sí
amuich gach aon oidhche ag faire na trágha féachaint a'
bhfaghadh sí aon bhunóc. Aon cheann aca thagann go dtí
aon tigh sa pharóiste, sin í gheibheann iad istoidhche sa
bhfeamnaigh, adeir sí. Níl aon bhunóc aca i dtigh Pheig
Mhuirfí agus bíonn na mná go léir 'á rádh gur mór an
truagh san. D'éaluigheas féin amach oidhche tríd an
bhfuinneoig chun dul ar an dtráigh féachaint a bhfaghainn
bunóc dóibh. Ní raibh aon rian de bhunóic ann cé gur
chuarduigheas an fheamnach an fad ; ná ní raibh aon phioc
de Bhrighid ann ach chomh beag. Ar maidin bhí leanbh fachta
aici do mhuinntir Cláis Mhóir agus dubhairt sí liom-sa
nuair chuireas ceist uirthi gur ar a' dtráigh a fuair sí í.
Dubhart-sa léi go raibh an t-éitheach aici - go rabhas féin
fea' na hoidhche annsan agus ná feaca í. Tháinig stad
innti agus d'fhéach sí orm. Annsan dubhairt sí gur mé
"an diabhailín" agus rug sí ar shlait chugham.
Na rudaí beaga go léir a thugann Seana-Bhrighid léi ní
bhíonn aon chainnt aca ná ní fhéadfaidís rith ná siubhal.
Ní dóigh liom go rabhas-sa riamh mar sin. Bhí cainnt mo
dhóthain riamh agam - an iomad, adeireadh mo Mham. Níl
aon leigheas agam air. Bíonn rudaí istigh ionnam agus
ní fhanfaidís socair gan iad a rádh. Mara leiginn amach
iad do bheadh tinneas orm aca agus is dócha go bhfaghainn
bás. Agus tá rith maith agam leis. Rugas ar an
ngamhain bhán indé ; agus rugas na cosa óm Mham nuair
a bhí sí im' dhiaidh i dtaobh an chíste uachtair a dh'ithe.
Tá's agat, bhí súil aici an tráthnóna san le hinghin
Mháire Aindí bhí tar éis teacht abhaile ó Bhleá Cliath, agus
dhein sí císte uachtair 'na comhair agus chuir sí dorn rísíní
ann agus siúicre rua. D'fhág sí 'á fhuaradh é ar bhonn a'
dresser. Tháinig dúil mhallaithe agam féin ann nuair a
fuaireas an bolath breá go léir uaidh, agus nuair d'imigh
mo mham anáirde staighre do bhaineas oiread a' frí' as
an gcíste. Mheasas go bhfaghainn bás bhí sé chomh milis
sin! agus ar mh'anam, bhíos ó smut go smut go raibh
bearna mhór déanta 'gam isteach sa chíste uachtair. Bhios
scubhtha chuige, a dhuine!
Nuair a chuala Mam ag teacht anuas an staighre chuireas
díom amach agus bhíos ag cur dhá ghamhain le Donncha Beag
as an mbuaile. Chuala Mam ag cur aisti istigh. Tháinig
sí 'on doras. "'Jimín!" ar sise agus ní go grámhar é.
"Geo'-se 'mach!" arsa mise leis na gamhna. "'Jimín,
adeirim leat," ar sise arís, ach bhí Jimín chomh bodhar le
slis!
Níor dhein san dom mháthair é. Thug sí sciúird fúm.
Bhí fiarshúil agam-sa ar an ndoras fea' na haimsire - bhí
drochionntaoibh agam aisti, a dhuine - agus chonnac chugham í.
As go bráth liom, a mhic ó, agus me ag caitheamh grin óm'
shálaibh! Bhuel, a leithéid de rás ní fheachaís ón lá
baisteadh thu - mise is mo Mham ag cur dinn, faid a bhí
'nár gcroidhe! Dá mbeadh an bóthar díreach aici dhéanfadh
mo Mham an bheart orm; ach nuair a bhíodh sí ag cur crúca
im' chúl thugainn-se an cor di agus bhí sí 'á traochadh agam.
Ní haon mhaith mná chun reatha. Annsan do bhuail sí a
lurga ar cholltar an chéachta bhí caithte sa bhuaile. Bhí an
phraiseach ar fuaid na mias annsan, a mhic ó! B'éigean
di éirghe as an bhfiach. Bhí sí bacach ar feadh seachtaine.
Tríd an bhfuinneoig a chuas féin isteach an oidhche sin
tar éis iad a dhul a chodla. Dubhairt Cáit liom - sin í
mo dhrifiúr - go bhfuair m'athair sceimhle óm' Mham nuair
tháinig sé isteach tráthnóna. Deineann sí é sin i gcomhnaidhe
nuair a bhíonn fearg uirthi. Dubhairt sí ná raibh aon
cheart aige an chéachta bheith san áit sin aige, agus thug sí
"srimileálaidhe gan mhaith" air. Daid bocht!
Ní tháinig aonne de'n triúr againn chun bladair le n-a
chéile go ceann seachtaine tar éis an chíste dh'ithe. Níor
ghádh leath a' mhurdail. Nár cheart císte milis a thabhairt
do bhuachaill bocht a bhíonn sa bhaile chomh maith is tabharfaí
d' inghin Mháire Aindí é toisc í theacht abhaile ó Bhleá Cliath.
Measas go bfaghainn bás bhí sé chomh milis sin!
BROID A MHÁTHAR AR JIMÍN IS AN BÁS A THUG
SEISEAN DON MHÁIGHISTIR
Is fada liom go mbead mór. B'fhearr liom ná rud
maith go mbeinn mór fásta mar annsan ní bheadh gach
aonne sa mhullach orm fé mar bhíd siad anois. Is cruaidh
an saoghal a bhíonn ag buachaillí dem' shaghas-sa - ní féidir
linn faic a bharra a dhéanamh ná bíonn duine éigin ag
bagairt orainn. An lá fé dheire bhuaileas ganndal Bheit
Móire sa leathcheann le cloich is do ghearán Beit lem'
Mham me. Dubhairt Mam le Beit gur mhór an náire dhi
ganndal mallaithe a bheith aici agus go raibh scannradh ar
leanbhaí an bhaile roimis agus dá mbeadh sí i n-aon bhaile
eile gurab amhlaidh a cuirfí an dlí uirthi 'na thaobh.
Chromas féin ar ghol le scannradh roimis an nganndal,
mar 'dheadh, chun go dtagadh fearg ar mo mháthair chuig
Beit. Mheasas ná déanfaí faic liom. Ach a dhuine, ní
raibh aithne ar Mham agam! nuair d'imigh Beit abhaile go
mí-shásta agus stadas-sa den ghol, a mhic ó, rug Mam
orm agus thug sí léasadh dhom. Deirim leat gur dhíolas
as an nganndal.
Araer bhíos ag marcaidheacht ar an ngamhain bhán agus
chualaidh an baile me ag scréachaigh nuair a bhí Mam am'
bhualadh. Dtuigeann tú? scréachaim chomh hárd is bhíonn
im' chroidhe, féach' a' gcuirfeadh san stop leis an mbualadh
nó an dtiocfadh aonne a shaorfadh me uaithe. Ní bhím
leath chomh gortaithe is ba dhóigh leat, tá's agat. Deir
siad nach fearúil an rud bheith ag gol ná ag béicigh ; ach
ná caithfead-sa rud éigin a dhéanamh chun me féin a chosaint
ar Mham.
Sí Mam mo namhaid aicionta. Ní stadann sí ach ag
gabháil dom go mbíonn mo chroidhe briste aici. Caithim
an mhóin a bhreith isteach chúichi agus an t-uisce, agus
caithim prátaí an dinnéir a phiocadh dhi sa tigh amuich. Má
bhím annsan ag imirt phúiríní dhom fhéin nó ag caitheamh
cnaipí ar an spric bíonn béic agus fiche 'ci orm go mbíonn
an bhó bhradach sa chabáiste, agus caithim cur díom. Ní
dóigh liom go mbeadh Mam sásta gan an bhó san a bheith
ag dul sa gharrdha, mara mbeadh chun aon rud eile ach chun
Jimín bocht a chrádh. Ní fheadar-sa cad chuige cuireadh
máithreacha ar bhuachaillí i n-ao' chor. Ach dá mbeinn-se
mór aon uair amháin ní bheinn i mbun bó ná gamhain a
thiomáint di; ná ní chongochad an snáithín di chun é thochrais
ná ní raghad le circ ghuir go tigh m'aintín ná ní bhead ag
foghluim ceachtanna ar cheann an bhúird.
Níor chráidh riamh mé ach na ceachtanna cráidhte céadna.
Ní bhíonn aon dul uatha agam aon oidhche. "A Jimín,"
adeir Mam gach oidhche, "ar scríobhais do cheacht anocht?"
Thriallas cúpla turus a rádh nár thug an Máighistir aon
rud dúinn le déanamh sa bhaile; ach an riabhach, a mhic ó,
ná gur chuir sí ceist ar Mhicilín Eoin annso 'muich agus
do scéidh an spriosán orm. Ní raibh fhios agam aon ní
gur thairrig Mam chúichi an tslat den chúllochta agus thug
sí fúm treasna na lurgan. Ní raibh agam-sa ach cur díom
suas 'on tseomra uaithe agus amach tríd an bhfuinneoig.
Chuas annsan ar lorg Mhicilín Eoin ach ní leigfeadh
eagla dho teacht amach chugham. D'iarras air teacht amach
chun go mbrisinn a phus, ach ní thiocfadh. Annsan bhíos ag
glaodhach "peata" agus "pleidhce" agus "spiaire" air.
Ach do labhair sé thar n-ais chugham: "Och, mhuise, a
bhuachaillín bhoicht!" ar seisean, "ar bhuail do mhaimí thu?
Och, maimí dána!" agus bhí sé inar sin ag magadh fúm go
rabhas ar néal buile chuige.
Tá leasainm ag muinntir a' bhaile ar a athair agus
cheapas gur mhaith an rud an ainm sin a thabhairt ar
Mhicilín. "Bóiricín! Bóiricín! Bóiricín!" arsa mise.
Ach, a dhuine, dheineas dearmhad. Bhí a athair istigh agus
nuair a chuala sé an ainm, amach leis im' dhiaidh agus an
gomh air chugham. Chuireas díom, a mhic ó, faid a bhí im
chroidhe, agus fear an dá cos bhórach im' dhiaidh. Chuas
amú air ameasc na dtighthe. Annsan seo leis chuig ár
dtigh-ne chun me ghearán, cheapas. Ní túisce san ná mise
istigh tríd an bhfuinneoig arís.
D'éirigh idir Eoin agus Mam ag an ndoras. Dubhairt
seisean go raibh mac drochmhúinte aici a thug leasainm air
féin. Dubhairt sí leis gur éitheach a bhí sé a chur ar an
mbuachaillín bocht macánta (b'in mise, tá's agat) agus
ná raibh sé amuich chuige, mar gur chuir sí féin sa tseomra
é fiche neomat roime sin.
"Deirim-se leat go raibh sé ann," arsa Eoin.
"N'fhéadfadh a bheith," arsa Mam, "nach shin é ag
glórghail sa tseomra fós féin é. Téanam ort go
bhfeicir." Thánadar araon go dtí doras an tseomra.
"A' rabhais age tigh Eoin le leathuair a chluig, a
Jimín?" arsa Mam.
Bhíos féin aireach.
"Cionnus fhéadfainn dul amach agus an doras dúnta
agat-sa orm?" arsa mise.
"Deir Eoin go rabhais ann ag tabhairt 'Bóiricín' air
féin," ar sise.
"Speabhraídí atá air ní foláir," arsa mise. "Bhí sé
sa Daingean indiu ag díol muc."
D'imigh Eoin leis agus é ag rádh rud éigin leis féin.
Nuair bhí sé imithe:
"A' rabhais ann, a Jimín," arsa Mam.
Ní dubhart féin aon fhocal. Tháinig sí agus d'fhéach sí
ar mo chosa. Bhíodar fliuch salach ón rás a dheineas ó
Eoin. D'fheach sí ar bhonn na fuinneoige agus chonnaic
sí rian mo chos ann cé gur chuireas féin na potaí
geranium anuas ortha go cúramach.
Bhuel, ní maith liom a innsint duit cad a thuit amach
'na dhiaidh sin-bheadh náire orm. Bhí Micilín Eoin 'á rádh
leis na garsúin eile gur bhain Mam an bríste dhíom, pé
duine d'innis do é, agus gur ghaibh sí orm. Nílim-se 'á
rádh gur dhein; ach tá's agam go rabhas chomh tinn sin san
áit sin díom nár fhéadas suidhe ar feadh trí lá. Ní
thuigim Mam i n-ao' chor. Cad chuige bhí sí am' chosaint
i láthair Eoin agus annsan me bhualadh. Och, mhuise,
b'fhearr liom go mbeinn mór.
Agus ní measa Mam chun mo bhuailte ná an Máighistir.
Sé an Máighistir an tarna namhaid atá agam. Ní bhíonn
stad air ach ag cur ceisteanna crua orainn le réidhteach
gach aon lá - rudaí nár ghádh bacadh leo mar ní bhíonn siad
i gceist i n-ao' chor. As a cheann amach is eadh cheapann
sé iad gan ghádh gan riachtanas.
Ní hí sin an saghas ceiste bhí le réidhteach sa tSamhradh
idir Eoin agus Donncha Beag. Thógadar móinéar eatartha
agus nuair bhaineadar agus shábháladar é bhí trí cocaí
móra agus cúig cocaí beaga agus taoscán féir ar fad
ann. Ní fhéadfaidís an féar a roinnt 'na dhá leath
codroma - an roinnt a mholfadh duine 'ca ní bheadh an fear
eile sásta leis. Bhídís ag cur cocaí móra agus cocaí
beaga agus ualaighe féir tré n-a chéile agus ag argóint.
Thug Eoin bithiúnach ar Dhonncha Beag agus bhí Donncha
d'iarraidh é sháth' le píce. Bhí muinntir a' bhaile d'iarraidh
an roinnt a dhéanamh ach theip ortha. D'iarradar ar an
Máighistir an cheist a réidhteach ach dubhairt sé ná féadfadh.
Sa deire tugadh an féar 'n Daingean go dtí an mheádh
agus sin mar a réidhtigheadh an cheist.
Ach níor stop san an Máighistir. Bíonn sé scubhtha
chun ceisteanna cheapadh chun sinn a chur i bponnc. "Dá
mbeadh ceithre cinn de mhuca ar aonach ag duine agus dá
bhfaghadh sé cúig púint seascad ortha - an mór an ceann
é sin?"
Sin é an saghas ceisteanna a bhíonn ag an Máighistir.
Cad dob áil leis an Máighistir ná le haonne eile
fhiafruighe an mór an ceann é sin. Má fuair an duine
úd na 65 púint ar cheithre muca ná fágfadh an Máighistir
mar sin é agus gan bheith ár gcrádh-na mar gheall ar an
scéal. Ach ní fhágann - ní hé sin an saghas é.
Ar seisean linne lá - "Capall ar sodar - raghadh sé
deich míle i n-uair a chluig: an mó míle ó bhaile bheadh sé
i gcionn cheithre huaire fichead?"
Bhuel, ní raibh fhios agam-sa agus d'éirigheas as. Bhí
cuid aca dhein é agus nuair a tháinig an Máighistir chomh
fada liom-sa dh'fhéach sé orm.
"An amhlaidh ná fuil fhios agat é?" ar seisean.
"Níl, a Mháighistir," arsa mise.
Annsan chuir sé na figiúirí ar an gclárdubh. "A
ceathair fé dheich?" ar seisean.
"Sin a dachad," arsa mise.
"A dó fé dheich?" ar seisean.
"Sin a fiche," arsa me féin.
"Agus a ceathair?"
"Sin a ceathair fichead," arsa mise. Chuir sé 240,
annsan, síos.
"Anois an mó míle ó bhaile do bheadh sé?" arsan
Máighistir.
"N'fheadar," arsa mise.
"Léan id' cheann cipín," arsan Máighistir, "ná
tuigeann tú dá n-imigheadh capall 10 míle i n-uair a chluig
go raghadh sé 240 míle i gceithre huaire fichead."
"Ní raghadh," arsa mise, "chaithfeadh sé stad nó
thuitfeadh sé leis an ocras nó d'imeochadh crúdh uaidh nó
raghadh cloch 'na chrúib nó…"
"Éist do bhéal," arsan Máighistir agus olc air chugham.
"Sín amach do lámh."
Thairrig sé dhá stiall de shlait ar mo laipín, a mhic ó,
a chuaidh tríom' chroidhe agus chuir sé síos go bun na scoile
me nuair bhíos ag gol.
Bhíos i bhfad thíos im' shuidhe agus me cráidhte go leor
agus mo chroidhe lán d'olc. Bhíos ag cuimhneamh ar an
saghas báis ba mhaith liom a thabhairt don Mháighistir. Ba
mhór an sásamh liom rith chuige agus é bhualadh deas agus
clé agus é thachtadh agus a chorp a chaitheamh i bpoll portaigh
agus cloch mhór ceangailte dá mhuineál. Nuair chuimhnigheas
ar an gcapall úd a bhí aige a raghadh an 240 míle i n-aon
ló, cheapas go gceanglochainn an Máighistir do agus go
scaoilfinn leis, gan srian gan adhastar, agus é ag imeacht
240 míle gach aon chúig neomataí, go dtiocfadh sé go
bruach na faille agus go dtuitfidís araon síos, síos,
síos go ndéanfaí iad a smiotadh 'na smidríní thíos ar na
clocha i slí ná beadh fhios ag aonne ciaca smut de chapall
nó smut de Mháighistir aon smut aca seachas a chéile.
Ba mhór an sásamh liom an socrú san a bheith déanta
agam ar an Máighistir agus annsan bhíos ag scríobh
ceisteanna chun é chur i bponnc:
Ceisteanna ar an Máighistir -
Da mbeadh capall ann a raghadh 240 míle i n-aon ló,
an mó míle raghadh an capall céadna i dtrí chéad
bliain?
Má fuair Tadhg Mór £5 ar thrí cinn de chaoire ar
aonach an Daingin, cad a gheobhadh an Máighistir ar
an gcapall úd a chuaidh 240 míle i gceithre huaire
fichead?
An mó cruach mhóna dhéanfadh mála súithe?
Bhíos ag gáiridhe liom féín leis an sult agus níor
bhraitheas faic go raibh an Máighistir laistiar díom agus
scearta mór gáire curtha aige as. Rug sé ar an
bpáipéar uaim agus léigh sé do'n scoil ar fad é. Bhí an
scoil go léír ag gáiridhe. Mheasas go raghainn síos tríd
an dtalamh le náire. Bhí béal mór ar Mhicilín Eoin ag
magadh fúm. Do chroch an Máighistir mo pháipéar bocht ar
an bhfalla mar adhbhar spóirt. Deirim leat go rabhas
buidheach nár scríobhas síos ann an bas úd a thugas do.
SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN IS MAR
D'FHÓGAIR CÁIT SOS COMHRAIC
Nach ait na rudaí gearrchailí. Ní bhíonn aon mhaith
ionnta chun aon ní ach chun screadaighe nuair dhéanfa aon
ní leo, nó chun tu scríobadh leis na hingne nuair a bhíonn
an t-olc ceart ortha. Tá ceann aca sa tigh againne:
Cáit. Drifúr dom iseadh í agus is óige í ná mise. Tá
sí 'na peata 'ge Mam agus ní bhíonn sí 'á bualadh mar
bhíonn sí am' bualadh-sa agus ní ceart é sin. Is fearr
mise na Cáit ar gach aon tsórt slí ach cad é an mhaith sin
- ní fhaghaim-se aon ní ó Mham ach an tslat agus gheibheann
Cáit peataireacht. Ma dheineann Cait aon rud as an
tslí ní thugann mo mháthair di ach scríob da teangain.
Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a
dhéanfadh Mam liom-sa é nach agam a bheadh an saoghal
breá! Ní ghoilfinn da mbeadh sí ag cainnt go dtuiteadh
an teanga aisti. Chuirfinn mo cheann fúm agus
d'imeochainn amach 'on stábla fé mar dheineann Daid.
Ach níl aon mhaith i gCáít. Deir mo mháthair liom bheith
ag imirt léí, agus bím ar mo dhícheall. N'fhéadfadh sí
aon léim a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhaith chun reatha
innte. Bhí cnaipí deasa aici agus dubhairt léi imirt agus
do bhuadhas uaithe na cnaipí go léir do bhí sa bhosca aici.
Chrom sí ar ghol, a mhic ó! agus níor theastuigh uaithe iad
a thabhairt dom i n-ao' chor, ach bhaineas di iad. Ach, a
dhuine! thairrig sí an tigh orm leis an screadaigh agus
nuair tháinig Mam bhain sí gach aon chnaipe aca dhíom;
agus bhain sí mo chuid féin, leis, díom a bhí ar chórda agam.
D'fhiafruigh sí cá bhfuireas iad go léir. D'innseas di
gur bhuadhas ó sna buachaillí eile ar scoil iad ach níor
shásaimh san í gan féachaint ar mo bhríste. Ní raibh cnaipe
ann agam ach trí puill déanta agam ann agus na
guaileáin greamaithe le dhá bhuaircín adhmaid agus
tairrnge trí n-órdlach.
Dhein Mam beart náireach orm annsan: chuir sí iachall
orm an dá chipín agus an tairrnge a chaitheamh uaim agus
an bríste chongáil suas lem' dhá láimh. Chaitheas trí la
mar sin go raibh mo chroidhe briste. Ach níorbh é sin a
chuir an straidhn ar fad orm ach Micilín Eoin a' magadh
fúm. Ní fhéadfainn rith 'na dhiaidh, tá's agat, agus chráidh
sé me go raibh an gomh orm chuige.
An tríomhadh lá chuas go dtí Mam. "A Mham," arsa
mise, "cuir isteach na cnaipí dhom, má-má-má's é do thoil
é. Ní ghearrfad amach aon cheann go bráth arís."
D'fhéach sí orm. Bhí sí d'iarraidh a dhéanamh amach cad
é an fuadar a bhí fúm.
"Á! dein, a Mhaimí," arsa mise, "agus bead im'
buachaillín maith."
"Um-m-m," ar sise, "n'fheadar an tsaoghal cad é an
t-atharú so teacht ort. Mar sin féin cuirfead isteach
iad; ach má bhíonn sé den diabhar ort go gcuirfir scian
ar aon cheann eile 'ca bainfead an croiceann díot;"
agus faid a bhí sí ag cur na gcnaipí isteach bhí sí am' chrothadh
mar dhéanfadh madra le franncach. "Seadh 'migh ort
anois," ar sise nuair bhíodar istigh aici agus na guaileáin
i bhfearras arís orm.
Do bhuaileas an doras amach go breá bog agus síos
an buaile agus mo dhá láimh i bpócaí mo bhríste agam 'á
chongáil suas, mar 'dheadh. Ní fada chuas nuair chonnaic
Micilín Eoin arís me agus seo chugham é agus draid air
ag magadh fúm.
"Bríste ar bhais!" ar seisean. "Bríste ar bhais!
Hí-ú! Hí-ú!"
Theastuigh uaim é mhealladh i n-aice liom. "Caith
crúistín nó cloch liom agus tairrig ort me," arsa mise.
"Caithfead, bhríste ar bhais," ar seisean agus chrom
sé síos chun cnapán laithighe d'fhagháil a chaithfeadh sé liom.
Sin é an uair a phreabas chuige. Nuair a chonnaic sé
'teact me agus gan aon lámh i n-aon phóca liom chuir sé
béic as agus siúd leis agus é a' screadaigh. Thána suas
leis agus thugas cor coise dho agus shíneas ar a' dtalamh é.
Shuidheas anuas air annsan agus sháthas a shrón síos sa
laithigh.
"Abair 'bríste ar bhais' anois, a Mhicilín," arsa mise,
agus chuireas dorn laithighe síos laistigh dá léine. "Hop,
a chapaillín," arsa mise leis agus me síos, suas ar a
dhrom. Bhaineas sásamh mo chroidhe as agus bhí anaspórt
agam air go ceann tamaill.
Sin é uair a tháinig Cáit agus do loit sí an spórt orm.
"Ó! faire, mo náire, 'Jimín," ar sise, agus dh'fhéach sí
orm agus a dhá súil mhóra ag cromadh ar ghol. Dar fia,
a dhuine, do stadas. D'imigh an spórt as an scéal dom
ar chuma éigin.
"Mo náire é an bullaí mór," ar sise arís liom. An
riach, a mhic ó, go dtáinig náire orm féin. N'fheadar
i n-ao' chor ca' 'na thaobh. D'éirigheas de Mhicilín agus
ná feadar cad a bhíos a dhéanamh. Nuair a dh'éirigh sé sin
bhí sé ag gol agus bhí sé go léir salach ón laithigh. Chuaidh
Cáit anonn chuige agus bhí sí 'féachaint air; annsan d'fhéach
sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ghoil
sí agus í d'iarraidh casóg Mhicilín a ghlanadh le sliogán
ruacan. N'fheadar cad é an donas a tháinig orm féin.
Bhí náire orm. Níor fhan aon mheas agam orm féin.
Thabharfainn aon rud dá bhféadainn an rud a dheineas le
Micilín a chur ar neamh-ní. Níor lú liom aon duine ar
an saoghal ar an nóimeat san ná Jimín Mháire Thaidhg. Bhí
Cáit ag glanadh leis an sliogán agus Micilín ag congáil
na casóige dhi agus iad araon ag gol.
Bhí sé déanta 'gam sarar thuigeas cad a bhí ar siubhal
agam. Chuas anonn chucha agus rugas ar an sliogán uaithe
agus thosnuigheas ar scríobadh.
"Mo ghrádh thu, 'Jimín," arsa Cáit.
Ní fhéadfainn aon fhocal a rádh. Tháinig rud éigin ait
im' scórnaigh agus im' shúile agus bhíos ar mo dhícheall
d'iarraidh gan gol ach do rith deoir mhór anuas ar feadh
na sróna agam agus annsan ritheadar go léir anuas. Ní
dubhart aon ní ach chonnaic Cáit me agus rith sí anall
chugham agus chuir sí a lámh orm.
"Maith a' buachaill thu, a dhritheáirín," ar sise agus
thriomuigh sí mo shúile leis an mbib a bhí uirthi. Do bhíos
ar mo dhícheall ag glanadh Mhicilín agus ná stadfainn ar
chapall nó go stadadh an fonn guil a bhí orm. Do stad
fé dheire nuair bhí an laithigh ar fad scríobtha.
Annsan do gháir Cáit. "An ndéanfaidh sibh muinn-
tearthas anois?" arsan cladhaire. D'fhéachas féin ar
Mhicilín.
"Déanfad," arsa mise.
"Déanfad-sa leis," arsa Micilín.
"Agus ní bheidh sibh ag troid níos mó?" arsa Cáit.
"Ní bheimíd, a Cháit," arsa sinne.
"Ná ní thabharfaidh sibh ainmeacha gránna ar a chéile?"
"Ní thabharfam," arsan dá amadáinín.
Annsan do gháír Cáit agus rtih sí eadrainn istigh agus
rug sí ar dhá mhuinchille orainn. "Rithidh," ar sise. As
go bráth linn araon agus sinn ag tarrac Cáit 'nár ndiaidh
agus sinn go léir ag gáirí. Bhuail máthair Mhicilín linn
agus d'fhéach sí ar a chuid éadaigh.
"Cad a shailigh thu?" ar sise agus d'fhéach sí go
hamhrasach orm féín.
"Is amhlaidh … is amhlaidh a thuiteas agus me ag …
ag rás le Jimín, a mháthair."
Bhí an drochamhras aici orm.
"Agus cad a leag thu?" ar sise agus í ag cur na
súl tríom-sa.
Mheasas go raibh léasadh eile 'teacht chugham ach do shaor
Micilín me.
"Agus bhí an áit lan de laithigh; ach féach, a Mham, do
ghlan Jimín agus Cáit me. Níor imigh seoid a bharra orm,"
agus siúd le Micilín arís agus thairrig sé an bheirt eile
'gainn leis. Anabhuachaill iseadh an Micilín sin - ní raibh
fhios agam go dtí 'nois é.
Níl an náire imithe dhíom fós roime Cáit … ach táim
anacheanúil uirthi agus ní chuirfidh me ag gol go deó 'rís í.
MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN CHAIT, SCÉALA AN
AONAIGH IS CEANNACH NA mBRÓG DO JIMÍN
Tá feidhre nua bróg agam ó lá an aonaigh. Táid siad
go gleóite deas agus táim ag tabhairt an-aire dhóibh.
Táid siad anois go sciomartha glan os cionn na teine
ar an lochta agus chífeá tu féin insa scáil atá ionnta.
Mam do chuir anáirde annsan iad mar do bhínn gach aon
neomat 'á gcimilt leis an scuaib agus ag piocadh aon
ruaine laithighe bhí idir na tairngí istigh le blúire 'chipín.
Sí chuir iachall orm, leis, iad a bhaint dhíom ar fad i lár
na báistighe indé. Is amhlaidh a bhí log uisce, tá's agat,
amuich sa bhuaile agus bhíos im' sheasamh 'na lár istigh agus
an t-uisce go haltaibh orm. Bhíos ag triall na mbróg,
'dtuigeann tú, féachaint an gcongochaidís an t-uisce
amuich. Ach chonnaic Mam me tríd an bhfuinneoig agus
thána-sa 'mach as an log uisce sin cuibheasach tapaidh,
adeirim leat.
Níl aon réasún le Mam. Cad é an mhaith bróga nua a
chongochadh uisce 'mach mara mbeadh uisce tiompall ortha
d'iarraidh dul isteach? Ní bhfaghfá aon tsásamh as bróga
mara mbeadh cead agat siubhal tré lár an uisce leo.
Ní raibh fhios agem' mháthair indé ca' 'na thaobh go raibh
mo stocaí ar fad fliuch. Bhí sí 'á rádh gur drochleathar a
bhí ins na bróga. Ní fheaca sí mise i n-ao' chor d'iarraidh
an mála tharrac isteach as Poll a' Lín thíos ar maidin le
maide féachaint cionnus a bhí an cat a chuireamair isteach
ann iné roime sin. Chuas ró fhada 'mach ar an bhfaobhar,
a dhuine, agus d'imigh an chos uaim agus ba dhóbair domh-sa
dul i n-éineacht leis an gcat ach go rug Micilín Eoin orm
agus gur thairrig sé aníos me.
Nuair thugamair an cat isteach bhí sé marbh. Dubhairt
Micilín go dtiocfadh an t-anam arís ann mar gurab 'in
nós age cataibh-éirghe ón mbás naoi n-uaire. Sin é cúis
a bháthamair é, tá's agat-féachaint an éireochadh sé arís.
Má fhanann sé marbh beidh murdal sa tigh seo 'gainne,
mar sé ár gcat-na é agus tá Mam tosnaithe ar bheith ag
cur a thuairisce. Dubhart-sa go fírinneach léi arbhú 'raer
ná feaca ó mhaidin a' lae sin marbh ná beo é. Ní fheaca,
leis, go dtí maidin iné. Bím ag dul síos chuige go
minic ó shin féachaint a' mbeadh aon chorruighe ann, ach, dar
fia, tá sé 'na stalca gan anam. Chuireas biorán ann
agus dubhart "bhuis, bhuis, bhuis!" leis ach ní raibh gíog as.
Féach, mara mbíonn sé 'na steillebheathaidh amáireach
caithfidh Micilín a chat féin a chur sa mhála agus é bháth' i
bPoll a' Lín.
Ach mar gheall ar an aonach-bhí ana-lá agam ann. Bhí
sé le fada geallta dhom go leigfí ann me, agus bhíos ag
coimeád na bpingní 'na chomhair. D'éirigheamair - me féin
is Daid - ar a cúig a chlog agus chuamair leis an ngealaigh
'on Daingean. Ceithre cinn de bheithígh a bhí againn. Gach
aon bhearna a bhí ar thaobh an bhóthair thugaidís fé dhul isteach
ann agus bhíodh Daid gach 'ra neomat 'á rádh liom "'Jimín,
a bhuachaill, rith rómpa agus sáruigh iad san"; nó "preab
isteach, a gharsúin, agus bagair amach í sin," nuair bhíodh
ceann aca tar éis dul i bpáirc éigin. Is minic a bhíodh
dhá chúrsa déag agam féin agus ag an mbeithíoch tiompall
na páirce istigh sara ritheadh sé 'na ceann gur cheart di
dul amach ar an mbóthar arís.
Níorbh aon ní áfach an bóthar isteach go dtánamair ar
an sráid agus ar pháirc an aonaigh. Cheapas ná raibh
oiread stuic i n-Éirinn! beithígh agus buláin agus ba
agus tarbhaí agus caoire agus iad go léir ag búirthigh
agus ag méiligh agus iad ag rith tré n-a chéile. Bhí fear
ag gabháil lár an aonaigh suas agus fiche bulán aige i n-aon
scata amháin agus triúr fear agus trí cinn de mhadraí
'na ndiaidh agus "Habha-Habha" age sna fearaibh agus
"Babha-abha" age sna madraí. Do scaipeadar rómpa
soir, siar. Bhí seanduine ann is bó ar adhastar aige.
Rith scata beithíoch isteach idir é féin agus an bhó.
B'éigean do scaoileadh léi; ach bhí sé ag eascainí agus ag
lochtú daoine go mbíonn scata mór beithíoch aca agus a
bhíonn d'iarraidh an duine bocht a chaitheamh d'uachtar na
talmhan!
Scaipeadh na ceithre beithígh orm féin is ar Dhaid trí
huaire; agus bhí iongna mo chroidhe orm uair amháin
nuair a chuir Daid scaimh air féin chun cleithire mhóir fhada
go raibh maide 'na láimh aige, agus dubhairt leis, dar fia,
go mbrisfeadh sé a mhuineál. Mheasas ná marbhochadh
m'athair cat. D'imigh an fear eile agus is maith an bhail
air gur imigh mar nuair a bhí sé tamall suas an t-aonach
sin é uair a tháinig an t-olc go léir ar Dhaid.
[Nach ar Mham a bheadh an t-iongantas dá gcuireadh
Daid an scaimh sin air fhéin chúichi nuair bheadh sí ag gabháil
do. Ní fheadar cad a thuitfeadh amach dá n-abradh sé léi
go mbrisfeadh sé a muineál!]
Tiompall a hocht a chlog tháinig na ceannathóirí ar an
aonach. Plubairí reamhra b'eadh iad ar fad. Casóga
móra ortha, órlach de bhonn fé sna bróga aca, bróga
geanncacha ortha, géitéirí leathair go glúinibh ortha, bataí
siubhail ag gach fear agus rian a choda ar gach aonne 'ca.
Thánadar chughainne agus d'fhiafruigh gach duine aca dhem'
athair an mór a thógfadh sé ar na beithígh. Ní "beithígh"
adubhradar i n-ao' chor ach "ragaí" agus "creatlacha"
agus "básacháin."
"Ocht bpúint déag an ceann," arsa Daid.
Ara 'mhic ó! sin é uair a dheinidís an chainnt. Ar
dtúis cheapas ón gcainnt a bhí aca ná rugadh riamh leithéid
mo Dhaid le spriúnlaitheacht agus le nea'-réasún; agus
i bpáirt na mbeithíoch mbocht, do bheadh náire ort a admháil
gur leat féin i n-ao' chor iad. Thagadh olc ar Dhaid
uaireannta agus d'fhógruigheadh sé síos go dtí an leac is
teo agus is íochtaraighe thíos i n-Ifreann iad. Deireadh
cuid aca san leis gur túisce go mór a bheadh sé féin ann
agus deiridís leis na ceithre "básacháin" a bhreith abhaile
leis agus gal tobac a thabhairt dóibh.
I gcoinn tamaill eile bhraitheas go raibh tairbhe éigin
ionnta mar thairrig fear trí púint déag an ceann ortha
agus chuir fear eile go dtí a ceithre púint déag iad; ach
thugaidís go léír "seanadh - l spriúnlaithe" ar Dhaid
nuair na bogfadh sé ósna hocht bpúint déag. Fé dheire bhain
sé anuas deich sgillinge agus nuair a chuaidh na ceanna-
thóirí go dtí cúig púint déag do chaith Daid anuas deich
sgillinge eile. Bhíodar ag druidim i gcomhgar dá chéile
mar sin go dtí ar deire ná raibh eatartha ach leath-shobhrain.
Do chruaidh an scéal annsan arís. Thagadh fear aca.
Bhuaileadh sé stiall ar bheithíoch aca. "An mór iad so?"
adeireadh sé.
"Sé púint déag deich a' ceann," adeireadh Daid.
"Sín amach do lámh," adeireadh an ceannathóir agus
chaitheadh sé seile ar a bhais féin agus bhuaileadh sé buille
den bhais sin anuas ar bhais m'athar.
"Tabharfad na sé púint déag duit ortha," adeireadh
sé. Ní bhíodh Daid sasta agus d'imigheadh an ceannathóir
sin agus é ar straidhn agus cheapainn féin ná tiocfadh sé
i ngiorracht páirce dhem' athair ar feadh a shaoghail arís.
Ach thagadh arís agus arís eile agus fé dheire deineadh an
margadh nuair a bhailigh scata mór tiompall orainn féin
agus ar an gceannathóir agus gur dheineadar an
deifridheacht a scoltadh dhá uair. Se púint déag seacht
is réal a fuaireamair.
Nuair a bhíomair ag dul go dtí an traen leo arsa
mise lem' athair:
"Ca' 'na thaobh go rabhais chomh dian 'á ndíol, a Dhaid?"
D'fhéach sé 'na thiompall ar eagla go mbeadh aonne ag
éisteacht.
"Do mháthair, a bhuachaill," ar seisean, "do mháthair!
Sé púint déag a' ceann adubhairt sí liom a dh'fhagháil ortha
agus ní bheadh aon ghnó abhaile 'gam gan an méid sin.
Beidh an chuid eile 'gam féin, i gan fhios di. Ná leig
aon ní ort, agus tabharfaidh mé sgilling duit ar ball."
Agus do luigh sé an tsúil chlé orm agus dhein sé gáire
agus thug sunnc d'á uillinn dom! Insa scéal so bhíos
ar thaobh mo Dhaid - agus ní mar gheall ar an scilling é.
Tar éis na beithígh a chur sa traen iseadh thánamair ar
an tsráid. Chuaidh Daid ar lorg an airgid agus chuas
féin ag féachaint ar gach aon rud. Áit anamhór iseadh
an Daingean agus ta mórán daoine ann. Siopaithe is
mó atá aca, agus gach aon ait lan de phluda. Lucht tarta
ar fad atá ann, ní foláir, mar deochanna ar fad a bhíd
na siopaithe a dhíol. Ní fheadar cad a chuireann an tart
go léir ar dhaoinibh nuair thagaid 'on Daingean. Bíonn
taoscána móra cubhránacha de stuif éigin ghránna dhubh 'á
slugadh síos aca mar bheadh gamhna ag ol bhainne; agus
chífeá an súlach buidhe tiompall a mbéil agus ar a bpus
fé mar bhíonn rian an bhainne ar an "sucaí" gamhna ata
againne sa bhaile.
Tar éis tamaill do bhuail Daid arís liom. Bhí sé
féin agus beirt eile ag teacht amach as tigh agus bhí sé
ag triomú a bhéil. Chuireas i gcuimhne dho mar gheall ar
an scilling úd agus fuireas uaidh í. Thug an bheirt eile
tuistiún dom nuair a fuaireadar amach gur mac le
Daid me.
"Is maith an garsún é, bail ó Dhia air," adubhairt
duine aca.
"Ní fada go mbeidh sé sin chun maitheasa agat, a
Shéamais," arsan fear eile aca lem' athair - ach d'imigheas-sa
liom ag ceannach ubhall agus misleán agus brioscaí. Ní
fada i n-ao' chor do sheasaimh ag scilling dom - tá an
donas le daoire ar gach aon rud agus níor mhór duit
mála pingní chun aon tsúlach a bhaint as lá sa Daingean.
I gcionn tamaill eile chuas ar lorg m'athar agus cá
bhfaghainn é ach ar adhastar age Mam i lár na sráide thíos
agus an bheirt aca am' lorg-sa. Bhí sise 'á rádh go raibh
an garsúinín bocht caillte nó tuitithe leis an ocras agus
gur chuma le n-a athair ach bheith caithte istigh i dtigh óil 'á
théidheamh féin le puins. Bhí Daid d'iarraidh a chur 'na
luighe uirthi gurab amhlaidh ná fanfainn 'na theannta agus
ná raibh aon bhaoghal orm.
Rugadar leo annsan me ag ceannach bróg dom. Bhí
feidhre stocaí age Mam a thug sí ón dtigh. Bhíomair i
bhfad ag ceannach na mbróg. Do trialladh fiche feidhre
orm sara rabhanair go léir sásta. Ní dóigh liom féin
go raibh aonne sásta ach Mam. Ní rabhas-sa ró shásta
leis na bróga fuaireas mar bhí tairngí ionnta. Bhí feidhre
anadheas ann i mbosca agus leathar bog tanaidhe ionnta
agus iad chomh héadtrom le sop. Ach theastuigh dhá phúnt
ó fhear an tsiopa ortha agus dubhairt Mam gur deas
fhéachfainn ag siubhal phludaigh leo agus ag gabháil tré log-
anna uisce pé áit i bhfaghainn log uisce chun gabháil tríd.
Fuaireadar feidhre breá láidir dom ar a seacht fichead
is réal agus buaileadh orm iad. Bhuaileas an doras
amach leo, a mhic ó, agus suas an tsráid agus me ag
baint teine as clocha na sráide leo. B'é céad duine
bhuail liom ná Micilín Eoin.
"Hanaman riach, a Mhicilín!" arsa mise, "fan uaim
amach nó satalochad ort."
D'fhéach Micilín ar na bróga.
"Tánn tú ceangailte dhen dtalamh aca," ar seisean.
Bhíodar an-aindeis, leis, orm, a dtuigeann tú, ach ní
thabharfainn mar shásamh do-san go n-admhochainn é; ach
díreach le n-a linn sin agus an bheirt againn ag siubhal
síos an tsráid i n-aice an Bhainnc chuireas mo chos ar
chroiceann oráiste agus ar mh'anam gur tógadh liom agus
síneadh ar mo shlait me. Ní hiad na bróga leag i n-ao'
chor me ach an croiceann mallaithe; ach ní hé sin adubhairt
gach aonne a chonnaic me ach gurab amhlaidh ná raibh
taithighe ar bhróga agam agus bhí Micilín féin ag gáirí.
Bhíos chun iarracht den bhróig a thabhairt do nuair chuala
dhá raispín de bhuachaillí an Daingin ag gáirí fé'n gcábóig
tuaithe gur leag na bróga nua é. Bhí olc agus crádh
croidhe orm féin agus thugas dorn sa phus do dhuine aca.
Thug an bheirt aca-san fúm-sa ach leag Micilín duine aca
agus rith an duine eile 'ca uaim féin. Bhíodar an chuid
eile den tráthnóna ag faire orainn agus ag tabhairt
"cábóg" agus rudaí eile orainn ach ní thiocfaidís i
ngiorracht fiche ramhan dinn, mar bhíomair fara Daid agus
mo mháthair.
Thugas dorn sa phus do dhuine aca.
Bhí sé déannach nuair thánamair abhaile an oidhche sin.
Bhí Daid ag amhrán an bóthar aníos agus bhí Mam 'á rádh
leis éisteacht ach ní thug sé aon tor' uirthi. Ní fheaca riamh
mar sin cheana é. Nuair thánamair abhaile bhí sé d'iarraidh
Mam a phógadh ach ní leigfeadh sí dho é. Mar sin féin ní
raibh aon olc uirthi chuige nuair a dhein sé é. Chuir sí iachall
air dul a chodla agus gan é ach a hocht a chlog.
Thugas misleáin agus ubhall go dtí Cáit agus bhí ana-
shaoghal againn 'á n-ithe agus d'innseas di mar gheall ar
an aonach agus an Daingean agus na rudaí deasa bhí ann.
D'innseas di leis mar gheall ar an seacht is réal an ceann
a chongaibh m'athair as fiacha na mbeithíoch; ach do gheall sí
gan é innsint do Mham.
(Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is
baoghal go bhfuil deire leis an saoghal so aige. Cad a
dhéanfad má gheibheann Mam fios an scéil.)
CAIBIDIOL V.
MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG IS
DÚTHRACHT JIMÍN DON nGANNDAL
Caithfidh mé innsint mar gheall ar an Nodlaig a bhí
againne. Chuaidh Mam dtí an Daingean cúpla lá roim
Nodlaig - í féin agus Daid - agus thugadar an capall
leo agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí an t-airgead
ag Mam. Rug sí léi dhá ghé - chun ceann aca thabhairt do
dhochtúir na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt d'fhear
a' Bhainnc, mar sin é go bhfuil airgead Mham ar fad aige,
agus tá anamheas aici air.
Faid a bhíodar sa Daingean chuas féin go dtí Gleann
Doimhin agus an scian mhór agam agus téadáinín agus
thugas abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas
eidhneán i bhfothraigh na Cille. Nuair a bhíos a' gabháil
thar doras aici tháinig Nell Mháire Aindí amach chugham ag
bladar liom d'iarraidh go dtabharfainn roinnt chuilinn di.
Cheap sí go mbeinn-se im' amadáinín aici, agus bhí sí am'
mholadh agus ag tabhairt "buachaillín maith" orm agus 'á
rádh go bhfaghainn féirín uaithe i gcomhair na Nodlag; ach
ní rabhas-sa chomh símplí sin. Táim marbh ó gheallúintí
ná tagann aon ní 'á mbarra.
[Mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa bhaile
thugas cúpla craobh chuilinn anonn chúichi. Táim anamhór le
Nell, tá's agat.]
Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonnaic sí an t-ualach
mór a bhí agam an doras isteach. "Ó!" ar sise, "beidh
an tigh go gleóite anois againn"; agus bhí sí ag féachaint
ar na caora dearga a bhí ar a' gcuileann agus í ag rinnce
tiompall an úrláir. "Ó! nách gleóite iad?" ar sise.
"A' bhfeacaís riamh aon rud chomh deas?" Mar sin a
bhíonn Cáit i gcomhnaidhe, mara bhfeiceadh sí ach neóinín nó
pósaí bó bhleacht. Chloisfeá na cailíní go léir mar sin,
a dhuine, leis gach aon tsórt ní.
Bhí ocras orm féin. "Caith uait na céapars san,"
arsa mise, "agus tr'om rud éigin le n-ithe."
"Ó! mo dhearmhad!" arsa Cáit, agus thug sí cogar
dom. "Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?"
"Cad é?" arsa mise.
Do gháir sí. "Ní 'neósad duit é," ar sise, "mar
do scéidhfeá orm le Mam."
"Ar mh'anam ná scéidhfead, a Cháit!" arsa mise.
"Marbhochaidh sí mé i dtaobh an tsiúicre!" arsa Cáit.
"Cad é an siúicre, arú?" arsa mise.
"Agus mar gheall ar an uachtar!" ar sise.
"Hanaman diucs! a Cháit, an cístí mísle atá déanta
agat?"
"Ó, ní 'neósad duit! ní 'neósad duit!" ar sise,
agus bhí sí ag gáiridhe agus ag léimrigh ar an úrlár.
Annsan chuaidh sí dtí an dresser agus thóg sí anuas dá
chupán le cur ar an mbórd.
"Áh, hanamain! a Cháit," arsa mise, "innis dúinn
cad tá agat."
"Ní 'neósad, ní 'neósad," ar sise, agus do gháir sí
agus bhí sí ag rinnce agus ag caitheamh a cos agus n'fheaca
sí an t-eidhneán ar an úrlár gur leag sé í, agus slán
mar a n-innstear é! baineadh píosa mór as cliathán cupa
aca. Rug Cáit ar an bpíosa agus bhí sí ar crith ag iarraidh
an píosa do chur isteach 'na áit féin arís féachaint a'
bhfanfadh sé istigh. Annsan chrom sí ar ghol agus, a dhuine,
bhí sí ag iarraidh a mhileán do chur orm-sa. Chuireas i n-iúl
di nach me fé ndeara é ach í féin agus a cuid léimrighe;
ach níorbh aon mhaith bheith ag cainnt léi. Ní dhéanfadh sí
ach gol. Tháinig truagh agam féin di sa deire.
"Tr'om é a Cháit," arsa mise, "agus ní bheidh fhios
age Mam go deó é."
Thugas an cupa briste go dtí an dresser agus chuireas
shíos fé dhá chupa eile é agus an taobh briste isteach.
"Ó! a mhuiricín! cad a dhéanfad i n-ao' chor má chíonn
Mam é?" arsa Cáit.
Annsan dheineamair té - muga an duine againn. Sin
é an uair a thairrig Cáit amach na rudaí adubhairt sí bhí
déanta aici - cístí beaga uachtair agus crústa siúicre
orra. Fuaireamair im sa churpad agus chonnac-sa próca
mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte
go daingean ar a bharra. Ghearras an ceangal go
haiclidhe agus deirim-se leat gur bhaineamair súlach as
na rudaí ar fad. Fé mar ithimís greim aráin thógaimís
lán spiúnóige den tsubh. Nuair a bhí ár ndóthain itthe
againn bhí an subh i bhfad síos ins a' phróca ach cheanglas
an páipéár go haiclidhe arís air agus chuireas thar n-ais
ins a' churpad é mar bhí sé cheana. Is mór a' truagh ná
bíonn Mam sa Daingean gach aon lá.
Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí beaga agus
bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus cuilinn chugham. Do
chuireamair tiompall na bhfuinneóg é agus ar bharr an
dresser agus os ciomm na teine. Bhíodh sé deacair é
cheangal i n-áit ná bíodh adhmad agug chaithinn tairngí
móra do thiomáint sa bhfalla agus thuiteadh scailpeanna
den mhoirtéal anuas uaireannta. Nuair a bhí an tigh
críochnaithe againn rugamair ar "Sailor" - sin é an madra,
tá's agat - agus chlúduigheamair ó cheann go hearball é
le cuileann agus bhí anaspórt againn air. Nuair a
tháinig an tráthnóna lasamair an lampa agus bhí cuma
aerach ar an dtigh.
Bhí an oidhche ann nuair a tháinig Mam is Daid abhaile.
Nuair a tháinig sí isteach mheasamair go mbeadh an-áthas
uirthi, ach is amhlaidh do dhein sí raic, a mhic ó, nuair a
chonnaic sí na scailpeanna moirtéíl imithe den bhfalla.
Bhí sí gan aon chiall, a dhuine, agus b'éigean dom féin
teicheadh do dtáinig sí chun suainis.
Cáit d'innis dom lá'r na mháireach cad a thug Mam
ón nDaingean. Thug sí naoi gcoinnle móra fada léi
agus iad 'na seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn aca dearg.
Bhíodar chomh hárd leis an bhfuinneóig, a dhuine, agus thug
sí lán a' bhosca de rísíní agus de shiúicre agus de thé léi,
agus bairghín mór breac ón siopa, agus bhí buidéil ann -
buidéil go raibh deoch bhuidhe ionnta agus buidéil eile go
raibh rud éigin gormdhearg ionnta agus crúsca mór lán
de rud éigin dubh. Bhí cnapán mór feóla, leis, aici.
Chuala go dtug sí ubhla, leis, léi, ach ní bhfaghaimís-ne an
oidhche sin aon cheann aca toisc a raibh de dhíobháíl déanta
againn leis na tairngí. Chuir sí iad go léir isteach sa
churpad agus chuir sí an glas air.
Lá'r na mháireach mhairbh Mam gé agus lacha le sciain.
Is amhlaidh go ghearruigh sí cúl an ghé leis an sciain agus
chongaibh sí greim uirthi agus an gé a' scréachaigh agus an
fhuil ag imeacht aisti. Nuair do chaith sí uaithe ar an
dtalamh í bhí an gé ag léimrigh agus ag crith. Ní fhanfadh
Cáit ag féachaint uirthi 'á marbhú i n-ao' chor ach rith sí isteach
agus a méireanna 'na cluasa aici. Nuair bhí an gé fuar
chuir Mam páipéar tiompall ar a ceann agus bhain sí na
cleití dhi agus chuir sí ar crochadh ar chúl a' dorais í.
Oidhche Nodlag bhí anashaoghal againn! Fuaireas féin
agus Cáit dhá thurnap mhóra agus bhaineamair a leath dhíobh
agus annsan chuireamair poll síos ionnta chun na gcoinnle
chur 'na seasamh ionnta. Annsan sháthamair craobha beaga
cuilinn i ngach turnap aca agus chuir Cáit páipéar
tiompall ortha. Bhíodar go gleóite, a dhuine, agus
lasamair iad sar a dtáinig an oidhche i n-ao' chor; ach
mhúch Mam arís iad.
Istoidhche chuir mo Mham prátaí is iasc ar an mbórd
chughainn ach am' baisce nár itheas féin ná Cáit aon phioc
de mar bhí fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht. I
gcionn tamaill thairrig Mam amach an císte mór breac
agus do ghearruigh sí dhúinn é agus dhein sí té, agus
fuaireamair dhá ubhall uaithe.
Nuair a bhí athair Mhicilín ag dul thar doras thug Mam
isteach é agus thug sí braon as buidéal do - buidéal go
raibh trí réilthíní air - agus thug sí braon beag do Dhaid
agus fuair sí féin braon as buidéal eile agus dubhradar
go leir "go mbeirimíd beo ar an dtráth so arís!" -
pé brí a bhí aca leis. Tháinig Beit Mhór agus Máire Aindí
isteach agus chuir mo mháthair braon as a' mbuidéal buidhe
i dhá ngloine agus annsan chuir sí siúicre agus uisce
beirithe ionnta agus chorruigh sí le spiúnóig iad. Cheapas
ná hólfaidís sin i n-ao' chor ar dtúis é. Dubhairt Máire
Aindí: "Ó! go marbhuighidh sé mé má bhlaisim aon bhraon
de!" ach, mar sin féin, d'ól sí é go léir, agus níor
mhairbh sé leis í. Tháinig a lán eile isteach i rith na
hoidhche - buachaillí óga agus is as an gcrúsca mór a thug
Mam an deoch dóibh sin.
An riach! a mhic ó! nuair a chonnac iad go léir ag ól
tháinig dúil mhallaithe agam féin ann agus nuair a chuaidh
Daid amach le hathair Mhicilín agus bhí Mam ag cainnt
leis na mná i n-aice na teine, thógas féin slug as an
gcrúsca, a dhuine. Ach is láidir nár mhairbh sé mé leis
an mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é scaoileadh siar agus
bheadh eagla orm é chaitheamh as mo bhéal ar an úrlár,
agus seo liom ag baint an dorais amach agus mo bhéal
lán. Chonnaic mo mháthair ag dul amach mé.
"Cá raghair anois, a Jimín," ar sise, ach ar mh'anam
ná dubhart aon fhocal ach an doras d'oscailt agus cur
díom. Lean sí 'mach mé agus nuair a chonnaic sí mé ag
casachtaigh agus ag caitheamh seilí amach:
"Ha, Ha, Há!" ar sise, "a chladhaire, ní dhéanfainn
dabht do mhac t'athar. Masmus go gcuiridh sé ort!"
Ba ghránna an riach ruda é.
N'fheadar cad chuige dubhairt Mam an focal san "mac
t'athar" liom?
Bhí sé déannach nuair do chuamair a chodla an oidhche
sin mar bhí Mam ag ullmhú an ghé i gcomhair Lae Nodlag.
Do bhain sí amach a raibh istigh innti agus do nigh agus do
ghlan í agus annsan do líon sí arís í le prátaí brúighte
agus inniúin agus piobar agus im agus salann agus
rudaí eile agus do dhein sí é dhingeadh isteach innti.
Annsan fuair sí snáthad agus d'fhuaigh sí í. Bhíos féin
is Cáit ag faire uirthi.
Maidin Lae Nodlag chuaidh Cáit 's mo mháthair 'dtí an
chéad Aifreann. Bhíos féin agus Daid i mbun an tighe.
Faid a bhí Daid ag crú na mbó dheineas-sa foghail ar an
gcurpad. Ghoideas ubhall agus líonas póca liom de
rísíní agus bhí smut den bhairghin breac ann gearrtha -
chuireas chugham é sin, leis. Nuair a bhíos ag dúnadh an
churpaid arís, do bhuail smaoineamh mé, rugas ar a'
mbuidéal buidhe agus do leathlíonas cupán as. Bhlaiseas
é, ach ar mh'anam, dá olcas é an stuif dubh ba sheacht measa
an rud buidhe. Dhóghfadh sé thú, a dhuine! Annsan
n'fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaodhas ar an madra
agus chuireas fé n-a phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air,
a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as.
Annsan chuimhnigheas ar sheift eile. Fuaireas dorn
mine buidhe agus do fhliuchas leis an stuif as an mbuidéal
é agus chuireas sa bhuaile amuich é ar phláta. Siúd chuige
an ganndal mór agus d'alp sé a raibh ann. Níor bhraitheas
faic air go ceann tamaill. Annsan chrom sé ar ghogalaigh.
I gcionn tamaill d'éirigh sé as san agus chrom sé ar
shiubhal tiompall agus leathcheann air. Fáinne bhí sé a
dhéanamh agus é ag siubhal. Annsan stad sé agus leath
sé a dhá chois amach ó 'chéile agus bhí sé 'á shuathadh féin
anonn 's anall. Chuirfeadh sé na cait ag gáiridhe.
Annsan do luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fheaca
aon oighre riamh ach é ar sheana-Dhiarmaid chríona annso
amuich nuair a bhíonn sé ag tuitim dá chodla sa chathaoir
mhóir os comhair na teine agus é 'míogarnaigh. Annsan
luigh sé ar fad anuas ar a' dtalamh, do shín sé a phíopán
uaidh amach agus do leath sé a dhá sciathán agus níor fhan
anam ná brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh.
Ambaisce bhíos ag breith chugham ar eagla go gcaillfí é
agus ní fheadar cad a dhéanfainn. Chuala Daid ag teacht
ó chró na mbó agus chuireas díom isteach. Nuair a chonnaic
Daid an ganndal do stad sé agus bhí sé ag cainnt leis
féin.
"An diabhal mé ach go bhfuil sé 'na 'chocstí"!' ar
seisean. "A Jimín," ar seisean ag glaodhach. Bhíos-sa ag
scuabadh an úrláir ar séirse.
"Cad tá ort," arsa mise.
"Marbhochaidh do mháthair sinn," arsa Daid. "Tá an
ganndal mór ar na croití deiridh."
"Cad do dheinis leis?" arsa mise.
"Cad do dheinis-se leis?" arsa Daid.
Bhíos ag iarraidh é chur ar Dhaid agus bhí Daid ag
iarraidh é chur orm-sa.
"Gearánfad led' mháthair thú, a bhligeáird!" arsa Daid.
"B'fhearra dhuit éisteacht," arsa mise, "nó 'neósad-sa
dhi mar gheall ar an seacht is raol a bhainis as fiacha na
mbeithíoch."
"Seadh! agus 'neósad-sa dhi cé mhairbh an cat," ar
seisean.
Ar mh'anam, gur bhain Daid stad asam. Mheasas ná
raibh fhios ag aonne beirthe é. Ach níorbh é sin an chuid
ba mheasa den scéal ach go raibh Mam ag éisteacht leis
a' gcainnt go léir mar tháinig sí isteach i gan fhios dúinn.
Chrom sí ar an mbeirt againn, a mhic ó! agus níorbh fhiú
trí leathphingní sinn nuair a bhí deire ráidhte aici. Mise
agus Daid bocht! is cruaidh an saoghal atá againn! Níor
fhan focal im' Dhaid ach dh'éaluigh sé leis 'dtí an t-Aifreann
agus bhíos-sa trí fichid slat 'na dhiaidh aniar an bóthar síos
agus gan focal as aonne 'gainn.
Nuair a thána abhaile ón Aifreann bhí an ganndal i
n-aice na teine age Mam agus an t-anam ag teacht arís
ann. Ní fhuair Mam amach riamh cad d'imigh air mar nuair
tháinig Daid abhaile bhí sí ag baint sásaimh de i dtaobh gur
ól sé dhá ghloine fuiscí as an mbuidéal a bhí sa churpad.
Dubhairt Daid, "ambaiste," nár ól agus go raibh sí ag
cur éithigh air; ach d'áitimh sí air gurbh é a dh'ól é. Ní
rabhadar buidheach da chéile an chuid eile den tráthnóna.
Bhí truagh agam-sa do Dhaid; ach, dar fia! ba mheasa
liom me féin agus ní dubhart aon fhocal.
CAIBIDIOL VI
LÁ AN DREÓILÍN
Ní mór an sásamh a fuaireas féin ná Daid 'nár
ndinnéar tar éis teacht ón Aifreann La Nodlag toisc a
dhéine bhí Mam ag plé linn i dtaobh scéil an ghanndail
agus na scéalta eile a bhí scéidhte orainn tar éis na
maidne. Thug Daid iarracht nó dhó ar a rádh nárbh é féin
a dhein aon ní leis an nganndal. Dubhairt sise go searbh
gur dhócha nárbh é a dh'ól an dá ghloine fuiscí, ach oiread.
Bhí sé ar bharra mo theangan agam-sa a rádh nárbh é a dhein,
ach thuigeas i n-am dá dtéigheadh an focal thar mo bhéal
go gcaithfinn cúntas a thabhairt sa bhfuiscí úd. Dá bhrí
sin d'fhágas an scéal mar a bhí cé go raibh trua agam dom'
athair. Níor bhe'liom a raibh im' choinnibh féin cheana.
Bhí an ganndal i n-aice an teine agus é ag teacht
chuige féin. Nuair fhéachainn air ní fhéadainn gan gáire
dhéanamh nuair a chuimhnighinn ar an rud a dh'imigh air.
Chonnaic Mam me uair agus thóg sí os cionn talmhan me
le clabhta baise. Deirim leat gur chuireas an doras
amach díom tapaidh go maith gan aon gháire eile dhéanamh.
Thuigeas nuair a bhí sé ró dhéannach gur dhearmhad dom
gáire dhéanamh faid a bheadh fearg ar Mham. Thuig Daid
ó thúis é agus bhí a rian air - ní thug Mam aon chlabhta
baise dho; is amhlaidh a chuaidh sé féin amach'on stábla
agus do shuidh ar an mainnséar ann ag caitheamh tobac,
agus ní raibh focal as. Deineann sé mar sin go minic
nuair a bhíonn Mam ag deargadh bear air, is ní thuigim
ca' 'na thaobh. Dá mbuaileadh sí é mar dheineann sí liom-sa
déarfainn go mbeadh cúis aige ach ní bhuaileann choidhche.
Scaoileann sí le Daid i gcomhnaidhe. Dá bhfanadh sí ar
chainnt liom-sa is me ná beadh duairc.
Nuair ná raibh an dream sa bhaile i bhfonn chun coidrimh
chuas ar lorg Mhicilín Eoin. Thugamair tamall ag caitheamh
caidhtí agus tamall eile ag caitheamh tobac as phíp a fuair
Micilín ag dul amú i bpóca a athar.
Nuair a bhí an tobac caithte againn bhíomair ag iarraidh
cuimhneamh ar cad a dhéanfaimís.
"An dian!" arsa mise, "beirimís ar asal Thaidhg
Mhóir agus ar asal Mháire Aindí agus ceanglaimís a
dhá n-eirball!"
"Tá asal Mháire istigh ó mhaidin aici," arsa Micilín.
"Ná féadfaimís éalú amach as an stábla leis?"
arsa mise.
"N'fhéadfaimís," arsa Micilín. "Ná feiceann tú
Nell agus Tadhg Óg sa bhóithrín."
"Go dtagaidh fuacht ins na cosa aca, ná téigheann
isteach abhaile!" arsa mise. "'Bhfuil aon ní eile dhéan-
faimís? Ná fuil do chat-sa fós gan báthadh 'gainn?"
"Tá," arsa Micilín, "ach tá piscíní ó iné aici."
"Ó, hanaman diucs! báthaimís na piscíní, a Mhicilín."
"Ní bháthfam, a bhuachaill; teastuigheann ceann óm'
aintín agus ceann ó Nell Mháire Aindí."
"Och a dhe!" arsa mise.
Bhíomair i bhfad ag cuimhneamh ar rudaí ach an riach
ceann a bhí chun ár sásaimh. Sa deire d'éistíomair ar fad.
Sin é an uair a rith an rud im' aigne féin.
"Hanaman scian, a Mhicilín!" arsa mise, "'bhfuil
fhios agat cad é?"
"Cad é?" arsa Micilín.
"Bíodh Dreóilín amáireach againn!" arsa mise.
"Hanaman diucs, bíodh!" arsa Micilín, agus an dá
shúil ag dul amach as a cheann. "Agus bead-sa im'
amadán." [Sin é an fear go mbíonn an lomhnán gaoithe
aige sa Dreóilín, tá's agat, agus é ag bualadh gach aonne
leis.]
"Bead-sa im' chaptaen," arsa mise.
"Agus cé bheidh 'na óinsigh?" arsan fear eile.
B'in ceist chruaidh le réidhteach. Chuimhníomair ar Cháit
seo 'gainne agus chuamair chun an scéal a chur fé n-a
bráid; ach, a dhuine, do spriúch sí.
"Is mór an náire dhíbh é!" ar sise, "an dreóilín
bocht a mharbhú agus bheith ag siubhal pludaigh na dúthaighe
ag lorg airgid 'á chionn."
"Nach é scéidh ar ár Slánathóir," arsa mise; "agus
nach maith atá sé tuillte aige é mharbhú."
"Má seadh ní hé an dreóilín a bheidh agaibh-se a scéidh
Air," arsa Cáit.
"Mararbh' é, mhuise!" arsa mise, "b'é a dhaid críona
dhein é, agus aonne 'mháin iad."
Ach níorbh aon mhaitheas bheith ag gabháil do Cháit.
Dubhairt sí linn imeacht le n-ár seana-Dhreóilín gan mhaith.
Ná déanfadh gearrchailí i n-ao' chor na rudaí gránna a
dheineann buachaillí. Ní raghadh sí i n-aon Dreóilín.
Ní bhíonn aon mhaith ins na seanachailíní sin.
Bhíos féin is Micilín i gcruachás. Ní bheadh aon mhaith
i n-ár nDreóilín cheal óinsighe. Thriallamair cailíní an
bhaile ar fad ach ní thiocfadh aonne 'ca linn.
"Caithfimíd éirghe ar fad as," arsa Micilín.
"Ní éireochaimíd," arsa mise, "cuirfimíd éadach
óinsighe ar bhuachaill éigin."
Leis sin ghlaomair chughainn ar na leaideanna eile
agus d'innseamair dóibh an rud a bhí beartaithe againn
i gcomhair an lae amáirigh. Bhí sceitimíní áthais ortha go
léir.
"Caithfidh cuid agaibh éadach ban a bheith oraibh," arsa
mise.
Níor bhraitheas aon bhreis áthais ortha 'na thaobh san.
"Ní raghad-sa i n-aon éadach mná," arsa Tadhg Learaí
Bhig.
"Aonne ná fuil sásta déanamh mar adeirim-se leis
imigheadh sé as an nDreóilín ar a' hap," arsa mise.
D'éist Tadhg Learaí Bhig.
"Cá bhfagham éadaighe ban?" arsa Smulc, "agus cé
hiad go mbeid siad ortha?"
"Tadhg Learaí Bhig agus tusa, a Smuilc, gheobhaidh sibh
iad agus cuiridh oraibh iad agus bídh 'nbhúr dha n-óinsigh."
Níl aon bhean 'nár dtigh-ne," arsa Tadhg, "ach mo
mháthair agus is mó is mór a cuid éadaigh sin domh-sa."
Chuir san i dteannta me. Bhí'os agam gur cheap sé
go raibh buaidhte aige orm. Tháinig cochal orm chuige.
"Ná bac san, a Thaidhg," arsa mise. "Ní fál go haer
é. Gheobham culaith óinsighe dhuit-se ná bíodh eagal ort.
Bídh go léir annso ar a hocht ar maidin gan teip. Agus
anois téighimís ar lorg dreóilín."
Fuaireamair go léir maidí agus clocha agus níor
fhágamair tor ná claidhe ná bóithrín gan chuardach féach an
bhfaghaimís dreóilín le marbhú; ach an riach dreóilín a bhí
i n-aon áit aca. Dubhairt Smulc gur dócha gurbh amhlaidh
a bhíodar go léir imithe abhaile i gcomhair na Nodlag; ach
is dóigh liom-sa gurbh amhlaidh a bhíos fhios aca go raibh lá
an dreóilín ag teacht agus go ndeachadar go léír i bhfolach
ar eagla go marbhochaimís iad.
B'éigean dúinn sa deire dul abhaile gan aon dreóilín.
Theastuigh ó Mhicilín arís go n-éireochaimís as an scéal
toisc gan an t-éan beag a bheith againn; ach dubhart-sa
go leigfimís orainn go raibh sé istigh i neid i lár an tuir
chuilinn againn agus ná leigfimís d'aonne féachaint air.
Ní raibh Micilín sásta ar fad, cé gur ghéill sé.
Bhí hata cruaidh agus casóg eirbaill istigh i gcurpad
mór sa bhaile. Lem' Dhaid Críona dob' eadh iad sarar
cailleadh é, fad' ó riamh. Chuireas i gan fhios iad amach ar
lochta an stábla. Bhíos ar lorg bróg, leis, le cur orm,
ach ní raibh aon fheidhre sa tigh ná tuitfeadh dem' chosa ach
feidhre de bhróga deasa 'leaistic le Mam a bhí os cionn
an iarta ar chlár aici. Chuireas mo shúil ortha san, ach
d'fhágas mar a rabhadar go maidin iad ar eagla go
mbraithfeadh Mam an drochfhuadar. Dheineas aghaidh feidil
as bib le Cáit agus thógas a raibh de ribíní sa bhoiscín aici
agus chuireas ar an hata iad. Fuaireas píce agus
cheangluigheas tor cuilinn ar a barra agus nead istigh 'na
lár, de chaonach.
Ó ba chaptaen mise, dar ndóigh, níor mhór dom
claidheamh. Ní raibh aon chlaidheamh sa tigh riamh againne
ná ag aonne ar an mbaile - ná gnó aca dhe - agus d'fhág
san mise i dtaoibh le claidheamh adhmaid a dheineas de
chláirín. Tháirneálas píosa beag sé n-órlach treasna air
i n-aice mo láimhe.
Nuair a bhí mo chuid féin fachta agam chuas ar lorg
culaith óinsighe do Thadhg Learaí Bhig. Ní raibh aon ní
oiriúnach le fagháil ach éadach le Cáit, agus bhíos i gcás
idir dhá chomhairle cad a dhéanfainn. Chuarduigheas seomra
Mam ach ní raibh aon rud ann go bhféadfadh Tadhg é
chaitheamh. Bhí an scéal ag déanamh tinnis dom agus sinn
ag dul a chodla. Nuair a bhí an Choróin Mhuire 'a rádh
againn thug Mam greasáil eile dhom mar na dubhart-sa ach
seacht gcinn den deichniúr. Ní fheadar-sa an ndubhart nó
ná dubhart i gceart iad mar nach ortha bhíos ag cuimhneamh
ach ar chulaith do Thadhg Learaí Bhig.
D'éirigheas-sa roimis an gcuid eile den tigh ar maidin.
Bhuaileas na bróga leaistic fém' ascail. Annsan chuas go
dtí seomra Cháit is chuarduigheas arís do chulaith i gcomhair
Thaidhg. Do phrioc an t-Áibhirseoir me sa deire agus
thugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amach tríd
an bhfuinneóig liom go dtí an stábla. Chuireas orm mo
chulaith Dreóilín - na bróga leaistic agus an chasóg eirbaill
agus an hata caroline agus ribíní Cháit ar sileadh leis.
Bhuaileas orm an aghaidh feidil annsan agus mo chrios
agus mo chlaidheamh, agus deirim-se leat, a dhritheáir,go
raibh cuma captaen Dreóilín orm má bhí sé ar aonne
riamh. D'imigheas annsan ar lorg na coda eile. Bhíodar
ag teacht, duine ar dhuine, agus an riach duine aca d'aithin
me, a mhic ó! gur bhaineas an aghaidh feidil díom.
Thugamar tamall maith ag feistiú a chéile sara
rabhamair ullamh. Nuair tháinig Tadhg Learaí Bhig chromas
ar éadach Cháit a chur air. Ach bhí ceataighe sa scéal - ní
raghadh éadach Cháit ar Thadhg gan Tadhg do bhaint a choda
féin de - rud nár thaithn i n-ao' chor leis. Níor fhan dá chuid
féin air ach a léine; ach nuair a bhí an gúna air agus caidhp
bhiorach páipéir ar a cheann bhí sé 'na ghearrchaile deas go
leor. Do scéidh na bróga air, áfach. Feidhre le n'athair
ab eadh iad agus iad ró mhór do. Is amhlaidh a bhíodh sé
á dtarrang 'na dhiaidh agus gach aon phlup-flap aca.
Ceathrar de lucht ceoil do bhí againn. Thugas féin
orgán béil liom a fuair Cáit óm' Aintín. Ag Tumaisín
Bán a bhí sé 'á sheinm i rith an lae. Bhí trúmpa stáin ag
Micilín a thug sé do Smulc. Thug duine eile mias mhór
stáin leis agus do bhí ag gabháil de mhaide air agus bhí
bucaed stáin ar sileadh le muineál duine eile agus bhídís
a gceathrar ag séideadh is ag bualadh is ag greadadh i
dteannta chéile agus dheinidís ceól breá.
Thugas an tor cuilinn le hiompar do Pheats Mhicilín
Dan agus bhí lomhnán gaoithe ag Micilín Eoin a fuaireamair
ó Thadhg Óg nuair mharbhíodar an mhuc roim Nodlaig agus
bhíodh sé ag bualadh gach aonne leis. Bhí málaí ar chuid
aca agus léinte fear ar a thuille agus seanasciorta le
n-a mháthair ar fothdhuine. Bhí blús gorm le Nell Mháire
Aindí ar Mhicilín Eoin agus an riach pioc di d'aithin i n-ao'
chor air é gur chuimhnigh sí uirthi féin lá'r na mháireach.
Tigh Bheit Móire an chéad áit a chuamair. Bhí mo
chlaidheamh ar tarrang agam féin nuair mháirseálamair an
doras isteach chúichi. Bhuaileamair suas ceol di agus
dheineamair rinnce ar an úrlár. Dheineamair fáinne
tiompall ar Bheit agus sinn ag damhas. Chrom Beit ar
rinnce í féin, istigh i lár an fháinne agus b'in é an
t-iongantas: promsáil Bheit a dh'fheiscint. Bhí giorr-
anáil uirthi nuair a stad sí agus b'éigean di suidhe.
"Ara mhuise, is tréan na buachaillí sibh," ar sise.
"Caith chughainn dorn airgid," arsa sinne, mar b'in é
b'fhearr linn ná aon phlámás.
"Airgead ab eadh?" ar sise. "Och, maran sibh na
rógairí agam!" Agus bhí sí ag gáirí ag dul go dtí an
dresser. Tá Beit anabheathaithe agus nuair a gháireann
sí bíonn sí ar fad ag crith agus annsan ní fhéadfá féin
gan bheith ag gáiridhe leis.
Thóg sí seanamhuga den dresser agus fuair sí dhá
thuistiún rua ann agus thug sí dhúinn é. Dheineamair greas
"Lean ort," ar seisean, "Is tusa fe ndeara é."
eile ceoil annsan di agus babhta rinnce agus d'imíomair.
Chuamair go tigh Mhicilín Eoin agus fuaireamair réal ann.
As san linn go tigh Thaidhg Óig. Bhí Tadhg Óg istigh agus
bhí sé ag magadh fúinn agus 'á rádh ná raibh ceol ná rinnce
againn; ach nuair a bhíomair ag imeacht thug sé scilling
dúinn agus thug bean a dhritheár réal dúinn.
Nuair thánamair go Tigh Mháire Aindí bhí anagheóin
againn. Úrlár leac a bhí ann, tá's agat, agus dheineamair
cnagarnach bhreá air ag rinnce. Nuair a chualaidh an
madra mór atá aca an ceol shuidh sé ar a chorragiob agus
chuir sé a shrón san aer agus d'oscail a bhéal agus bhí ag
cur glamanna móra brónacha ceoil as i dtreo is go
gceapfá go raibh gach madra riamh a bhain leis marbh. Bhí
Nell d'iarraidh sinn d'aithint. Chaith a máthair amhras
láithreach orm féin.
"Mhuise, slán beo le seana-Thadhg," ar sise, "agus ní
hé sin crích ba mhaith leis ar a chasóig ghreanta."
"Ara! ní hí an chasóg atá ag déanamh tinnis anois
do," arsa mise. "Ná fuil sé deich mbliana sa chré."
"Marbhochaidh do mháthair thu," arsa Máire Aindí.
"Ná bí ag tarrac mo mháthar chugham," arsa mise, "ach
tr'om scilling don Dreóilín."
Gháir Máire.
"Féach, a Nell," ar sise, "gheobhaidh tú réal sa sparán
san thíos agus tabhair dosna buachaillí í."
Chuaidh Nell go dtí an sparán ach ní réal a thug sí
dhúinn ach scilling. Annsan thug sí stráice aráin an duine
dhúinn agus bhí risíní ann. Is maith liom féin Nell.
Thugamair turus ar na tighthe eile sa bhaile i ndiaidh a
chéile ach d'fhágas ár dtigh-ne ar deire. An rud adubhairt
Máire Aindí i dtaobh culaith mo Dhaid Chríona agus i dtaobh
na feirge bheadh ar Mham - sin é chongaibh ón dtig me. Ní
baoghal ná go n-aithneochadh Mam an chasóg eirbaill agus
an hata agus d'fhágfadh san an Dreóilín gan chaptaen.
Sé dheineas sa deire na an chuid eile a chur go dtí an tigh
agus fanúint me féin sa bhóithrín. Bhí seans go bhfaghaidís
scilling ó Mham mara bhficeadh sí mise 'na dteannta.
Bhuel! a dhritheáir, is maith a scaras leis is gan dul
leo. Chonnac iad go léir ag dul an doras isteach agus
na gléiseanna ceoil ar siubhal aca. Níorbh' fhada, áfach,
gur stad an ceol go hobann agus chonnac ag brú a chéile
sa doras arís iad d'iarraidh teacht amach. Stadadar taobh
amuich agus bhíodar ag féachaint an doras isteach ar rud
éigin a bhí ar siubhal istigh ach ní leomhfadh aonne 'ca dul
róghairid don doras. "Mam arís, déarfainn," arsa mise
agus thugas mo bhuidheachas do Dhia gur fhanas ó n-a crúcaí.
Ní fada dhom go bhfeaca mo dhuine Tadhg Learaí Bhig
ag teacht an doras amach chun na coda eile agus ba dhóbair
go dtuitfinn nuair chonnac an íde bhí air. Ní raibh d'éadach
ná de chulaith an Dreóilín air ach an méid nár le Cáit seo
'gainne. Aon lá dá chuimhne ní tháinig dom agus me ag
cura na coda eile go dtí an tigh, go n-aithneochadh Mam
gún Cháit ar Thadhg.
Bhí Tadhg ag pusíl ghuil agus a lámh treasna a shúl
aige leis an náire. Bhí trua agam do ach, ar mh'fhalaing,
nuair chonnac a' bhreill a bhí air agus an dá bhróig mhóra
'á dtarrang 'na dhiaidh aige ag teacht chugham sa bhóithrín
níor fhéadas gan gáiridhe. Nuair chonnaic Tadhg me ag
gáiridhe tháinig an gomh air.
"Léan ort," ar seisean, "is tusa fé ndeara é," agus
bhí an gol agus an fhearg 'á thachtadh. Rug sé ar na clocha
sa bhóithrín agus bhí sé a' rúscadh liom agus gach aon liú
guil aige. Phléascamair go léir ag gáiridhe. "Hí-ú,
cosa buidhe árda!" arsa mise. Dhein san an donas ar
fad ar Thadhg. "Bú hú!" ar seisean agus as go bráth
leis abhaile tré sna garraithe.
Ach dá mhéid an greann a bhí againn ar Thadhg ní rabhas-sa
i n-ao' chor istigh liom féin. Bhí fearg mo mháthar mar do
bheadh scamall os mo chionn.
D'imigh an Dreóilín ar fad soir chun na ceardthan agus
chun na dtighthe i n-aice leis, ach ní fhuaireas aon spórt
insa Dreóilín a thuille. Nuair a chuamair go tigh Pheats
Teaimí ní thabharfadh sé aon ní dhúinn. Dubhairt sé gur
"paca bligeárd" sinn agus chuir sé an madra linn; ach
d'éirigh an madra as an scéal nuair a bhuaileas-sa isteach
sa chliathán le cloich é. Rith Peats im' dhiaidh le n-a mhaide
ach bhí fuar aige bheith ag iarraidh breith orm-sa agus na
bróga leaistic orm!
Bhíomair tuirseach den Dreóilín fén dtráth san agus
dubhramair go n-éireochaimís as. Bhí ocras ag teacht,
leis, orainn. Dó dhéag is seacht bpingne bhí againn agus
roinneamair idir an deichniúr a bhí sa Dreóilín é-
scilling is leathréal an duine. Thugamair an phinginn
bhreise do Thadhg Learaí Bhig toisc an sceimhle fuair sé ó
Mham. Micilín a thug abhaile chuige é. Annsan thug gach
aonne aghaidh ar a thigh féin agus fuadar ocrais fé.
Ach, a' dtuigeann tú, ní raibh aon fhuadar fúmsa chun an
tighe. Bhí drochionntaoibh agam as an bhfáilte a cuirfí
romham. Thugas fuath dhon mbaile. Thuigeas, tá's agat,
go raibh Mam ag feitheamh liom ann agus go mbeadh
sásamh uaithe i ngúna Cháit agus i gcasóig mo Dhaid Chríona
agus sa hata charoline agus dubhart liom féin gurbh é
mo leas Mam a sheachaint i láthair na huaire sin agus
b'fhéidir le himeacht aimsire go dtiocfadh sí chun bladair
liom arís.
Suas go dtí tigh Mháire Aindí chuas. Ní fhéadfainn
fanúint amuich agus an chulaith mhallaithe úd orm, agus bhí
an lá fós ann i slí ná féadfainn dul i gan fhios go dtí
an stábla chun mo chuid éadaigh féin d'fhagháil. Bhí an
t-ocras ag gabháil díom go géar agus bhí súil agam, tá's
agat, go bhfaghainn píosa de chíste Nodlag ó Nell.
D'íosainn píosa mór de chíste an uair chéadna.
Bhí Nell istigh agus Máire Aindí agus Tadhg Óg.
Nuair chonnaic Tadhg an chulaith fós orm tháinig fonn
magaidh air.
"Déanfaidh sé seo Dreóilín go hoidhche dho," ar
seisean.
"Nach agat atá an cion ar bhalcaisí do Dhaid Chríona?"
arsa Máire Aindí agus bhí sí ag gáiridhe.
Rug Nell ar an hata agus do chuir ar a ceann é.
Dar fia! níor oir sé go holc i n-ao' chor di.
"Tr'om an chasóg leis," ar sise agus bhain sí dhíom í
agus bhí 'á cur uirthi.
"Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanamh Máire
Ní Ógáin díot féín," arsa Máire Aindí.
Níor dhein Nell ach gáire agus d'fhéach sí síos uirthi féin.
"Ná fuilim go deas?" ar sise.
"Ó! go gleóite!" arsa Tadhg.
Ní dubhairt Maire aon ní.
"Cad dubhairt do Mham leat nuair a chonnaic sí thu?"
arsa Nell.
"N'fheaca sí fós me," arsa mise, "mar na rabhas sa
bhaile chuige."
"Agus ab' amhlaidh atá eagla ort dul?" arsa Nell.
"Ba mhaith an ceart do," arsa Tadhg, agus d'innis sé
dhóibh cad d'imigh ar Thadhg Learaí Bhig. "Agus dá mhéid
an néal a bhí uirthi nuair chonnaic sí gúna Cháit ar Thadhg
beag tháinig an gomh ar fad uirthi nuair bhraith sí casóg
agus hata a hathar imithe!" arsa Tadhg Óg.
Bhí 'fhios agam féin gur mar sin a bheadh, leis, gan
Tadhg Óg 'á innsint dom i n-ao' chor. Bhraitheas mo
chroiceann greadaithe, scólta cheana féin ón mbualadh a
bhítheas chun a thabhairt dom.
"Ní gádh dhi i n-ao' chor bheith chomh cruaidh ar bhuachaill
bocht," arsa Nell.
"B'fhéidir nár ithis aon dínnéar iniu, leis," ar sise.
Thuigeas go raibh Nell tuisceannach agus go mbeadh sí
ag tathant orm go gcaithinn rud éigin.
"Ó!" arsa mise, "Níl aon ocras orm." Bhí, a'
dtuigeann tú, ach ní leigfeadh náire dhom é rádh.
"Mara bhfuil féin b'fhéidir go n-íosfá píosa de chíste
Nodlag."
Bhíos i gcás cruaidh - ní fhéadfainn a rádh go n-íosainn
agus níor mhaith liom a rádh ná híosainn. Ach bhí Nell
tuisceannach. Chuaidh sí agus thug sí chugham cannta mór
de bhairghin breac agus muga bainne. Nuair a bhíos 'á
dh'ithe dubhart liom féin gurbh í Nell an duine ba thuis-
ceannaighe dar bhuail riamh liom.
Nuair bhí an béile ithte agam bhraitheas feabhas mór ar
gach aon scéal agus bhíodh cuimhne Mham ag imeacht uaim
go bhféachainn i gcomhnaidhe ar an gcasóig eirbaill. Do
réir mar bhí sé ag dul i ndéannaighe, áfach, agus gur mhithid
dom bheith ag dul abhaile ní rabhas i n-ao' chor istigh liom
féin. Bhí a cuimhne ag teacht tar n-ais chugham go hana-
shoiléir ar fad. Níor shamhluigheas aon ní léi an uair sin
ach sceimhle mhór an Luain go mbíonn Beit Mhór ag trácht
air go minic, pé rud é. Ach ní raibh aon dul uaidh agam,
thuigeas, agus d'éirigheas chun dul abhaile.
"Abhaile taoi ag dul?" arsa Nell.
"Seadh," arsa mise, "agus ba bhreá bheith ag dul 'on
croich seachas é."
Do gháireadar go léir. D'fhéachas anonn ar Nell.
"Mhuise, beannacht Dé ort! agus téanam ort im'
theannta féachaint a' bhféadfá faobhar mo mháthar a chur
díom."
Is dócha gur thuig sí an cás cruaidh a bhí orm. Do
phreab sí.
"Mhuise im' briathar go raghad," ar sise.
Tháinig oiread bó de chroidhe dhom, a dhuine. Bhí Máire
Aindí ag gáiridhe fén scéal.
Nuair a bhíomair ag imeacht, arsa Tadhg Óg: "Arbh
aon chabhair mise dhul 'nbhur dteannta?" agus d'fhéach sé
ar Nell. Do stad gáire Mháire Aindí agus tháinig cuma
míchéadtach uirthi nuair fhéach sí sa chúinne ar lorg rud'
éigin. Le n-a linn sin d'fhéach Nell ar Thadhg agus do
bhagair a ceann chun an dorais.
"Téanam ort," arsa mise, agus tháinig.
Ba mhór an misneach orm é an bheirt a bheith faram agus
me ag dul go dtí an tigh. Gaibheamair an bóithrín - mise
ar tosach agus iad-san im' dhiaidh agus lámh Nell i láimh
Thaidhg, toisc an oidhche bheith ann is dócha. D'fhanadar
i ndoras an stábla faid a bhíos-sa ag dul ar an lochta
ar lorg mo chuid éadaigh féin agus 'á chur orm.
Nuair thána arís chúcha ghluaiseamair chun an tighe. Ní
mise bhí ar tosach an babhta so am baic! Is i gcoinnibh
mo chos a bhíos ag dul ann, a dhuine.
Ná bíodh aon drochmhisneach ort, a bhuachaill," arsa
Nell liom, "Siubhail leat."
"Ní leigfidh tú dhi me mharbhú ar fad, a Nell," arsa
mise.
"Ní leigfead," arsa Nell. "Croith suas tu féin."
Thugas me féin suas do Dhia agus do Mhuire agus
rugas greim ar ghúna Nell agus chuas thar doras isteach
'na diaidh. Bhí Mam 'na suidhe ag ceann an bhúird agus
Daid le hais na teine agus Cáit imithe a chodla, is dócha.
Nuair chuas isteach d'fhéach Mam orm. Chloisfeá biorán
dá dtuiteadh. Do stad mo chroidhe agus m'anál agus
chrom rud éigin i gcolpaí mo chos ar chrith agus mheasas
go dtuitfinn.
"Tháinís," ar sise.
Ar mh'fhalaing nár labhras! D'éirigh Mam agus thóg sí
anuas an tslat den chlár os cionn na teine mar a mbíodh
sé i gcomhnaidhe aici.
"Tar i leith chugham," ar sise.
Ó mhuiricín! bhíos ag cur uaim. Leis an scannra
bhíos ag bogadh de ghúna Nell chun dul chun na slaite nuair
chuir Nell taobh thiar di me.
"Ní bhuailfidh tú barra méire ar an mbuachaill," ar
sise le Mam. Mo cheol í Nell.
"Buailfidh me agus bainfidh me an croiceann anuas
do, mar is é atá tuillte aige," arsa Mam.
Bhí scaimh uirthi 'á rádh, a dhuine.
"Á faire, a Mham! ná dein," arsa Nell. "Dhein an
garsún bocht dearmhad agus tá aithreachas anois air."
"Aithrighe thóirnighe," arsa Mam. "Scaoil i leith chugham
é agus múinfead-sa dho …"
"Ach beidh sé 'na bhuachaill maith gach aon uair eile,"
arsa Nell.
Bhí Nell ar a dícheall.
"Beidh, nuair bhead-sa críochnaithe leis," arsa Mam,
agus thug sí fogha tiompall ar Nell chun beirthe orm.
Léim Nell eadrainn chun me chosaint ach is baoghal go
dteipfeadh uirthi agus go mbeadh deire le Jimín mara
mbeadh gur dhein Tadhg Óg fóirithint orm. Ní dhearmhadfad
go bráth dó é. Rug sé ar láimh ar Mham agus bhain sé an
tslat di. Ó 'dhuine! ba mhór an fhuascailt é. Bhí Mam
ar buile ach do dheineadar cainnt bhreá bhog léi 'á ciúnú:
gur buachaill bocht óg me agus ná raibh aon chiall agam -
ná bíonn ceann críonna ar cholain óig - ná tagann ciall
roim aois - gur fearr go hanamúil aerach me ná bheith im'
ruidín mílítheach cois na teine aici - go ndéanfainn fear
maith ciallmhar fós, le congnamh Dé-agus nach minic a
chuala sí na seandaoine 'á rádh gur "duine óg diagaithe
adhbhar diabhail seanduine"; agus a lán eile cainnte mar
sin gur chuaidh sí chun suainis.
Annsan tharraing Tadhg scéal eile anuas-go raibh cúig
phúint a cúig déag ar bhanbhaí ocht seachtaine ar shráid an
Daingin Satharn na Nodlag agus bhréagadar Mam mar
sin ó bheith ag cothú fala im' choinnibh-se. Faid a bhíodar
ag cainnt d'éaluigheas féin chun súsa agus me go buidheach
tré a fheabhas a chuas as. Ní haon néal chodlata thuit orm,
áfach, go gcuala Nell agus Tadhg ag imeacht abhaile agus
níor stad mo chroidhe de bhualadh go gcuala Mam ag dul
d'á seomra féin. Is sia chuimhnigh sí ar mhíghníomh lae sin
an Dreóilín im' choinnibh ná aon rud eile bhí déanta le
fada agam. Gach aon mhaidean Domhnaigh nuair a chíodh sí
gúna Cháit agus an rian dubh a dh'fhan air i ndiaidh an lae
mhí-áidh sin ní fhéadfadh sí gan é chur i gcuimhne dhom. Dá
mbuaileadh Dia aon tseans i dtreo Cháit go bhfaghadh sí
gúna nua ba mhór an suaineas dom é.
CAIBIDIOL VII
MAR BRISEADH CLEAMHNAS PHEATS TEAIMÍ
Táim le fada ag faire ar Nell Mháire Aindí agus ar
Thadhg Óg. Go dtí coigthíos ó shin bhíodh an bheirt aca sa
bhóithrín gach aon tráthnóna. Is mó tamall a thugas ag
faire ortha. A leithéid de chogarnaigh is a bhíodh aca, a
dhuine! D'éaluigheas-sa taobh thiar de'n chlaidhe oidhche ag
éistecht leo féachaint cad a bhí ar siubhal aca. Ní
rabhadar buidheach dá chéile. Is amhlaidh a bhí sí sin ag
tabhairt greadadh dho i dtaobh go raibh sé ag rinnce le
cailín ó Bhaile na hAbhann. Thug Tadhg na seacht leabhair
déag ná raibh aon tor' aige ar an gcailín ó Bhaile na
hAbhann ná ar aon chailín dá rugadh riamh ach uirthi féin.
N'fheadar ar chreid sí é, nó nár chreid. Is dócha nár
chreid mar nuair thug sé iarracht ar í phógadh bhuail sí
clabhta baise sa leathcheann air. Is minic a bhídís mar sin
sa bhóithrín.
Tráthnóna tiompall coigthíse ó shin tháinig Máire Aindí
isteach go dtí mo mháthair agus bhíodar ag cogarnaigh agus
thuigeas go raibh scéal mór éigin ar siubhal aca.
Chuireas-sa mo chuid leabhar ar cheann an bhúird le hais
leo chun bheith ag foghluim mo chuid ceacht, mar a dhéanfadh
buachaill maith, ach dubhairt Mam liom dul d'iarraidh
gabhál móna. Nuair a bhí sé sin istigh agam chuir sí amach
mé d'iarraidh uisce. Thugas liom an t-uisce, agus annsan
dubhairt sí liom dul ar lorg na ngéanna. Bhí fhios
agam-sa go maith cad chuige a bhí sí am' chur amach, ach dá
fheabhas í, fuaireas amach cad do bhí ar siubhal aca.
D'éaluigheas isteach trí fhuinneóig an tseomra agus bhíos
ag éisteacht ag poll na heochrach. Máire Aindí a bhí ag
cainnt.
"N'fheadar-sa cad é an saoghal atá anois ann ná
deineann an dream atá suas mar do dhein a muinntir
rómpa-a bheith sásta leis an té a gheobhadh a n-athair nó
a máthair dóibh."
"Tá atharú tagaithe ar an saoghal ó bhíos-sa is tusa
óg agus ní hé an meón céadna atá age daoine," arsa
Mam. "B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an gcailín.
Mara bhfuil sí sásta é siúd do phósadh, b'fhéidir nach ceart
duit-se iachall a chur uirthi é dhéanamh."
"Cumá ná beadh sí sásta leis?" arsa Máire. "Ná
fuil díol aon chailín d'fhear ann? Agus cad é an tácht
má tá blianta beaga aoise aige uirthi? Nach fearr é ná
an glaigín gan éifeacht san go bhfuil sí ag cur na súl
amach ag gol mar gheall air ó tháinig an scéala cleamhnais
ó Pheats Teaimí?"
Sin é adubhairt Máire.
"An mór an spré a thairrig Peats duit, a Mháire?"
arsa Mam.
"Thairrig, a chroidhe," arsa Máire, "cúig céad púnt
slán, agus nach orainn a bheadh an seans an méid sin
airgid do bhualadh an doras isteach chughainn. Ní chuirfinn
a chathú go bráth díom dá scaoilinn uaim é."
Ní dubhairt Mam aon ní go ceann tamaillín.
"Tá sé anachríona, a Mháire," ar sise fé dheire.
"Ní mó ná deich mbliana is dachad d'aois é. Is mó
lá oibre fós ann," arsa Máire.
"Níl Nell ach ceithre bliana fichead," arsa Mam.
"Arú, nach ag dul i n-aois a bheidh sí?" arsa Máire.
"Cad deir sí i dtaobh an chleamhnais?"
"Arú, is mó rud a deir sí, ach tiocfaidh ciall di ar
ball. Mara mbeadh Tadhg Óg san, níor ghádh dhom bheith
ag tathant i n-ao' chor uirthi. An raibh a leithéid d'inghin
riamh ag aoinne? Fear breá, ciallmhar, aici 'á dh'fhagháil,
agus gan aon tor' aici air."
"Féach, a Mháire," arsa Mam, "b'fhéidir go bhfuil an
ceart ag an gcailín, má tá éileamh aici ar Thadhg Óg, is
dócha gur dheacair léi an sean-Peats Teaimí do phósadh … "
"Tse! éileamh aici ar Thadhg Óg! Agus má tá féin
cad a bhaineann san leis an scéal? Ní bhíonn san éileamh
san ach caitheamh aimsire; ach ní haon chaitheamh aimsire
pósadh."
"Cad é an locht atá agat ar Thadhg Óg?" arsa Mam.
"Arú, ná bí ag cainnt liom ar Thadhg Óg," ar sise,
"níl aon deáramh leis, é féin agus a thrí chéad-go-leith
púnt is go bhfuil an doras 'á chur isteach orm gach aon lá
age daoine ag teacht ag tathant cheithre céad agus cheithre
céad-go-leith orm, agus nach shin cúig céad 'á tharrac dom
age Peats Teaimí."
"An t-aos, a Mháire, an t-aos," arsa Mam, "b'fhéidir
ná mairfeadh sé sin deich mbliana eile."
"Arú, mara mairidh sé, féin, ná beidh sí 'na bean óg
an uair sin, agus gheobhaidh sí fear eile agus, dá n-abrainn
é, spré."
Bhíodar tamall eile ag cainnt mar sin, ach thuigeas
mar do bhí an scéal, agus d'éaluigheas liom amach arís
tríd an bhfuinneóig. Tigh Mháire Aindí bhaineas ar dtúis
amach. Ní raibh aonne istigh ach Nell agus rian an ghuil
uirthi.
"Arú, ná bí ag gol i n-ao' chor!" arsa mise, "ar
ndóigh ní mhairfidh sé sin deich mbliana eile."
"Cé hé?" ar sise.
"Peats Teaimí," arsa mise, "agus beidh tú id' bhean
óg an uair sin." Tháinig dhá shúil di agus do las sí go
bun a cluas.
"Bhfuil éileamh agat ar Thadhg Óg?" arsa mise.
"Dubhairt Mam go raibh."
Ní dubhairt sí aon ní, ach bhí sí ar bruach ghuil.
"Agus dubhairt do mháthair ná raibh annsan ach caitheamh
aimsire, agus go gcaithfeá Peats agus a chúig céad púnt
a phósadh. Bhíos ag éisteacht leo trí pholl na heocrach."
"Cad dubhradar?" ar sise.
"Dubhairt mo Mham gur mhór an náire tú phósadh le
seanduine," arsa mise, "agus bíonn an ceart age Mam.
Féach, a Nell, ná pós Peats san i n-ao' chor, agus
cabhróchad-sa leat."
Do gháir sí tríd an ngol.
"Dá fheabhas tú, mhaise, a Jimín," ar sise, "raghaidh
ded' dhícheall mé chosaint ar Mham agus ar an seana-
chníopaire sin go bhfuil chúig céad púnt aige."
"Fan bog, mhuise," arsa mise, agus siúd liom an
doras amach.
Nuair a bhíos ag gabháil síos thar tigh Thaidhg Óig, bhí
Tadhg san iothlainn agus é ag gearradh turnpaí. Ach ní
ag gearradh a bhí sé i n-ao' chor, mar is amhlaidh a bhí a uile
anuas ar an meaisín aige, agus a lámh fé n-a leathcheann,
agus níor dhóigh leat air go raibh aon anamhisneach air.
"Cad é an fuadar atá anois fút, a Jimín?" ar
seisean.
"Fuadar cleamhnais, dar fia!" arsa mé féin. N
fhéadfainn gan é leigint amach.
"Arú, cé dho?"
"D'inghin Mháire Aindí," arsa mise.
Mheas sé gur ag magadh fé a bhíos. "Tá stócach aici
mhuise," ar seisean.
"Is fearr mé ná tusa pé scéal é, agus dá mbeadh
aon mhaith ionnat, ní hannsan do bheifeá, ach shuas aici.
Tá sí 'na haonar agus í ag gol," arsa mise, "agus ní
fiú thú bheith ag gol mar gheall ort." N'fhéadfainn é
chongáil istigh.
Chaith sé turnap liom.
"Níl aonne 'na teannta," arsa mise, agus as go
bráth liom.
Tá Peats Teaimí 'na chomhnaidhe dhá mhíle siar uainn.
Nuair thána ann, ní raibh sé istigh. Dubhairt duine éigin
liom go raibh sé sa cheardchain. Chuas annsan. Bhí an
oidhche tuitthe, agus a lán daoine istigh ann ag caitheamh
tobac. Bhí an gabha ag baint sranntarnaighe as na builg.
Nuair do chonnaic sé mise, do stad sé.
"Seadh, a bhuachaill bhig," ar seisean, "cad tá uait-se?"
"Tá Peats Teaimí," arsa mise, "bhfuil sé annso?"
"Sin é 'na shuidhe ar cheann an bhínnse é," ar seisean.
"An é an seanaleaid maol é?" arsa mise.
Ní dubhairt aonne faic leis sin, ach do gháir slibire do
gharsún fada do bhí ann. Bhí a lán des na fearaibh, áfach,
a thug súnnc uileann dá chéile. Tháinig lasadh sa bhfear
maol.
"An tusa Peats Teaimí?" arsa mise leis.
"Cad dob áil leat díom?" ar seisean.
"Thána i leith," arsa mise, "ó inghin Mháire Aindí chun
a rádh leat ná pósfadh sí i n-ao' chor thú, mar gur seana-
chníopaire thú; agus deir Mam go bhfuil an ceart aici;
ach deir Máire Aindí nach mór an díobháil a bheidh déanta
má phósann tú Nell, mar nach fada mhairfir agus go
mbeidh Nell 'na bean óg id' dhiaidh, agus go bhfaghaidh sí
fear eile, agus beidh do chúig céad-sa aca."
Faid a bhíos ag cainnt bhí meanga gáire ag teacht ar
chuid des na fearaibh agus sara raibh deire ráidhte agam
bhí clab ar an gcuid ba mhó aca ag gáirí. An riach, a mhic
ó, ach go dtáinig straidhn ar Pheats Teaimí chugham.
Phreab sé anuas den mbínnse agus é ar buile le feirg.
"Don diach a bheirim Máire Aindí agu sa toice
inghine!" ar seisean. "Abair leo gur maith liom bheith
scartha leo mar gurbh olc an íde thug an tseanabhean ar
an bhfear a bhí aici féin nuair a chuir sí sa chré go hóg é.
Sin é an íde a mheas sí a thabhairt orm-sa leis, is docha,
tar éis mo chuid a shlad uaim. Bheirim-se an fial! ná
bead-sa am' amadán aca. Fág mo radharc, a choileáin!"
ar seisean liom-sa.
Chuir a chuid cainnte olc orm. "Bú," arsa mise,
"a sheanaphlaitín scúite."
Bhíos anadhrochmhúinte admhuighim, ach n'fhéadfainn a'
"fear maith" fhágaint aige.
Thairrig sé iarracht de chic orm, a mhic ó, ach ní mé do
bhuail sé ach madra an ghabha agus thóg sé os cionn
talmhan é. Dubhairt an gabha leis go mbrisfeadh sé a
phus. N'fheadar-sa cad a thárla 'na dhiaidh san mar
bhaineas an doras amach.
Bhí an oidhche dhorcha agam ag teacht abhaile agus níor
stadas ach ag rith chun ná beireadh na púcaí orm. Ní
rugadar. Go dtí tigh Mháire Aindí chuas ar dtúis. Bhí
Nell ar fuaid na cistineach. Bhí Máire Aindí agus Beit
Mhór agus beirt nó triúr eile ban tiompall na teine
agus iad ag cainnt i dtaobh an chleamhnais.
"Is dócha go mbeidh sibh ag dul 'on Daingean Dé
Sathairn chun páipéir an chleamhnais a dh'fhághail ón
atúrnae?" arsa Beit Mhór agus mé ag teacht an doras
isteach.
"Ní bheid," arsa mise, "tá an cleamhnas briste."
D'fhéachadar go léir orm.
"Tá sé briste," arsa mise.
"Cé dubhairt san leat, a bhligeáird?" arsa Máire
Aindí.
"Peats Teaimí," arsa mise. "Bhíos ar an gceardchain
anois agus bhí Peats ann agus d'fhógair sé 'on diabhal
tusa agus do thoice inghine agus dubhairt sé liom é rádh
leat ná beadh a chuid airgid agat-sa ná ná cuirfeadh sibh
'on chré é mar do chuiris-se t'fhear féin; agus bhí an gomh
air 'á rádh."
Arú, a mhic ó! n'fheacaís riamh ach an preab a bhaineas
asta. Chuaidh Máire Aindí i laige agus bhíodar ag
caitheamh uisce uirthi go dtáinig an t-anam arís innti.
Annsan chrom sí ar ghol agus bhí na mná go léir 'na
tiompall d'iarraidh í chur ar a suaineas. Ní raibh Nell
ag gol i n-ao' chor. Bhí Beit Mhór ag cáineadh Pheats
Teaimí.
"Léan air, an rudín súigh!" ar sise, "b'olc an díol
air é thabhairt isteach ar do theinteán. Is maith do scarais
leis, a chroidhe." Ba dhóigh leat ar Bheit Mhór gurbh í
Máire Aindí fhéin a bhí 'á pósadh leis.
Bhí Nell tiompall a máthar a bhí ag gol. "Á! 'Mhamaí,
éist," ar sise, "nár imighidh uainn ach é. Níl ann ach
bodach."
"Níl, a chroidhe," arsan mháthair. "Bodach gan mheas
air féin, a leanbh, agus b'fhéidir ná raibh an ceart agam-sa
nuair a bhíos ag tathant ort-sa tú féin a cheangal le
bastún dá leithéid." Nuair a chuala-sa ag bladar le na
chéile mar sin iad, chuireas díom amach. Ní maith liom
suainseán ban.
CAIBIDIOL VIII
PÓSADH THAIDHG ÓIG AGUS NELL MHÁIRE AINDÍ
Nuair a bhíos ag dul abhaile ó thigh Mháire Aindí tar
éis chleamhnais Pheats Teaimí do bhriseadh do Nell, do
ghaibheas an bóithrín agus cé bhuailfeadh liom fén dtor
ach Tadhg Óg.
"Ní gádh dhuit a bheith annsan," arsa mise, "mar ná
tiocfaidh sí anocht chughat. Tá siad go mór tré n-a chéile
thuas, tá cleamhnas Pheats Teaimí briste. Imigh leat suas.
'Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.' N'fheadrais
ná go mbeadh fáilte romhat. Tá olc ar Mháire chuig
Peats Teaimí."
Chuireas díom annsan.
Bhí Mam ar na craobhacha romham. Ba dhóbair di mé
dh'ithe, a dhuine, toisc bheith chomh fada amuich, ach leigeas
di bheith ag cur aisti. Ní 'neósainn di cá rabhas, bíodh
gur cheistigh sí go cruaidh mé. Níor fhéadas, áfach, gan
bheith ag gáirí, nuair do chuimhnigheas ar Pheats Teaimí,
agus do chuir san an cíocras ar fad ar Mham chun fios
scéil d'fhagháil. Ar feadh na hoidhche n'fhéadainn staidéar
a dhéanamh ar aon cheacht ach me ag gáirí agus Mam am'
cheistiú coitianta. Chuaidh an scéal ó smacht sa deire orm
agus chuireas liú mór gáirí asam nuair do chuimhnigheas
ar an gcic do bhuail Peats ar an madra. Bhí mo mháthair
bhocht 'á snaoi leis an bhfiosracht. Rug sí orm agus chuir
sí im' shuidhe ar cheann an bhúird me agus mo chosa ar
sileadh. B'éigean dom an scéal go léir d'innsint, a
mhic ó. Bhí sí ag leigint uirthi go raibh olc uirthi chugham
ach chonnac-sa go maith gur thaithnigh an scéal léi agus
thugas fé ndeara go raibh sí ag gáirí chúichi féin. I gcionn
tamaill thug sí ubhall dom a bhí i bhfolach aici i n-áit éigin
ná raibh fhios agam-sa. Thugas cuid den ubhall do Cháit.
Annsan chuamair a chodladh ; ach ní a chodladh chuaidh Mam
ach suas go tigh Mháire Aindí agus is dócha gur ag cadráil
thugadar cuid mhaith den oidhche.
Phreabas as an leabaidh nuair chuala ag teacht í agus
bhíos leathslí síos an staighre nuair tháinig sí isteach.
"Cad deir Máire Aindí anois le Tadhg Óg, a Mham?"
arsa mise.
"Téire 'on leabaidh," ar sise, "agus ná bí id' gheilt
annsan."
"Á, 'Mhaimí, innis dom é," arsa mise, "an raibh Tadhg
Óg thuas faraibh?"
"Bhí," ar sise.
"Raibh sé féin agus Máire go mór le chéile?"
"Bhíodar," ar sise.
"Hurú!" arsa me féin, agus ritheas isteach go dtí
seomra Cháit agus rugas ar shróin uirthi agus dhúisigheas í.
"Cad tá ort arú?" ar sise.
"Píosam, pósam," arsa mise, "prátaí rósta, bainne
do bhó-sa is bainne mo bhó-sa, táthaoi pósta, imighidh an
bóthar! Hurú! Hí-ú!" arsa mise. Ach chuala Mam
ag teacht agus b'éigean dom rith.
"Tánn tú ait," arsa Cáit, agus chuir sí osna codlatach
aiste.
Ar maidin nuair a bhíos ag dul ar scoil bhí Nell
Mháire Aindí ar an mbóthar ag bun an bhaile. Ghlaoidh sí
orm, agus, a mhic ó, sara raibh fhios agam faic, rug sí orm
agus thug sí fámaire de phóig dom. Ba chuma liom, ach
bhí Micilín Eoin díreach ag gabháil anuas an casán agus
chonnaic sé í. Tháinig olc orm chúichi. Piú! póganna!
Bíonn cailíní i gcomhnaidhe ag pógadh daoine agus chuir-
fidís déistin ort. Scríobas an phóg dem' aghaidh lem'
mhuinirthle agus d'imigheas. Bhíomair leathslí ar scoil
nuair chuireas lámh im' póca agus cad do gheobhainn ann
ach leathchoróin. Dhearmhadas an tseanaphóg, deirim-se
leat. Cheannuigheamair bosca toitíní ag an dTobar agus
bhíomair ag féachaint ciaca 'gainn araon d'fhéadfadh an
gal do chur amach tré na shróin. Bhí Micilín chomh maith
liom-sa chuige sin. Annsan thugamair tamall eile
d'iarraidh an gal do shlugadh. Bhí Micilín breóite ag an
dtobac agus tháinig dath glasbhuidhe air. Nuair a
thánamair araon ar scoil fuair an Máighistir bolath an
tobac uainn ach ní fhuair sé aon toitín 'nár bpócaí mar
bhíodar go léir caithte againn. Fuaireamair léasadh mar
sin féin, ach tháinig scannradh ar an Máíghistir nuair do
bhreóitigh Micilín tar éis é bhualadh agus d'fhág sé le hais
na teine feadh an lae é.
Nuair a bhíomair amuich lár an lae chonnac féin an
Máighistir ag caitheamh toitíní agus é ag bladar leis na
cailíní ata ag múineadh sa scoil eile.
Bhíodar anamhór tré chéile i dtigh Mháire Aindí go
dtáinig lá an phósta. Bhíodh na mná go léir istigh ann
gach oidhche agus chuala Cáit 'á rádh go raibh gúna gleóite
age Nell agus hata istigh i mbosca agus cleite mór bán
air. Bhí sceitimíní ar Cháit mar gheall ar na rudaí a bhí
aici. 'Sé rud a bhí ag cur tinnis ar na fearaibh ná "an
lá" a bheadh aca. Ba chuma leo-san i dtaobh an hata.
Nuair a chídís mise, bhídís am' cheistiú mar gheall ar mo
thurus go dtí Peats Teaimí. Gheibhidís anashult sa scéal,
a dhuine. "Agus cad dubhairt sé annsan, a Jimín?"
adeiridís.
D'innsinn dóibh agus chuiridís liú gáirí asta. Is dóigh
liom go raibh Peats 'na choilichín paor ag an ndúthaigh.
Dubhradar liom go raibh sé 'á bhagairt go marbhóchadh sé
mise; ach dubhairt Tadhg Óg go gcosnóchadh sé féin me.
Fear mór láidir iseadh Tadhg.
Bhí rí-rá mór ar an mbaile maidin an phósta. Bhí a
chulaith Domhnaigh ar gach aonne ach ar Dhaid. Chongaibh
Mam sa bhaile é sin. Tháinig dhá ghluaisteán ón nDaingean
chun lucht an phósta a bhreith go dtí an séipéal. Chuaidh
lucht an bhaile ann ar chóistí agus ar thrucaillí. Ní bheadh
Nell sásta gan mise dhul léi 'na gluaisteán féin. Bhí
sí go deas, a dhuine, agus bhí a súile agus a béal ag gáirí.
N'fheadar connus a dheineann na cailíní iad féin chomh
deas? Nuair a chonnac chugham í mheasas go raibh sí chun
me phógadh arís agus bhíos ag cúladh uaithi.
"Caithfir-se teacht liom-sa sa ghluaisteán," ar sise.
"Raghad, am baic!" arsa mise, "má thugann tu
geallúint dom."
"Arú, cad é?" ar sise.
"Gan mé phógadh," arsa mise.
Do gháir gach aonne agus bhí Nell ag gáirí leis.
"Ó, táim sásta," ar sise, "téanam ort!"
Arú! is breá an rud mótar. Bhain an suidheachán
preab asam, a dhuine, nuair a shuidheas anuas de phreib
air. Is láidir nár chaith sé i n-áirde san aer me, bhí sé
chomh bog san. Nuair a shuidh úncail Nell im' aice bhain
an suidheachán preab as san leis, mar d'imigh sé i bhfad
síos fé, gan choinne. "Ó dhe, an diabhal me!" ar
seisean, leis féin, agus annsan do gháireamair araon.
Annsan bhain an tiománaidhe casadh as rud éigin i
dtosach an ghluaisteáin agus thosnuigh glór uafásach éigin
istigh i mbolg an mhótair. Mheasas féin gur tinneas a
bhí air. Shuidh an tiománaidhe isteach agus as go bráth linn.
Bhí mo chroidhe im' béal agam-sa go ceann tamaill mar
mheasainn go raghaimís i n-áirde ar an gclaidhe; ach ba
dhóigh leat go raibh ciall ag an ngluaisteán an tslí
sheachnuigheadh sé gach aon rud.
Ba mhór a' spórt bheith ag féachaint ar sheanamhná agus
asail aca ag baint an chlaidhe amach nuair a bhraithidís
chúcha sinn; agus níor leigeas-sa don adhairc ar feadh
na haimsire ach 'á séideadh.
Nuair a thánamair go dtí an séipéal bhí a lán de
mhuinntir an bhaile ann agus chuamair isteach. Chuir an
sagart Nell agus Tadhg ar a dhá nglúin agus léigh sé
rud éigin as leabhar agus dubhairt sé leo rud éigin a
rádh 'na dhiaidh agus dubhradar, ach is ar éigean a chloisfá
Nell i n-ao' chor. Bhí sí támáilte, tá fhios agat. Annsan
do chuir Tadhg fáinne ar a méir agus b' in pósta iad. Ní
raibh a thuille ann. N'fheadar-sa cad chuige a bhíonn an
gleo go léir i dtaobh pósta i n-ao' chor.
Annsan seadh d'éirigh an chainnt. Bhí gach aonne ag
teacht chun na beirte agus ag crothadh lámh leo agus ag
rádh, "Go mairir a bhfuil nua agat!" agus bhíodh mná ag
pógadh Nell go dtáinig olc orm fhéin chúcha agus d'imigheas
ar fuaid na sráide. Chuadar go léir isteach i dtigh óil
annsan agus bhíodar ag rinnce agus ag ól agus ag amhrán.
Ag déanamh siar ar an tráthnóna b'ait leat cuid de sna
fearaibh. Bhídís ag amhrán agus greim lámh aca ar a chéile
agus cainnt gan aon chiall ar siubhal aca; agus dá
bhfeictheá na pleidhcí ag iarraidh a chéile a phógadh, agus
an pórtar ag tuitim as an ngloine bhíodh 'na lámhaibh.
Chuirfidís muca i gcuimhne dhuit. Bhí na daoine óga ar
fad sa chistin ag rinnce agus mileóidsinn ag sranntarnaigh
agus ag casachtaigh mar cheol aca.
Tráthnóna d'imigh Nell is Tadhg sa mhótar go dtí an
traen agus thugadar mise leo go bun an bhóithrín age
baile. Im' shuidhe i n-aice an tiománaidhe a bhíos, agus
mé ag faire ar gach aon rud a bhíodh sé a dhéanamh.
D'fhéachas tharam siar aon uair amháin agus is amhlaidh a
bhí Tadhg ag pógadh Nell; agus ní thug sí aon chlabhta
baise dho mar thug sí an oidhche úd sa bhóithrín. Baineadh
anaphreab as Nell nuair a chonnaic sí mé ag féachaint
ortha agus chlúduigh sí a haghaidh le n-a dhá láimh agus bhí
sí chomh dearg leis an dteine. Bhí cathú orm gur fhéachas
i n-ao' chor.
Nuair d'imigheadar uaim ag bun an bhóithrín, an riach
ná go dtáinig uaigneas orm fhéin agus bhíos i reachtaibh
guil, a mhic ó! cé go raibh Tadhg taréis leathchoróin a
thabhairt dom. Nuair a chuas isteach abhaile b'éigean dom
an scéal go léir d'innsint do Cháit. Bhí anashuim aici ann.
Tháinig Nell agus Tadhg abhaile aréir-oidhche Mháirt
Inide tá fhios agat, agus caitheann gach aonne bheith sa
bhaile roimis an gCarrghas. Go tigh Nell a chuadar agus
is ann a bheidh Tadhg feasta adeir Mam, mar tá sé 'na
chliain isteach age Máire Aindí. D'fhiafruigheas de Mham
an mbeidís sa bhóithrín aon oidhche eile ach is amhlaidh do
bhuail sí mé agus dubhairt - "bhfuil do cheacht agat?"
Nuair a bhíos ag dul ar scoil indiu cé chífinn im'
choinnibh sa bhóthar ach Peats Teaimí. Bhí eagla orm gabháil
thairis agus léimeas isteach thar claidhe. Nuair d'aithnigh
sé mé bhagair sé a dhorn orm. "Ha, há! má bheirim-se
ort!" ar seisean.
"Hí-ú!" arsa mise, "connus do thaithnigh do thurus
'on Sceilg leat." Tháinig néal air annsan agus chaith sé
bolán mór cloiche im' dhiaidh.
CAIBIDIOL IX
MAR DO-CHUAIDH JIMÍN AR SEACHRÁN FAIRRGE
Níor éirigh idir me féin agus Mam ar feadh abhfad.
Bhíos im' bhuachaill maith, tá's agat! nó cheap Mam go
rabhas, agus b'é an dá mhar a chéile é. Nuair thagainn
isteach istoidhche deirinn léi gur thuas i dtigh Mháire Aindí
a bhínn, ag tarrac uisce agus ag breith mhóna isteach do
Nell. Deireadh mo mháthair go mb'fhearra dhom fuireach
ar fad aca. Ag magadh fúm a bhíodh sí, thuiginn; ach
deirinn-se léi ná fágfainn mo Mhaimí féin ar aonne.
Ar mh'anam ná feadar ciaca ag magadh bhínn féin nó
nárbh eadh. Is amhlaidh atá an scéal idir me féin agus
Mam: go mbímíd mór le chéile uair umá seach agus
amhrasach ar a chéile urmhór ár saoghail agus mise bocht
i mbroid is i mórbhrón an chuid eile den aimsir.
Aimsir na broide atá anois tagaithe orm. Táim féin
is Mam i gcogadh dhearg le n-a chéile. B'fhéidir nach mar
sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogadh
liom-sa agus mise ag díol as go cráite agus go dóite.
Is mór an tubaist d'aon bhuachaill bocht a mháthair do
chur scaimhe an uilc uirthi féin chuige. Níorbh fhiú trí
leathphingní do shaoghal aici, a chroidhe, nuair a bheadh an
faobhar uirthi chughat. Sin é dubhairt Daid, leis.
Tá Mam le seachtain ag gabháil stealladh orm-sa agus
ní fheudaim í shásamh. Tá seacht bhfichid céad buicéad
uisce beirthe isteach agam chúichi ó thuit sí amach liom,
agus fiche céad míle miliún gabhál móna; agus tá mo
chroidhe is m'ae ag rith ar a chéile agam ón gcosanáirde
ag dul ar theachtaireachtaí dhi; ach godé'n mhaith sin? ní
fhaghaim tar éis na mbeart ach drochíde. Uair d'á raibh
gabhál móna agam ag teacht, thugas gabhál mór liom
d'fhonn a buidheachas a thuilleamh; ach thuit cadhrán sa
doras agus mhairbh sé sicín beag dhá lá agus mhairbh Mam
mise.
Ní fhéadaim aon rud a dhéanamh go ceart. Imigheann
aindeise éigin ar gach aon ní. Chuir mo mháthair me ag
cabhrú le Cáit chun na gceacht.
"A hocht fé cheathair," arsa mise.
"A hocht is dachad," ars an gligín.
"Léan id' cheann cipín!" arsa mise. (Sin é deir an
Máighistir ar scoil linne. Is maith an bhail air ná fuil
mo mháthair ar scoil aige.) Nuair a chualaidh Mam cad
dubhart le Cáit, tháinig olc uirthi chugham. Rug sí ar
scoith cinn orm agus deirim-se leat nár fhág sí aon
teasbach orm. "Múinfidh san fios do bhéas duit," arsa
Mam agus rop sí síos sa tseomra mé.
Tá gach aon rud im' choinnibh agus ní haon mhaith dhom
bheith ag iarraidh buachaill maith a dhéanamh díom féin. Ní
leigfear dom bheith go maith. Ní bheadh Mam sásta,
ceapaim, gan í bheith 'á rádh gach aon uair a chluig gur
bligeárd me. Bhí moo chroidhe scólta nuair cuireadh sa
tseomra me. Bhí olc orm chun gach aonne. Dheineas
pictiúir de Mham ar an úrlár le smut de chailc a ghoid-
eas ón Máighistir. Annsan do rinnceas ar phictiúir Mham
agus ba mhór an sásamh dom' chroidhe é sin. Dheineas
pictiúir annsan de sheanabhád Thaidhg Nellí agus rinnceas
mo shásamh uirthi sin, leis. Bhí an gomh orm chúichi sin mar
sin í thairrig an míádh so go léir anuas orm.
Mar seo do thuit an scéal amach, tá's agat. Ní raibh
"caid" ná liathróid coise agam féin ná ag Micilín Eoin.
An seana-cheann a bhí againn d'imigh sé 'na stráicí. Ní
raibh ceann nua le fagháil gan a deich scillinge agus tar
éis bheith ag goid ubh ar feadh coigthíse ní raibh againn ach
a ceathair agus tuistiún. Ghoideas féin na huibhe ón gcirc
a bhí deich lá ar gor age Beit Mhóir! Fuair Micilín dhá
scilling ortha i siopa an Tobair. Mheallas réal a bhí age
Cáit uaithe. Bhí Cáit ag gol, ach bhagruigheas uirthi go
'neosainn do Mham cé dhoirt an beiste bainne go raibh
an murdal 'na thaobh cúpla lá roime sin. D'éist Cáit
im baic!
Nuair nárbh fhéidir linn dul thar an gceathair is tuistiún
b'éigean dúinn slí éigin eile tharrac chughainn. Bhíomair
i bhfad ag cuimhneamh agus ag smaoineamh agus isé rud a
bheartuigheamair sa deire a dhéanamh ná gleamaigh a ghoid
agus a dhíol; agus cheapamair maidean Domhnaigh chuige sin.
Bhí a lán cogarnaighe ar siubhal age beirt againn. Bhí sé
socair againn ná tógfaimís ach ceithre cinn de ghleamaigh
nó b'fhéidir cúig cinn. Ní raghaimís thar cúig cinn.
Chuirfimís i gcliabh iad agus feamnach tiompall ortha agus
bhéarfaimís 'on Daingean ar shlí éigin iad. Bheadh an
"chaid" ag teacht abhaile againn. Ní leigfimís d'aon
duine eile barra bróige bhualadh uirthi sin - ach Cáit
b'fhéidir. Bheinn-se is Micilín 'nár máighistrí ar an
gcaid. Bheadh sí oidhche agam-sa agus an tarna hoidhche
age Micilín. Ní bheadh cead ag aonne 'gainn an lomhnán
a bhaint amach aiste chun a bheith 'á shéide.
Istoidhche Dé Sathairn thógamair an dá mhaide rámha ó
bhinn tighe Thaidhg Nellí agus chuireamair i bhfolach i ndíg
sceach iad. Bhí an bád ar snámh i gCuas na Báistighe agus
bhí 's againn go mbeadh sí ann ar maidin. Nuair bhí gach
aonne ag dul chun an Aifrinn lárnamháireach do ghluaisea-
mair-na leo chomh fada le Páirc a' Leasa. D'éaluigheamair
isteach sa lios annsan agus scaoileamair na daoine go
léir tharainn. Nuair bhíodar gabhtha tharainn, chuamair ón
lios go dtí an bád ag éalú cois clathach. Rugamair na
maidí linn agus chuamair sa bhád. Seanaphota salach
iseadh í a bhíonn aige ag baint iascán, agus bíonn bolath
lobhtha istigh innte.
Bhí an ghaoth ón dtalamh agus bhogamair linn soir le
hais na gcloch insa bhfuithin. Bhuail corc linn agus
rugamair air agus bhíomair ag tarrac agus ár dteanga
amuich againn go dtáinig an pota gliomach aníos go dtí
taobh an bháid. Ní raibh faic ann. Ní haon mhisneach a
chuir san orainn, dar fia! Thánamair go dtí pota eile.
Partán dearg a bhí annsan agus a dhá chrúb ar leathadh
d'iarraidh beirthe orainn. Scaoileamair uainn an pota.
Níor fhan aon mhisneach mór annsan againn agus dubhairt
Micilín ná faghaimís gliomach an lá san i dtaobh ná
rabhamair ar aon Aifreann. Dubhart-sa leis paidir a
rádh agus bhí leath "Ár n-Athair atá ar Neamh" ráidhte
aige nuair a chuimhnigh sé gur ag goid ghliomach a bhíomair
agus tháinig stad ann. Níor mhaith leis, a' dtuigeann tú,
a iarraidh ar Dhia cabhrú leis chuige sin.
Thánamair go dtí an tríú pota agus, ambasa, bhí
fámaire de ghliomach ann. Nuair a chuireamair ar thóin
an bháid é, bhí gach aon chnag aige le n-a eirball. Chuar-
duigheamair cúig photaí eile agus bhí trí gleamaigh againn,
ach má seadh, bhíomair i bhfad soir agus sinn ag druidim
amach go dtí Gob an Ghéaráin. Ní ró mhaith is cuimhin liom
cad a thuit amach nuair thánamair go dtí an Gob. Bhí an
fhairrge anashuaithte ann díreach taobh amuich dhe agus
nuair tháinig an scannra orainn agus chasamair chun teacht
isteach, rug an ghaoth ón dtalamh, agus an taoide, ar an
mbád agus beireadh amach fén bhfairrge mhóir sinn. Do
réir mar bhíomair ag dul amach iseadh ba threise bhí an
ghaoth agus iseadh ba mhó a bhí an scannra ag teacht 'nár
gcroidhe. Do chrom Micilín ar bhéicigh agus ar ghlaodhach
ar a mháthair agus annsan tháinig dath glasliath air agus
chrom sé ar úrlucan. Chaitheas féin, is cuimhin liom, na
trí gleamaigh i bhfairrge féachaint an gcuirfeadh san fearg
Dé dhínn. Ach níor chuir.
Amach a bhíomair ag imeacht i gcómhnaidhe agus ón bhfuadar
a bhí fúinn mheasas féin nach fada na laetheannta bhainfeadh
sé dhínn dul go Meirice. Uaireannta d'éirigheadh buile
orm agus bhínn go cráite agus bhuailinn tochta an bháid
lem' dhorn agus bhuailinn Micilín agus deirinn leis breith
ar an maide. Ach théigheadh an rámhaidheacht 'nár gcoinnibh
mar bhí an fhairrge ró gharbh agus leagadh an maide ar ár
gcúl anuas den tochta sinn. Annsan thugainn tamall
ag gol, agus b'in é an gol croidhebhriste. Chuimhnighinn
ar Mham agus ar Dhaid agus ar Cháit; agus ghlaodhainn
ar Mham chun teacht agus a buachaillín féin a shaoradh.
agus deirinn léi go bhféadfadh sí me bhualadh go mbeadh
sí sásta agus go mbeinn im' bhuachaill maith gach aon uair
eile, go deo agus go bráth. Annsan dhúisigheadh Micilín
agus deireadh sé liom paidir a rádh agus théighimís ar ár
nglúine gach taobh den tochta agus deirimís "Ár n-Athair
atá ar Neamh," agus d'iarraimís ar Dhia agus ar Mhuire
agus ar Phádraig agus ar na Naoimh go léir teacht i gcabhair
dúinn. Bhí's againn ná raibh Dia ró mhór linn toisc a
raibh de shladaidheacht déanta againn d'iarraidh na caide
a cheannach, ach mheasamair go mbogfadh an dream eile A
chroidhe má bhí Sé i n-earraid linn. Gheallamair go
prínsiopálta ná goidfimís uibhe guir ná gliomach faid a
mhairfimís beo. Thuigeamair go mbogfadh san aon Dia a
chífeadh an uair sin sinn ar ár nglúinibh agus greim ar
thochta báid againn agus an bád 'á chaitheamh síos suas,
soir siar, ag an riach fairrge ná fanfadh socair. Ní ró
chruinn atá na rudaí sin im' aigne i n-ao' chor. Is geall
im' chuimhne iad leis an dtromluighe a bhí orm bliain ó shin
nuair cheapas go raibh tarbh mór Mhicí Thomáis im' dhiaidh
an cnoc anuas.
Tháinig codla nó mairbhitighe éigin orm fé dheire, agus
sé an chéad rud eile is cuimhin liom i dtaobh an bháid ná
Tadhg Óg a bheith am' chrothadh, agus nuair dhúisigheas
thugas fé ndeara go raibh cúig cinn de naomhóga tiompall
orainn agus greim ag naomhóig aca ar an mbád. Bhí
Mam innti sin. Do gheal mo chroidhe nuair chuir Tadhg
isteach sa naomhóig me agus chonnac í. Ní fhéadfainn
focal a rádh léi ach cromadh ar ghol. Ní raibh aon fhocal
as Mam, ach thóg sí 'na hucht me agus d'fháisc sí isteach
léi me agus chuir sí a brat im' thiompall. Bhraitheas uirthi
go raibh tocht uirthi ach ní tocht é chuir aon eagla orm roimpe
agus thuit mo chodla orm agus níor dhúisigheas go rabhas
istigh sa bhaile.
Do hullmhuigheadh dabhach mór d'uisce te agus cuireadh
síos ann me agus tugadh deocha teo dhom agus casadh i
bplainíntí me agus baineadh allus asam agus ní leigfí
dom dul as an leabaidh go ceann dá lá. Bhítheas am'
photbhiathadh an fhaid sin, ach nuair éirigheas agus gur
bhrathadar nár bhaoghal dom-sin é an uair a fuair Jimín
an rud a bhí ag teacht chuige. Níor bhuail sí i n-ao' chor
an uair sin me, ach b'fhearr liom go mór an bualadh ná
an tslí bhíonn sí ag féachaint orm. Níor gháir sí chugham
le seachtain, ná ní dubhairt sí "maith an buachaill" liom.
Is dócha gur drochshaghas me agus gur bligeárd me-
sin é an ainm a thug sí orm an lá d'éirigheas-ach má's
bligeárd me dar ndóigh ní mise fé ndeara é. Bím ar
mo dhícheall d'iarraidh a bheith go maith ach teipeann orm.
Táim gan aon locht le seachtain, agus féach! ní dhéanfadh
Mam gáire ná bladar liom. Cad a dhéanfad i n-ao' chor
má dh'fhanann sí mar seo. Beidh mo chroidhe briste. Tá
sí ró dhian ar fad ar bhuachaill bocht.
Tá's agam-sa cad a dhéanfad léi. Imeochad uaithe.
Éalóchaidh me amach an doras agus suas an cnoc - suas,
suas, suas ameasc na bhfaillte agus raghad isteach i
bpluais ann agus bead go brónach agus go huaigneach
agus tiocfaidh Mam am' lorg agus beidh sí ag glaodhach
orm agus ní thabharfad aon fhreagra uirthi agus imeochaidh
sí go brónach ag gol agus í ag lorg Jimín bhig mhaith.
Agus beidh me gach aon oidhche ag féachaint síos ar an
solas i n-ár bhfuinneóig-na agus beidh fhios agam go mbeidh
Mam ag gol i n-aice na teine nó 'na seasamh sa doras
féachaint an mbeinn-se ag teacht; ach fanfad-sa sa phluais
ar an gcnoc agus mo chroidhe lán de bhrón agus beidh an
bás ag teacht chugham gach aon lá agus annsan tógfad
amach an smut cailce seo im' póca agus scríbhfad ar
thaobh na lice bheidh im' aice:
"Siad so cnámha Jimín do fuair bás
ins an áit seo agus a chroidhe briste
toisc ná labharfadh Mam leis,"
agus taréis bliana gheobhaidh siad mo chnámha agus tabhar-
faid abhaile iad go dtí Mam agus beidh Mam ag gol
agus ag bualadh a bas agus déarfaidh sí: "Ó mhaise!
cad na thaobh nár labhras lem' Jimín beag féin agus gan
a chroidhe a bhriseadh? Ochón! Ochón!" Sin é an tslí
chun sásamh a bheith agam as Mam. B'fhéidir annsan go
mbeadh cathú uirthi agus go mb'fhearr léi go mbeadh sí go
deas le Jimín bocht.
CAIBIDIOL X
MAR DO CHUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA
Fuspar i leith, ná hinnis d'aonne 'á rugadh é. Táim-se
im' shaighdiúir! Ar mh'anam ná fuil aon bhréag ann.
I n-arm na hÉireann atáim agus me ag foghluim na
saighdiúireachta go tiugh. Bím ag iompó deiseal agus ag
iompó clé agus ag iompó ar ais agus ag bualadh mo shál
le n-a chéile. Tadhg Óg a mhúin na focail órdaithe dhom.
Sé Tadhg an captaen atá annso ar na buachaillí móra,
tá's agat. Sin é dhein saighdiúir díom-sa agus a thaisbeáin
dom cionnus geáitsí an tsaighdiúra a dhéanamh. Ach ní
fhaghaim aon bhlas ortha gan na bróga bheith orm, mar ná
deineann mo chosa aon ghlór, tá's agat. Bhain Mam na
bróga dhíom oidhche nuair rug sí orm i dtigh an bhainne
agus iad orm agus mé ag máirseáil tiompall agus ag
iompó agus ag casadh agus ag cnagadh mo shál. Bhíos
ag bualadh mo chos fúm go breá láidir. "Ar dheis!"
arsa mise liom féin fé mar chuala Tadhg Óg 'á rádh leis
na buachaillí.
"Deas agus clé, a bhioránaigh," arsa Mam ag teacht
an doras isteach chugham agus am' bhualadh le dhá chlabhta,
deas agus clé. Annsan rug sí orm agus bhí sí am' chrothadh
gur thuit na bróga dhíom. Ní rabhadar fáiscithe i n-ao'
chor, tá's agat; agus ní raibh aon stoca orm.
Is olc an sás mo mháthair chun misneach a chur ar aonne
a bheith 'na shaighdiúir ar son na hÉireann - is olc san,
agus tá na seanamhná go léir mar sin, mar nuair a bhíd
siad bailithe tiompall na teine ins na tighthe, ní théigheann
aon lagadh ortha ach ag cáineadh na ndaoine atá ag cur
isteach ar an ngobhermint "atá chomh láidir, a chroidhe,"
agus "b'éidir gurab amhlaidh a stopfaí an pinsiun uatha
féin," agus "ná fuil aon tseans go deo go mbogfadh
an Sasannach a ghreim i nÉirinn." Sin é saghas cainnte
bhíonn aca san. Ach b'fhearr scaoileadh leo-níl fios a
mhalairt age sna rudaí bochta. Táid siad dall, mo ghraidhn
iad!
Nuair ná raibh aon duine dem' chómhaois im' theannta
d'iarras ar Thadhg Óg cead a thabhairt do Mhicilín Eoin,
leis, bheith 'na shaighdiúir. Thug, agus is é gnó thug sé do
bheirt againn bheith ag faire agus ag éisteacht, agus ag
breith eolais chuige féin i dtaobh aonne bheadh ar tí na
mbuachaillí san áit. Ghearánas na seanamhná ar fad leis
ach is amhlaidh a gháir sé fé'n méid sin. Spiairí agus
daoine bheadh ag breith scéalta chun na namhad-eolas ortha
san a bhí uaidh, adubhairt sé.
As san amach ní raibh stad le Micilín ná liom féin ach
ag cuardach do spiairí. Bhímís laistigh des na clathacha
istoidhche ag éisteacht leis gach aonne ghaibheadh an bóthar.
Chualamair Tadhg Mór 'á rádh le n-a bhean, agus iad araon
i dteannta chéile ag teacht ón nDaingean go raibh "gob
chun cainnte uirthi." Dubhairt sí sin nár mhór di faobhar
a chur uirthi féin mar go raibh smísde amadáin d'fhear aici.
Chonncamair Flúirsín ag imeacht, oidhche eile, le cliabh
móna as cruaich Bheit Móire, ach thuit an t-anam as, nach
mór, nuair bhéiceamair air é chur thar n-ais. Chuir - go
tapaidh.
D'éaluigheamair oidhche eile treasna dhá pháirc chun
teacht ar chúl Thomáisín Nellí agus Mháirín Dhonncha a bhí
ag cadráil le n-a chéile age lúib an bhóthair. Dar fia!
ní raibh aon rud le héifeacht 'á rádh aca, ach cainnt gan
chiall! Chaitheamair scraithín leo agus d'imigheamair. Ar
an slí sin fuaireamair fios deiscréideach ar gach aon rud
a bhí ar siubhal sa pharóiste agus is mór na rudaí a bhí ar
siubhal ann i gan fhios, fé chlúid na hoidhche. Tar éis ár
ndíchill, áfach, ní fhuaireamair aon spiaire sa pharóiste,
agus b'orainn a bhí an míoshásamh.
Nuair a theip muinntir an pharóiste orainn cheapamair
go mb'éidir go mbuailfeadh seans éigin linn dá bhfairimís
stróinséirí bhíodh ag teacht is ag imeacht. Bacaigh is mó
thagadh, agus a gcuid ban. Is mó uair a chluig a thugaimís
'á bhfaireadh agus ár gcroidhe go cráite toisc gur daoine
macánta iad go léir. Tháinig fear ón nDaingean lá agus
cosa cama fé agus asal aige, ach níorbh iad Éire ná
Sasanna a bhí ag cur tinnis air sin. Tháinig fear eile ar
leathchois go raibh dha mhaide croise aige. Ní chreidfeadh
Micilín nár spiaire é i gcló bacaigh agus d'fhaireamair é
féachaint an gcuirfeadh sé an tarna cos fé, ach níor chuir.
Annsan thug tincéir fiarshúileach rua turus ar an
mbaile agus a bhean agus scata mór de thincéirí beaga
fairis. Chuarduigheadar gach aon tigh ar feadh an lae agus
tráthnóna d'imigheadar soir go dtí an crosaire - iad féin
agus asal agus cairt a bhí aca - agus chuireadar fútha ann
i gcóir na hoidhche. Bhí drochfhuadar fútha, dar linn, agus
iad d'fhanacht annsan. Bheartuigh an bheirt againn éalú
amach taréis ár muinntire a dhul a chodla chun an tincéir
agus a bhean a dh'fhaireadh.
Amach tríd an bhfuinneóig a chuas féin le smut de
théadán a bhí ceangailte agam de chois na leabthan. (Is
minic a chuas amach mar sin i gan fhios do Mham, tá's
agat.) Bhuail Micilín liom sa bhuaile agus chuaidh an
bheirt againn soir tré sna páirceanna go dtí an chrois.
Bhí na tincéirí fós ann agus teine ar lasadh aca agus
rud éigin aca 'á róstadh. Fuaireas amach ó shin gurbh é
bárdal Mháire Aindí a bhí aca. Nuair a bhí sé róstaithe
d'itheadar láithreach é agus thugadar na cnámha do sna
leanbhaí beaga le cogaint. Bhíodar go léir ag dul a
chodla annsan ach an t-athair. Rug sé sin an t-asal leis
agus chuir sé isteach i móinéar Pheats Teaimí é agus i
n-ionad dul a chodla i dteannta na coda eile is amhlaidh
a thug sé aghaidh siar ar na tighthe arís. Bhain san preab
asainn agus beirt againn i ndíg ag faireadh air.
"Hanaman riach, a Mhicilín," arsa mise, "spiaire!"
Chloisfeá croidhe Mhicilín ag bualadh agus a anál 'á
bhaint de. Siúd linn 'na dhiaidh ag éalú.
Nuair tháinig an tincéir i n-aice tighe Mháire Aindí
chuaidh sé ar éalú cois an chlaidhe agus é ag stad agus
cluas air gach 'ra nóimeat. Bhí adharc bheag den ghealaigh
ann an oidhche sin.
"Ag spiaireacht ar Thadhg Óg atá sé," arsa mise i
gcogar le Micilín, nuair chonnac an bithiúnach ag dul
isteach ameasc na dtighthe i mbuaile Mháire Aindí. Bhí
mo chroidhe féin im' bhéal agus allus orm agus mo lámha
ar crith agus ná feadar cad a dhéanfainn. Ba mheasa
Micilín ná mé féin agus bhí aghaidh bhán air. Chonnac an
tincéir agus é ar a chromadh ag éalú ó thigh go tigh sa bhuaile
agus rud éigin 'na bhaclainn aige.
Dubhart le Micilín annsan rith leis go ciúin agus cuid
de chomrádaithe Thaidhg Óig a mhúscailt agus a bhreith leis
chun go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le Micilín agus
d'imigheas féin ag lamhncán laistiar den dtigh go dtána
go dtí an seomra mar a mbíonn Tadhg 'na chodla. Bhí
tairnge im' phóca agus chromas ar an ngloine a scríobadh
leis agus ní fada go dtáinig Nell chugham. Bhagruigheas
uirthi a béal d'éisteacht. D'oscail sí an fhuinneóg go
ciúin agus dubhart léi annsan Tadhg a mhúscailt go grod
agus é chur amach chugham. Mheasas ná beadh Tadhg
múscailte go deo aici, ach tháinig sé go dtí an fhuinneóg
sa deire.
"Tar im' dhiaidh," arsa mise, "tá spiaire agam," agus
siúd liom ag lamhncán arís go dtí cúinne an tighe. Nuair
a thána annsan do stadas, mar fuaireas radharc ar mo
bhioránach arís ag éalú ameasc na dtighthe agus a hata
anuas ar a shúilibh aige ag féachaint gach 'ra coiscéim ar
an dtigh cómhnaithe agus rud éigin mór 'na bhaclainn.
Chuaidh sé go ciúin go doras tighe an bhainne agus do
bhain an lúb den doras agus d'éaluigh isteach agus do
dhruid an doras amach 'na dhiaidh. Phreabas féin anonn
agus chuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaobh amuich.
"Seadh, a bhuachaill, ceap do shuaineas annsan duit
féin," arsa mise.
Le n-a linn sin tháinig Tadhg Óg, agus chonnac chugham
anuas Micilín agus ceathrar des na buachaillí agus gan
a gcuid éadaigh i gceart ar aonne 'ca.
Chromas láithreach ar a chur i n-iúl dóibh go raibh spiaire
fé ghlas agam i dtigh an bhainne, go rabhamair ar feadh na
hoidhche ar a thóir agus go gcaithfí é lámhach nó é chrochadh.
Ní raibh gíog as an mbioránach a bhí fé ghlas. Is dócha go
raibh sé ag breith chuige, an fear bocht! Chromadar san
am' cheistiú-sa agus giorranáil ortha leis an bpreab a
bhain an scéal asta, agus leis an iongantas; agus iad
go léir ag cainnt ós íseal. Bhíos féin agus Micilín
d'iarraidh an scéal a chur i dtuiscint dóibh agus giorr-
anáil orainne, leis, agus bhíomair i bhfad sar ar fhéadamair
brí an scéil a chur 'na luighe ortha.
I lár na cainnte istigh, cad a bhraithfimís chughainn i leith
an bóthar ach trucaill mór gluaisteáin agus solus mór,
geal, ar a thosach. Do stadamair le hiongantas ag
féachaint air agus gan aon fhocal asainn. Bhí sé ag
gluaiseacht go dtáinig sé go bun an bhaile. Annsan do
stad sé agus léim gasra mór fear amach-saighdiúirí
agus póilíní!
Chonncamair ag teacht aníos iad go léir fé dhéin tighe
Mháire Aindí.
"Drochfhuadar!" arsa Tadhg Óg. "Ní fearr bheith
annso ná thuas i mbóthar an chnuic."
D'éaluigheamair linn suas gan iad 'ár bhfeiscint agus
nuair stadadar san ag an dtigh, stadamair-ne ag
féachaint síos ortha.
Chuarduigheadar an tigh ar lorg Thaidhg, ach ní raibh aon
Tadhg ann dóibh. Nuair ná raibh sé le fagháil istigh aca
seo leo ag cuardach na dtighthe amuich. Nuair chuadar
i dtigh an bhainne agus bhuail an tincéir leo bhí gleo mór
agus glaodhtí ar siubhal aca agus cainnt mhór láidir ag
an dtincéir. Ní chreidfidís nárbh é Tadhg Óg a bhí aca.
D'árduigheadar leo é agus na ceangail air.
Nuair a thánamair-ne anuas chun na dtighthe arís bhí an
baile go léir 'na suidhe agus gach tigh aca ar lorg a dhuine
féin. Bhí Máire Aindí ag dul i bhfanntaisí agus bhí Nell
ag gol agus Tadhg 'á cur ar a suaineas. Níl aon réasún
le mnáibh!
Chuaidh Tadhg go tigh an bhainne ar maidin agus fuair
sé mála an tincéara ann agus trí cinn déag de chearca
Mháire Aindí istig ann marbh. Nuair d'innis sé dhomhsa
é thuigeas an scéal. Bhí déistin orm.
CAIBIDIOL XI
JIMÍN IS AN MHEITHEALL AG BAINT NA MÓNA
Tá cluig ar mo lámha agus me buidhe ón ngréin agus
an croiceann dóighte ag imeacht dem' shróin mar bheadh
croiceann práta bheadh ró bheirithe. Agus tá mo chnámha
chomh tinn sin nach maith liom cor a chur díom. Ar meithill
na móna d'imigh sé seo ar fad orm. Dar muige! má
tá gach aonne bhí ar an meithill chomh tuirseach agus
táim-se - ní foláir nó táid siad ag mallachtú an té cheap
móin ar dtúis. Léan air, nár cheap slí éigin eile chun
teine dhéanamh.
Againne bhí an mheitheall, agus coimeádadh mise sa
bhaile ón scoil chun an t-asal a thiomáint go dtí an
portach leis an mbia. Ar feadh trí lá roime lá na móna
bhíomair ag ullmhú. Bhí Mam ag déanamh cístí aráin,
agus chongaibh sí cheithre púint ime ar leithiligh agus chuir
sí mise go tigh Bheit Móire agus Mháire Aindí chun an
crúsca mór cré dh'fhagháil ó Bheit agus crúsca mór stáin
ó Mháire. Bhí glór breá ag an gceann stáin nuair a bhíos
'á bhualadh le smut de mhaide; agus leis an nglór ní
chuala Mam 'á rádh liom stad go dtáinig sí ar mo chúl
agus thug sí failp sa chluais dom.
Mise a cuireadh, leis, ar fuaid an bhaile ar lorg
sleánta. Thugas Micilín Eoin liom agus níor fhágamair
aon tigh i ngiorracht míle dhinn nár loirgíomair sleán
ann do Mham. B'shin tar éis scéal an cheaintín, tá's
agat, agus bhíos beartaithe mo dhícheall a dhéanamh ag
soláthar sleán di chun í shásamh. Fuaireamair naoi gcinn
aca dhi.
B'é ár ndícheall iad d'iompar abhaile. Bhí ár dteanga
amuich againn agus bhíodh sleán ag tuitim uainn anois is
arís. Ach níorbh aon tácht é sin seachas Mam nuair a
chonnaic sí an t-ualach sleán an buaile aníos chúiche.
Mheasas go dtairriceoch' sí an baile orm leis an néal
a bhí uirthi. Thug sí "amadáinín" is fiche orm. B'shin é
mo bhuidheachas tar éis mo dhíchill. Tá Mam gan aon
réasún agus is dócha gurab é sin fé ndeara domhsa bheith
im' amadáinín.
[I dtaobh na sleán san, tá achrann mór ar siubhal.
Níor chuimhin liom-sa cad é an tigh go bhfuaireas aon
cheann aca agus nuair cuireadh abhaile iad ní raibh a cheann
féin ag aonne. Ní raibh aon leigheas agam-sa air sin,
ach aonne dheineadh gearán nárbh é a shleán féin a cuireadh
abhaile chuige - mise dhíoladh as. Léan ortha mar sleánta!]
Ar maidin sé céad rud a chuala ná mo mháthair ag
glaodhach go hárd is go géar ar Dhaid. Dubhairt sí go
raibh an mhaidean caithte. Cheapas, am baic! ón gcainnt
a bhí aici, go raibh sé tar éis a deich nó mar sin. Phreabas
síos 'on chistin ach ní raibh sé ach leathuair tar éis a cúig!
Thiomáin sí Daid d'iarraidh an chapaill agus me féin
d'iarraidh na mbó. Bhí an citeal beirithe nuair a thána,
agus bhí cuid de mhuinntir an bhaile ag teacht. Tháinig
Tadhg Óg, leis. Bhí pící aca ar fad. Cheangail m'athair
na pící ar fad agus trí sleána treasna ar sháilíní na
cairte agus chuir sé beart d'fhéar ghlas as an móinéar
isteach innti. D'itheadar go léir bricfeast - ní raibh slí
tiompall an bhúird i n-ao' chor dóibh. Gabhadh an capall
annsan agus as go bráth leo agus iad caithte i dtoll a
chéile sa chairt agus na pící agus na sleánta ag gliogarnaigh.
Nuair a bhíodar imithe do chuir Mam faobhar uirthi féin.
B'éigean dom cliabh d'fhagháil di agus féar. Chuir sí
crúsca mór cré Bheit Móire síos sa chliabh agus féar fé
agus tiompall air. Bhí sé lán go smig de phórtar.
Bhlaiseas é, tá's agat, nuair a bhí Mam d'iarraidh an ime.
Bhí blas gránna air agus scaoileas as mo bhéal isteach
sa teine é.
Chuir mo Mham an citeal isteach i mbosca, agus stán
an ghleoidh Mháire Aindí agus é lán de leamhnacht, agus
an t-im agus sceana agus cúpla spiúnóg agus ocht gcinn
de sháspain, agus púnt de thé agus ladhar siúicre; agus
thug sí dhom ocht n-únsaí tobac do sna fearaibh a bhí sa
mheithill. Chuir sí an t-arán go léir i mála agus do
bhuail isteach sa trucaill é.
"Seadh' 'nois," ar sise, "ná bíodh sé den riach ort
aon rud a chailliúint ar an mbóthar; agus ná caith an lá
ar an mbóthar nó marbhochaidh na fir tu. Seadh, suidh
isteach anois."
Shuidheas. Bhuaileas flíp ar an asal. Thug sé léim,
agus, ar mh'anam! siúd lem' chuid sáspan amach ar an
mbóthar. Chuaidh an t-asal i bhfad sarar fhéadas é stop.
Sin cleas aige. Bheadh sé ag imeacht leis agus tusa ag
tarrac air agus lúb 'na mhuineál aige agus a phus chomh
fada siar le n-a eirball aige leis an straidhn agus ní
stadfadh Éire é go mbuailfeadh sé i gcoinnibh claidhe nó
rud éigin. Níorbh aon mhaith "bhaoi" a rádh leis.
Tháinig Mam suas liom leis na sáspain agus dubhairt
sí liom go raibh fhios aici go maith go gcaillfinn na
sáspain. Sin é deir sí le gach rud - go raibh fhios aici
féin go maith é. Tá Mam anasmeartáltha.
B'áil le Dia gur bhaineas amach an portach gan aon
óspairt eile. Nuair a thána ann bhíodar ag gabháil díom
i dtaobh a bheith fada ag teacht. Ní rabhas fada ag teacht,
ach is amhlaidh a bhí an iomad den dúil aca féin insa rud
dubh a bhí sa phróca mór cré. Ní túisce bhíos tagaithe ná
thógadar as an gcliabh é agus fuair gach duine aca
taoscán sáspain de, ach Tadhg Óg. Ní ólfadh Tadhg Óg
i n-ao' chor é. Dubhradar go léir gurbh olc an rud, leis,
bheith ag ól agus go mbeadh daoine chomh maith gan é bhac;
agus do ghuidheadar go bhfágfadh Dia Tadhg i bhfad gan
dúil san ól aige; agus annsan chuiridís féin an sáspan
pórtar ar a gceann arís agus d'ólaidís go dríodar é.
Thugas fé ndeara na daoine is mó d'ól an pórtar
go mbrisidís a lán des na fóid. Bhris Daid cuid mhaith
fód. Bhí Tadhg Óg ar an sleán an lá go léir agus
ceathrar ag píceáil 'na dhiaidh agus iad ag caitheamh na
bhfód ó dhuine go duine.
Mise ba chócaire. Bhailigheas cipíní giúise agus cadhráin
trioma agus d'aduigheas teine i lár an phortaigh. Líonas
an citeal as poll uisce bhí i n-aice liom ach is láidir nár
mharbhíodar me mar gheall air. B'éigean dom é chaitheamh
as arís agus dul go dtí sruthán i bhfad suas chun uisce
d'fhágháil.
Dubhradar liom an ceaintín bainne chur síos i bpoll
móna chun ná géaruigheadh sé leis an dteas. Rugas ar
eascúin mhóir fhada bhí sa pholl agus ar cheann des na
froganna bhí, leis, ann. Bhí an frog im' póca agam agus
nuair a bhí Tadhg Mór ag ól sáspain pórtair chuireas an
frog isteach ann i gan fhios do. 'Á mheas a bhíos go
sloigfeadh sé an frog, mar ba mhaith liom Tadhg a dh'fheiscint
nuair a bheadh an frog ag léimrigh istigh ann. Ach nuair
a chuir sé an sáspan ar a cheann tháinig an frog aníos
chuige agus chuir Tadhg béic as agus chaith sé uaidh an sáspan.
Chaith sé amhras láithreach ar Dhoinnichín Eoin - gurbh é
chuir an frog chuige - agus bhí sé chun é sháth' le píce mara
mbeadh go rug Tadhg Óg air. Bhí aighneas mór ar feadh
tamaill ann mar bhí néal buille ar Thadhg Mhór agus ní
éisteochadh sé le haon réasún go ceann i bhfad. Bhíos
féin ag breith chugham, am baic! agus d'imigh an frog de
léim den bport síos i bpoll eile. I gcionn tamaill
chromadar go léir ar obair arís agus gan focal asta;
ach anois is arís bhriseadh a gháíre amach ar dhuine éigin
agus bhídís ag scithiríl chúcha féin. Bhí Tadh Mór anadhúr
an chuid eile den ló.
Níor mhór dom féin dul ag píceáil. Bhí sé deas go
leór ar feadh tamaill, ach annsan chuaidh na fóid i dtruime,
mheasas, agus tháinig teas ar mo bhaisíní agus d'imigh an
spórt as an scéal dom. N'fhéadfainn stad, mar bhí na
fóid ag teacht ró thiugh orm agus cheanglíodh cuid aca ar
an bpíce agus ní mór ná go leagaidís me. Bhíos cráite
scólta aca agus mo dhá dhearnain ar lasadh, agus gan
faeseamh le fagháil ach na fóid mhí-áidh 'á gcaitheamh ar fuaid
na gcos agam. B'é toil Dé gur chuimhnigh Tadhg Óg ar
an gciteal.
"'Jimín," ar seisean, "féach a' bhfuil an t-uisce
beirithe." Ba mhór an fhuascailt í. D'imigheas agus sé
céad rud a dheineas mo dhá láimh a chur síos fé uisce i bpoll
móna. Ba bhreá an t-ionuaradh é. Ní fhuaireas a leithéid
de shásamh as aon rud riamh.
Insa chiteal a deineadh an té. Caitheadh té agus bainne
agus siúicre isteach ann i dteannta chéile. Níor bhlaiseas
riamh aon té chomh deas leis. Gearradh an t-arán go
reamhar agus cuireadh an t-im go reamhar anuas air agus
sinn suidhte ar bhlocanna giúise agus ar fóda móna ag
ithe agus na fir ar fad ag cainnt i dtaobh laetheannta
móna agus gaisce le sleán. Bhíodar ag cur barr-fhód
agus bun-fhód agus méith-mhóin agus spairt tré n-a chéile;
ach ní hag éisteacht leo a bhíos-sa ach d'iarraidh gal a
chaitheamh as phíp Thaidhg Óig i gan fhios dom' athair.
Dheineamair té arís tráthnóna tiompall a cúig a chlog
agus d'óladar an chuid deiridh den bpórtar an uair sin,
leis. Shluigeadar an braon deirinneach de, mar ní raibh
diúir ann nuair a chuas-sa ag lorg na heascún a chuireas
isteach ann ar maidin. N'fheadar ón dtalamh cad é an
chrích a dh'imigh ar an eascúin mboicht. Bhí sórt uaignis orm
nuair ná fuaireas a tuairisc ó aonne. N'fheadar cá bhfuil
sí anois.
Bhailigheas le chéile mo chuid giúirléidí ar fad tar éis
aimsire an té agus rugas ar an asal agus bhíos ag cur
díom abhaile agus me ag amhrán. Thugas lán an chléibh
de ghiúis tirm go dtí Mam agus thugas arc luachra liom
istigh i bpáipéar go dtí Cáit. Dubhairt Mam "maith an
buachaill," ach nuair a thairrigíos an t-arc luachra beag do
Cháit do scréach sí. Bíd na cailíní an-ait. Dubhairt sí
an "sníomhaidhe snámhaidhe" ruda san a chaitheamh as a
radharc. Fan go mbeiread-sa aon rud arís chúiche.
CAIBIDIOL XII
PÚCA BHEIT MÓIRE AR THÓIR JIMÍN
An cuimhin leat Beit Mhór go rabhas ag eachtraighe go
minic uirthi - í siúd a bhí 'nár dtigh-ne an oidhche fuarthas
mise sa bhfeamnaigh agus nár réidhtigh na mná eile le
Máire Aindí i dtaobh ciaca le Mam nó le Daid ba
dheá'rthach me. Bhuel, ní dhéanfaidh sí spiorspear d'aon
scéal eile. Tá a gnó déanta. Tá sí marbh!
Ní fheadar 'n tsaoghal cad a mhairbh í. Mheasas go
raibh sí chomh láidir le capall. Bhí, leis, agus nuair
shuidheadh sí isteach i gcairt an asail bhíodh lán na cairte
innti, a dhuine. Ní foláir nó is láidir an duine an bás
agus tabhairt i n-ao' chor fé na leithéid.
Níor chuimhnigheas riamh i gceart ar an mbás gur leagadh
Beit Mhór leis. Am baic, a mhic ó! ní me an duine
céadna ó shin. Táim teanntaithe ag an mbás mallaithe
sin de ló agus d'oidhche. Aon rud a chím sa ló bíonn
adhbhar mo bháis ann. B'fhéidir go mbuailfeadh an capall
speach orm nó go leagfadh an t-asal me nó go mbeadh
frídíní galair san uisce - bímíd marbh ag an Máighistir
ag trácht ortha san; agus ó cailleadh Beit, an riach pioc
díom a chuaidh thar doras aon oidhche ar eagla go bhfeicfinn
a púca, a dhuine. Bíonn scilimis im' chroidhe roimis na
púcaí sin. Mara mbeadh iad do bheinn ar aor a' mhaidrín
ruaidh.
Is mór an éagcóir dos na daoine marbha ná fanann
socair dóibh féin is gan bheith ag dul tiompall ins an
oidhche ag cur eagla ar dhaoine fé mar atá Beit Mhór anois.
Dubhairt Tadhg Óg liom go bhfeaca sé thíos sa bhóithrín í
an oidhche fé dheire agus bairrlín bán 'na tiompall agus
í ar lorg Jimín Mháire Thaidhg agus Mhicilín Eoin. Bhí olc
aici chughainn, adubhairt Tadhg, i dtaobh an dosaon ubh a
ghoideamair ón gcirc a bhí ar gor aici. Ar mh'anam is ar
mo shláinte gurab shin é adubhairt Tadhg Óg, agus dubhairt
sé rud eile - go raibh néal uirthi i dtaobh gur ghoideamair
ocht gcinn de phípeanna tórraimh an oidhche bhí sí fé chlár
agus ná dubhramair paidir na cré le n-a hanam.
Ní hag cuimhneamh ar a hanam a bhíomair, a' dtuigeann
tu leat me, ach sinn d'iarraidh na pípeanna thógaint i gan
fhios don scata ban a bhí istigh, agus ní rabhas féin go ró
mhaith istigh liom féin faid a bhíomair 'á dhéanamh, mar
cheapas gach 'ra nóimeat go bpreabfadh Beit féin aniar
chun me ghearán le Mam. B'in seanabhéas aici riamh.
Níor phreab an uair sin agus shaoileas gurbh amhlaidh ná
feacaidh sí i n-ao' chor sinn. Ach féach ná raghadh 'oiread
uaithe!
Ní gádh dhi, ar nós an scéil, bheith chomh danartha i dtaobh
na seanaphípeanna. Nuair chualamair go raibh sí sa
mhullach orainn mar gheall ar an slí thógamair iad
dubhramair paidir ar son gach píp riamh aca agus d'iarra-
mair ar Dhia an suaineas síorraidhe a thabhairt d'á hanam.
Ach thug Dia an chluas bhodhar dúinn, mar chonnaic Tadhg
Óg an oidhche 'na dhiaidh san arís í agus ní haon mhaolú a
bhí tagaithe ar an bhfeirg aici. Dubhairt sí leis ná sásochadh
aon ní í ach sinn a chur na bpípeanna i bpoll an chlaidhe
fé'n dtor sa bhóithrín.
Do chuir san me féin is Micilín i bponnc. A'
dtuigeann tú, bhí cuid den dtobac a bhí ionnta caithte
agus bhíomair tar éis ceann aca a dhíol le Taidhgín Neillí
ar dhá phinginn. B'éigean dúinn Taidhgín a leagadh chun
na pípe bhaint de-bhí na pingní caithte 'gainn ar mhísleáin,
tá's agat. Chuireamair brúscar móna i dtóin gach pípe
aca a bhí ólta againn agus cuid den tobac as na ceannaibh
eile anuas ar a bharra. Mheasamair, tá's agat, ná
tabharfadh púca Bheit Móire fé ndeara an deifir.
Chuireamair na pípeanna sa pholl, leis an lá. Ní raibh
oiread leisce orm ag scarúint le haon rud riamh -
pípeanna breátha 'á gcur i bpoll claidhe don bpúca agus
an t-uisce ó sna fiacla againn féin le dúil sa tobac!
Maidin lae ar na mháireach chuas ós íseal go dtí an
poll d'fhéachaint an dtáinig Beit d'iarraidh na bpípeanna.
Dar fia, bhí gach aon cheann riamh aca imithe! Mheasas go
dtuitfinn leis an bpreab a baineadh asam. Bhí an lá
gléigeal ann, ach mar sin féin thabharfainn an leabhar go
bhfuaireas bolaith an phúca san áit. Tháinig fuath agam
don dtor agus don mbóithrín agus fuath speisialta do
phúca Bheit Móire agus í ag imeacht ar fuaid na dúthaighe
i lár na hoidhche agus ocht gcinn de phípeanna tobac ar
lasadh i n-éineacht aici agus gal deataigh ag éirghe as a béal.
Ní leigeadh an smaoineamh san dom aon néal cholata a
dhéanamh ó d'innis Tadhg Óg dom gur mar sin a bhí sí oidhche
a bhuail sí leis féin. Bhí sí sásta go leor, dubhairt sé,
go dtáinig sí go dtí an brúscar móna fén dtobac agus
gur dhóigh san an carbal aici. Bhí sí ag casachtaigh annsan
agus ag eascainí agus dubhairt sí, am baisce! ná
maithfeadh sí dhúinn i n-ao' chor nó go gcuirfimís chúiche
an dosaon ubh a thógamair ón gcirc ghuir. Léan uirthi!
nach maith do chuimhnigh sí ortha.
Bhíomair teanntaithe ar fad age sna huibhe. Dhíolamair
iad-san fad ó riamh le bean a' Tobair i gcómhair na caide
agus ní fios cad é an chrích a bhí imithe ortha-drochchrích is
dócha mar bhí sicíní ionnta nuair a dhíolamair iad. Ar
feadh trí n-oidhche níor chodail aonne de bheirt againn aon
néal ach 'á cheapadh gach aon nóimeat go mbeadh an púca
chughainn ag éileamh na n-ubh agus ní thabharfá trí leafiní
orainn bhíomair chomh suaithte sin.
Bhíomair i ngalar na gcás d'iarraidh uibhe guir a
sholáthar. Bothán cearc níor fhágamair ar fuaid an
pharóiste gan cuardach ach ní raibh oiread agus aon chearc
amháin ar gor ionnta. Fuaireamair dosaon ubh saoráideach
go leor agus má chuireamair cearc amháin do chuireamair
cearc is fiche 'na suidhe ortha; ach an riach gor a dhéanfadh
aon cheann aca! Cheanglíomair ceann aca ar chois sa nid,
ach nuair a bhí sí tuirseach de bheith 'na suidhe do léim sí
agus do thairrig sí an baile uirthi leis an ngleo a dhein sí
agus rug Máire Aindí na huibhe léi. Bhíomair cráite,
agus dubhairt Tadhg Óg go raibh an gomh ag teacht ar an
bpúca chughainn toisc gan na huibhe bheith fachta againn di.
Go marbh'íd siad í, gan olc dúinn!
Dheineas féin agus Micilín comhairle annsan dosaon
ubh a ghoid agus iad a chur chúiche agus litir 'na dteannta.
Scríobhamair an litir:
Go dtí Púca Bheit Móire.
A Phúca, a ghrádh dhil,
Seo dhuit dosaon ubh. Ní hiad na huibhe céadna
bhí féd' chirc-se iad mar d'imíodar san 'n Daingean.
Tá siad gan gor, leis, ach b'fhéidir go mbeadh cearc
agat féin a dhéanfadh duit é; agus má's é do thoil
é, a phúca dheas, ná bí dian orainn mar táimíd óg,
agus ná bí 'ár ndiaidh insa bhóithrín aon oidhche eile.
Mise Jimín agus
Mise Micilín Eoin.
Chuireas Cáit go dtí an tor sa bhóithrín agus chuir sí
na huibhe sa pholl agus an litir ar a mbarra. Níor
chodluigheas néal an oidhche sin ach 'á cheapadh gach aon
nóimeat go bhfeicfinn an amhailt isteach tré pholl na
heochrach chugham. Ach am baite! ní tháinig sí i n-ao' chor
agus ní me ná raibh buidheach!
Ar maidin go moch chuaidh Cáit arís go dtí an poll.
Ní raibh ubh ná litir ann. I gcoinnibh a cos a chuaidh sí
go dtí an poll i n-ao' chor, ach ar mh'anam, a mhic ó, gur
bhain sí as na cosa go maith é ag teacht abhaile arís, agus
bhí sí ag dul i laigí le heagla an phúca; agus chun na
fírinne a rádh, ní rabhas féin istigh liom féin.
Ó scríobhas an méid sin tá scéal tuitithe amach annso.
Is suarach an scraiste Tadhg Óg. Táim tuitithe amach
leis. Chuala aréir é istigh i dtigh Mháire Aindí 'á innsint
dóibh i dtaobh an sceimhle fuaireas-sa ó Phúca Bheit Móire
agus mar a dhein sé féin smíste 'madáin díom nuair
dubhairt sé liom na pípeanna agus na huibhe a chur sa
pholl i gcóir an phúca; agus dubhairt sé le Máire gur
uaithe féin a ghoideas na huibhe. Ní raibh oiread náire
riamh orm. Bead-sa suas le Tadhg ar shlí éigin - bead
san. Ní dhéanfadh sé mar sin liom é an oidhche bhriseas
an cleamhnas le Peats Teaimí do féin is do Nell.
Léan uaidh, ní maith an díol air aon bhean a sholáthar do -
ní maith san.
CAIBIDIOL XIII
RÁS NA NAOMHÓG I gCUAN AN DUILISC
Nuair a bhead-sa mór bead im' fhear naomhóige agus
bead ag rás agus ní bheidh aon naomhóg i n-aon chuan i
gCiarraighe a thiocfaidh i ngiorracht scread asail dúinn
agus beidh gach aonne ag liúirigh agus ag rádh "Op
Jimín!" agus ag ól phórtair fé thuairim mo shláinte, agus
annsan cromfaid siad ar bhruighinn agus bainfid siad
fuil as a chéile, ach ní bheidh focal asam-sa ach mé 'á leigint
orm ná raibh aon ghaisce déanta agam, cé go mbead ag
éisteacht leo 'á rádh le n-a chéile - "Sin é Jimín Mháire
Thaidhg-sin é an fear do bhuaidh an rás!" - agus iad am'
thaisbeáint dá chéile. Sin mar bheidh nuair bhead-sa mór.
A' dtuigeann tú, sin é do chuaidh im' cheann an lá do
bhí an rás mór naomhóg i gCuan an Duilisc coigthíos ó
shin. Ana lá a b'eadh é, a dhuine. Chaitheas scilling is
tuistiún ar mhísleáin agus ar ubhla. Bhí Micilín Eoin
i n-éineacht liom agus ní raibh aige ach scilling. Ní fada
le dul scilling is tuistiún nuair do chaithfeá tuistiún
do thabhairt ar ubhall go mbeadh fochal 'na lár agus ní
choimeádfadh scilling leath-uair a chloig ag cogaint thú
nuair a thabharfá ar mhísleáin i. Is damanta an earradh
iad le daoire. Bhí fhios agam ar maidin a ghiorracht a
raghadh an t-airgead, ach ní leigfeadh scannradh dhom aon
phingin d'iarraidh ar Mham, mar bheadh fhios aici cá mbeinn
ag dul, agus annsan do bheadh laingcis liom, mar ní maith
le Mam ráiseanna naomhóg. Chongaibh sí Daid sa bhaile
ach d'éaluigheas-sa uaithi. Dubhart le Daid éalú, leis, ach
is amhlaidh do bhain an fear bocht crothadh as a cheann agus
d'fhéach sé go heaglach i dtreo Mham. Nuair ná raibh sí
ag féachaint thug sé trí pingine dhom i gan fhios di.
Níl Daid bocht go holc dá mbeadh an cothrom aige chun
maitheasa.
Domhnach a b'eadh é, agus siúd liom féin agus le
Micilín thar mám ar bogshodar. D'fhágamair na bróga
fé choca féir i bpáirc le Micilín, mar ba mhór linn mar
ualach iad. I mbarra an mháma bhuail asal linn agus
chuamair araon anáirde air ach ní haon deabhadh a dhein-
eamair dá bhrí sin, mar ní bhainfeadh cogadh na bpléar
aon tsiubhal as, agus nuair a bhíos 'á phriocadh le tairnge
is amhlaidh do luigh sé fúinn agus ní éireochadh sé gur
lasamair scothán aitinn fé n-a bholg. D'éirigh sé annsan
de phreib, agus do raid sé agus siúd leis ar cosanáirde
uainn agus é ag raide agus gach aon "hí-há" aige.
Chuir an scothán aitinn giodam ann.
Bhí an saoghal go léir ag féachaint ar an ras-fir
agus mná agus daoine beaga. Ní chuala riamh oiread
geónach, ná oiread cainnte, ná oiread argóna, ná n'fheaca
riamh oiread tarta ar dhaoine agus a bhí; ach má bhí tart
ortha bhí sás a mhúchta ann go tiugh, mar chonnac a lán
bairrlí ar fuaid na háite go léir agus daoine ag ól
asta le sáspain. Gheobhthá taoscán den stuif dubh do
bhí ins na bairrlí ar scilling. Bhíos ag faire ar chuid
des na daoine agus ní bhídís choidhche sásta le haon
tsáspan amháin a shlugadh. Líontaí na sáspain go léir
arís dóibh agus bhídís 'á dhiúgadh agus sobal ar a bpusa
uaidh agus a súile ag leathadh ortha agus a gcuid cainnte
ag dul i ndíth céille le gach sáspan d'á n-ólaidís. Thíos
fé bhun na haille bhí cuid des na scríbíní agus ins na
páirceanna tiompall na trágha, agus chonnac beirt go
raibh bairrlí istigh i gcairt asail aca agus iad soir, siar
ar feadh an bhóthair ar lorg daoine bochta go raibh tart
gan múchadh ortha. Bhí sruthán mór uisce ann, ach ní raibh
aoinne ag ól aon bhraon as san.
Bhí mná ann, flúirseach, ach ní bhídís sin i n-ao' chor
tiompall na mbairrlí. Ach má seadh níor fhág san balbh
iad ná go mbídís ag cainnt - mná Chuas a' Phortáin agus
mná Béal Cairrge ag áiteamh ar a chéile agus ag moladh
a gcuid fear. Bhídís go searbh le n-a chéile, a dhuine,
agus ba dhóigh leat gur scian gach aon fhocal a scaoilidís
amach as a mbéal. Chaitheas tamall ag éisteacht le cuid
aca féachaint cathain a liúrfaidís a chéile. Ach an diach
liúradh, a dhuine. Ní haon mhaith na mná san ach chun
cainnte.
Bhí lucht ubhall a dhíol ann agus mísleán agus crúibíní
muc. Bhí bean a' duilisc ann leis, agus lucht amhrán,
agus fear go raibh trí cártaí aige agus é ag breith
scillingí ó dhaoine chomh tiugh le tiul. Thabharfadh sé coróin
den té aimseochadh an t-aon muileat. Uair, ná raibh sé
ag féachaint ar na cártaí rug Donncha Neans ar an aon
muileat agus do lúb sé cúinne dhe. Annsan chuir
Donncha leathchoróin leis an bhfear go n-aimseochadh sé
féin an t-aon muileat. Shuaith an fear arís iad agus
nuair a dh'iompuigh Donncha an cárta go raibh an cúinne
cam air cad do bheadh aige ach an deich triuth.
Tháinig néal ar Dhonncha Neans. "Dheinis iad do
dhathú, a dhiail boy!" ar seisean, agus bhuail sé flíp ar
fhear na gcártaí. Thóg seisean a mhaide croise agus bhuail
sé Donncha sa bhathas. N'fheaca-sa den spórt ach an méid
sin mar chuaidh a lán eile sa ghráscar. Do bhíodar go
léir i n-aon tranglam amháin ag tnáthadh a chéile agus
b'éigean domh-sa cur díom.
Seo liom síos mar a raibh na naomhóga. Sin é an áit
a raibh an suathadh agus an siosma agus gach aonne ag
moladh a chriú féin agus ag cáineadh gach aon chriú eile.
D'imigheadh naomhóg ar sciúird léi féin an cuan siar.
"Ó hanamain scian!" adeireadh fear, "nach deas
iad," agus bhíodh rian an phórtair ar a smigín.
Labharadh fear eile 'á fhreagairt:
"B'fhéidir dá mbeadh naomhóg eile suas le n-a
gcliathán gur beag a' teasbach fhágfadh sí ortha."
"Ara, níor chás dóibh-níl criú sa chuan indiu a
dhéanfadh aon lámh ortha," adeireadh fear a' smigín
smeartha. "An iad muinntir Chuas a' Phortáin arú?
Mhuise, cúis gháire chughainn! Cad a dheineadar riamh?"
"Dheineadar, an rud a dhéanfaidh siad indiu aris -
an suae a bhreith leo ó Bhéal Cairrge."
"Cuirfidh mé cúig phúint leat ná déanfaid."
"Cuirfidh mé, agus fiche púnt," arsa fear an phórtair
agus chuir sé lámh 'na phóca. Ní dóigh liom go raibh fiche
scilling ag an bhfear céadna, mar chonnac 'na dhiaidh sin
é, agus é a d'iarraidh leathchoróin a bhaint d'á mhnaoi chun
dul ag ól.
Bhí lucht na naomhóg ag baint díobh - níor fhágadar
caipín ná casóg ná bhest ortha ná treabhsar. Bhí gach aonne
ag liúirigh ortha agus 'á moladh agus 'á gcomhairliú agus
'á ngríosadh. Chífeá fear agus sáspan pórtair 'na láimh
aige agus é ag béicigh ar naomhóig aca. "Dar hanamain
t'athar, a Mhaidhc, ná scaoil go bráth le Cuas a' Phortáin
é;" agus an uair chéadna bhíodh streall den phórtar ag
imeacht mar seo agus streall mar siúd as an sáspan
i dtreo go mbíodh a urmhór imithe uaidh nuair chuireadh sé
chun a bhéil é. Annsan deireadh sé le fear an scríbín:
"I n-ainm na maothaile tr'om taoscán eile dho san."
Ní fada gur imigh an dá naomhóig agus cubhrán bán
fé n-a dtosach agus an dá cheathrar ag iomradh ar a
ndícheall báis, siar 's aniar, siar 's aniar, gan stad,
gan staonadh, agus na hocht maidí ar chomhimeacht. Bhí
na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag rith feadh
na trágha agus ag liúirigh agus ag bagairt a lámh agus a
ndorn ar na naomhóga agus ag tabhairt órdaithe dhóibh
agus ag rádh "Mhuise mo cheol sibh!" agus gan lucht na
naomhóg 'á gclos i n-ao' chor, ach iad ag tarrac gur dhóigh
leat go mbrisfeadh a gcroidhe.
Annsan bhris Maidhc Mór dula.
"Ó, an dial!" arsa gach aonne mar cheapadar go
raibh an rás caillte 'á dheascaibh. Ach chuir Maidhc dula
nua isteach agus thosnuigh sé arís ar bhuillí móra rámha.
"Ó my! is tréan an fear é," arsa gach aonne.
Annsan do bhris an fear tosaigh sa naomhóig eile maide
rámha.
D'éirigh Maidhc Mór agus d'árduigh sé maide rámha.
"Ó faire go deó," arsa na daoine, ach chuireadar go
léir liú molta asta nuair thairrig sé chuige maide nua.
"Fear diail," adubhradar.
Mar sin dóibh ar feadh dhá mhíle go dtánadar go dtí
an tarna polla chun casadh abhaile. Ag gabháil tiompall
ar an bpolla dhóibh ní fhágfadh aon cheann aca slí dá
chéile, agus slán mar a n-innstir é, chuaidh an dá naomhóig
i n-achrann 'na chéile. D'éirigh Maidhc Mór agus d'árduigh
sé maide rámha agus bhuail sé fear sa naomhóig eile leis.
Annsan rug an dá chriú ar a chéile chun a chéile a bháth'.
Níor bháthadar, áfach, mar bhailibh na naomhóga eile isteach
ortha agus stopadar iad. Ach bhí deire leis an rás.
Nuair a tháinig Maidhc Mór isteach dubhairt sé gurbh
iad an mhuinntir eile a dhein an feall. Dubhairt lucht na
naomhóige eile gur d'aon ghnó do chuaidh muinntir Mhaidhc
ceangailte ionnta féin nuair a bhíodar "béiteálta" aca.
Chreid gach dream istigh a muinntir féin agus ba ghearr go
raibh an sluagh go léir ag áiteamh ar a chéile.
"Op Maidhc Mór!" arsa plubaire amadáin a bhí ar
bogmheisce.
"Nárab eadh," arsa gligín eile go raibh na cosa ag
imeacht uaidh, "ach op Cuas a' Phortáin!"
Bhain an plubaire mór a chasóg de.
"Má tá meas fir agat ort féin," ar seisean, "anois
an t-am agat."
Thug an bheirt aca fé n-a chéile, ach ní bhuailfeadh aonne
aca taobh tighe, mar bhíodar ar meisce. Rith gach aonne
mar a raibh an gleo, agus ná raibh fhios ag a leath cad
chuige bhí an leath eile ag rith. Is ait an rud an duine
mar sin - ar nós na gcaorach díreach.
Má bhí argóint ann roimis an rás níorbh aon ní é
seachas an gíotam a bhí ar siubhal 'na dhiaidh. Bhí na mná
féin corraithe go mór agus ba dhóigh leat ar an gcainnt
a bhí aca gurbh é a gcúram riamh bheith ag tarrac naomhóige
- gach bean aca ag lochtú buillí rámha na bhfear i naomhóig
an té bhíodh ag cainnt léi agus í chomh húdarásach 'na cuid
feasa agus a bheadh Seana-Dhiarmaid Buidhe a chaith trí fichid
bliain dá shaoghal i dtóin naomhóige. Sin é dáltha na
mban choidhche. Nuair a bhíodh fir a' dul dian ar a chéile
san argóint d'éirighidís as an gcainnt agus bhainidís
sásamh as a chéile leis na dóirne.
N'fheadar an mbead-sa mar sin nuair a bhead mór -
ag ól phórtair mar do bheadh gamhain agus annsan ag
cainnt agus gan d'éifeacht ins a' chainnt ach mar a bheadh
i ngéimrigh bó.
Ca' na thaobh go mbíonn daoine go hait? Ca' na thaobh
gur chuaidh an dá naomhóig ceangailte 'na chéile? Ca' na
thaobh gur bhuail Maidhc Mór an fear eile leis an maide
rámha? Cad é an paor a bhí age Dia ar an nduine nár
thug Sé ciall do mar thug Sé do chapaill agus d'asail?
Dá mbeinn-se mór aon uair amháin agus mé i rás ní
fheadar an mar sin do bheinn?
CAIBIDIOL XIV
OIDHCHE IASCAIGH
Tráthnóna Dé hAoine bhíos thíos sa Chuas ag féachaint
ortha ag cur na líonta ins na naomhóga. Bhí iasc sa chuan,
tá's agat - mairciréil Fómhair agus iad ag ráth'íocht ar
bharra an uisge le dhá lá roimhe sin agus mhealladar
muinntir an bhaile chun dul 'na ndiaidh. Tógadh anuas
láithreach seanalíonta bhí le bliain ar na lochtaí agus ar
na maidí snadhmtha agus deisigheadh na mogail bhriste
ionnta agus cuireadh braighdeáin leo chun na gcloch a
cheangal dá mbun chun iad a shúncáil. Mise bhailibh na
clocha do Thadhg Óg.
Trí naomhóga atá sa chuas so 'gainne, agus gach ceann
aca páirteach idir bheirt nó triúr. Athair Mhicilín atá
páirteach le Tadhg Óg, agus bheireadar Donncha Pheig leo
'na thríú duine. Bhí an tráthnóna go breá agus barra
taoide ann nuair a bhíomair ag bórdáil na líonta thíos
age leac a' bháid. Mise bhí ag congáil na naomhóige do
chriú Thaidhg Óig faid a bhíodar san ag réidhteach an lín
agus ag ceangal na gcloch i ngiorracht gach aon chúpla
feadh dá chéile agus 'á socrú i dtóin na naomhóige i dtreo
ná beadh aon bhaoghal go raghadh an líon i n-achrann nuair
a bheidís 'á chur i bhfairrge. Ní fada bhíos thíos nuair chuala
Mam ag glaodhach orm. D'ísligheas-sa síos sa naomhóig
agus ní thugas aon tor' uirthi. Bhí'os agam go maith gur
d'iarraidh na mbó bheadh sí am' chur. Táim marbh age sna
ba céadna siar 's aniar gach aon lá. Ní fheacaidh Mam
i n-ao' chor me agus b'éigean di Cáit a chur chun iad a
bhagairt abhaile. B'fhearr liom-sa gurbh é Daid a chuirfeadh
sí ann mar bhí'os agam ná féadfadh Cáit an chloch a chur
sa bheárnain 'na diaidh agus go mbeadh asail an bhaile ag
dul ar ár gcuid-ne agus nár dhóichige rud eile ná go
mbeadh Mam am' chur-sa 'na ndiaidh chun iad a ruagairt.
Ach ní raibh Daid istigh, is dócha, chun é chur ann.
Bhí Donncha Pheig ag gabháil dom i dtaobh nea'thor' a
thabhairt ar mo mháthair.
"Mór an náire dhuit é ná déanfadh rud ar do mháthair,
a bhligeáird mhaith," ar seisean.
"Níor iarr aonne ort-sa do shrón a chur i n-ao' chor
ann," arsa mise.
Is dócha go rabhas drochmhúinte, ach cad 'na thaobh gur
thug sé bligeárd orm.
D'fhéach Donncha Pheig go feargach orm. "Um, bó,"
ar seisean, "a dhrochbhreed! ar bhiorán buidhe chaithfinn i
bhfairrge thu."
"B'fhearra dhuit é thriail," arsa mise agus rugas ar
mhaide rámha chuige.
Do gháir Tadhg Óg. "Mhuise, mo chroidhe thu, a Jimín!"
ar seisean. "Mairbh ar fad an seanachníopaire"; ach
níor mharbhuigheas 'r a shon san.
Thug Donncha Pheig aghaidh ar Thadhg Óg annsan. "Is
measa tusa tá ag séideadh fé. Níl sé drochmhúinte a
dhóthain cheana is dócha," arsa Donncha.
Annsan d'imigh Donncha Pheig abhaile d'iarraidh treabhsair
agus lón bídh i gcóir na hoidhche. Chaith Tadhg Óg an seól
isteach i dtosach na naomhóige agus tar éis an naomhóg a
cheangal den bhfáinne iarainn d'imigh sé féin agus athair
Mhicilín abhaile d'iarraidh culaith iascaigh agus lóin.
Bhí sórt leisge orm féin dul suas, tá's agat, ar eagla
go bhfeicfí sa bhaile me agus go bhfaghainn rud le déanamh
ó Mam. Is maith an sás chuige sin í.
Bhí an ghrian imithe síos agus dath an chopair ar an
spéir go léir thiar. Bhí an fhairrge ar nós ruda bheadh 'na
suan agus a huachtar mar a bheadh gloine le sleamhaine.
Bhí gach aon rud chomh ciúin sin go dtiocfadh saghas uaignis
ort, ach níorbh aon uaigneas é gur mhaith leat dul uaidh,
ach is amhlaidh d'fhanfá id' thost gan chorraighe. Níor
chorruigheas féin go ceann i bhfad ach bhíos ag iarraidh a'
bhfeicfinn Tír na nÓg thiar ar fad sa bhfairrge, ach ní
fheaca. Tadhg Óg adubhairt liom go bhfuil sí ann agus
gur chaith Oisín trí chéad bliain innti gan aon lá aoise a
theacht air. Dubhairt Niamh Cinn Óir leis gan dul thar
n-ais go hÉirinn níos mó, ach phrioc an mífhoirtiún é go
dtiocfadh sé ag féachaint na seanamhuinntire, agus ní
túisge chuir sé a chos ar thalamh na hÉireann ná dhein
seanduine dho agus cailleadh 'na dhiaidh san é. Nárbh é
an t-amadán Oisín nár fhan mar bhí aige. Iomarca
teaspaigh, is dócha.
"Hé, Jimín," arsa Mam arís, agus í amuich ar an
gclaidhe am' lorg. Ruaig sí sin Tír na nÓg as mo cheann
agus chuas isteach fén seól sa naomhóig chun ná feiceadh
sí me. Le n-a linn sin chuala na hiascairí ag teacht chun
dul ar an bhfairrge. Chualadar Mam ag glaodhach orm.
"N'fheadar," arsa Donncha Pheig, "cá bhfuil an diailín
sin imithe. Bhí sé annsan ó chiainibh. Sid í a mháthair fós
'á lorg."
"I n-áit éigin chun toirmisc, bíodh geall," arsa athair
Mhicilín. "Níl a leithéid ar dhá chois."
"Scaoil an téad san agus bímís ag bogadh linn siar,"
arsa Tadhg Óg.
Faid a bhíodar ag cainnt, a dhuine, tháinig anachuimhneamh
dom go raghainn féin ag iasgach leo an oidhche sin; agus
ná raibh agam ach fanúint socair mar a rabhas agus ná
tabharfaí fé ndeara me go mbeidís ró fhada siar chun
filleadh abhaile liom. Tháinig sé go léir im' cheann mar
imeochadh pléar as guna.
Ní raibh gíog asam agus iad ag teacht sa naomhóig.
Bhraitheas ag cur na maidí amach iad, agus níorbh fhada
gur bhraitheas siubhal ag teacht fén naomhóig. Nuair bhog
sí amach as an gcuas bhraitheas í ag tuitim 's ag éirighe le
suathadh na fairrge.
Bhí mífhoidhne orm teacht amach ón seol agus preab a
bhaint asta; ach bhí eagla orm dá ndeininn ró luath é
go bhfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís me. Ba shia
liom gach neomat ná uair a' chluig ag feitheamh. Níor
labhair aon duine den triúr go ceann i bhfad ach iad ag
tarrac leo go fada breá réidh. Annsan chonnaic athair
Mhicilín rud éigin sa bhfairrge.
"Ab'in tóithín laistigh dínn?" ar seisean. Do stad
an rámh'íocht. I gcionn tamaill labhair Tadhg Óg.
"Tá scol aca ann. Soir atáid siad ag gabhailt. Ní
haon drochchómhartha ar iasc iad a bheith ann."
Thabharfainn an saoghal ar chead a bheith agam éirighe
chun na muca mara dh'fheiscint, ach cheapas, am baic! go
mb'fhearr mo cheann a choimeád go híseal tamall eile.
Bhíodar annsan ag cainnt ar an ndíobháil a dheinid na
muca mara agus na cránta mara dos na líontaí agus
an tslí ithid na madraí éisc agus na cailleacha breaca an
t-iasc as an líon. Dubhairt athair Mhicilín go raibh trí
mhíle gabhar insna líonta aca maidin amháin agus go raibh
greim bainte as gach aon cheann riamh aca age sna madraí.
Ní dócha gur thugadar féin fé ndeara i n-ao' chor é, ach
ní raibh aon chainnt aca ach ar choileacha breaca agus ar
ghabhraibh agus ar mhucaibh agus ar ainmhidhthe eile. Nach ait
go bhfuil gach aon ainmhidhe riamh aca sa bhfairrge.
Bhíos faid gach 'nfhaid fén seól agus sa deire ní
fhéadfainn foidhneamh a thuille agus chuireas amach mo
cheann. Bhí sé nach mór dorcha. Bhí drom an trír liom
agus b'é Donncha Pheig ba ghiorra dhom. Bhíodar ag
tarrac leo 's ag cainnt. Athair Mhicilín a bhí 'á innsint
conus mar bhí Tadhg Mór ar meisge oidhche aonaigh agus
dhírigh sé ar mhuinntir a thighe a léasadh. Do theich a bhean
agus is i dtigh a máthar a chaith sí an oidhche. "Agus an
d - l, a' dtuigeann tú leat me? bhí muinntir na mná
ar buile agus theastuigh uatha ná raghadh sí thar n-ais chuige,
ach tháinig sé leasmuich de dhoras aca le píce agus
d'fhógair sé dhóibh a bhean a chur amach chuige, agus
chuireadar-umhal go leór!"
"Mhuise mo ghraidhn í, an bhean bhocht!" arsa Donncha.
"Ní maoidhte a saoghal uirthi nuair a bhíonn aon bhraon
istigh ag an bhfear mór." Tharraing Donncha cúig bhuille
eile sarar labhair sé arís. Annsan: "Ní fheicim-se aon
bhean a bheadh maith a dhóthain do-súd ach Máire Thaidhg.
Sé an scrupall nach í atá pósta leis. Deirim-se leat
go ndíreochadh sí sin Tadhg."
"Ní fheadar an ndéanfadh," arsa Tadhg Óg.
"Um, bó, sí dhéanfadh," arsa Donncha agus do tharraing
sé cúpla buille láidir. "Níl aon teora léi sin, a dhuine.
An feairín bocht lághach san atá aici-ná fuil a chroidhe 's
a mhisneach briste sa duine bocht."
Tháinig olc orm féin ón gcainnt sin. Pé rud a
thuitfeadh amach eadrainn féin sa bhaile ní leigfinn d'aonne
Mam ná Daid do cháineadh. D'éirigheas amach ón seól.
"Ó 'ra, nach fada go dtachtann a' t-éitheach tu!" arsa
mis'. "Tá Daid … "
Bhíos chun a rádh go raibh Daid gan aon bheann aige
ar mo mháthair, ach, a mhic ó! níor chríochnuigheas an chainnt
ó shin. Bhuel! mara mbeadh agat ach aon gháire amháin
chaithfeá é dhéanamh fé Dhonncha Pheig. Thuit an dá mhaide
rámha uaidh agus chuir sé béic as.
"I gcúntas Dé na bhfeart!" ar seisean, agus annsan
chaith sé é féin ar bhior a chinn siar fén dtochta go raibh
athair Mhicilín 'na shuidhe uirthi. Stad an bheirt eile, leis,
den rámh'íocht. Bhain athair Mhicilín fíor na croise dhe
féin, agus d'éirigh Tadhg Óg i ndeire na naomhóige agus
d'iompuigh aniar féachaint cad é an murdal a bhí ar
siubhal i dtosach na naomhóige. Nuair a chonnaic sé mise
chuir sé sgarta gáire as. "Seadh, go bhfaghad bás den
dtart," ar seisean, "marab é Jimín féin atá ann."
Chaith athair Mhicilín a hata i dtóin na naomhóige.
"Bhuel, d'imigh a' dial ar sin!" ar seisean.
Ara, a dhuine, bhí anaspórt againn agus an naomhóg
'na stad amuich i lár na fairrge. Bhí Donncha Pheig
anadhúr, agus nuair a bhíodar ag déanamh comhairle le
chéile féachaint cad ab' fhearr a dhéanamh liom dubhairt
sé gur mhór an suaimhneas ar dhaoine é dá ndeintí cloch
a chur lem' mhuineál agus me chaitheamh go tóin puill, mar
go raibh an diabhal am' phriocadh gach aon lá dhen mbliain.
Dubhairt athair Mhicilín ná bainfeadh Aristeaitil aon cheart
díom.
Bhíodar tamall maith ag argóint im' thaobh, agus sé an
socrú a dheineadar sa deire ná me a choimeád sa naomhóig
n-éinfheacht leo go maidin, cé go raibh Donncha Pheig 'á
rádh 'feadh na haimsire gur cheart me chur abhaile, mar dá
n-imigheadh aon ní orm go mbeadh mo mháthair 'á dtabhairt
féin chun cúntais.
Ghluaiseamair arís, agus i gceann leath-uair an chluig
nó mar sin, thánamair go dtí áit an iascaigh. D'éirigh an
bheirt thiar as an rámh'íocht agus chromadar ar an líon a
chaitheamh amach-duine aca ar na cuirc agus an fear eile
ar na clocha. Bhí Donncha Pheig ag ainnliú na naomhóige
agus mé féin ag féachaint ar an obair. Mheasas nuair
bhí na líonta amuich go bhfágfaí mar sin iad go maidin
agus go bhfanfaimís feadh na hoidhche os a gcionn; ach 'na
ionad san do tarraingeadh gach aon uair a' chluig iad, go
dtí 'na cúig a chlog ar maidin.
Is iongantach an rud an fhairrge istoidhche. Bhí an
oidhche anadhorcha againn, agus ní fheicfeá dhen dtalamh ach
rud mór dubh go gcloisfeá an tonn ag briseadh i gcoinnibh
na gcloch ag á bhun. Nuair a bhíonn an dorchadas ann
bíonn solus greannúr sa tsáile. Cheapas go raibh an líon
ar lasadh nuair bhíodar 'á tharrac isteach. "Béirneáil"
a thug Tadhg Óg ar an solus. Rugas air, féachaint a' raibh
sé te, ach ní raibh.
An chéad uair a tharraingeamair na líonta ní raibh
ionnta ach tiompall leathchéad mairciréal. D'aistríomair
go dtí áit eile annsan agus thugamair cor eile. An dara
tarraing ní raibh ach trí mhairciréil ionnta agus madra éisc.
Nuair bhí an madra istigh i dtóin na naomhóige againn bhí
gach aon sceamh aige go dtabharfá an leabhar gur gadhar
a bhí ann. Bhain athair Mhicilín an t-eirball de le scian
agus do chaith sé i bhfairrge arís é.
"B'fhéidir go múinfeadh san ciall do roinnt éigin aca
gan teacht 'ár ngoire," ar seisean.
Go dtí a ceathair a chlog ar maidin níor bhuail aon
ní fónta linn. Bhíomair ag druidim leis an mbaile
gcomhnaidhe. Ar a ceathair dubhradar go dtabharfaidís
cor eile, agus go n-éireóchaidís as annsan. Bhí an lá
ann an uair chéadna. An chéad líon a tugadh isteach bhí
foth bhreac ann. Bhíodar ag dul i dtiugha amach go dtí
n-a dheire. Fé mar bhí an líon ag teacht isteach bhíodar
ag piocadh an éisc as, ach, dar fia, nuair a tháinig an tarna
líon níor bhacamair le haon phiocadh ach líon agus iasc
agus uile a chaitheamh isteach sa naomhóig. I n-áiteanna
den líon bhí mairciréil ar gach aon mhogal, dar leat. Bhí
oiread san éisc ann gur shúncáil na líonta síos agus bhí
saothar ar na fearaibh d'iarraidh iad a tharrang aníos agus
leathcheann ar an naomhóig. Ó! bhí obair mhór orainn, ach,
ráinig linn sa deire iad go léir a thógaint isteach. Bhí
ualach sa naomhóig, adeirim leat, agus bhí a faobhar síos
i ngiorracht sé n-órlach den uisge.
Bhí iasc agus líonta ó n-a tosach go dtí n-a deire
agus anáirde ar na tochtaí agus sinne 'nár suidhe anuas
ortha. Dubhairt Tadhg Óg gur dócha go raibh trí mhíle éisc
againn. Bhí Donncha Pheig féin sásta, agus dhein sé gáire
-an chéad gháire ón uair a bhaineas-sa an phreab as. Ach
dá fheabhas a bhí an sgéal ní fhéadfadh sé gan cnáimhseán
éigin a dhéanamh. Bhíodh sé ag eascainí ar na madraí
nuair a chíodh sé aon mhairciréal agus greim bainte as a
dhrom ag ceann aca. Ní fhéadfadh duine é dhéanamh n
b'fhearr le sciain.
Thugamair aghaidh ar an mbaile annsan agus gan aon
anashiubhal fúinn toisc méid an ualaigh. Ba mhaith an
scéal go raibh an uain chomh breá is a bhí. Dá mbeadh aon
bhorradh ann bheimís báithte, ach bhíomair ag cur dínn, agus
i gcionn tamaill mhaith bhaineamair ár gcuas féin amach,
fé bhun na dtighthe.
Ach fan bog, áfach, go 'neosaidh mé conus a bhí an scéal
sa bhaile im' dhiaidh ar feadh na hoidhche. Cáit d'innis
domh-sa é faid a bhí Mam ag crú na mbó an tráthnóna
san agus mise fé ghlas ins an tseomra im' phríosúnach.
Trí pholl na heochrach a bhí Cáit ag cainnt liom.
Do réir deá'raimh nuair a bhí Mam ag glaodhach orm-sa
chun dul d'iarraidh na mbó agus ná fuair sí aon tor' ní
mór an nath a chuir sí ann. Ba mhinic, slán beó sinn, ná
faghadh sí tor' uaim-se. Ghlaoidh sí cúpla uair eile, leis,
orm, ach ní rabhas-sa i mbun freagartha. Ní tháinig aon
ana-imshníomh uirthi go dtí n-a deich a chlog nuair ba cheart
domh-sa bheith sa bhaile nó am chodla. Nuair ná rabhas
tagaithe chuir sí mo thuairisc ar Cháit agus ar Dhaid, ach
bhíodar-san dall ar cá rabhas. Chuir sí Daid go tigh Mháire
Aindí féachaint an annsan a bheinn. Nuair a tháinig sé
gan me chuadar araon go dtí gach aon tigh ar an mbaile,
agus nuair ná fuair sí mo thuairisc i n-aon áit d'éirigh a
croidhe uirthi. Ruaigeadh as an leabaidh gach aon bhuachaill
ar an mbaile agus ceistigheadh iad. Cuarduigheadh tighthe
bó agus stáblaí agus iothalaintí ar mo lorg; ach an riach
pioc de thuairisc Jimín a bhí i n-aon áit. Tiomáineadh
Daid leis an gcapall go tigh m'aintín cúig míle ó bhaile,
féachaint le h-aon tseans gur annsan a bheinn imithe.
Bhailibh mná an bhaile tiompall ar Mham agus bhíodar a
rádh léi gan aon bhuairt a bheith uirthi, nách aon drochrud
a bhí imithe orm, agus go mbeinn chúichi lá'r na mháireach
go seabhrach. Gach 'ra tocht uaignis agus feirge thagadh
ar Mham. Bhí sí 'á rádh gur dócha go raibh deire le n-a
buachaillín bocht gan chiall an bobhta so, agus gur dócha
gurbh é crích a bhí i ndán do é, mar ón lá tháinig siubhal
na slí ann nár scar an míádh riamh leis ná an t-imshníomh
léi féin. Dubhairt Cáit ná feaca sí riamh oiread droch-
mhisnigh ar Mham.
D'imigheadh an tocht sin de Mham i gcionn tamaill
agus thagadh tocht eile uirthi. Deireadh sí go raibh a croidhe
scólta agam agus nuair a gheobhadh sí greim orm go
ndíolfainn as. Cad é an crann a bhí uirthi féin anuas
go mbeadh a leithéid de mhac aici ná raibh fé mar bheadh
aon bhuachaill eile ar an mbaile? Níorbh aon rud léi
garsún a bheith crostáltha uair umá seach, ach nach mar sin
a bhí ag a mac féin ach ná rug aon lá gréine riamh air ná
beadh a croidhe 'na béal aici, nó náire uirthi i láthair na
gcomharsan, ag cuirbtheacht nó ag dí céille éigin a bheadh
ar siubhal agam. Ach fan go bhfaghadh sí féin fé n-a
hiongain arís me … !
Bhí Máire Aindí agus máthair Mhicilín 'á cómhairliú
teacht ar an dtaobh socair den scéal agus gan a bheith 'á
cur féin chun tinnis im' thaobh. "Bhíomair go léir óg 's
gan chiall," arsa Máire Aindí, "agus cé mór do Jimín
bocht tamall a bhaint as. Ní beag do a luaithe a mhúinfidh
an saoghal do gur chun cruatain a rugadh sinn."
Le n-a linn sin tháinig Daid ó thigh m'aintín agus allus
ar an gcapall aige. Nuair a chualadar ná rabhas i dtigh
m'aintín thuit an lug ar a' lag aca. Níor fhan aon chainnt
ag na mnáibh a bhí fara Mam. Is amhlaidh a bhídís as san
amach, 'na ngasraí ag cogarnaigh ag bínn a' tighe nó i dtighthibh
na gcomharsan. Nuair a bhí an lá ag breacadh chuadar
'na dtriúraibh 's 'na gceathraraibh am' lorg ar fuaid na
bpáirceanna agus cois na gcladhthach. Chuadar barra na
bhfaillte siar, leis, agus iad ag iniuchadh síos agus eagla
ortha go bhfeicfidís Jimín bocht smiodartha thíos ar na
clocha. Thánadar ar bharra an chuasa agus bhíodar ag
féachaint síos tríd an uisge go bhfeicidís mo chorp
ameasc na feamnaighe thíos ar an ngainnimh. Ní fheacadar,
ar ndó.
Níor fhan aon chainnt ag aonne ar an mbaile 'na dhiaidh
san. Bhí gach aonne ag imtheacht go ciúin agus aonne a
labhradh is ag cogarnaigh a bhíodh sé. Tháinig Mam isteach
abhaile agus shuidh sí ar an raca agus ní fhéadfadh aonne
focal a bhaint aisti.
Mar sin a bhí go dtí ag déanamh amach ar a leath-uair
tar éis a cúig. Bhí Tadhg Mór ar an gclaidhe agus ráinig
leis naomhóg d'fheiscint ag déanamh ar an gcuas. Ní mór
an tsuim a chuir sé sa scéal ar dtús go dtí gur tugadh
casadh éigin den naomhóig. Annsan thug Tadhg léim as a
chorp agus do ghlaoidh sé ar an gcuid eile.
"Féachaidh an naomhóg san," ar seisean. "Tá duine
farra n-a ceart innti." Ach, toisc go raibh an naomhóg
dírithe ar an gcuas arís, bhíodar i bhfad go raibh deimhniú
scéil Thaidhg Mhóir aca. Annsan baineadh casadh eile as
an naomhóig agus chonnacadar go léir an ceathrar. Sin
é an uair a tháinig a gcainnt dóibh - gach aonne ag cainnt
agus gan aonne ag éisteacht leis an dtarna duine ach 'á
chur i n-iúl go raibh 'ios aca féin go maith cá rabhas ach
nár mhaith leo aonní a rádh.
Rith duin' éigin isteach go dtí Mam agus d'innis an
scéal di. Am briathar go dtáinig sí chúichi féin, a bhuachaill.
Siúd léi amach go dtí an claidhe, agus níor chorruigh sí
ná níor bhog a súil den naomhóig gur ghaibh sí béal an
chuasa isteach. Annsan ghluais sí síos go dtí leac a' bháid
agus fadhairt 'na súil. Do lean an baile go léir í.
Do chomhairligh Tadhg Óg domh-sa, sara dtánamair 'on
chuas, dosaon de stracairí agus de mhairciréil slána do
chur ar chórda agus iad a bhreith go dtí Mam mar bhreab
síochána. Thuigeas gur mhaith an chomhairle í agus bhí mo
stropa ullamh agam nuair a bhuaileamair taobh na lice.
Nuair a chonnacamair an baile go léir romhainn sa chuas
bhí iongantas orainn cad a thug ann iad; ach nuair a
chonnac féin Mam 'na seasamh ar an lic thuigeas go maith
cad a thug í. Níor thaithn a scéimh liom, agus ba bheag
liom mar chosaint na stracairí. Bhíos ag cur uaim, a
dhuine, ach phreabas as an naomhóig agus chuas fé n-a déin.
Do shíneas chúichi an stropa éisc agus me ar crith.
"Chughat féin a thugas iad, a Mhaimí," arsa mise; ach,
a mhic ó, oiread agus féachaint ní thug sí orm ach chomh beag
agus ná beadh ionam ach partán trágha. Mheasas go
raghainn síos tríd an dtalamh le náire mar bhí an baile
go léir ag féachaint orm. I n-ionad aon tor' a thabhairt
orm-sa dhírígh Mam ar lucht na naomhóige.
"Beó samhlófar sibh, a fheara," ar sise. "Is tuis-
ceannach agus is nádúrtha na comharsain sibh. Is maith an
aire a thugabhair go mbeadh m'aigne-se ar a suaineas feadh
na hoidhche aréir. Táim buidheach díbh, a fheara," ar sise,
"agus gan a fhaid sin de luighchán na bliana oraibh."
D'iompuigh sí de sguaib chun dul abhaile annsan.
Tháinig néal ar Dhonncha Pheig toisc bheith 'á dhaoradh is
gan é cionntach, agus phreab sé. Dá mbeadh oiread aithne
aige ar Mham agus bhí agam-sa d'fhanfadh sé 'na thost.
"Tá sclábhaidhe maith teangan age daoine áirithe" ar
seisean, "agus ní fearr leo díomhaoin í, rogha aca ceart
nó mícheart a bheith aca. Ach bíodh a dial agat!" ar
seisean, "níl aon bheann agam-sa ort."
D'iompuigh Mam thar n-ais air. D'fhéach sí air ó n-a
hata síos agus annsan ó n-a bhróga suas. Bhí drochmheas
agus déistin sa bhféachaint sin agus sa gháire dhein sí 'na
diaidh. Ní mór adubhairt sí. "Seadh ndomhaintí!" ar
sise. "Donncha na h-aindeise is gan aon bheann aige ar
aonne!" agus do bhain sí crothadh as a ceann agus do
ghaibh suas abhaile agus mise roimpi amach agus mo stropa
éisc agam agus iad ag bualadh i gcoinnibh mo cholpaí,
agus mo chroidhe im' béal.
Ní 'neosad an chuid eile de scéal na maidne sin duit
- ba shearbh liom trácht air; ach nuair a bhí sé go léir i
leathtaoibh bhí sé socair im' aigne agam-sa nár mhaith an
chiall dom dul ag iascach arís gan a innsint do Mham
roim ré. Ciall cheannaigh a bhí agam. Ach sin é an dáltha
agam-sa i gcomhnaidhe é. Ní bhíonn ciall roim ré choidhche
agam.
CAIBIDIOL XV
MAR DO-CHUAIDH JIMÍN LE SAGARTÓIREACHT
Bhí Mam ar feadh coigthíse agus ní fhéadfainn a dhéanamh
amach cad a bhí ag gabháil di. Ag machtnamh a bhíodh sí,
tá's agat, agus stadadh sí uaireannta i lár a cuid gnótha
agus bhíodh sí ag smaoineamh. Annsan uaireannta eile
chínn ag cainnt le Daid í ach ní bhíodh 'á rádh age Daid
ach - "Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr fhios, a
chroidhe." D'iarras ar Cháit faire a dhéanamh ar Mham
féachaint cad a bhí ar siubhal aici ach níl aon mhaith i gCáit
chun spiaireachta agus b'éigean dom plean eile a tharrac
chugham.
Nuair cuireadh a chodla me oidhche chuas isteach 'on
leabaidh tamall, ach annsan nuair a bhí mo mháthair agus
Daid cois na teine sa chistin d'éaluigheas isteach i seomra
na beirte aca agus chuas laistigh de chlóca mhór mo mháthar
a bhí ar crochadh ar an bhfalla agus d'fhanas leo go
dtagaidís 'on tseomra. Tá's agat, bíonn siad go
minic ag cainnt nuair a théighid siad 'on tseomra.
Ach ar mh'anam go raibh feitheamh fada ar chosa laga
agam mar chaitheadar an oidhche ag cadráil cois na teine'
agus na glúine ag lúbarnaigh agam-sa. Ach fuaireas
luach na foidhne sa deire mar chuir Daid an madra an
doras amach agus chuir sé an bollta sa doras agus
tháinig sé féin agus Mam go dtí an seomra. Do leanadar
den chainnt a bhí ar siubhal thíos aca nuair thánadar 'on
tseomra:
"Caillfimíd mála airgid leis ach níl dul as is dócha,"
arsa Mam.
"Seadh, agus b'fhéidir gur abhaile arís chughainn a cuirfí
é mar ná féadfaidh sé é féin d'úmpar," arsa Daid.
Níor thaithn san le Mam.
"Má tá droch-úmpar ann ní ó n-a mháthair a thug sé é,"
ar sise.
Do bhain m'athair crothadh as a cheann le mí-mhisneach:
"Och mhuise," ar seisean, "sé an seanphort céadna i
gcomhnaidhe agat é."
Thuigeas féin ós na bréithre sin gur don mac so a
bhítheas ag tagairt. Sin é uair d'éirigh an sot go léir
orm chun feasa dh'fhagháil cá rabhthas am' chur agus conus
a bhítheas chun an mála airgid sin a chaitheamh liom. Tar
éis tamaill tháinig an bheirt aca chun bladair arís.
"Bainfidh sé deich mbliana dho sar a mbeidh sé 'na
shagart," arsa Mam.
Ní mor ná gur thuiteas féin i láthair mo chos nuair a
chuala an méid sin, a dhuine. Mise im' shagart! Chuir
an scéal mearathal orm agus ní mór ná gur scéidheas
orm féin laistiar den chlóca.
"Arú," arsa m'athair, "b'fhearr liom é chur le céird
éigin eile. Bíonn siad 'na seanduiní anois sara dtugtar
paróiste dhóibh." Ach thug Mam fé arís agus dubhairt sí
nach chun airgid ná saidhbhreasa a dhéanfadh sí sagart d'á
mac féin ach chun seirbhíse Dé. D'éist Daid tamall, am
baic, tar éis an méid sin. Annsan ar seisean:
"Cé dhéanfaidh an treabhadh agus an fuirse nuair a
bhuailfidh an t-aos mise?"
"Nár leigidh Dia go mbuailfeadh mhuise, laige ná aos
tusa, a dhaltha!" arsa Mam. Ón nglór a bhí 'na guth
thuigeas gur searbhas a bhí ar siubhal aici. "Ach ná bíodh
eagla ort," ar sise, "gheobhad-sa cliain isteach duit-se a
raghaidh i mbun seisrighe dhuit."
"Uf," arsa Daid, agus d'umpuigh sé ar a chliathán
agus thuit a chodla air.
Bhí Mam uair a chluig sarar thuit aon néal uirthi agus
deirim-se leat go raibh na cosa fuar go maith agam-sa
sarar fhéadas éalú as a' tseomra.
Ar maidin nuair a chonnac Cáit: "Bead-sa im'
shagart," arsa mise.
Do gháir Cáit. "Ní bheir, a mhuise," ar sise, "ach
bead-sa im' mhnaoi rialta."
"Cuir uait im baisce!" arsa mise, "fanfair-se sa
tigh seo agus tabharfaidh Mam fámaire de chliain isteach
chun tú phósadh agus chun an treabhadh a dhéanamh do Dhaid.
Níl dul as agat - tá san socair id' chómhair age Mam."
Chrom an óinsín ar ghol agus cé chualaidh í ach Mam.
"Cad é seo anois ort?" ar sise.
"Bhu-hú!" arsa Cáit, "ní phósfad-sa aon chliain
isteach!"
D'fhéach Mam uirthi agus annsan d'fhéach sí orm-sa.
Cheapas féin, am baisc, gurbh fhearr rith maith ná droch-
sheasamh agus chuireas díom suas go tigh Mháire Aindí.
Máire agus Nell a bhí istigh.
"Ara, cad a thug chomh luath so ar maidin tu?" arsa Nell.
"Mam, dar fia! do chuir an rith orm," arsa mise,
"i dtaobh gur innseas do Cháit go rabhadar chun cliain
isteach a dh'fhagháil di."
"Arú, a bhligeáirdín, cad a chuir é sin id' cheann?"
arsa Máire Aindí.
Chuir sé sin olc orm féin.
"Ní haon bhligeárd me," arsa mise, "ach tá Mam
chun sagairt a dhéanamh díom agus beidh sibh go léir ag
tabhairt "Father James" orm annsan agus b'fhéidir ná
tabharfá bligeárd an uair sin orm."
"Mo ghrádh-sa Dia," arsa Máire, "ag magadh fúm
atánn tu."
"Níl aon fhocal éithigh ann," arsa mise, agus d'innseas
di gach aon ní. Níor fhágas aon ní istigh nár scaoileas
amach. Ní raibh leigheas agam air-ní fhanfadh an riach
ruda istigh. Sin é an locht mór atá orm-sa, tá's agat,
me bheith im' béal 'leith Éireann. Ní cheilim faic ar aonne
ach ar Mham; ach gheibheann sí sin fios ar mo ghnóthaí gan
mise 'á n-innsint i n-ao' chor di.
Ní túisce bhí mo bhotún déanta agam-sa ná bhí sé go
léir innste ar fuaid an bhaile. Ní raibh an oidhche ar
fónamh ann nuair ghaibh Máire Aind isteach go dtí Mam.
"Mhuise, go gcothuighidh Dia dhíbh é, an scéal maith," an
sise.
"Cad é an scéal?" arsa Mam.
"Jimín beag a bheith ag dul le sagartóireacht, bail ó
Dhia air," do ráidh Máire.
Baineadh anaphreab as Mam bocht. Níor fhan focal
aici. D'fhéach sí anall orm-sa agus mheasas nár fhan
oiread luiche ionnam leis an scannradh. Chonnac go raibh
sí go cráite dóite toisc an scéal a dhul amach roimré.
Níor mhaith liom í bheith ag féachaint orm agus d'imigheas
liom go maolchluasach go dtí an leabaidh agus gan é ach
a leathuair tar éis a seacht. Deirim-se leat ná rabhas
buidheach dem' theangain, mar cheapas siúrálta go bhfaghainn
búrdáil mhaith an oidhche sin. Ach ní fhuaireas, a dhuine.
Nuair a bhí Mam ag dul a chodla tháinig sí le coinnill
mar a rabhas-sa agus d'fhéach sí orm. Bhíos im' chnap
chodlata, a mhic ó, agus ná hosclochainn súil liom ar
mhíle púnt.
"Hum," ar sise, "codla an tradhna chughat-sa, a
bhuachaill," agus thuigeas go raibh drochamhras aici ar an
suan a bhí orm. D'imigh sí, áfach, agus thugas mo bhuidheachas
do Dhia a thug saor an uair sin me.
Bhí babhta bruighne agam féin is ag Micilín Eoin lá'r
na mháireach. Nuair a chonnaic sé chuige me, "Ara, féach
aníos "Father James"!" ar seisean. Tháinig beirithean
uilc orm chuige agus leanas suas 'on pháirc é agus
chuireas fuilshrón leis. B'fhéidir go múinfeadh san béasa
dho. Ach níor stop san an chuid eile den mbaile, mar
bhíodh an ainm ar siubhal aca go léir orm-mór mór ag
na scithirí gearrchaillí. Bhíos cráite aca, ach me féin fé
ndeara é a scaoil lem' theangain i láthair Mháire Aindí.
Ar feadh trí seachtaine 'na dhiaidh sin níor chuaidh stad
ar Mham ach ag ullmhú rudaí dhom. Thug sí trúnc nua ón
nDaingean chugham agus bhí seódh rudaí istigh ann. Bhí
léinteacha ann agus tubháilí agus cíor dom' chuid gruaige
agus máilín beag chun mo léine oidhche a chur isteach ann,
a dhuine. Bhí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí,
agus dhein an táiliúir dhá chulaith éadaigh dom. Fuaireas
dhá fheidhre gleoite bróg ná raibh aon tairnge ionnta ach
iad ag gíoscán nuair a shiubhluighinn.
Bhíos ag gabháil an bóthairín síos lá nuair a ghlaoidh
Tadhg Óg thar n-ais orm. "Cogar i leith, a Jimín," ar
seisean, "cad tá an dá bhróig sin a rádh le chéile?"
"Tin t'fhiarthaithe ar do sheanamháthair!" arsa mise.
Bhíos cráite aige ach níor dhein sé ach gáirí fúm. Is dóigh
leis go bhfuil sé anasmeartáltha.
Beidh mé ag imeacht amáireach agus do réir mar a
chloisim ní ró mhór an aga a bheidh agam chun a thuille
cúntaisí mar seo a scríobh. Is dócha go bhfuil an cruatan
rómham. Deir Mam liom go gcuirfear urchall annsúd
liom agus srian agus go mbead ag gol fós i ndiaidh mo
mháthar agus an tsaoghail bhreá a bhí agam uaithe. Dar
fia! má bhíonn siad níos cruaidhe orm ná mar bhí Mam
tá an riach buidhe go léir ortha. Ní ró mhaith atáim i n-ao'
chor istigh liom féin na laetheannta so agus ar dhá bhiorán
ní raghainn i n-ao' chor ann. Táim idir fonn is faitchíos,
a dhuine; ach tá beartaithe agam má bhíonn an scéal
ró dhian orm sa Choláiste ná fanfad aca, dar fia!
Tháinig Máire Aindí araer agus thug sí dá fheidhre
stocaí dhom. Thug Tadhg Óg is Nell bille púint dom.
Tháinig Micilín Eoin chugham ó chiainibh agus bhí saghas náire
air agus ní dubhairt sé aon ní go ceann tamaill. Annsan
thairrig sé scian as a phóca agus chuir sé im' aice ar an
mbórd í agus deora ó n-a shúile. Thug sé iarracht ar
rud éigin a rádh ach ní fhéadfadh leis an dtocht ghuil.
Annsan rith sé an doras amach uaim ag gol. Deir Cáit
go raibh Micilín anacheanúil orm-sa. Thugas an phíp
adhmaid a bhí i bhfolach sa stáca agam do Cháit chun é
thabhairt do Mhicilín amáireach.
Tá mo thrúnc pacálta sa chistin. An rud deireannach
a chuir Mam ann ná císte mór aráin go raibh rísíní ann.
Tá na comharsain ar fad sa chistin-is dócha gur mar
gheall orm-sa é. Thug a lán aca scillingí agus leath-
chorónacha dhom agus bhíodar go léir am' chomhairliú agus
am' mholadh. Tá Cáit ag gol ó tháinig an tráthnóna agus
níl focal as Daid. Nílim féin ar mo chúilín tseabhrach
ach chomh beag le duine. Níl aonne go ceart ach Mam.
Ní chorrochadh an saoghal í sin.
Táid siad go léir imithe abhaile agus dubhairt Mam
liom-sa dul a chodla. Nuair thána 'on tseomra lean sí
me agus bhí sí i bhfad am' chomhairliú. Annsan rug sí
barróg orm agus phóg sí me agus chonnac deora 'na
súile nuair d'imigh sí.
Ní mór go bhfeicim féin an páipéar so go bhfuilim ag
scríobh air le gach 'ra racht guil agus uaignis.
Caithfidh mé stad is dócha agus an peann a leigint ar
lár. Aon rud dár scríobhas mar gheall orm féin go dtí
so níor chuireas ann ach an fhírinne ghlan. Tá's agaibh
anois cad é an saghas mé. Dá mbeinn ar nós a lán
dem' aithne ní bheinn chomh béalscaoilteach i dtaobh mo
lochtaí féin, agus cheapfadh sibh annsan gur buachaill maith
me. Ach is cruaidh an scéal ar bhuachaill a bheith go
maith - mharbhochadh sé é tar éis aon tseachtaine amháin.
Dheininn-se mo dhícheall uaireannta me féin d'úmpar ach
chaithinn briseadh amach arís gan bhuidheachas dom. Tá gach
aonne chomh holc liom. Ní fheicim-se aonne go ceart ach
Mam.
Caithfead dul a chodla. Beannacht Dé agaibh go léir
agus má's fiú libh orm é iarraidh ar Dhia go gcuirfeadh
Sé Jimín Mháire Thaidhg ar a leas.
FINIS
SLÁN LE JIMÍN!
A Jimín, a dhalta, céad slán leat is beannacht,
In Iolscoil na sagart go mairir do cháil!
Ró ghairid linn d'fhanais led' ghasra 'nár bhfarra
'S é scaradh na gcarad sibh scaipthe chum fáin
Mam agus Daid bocht, is Cáit bheag gan ghanguid,
Tadhg Óg sheasadh ceart duit, is Nell thugadh gean,
Micilín do chara, Beit Mhór is Máir' Aindí -
Cad dhéanfaimíd feasta 'na n-éamuis ar fad?
I gceart-lár an mhaca ar leathchois fé mhairg,
Tá an ganndal 'na sheasamh go canntlach, díombách;
Aon bhraon den "stuif dhearg" anuraidh chuir maig air
Is d'fhág leathta san easair é, níl sé le fagháil.
Níl cúntas imeachta lucht diúgtha an leanna
Lá móna do bhaint ná lá reatha na mbád;
Is tá uaigneas d'á dheasgaibh is duairceas sa Daingean,
Na leanbhaí gan cheacht ann is na bacaigh gan ábhacht.
Táir imithe, a thaisce, is ní plámás ná bladar
Uainne thug taithneamh do d'eachtraí é rádh,
Arís chughainn go gcasair le h- "olcas" nó "maitheas"
Is beimíd ag faireadh do theachta gach lá.
Agus guidhmíd an Seabhac le d'chliabhán do sheasaimh
Ár ngéar-ghádh do fhreasdal le scéal uait i dtráth;
I n-éide gheal sagairt go bhfeictear thar ais thú -
Nó b'fhéidir i d'easbog, a bhuachaillín bháin.
"CLOCH LABHRAIS."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11